Written answers
Thursday, 19 April 2018
Department of Transport, Tourism and Sport
Cruinnithe an Aire
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
307. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport an bhfuair sé iarratas ó Choiste Dhoire Fhearta ar an gCeathrú Rua i Mí na Márta nó le gairid á iarraidh air casadh le toscaireacht ón gcoiste chun drochstad Bhóthar Dhoire Fhearta a phlé; má fuair, cén uair atá sé i gceist aige casadh leis an gcoiste; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17184/18]
Shane Ross (Dublin Rathdown, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí teagmháil agam le Cumann na nÁitritheoirí maidir le drochbhail Bóthar Derrartha le linn cuairt a thabhairt ar Ghaillimh Dé hAoine 2ú Feabhra. Is féidir liom a dhearbhú go raibh teagmháil níos mó ag an ngrúpa liom le déanaí agus cé nach bhfuil mé in ann bualadh leo thug mé nuashonrú don ghrúpa maidir le hiarratais ó údaráis bóithre reachtúla a bhreithniú maidir le cúnamh deontais le haghaidh feabhsúcháin bóthair oibreacha. Is é Comhairle Chontae na Gaillimhe an t-údarás bóthair reachtúil sa chás seo agus tá sé freagrach as bóithre a fheabhsú agus a chothabháil ina réimse freagrachta.
No comments