Written answers

Tuesday, 1 July 2014

Department of Communications, Energy and Natural Resources

CeadúnasTeilifíse

Photo of Robert DowdsRobert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

270. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources an ndéanfaidh sé bonn maoinithe leanúnach ilbhlianta a chur faoi TG4 anois mar atá faoi RTÉ; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28143/14]

Photo of Pat RabbittePat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faigheann RTÉ maoiniú trí Dheontas i gCabhair do chuid de na hadmhálacha ó tháillí ceadúnais teilifíse agus tríd an ioncam tráchtála a ghineann sé. Faigheann TG4 maoiniú trí Dheontas i gCabhair, admhálacha ó tháillí ceadúnais teilifíse agus ioncam tráchtála. Déantar maoiniú ar bhun bliantúil don dá Chraoltóir Seirbhíse Poiblí. Maidir leis an tslí go díreach a shocraítear leibhéal na táille ceadúnais, tá seo leagtha amach in Alt 124 den Acht Craolacháin 2009. Cuireann sé ar chumas Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) go háirithe, moladh a thabhairt i dtuairisc domsa mar Aire, maolú bliantúil a dhéanamh maidir leis an táille don cheadúnas teilifíse.

Tá an moladh seo bunaithe ar athbhreithniú bliantúil maidir le cé chomh maith agus a chomhlíon an dá Chraoltóir Seirbhíse Poiblí a ngeallúintí maidir lena spriocanna seirbhíse poiblí mar atá ráite ina ráiteas bliantúil faoi gheallúintí feidhmíochta don bhliain airgeadais sin agus cé chomh maith nó nach bhfuil, maoiniú poiblí chun cur ar chumas na gcorparáidí na spriocanna seirbhíse poiblí sin a bhaint amach.

Bunaím mar Aire, aon chinneadh a d’fhéadfainn a dhéanamh i gcomhar leis an Rialtas maidir le leibhéal reatha na táille teilifíse nó eile, ar mholadh an Údaráis.

Chomh maith leis an riachtanas reachtaíochta d’athbhreithniú bliantúil de chraoltóirí seirbhíse poiblí, ní mór don BAI faoi Alt 124 (8) den Acht Craolacháin 2009, athbhreithniú fadtéarma 5 bliana chun tosaigh a dhéanamh ar chomh maith nó nach bhfuil, maoiniú do chraoltóirí seirbhíse poiblí. Thosaigh an BAI an chéad athbhreithniú 5 bliana in 2013 agus beidh sin ina chabhair maidir le cinntí faoi bheartas a d’fhéadfainn a dhéanamh faoi mhaoiniú poiblí de chraoltóirí seirbhíse poiblí amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.