Written answers

Wednesday, 29 July 2020

Department of Education and Skills

Curaclam Scoile

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

190. To ask the Minister for Education and Skills An bhfuil cinneadh déanta ag an Aire Oideachais maidir le marcanna bónais a thabhairt le haghaidh chúrsa Gaeilge nua na hArdteiste [19387/20]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ag forbairt sonraíochtaí ábhair nua faoi láthair maidir leis an Ardteistiméireacht. Tógann forbairt sonraíochtaí T1 agus T2 ar leithligh ar an tsonraíochta a cuireadh ar fáil cheana féin sa tSraith Shóisearach agus tá straitéisí agus polasaithe na Roinne mar bhonn agus mar thaca leis, lena n-áirítear an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta.

Is gnó casta é seo. Tá oifigigh mo Ranna agus an NCCA ag breithniú raon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme na sonraíochtaí nua do Ghaeilge na hArdteistiméireachta. I measc na saincheisteanna atá á mbreithniú tá bearta chun daltaí i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna a spreagadh chun tabhairt faoin tsonraíocht T1 don Ardteistiméireacht. Tá na breithnithe sin ag dul ar aghaidh agus níor thángthas ar aon chinneadh maidir le pointí bónais a thabhairt isteach mar bheart dreasachta chun staidéar ar an tsonraíocht T1 a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.