Written answers

Tuesday, 7 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Covid-19 Paindéim

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

252. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dóigh léi go bhfuil sé sásúil nach raibh an dara rogha ag Comharchumainn Ghaeltachta, Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ach faisnéis maidir leis an gcoróinvíreas a scaipeadh ar an bpobal trí Bhéarla, de bharr nár cuireadh an fhaisnéis chuí ó na húdaráis sláinte agus ón Rialtas féin ar fáil ach as Béarla dóibh; an n-aontaíonn sí go raibh sé de cheart an phoiblíocht ceannann céanna a cuireadh amach ó na húdaráis maidir le Covid-19 i mBéarla a chur amach i nGaeilge; an féidir léi a dheimhniú go gcuirfear faisnéis maidir le Covid-19 amach i nGaeilge ar gach ardán amach anseo an tráth céanna a chuirfear faisnéis amach i mBéarla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13765/20]

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

253. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an n-aontaíonn sí le dearcadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach raibh siad in ann íoc as fógraí maidir le héigeandáil Covid-19 ar Raidió na Gaeltachta agus nach raibh aon ní sa dlí á cheangal orthu íoc as na fógraí céanna ar na stáisiúin raidió Bhéarla agus, mar sin, nár chuir siad aon fhógra as Gaeilge ar aon stáisiún raidió i rith na héigeandála ar fad agus nár íoc siad astu; conas a bheartaíonn sí cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus dóibh siúd sa phobal a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge maidir le fógraíocht as Gaeilge faoin éigeandáil ar na stáisiúin raidió; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13766/20]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 252 agus 253 le chéile

Ní mór dom a rá ar an gcéad dul síos gur ceisteanna iad seo don Aire Sláinte go príomhá.

Tá dualgais dhíreacha ar gach comhlacht poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chlúdaíonn eolas atá á thabhairt don phobal i gcoitinne (nó d’aicme den phobal). Is iad sin:

- Alt 9(3) den Acht:I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid;

- Alt 10(a) den Acht:Na doiciméid seo a leanas a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla:

- aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí.

Tuigfidh an Teachta gur gnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus nach bhfuil aon ról agamsa ann.

É sin ráite, áfach, i gcomhthéacs cheisteanna an Teachta, tuigtear dom go bhfuil an Roinn Sláinte tiomanta do chomhairle sláinte poiblí a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla agus gurb iad príomhfhócas a feachtais sláinte poiblí comhairle a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Rialtais agus póstaeir comhairle sláinte poiblí agus leabhráin faisnéise a chur amach.

I measc na mbearta atá idir lámha ag an Roinn sin le freastal ar riachtanais eagraíochtaí ar nós na gcomharchumann Gaeltachta, scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, tá:

- Suíomh gréasáin an Rialtais (www.gov.ie) ina fhoinse faisnéise don phobal le linn na géarchéime seo agus déantar é a nuashonrú agus a aistriú go Gaeilge go rialta. Cuireadh gach preasráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála um Shláinte Phoiblí (FNÉSP), in éineacht lena n-aistriúcháin Ghaeilge, suas ar line;

- An Leabhrán Faisnéise Poiblí COVID-19 a foilsíodh i mBéarla agus i nGaeilge agus póstaer dátheangach maidir le ‘Ní na Lámh’ a rinne An Post a sheachadadh chuig gach teaghlach sa tír; agus

- Ina theannta sin, cuireadh amach gach póstaer comhairle sláinte poiblí i mBéarla agus i nGaeilge agus roinneadh iad ar fud gach Roinn Stáit agus páirtithe leasmhara eile. Tá siad ar fáil freisin le híoslódáil ó shuíomh gréasáin an Rialtais (www.gov.ie) sa dá theanga le haghaidh úsáide príobháidí agus tráchtála.

Mar fhocal scoir agus mar is eol don Teachta, rinneadh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a fhoilsiú i mí na Nollag anuraidh (2019) agus is é aidhm an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Tá i gceist agam an Bille seo a thabhairt ar ais ós comhair na dTithe sa bhfómhar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.