Written answers
Thursday, 23 March 2017
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Eitilte
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
133. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach bhfuil eitiltí breise ar fáil chuig Oileáin Árann mar a bhíodh ar an bpraghas céanna leis na heitiltí OSP; an dtuigeann sí an tábhacht a bhaineann le seirbhís sholúbtha a bheith ar fáil chuig Oileáin Árann ar phraghas réasúnach; an bhfuil sé i gceist aici aon rud a dhéanamh leis an staid a fheabhsú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14714/17]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Faoin gconradh atá idir mo Roinn agus Galway Aviation Services Limited (Aer Arann Islands) don tréimhse 1 Eanáir 2017 go dtí 31 Nollaig 2020, tá sceideal críochnúil eitiltí le cur ar fáil do na hoileáin Árann faoi Oibleagáid Sheirbhís Phoiblí. D’eascair an conradh seo as próiseas cuimsitheach tairisceana a reáchtáladh anuraidh faoina raibh sé oscailte dóibh siúd a bhí ag déanamh tairisceana eitiltí bhreise a thairiscint gan uasteorainn, anuas ar an íosleibhéal seirbhísí a bhí iarrtha. Ba phróiseas casta a bhí ann, ag cur san áireamh na rialacha a bhain le soláthar poiblí, státchabhair agus trasfhóirdheonú lena mb’éigean do mo Roinn cloí. Sa chomhthéacs seo, ní bheadh sé cuí athchuairt a thabhairt ar an próiseas seo.
No comments