Written answers

Wednesday, 12 December 2018

Department of Jobs, Enterprise and Innovation

Forálacha Pinsin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

150. To ask the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation cén uair a cheadófar pinsean do dhuine (gonraí tugtha) atá ag fáil pinsean easláine faoi láthair agus a bheidh 66 bliana d’aois ar an 8ú lá de mhí na Nollag agus a bhfuil iarratas déanta aici ar phinsean; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [52271/18]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon ról ag mo Roinn in íocaíocht den phinsean Stáit. Is é an t-aon fheidhm atá ag mo Roinn maidir le hinchur íocaíocht shochair na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialaí is ea sonraí de ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha  i rith tréimhse fostaíochta iar fhostaí den Roinn seo nó d’aon cheann dá shlánaonaid mar an Roinn Tionscail agus Tráchtála nó an Roinn Saothair a sholáthar le cur ar chumas na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialaí  taifid fostaí áirithe ÁSPC a dhaingniú. Tá na taifid seiceáilte ag baill de m’Aonad Pinsin agus ar bhonn na faisnéise atá curtha ar fáil, ní bhfuarthas aon iarratais le haghaidh taifid ÁPSC faoin ainm atá curtha ar fáil. Ba chóir don Teachta an cheist shainiúil sin a chur faoi bhráid an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.