Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

10:30 am

Photo of Paudie CoffeyPaudie Coffey (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire. Táimid Ii lár Seachtain na Gaeilge agus anois tá ráiteas againn ón Aire. Lean ar aghaidh, a Aire.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat a Chathaoirligh agus go raibh maith agat freisin fa choinne an chuiridh go dtí an Seanad inniu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teach seo as an gcuireadh a thug sibh dom labhairt libh le linn Sheachtain na Gaeilge agus ar ndóigh le linn Bhliain na Gaeilge 2018.

Tá an Rialtas seo dírithe ar theacht leis an tiomantas dár gcultúr agus dár dteanga atá le feiceáil i mórán de na heagraíochtaí díograiseacha atá ar fud an Stáit, taobh istigh agus taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Chuige sin, cuireadh maoiniú breise de €2.5 milliún ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2018. San áireamh sa bhuiséad don bhliain seo tá €1.4 milliún breise chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge, cuireadh €400,000 de mhaoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun infheistiú ina chláir caipitil agus chun tacaíocht do chomharchumainn agus d’eagraiochtaí forbartha pobail na Gaeltachta a mhéadú, rud a fhágann go bhfuil an maoiniú caipitil don údarás méadaithe go €7 milliún, cuireadh €450,000 ar fáil do Bhliain na Gaeilge 2018, agus rinneadh Ieithdháileadh breise de €687,000 ar scéimeanna tacaíochta teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá €2.65 milliún á chur ar fáil faoi bhuiséad 2018 do chur i bhfeidhm an phróiseas pleanála teanga i mbliana. Is ionann sin agus ardú €1.8 milliún thar an allúntas a bhí ar fáil don phróiseas anuraidh. Ina theannta sin, tá ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm an straitéis 20 bliain. Leis an allúntas méadaithe atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéiIe, tá ag éirí le mo Roinn tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an Ghaeltacht, na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge.

Tuigfidh na Seanadóirí gur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a thiteann an fhreagracht an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm. D’fhéadfaí a rá gur aisfhreagra suntasach is ea an polasaí seo ar a bhfuil ráite agus molta sa straitéis 20 bliain mar a bhaineann sé le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Mar Iéiriú breise ar dháiríreacht leanúnach an Rialtais seo chun cúram a dhéanamh do chur i bhfeidhm na straitéise, is díol suntais é go bhfuil aonad polasaí oideachais Gaeltachta faoi Ieith bunaithe cheana féin ag mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Bruton, chun cur i bhfeidhm an pholasaí a bhrú chun cinn. Léirionn sé seo uile go bhfuil céim thábhachtach eile chun cinn glactha ag an Rialtas ar son na Gaeilge agus cur i bhfeidhm córasach na straitéise.

Tá sárobair ar bun ag na heagraíochtaí taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ag obair go díograiseach - sa Deisceart, sa Tuaisceart agus go hidirnáisiúnta - chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a fhorbairt ar fud na tíre, agus is deas liom gur tugadh aitheantas dóibh sa bhuiséad. Tá ceannáras nua anois ag Foras na Gaeilge, agus é anois lonnaithe ar Shráid Amiens i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Guím gach rath orthu san ionad úr seo. Bíonn Foras na Gaeilge ag gníomhú ar bonn leanúnach i gcomhréir leis an sé cheanneagraíocht atá faoina chúram, is iad sin Gaeloideachas Teoranta, Gael Linn, Glór na nGael, Oireachtas na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Cumann na bhFiann. Tá Foras na Gaeilge freagrach as oibriú le pobail i mbailte seirbhíse Gaeltachta, de réir mar is cuí, agus i líonraí Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair sin. Cuidionn sé le pobal na Gaeilge agus lucht spéise na Gaeilge ar fud an domhain trí bhéim a chur ar sheirbhísí agus áiseanna ar líne.

Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do réimse Ieathan tionscadal trí scéimeanna éagsúla a chuidíonn leis an aos óg. Tá an scéim Gaelbhratach dírithe ar scoileanna agus á fheidhmiú i 70 scoil. Tá deiseanna foghlama á gcur ar fáil chomh maith trí scéim na gcampa samhraidh. Tá scéimeanna agus tionscadail ar fáil ón bhforas chun úsáid na teanga sna healaíona, sna meáin agus sna hilmheáin a chur chun cinn, lena n-áiritear scéim na gcomplachtaí drámaíochta, scéim na bhféilte, scéim na foilsitheoireachta agus scéim na dtionscadal litríochta. Tuigtear an ról an-tábhachtach atá ag gnólachtaí maidir le forbairt agus spreagadh na Gaeilge, go háirithe sna limistéir pleanála teanga. Cuirtear tacaíocht ar fáil ón bhforas d'fhorbairt na Gaeilge san earnáil gnó tríd an bhfeachtas feasachta Gnó Means Business agus trí scéimeanna ar nós scéim na gcomharthaí dátheangacha.

Is cuid luachmhar dár n-oidhreacht logainmneacha na tíre. Tá forbairt leanúnach á déanamh ar an suíomh logainm.ieag an mbrainse logainmneacha, ar cuid de mo Roinn é, i gcomhar le Fiontar agus scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le tacaíocht airgid ón Rialtas. Sa bhliain 2017, mar shampla, scrúdaigh agus shocraigh an brainse na leaganacha Gaeilge de 400 logainm i gContae Chill Mhantáin, agus de 200 logainm i gContae Chiarraí. I gcaitheamh na bliana fosta, cuireadh na Ieaganacha Gaeilge do 1,500 logainm i gContae Laoise os comhair an Choiste Logainmneacha le hiniúchadh. Is coiste Stáit neamhspleách é an Coiste Logainmneacha, ceaptha ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an Ghaeltacht, agus a oibríonn ar bonn deonach. Tá moladh mór ag dul do bhaill an choiste sin as a gcuid oibre. Tá an-éileamh ar an suíomh Iogainm.ie. I gcaitheamh na míosa seo caite, mar shampla, thug 26,000 cuairteoir uathúil cuairt ar an suíomh agus sa bhliain 2016, tháinig fiosrúcháin tríd an suíomh Idirlín céanna faoi thart ar 1,000 logainm.

Mar atá ráite go minic roimhe seo, ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádurtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ar deireadh, ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i Ieith chur i bhfeidhm an straitéis 20 bliain a threisiú uair amháin eile anseo inniu. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile. Is maith liom an seans inniu labhairt agus comhrá a dhéanamh faoi Bhliain na Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge. Dá mbeadh aon smaointí ag teacht aníos, beidh mé sásta oibriú leis na Seanadóirí orthu. Gabhaim aitheantas chuig an seachtar ó Gaillimh atá ina suí anseo, Seanadóir Ó Céidigh ina measc, faoi choinne an chláir atá leagtha amach don choicís seo chugainn maidir leis an Ghaeilge a spreagadh sa Seanad. Beidh mé sásta teacht ar ais. Fuair mé teachtaireacht an Seanadóra aréir.

Photo of Catherine ArdaghCatherine Ardagh (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus cuirim fáilte go dtí an Seanad roimhe arís. Tá rath mór tagtha ar Sheachtain na Gaeilge ón am agus a raibh mé i mo ghasúr. Caithfimid iarracht a dhéanamh sa Seanad agus i dTeach Laighean an tseachtain a choimeád mar sheachtain gur fiú í a chéiliúradh. Ba chóir dúinn go léir iarracht níos mó a dhéanamh teagmháil a dhéanamh lena chéile as Gaeilge. Tá sé ar cheann de chuspóirí Fhianna Fáil ó thráth a bhunaithe an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine agus cearta na ndaoine a labhraíonn an teanga a chosaint. Tá an teanga náisiúnta ar cheann de sheoda cultúrtha na tíre seo agus ní féidir cur síos ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir. Nuair atá 100 bliain caite ó tharla Éirí Amach na Cásca, is ríghéar an gá borradh agus brí a chur an athuair sna hiarrachtaí úsáid na Gaeilge a bhuanú agus a fhorbairt.

Seasann Fianna Fáil go daingean leis an straitéis 20 bIiain don Ghaeilge, a thug an páirtí chun cinn agus é i rialtas, agus lena chur i bhfeidhm. Thug an páirtí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach chomh maith. Bhí Fianna Fáil i mbun feachtais ar son maoiniú breise don Ghaeilge agus cuirimid fáilte roimh an €2.5 milliún de mhaoiniú breisie le haghaidh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur chun cinn in 2018. Is díol trua nach raibh aon dhúthracht maidir leis an teanga, nó le cearta teanga a chosaint, ag rith dáiríre leis an Rialtas roimhe seo, a bhí faoi cheannas Fhine Gael. Ní mór ceannródaíocht leanúnach agua cistíocht ionas go mbeadh rath ar an straitéis 20 bliain a thabhairt i bhfeidhm. Anuas air sin, leagadh amach mar ghealltanas i gclár an Rialtais sa bhliain 2011 go ndéanfaí smaoineamh ar deireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach san ardteistiméireacht. Is léiriú eile é sin ar mheon Fhine Gael.

I manifesto Fhianna Fáil le haghaidh olltoghchán na bliana 2016, rinne an páirtí feachtasaíocht ar son na mbearta seo a leanas.Dúirt muid gur cheart go mbeadh Aire sinsearach ann a bheadh an Ghaeltacht agus an Ghaeilge mar phríomhchúraimí air nó uirthi, gur cheart coiste Oireachtais a chur ar bun a bheadh freagrach as gnóthaí na Gaeltachta agus na Gaeilge, gur cheart go dtabharfaí faoi na deacrachtaí cistíochta a bhí ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta trí acmhainní breise a chur ar fáil dóibh, agus gur cheart go gcinnteofar go mbeadh an Ghaeilge i gcónaí mar chroíchuid den churaclam le haghaidh an teastas sóisearach agus an ardteistiméireacht. Cé nach bhfuil Fianna Fáil sa Rialtas, táimid agus beimid ag gníomhú go tairbheach sa Fhreasúra ag féachaint leis na haidhmeanna polasaí sin a bhaint amach. Dírítear ar an nGaeilge faoi thrí chinn de théamaí i gclár an Rialtais na bliana 2016: an straitéis 20 bliain, cúrsaí teanga agus eacnamaíochta sa Ghaeltacht, agus an Ghaeilge mar theanga iomlán. Caithfidh mé a rá go gcoinneoidh Fianna Fáil an Rialtas dílis do na gealltanais dá réir sin.

Photo of Paudie CoffeyPaudie Coffey (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ocht nóiméad ag mo chara, an Seanadóir Ó Céidigh.

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat. Is deas tú a fheiceáil sa Chathaoir. Oireann sé duit agus Gaeilge Phort Láirge go láidir agat.

Photo of Paudie CoffeyPaudie Coffey (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl ach beagán Gaeilge agam.

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach tá sé go maith. Coinnigh suas é. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Ní hí seo an chéad uair againn labhairt anseo agus in áiteanna eile ó thaobh na Gaeilge de. Caithfidh mé buíochas ó chroí a ghabháil leis agus lena fhoireann i dtaobh an dáiríreacht atá aige ó thaobh na Gaeilge de. Bhí beagán Gaeilge aige, ach d'fhoghlaim sé níos mó. Thóg mé faoi deara inné sa Dáil go raibh an fáinne óir á chaitheamh aige.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé agam fosta.

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé, agus coinnigh suas é. Ba mhaith liom achainí a chur ar chuile dhuine sa Seanad. B'fhéidir go rachaimid síos go dtí Conradh na Gaeilge an tseachtain seo chugainn leis na fáinní seo a cheannach agus go n-úsáidfimid iad ina dhiaidh sin. Ní gá go mbeadh togha na Gaeilge acu siúd a gcaitheann iad. Tá fáinne óir, fáinne airgid agus mar sin de ann. Ní chosnaíonn siad ach cúpla euro. B'fhéidir go léireodh sé sin go bhfuilimid níos dáiríre faoin Ghaeilge.

Molaim an tAire Stáit. Tá sé lándáiríre faoin Ghaeilge. De réir mar a thuigim, beidh sé ar phainéal na Dúnaibh le haghaidh Comórtas Peile na Gaeltachta agus ag imirt corner back. Níor mhaith liom bheith i mo corner forward agus an Aire Stáit i mo mharcáil más rud é go bhfuil sé sa pheil mar atá sé sa pholaitíocht. Go bhfóire Dia orainn, ní bheadh seans agam. B'fhéidir go mbeidh mé ag an gcomórtas ag breathnú ar an Aire Stáit agus ag féachaint cén sórt peileadóir é.

Ba mhaith liom bheith níos dáiríre faoi chúpla rud ó thaobh na Gaeilge de. Ar nós mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ardagh, cuirim fáilte roimh an infheistíocht thábhachtach de €2.5 milliún atá déanta. Léiríonn sé sin go bhfuil dáiríreacht éigin ann ó thaobh an Rialtais de maidir le forbairt na Gaeilge. Bíonn imní orm ag an am seo den bhliain, agus Seachtain na Gaeilge ar siúl agus muid ag teacht suas le Lá Fhéile Pádraig, nuair atáimid ag caint ar an nGaeilge. Ní gá dom tuilleadh a rá ach go gcuireann sé i gcuimhne dom an fógra, "a pet is not just for Christmas", a bhíonn ar an teilifís ag teacht suas go dtí an Nollaig gach bliain. Táimid uilig dáiríre faoin Ghaeilge. Táimid an-bhródúil as an teanga agus as dreamanna ar nós Cumann Lúthchleas Gael. Nuair a bheidh muintir na hÉireann ag imirt rugbaí ag an deireadh seachtaine, agus geansaithe na hÉireann orthu, beimid an-bhródúil astu freisin.

Seasann muid mar chuid den Eoraip agus mar chuid den domhain mhór. Is féidir linn ár bhfóin póca á úsáid chun ceangal a dhéanamh le chuile dhuine. Tá sé tábhachtach sa chomhthéacs sin go seasaimid suas ar son who we are. Dúirt mé cheana le mo chara, Trevor Ó Clochartaigh, atá tar éis an Teach a fhágáil - tá sé an-dáiríre faoin Ghaeilge agus tá súil agam go n-éireoidh go breá leis agus é ag obair anois le TG4 - go bhfuil motto beag scríofa agam ar whiteboard sa bhaile: "success is not what you have; success is who you are". Who we are as Irish people is the Irish language and culture. Tá na nithe seo an-tábhachtach agus táimid an-bhródúil astu. Tá sé fíorthábhachtach go mbrúfaimid ar aghaidh mar ionadaithe pobail na tíre seo agus go mbeimid mar cheannródaithe agus leaders in this area. Glacaim leis go n-aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil go leor eile le déanamh go fóill.

Ba mhaith liom cúpla rud beag fánach eile a lua. Níl siad fánach, ar bhealach. Is fiú níos mó infheistíochta a dhéanamh sna coláistí Gaeilge. Nuair a thagann go leor scoláirí as gach cuid den tír chucu, feiceann siad na Gaeltachtaí agus céard atá ar siúl iontu don chéad uair. Nuair a bhí mé ag caint le beirt dhuine i dTeach Laighin ar maidin, dúirt siad liom gur thuig siad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht don chéad uair nuair a bhí siad ag freastal ar choláistí Gaeilge i nDún na nGall agus i gConamara. Nuair a bhí mé in Árainn, ar Inis Oírr, an tseachtain seo caite, dúradh liom go bhfuil scoláirí as an nGalltacht ag freastal ar scoileanna meánscoile, ach go háirithe, agus bunscoile sa Ghaeltacht. Tá sé seo ag tarlú sa Rinn, mar shampla. Tagann daoine ó Bhaile Átha Cliath chun freastal ar na meánscoileanna sna Gaeltachtaí sin agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn na daoine seo fite fuaite leis an bpobal áitiúil. Tá mé ag iarraidh go gceanglófar le chéile pobal na Galltachta agus pobal na Gaeltachta. Is mar a chéile muid - we are two sides of the one coin.

Ba mhaith liom cúpla rud a rá ó thaobh na Gaeltachta de. Níl aon mhaith plean Gaeilge a bheith againn don Ghaeltacht muna bhfuil daoine in ann postanna a fháil sa Ghaeltacht. Tá mise in ann cónaí sa Ghaeltacht. Tá fadhbanna móra le cúrsaí pleanála agus cúrsaí taistil sa Ghaeltacht. Caithfear joined-up thinking ó na Ranna éagsúla a bheith ann. Maidir le cúrsaí oideachais, tá go leor scoileanna a bhí le dúnadh. Níl a fhios agam cén chaoi ina bhfuil siad anois. Molaim go láidir an plean an-mhaith atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Molaim go láidir Foras na Gaeilge freisin, ach tá fadhb mhór ag an bhforas, mar is eol don Aire Stáit. Mar gheall nach bhfuil Rialtas ag teacht le chéile i dTuaisceart Éireann, níl an tacaíocht airgid gur chóir go mbeadh ag an bhforas ag dul chuige. Tá srianta móra ar Fhoras na Gaeilge mar gheall ar sin. Faigheann Údarás na Gaeltachta idir 50% agus 60% den mhéid airgid a fhaigheann IDA Ireland agus Fiontraíocht Éireann chun postanna a chruthú. Nílim, agus níl éinne eile anseo, ag iarraidh go mbeadh dímheas á dhéanamh ar dhaoine díreach má labhraíonn siad an Ghaeilge. Tuigim nach bhfuil sé sin ag teastáil ón Aire Stáit.

Tá mé an-bhuíoch don Aire Stáit gur labhair sé faoin ócáid speisialta a bheidh againn ar an 21 Márta seo chugainn. Tá tacaíocht an tSeanaid agus tacaíocht an Aire Stáit faighte agam don lá speisialta sin. Tá sé i gceist go dtiocfaimid uilig le chéile sa Seanad chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Beidh aoichainteoir ag teacht isteach. Tá roinnt moltaí agam don Aire Stáit ó thaobh polasaithe an Rialtais ag dul ar aghaidh. Ba bhreá liom casadh leis roimh ré agus labhairt leis faoi na moltaí sin. Beidh mé ag lorg tacaíocht na Seanadóirí ar fad, le cúnamh Dé, ionas go mbeimid le chéile ar aon lá amháin. Is rud deimhneach, seachas rud polaitiúil, é seo. Tá súil agam go mbeimid in ann bunábhar phlean Seanad Éireann ó thaobh forbairt na Gaeilge de a aontú le tacaíocht an Aire Stáit.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá sé i gcónaí fíor-álainn Gaeilge Thír Chonaill a chluinstin sa Teach seo. Deireann a lán daoine gurb í an Ghaeilge is binne nó is deise in Éirinn, ach is doiléir an fíor é sin i ndiaidh óráid an tSeanadóra Uí Chéidigh.

Cosúil leis an Seanadóir Ó Céidigh, a luaigh an fáinne óir, caithim an fáinne sin beagnach gach lá taobh istigh agus taobh amuigh den Teach seo. Mar a luaigh an Seanadóir agus cainteoirí eile, tá ról lárnach ag an teanga inár saol. Ar mo chéad lá sa Teach seo agus ar mo chéad lá i Halla na Cathrach i mBéal Feirste, chaith mé sean-heirloom ársa atá againn sa chlann. B'fhéidir nach bhfuil sé ró-luachmhar ó thaobh airgid de, ach léiríonn sé an stair, an saibhreas agus an oidhreacht a bhaineann leis an Ghaeilge. Sna 1940í, bhí mo sheanathair, Séamus Mac an Bheatha, imtheorannaithe ar an long phríosúin Al Rawdah. He was interned on the Al Rawdah. Tháinig na cimí le chéile chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a mhúineadh dá chéile.Nuair a bhain siad leibhéal proifisiúnta amach, agus iad imtheorannaithe, rinne siad fáinní as na píopaí copair a bhí ar an long. Ní raibh ór ar bith acu ar an Al Rawdahna laethanta sin. Nuair a tháinig siad amach agus scaoileadh saor iad, chuaigh siad uilig go dtí seódóir agus chuir siad an copar seo in ór. Sin rud a chaithim. B'fhéidir go gcaithfidh mé an fáinne sin an tseachtain seo chugainn agus ar an lá atá an Seanadóir Ó Céidigh ag moladh dúinn chomh maith.

Déarfaidh mé cúpla rud níos dáiríre agus an tAire Stáit linn. Dar ndóigh, cuirim fáilte roimh Bliain na Gaeilge mar chreidim go mór i luach agus i dtábhacht ár dteanga náisiúnta. Is mór an trua é nár thug an Rialtas maoiniú sa bhreis leis an bhliain speisialta seo a chomóradh. Tháinig an mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus bhí ar an bhforas airgead a bhaint ó tionscadail eile dá bharr sin. Ar an drochuair, léiríonn sé seo an cur chuige atá ag an Rialtas ó thaobh na Gaeilge de: béal ghrá agus cur i gcéill cuid mhaith den am. Bíonn an Rialtas ag maíomh go bhfuil an-chuid á dhéanamh aige ach ag an am céanna bíonn sé ag gearradh siar ar sheirbhísí do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge. Cuir i gcás an bád farantóireachta a bhfuaireamar ar Thoraí: seanbhád míchuí agus cuma caite air le freastal ar phobal beo Gaeltachta. Seo siombal eile oiriúnach don tslí ina mbíonn an Rialtas ag déileáil le riachtanais mhuintir na Gaeltachta.

Is maith an rud é an Ghaeilge agus na tréan-iarrachtaí atá an-chuid daoine ag déanamh a mholadh. Ní dóigh liom féin, áfach, go dtuigeann roinnt bhaill an Rialtas an práinn atá i gceist leis an Ghaeilge agus, go háirithe, leis an Ghaeltacht. Muna bhfuilimid ionraic faoin fhadhb, ní bheidh mé in ann dul i ngleic léithi. Aithním agus deirim anseo go creidim go dian go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh a fhíordhíchill chun dul i ngleic ar a chomhghleacaithe san Rialtas.

Creidim go bhfuil ardmholadh tuillte ag Conradh na Gaeilge agus, b'fhéidir níos tábhachtaí arís, ag na grúpaí agus eagraíochtaí uilig atá ag glacadh páirt i Seachtain na Gaeilge agus i mBliain na Gaeilge. Tá siad ag iarraidh a bheith gníomhach agus bríomhar ó thaobh úsáid agus feiceálachas na Gaeilge ar fud fad na tíre. Tá sé tábhachtach a rá gur imeachtaí uileÉireann agus domhanda iad Seachtain na Gaeilge agus Bliain na Gaeilge. Mar gheall ar na meáin sóisialta, címid Pop-up Gaeltachtaí ar fud na cruinne. Tá siad ann ó Hong Cong go Nua Eabhrac go Béal Feirste go Luimneach. Tá siad in achan áit, agus rudaí thar a bheith dearfach agus maith iad.

Aontaím leis an Seanadóir Ó Céidigh agus tuigim an méid a bhí sé ag rá maidir leis na srianta atá ar Fhoras na Gaeilge ó Thuaidh. B'fhéidir ceann de na srianta is mó atá curtha ar an fhoras ó Thuaidh ná gur fhaigheann sé i bhfad níos lú airgid ná mar a fhaigheann sé ó Dheas. An srian is mó atá orainn ar fad sna Sé Chontae ná nach bhfuil reachtaíocht fiúntach aonarach i bhfoirm Acht Gaeilge againn. Níl sé sin curtha i bhfeidhm. Ba mhaith liom mo mholadh a thabhairt don Rialtas ó thaobh an tseasaimh a bhí aige maidir leis an Acht. Aontaíonn an Rialtas gur cheart go mbeadh Acht féin-seasmhach atá bunaithe ar chearta curtha i bhfeidhm ó Thuaidh. Bhí sé deas focail an Aire Stáit i dtaobh an ábhar sin a chluinsint arís inniu.

Tá gá go gcuirfeadh an Rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm ionas go mbeadh an Stát in ann freastal ar dhualgais mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeltachta chomh maith. Is gá go mbunófar cultúrlann i mBaile Átha Cliath. Tá sé do-chreidte nach bhfuil ceann againn cheana féin, áit do lucht labhartha na Gaeilge inár bpríomhchathair.

Bhí Comhchoisteum Feidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta ar cuairt thart ar cheathrú Gaeltachta Bhéal Feirste ar na mallaibh agus baineadh geit as roinnt mhaith acu. Chuir sé iontas orthu an Ghaeilge a fheiceáil chomh beo bríomhar i gcomhthéacs uirbeach i gcroílar iarthar Bhéal Feirste. Is é i gceist leis an cultúrlann na tionscadal a bhfuil tacaíocht aige ón chomhairle cathrach i mBéal Feirste. Scríobh mé chuig an Aire Stáit ar na mallaibh chun cuireadh a thabhairt dó teacht ar cuairt é féin le hamharc ar an cheathrú Gaeltachta agus b'fhéidir cúpla ceacht a fhoghlaim agus an deachleachtas a fheiceáil curtha i bhfeidhm ansin idir na grúpaí pobail, cultúrtha, spóirt, na gnóanna príobháideacha agus na tionscail gnó uilig atá ag titim amach sa cheathrú Gaeltachta. Tugaim an cuireadh sin don Aire Stáit arís.

Bhí manna ag ceannródaithe na seanfhondúirí Ghaeltachta Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste a cuireadh ar bun go mall sna 1950idí agus go luath sna 1960idí: Ná habair é, déan é. Sin an moladh a dtabharfainn do dhaoine san Oireachtas ó thaobh labhairt na Gaeilge agus an moladh a dtabharfainn don Aire Stáit agus don Rialtas maidir leis an Ghaeilge: Ná habair é, déan é.

Photo of Maura HopkinsMaura Hopkins (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte mhór a chuir roimh an Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh, chuig an Seanad inniu. Ba mhaith liom chomh maith buíochas a ghabháil leis as an tiomantas atá aige chun ár dteanga dúchais a spreagadh agus gúim gach rath air ina ról mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge agus as an nGaeltacht. ls iontach an rud é go bhfuil muid anseo inniu chun Seachtain na Gaeilge a chéiliúradh, imeacht iontach ar ár bfhéilire cultúrtha bhliaintúil.

Is bliain tábhachtach é Seachtain na Gaeilge 2018 mar tugadh an t-ainm Bliain na Gaeilge air. Bliain iomhán é ag céiliúradh an Ghaeilge mar teanga. Tuigim go bhfuil meitheal mór oibre déanta ag an Roinn, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaelige, Conradh na Gaelige agus eagraíochtaí éagsúla eile chun bliain rathúil a dhéanamh. ls tionscnamh iontach an t-aimniú Bhlain na Gaeilge chun a thaispeáint go bhfuil teanga bheo bhríomhar againn agus ní hamháin i bpobail éagsúla ar fud na tíre ach ar fud an domhain chomh maith.

Táimid ar an eolas, áfach, go bhfuil dúshláin dáiríre fós ann don teanga. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Céidigh agus an Seanadóir Ardagh, tá an-chuid daoine nach bhfuil an caighdeán céanna Gaelige acu agus mar a bhí. Tá an stráitéis 20 bliain ag déanamh dul chun cinn chun úsáid na teanga a ardú trasna an tíre. Tugann Seachtain na Gaeilge seans iontach do dhaoine glacadh leis an teanga agus cibé focail Gaeilge a bhfuil acu a úsáid chomh minic agus gur féldir leo. Ba chóir go mbeadh daoine ar a suaimhneas agus iad ag caint as Gaeilge, gan faitíos a bheith orthu go ndéanfadh siad botúin.

Tá Seachtain na Gaelige ag brath go trom ar teacht le chéile de heagraíochtaí éagsúla deonacha agus ar dhíograis áitiúil. Cuireann sé seo leis an rath a bhí leis roimhe seo agus cuirfidh sé leis sna blianta atá romhainn. Beidh clár iontach ar siúI le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Chomh maith leis na himeachtaí bliantúil atá ar siúl, tá suim agam i Rith 2018. Is tionscnamh mór é seo chun suim a chruthú sa teanga trí acIaíocht. Is modh iontach é chun an Ghaeilge a spreagadh agus ag an am céanna chun daoine a spreagadh le maireachtáil go sláintiúil. Tá súil agam go Ieathnófar é seo amach anseo.

Go háitiúil i Ros Comáin agus i nGaillimh beidh imeachtaí éagsúIa ar siúl le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Go háirithe, beidh imeachtaí ar siúl sna leabharlanna do dhaoine óga. Molaim do gach duine páirt a ghlacadh sna himeachtaí i rith Seachtain na Gaeilge i mbliana. Tá an clár go léir ar fáil ar an suíomh Idirlín agus is seans iontach dúinn chun athcheangailt a dhéanamh leis ár dteanga náisiúnta agus chun a bheith páirteach.

Gabhaim buíochas arís leis an Aire Stáit, an Teachta McHugh, as a bheith i Iáthair anseo inniu, agus guím gach rath air ina ról mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge.

Photo of Aodhán Ó RíordáinAodhán Ó Ríordáin (Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire Stáit as a bheith linn inniu chun an ábhar tábhachtach seo a phlé. Cuireann sé ladhar orm go minic agus mé ag éisteacht le polaiteoirí ag caint faoi chúrsaí Gaeilge agus ag iarraidh pointí polaitiúla a scóráil in ionad b'fhéidir todhchaí na Gaeilge a phlé go praiticiúil agus go réalaíoch. Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit maidir leis an dualgas atá ar phobal na tíre an Ghaeilge a chur cinn. Ní bhaineann sé sin le cúrsaí polaitiúla.Baineann sé le muintir le hÉireann mar is le muintir na hÉireann an teanga. Tá todchaí na teanga ag brath go príomhá ar an bpobal. Tá a fhios agam go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith an teanga. Tá orainn timpeallacht a chruthú ina mbraitheann daoine muiníneach agus compórdach as a gcuid Gaeilge a úsáid. Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Aire Stáit faoin méid sin.

Caithfimid a bheith macánta faoi stádas na Gaeilge sa tír seo. Tá an-chuid pháistí amuigh ansin i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile ar fud na tíre a bhfuil dearg-ghráin acu ar an nGaeilge. Is fuath leo an teanga agus an t-ábhar. Theip orainn mar Stát ó thaobh múineadh na teanga de. Cén fáth a bhfuil an méid sin páistí amuigh ansin atá tar éis 14 bliana a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge agus nach bhfuil in ann dhá fhocal a chur le chéile? Cén fáth a bhfuil an méid sin daoine amuigh ansin a bhfuil an ardteistiméireacht déanta acu agus fós nach bhfuil siad compórdach a gcuid Gaeilge a úsáid ar chor ar bith? Cén fáth a bhfuil an méid sin páistí ag dul ar aghaidh go dtí an dara leibhéal gan móran Gaeilge acu? Táimid ag múineadh an Gaeilge ar feadh uair a chloig gach aon lá do gach páiste idir ceithre bliana agus 13 bliana d'aois ar a laghad agus fós níl caighdeán ard Gaeilge acu.

Bhí mise díreach mar an gcéanna nuair a bhí mé níos óige. D'fhreastal mé ar ghnáth-bhunscoil i Mullach Íde. Bhí an Ghaeilge mar ábhar ann agus ní raibh mórán spéise agam inti. B'fhéidir go raibh an locht ar an modh múinte nó b'fhéidir go raibh sé ormsa mar dhalta ach, chun an fhírinne a rá, ní raibh spéis dá laghad agam féin ná ag aon duine eile a raibh in éineacht liom sa rang i gcúrsaí Gaeilge. B'é an fáth gur athraigh an meon a bhí agam ó thaobh na Gaeilge de ná gur fhreastal mé ar Ghaelscoil ar feadh bliana nuair a bhí mé ró-óg le dul ar aghaidh go dtí an dara leibhéal. Is é sin an t-aon fáth amháin go bhfuil Gaeilge agam anois.

Ní dóigh liom gur rud conspóideach é seo a rá, ach i mo thuairim theip orainn an Ghaeilge a mhúineadh dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas. Caithfimid rud éicint a dhéanamh faoi sin. Ní féidir teanga a fhoghlaim ó leabhar. Ní féidir. Ní féidir teanga ar bith a fhoghlaim ó leabhar. Caithfidh an teanga a bheith ann mar teanga labhartha. B'fhéidir gur chóir dúinn é seo a phlé níos mó, ach tá sé thar am dúinn mar pholaiteoirí teacht le chéile, breathnú ar an gcóras oideachais atá againn ag bunleibhéal, agus a rá gur chóir dúinn bliain faoi leith a mhúineadh go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Is é sin ná Gaelscoil a dhéanamh de gach aon scoil in Éirinn ar feadh bliana. Tá an méid sin ama caite againn ag múineadh na Gaeilge i ngach aon bhunscoil in Éirinn agus níl ag éirí linn, so b'fhéidir gur chóir dúinn rud éicint i bhfad níos réabhlóidí a dhéanamh.

B'fhéidir, mar shampla, gur chóir dúinn gach aon ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge sa tríú rang i ngach aon bhunscoil in Éirinn. Rachadh na páistí ar aghaidh go dtí an ceathrú, cúigiú agus séú rang agus beidh Gaeilge acu go nadúrtha mar teanga labhartha. B'fhéidir gur chóir dúinn freisin scéim a chur le chéile chun daltaí san idirbhliain sna meánscoileanna a chur chun na Gaeltachta ar feadh coicíse.

Tá a fhios agam go bhfuil mé ag cur béime ar dhaltaí sa Ghalltacht, mar a tugtar air, agus tá an-chuid rudaí ar siúl ag an Aire Stáit ó thaobh fhorbairt na nGaeltachtaí de. Bíonn sé ag caint faoi fhostaíocht, tithíocht agus chúrsaí eacnamaíochta, agus tá na rudaí sin thar a bheith tábhachtach chomh maith. Ag an am céanna, sílim go ndeireann daoine na rudaí céanna arís agus arís eile i ndíospóireachtaí ar nós na díospóireachta seo agus faighimid na torthaí céanna arís agus arís eile. Ní dóigh liom go bhfuil sé maith a dhóthain do pholaiteoirí teacht isteach anseo agus a bheith ag cáineadh Fhine Gael, Fianna Fáil, an Rialtas seo ná an Rialtas a bhí ann cheana. Tá sé sin leadránach agus ní chuireann sé leis an ndíospóireacht. Is fadhb í seo a bhaineann leis an dearcadh atá ag mórphobal na tíre. Cinnte, baineann sé le cúrsaí polaitíochta, infheistíochta, airgid agus chuile shórt, ach is é an meon atá againn ar an teanga mar shochaí an rud is tábhachtaí.

Tá fás mór millteach tagtha ar an méid Gaelscoileanna atá ann ar fud na tíre le 20 bliain anuas. Tá sé sin thar cionn ach, ag breathnú ar an scoilt sin, ní dóigh liom go bhfuil sé maith a dhóthain go bhfuil páistí ann sa tír seo a bhfuil Gaeilge acu agus páistí nach bhfuil Gaeilge acu agus a bheith breá sásta faoi sin. Is fíor go bhfuil mé ag díriú isteach ar an gcóras oideachais ach sin an áit gur féidir linn an méid is mó agus an difríocht is mó a dhéanamh. Tá baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina rud meánaicmeach dóibh siúd a bhfuil airgead acu chun dul go dtí an Ghaeltacht, chun a gcuid páistí a chur chuige, agus chun ranganna breise a fháil dóibh siúd a bhfuil ag iarraidh Gaeilge a dhéanamh ar ardleibhéal san ardteistiméireacht. Tá an baol sin ann.

Tá a fhios agam féin ó mo thaithí sa scoil ina raibh mé mar phríomhoide agus ó mo thaithí mar mhúinteoir i scoil a bhí faoi mhíbhuntáiste, scoil bhocht, nár ceapadh go raibh an Ghaeilge tábhachtach dúinn. Ní raibh cumas labhartha ná léitheoireachta Béarla maith a dhóthain ag na daltaí. Bhí an méid sin deacrachtaí againn i lár chathrach Bhaile Átha Cliath leis na trioblóidí sóisialta éagsúla nach raibh cur chun cinn na Gaeilge mar phríomhaidhm na scoile. B'fhéidir nach raibh an ceart againn. Sin an fáth a cheapaim nár chóir é sin a dhéanamh a thuilleadh agus gur chóir go mbeidh sé mar chuspóir ag gach aon scoil in Éirinn cainteoirí flúirseacha líofa a chur go dtí an dara leibhéal. B'fhéidir gur chóir dúinn, in ionad na pointí polaitiúla sin a scóráil ar a chéile, teacht le chéile agus breathnú ar an gcóras oideachais atá againn. Cosnódh sé airgid agus bheadh orainn múinteoirí a thraenáil agus chuile shórt. Ní bheadh sé sin éasca. B'fhéidir gur chóir dúinn plean cúig bliana a chur le chéile chun an rud a chur i gcrích. Ag an am céanna, dá mbeadh gach aon rang agus ábhar múinte trí Ghaeilge i ngach aon bhunscoil in Éirinn ar feadh bliana, samhlaigh an caighdeán Gaeilge a bheadh ag na páiste ag deireadh na bliana sin.

Photo of Fintan WarfieldFintan Warfield (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is maith an rud é go bhfuil Bliain na Gaeilge againn le h-aitheantas a thabhairt do thábhacht na Gaeilge mar sheoid cultúrtha atá beo, bríomhar agus mar chuid lárnach de phobal na Gaeltachta. Ní féidir, mar sin féin, an Ghaeilge a cheiliúradh gan dianscrúdú a dhéanamh ar na nithe gur gá dúinn a dhéanamh chun í a chosaint. Tá líon na gcainteoirí laethúla ag titim go tapaidh. Tá 11% níos lú cainteoirí laethúla againn sna ceantair Gaeltachta de réir an daonáireamh is déanaí. Is ábhar mór imní é seo, mar gan Ghaeltacht agus tobar beo na Gaeilge, beidh an teanga féin go mór i mbaol.

Leis an nGaeilge a threisiú, is gá don Rialtas díriú isteach ar bhealaí difriúla chun an aidhm sin a bhaint amach. Is fiú go mór breis maoiniú a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta gan amhras, ach is gá infheistíocht a dhéanamh sa chóras oideachais fosta - sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht araon. Tá gá le cultúrlann a bhunú i mBaile Átha Cliath. Tá sé dochreidte nach bhfuil ceann againn cheana féin. Is áit é a fhreastalóidh ar lucht labhartha na Gaeilge inár bpríomhchathair.Tá cultúrlann ann do lucht na Fraince, na Gearmáine agus na Spáinne, ach níl cultúrlann ann do na Gaeil. Is gá don Rialtas meas a léiriú dár dteanga agus do phobal na Gaeltachta. Ní hionann meas agus béalghrá. Ní hionann teanga a shábháil agus rudaí deasa a rá fúithi. Táimid ar fad ar aon fhocal maidir le luach na Gaeilge. Tá sé in am don Rialtas beart a dhéanamh de réir a bhriathar. Tá sé in am dúinn uilig treabhadh le chéile le cinntiú go slánófar an Ghaeilge.

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit go dtí an Teach seo. Creidim go bhfuil sé dáiríre, gníomhach agus éifeachtach sa ról atá aige. Thug sé dea-shampla dúinn nuair a chuaigh sé ar ais chun a chuid Gaeilge a athfhoghlaim. Rinne sé sár-jab leis sin. Tugann an dea-shampla sin dúshlán dúinn go léir an rud céanna a dhéanamh. Ba chóir dúinn go léir ár ndícheall a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt sa Teach seo, agus i dTeach Laighin i gcoitinne, leo siúd atá sásta í a labhairt linn. Ba chóir dúinn a rá ar an gcéad dul síos gur fiú an Ghaeilge a labhairt agus a fhoghlaim. Tá ár n-oidhreacht agus ár ndúthracht ceangailte leis an nGaeilge. Is eochair é an teanga do bhéaloideas, litríocht, ceol, rince agus drámaíocht na tíre seo. Ba chóir í a úsáid agus a fhoghlaim. Is iontach an rud é go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl, agus ba chóir go mbeadh.

Tréaslaím leis an jab iontach atá ar siúl ag eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge. Tá an-mheas pearsanta agam ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Sílim go ndéanann an eagraíocht sin jab speisialta chun ceol agus rince na tíre seo a choimeád beo. Ba chóir gur chúis bhróid atá ann dúinn go bhfuil iarSheanadóir, Labhrás Ó Murchú, mar ardstiúrthóir ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá an-mheas agam ar an obair a dhéanann lucht an chomhaltais.

Is maith an rud é go bhfuil na Gaelscoileanna ag dul ar aghaidh go maith agus ag méadú, go háirithe sna cathracha agus sna bailte móra. Ag an am céanna, is cúis díomá agus cúis bhróin é dúinn go léir go bhfuil cineál meath ag teacht ar an nGaeilge sna Gaeltachtaí. Tá ísliú agus laghdú ag teacht ar líon na gcainteoirí líofa sa Ghaeltacht. Molaim don Aire forbairt agus fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht chun é sin a athrú. Ba cheart iarracht mhór a dhéanamh sa Ghaeltacht chun na daoine a choimeád ann agus an Ghaeilge a choimeád beo ann.

Aontaím leis an mhéid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Ríordáin mar gheall ar mhodhanna múinte. Ós rud é go bhfuil daoine ag fágáil na scoile gan Gaeilge líofa, is léir go bhfuil rud éigin cearr inár modhanna múinte ag an bomaite. Ba chóir dúinn níos mó béime a chur ar an teanga labhartha. Go háirithe, ba chóir dúinn béim a chur ar dhaltaí a mhealladh go dtí an Ghaeltacht ar feadh an tsamhraidh. Tá mé an-chinnte gurb é sin an rud is fearr gur féidir linn a dhéanamh. Nuair a chuaigh mo chlann go dtí an Ghaeltacht, mo mhac ina measc, chabhraigh sé go mór mór leo. Fuair siad grá dár gcultúr sa Ghaeltacht. Chuaigh mé féin ann nuair a bhí mé óg agus bhí sé go hiontach. Molaim don Aire Stáit níos mó a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit dáiríre faoin gceist seo, ach caithfear níos mó a dhéanamh chun na mic léinn a mhealladh. Ba cheart dúinn cabhair a thabhairt dóibh, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil chomh saibhir, b'fhéidir. Sílim gurb é seo an eochair is tábhachtaí agus molaim don Aire Stáit é. Ba mhaith liom é a chloisteáil ar an gceist seo.

Tá mé lán i bhfábhar na comharthaí bóthair a chur suas as Gaeilge ar fud na tíre. Ba chóir é sin a dhéanamh go tapaidh leis na logainmneacha a choimeád beo. Tá a fhios agam go bhfuil sé leagtha amach ag an Aire Stáit ina ráiteas go bhfuil sé an-chinnte agus an-dáiríre faoin ábhar seo. Sílim gur fiú é seo a dhéanamh. Tá sé iontach tábhachtach freisin go mbeadh seans ag daoine a gcuid gnó a dhéanamh leis an Státsheirbhís agus leis na comhairlí contae, srl., trí mheán na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh dóthain Státsheirbhísigh ar fáil chun dul i dteagmháil le daoine i nGaeilge agus an deis seo a thabhairt don phobal. Tá a fhios agam go bhfuil sé seo sa straitéis. Ba chóir dúinn é seo a dhéanamh chomh maith leis na comharthaí. Mar fhocal scoir, sílim go bhfuil athrú ag teastáil ní hamháin i dtaobh na modhanna múinte ach freisin i dtaobh líon na ndaoine a théann go dtí an Ghaeltacht.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan beagnach tagtha, guím gach rath ní hamháin ar mhná na hÉireann ach freisin ar mhná Gaelach na hÉireann ag an am seo. Tá áthas orm go bhfuil deis againn uilig labhairt ar an ábhar seo i gcomhthéacs Seachtain na Gaeilge. Mar Ghaillmheach, tá spéis faoi leith agam i dtodhchaí na Gaeilge mar theanga Eorpach agus mar theanga phobail. Ba cheart dúinn an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn poiblí agus i ngach réimse de shaol na tíre seo.

De réir gach tuairisc, tá meath fós ag teacht ar an nGaeilge mar theanga phobail sna Gaeltachtaí ina bhfuil formhór na gcainteoirí dúchasacha ag cur fúthu. Níos práinní arís, níl an Státchóras ag cabhrú leis an scéal. Tá brón orm a rá gur chosúil nach bhfuil mórán tionchar le feiceáil de thairbhe Acht na Gaeltachta 2012. Nach mór deich mbliana ó shin, fógraíodh sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go ndéanfaí forbairt ar chearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát. Bhí sé mar sprioc sa straitéis 2010-30 go ndéanfaí líon na ndaoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a ardú. Le bheith macánta faoi, is beag an dul chun cinn atá déanta i leith na gceisteanna sin ó shin. Is léir do chách go bhfuil meath suntasach tagtha ar an nGaeilge laistigh den Státchóras le 20 bliain anuas. Caithfear an fhadhb mhór seo a réiteach go práinneach. Mura dtugtar aghaidh ar an bhfírinne seo ar shlí oscailte agus macánta, leanfaidh creimeadh na Gaeilge ní hamháin sa Ghaeltacht, ach lasmuigh de chomh maith.

Ba mhaith liom tacú leis na héilimh phraiticiúla indéanta atá curtha chun cinn ag cainteoirí Gaeilge agus ag na heagrais Gaeilge le blianta anuas. Caithfear gníomhú láithreach maidir leis na trí rudaí is tábhachtaí: na fadhbanna a bhaineann leis na scéimeanna teanga, cúrsaí earcaíochta sa Státseirbhís agus dualgais an Stáit maidir le seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. I mo thuairim, an áit a dtéann an earnáil phoiblí, is ansin a rachaidh an earnáil phríobháideach agus neamhspleách. Mura gcinntítear go bhfuil íosmhéid foirne le Gaeilge i ngach eagraíocht Stáit a chuireann seirbhís ar fáil don phobal, agus mura méadaítear ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa Státchóras, beidh an chosmhuintir amhrasach nach bhfuil ach cur i gcéill i gceist ag an Stát maidir le cearta lucht labhartha na Gaeilge agus cainteoirí mionteangacha eile i gcoitinne.Cuimhnímís go labhraítear os cionn 100 teanga ar bhonn laethúil in Éirinn ilteangach ár linne agus an Ghaeilge san áireamh dar ndóigh.

Go bunúsach, caithfidh cúrsaí earcaíochta sa Ghaeltacht agus lasmuigh de a bheith ag freagairt do na pleananna cuimsithe do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chur na saineolaí éagsúla chun cinn le tamall de bhlianta anuas. Ní dhéanfar seo gan na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge a leagan síos trí chóras rialacháin ar na heagraíochtaí sin is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, go háirithe iad siúd a fheidhmíonn sna Gaeltachtaí. Ní féidir teanga a choinneáil beo beathach ar chomhaid Stáit agus ar thuairiscí bladhmannacha neamhréalaíocha. Díol suntais é go bhfuil todhchaí na Gaeilge i mbéal an phobail agus ina cnámh spairne ó Thuaidh fiú agus an Ghaeilge ag an am céanna ag creimeadh ó Dheas. Is ait an mac an tsaoil, mar a deir an seanfhocal.

Ag caint ar an Tuaisceart agus ar ár gcomharsain sa Bhreatain agus san Eoraip, le déanaí bhí sé de phribhléid agam féin labhairt faoin nGaeilge is faoin Ultaise san Eoraip ar an mallaibh i Strasbourg, san Fhrainc, ag an gcéiliúradh 20 bliain den European Charter for Regional or Minority Languages, mar a thugtar as Béarla air. Ar an ócáid céanna, chuir mé ina luí ar chomhghleacaithe san Eoraip agus muintir na Breataine, ar shínitheoirí den ráiteas céanna iad, gur ar scáth a chéile a mhaireann na ndaoine agus go ndéanfaimid ár ndícheall le chéile chun todhchaí na Gaeilge mar theanga Eorpaigh ar bhonn phoiblí agus i ngach réimse de shaol na tíre seo a threisiú is a chinntiú.

Is iad seo mo fhocail deireannach. Agus deich mbliana na gcuimhneachán á gcéiliúradh ag Stát seo na hÉireann, tá sé thar am go dtabharfaimid gach tacaíocht ar féidir linn ar bhonn sóisialta, teangeolaíoch, agus eacnamaíche don theanga dúchais is sine san Eoraip.

Photo of Rose Conway WalshRose Conway Walsh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Níl ach beagán Gaeilge agam ach tá cónaí orm sa Ghaeltacht agus tá sé tábhachtach dom go mairfidh an Ghaeltacht. Táim ag iarraidh go mbeadh fostaíocht agus seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht ionas go mbeidh daoine in ann fanacht ann. Tá daoine ag iarraidh a bheith ag obair sa bhaile ach ní féidir leo mar níl aon seirbhís leathanbhanda ann. Caithfidh an Rialtas níos mó airgid a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta. Gan daoine ina gcónaí agus ag obair sa Ghaeltacht, ní bheidh Gaeltacht ann agus níl mórán ama againn chun an Ghaeltacht a chosaint. Nílimid ag iarraidh plean eile. Caithfidh an Rialtas an beart a dhéanamh. Tabhair dúinn an t-airgead i gcomhair na mbóthar. Tabhair poist do na daoine óga ann agus cuir seirbhísí bunúsacha ar fáil. Déan na rudaí seo agus feicfimid ansin an bhfuil an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis na Seandóirí fá choinne na moltaí a rinne siad. Le bheith ionraic, moltaí dearfa agus, i gcúpla cás, moltaí úra a bhí ann. Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir Ardagh fá choinne a molta maidir le Aire sinsearach le freagracht as an Ghaeilge a bheith timpeall bhord an Rialtais. Rud dearfach ab ea é nuair a bhí mise timpeall bhord an Rialtais agus achan rud maidir leis an Ghaeilge nó leis an Ghaeltacht á phlé achan seachtain. Bíonn sé níos fearr a bheith ag an mbord. An fáth a bhíonn mise ag an mbord Rialtais ná gur mise an Príomh-Aoire agus ní bhím ag bord an Rialtais mar Aire Stáit le freagracht as an Ghaeltacht cé gur measc den dá rud mise. Chím na buntáistí a bhaineann leis an cheangal sin agus beidh mé ábalta labhairt fá dtaobh de sin amach anseo fosta.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Céidigh faoina mholtaí. Bíonn sé i gcónaí ag smaoineamh ar an teanga agus ní do sheachtain amháin nó ócáid amháin. Ní hé sin atá i gceist leis. Mar atá a fhios aige óna bheith ag siúl timpeall an fhoirgnimh seo, bíonn na ushers agus na lads sa beáir ag déanamh fíor-iarracht an teanga a labhairt. Mar shampla, inniu bhí sé nóiméad agam don lón idir Ord an Ghnó sa Dáil agus teacht anseo agus bhí mé ag labhairt le Keith sa bheár. Chuir sé ceist orm faoi chúpla focal mar tá sé ag tabhairt cuidiú dá leanaí. Tá sé sin suimiúil agus dearfa.

Labhair an Seanadóir faoi na coláistí samhraidh fosta. Tá siad san thar a bheith tábhachtach. Beidh deiseanna agus buntáistí ann amach anseo agus beidh an Rialtas ag lorg daoine breise fá choinne an Státseirbhís. Bíonn coláistí samhraidh ar fáil tríd an gheimhreadh fosta. Bíonn cuid mhór foirgnimh folamh tríd an gheimhreadh agus b'fhéidir go mbeidh seans ansin. Labhair an Seanadóir faoin infheistíocht agus faoin struchtúr. Tá cuid mhór de saol stairiúil maidir leis na coláistí samhraidh fosta. Tá Coláiste Uladh i nGort a Choirce i mo chontae féin agus tháinig Roger Casement ann in 1908 agus chuir sé ceithre scór punt ar fáil don fhoirgneamh sin. Fuair siad cuidiú mhór ó trí bhean Preispitéireach ó na Glens of Antrim ag an am sin. Ní raibh polaitíocht ag baint leis an teanga ag an am agus bhí sé sin níos dearfa.

Labhair an Seanadóir faoi cheangal a dhéanamh idir na daoine atá lasmuigh agus laistigh de na Gaeltachtaí ionas go mbeadh siad ag casadh lena chéile. Bheinn sásta éisteacht le haon mholtaí fá dtaobh de sin. Labhair sé fosta faoi Údarás na Gaeltachta. Tá ceart ag an Seanadóir go bhfuil an túdarás faoi bhrú. Tá cuid mhór comhlachtaí ag déanamh teagmháil leis an údarás faoi láthair agus iad ag iarraidh spáis agus foirgnimh úir. Muna bhfuil na foirgnimh ar fáil, beidh siad faoi bhrú.

Tá mise ag lean ar aghaidh le mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Humphreys, anois mar tá breis airgid ag IDA Ireland agus Enterprise Ireland. D'athraigh an polasaí an bhliain a chuaigh thart agus polasaí réigiúnach atá ann anois. Dá mbeadh cuidiú ón údarás i gceantair iargúlta, b'fhéidir go mbeadh sé fite fuaite inár measc ag Údarás na Gaeltachta agus IDA Ireland fosta. Má tá aon smaointe ag an Teach fá dtaobh de sin, tá mé ar fáil. Beidh mé sásta casadh leis an Seanadóir arís i ndiaidh Lá Fhéile Phádraig agus tacaíocht a thabhairt don lá a luaigh sé fosta.

Is féidir liom a rá leis an Seanadóir Ó Donnghaile go raibh mé i mBéal Feirste Dé Luain a chuaigh thart agus tá brón orm nach raibh am agam ag an am sin-----

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An chéad uair eile.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An chéad uair eile. Arís, gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Ní dhéanfaidh mé dearmad fá dtaobh de sin amach anseo.

Chím na hathruithe atá ag dul ar aghaidh timpeall an Tuaiscirt, cibé i dTír Eoghain, i nDoire nó i mBéal Feirste. Gan Rialtas agus gan Acht na Gaeilge, tá an teanga á spregadh agus á bhogadh ar aghaidh fosta. Chím na rudaí nádúrtha fá dtaobh de sin. Bhí seans agam Dé Luain labhairt le daoine i mBéal Feirste a bhí páirteach in ócáid maidir leis an tsláinte agus labhair siad fá dtaobh den teanga, den stair agus rudaí dá leithéid.Bíonn an teanga istigh sa spás polaitiúla ó am go ham agus níl sé sin dearfach don todchaí. Dá mbeadh aon seans againn teacht le chéile taobh amuigh den spás polaitiúl mar gheall ar smaointe fadúda an teanga, bheadh mé sásta bheith páirteach. Bíonn mise agus comhghleacaí an Seanadóra, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, ag obair le chéile ar an Choiste Gnó. Dá mbeadh aon seans nó spás againn chun teacht le chéile taobh amuigh den spás polaitiúla, bheadh sé sin níos fearr don teanga.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na grúpaí bainistíochta sna ceantair Gaeltachta ag iarraidh toscaireacht ó Rialtas na hÉireann chun éisteacht leo agus chun chí nach bhfuil an saol nó an obair s'acu sáite sa saol polaitiúil, cé go bhfuil sé polaitiúil mar gheall ar easpa Achta. Scríobh siad chuig an tAire, an Teachta Coveney, faoi. Tá an cuireadh sin ann agus tá fearadh na fáilte roimh baill den Rialtas teacht ansin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhfaidh mé an teachtaireacht sin.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Beidh mé i dteagmháil leis.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an Seanadóir ag caint faoin obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge agus ag Foras na Gaeilge fosta. Aontaím leis sin. Tá dualgais mhóra orthu leis sin. Dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile, "Ná habair é, déan é." Tá sin níos soiléire. Gabhaim buíochas leis fadúda sin.

Dúirt mo chomhghleacaí ó Ros Comáin, an Seanadóir Hopkins, go bhfuil scéal dearfach ag dul ar aghaidh sa chontae sin fosta. Nuair a bhí mé ag déanamh stocaireachta i Ros Comáin cúpla bliain ó shin, bhí sé infheicthe go raibh daoine ag déanamh fíor-iarracht ar son an teanga. Gabhaim m'aitheantas don education and training board agus eagrais mar sin. Níl easpa iarrachta i gceist ansin. Bhí an Seanadóir ag labhairt fadúda an dúshlán a ghabhann le bheith ag labhairt an teanga gan fhaitíos nó gan eagla. D'fhoghlaim mé focal úr. B'fhéidir gur focal Chonamara é "scéin". An é sin focal faoi choinne "fear" fosta? An ionann é agus "eagla" nó "faitíos"? Sin an áit ina raibh mise in 2014. Roimh 2014 bhí eagla orm maidir le botúin a dhéanamh. Nuair a thosaigh mé ar m'aistear féin, tháinig an fhéinmhuinín a bhí agam sa mheánscoil ar ais. Nuair atá an fhéinmhuinín ag duine, tá sé nó sí ar an bhealach ceart. Ní chóir a bheith buartha fadúda an eagla, an scéin ná an faitíos. Bhí an Seanadóir ag labhairt faoin gcuidiú ar an Idirlíon freisin. Tá mór-chuidiú ar an Idirlíon agus tá cúpla shuíomh, tearma.ieagus focloir.iemar shampla, ann atá maith agus cuidiúil fosta.

Ba é an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin an chéad Sheanadóir eile. Níl sé anseo ach ba mhaith liom teachtaireacht phearsanta chuige a chur ar an taifead fá choinne an chuidithe pearsanta ar thug sé dom nuair a tháinig mé chuig an Roinn. Ba chomhghleacaí liom é ag an am atá ina iar-chomhghleacaí liom anois. Gabhaim buíochas leis fadúda sin. Bhí sé ag caint fadúda an dualgas atá ar phobal na hÉireann. Bhí an ceart aige. Tá dualgas orainn uilig - ar na Seanadóirí, ar na ushers a oibríonn sa Teach, agus ar na daoine uilig timpeall na tíre taobh amuigh den Ghaeltacht agus taobh istigh di - chun an teanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a choimeád beo. Bhí sé ag caint fadúda caighdeáin. Tá caighdeán níos airde de dhíth fá choinne na daoine atá ag iarraidh na postanna breise in Eoraip a bhaint amach nó fá choinne na daoine proifisiúnta. Ach is léir go bhfuil daoine ann sa tír seo atá ag iarraidh an teanga a labhairt agus ní bheadh suim acu fadúda an ghramadach ná rudaí mar sin. Tá dualgas orainn uilig cuidiú a thabhairt do na daoine sin.

Labhair an Seanadóir faoin dteip ollmhór fosta. In 2015, chuir mé tús le díospóireacht agus comhairliúchán cuimsitheach idir an Roinn Oideachas agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta fadúda múinteoirí bunscoile. Táim thar a bheith buíoch as an chuidiú a fuair muidne ón Roinn Oideachais agus Scileanna. I Meán Fómhair i mbliana beimid ag amharc ar an pholasaí oideachais tríd na ceantair Gaeltachta. Tá sé dochreidte go mbeadh an díospóireacht sin de dhíth, ach sa ceantair laige sa Ghaeltacht beidh tumoideachas ag dul ón gcéad bhliain go dtí an dara bliain. Ba mhaith liom aitheantas a ghabháil do na daoine uilig sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá sé an-tábhachtach go dtiocfaidh daoine le chéile. Chuala mé ráitis agus seanfhocal i Mheiriceá ó bhean ó Chonamara a bhfuil aithne ag an Seanadóir uirthi, Máire Concannon. Dúirt sí go gcasann daoine ar a chéile ach nár chasann na sléibhte ná na cnoic ar a chéile. Tá daoine ábalta casadh ar a chéile agus bualadh lena chéile.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Warfield fadúda a mholtaí agus a iarracht. Bhí sé ag caint faoi ionaid Ghaeilge taobh amuigh d'Eoraip. Táim thar a bheith sásta leis an mholadh sa phlean náisiúnta fá choinne ionad Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé dochreidte nach bhfuil a leithéid d'ionad lonnaithe i gcathair Bhaile Átha Cliath faoin am seo ach táim dóchasach go mbeidh dul chun cinn air. Bhí mé ag labhairt leis na leaids ó Chonradh na Gaeilge agus le mo chuid oifigeach faoi. Beimid ag déanamh ár mbealach fadúda sin amach anseo.

Bíonn díospóireachtaí i gcónaí fadúda maoiniú, airgead agus acmhainní. Chím na deacrachtaí fadúda sin. Sé bliana nó seacht mbliana ó shin bhí an Rialtas agus an tír ar an talamh. Táimid ag iarraidh dul go dtí spás dearfach. Ní bheimid ábalta dul go dtí an áit inar mhaith liom a bheith faoi láthair, ach táimid ag amharc ar an phlean deich mbliana. Dá mbeadh moltaí nó tograí ar intinn an Seanadóra fadúda an todchaí, is é sin an am gur ceart na smaointe a chur le chéile agus muid ag iarraidh an bealach is fearr a aimsiú.

Thug mo chomhghleacaí, an Seanadóir Joe O'Reilly, aitheantas do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí sé ag caint fadúda dualgais maidir leis an oidhreacht, an cultúr, agus an teanga. Bhí sé ag caint freisin fadúda an laghdú ar líon na ndaoine le Gaeilge sa Ghaeltacht. Gabhaim mo bhuíochas leis na daoine atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus tugaim aitheantas dóibh. Is iad sin na daoine a choimeádann an teanga beo - na daoine a labhraíonn an Ghaeilge achan lá. Tógadh iad le Gaeilge agus labhraíonn siad í achan lá. Ní labhraíonn siad í i rith Sheachtain na Gaeilge amháin agus sin an spás ina mbeidh muid ábalta dul ag smaoineamh faoin nGaeilge agus í a chur chun cinn. Níl sé i gceist d'achan duine sa tír é sin a dhéanamh, cé go bhfuil sí i gcroí achan duine, ach dóibh siúd a dhéanann a ndícheall. Is cuma má tá duine ina chonaí i Maigh Eo, in Átha Cliath, i nGaillimh nó i nDún na nGall, is é sin an dúshlán is mó.

Dúirt an Teachta Éamon Ó Cuív roimh na Nollag seanfhocal nár chuala mé roimhe; ná déan nós agus ná bris nós. Do not make a habit and do not break a habit. B'fhéidir gur bhris mise agus muidne an nós gan an Ghaeilge a labhairt i ndiadh na hardteistiméireachta. Tá sé sin thar a bheith suimiúil.

Bhí an Seanadóir O'Reilly ag caint faoi dhaoine gan airgead nach bhfuil in ann dul go dtí na campaí samhraidh nó na coláistí samhraidh. Sin dúshlán mór agus bhí mé ag caint fadúda sin thar na mblianta. B'fhéidir go mbeadh smaoineamh maith againn fadúda sin fosta. Bhí an Seanadóir O'Reilly agus an Seanadóir Mullen ag caint faoin Státseirbhís freisin. Sa Bhille teanga úr, beimid ag amharc ar líon na daoine le Gaeilge a earcaítear a mhéadú go dtí 20% den iomlán. Sin an bhealach is fearr chun seirbhís a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge. Tá sin níos fearr fosta. Beidh sé sin i gceist istigh sna Gaeltachtaí agus sa Státchóras fosta.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh spriocdháta ann mar gheall ar an bpolasaí sin? Tá Conradh na Gaeilge ag lorg go mbeidh spriocdáta leis an aidhm sin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an Bille teanga ar an chlár roimh an samradh. Beidh muid ag foilsiú an Bille seo le gairid. Táim dóchasach faoi sin. Bhí an Seanadóir Mullen ag caint faoin teanga in Eoraip fosta.Tháinig an aitheantas i 2007 maidir leis an aitheantas sin. Beidh suas le 180 postanna ar fáil i 2021 nuair a bheidh an maolú thart maidir leis an rud sin. Tá deiseanna ollmhór leis sin. Tá cuid mhór ag dul ar aghaidh do cheantar na Gaillimhe, mar shampla Gnó le Gaeilge i cheantar na Gaillimhe agus i 2015 thug me aitheantas fhoirmiúil chuig na bailte seirbhíse mar shampla, cathair na Gaillimhe, Daingean Uí Chúis, Leitir Ceanainn agus sin an áit a bheidh reachtaíocht fhoirmiúil ar son an teanga fosta agus da mbéadh aon foirgneamh nó áiseanna de dhíth ar son an teanga, beidh an reachtaíocht sin tábhachtach. Bhítú ag labhairt faoin earcaíocht agus dúirt tú fosta ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. We do live in each other's shadows agus is sin an teachtaireacht is mó a chuala mé an chéad am a tháinig mé sa phost, an teanga is sine in Eoraip suas le trí míle bliana agus tá an dualgas orainn uilig maidir leis sin a choimeád.

Tá mé an-dearfach faoin todhcaí, tá na daoine ag labhairt Gaeilge, na daoine gan Gaeilge, cúpla focail, na daoine le Gaeilge briste agus na daoine le Gaeilge lag nó Gaeilge láidir. Tá an dualgas arís orainn uilig agus dá mbéadh aon cuidiú ar fáil sa Seanad nó ag obair le chéile taobh amuigh de chúrsaí polaitíochta, beidh mé sásta é sin a dhéanamh. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo buíochas a ghabháil chuig na Seanadóirí don cuireadh arís inniu go dtí an teach is fearr.

Photo of Gerry HorkanGerry Horkan (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar son an Seanad ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire as ucht páirt a ghlacadh san díospóireacht inniu faoin ábhar tábhachtach seo. Is sin deireadh na díospóireachta.

Sitting suspended at 2.02 p.m. and resumed at 2.30 p.m.