Written answers

Thursday, 14 February 2019

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

99. To ask the Minister for Education and Skills céard iad na socraithe atá beartaithe lena chinntiú go mbeidh oiliúint ar fail trí Ghaeilge i nGaeltacht Chonamara dóibh siúd a fhágann an scoil luath trí Youth Reach nó clár eile, agus an cinneadh atá déanta ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin Teagmháil na nÓg i gConamara a dhúnadh á chur i gcuntas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7531/19]

Photo of John HalliganJohn Halligan (Waterford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá roinnt cúrsaí trí Ghaeilge á dtairiscint ag GRETB in Ionad Breisoideachais Ros Muc mar bhealaí chun cinn d’fhoghlaimeoirí. Tá na cúrsaí seo a leanas ar fáil: Riarachán Gnó Leibhéal 5; Cúram Sláinte Leibhéal 5; Cúram Leanaí Leibhéil 5 & 6.

Ina theannta sin, tá cúrsa Spóirt agus Aclaíochta ar fáil i Leitir Móir i gcomhar leis an Spórtlann.

Tá réimse de chláir pháirtaimseartha ag GRETB freisin agus iad á dtairiscint ag leibhéil 3 go 5 agus déanfar iad sin a leathnú amach le linn na bliana.

I mbliana, tá cúrsaí nua molta a bheidh ar fáil trí Ghaeilge amhail Dobharshaothrú. Cuireadh an cúrsa seo ar fáil cheana agus tá GRETB ag féachaint lena chur ar siúl arís agus béim ar Tháirgeadh agus ar Shábháil Feamainne. I measc na modúl eile, tá Deisiú Inneall Mara, Deisiú Eangach, agus Fás Sliogéisc agus déanfar iad sin ar fad a theagasc trí Ghaeilge.

Tá cúrsa eile i dtiomáint Leoraithe agus Busanna molta i nGaeltacht Chonamara agus déanfar é a thairiscint d’fhoghlaimeoirí Theagmháil na nÓg mar bhealach chun cinn. Beidh an cúrsa sin ar fáil trí Ghaeilge freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.