Written answers
Wednesday, 26 June 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Caiteachas Caipitiúil
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
283. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht eolas a thabhairt maidir leis an leithdháileadh caipitil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta do na blianta 2018 agus 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26970/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sonraí maidir leis an leithdháileadh caipitil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta do na blianta 2018 agus 2019 leagtha amach sa tábla thíos.
2018 | 2019 | |
---|---|---|
Foras na Gaeilge | €0 | €0 |
Údarás na Gaeltachta | €7,638* | €9,700** |
*Fuarthas leithdháileadh caipitil breise de €0.638m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2018 agus tá sé san áireamh san fhigiúr a sholáthraítear.
**Maidir leis an soláthar caipitil do 2019, tá suim de €0.7m nár chaith an Roinn i 2018 tugtha ar aghaidh go 2019 agus curtha isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go bhfuil buiséad iomlán caipitil de €9.7m curtha ar fáil ag an Roinn don Údarás i 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
284. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht eolas a thabhairt maidir leis an leithdháileadh reatha agus caipitil i ndáil le gach ceann de na scéimeanna sonraí tugtha; an méid a tharraingaítear as gach ceann acu agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26971/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar go bhfuil réimse leathan faisnéise iarrtha ag an Teachta, tuigfidh sé nach féidir í a chur le chéile laistigh den amscála atá ar fáil. Cuirfear freagra cuimsitheach díreach chuig an Teachta chomh luath agus is féidir agus i gcomhréir leis na Buan-Orduithe Dála.
No comments