Written answers

Tuesday, 16 May 2017

Department of Transport, Tourism and Sport

Íocaíochtaí Deontas

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

528. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cén uair a bheidh na deontais faoi scéim na nDeontas Caipitil Spóirt do 2017 á bhfógairt aige; cén uair a dhéanfar cinneadh i dtaobh an iarratais atá déanta ag Club Iomartha Choláiste na Coiribe, Co na Gaillimhe faoin scéim sin (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22724/17]

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú go ndearna an eagraíocht ar thagair an Teachta di iarratas a chur isteach faoi Chlár Caipitil Spóirt 2017.Déanfaidh oifigigh i mo Roinn measúnú ar gach ceann den 2320 iarratas a fuarthas faoi Chlár Caipitil Spóirt 2017 sna míonna atá romhainn.

Toisc líon na n-iarratas a fuarthas agus an mioneolas a cuireadh isteach, tógfaidh sé roinnt míonna an próiseas measúnaithe a chríochnú agus níltear ag súil le leithdháileadh a dhéanamh go dtí Meán Fómhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.