Written answers
Tuesday, 23 May 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Plean Teanga
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
391. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht conas atá dul chun cinn ó thaobh pleanáil teanga de á thomhas ag an Roinn; cén mheicníocht atá á húsáid ag an Roinn; cé na spriocanna sonracha agus amscálaí atá leagtha amach ag an Roinn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23976/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga in 2014, seo a leanas léargas ar staid reatha an phróisis mar a bhaineann sé leis na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge mar a shainítear iad faoi Acht na Gaeltachta 2012:
Na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta
Den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoin Acht, tá an próiseas tosaithe i 23 limistéar agus táthar ag súil leis go mbeidh sé tosaithe sa trí limistéar eile faoi dheireadh na bliana, eadhon: Bearna agus Cnoc na Cathrach; Oirthear Chathair na Gaillimhe; agus an tEachréidh. Maidir leis na limistéir ina bhfuil an próiseas tosaithe ann cheana féin, tá pleananna i leith na limistéar a leanas á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair:
- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir
- Cois Fharraige
- Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhairtaigh.
Nuair atá na pleananna faofa chun sástacht mo Roinne, déanfar orduithe i leith na limistéar, faoi alt 7(2) den Acht – rud a chuirfidh tús le forfheidhmiú na bpleananna. Beidh tréimhse fhorfheidhmithe 7 mbliana i gceist le pleananna teanga agus déanfaidh mo Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn an ama sin. Tá sé i gceist go ndéanfar athbhreithniú eatramhach ar gach plean teanga agus go ndéanfar é sin i mbliain 3 den chur i bhfeidhm de ghnáth. Tá sé i gceist freisin go ndéanfar athbhreithniú críochnúil ar gach plean teanga agus go ndéanfar é sin i mbliain 6 den chur i bhfeidhm de ghnáth. Tá sé de cheart ag mo Roinn athbhreithniú a dhéanamh ag tréimhsí éagsúla nó ar bhonn níos minice ná na tréimhsí atá sonraithe má fheictear go bhfuil gá lena leithéid.
Beifear ag súil leis go gcuirfear pleananna i leith na limistéar a leanas faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa idir seo agus deireadh na bliana:
- Ciarraí Thiar
- Ciarraí Theas
- Na Déise
- Árainn Mhór
- Dún na nGall Theas
- An Cheathrú Rua
- Múscraí
- Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh
- Conamara Láir
Beidh obair ar bun chun ullmhúchán na bpleananna teanga i leith na limistéar a leanas a bhrú chun cinn sa bhliain reatha chomh maith i dtreo iad a bheith curtha faoi mo bhráid in 2018:
- Ceantar na nOileán
- Toraigh
- Tuaisceart Dhún na nGall
- Maigh Eo Thuaidh
- Oileán Árainn
- Ráth Chairn & Baile Ghib
- Cléire
- Maigh Eo Thiar
- Na Rosa
- Maigh Cuilinn
- An Ghaeltacht Láir
- Bearna & Cnoc na Cathrach
- Oirthear Chathair na Gaillimhe
- An tEachréidh
Na Bailte Seirbhíse Gaeltachta
Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, tá an próiseas tosaithe cheana chun plean teanga a ullmhú faoin Acht i leith na mbailte: Daingean Uí Chúis, Leitir Ceanainn, agus Cathair na Gaillimhe. Táthar ag súil leis go mbeidh ullmhúchán pleananna tosaithe sna bailte: Béal an Mhuirthead, An Clochán Liath; Cathair Chorcaí, Trá Lí agus Dún Garbhán i mbliana.
Na Líonraí Gaeilge
I deannta sin, tá obair idir lámha chun pleananna teanga a ullmhú i leith na líonraí Gaeilge: Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe; Inis, Co. an Chláir agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.
Chun cabhrú le feidhmiú an phróisis pleanála teanga sa bhliain reatha, d’fhógair mé allúntas airgid ar fiú €850,000 ar 7 Bealtaine 2017. Dáilfear €735,000 den allúntas ar Údarás na Gaeltachta agus €115,000 ar Fhoras na Gaeilge chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn.
No comments