Written answers

Tuesday, 23 May 2017

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

392. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cathain a fhoilseofar an plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022 maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain; cén staid ag a bhfuil an Straitéis faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23977/17]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá ráite agam i bhfreagraí ar Cheisteanna Dála eile faoin ábhar seo, eagraíodh Díospóireacht Oscailte ar Pholasaí faoin Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030, mar chuid de Phlean Athnuachana na Státseirbhíse, i mí na Nollag 2015 ar mhaithe le breathnú siar ar an méid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don chúig bliana amach romhainn. Mar thoradh ar an díospóireacht oscailte sin tá sé i gceist go mbeidh plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022, ina mbeidh spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith, á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn agus á fhoilsiú faoi lár shamhradh na bliana seo.

Maidir le staid reatha na Straitéise is mian liom a threisiú uair amháin eile go bhfuil mé thar a bheith sásta leis an méid atá bainte amach cheana féin faoi na naoi réimse éagsúla den Straitéis, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

- Tá Polasaí don Oideachas Gaeltachta foilsithe agus á chur i bhfeidhm;

- Tá Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta á cur i bhfeidhm;

- Tá Acht na Gaeltachta 2012 achtaithe agus á chur i bhfeidhm. Faoin acht sin tá an Próiseas Pleanála Teanga – an comhrá is mó sa Ghaeltacht maidir leis an Ghaeilge ó aimsir Fheachtas na gCearta Sibhialta -faoi lán seoil. Go deimhin, tá €850,000 curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge i mbliana chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn;

- Tá athbhreithniú déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Ceannteidil Bhille Leasaithe beagnach réidh le foilsiú;

- Tá cinneadh déanta deireadh á chur leis an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach i 2021; agus,

- Tá Plean Gaeilge agus Gníomh Digiteach RTÉ á gcur i bhfeidhm.

Is mian liom a threisiú freisin nach Straitéis seacht mbliana í, ach Straitéis 20-Bliain, agus beidh mise agus an fhoireann atá taobh thiar dom sa Roinn, le tacaíocht go príomha ón Roinn Oideachais agus Scileanna, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus, dár ndóigh, ceanneagraíochtaí an Fhorais, ag cur mo chuid fuinnimh uile isteach sa tasc atá romham leanúint leis an obair thábhachtach sin sna blianta atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.