Written answers

Wednesday, 27 May 2020

Department of Housing, Planning, and Local Government

Covid-19 Paindéim

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1105. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh na mbeart agus na dtacaíochtaí atá beartaithe chun dul i ngleic leis an ngéarchéim i gceantair Ghaeltachta de bharr Covid-19, go háirithe na coláistí samhraidh agus iad curtha ar ceal. [8046/20]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar na ceisteanna atá freagartha agam cheana féin faoin ábhar seo. Mar atá ráite agam cheana féin, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis sláinte agus ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint, ag cur san áireamh na bearta éigeandála atá á nglacadh maidir le Covid-19, d’fhógair mo Roinn le gairid nach reáchtálfar aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19.

Aithnítear gur cuid lárnach de bhonneagar sóisialta agus geilleagrach na Gaeltachta iad na coláistí agus suas le 27,000 scoláire go bliantúil ag freastal ar cheann de 42 coláiste agus iad ag fanacht le ceann den 700 teaghlach Gaeltachta atá incháilithe faoi Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne le lóistín a chur ar fáil. Meastar gur fiú c.€50m sa bhliain í earnáil na gcoláistí Gaeilge do gheilleagar na Gaeltachta nuair a chuirtear san áireamh na hóstáin, tithe aíochta, bialann agus gnólachtaí a dtugann tuismitheoirí na bhfoghlaimeoirí cuairt orthu i gcaitheamh an tsamhraidh.

Mar atá luaite agam roimhe seo, tá cíoradh á dhéanamh i rith an ama ag an Roinn ar an mbealach is fearr is féidir chun earnáil na gcoláistí Gaeilge a chobhsú. Chuige sin, tá mé féin agus oifigigh mo Roinne i dteagmháil i rith an ama le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS.

Is i gcomhar le páirtithe leasmhara atá an obair seo idir lámha i dtreo féachaint chuige go mbeidh teacht aniar ann don earnáil trí chéile in 2021 agus sna blianta ina dhiaidh sin.

Maidir leis na heagraíochtaí Gaeltachta atá bainteach le raon leathan scéimeanna agus bearta a riar thar ceann nó i gcomhar leis an Roinn faoi scáth Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne, lena n-áirítear Scéim na gCúntóirí Teanga, mheabhróinn don Teachta go bhfuil céimeanna glactha cheana féin ag an Roinn chun a chinntiú go bhfuil cistíocht chuí curtha ar fáil do na heagraíochtaí sin araon i bhfoirm réamhíocaíochta le go mbeidh cinnteacht airgeadais acu sa tréimhse dhúshlánach seo.

Maidir lena bhfuil ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha, tá an tÚdarás ag obair as lámh a chéile le Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí ábhartha eile i rith an ama chun a chinntiú go mbainfidh a chliant comhlachtaí leas as an raon tacaíochtaí atá ar fail ón Stát. Sa chomhthéacs sin, is fiú dom a threisiú go bhfuil teagmháil leanúnach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus Údarás na Gaeltachta chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí sin ag feidhmiú mar is cuí agus chun brúphointí airgeadais a mhaolú.

Fearacht na socraithe atá luaite agam i ndáil leis na heagraíochtaí Gaeltachta a fheidhmíonn le cúnamh reatha na Roinne, chuir an Roinn cistíocht chuí i bhfoirm réamhíocaíochta ar fáil don Údarás chun go mbeadh siad in ann coinneáil orthu ag seachadadh clár oibre atá ar leas foriomlán a chliant comhlachtaí agus geilleagar na Gaeltachta i ndeireadh báire.

Tá Údarás na Gaeltacha ag obair go dlúth le Fiontraíocht Éireann chomh maith le cinntiú go bhfuil scéimeanna tacaíochta na heagraíochta sin ar fáil do ghnólachtaí Gaeltachta go díreach tríd an Údarás. Tá deontais agus dearbháin éagsúla ar fáil chun tacú le pleanáil airgeadais, leanúnachas gnó agus trádáil ar line, mar aon leis na cistí maoinithe agus tacaíochtaí eile atá curtha ar fáil ag an Rialtas, cosúil leis an Scéim Fóirdheontais Pá Covid-19.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.