Written answers

Tuesday, 7 July 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d’Fhoras na Gaeilge

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

251. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an n-aontaíonn sí gur féidir léi buiséad Fhoras na Gaeilge a ardú den chéad uair le breis is 10 mbliana anuas, anois go bhfuil Rialtas ann ó Thuaidh arís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13764/20]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níorbh fhéidir cruinnithe CATT a eagrú ó lár 2016 i leith. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil na buiséid i leith 2017 go 2020 ceadaithe go hoifigiúil go fóill, ó 2017 i leith, tá aontaithe ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go bhfeidhmeodh na Forais Trasteorann uile de réir na buiséid a cheadaigh an CATT ina leith don bhliain 2016.

I mbliana, íocfaidh mo Roinn €11,087,184 (75% den ollbhuiséad ceadaithe ag CATT) d'Fhoras na Gaeilge. Anuas air sin, cuirfidh mo Roinn maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge (€1,061,165) agus Colmcille (€118,519). Is fiú a nótáil freisin go ligtear d'Fhoras na Gaeilge an t-ioncam breise a ghintear ó dhíol leabhar agus eile a choinneáil le caitheamh ar a chuid gníomhaíochtaí.

Tá i gceist go dtionólfar cruinnithe CATT arís go gairid, tráth go ndéanfar na buiséad 2017 - 2020 a cheadú agus go bpléifear gach gné de chúrsaí oibre an Fhoras Teanga, buiséd san áireamh. Tréaslaím leis an obair atá déanta ag Foras na Gaeilge agus ag na ceanneagraíochtaí le blianta beaga anuas, go háirithe le linn tréimhse na géirchéime seo. Táim ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth leis an bhForas sna blianta amach romhainn chun an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.