Written answers

Tuesday, 16 June 2020

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1098. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh Coláistí Samhradh cónaithe ábalta teacht ar an maoiniú don lóistín atá ar fáil faoi chóras an Tionscnaimh Cobhsaithe; cén saghas tacaíochta atá ar fáil do ghnónna eile áitiúla a bheadh ag freastal ar phobal na gColáistí, amhail siopaí agus bialanna; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11159/20]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh áthas ar an Teachta a chloisteáil gur fhógair mé le gairid ciste éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is beart aon uaire é a bhfuil mar aidhm aige inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus an Plean Gníomhaíochta 2018–2022 lena mbaineann.

Faoin gciste cobhsaithe atá fógartha, cuirfear tacaíocht ar fiú suas le €3.1m é i dtreo údaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí agus cuirfear €1.6m ar fáil chun tacú leis an 700 teaghlach Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín deimhnithe ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair mo Roinn ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Is é an ráta caighdeánach a bheidh iníoctha leis na coláistí faoin mbeart ná suas le 15% de tháillí na gcúrsaí aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG), suas le híocaíocht uasta de €150 an scoláire an cúrsa. Tá an íocaíocht forchostais seo bunaithe ar iomlán na dtáillí cúrsa iníoctha i ndáil le scoláirí a bhí cláraithe le haghaidh cúrsaí amhail ar 20 Aibreán 2020, an dáta a d’fhógair mo Roinn go gcealófaí cúrsaí mar gheall ar COVID-19. Meastar gurb é €3.07 milliún iomlán an chostais.

Is é an ráta caighdeánach a bheidh iníoctha i leith lóistín (coláistí cónaithe aitheanta san áireamh) ná suas le 40% den íocaíocht laethúil a bhíonn iníoctha ag mo Roinn go hiondúil faoin scéim (ie €10 an scoláire do na teaghlaigh, €5 an scoláire do na coláistí cónaithe). Faoin socrú seo dá réir, íocfar suas le 40%, is é sin €4 an scoláire an oíche do na teaghlaigh cháilithe agus €2 an scoláire an oíche do na coláistí cónaithe atá aitheanta ag mo Roinn.

Beidh iomlán na híocaíochta do gach teaghlach bunaithe ar líon na scoláirí ar íocadh SFG ina leith don tréimhse ó Aibreán go Lúnasa 2019. Maidir leis na coláistí cónaithe, fearacht na gcoláistí eile, bunófar an íocaíocht a ndéanfar leo ar líon na scoláirí a bhí cláraithe acu le haghaidh cúrsaí suas go dtí 20 Aibreán 2020, an dáta a d’fhógair mo Roinn go raibh cúrsaí curtha ar ceal. Fágann sé seo ar fad go mbeidh tacaíocht ar fáil do na coláistí cónaithe faoin dá ghné den tionscnamh cobhsaithe.

Beidh mo Roinn ag dul i dteagmháil go rí-ghairid leis an earnáil – idir lucht stiúrtha na gcoláistí - coláistí cónaithe san áireamh agus, ar ndóígh, leis na teaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge chun an próiseas a chur ar bun faoina ndáilfear an cúnamh.

Maidir le gnóanna eile sa Ghaeltacht, tá Údarás na Gaeltachta ag dul i ngleic leis na dúshláin reatha agus ag obair as lámh a chéile le Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí ábhartha eile i rith an ama chun a chinntiú go mbainfidh a chliant comhlachtaí leas as an raon tacaíochtaí atá ar fáil ón Stát.  Sa chomhthéacs sin, is fiú dom a threisiú go bhfuil teagmháil leanúnach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus Údarás na Gaeltachta chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí  sin ag feidhmiú mar is cuí agus chun brúphointí airgeadais a mhaolú.

Fearacht na socraithe i ndáil leis na heagraíochtaí Gaeltachta a fheidhmíonn le cúnamh reatha na Roinne, chuir an Roinn cistíocht chuí i bhfoirm réamhíocaíochta ar fáil don Údarás chun go mbeadh siad in ann coinneáil orthu ag seachadadh clár oibre atá ar leas foriomlán a chliant comhlachtaí agus gheilleagar na Gaeltachta i ndeireadh báire. 

Tá Údarás na Gaeltacha ag obair go dlúth le Fiontraíocht Éireann chomh maith le cinntiú go bhfuil scéimeanna tacaíochta an fhorais stáit sin ar fáil do ghnólachtaí Gaeltachta go díreach tríd an Údarás. Tá deontais agus dearbháin éagsúla ar fáil chun tacú le pleanáil airgeadais, leanúnachas gnó agus trádáil ar line, mar aon leis na cistí maoinithe agus tacaíochtaí eile atá curtha ar fáil ag an Rialtas, cosúil leis an Scéim Fóirdheontais Pá Covid-19.

Go deimhin an tseachtain seo caite, fógraíodh go bhfuil €600,000 breise curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta leis an Scéim Dearbhán Trádála Ar Línea sholáthar sa Ghaeltacht.

Tá léirithe ag cliantchuideachtaí Údarás na Gaeltachta go bhfuil ar a gcumas, agus gur mian leo, a bheith nuálaíoch chun teacht tríd an bpaindéim seo, go príomha mar a bhaineann sé leis an ngluaiseacht seo i dtreo trádáil ar líne. Cuideoidh an maoiniú breise seo ar fiú €0.6m, atá á chur ar fáil ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, le cumasú don Údarás tacú níos fearr le gnólachtaí Gaeltachta agus iad ag aistriú i dtreo trádáil ar líne le linn na tréimhse dúshlánaí seo don gheilleagar domhanda.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.