Dáil debates

Wednesday, 27 May 2026

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh

 

10:05 am

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá baint ag leasuithe Uimh. 1, 2, 27 agus 32 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 1:

Ar leathanach 7, líne 11, “agus” a scriosadh agus “do leasú an Achta Rialtais Áitiúil, 2001; agus” a chur ina ionad.

Is leasú teicniúil é leasú Uimh. 1 atá á mholadh agam mar aon le leasú Uimh. 32, rud a leasóidh an tAcht Rialtais Áitiúil tríd an mBille seo freisin. Ní mór é seo a léiriú ag tús an Bhille, áit a leagtar amach cuspóir an Bhille. Deimhníonn an leasú sin mar atá leagtha amach i leasú Uimh. 32 gur aidhm de chuid an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta í an aidhm maidir le logainm a athrú a bhaineann le háit i limistéar Gaeltachta. I leasú Uimh. 32, sonraítear ach deimhnítear gurb é an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta an tAire atá freagrach as logainm i limistéar Gaeltachta a athrú.

Baineann alt 192 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, a cuireadh isteach le halt 48 den Acht comhshaoil - foráil a leagadh amach in 2011 - le haidhm de chuid an Aire atá freagrach as an nGaeltacht. Is é an aidhm atá i gceist ná athrú a chur ar logainm i gcás áit atá i limistéar Gaeltachta. Anuraidh, nuair a bhí an obair ullmhúcháin ar siúl chun aidhmeanna na Gaeltachta agus na Gaeilge a aistriú ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chuig an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, tugadh faoi deara go raibh botún i dteideal an Aire in alt 192 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001. Rinneadh cinneadh dá bhrí sin nach bhféadfaí an aidhm áirithe sin a chur san áireamh san ordú lena ndéanfaí feidhmeanna na Gaeltachta agus na Gaeilge a aistriú agus go gcaithfí soiléiriú a dhéanamh ar an Aire atá freagrach as an bhfeidhm atá i gceist le reachtaíocht phríomha. Leis an leasú atá á mholadh agam anseo, cuirfear an méid sin i gcrích.

Teastaíonn uaim leasuithe Uimh. 2 agus 27 a dhéanamh mar gur aistríodh aidhmeanna na Gaeltachta agus na Gaeilge ón Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chuig an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta ar tionscnú an Bhille seo.

Maidir le leasú Uimh. 32, toisc go bhfuil an aidhm atá i gceist le haistriú go díreach chuig an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta le reachtaíocht phríomha, sin an reachtaíocht atá á moladh anseo, níl ordú aistrithe aidhme breise de dhíth. Níl aon impleachtaí ag an leasú seo i dtaobh various ordaithe logainmneacha atá déanta cheana féin. Molaim na leasuithe seo don Teach agus gabhaim buíochas leis na Teachtaí as an tuiscint.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílimid ag cur i gcoinne na leasuithe.

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil duine ar bith ag iarraidh aon rud eile a rá?

Photo of Conor SheehanConor Sheehan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim sásta leanúint ar aghaidh.

Aontaíodh an leasú.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 2:

Ar leathanach 7, líne 19, “tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán” a scriosadh agus “tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta” a chur ina ionad.

Aontaíodh an leasú.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 3:

Ar leathanach 9, líne 13, “(b)” a scriosadh.

Tuigim go bhfuil leasuithe Uimh. 3, 5 agus 22 á bplé le chéile. An bhfuil sé sin ceart?

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An sprioc atá ag na leasuithe seo ná le cinntiú go mbeidh an bord iomlán ag Údarás na Gaeltachta tofa agus go mbeidh guth ag na ceantair Ghaeltachta níos lú atá scartha amach ó mhórchuid na Gaeltachta ina gcontaetha féin. Táim ag tagairt ar cheantair Ghaeltachta i gContae na Mí agus i gContae Phort Láirge mar shamplaí.

Faoin mBille mar atá, bheadh seisear as 16 comhalta boird roghnaithe ag an Aire, agus ní thoghfaí ach deichniúr go daonlathach. Sa seanchóras ní raibh ach trí cheapachán ón Aire agus 17 tofa ón bpobal. Anois beidh dúbailt ar an líon ceaptha ag an Aire agus laghdú ar an líon tofa. I gcomparáid leis an údarás mar a bhí sular scriosadh na toghcháin, is cosúil go bhfuil power grab i dtreo an Aire ón bpobal le feiceáil. Bhí an t-údarás in ainm is a bheith mar ghuth daonlathach an phobail in áit ghuth an Aire sa Ghaeltacht.

Dúirt an tAire nach mbeadh saineolas ar an mbord dá dtoghfaí an bord go hiomlán, ach tá an Dáil seo tofa go hiomlán agus is féidir linn saineolas a fháil chun cabhrú linn. Tá sé mar an gcéanna le comhairlí contae nó comhairlí cathrach. Ní ghlacfadh an Dáil le haon trian de na Teachtaí Dála a bheith roghnaithe ag an Aire. Ní ghlacfaimis leis dá mbeadh aon trian de chomhairle contae nó cathrach tofa nó ainmnithe ag Aire. Ní aon leithscéal é an gá le saineolas ar féidir a choimisiúnú i bhfeidhmeannas an údaráis. Bhí modh níos cuimsithí ag Sinn Féin i gcomhair bord níos mó le guth níos láidre agus níos ionadaíche don phobal na Gaeltachta, leasú Uimh. 4, bunaithe ar pholasaithe cuimsitheacha Shinn Féin ag lorg dínit, dea-chleachtas agus daonlathas don Ghaeltacht, ach dúradh go mbeadh costas i gceist toisc níos mó comhaltaí boird a bheith ann. Mar sin rialaíodh as ord é.

Ní Sinn Féin amháin a lorg bord iomlán tofa agus ionadaíocht do na ceantair bheaga. Ba iad sin moltaí traspháirtí an choiste Gaeilge sa Dáil dheireanach.

Dúirt moladh 1:

Molann an Comhchoiste go ndéanfaidh an tAire athbhreithniú ar líon na mball ar Bhord Údarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ag gach ceantar Gaeltachta ar leith, na ceantair beaga cosúil le Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí agus na hoileáin Ghaeltachta ina measc. Molann an Comhchoiste é seo lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ar Bhord Údarás na Gaeltachta ó gach pobal Gaeltachta, rud atá an-tábhacht ag baint leis i meon na bpobal sin.

Ba mholadh 2 ón gcomhchoiste ná:

... go gcuirfear an tAire córas i bhfeidhm trína dtoghfar baill uile Bhord Údarás na Gaeltachta, seachas córas ina dtoghfar roinnt ball agus ina n-ainmnítear roinnt ball eile

Mar sin, tá comhréiteach molta sna leasuithe seo ionas go mbeidh an 16 go léir tofa ag pobail Ghaeltachta le breis suíochán i nGaillimh, i dTír Chonaill, i Maigh Eo agus i gCiarraí. Chinnteodh na leasuithe ionadaíocht ar leith d’Uíbh Ráthach, Acaill agus na hoileáin. Níl costas breise ag baint leis an gcur chuige seo. De bharr na bhfáthanna sin atá léirithe agam, táim ag brú leasuithe Uimh. 3, 5 agus 22.

10:15 am

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leasuithe Uimh. 3, 5 agus 22 bainteach lena chéile. Leanann leasú Uimh. 22 as leasú Uimh. 5. Déanfar leasuithe Uimh. 3, 5 agus 22 a phlé le chéile.

Photo of Conor SheehanConor Sheehan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le mo chomhghleacaithe as na leasuithe sin a chur síos. Aontaím leis an méid a bhí á rá ag an Teachta McGuinness. I dtuairim Pháirtí an Lucht Oibre agus i mo thuairim féin, tá gá le bord níos mó agus caithfidh an bord iomlán a bheith tofa. Tacaím le leasuithe Uimh. 3, 5 agus 22.

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is rud é seo a bhfuilimid ag plé le fada an lá. Táimid soiléir go gcaithfidh an bord iomlán a bheith tofa agus go gcaithfear ionadaíocht ó gach ceantar Gaeltachta a bheith ann. Tá sé sin fíorthábhachtach. Tá muintir na Gaeltachta ag fanacht le fada an lá i gcomhair bord tofa agus teacht ar ais na dtoghchán. Ar ndóigh, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh sé seo déanta agus go mbeadh an bord iomlán tofa. Is é sin an fáth go bhfuil na leasuithe seo á gcur chun tosaigh.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Tá scileanna áirithe riachtanach ar bhoird Stáit agus, go deimhin, ar bhord Údarás na Gaeltachta. Tugann meascán do bhaill thofa agus baill cheaptha deis chun a chinntiú go bhfuil meascán áirithe de scileanna, taithí, saineolas agus ionadaíocht ag an mbord. An uair dheireanach a reáchtáladh comórtas le haghaidh bhord an údaráis, bhí scileanna áirithe san áireamh nach mór d'iarrthóirí taithí a léiriú iontu. Is iad na scileanna a bhí san áireamh ná cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta; forbairt pobail nó cur chun cinn na n-ealaíon; agus rialachas corparáideach. Bhí cáilíochtaí i réimsí atá bainteach le boird Stáit - mar shampla, cáilíochtaí i mbainistíocht gnó, bainistíocht airgeadais nó cuntasaíocht, pleanáil teanga nó forbairt pobail - san áireamh chomh maith mar rudaí inmhianaithe. Níl bealach ann inar féidir na scileanna sin a chinntiú gan comhaltaí a bheith ceaptha ag cibé cén tAire a bheidh ann. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Seasann an argóint a dhein mé níos luaithe. Má táimid ag caint mar gheall ar dhaonlathas agus guth na bpobal a bheith cloiste, ba cheart go mbeadh vótáil i gceist chun baill den bhord a roghnú in ionad iad a bheith ainmnithe. Laistigh dár leasuithe, Uimh. 3, 5 agus 22, bheadh ionadaithe cinnte i go leor de na Gaeltachtaí atá róbheag le guth a fháil agus iad caite isteach le ceantair mhór thíre. Níl ach idir 2% agus 4% den daonra Gaeltachta i nGaillimh, Dún na nGall agus Corcaigh lonnaithe ar na hoileáin. Ag an am céanna, tá daonra na n-oileán Gaeltachta níos mó ná daonra na nGaeltachtaí i bPort Láirge agus sa Mhí agus beidh suíocháin ag an dá cheantar sin. Táimid ag iarraidh bunleibhéal a thabhairt do gach ceantar Gaeltachta, ní hamháin sna toghcháin, ionas go mbeidh aitheantas ann. Faoinár leasuithe, bheadh ionadaithe cinnte i nGaeltacht Uíbh Ráthach i gCiarraí agus i nGaeltacht Acla i Maigh Eo, mar a bhí pléite agus molta ag an gcoiste. Faoin mBille mar atá sé, ní bheidh dóthain daonra ag na ceantair seo difear a dhéanamh i dtoghcháin atá dírithe ar Ghaeltachtaí Chiarraí thiar agus tuaisceart Mhaigh Eo. Ag an am céanna, tá daonra ag Uíbh Ráthach agus Acaill atá cosúil le daonra Ghaeltachtaí Phort Láirge agus na Mí. Baineann sé sin le cothrom na Féinne a bheith ag na ceantair éagsúla. Nuair atáimid ag caint mar gheall ar chúrsaí Gaeltachta, cultúrtha agus ionadaíochta, táimid ag caint mar gheall ar phobail cois cósta ach go háirithe. Is pobail imeallacha iad a bhfuil cultúr agus aitheantas éagsúil acu fiú laistigh de cheantar Gaeltachta an chontae. Caithfimid glacadh leis sin agus caithfimid an méid sin a thuiscint.

Bheadh an Ghaillimh roinnte go tíreolaíoch freisin. Bheadh ceithre shuíochán ag Conamara agus suíochán amháin ag an Eachréidh agus bruach thoir na Gaillimhe. Leis seo, aithnítear go bhfuil gá le scoilt ionas nach mbeadh an iomarca cumhachta ag vótaí na cathrach i gcóras atá in ainm chun guth a thabhairt don phobal teanga atá lonnaithe i gConamara ach tugtar deis don cheantar Gaeltachta soir ó abhainn na Gaillimhe plé a dhéanamh ar cad a theastaíonn uathu freisin. Tá na trí leasuithe an-tábhachtach. Impím ar an Aire glacadh leo mar tá sé seo ag eascairt ón gcomhchoiste agus ón éileamh pobail atá ann sna ceantair Ghaeltachta.

Photo of Conor SheehanConor Sheehan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuala mé an méid a bhí le rá ag an Aire. Tá a lán cumhacht fós ag an Aire. Impím air glacadh leis na leasuithe seo. Bheadh sé níos daonlathaí. Tá iarrtha sna leasuithe na toghcháin seo a athrú ionas go mbeidh siad níos láidre.

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má tá an tAire dáiríre faoi bhord daonlathach agus guth a chinntiú san údarás do phobail Ghaeltachta atá níos lú nó atá lonnaithe ar na hoileáin, ba chóir dó glacadh leis na leasuithe seo. Má tá sé ag diúltú do na leasuithe seo, ní mór dó a mhíniú cén fáth go bhfuil sé níos tábhachtaí go mbeidh seisear ionadaithe aige féin ar an mbord in áit ionadaithe atá roghnaithe ag Gaeltacht na bpobal oileánda nó Gaeltacht Uíbh Ráthach. Mar a dúradh níos luaithe, is dúbailt atá ann ó mar a bhí, ó thriúr go seisear.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is bord Stáit é sin freisin. Ba cheart go mbeadh gach duine atá ar an mbord freagrach ní hamháin do cheantar áirithe, ach don Stát. Tá sé tábhachtach go mbeidh guth ag na ceantair air ach is bord Stáit é a bhfuil dlíthe ag baint leis. Tá an Teachta Farrell ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí nó bhí sí.

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ar an gcoiste airgeadais.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigeann sí an fhreagracht atá ar bhoird Stáit. Tuigeann sí freisin go dtarlaíonn timpistí nuair atá an fhreagracht sin lag. Tá sé tábhachtach go bhfuil an tíreolaíocht tugtha san áireamh, gan dabht, ach tá sé tábhachtach freisin go bhfuil an meascán seo ann agus go mbeidh na scileanna ar leag mé amach ann. Ba iad: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta; cruthú fostaíochta; forbairt pobail; cur chun cinn na n-ealaíon; agus rialachas corparáideach. Tá seans ann nach mbeidh daoine le toghadh ina gcónaí sna ceantair a bhfuil na scileanna sin acu. Beidh ar cibé cén tAire a bheidh ann seans a thabhairt do dhaoine. Is bord Stáit é sin. Tá an tíreolaíocht agus na toghcháin tábhachtach ach tá an meascán idir baill thofa agus baill cheaptha tábhachtach freisin. Leis na ceapacháin sin, beidh an tAire in ann a chinntiú go bhfuil na scileanna atá riachtanach do bhord Stáit timpeall an bhoird. Leis an meascán idir baill thofa agus baill cheaptha, beidh deis ag cibé cén Aire a bheidh ann na scileanna sin a chur i seirbhís Údarás na Gaeltachta. Is é sin an rud is tábhachtaí.

10:25 am

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ardmheas agam ar an Aire, mar is eol dó, ach ní féidir liom glacadh leis an argóint sin i dtaobh na gceapachán. Más eisean atá mar Aire nó duine a thagann ina dhiaidh mar Aire, conas a mbeadh a fhios againn go mbeadh na scileanna agus na tuiscintí cuí ag an Aire úd sin na daoine cearta a cheapadh? Conas a mbeadh a fhios againn? An freagra ná go bhfuil an tAire freagrach don Teach seo. Conas a mbeadh a fhios againn go mbeadh na scileanna cuí ag na Teachtaí Dála istigh sa Teach? Níl a fhios againn. Má tá cáilíochtaí á leagan síos in ionad toghcháin, táthar ag cur isteach ar an bpróiseas daonlathach. Tá deis ag pobal na hÉireann agus ag gach saoránach sa Stáit seo a vóta a chaitheamh pé slí gur mhian leis nó léi gan treoir ón Aire nó ón Rialtas. Ba cheart go mbeadh an deis chéanna ag saoránaigh atá ina gcónaí sa Ghaeltacht na daoine atá ag déanamh ionadaíocht orthu a cheapadh gan an tAire a bheith ag ainmniú daoine. Is dócha go bhfuil príomhoifigeach cúnta in Údarás na Gaeltachta - an príomhfheidhmeannach, táim cinnte. Tá sé mar an gcéanna le haon údarás Stát eile. Is féidir le haon údarás Stát – agus déanann siad an-chuid de – comhairleoirí a fháil isteach chun tacú le saineolas. Déanann gach Roinn agus nach mór gach comhlacht agus eagras Stát é sin go rialta. Is féidir é sin a dhéanamh. Mar sin, ní ghlacaim leis an argóint go bhfuil sé seo faoin Aire a bheith in ann cinnte a dhéanamh de go bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí cuí ag na baill boird. Sílim go bhfuil sé faoi chumhacht a choimeád ar an údarás in ionad daonlathas a thabhairt do na pobail Ghaeltachta.

Cuireadh leasú Uimh. 3.

Amendment put:

The Dáil divided: Tá, 56; Níl, 76; Staon, 0.


Tellers: Tá, Deputies Conor D. McGuinness and Mairéad Farrell; Níl, Deputies Mary Butler and Emer Currie.

Ivana Bacik, Cathy Bennett, Richard Boyd Barrett, John Brady, Pat Buckley, Joanna Byrne, Sorca Clarke, Rose Conway-Walsh, Ruth Coppinger, Réada Cronin, Seán Crowe, David Cullinane, Jen Cummins, Pearse Doherty, Paul Donnelly, Dessie Ellis, Daniel Ennis, Aidan Farrelly, Mairéad Farrell, Gary Gannon, Sinéad Gibney, Eoin Hayes, Rory Hearne, Eoghan Kenny, Martin Kenny, Claire Kerrane, Paul Lawless, George Lawlor, Pádraig Mac Lochlainn, Donna McGettigan, Conor McGuinness, Denise Mitchell, Paul Murphy, Johnny Mythen, Gerald Nash, Natasha Newsome Drennan, Shónagh Ní Raghallaigh, Carol Nolan, Cian O'Callaghan, Robert O'Donoghue, Louis O'Hara, Louise O'Reilly, Darren O'Rourke, Eoin Ó Broin, Donnchadh Ó Laoghaire, Ruairí Ó Murchú, Fionntán Ó Súilleabháin, Liam Quaide, Maurice Quinlivan, Pádraig Rice, Conor Sheehan, Marie Sherlock, Duncan Smith, Brian Stanley, Mark Wall, Mark Ward.

Níl

William Aird, Catherine Ardagh, Grace Boland, Tom Brabazon, Brian Brennan, Shay Brennan, Colm Brophy, Colm Burke, Mary Butler, Jerry Buttimer, Michael Cahill, Catherine Callaghan, Dara Calleary, Seán Canney, Micheál Carrigy, Jennifer Carroll MacNeill, Peter Cleere, John Clendennen, Niall Collins, John Connolly, Joe Cooney, Cathal Crowe, John Cummins, Emer Currie, Martin Daly, Aisling Dempsey, Cormac Devlin, Alan Dillon, Albert Dolan, Frank Feighan, Seán Fleming, Norma Foley, James Geoghegan, Noel Grealish, Marian Harkin, Simon Harris, Barry Heneghan, Martin Heydon, Emer Higgins, Keira Keogh, Seán Kyne, John Lahart, James Lawless, Michael Lowry, David Maxwell, Paul McAuliffe, Noel McCarthy, Tony McCormack, Séamus McGrath, Erin McGreehan, Kevin Moran, Aindrias Moynihan, Michael Moynihan, Shane Moynihan, Jennifer Murnane O'Connor, Michael Murphy, Hildegarde Naughton, Joe Neville, Darragh O'Brien, Jim O'Callaghan, James O'Connor, Kieran O'Donnell, Patrick O'Donovan, Ryan O'Meara, John Paul O'Shea, Pádraig O'Sullivan, Naoise Ó Cearúil, Seán Ó Fearghaíl, Naoise Ó Muirí, Peter Roche, Brendan Smith, Niamh Smyth, Edward Timmins, Gillian Toole, Robert Troy, Barry Ward.

Amendment declared lost.

Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

10:35 am

Photo of John McGuinnessJohn McGuinness (Carlow-Kilkenny, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rialaíodh leasú Uimh. 4 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 4.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh 5:

Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

Photo of John McGuinnessJohn McGuinness (Carlow-Kilkenny, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rialaíodh leasú Uimh. 6 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 6.

10:40 am

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 7:

Ar leathanach 11, líne 19 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad: “(2AA) Ceapfaidh comhaltaí an Údaráis cathaoirleach agus leas-chathaoirleach óna measc féin uair sa bhliain, ag déanamh malartú chun a chinntiú nach mbeidh níos mó ná tréimhse amháin mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach le linn téarma amháin ag duine nó daoine a dhéanann ionadaíocht thar ceann an chontae chéanna, agus ag cinntiú gur as contaetha éagsúla iad an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach.”,”.

Ag Céim an Choiste, dúirt an tAire, an Teachta Calleary, "Tá sé tábhachtach go mbeadh an cathaoirleach agus an t-údarás neamhspleách agus go mbeadh an neamhspleáchas sin ann" agus "Tá sé tábhachtach go mbeadh an t-údarás neamhspleách ón Rialtas agus go mbeadh sé in ann teacht amach le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht." Dhiúltaigh an tAire glacadh le cathaoirleach a bheith tofa ag comhaltaí an údaráis féin, áfach. Ba mholadh 7 a tháinig ó ghrinnscrúdú réamhreachtach an chomhchoiste Gaeilge ná "molann an Comhchoiste gur faoi Bhord Údarás na Gaeltachta a bheidh sé an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach a thoghadh." Is moladh ó chomhchoiste tras-pháirtí é sin. Cén fáth go bhfuil an tAire anois ag iarraidh go mbeidh cathaoirleach roghnaithe ag an Aire féin faoin mBille seo? Conas is féidir le cathaoirleach atá buíoch den Aire nó d'aon Aire sa todhchaí as a ról a bheith iomlán neamhspleách ón Aire sin?

Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh cathaoirleach agus leas-chathaoirleach tofa ag an mbord féin, go mbeadh srianta ann ionas nach mbeadh an bheirt as an gcontae amháin, go mbeadh malartú gach bliain, mar atá déanta ag cathaoirligh in údaráis áitiúla, agus go gcinnteofaí nach i gcontae amháin a bheadh an ról ó bhliain amháin go bliain eile.

Le linn an phlé ag Céim an Choiste cúpla mí ó shin, dúirt an tAire freisin go mbeadh sé sásta breathnú ar cháilíochtaí riachtanacha don chathaoirleach a leagan amach ag an gcéad chéim eile. Cá bhfuil na cáilíochtaí sin leagtha síos? Ag an am céanna, dúirt sé go mbeidh sé sásta plé a dhéanamh ar roinnt de na leasuithe a bhí curtha chun cinn againn ar an taobh seo den Teach ag Céim an Choiste, machnamh a dhéanamh orthu agus b'fhéidir cuid dóibh a chur san áireamh. Cá bhfuil siad?

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanann an leasú seo ciall. Déanann sé ciall go mbeadh an cinneadh seo déanta ag an mbord féin. Ar aon bhord ar a raibh mé féin, agus fiú sa Seomra seo, roghnaíonn na baill an cathaoirleach. Ba chóir dó a bheith mar sin ar an mbord seo freisin. Ní rud fíoreisceachtúil é go mbeadh sé seo i gceist. Mar gheall air sin, tacaím leis an leasú.

Photo of Conor SheehanConor Sheehan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim sásta tacú leis an leasú seo chomh maith. Aontaím leis. Tá sé fíorthábhachtach ó thaobh daonlathas agus trédhearcacht an bhoird agus na cathaoirleachta.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús, ní bhíonn leas-chathaoirleach i gceist le boird rialachais nó comhlachtaí Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta. Tá foráil san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, a dhéileálann le hasláithreacht an chathaoirligh, ina bhfuil sé ráite:

mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Údaráis i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

Tá an socrú seo fós i bhfeidhm. Ní léir go bhfuil gá an cur chuige seo a leasú.

Ní bheidh sé ag teacht le dea-chleachtas go mbeadh an bord ag ainmniú cathaoirleach óna bhallraíocht féin. Tá sé i gceist go mbeidh cumhacht ag an Aire an cathaoirleach a ainmniú. Tá scileanna ar leith ag teastáil ón gcathaoirleach a bhíonn á lorg tríd an bpróiseas earcaíochta a reáchtálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé sin tábhachtach. Beidh comórtas eagraithe ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ní mór go léireoidh iarrthóirí ar ról an chathaoirligh fianaise ar thaithí cheannaireachta ag leibhéal sách sinsearach, lena n-airítear cumas cathaoirleacht a dhéanamh ar bhord, agus taithí chuí i réimse amháin, ar a laghad, de na réimsí seo a leanas: cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga, forbairt fiontraíochta, cruthú fostaíochta, forbairt phobail, cur chun na n-ealaíon, agus rialachas corparáideach. Freisin, beidh sé ar chumas an cathaoirligh ról lárnach a chomhlíonadh i dtaca le stiúradh, ceannaireacht agus rialachas corparáideach na heagraíochta agus caidreamh dearfach a chothú le príomhfheidhmeannach na heagraíochta chun dea-rialtas a éascú.

Tá traidisiún de chathaoirligh neamhspleácha den údarás. Tá sé maslach a rá go mbeidh aon chathaoirleach a cheapfaidh an Aire ar son an Rialtais. Ní hé sin an traidisiún san údarás ná ina lán comhlachtaí Stáit eile. Mar a dúirt mé, beidh na hainmneacha ag teacht ó chomórtas PAS. Beidh a lán daoine a bhfuil an taithí agus scileanna atá leagtha amach in ann cur isteach ar an gcomórtas sin tríd an PAS.

Phléigh mé na tuairimí ón díospóireacht a bhí againn an oíche dheireanach. Tagann sé ar ais go dtí an pointe céanna. Tá an t-údarás difriúil. Is bord Stáit é. Mar gheall gur bord Stáit é, tá freagrachtaí air. Mar a dúirt mé sa díospóireacht dheireanach a bhí againn, tá freagrachtaí ag bord an údaráis nach bhfuil againn mar Theachtaí Dála. Tá freagrachtaí dlíthiúla agus comhlachta ag an mbord nach bhfuil againn. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir an tOireachtas agus an t-údarás. Mar sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá muinín againn inár bpobail Ghaeltachta nó níl. Tá muinín againn sna daoine a dtoghfar nó níl an mhuinín sin againn. Caithfidh an Rialtas muinín a léiriú. Má táimid dáiríre mar gheall ar thoghcháin don údarás a thabhairt ar ais, caithfimid a thuiscint go bhfuil saoirse ag an Aire agus ag an Rialtas an rud ceart a dhéanamh. In ionad a rá arís agus arís eile gur bord Stáit é seo, go gcaithfidh na rialacha a bheith daingean agus go gcaithfimid cúlú ón daonlathas chomh fada agus is féidir, bíodh fís ag an Aire. Conas is féidir linn déileáil leis an údarás seo? Tá an-chuid eagrais Stáit ann. Tá struchtúir éagsúla ag an-chuid dóibh. Is comhlachtaí iad cuid dóibh agus is forais tras-Teorainn, institiúidí nó Ranna Stáit iad cinn eile. Tá slite timpeall ar rudaí. Táimid ag iarraidh rud éigin a chruthú anseo leis an mBille agus lenár leasuithe atá éagsúil chun dul i ngleic leis na ceantair éagsúla seo, na ceantair Ghaeltachta, atá ag iarraidh daonlathas a bheith acu arís. Is údarás é seo. Tá údarás ag baint le hÚdarás na Gaeltachta. Tá gá le fís dhifriúil ón Aire agus ón Rialtas mar gheall air seo. Tá díomá orm é a chloisteáil arís agus arís eile go gcaithfear leath-thoghcháin a bheith ann, go gcaithfidh an Rialtas daoine agus an gcathaoirleach a ainmniú agus nach bhfuil sé chun a dhéanamh cinnte go bhfuil cothrom na Féinne ag na ceantair bheaga, na ceantair imeallacha agus na ceantair éagsúla ó thaobh na hionadaíochta de. Tá díomá orm nach bhfuil an Rialtas sásta glacadh leis an leasú seo.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá muinín agam i bpobal na Gaeltachta freisin. Tá muinín agam go mbeidh daoine in ann cur isteach ar an gcomórtas PAS. Tá muinín agam freisin go bhfuil tuiscint ann gur údarás é Údarás na Gaeltachta, rud atá tábhachtach, ach gur bord Stáit é freisin. Tá sé sin tábhachtach. Mar gheall gur bord Stáit é, tá sé tábhachtach go mbeidh meascán de bhaill thofa agus baill cheaptha ann. Ní bheidh na ceapacháin ag teacht ó phóca an Aire ach ó chomórtas PAS. Is daoine leis na scileanna a cheapfar. Beidh a lán daoine ón nGaeltachta agus ó phobal na Gaeilge a bhfuil na scileanna sin acu in ann dul os comhair PAS chun agallamh a dhéanamh agus dul tríd an bpróiseas chun seirbhís a dhéanamh ar bhord an údaráis.

Tá muinín mhór agam go mbeidh muintir agus pobal na Gaeltachta in ann é sin a dhéanamh.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

10:50 am

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leasú Uimh. 8 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 8.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 9:

Ar leathanach 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh líne 34:
“(2G) Ní bheidh sé nó sí intofa más comhalta den Dáil, den Seanad, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil é nó í. I gcás go dtoghfar an duine chun na Dála, chun an tSeanaid, chun Parlaimint na hEorpa nó chun údaráis áitiúil fad is atá sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, déanfaidh an tAire an liosta cúltaca atá luaite i bhfo-alt (2F) a úsáid chun comhalta nua a roghnú le teacht i gcomharbacht air nó uirthi tráth nach déanaí ná seachtain tar éis a thofa nó a tofa chun an eagrais eile.”.”

Mhol Sinn Féin an leasú seo ar Chéim an Choiste go mbeadh cosc ar dhuine a bheith mar chomhairleoir contae agus comhalta ar bhord an údaráis ag an am céanna toisc go bhfuil Sinn Féin i gcoinne double-jobbing agus ag iarraidh go mbeadh comhaltaí tofa an údaráis dírithe go hiomlán ar a bheith ag freastal ar riachtanais na Gaeltachta. Léirigh an tAire nach raibh sé sásta glacadh leis cé gur aithin sé cé chomh gnóthach is atá obair an chomhairleora cheana féin agus gur theastaigh acmhainní breise uathu chun a gcuid oibre ar an údarás áitiúil a dhéanamh, gan trácht ar obair sa bhreis a dhéanamh san údarás seo. Táimid fós den tuairim go dteastaíonn idirdhealú idir an dá ról. Bhí moladh traspháirtí ón choiste Gaeltachta sa ghrinnscrúdú réamhreachtaíochta "nach mbeidh cead ag aon ... [duine] a bheith ina mbaill de Bhord Údarás na Gaeltachta, más Comhalta de Thithe an Oireachtais, de Pharlaimint an Aontais Eorpaigh, de Thionól Thuaisceart Éireann nó d’aon údarás áitiúil ar oileán na hÉireann iad ag an am". Bhí an tAire sásta glacadh leis an moladh sin maidir le Tithe an Oireachtais agus Parlaimint na hEorpa ach is cosúil nach bhfuil sé ag glacadh leis an moladh i dtaobh daoine a bheith ina mbaill d’údaráis áitiúla agus d’Údarás na Gaeltachta.

Photo of Conor SheehanConor Sheehan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé an-sásta tacaíocht a thabhairt don leasú seo mar gheall ar an méid a bhí le rá ag an Aire faoin údarás mar bhord Stát agus mar gheall ar an gcomórtas PAS. Bhí a fhios agam cheana féin go raibh daoine ann a bhí agus atá mar Bhaill den Dáil agus go raibh orthu éirí as bord Stát roimh dóibh a bheith tofa mar Theachta Dála nó mar Sheanadóir. Aontaím go mór leis an leasú seo mar gheall ar na rudaí céanna a bhí á rá ag mo chomhghleacaí, an Teachta McGuinness.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Mar is eol dóibh, níl an foráil seo ag teastáil mar tá sé clúdaithe sa phríomh-Acht cheana féin ó thaobh Comhaltaí don Dáil, don Seanad agus baill foirne na hEorpa. Maidir le comhaltaí d’Údarás na Gaeltachta, i gcás go n-ainmneofar é nó í mar Chomhalta de Seanad Éireann nó go dtoghfar é nó í mar Chomhalta de cheachtar Theacht an Oireachtais, nó chun a bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa, stadfaidh sé nó sí de bheith ina chomhalta don údarás.

Maidir le comhaltaí na húdaráis áitiúla, sílim gur cheart go mbeadh baill na gcomhairlí contae san áireamh le haghaidh ballraíocht ar bhord an údaráis. Tá siad san áireamh ar an mbord reatha mar atá, agus bhí roimhe seo. Chomh maith leis sin, sílim nach mbeidh sé indéanta comhalta nua a bheith roghnaithe laistigh de sheachtain. Ní dóigh liom go mbeidh dóthain ama i gceist ansin chun comhalta nua atá incháilithe a roghnú. Teastaíonn solúbthacht áirithe le haghaidh rudaí mar sin. Agus é sin san áireamh, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bogaimid ar aghaidh go dtí leasú Uimh. 10. Táimid ag plé Uimh. 10 go 15, go huile, agus leasaithe Uimh. 30 agus 31. Tá baint acu le chéile agus pléifear le chéile iad.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 10:

Baineann na leasuithe seo leis an ábhar is práinní sa Ghaeltacht, is é sin, cúrsaí tithíochta, agus muid ag triail ról a chruthú don údarás i dtreo réiteach na faidhbe. Tréaslaím le BÁNÚ, Tinteán, agus Conradh na Gaeilge as labhairt linn anseo sa Dáil agus agóid a eagrú lasmuigh de Theach Laighean cúpla mí ó shin ar an ábhar seo. Ar an lá céanna leis an agóid tithíochta don Ghaeltacht taobh amuigh, d’aontaigh Teachtaí Dála d’aon ghuth le rún ó Shinn Féin ag moladh maoiniú d’Údarás na Gaeltachta a ardú go suntasach, mar atá leagtha amach i gcáinaisnéis mhalartach Shinn Féin do 2026, agus na cumhachtaí riachtanacha a chur ar fáil dó chomh maith le toghcháin dhaonlathacha athuair chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta soláthar cuí ar thithíocht áitiúil a mhúnlú. Ba é sin toil na Dála seo. Bunaithe ar an gcur chuige sin, tá na leasuithe Uimh. 10, 14, agus 15 in ainm Shinn Féin, agus tacaímid leis na leasuithe eile atá molta ag na Daonlathaithe Shóisialta ar an ábhar céanna.

Dúirt an tAire ar Chéim an Choiste faoi na leasuithe a bhí againn ansin, "Níl mé in ann glacadh leis na leasuithe ag an bpointe seo, ach tá mé ag rá go bhfuil muid chun leasuithe a dhéanamh ar an gcéad Chéim eile, Céim na Tuarascála.” Ach ní fheictear na leasuithe sin anois. Níl siad leagtha síos. Níl dul chun cinn déanta agus níl freagra na ceiste faighte againn ó shin.

Go sonrach, baineann leasú Uimh. 10 le moladh ó Chonradh na Gaeilge. I bhfocal Conradh na Gaeilge féin, tá éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht agus caithfear feidhmiú go práinneach le dul i ngleic leis. Mura gcuirtear le feidhmeanna an údaráis sa Bhille seo anois le tithíocht a chur san áireamh, tá gach seans nach mbeidh deis eile ann roimh dheireadh thréimhse an Rialtais reatha agus cuirfidh sé seo moill mhór ar chumas an údaráis feidhmiú i gceart ar an ábhar seo. Dúirt an tAire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, a bhí mar Aire Stáit na Gaeltachta ag an am, cúpla uair gur mhaith leis go mbeadh breis feidhmeanna ag an údarás. Seo í an deis mar sin na feidhmeanna tithíochta sin a thabhairt don údarás.

Tá 13 comharchumann Gaeltachta agus 12 coiste pleanála teanga ag aontú le polasaí tithíochta atá curtha le chéile ag an gconradh atá ag lorg breis feidhmeanna tithíochta don údarás. Chomh maith leo siúd, tá grúpaí pobal eile ag aontú go bhfuil gá feidhmeanna breise tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, le BÁNÚ, an mheitheal náisiúnta pleanála teanga agus grúpaí eile san áireamh. De réir ceannteidil an Bhille, tá an Bille ag plé le cúpla rud eile nach mbaineann go díreach le toghchán Údarás na Gaeltachta. Cén fáth nach mbeadh feidhmeanna tithíochta don údarás san áireamh sa phlé ar an mBille seo mar sin? Bheadh sé seo i bhfad níos ábhartha don Bhille ná an dá leasú atá curtha san áireamh sa Bhille le déanaí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta. Feictear domsa go bhfuil easpa agus ganntanas sa Bhille seo agus níl an tAire ná an Rialtas seo ag tapú an deis leis an reachtaíocht seo na cumhachtaí sa bhreis a thabhairt don údarás chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta Gaeltachta atá ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol.

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Aire, is í ceist na tithíochta ceann do na príomhcheisteanna atá sa Ghaeltacht. Is é tithíocht Gaeltachta ceann de na rudaí is mó ar a bhfuil feachtasaíocht á déanamh sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá mé ag caint ar leithéidí BÁNÚ, Tinteán agus daoine eile, ar ndóigh, atá ag cur leis an bhfeachtas sin. Tá sé soiléir nach bhfuil daoine in ann teach a thógáil, a cheannach nó a fháil ar cíos sa nGaeltacht agus is é sin an bhunfhadhb atá anseo. Ón méid atáimid ag plé anseo agus ansin tá na leasuithe ann, an é go bhfuil an tAire ag rá go bhfuil cumhachtaí breise agus reachtaíocht bhreise ag teastáil ón údarás le talamh a dhíol go AHB nó le húdarás tithíochta?

Más rud é go dtugtar an chumhacht sin do chomhairle chontae nó do AHB, ar an gcéad dul síos an bhfuil a fhios againn go díreach go mbeidh sé sin i gcomhair tithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne nó tithíocht ar phraghas réasúnta ionas go mbeadh daoine in ann iad a cheannach? Cén cinnteacht a bheadh ann i dtéarmaí cúrsaí teanga? Céard a chiallódh sé do dhaoine le Gaeilge agus do dhaoine gan Ghaeilge? Céard go díreach a bheadh ann? Cén smacht a bheadh ag an údarás ar an scéal le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach dhó sin? Ón méid a thuigim, dúirt an tAire go mbeadh sé ag neartú an leasú faoin tithíocht ach ón méid atá feicthe againn, níl sé sin go hiomlán soiléir. Is iad sin na chéad ceisteanna atá agam. Tiocfaidh mé ar ais le níos mó.

11:00 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus aontaím gurb é tithíocht an rud is tábhachtaí trasna na tíre, an Ghaeltacht ina measc. Cuirim fáilte roimh an méid atá leagtha amach sa chlár Rialtas maidir leis an ról lárnach a bheidh ag Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil sé sásta an comhoibriú sin a dhéanamh leis an rialtas áitiúil. Tá sé sin fíorthábhachtach, agus leis sin go mbeidh ról lárnach idir an t-údarás, na comhairlí contae agus Uisce Éireann chun leanúint ar aghaidh le tithe sóisialta agus tithe ar phraghas réasúnta a thógáil. Is ceist amháin é cén chaoi a n-oibríonn sé sin ach tá comhoibriú fíorthábhachtach. Ó na cainteanna a bhí agam leis an t-údarás, tuigim go mb’fhéidir go mbeadh sé ag obair mar chomhlacht tithíochta sa ról seo, ach ag an am céanna tá sí fíorthábhachtach go mbeadh ról ar leith aige ag obair leis an gcomhairle contae. Tá an talamh agus an taithí innealtóireachta aige. B'fhéidir nach bhfuil an taithí aige tithe a thógáil ach tá an taithí aige ó thaobh innealtóireacht de, agus tá an taithí chuí ag an gcomhairle contae. Idir an dá eagraíocht agus Uisce Éireann, beidh siad in ann leanúint ar aghaidh.

Teastaíonn an dara scéim phíolótach idir an trí eagraíocht Stáit chun talamh a fháil agus scéim a thógáil. Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil sé sásta go mbeidh tógálaithe in ann scéimeanna a thógáil le hionaid séarachais sealadacha freisin. Cabhróidh sé sin sna háiteanna nach bhfuil scéim séarachais amháin ann. Aontaím go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh ról ar leith ag an t-údarás maidir le tithíocht.

Photo of Rory HearneRory Hearne (Dublin North-West, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I am not sure whether we are speaking on all the leasuithe now.

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

We are taking amendments Nos. 10 to 15, inclusive, and amendments Nos. 30 and 31. They are all related.

Photo of Rory HearneRory Hearne (Dublin North-West, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceart go leor. Tá an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí uafásach ar fad. It is time to give a direct role to Údarás na Gaeltachta to deliver affordable housing in the Gaeltacht areas. Táim ag tacú le Conradh na Gaeilge agus grúpaí pobail eile, ar nós Tintéan agus BÁNÚ, agus iad ag lorg cumhachtaí breise don údaras ionas go bhféadfadh sé talamh a cheannach ar mhaithe le tithíocht a sholáthar.

It is very clear that the future of the Gaeltacht as an Irish-speaking community and the future of the language itself is in jeopardy as a result of the housing crisis, which is a housing disaster, in the Gaeltacht. What we want to see in proposing these amendments is a shift and a change to give Údarás na Gaeltachta a direct role. Tá todhchaí na Gaeltachta mar phobal Gaeilge á cur i mbaol de bharr an intinn dhiúltach atá ag an Aire agus an Roinn maidir le ceisteanna tithíochta sa Ghaeltacht. Níl an tAire sásta úsaid a bhaint as an gcumhacht atá aige faoi mhír 9 d'Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001. Tá an cuma ar an scéal nach bhfuil sé sásta ach an oiread ligean don údarás rannóg tithíochta a bhunú.

The authority - Údarás na Gaeltachta - has land in the Gaeltacht, for example in Baile na hAbhann, close to the sewage treatment plant, which could provide a mixture of social and affordable housing and where serviced sites could be developed if the Minister gave sufficient resources and the authority to Údarás na Gaeltachta to develop this land. There seems to be a reason - I do not understand it - that the Department appears to be reluctant to give these powers to Údarás na Gaeltachta. It is time to change that and it is time to give Údarás na Gaeltachta a direct role in delivering housing. Tá talamh ag Údarás na Gaeltachta i mBaile na hAbhann, mar shampla, in aice leis an ionad cóireála séarachais, áit a bhféadfadh sé meascán de thithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne agus suíomhanna le seirbhísí a fhorbairt. Ba chóir don Aire acmhainní a chur ar fáil don údarás idir airgead caipitil agus airgead reatha.

Tá talamh ag an údarás sa Rinn i gContae Port Láirge, i nGaoth Dobhair agus i Ráth Chairn a bhféadfaí a fhorbairt le cainteoirí Gaeilge a choinneáil sna pobail Ghaeltachta dá mbeadh an tAire agus an Roinn sásta cead agus maoiniú a thabhairt le rannóg tithíochta a bhunú le go bhféadfadh an t-údarás daoine a fhostú leis an obair a dhéanamh chun pleananna a réiteach, cead pleanála a fháil agus úsáid a bhaint as na scéimeanna atá ag an Roinn tithíochta le tithíocht a sholáthar do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid i measc an phobail. In this amendment we are calling on the Minister to give permission to Údarás na Gaeltachta to develop housing and to have a direct role so that people in the Gaeltacht can have a guaranteed delivery of housing.

Photo of Conor SheehanConor Sheehan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Teachta Kyne as ucht bheith tofa arís ina Teachta Dála. Ba mhaith liom chomh maith mo chuid tacaíochta a thabhairt don leasú seo. Aontaím leis an méid a bhí le rá ag na Teachtaí Conor McGuinness, Hearne agus Kyne. Tá an saineolas agus an eolas ag an t-údarás chun é seo a dhéanamh go héifeachtach. Caithfidh an Rialtas ról reachtúil lárnach a thabhairt don údarás maidir le tógáil tithe sa Ghaeltacht. Caithfidh an t-údarás a bheith in ann maoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht. D’fhéadfadh sé talamh a cheannach ar mhaithe le tithíocht a sholáthar. Tá sé riachtanach go mbeidh cead agus cumhacht ag Údarás na Gaeltachta maoin nó talamh a cheannach chun pobail Ghaeltachta a chothú agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a dhéanamh sna ceantair sin.

Roimh dom teacht isteach anseo anocht, bhí mé ag dul trí shuirbhé tithíochta Údarás na Gaeltachta. Léiríonn an suirbhé sin go bhfuil géarchéim thar a bheith dian ann do chainteoirí Gaeilge agus do dhaoine óga ar mian leo fanacht sa Ghaeltacht, go háirithe daoine óga. Nuair a bhí mé ag dul tríd an suirbhé, chonaic mé go bhfuil 56% dóibh siúd atá faoi láthair ag lorg tithíocht sa Ghaeltacht faoi 44 bliain d’aois. Tá sé cosúil le seanfhocal anois ach mar a deirtear, Gaeltacht gan tithíocht is ea Gaeltacht gan todhchaí. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire chun an rud céanna a rá - nach bhfuil seisean amháin freagrach as cúrsaí tithíochta; is é an tAire tithíochta atá freagrach as - ach ba chóir go mbeadh Aire na Gaeltachta freagrach maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.

Ba chóir go mbeadh Údarás na Gaeltachta freagrach astu chomh maith.

11:10 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Cuirim fáilte ar ais go dtí an Teach roimh an Teachta Kyne. Déanaim comhghairdeas leis as a bheith tofa arís chuig an Seomra seo den Oireachtas. Nílim in ann glacadh leis na leasuithe. Leagann siad amach go bhfuil cumhacht agus taithí ag an údarás i leith cúrsaí tithíochta. Níl aon taithí ag an údarás ar chúrsaí tithíochta ag an bpointe seo. Níl scileanna aige chun déileáil le cúrsaí tithíochta. Tá ráite go bhfuil sites agus tograí ann go mbeadh sé in ann íoc astu. B'fhéidir go bhfuil róil eile i gceist do na sites sin, mar shampla, róil a bhaineann le fiontar ná fostaíocht.

Tá rud eile sna leasuithe nach bhfuilim in ann glacadh leis. Tá na húdaráis áitiúla i gceannas ar chúrsaí pleanála. Tá sé tábhachtach go bhfuil mar tá cúrsaí pleanála bunaithe ar phleananna forbartha contae agus cathrach. Tá na cumhachtaí sin agus cumhachtaí pleanála ag na húdaráis áitiúla. Níl cumhachtaí pleanála ag an údarás ag an bpointe seo.

Agus é sin ráite, mar Aire, tá ceist na tithíochta sa Ghaeltacht an-tábhachtach dom. Bhí roinnt cruinnithe agam leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta James Browne, chun é seo a phlé. Táimid ag obair ar ráiteas pleanála le haghaidh na Gaeltachta. Táimid ag obair ar na ceisteanna atá leagtha amach ag an Teachta Farrell agus muid ag iarraidh déileáil leo. Níl sé éasca teacht ar na freagraí. Táim oscailte do thuairimí nó proposals ó na Teachtaí as na Gaeltachtaí atá anseo faoi na ceisteanna sin. Chuir an Teachta Farrell cúpla ceist faoi na roghanna go gcaithfimid a dhéanamh maidir leis an nGaeilge, caighdeáin Ghaeilge agus rudaí mar sin. Má tá aon tuairimí aici, táim sásta comhrá agus díospóireacht a bheith agam léi fúthu sula bhfoilsímid an ráiteas pleanála.

Labhair an Teachta Sheehan faoin suirbhé a rinne an t-údarás. Tá sé seo tábhachtach freisin. Tá ról ag an údarás. Glacaim leis go bhfuil ról tábhachtach ag an údarás ina leith seo. Bhí a lán cruinnithe agam leis an bpríomhfheidhmeannach faoin ról sin agus faoi na scileanna atá chun a bheith úsáidte. De bharr ceann de na cruinnithe sin, cuireadh an post le chéile. Tá post san údarás anois maidir le cúrsaí tithíochta, go háirithe tithe folmha. Tá an t-údarás ag déanamh an tsuirbhé sin mar gheall ar an bpost sin. Tá cúpla scéim ann. Táim sásta obair le haon Teachta chun scéim phíolótach a dhéanamh. Bhí scéim ann i nGaeltacht Chiarraí. Bhí tithíocht tógtha ag an gcomharchumann, le tacaíocht airgeadais, chun árasáin a chur ar fáil do na coláistí samhraidh. Ba scéim shuimiúil é sin. Thug sé cúpla idea dom.

Níl sé ceart a rá go bhfuil freagracht ag an údarás amháin as na dúshláin tithíochta. Níl sé féaráilte don údarás ná do na daoine atá ag lorg tithíochta sa Ghaeltacht. Tá an freagra sna húdaráis áitiúla, sa ráiteas pleanála don Ghaeltacht a bheidh á fhoilsiú againn agus b'fhéidir sna comharchumainn trí AHBs a chur le chéile. Tá an ceart ag an Teachta Hearne. Tá talamh ag an údarás nach mbeidh sé in ann a úsáid le haghaidh cúrsaí fiontair agus tionscail. Táimid ag scrúdú an talaimh sin chun a fháil amach an bhfuil séarachas agus uisce ann. Is dúshlán dúinn é sin. Tá an ceart ag an Teachta Kyne. Tá obair le déanamh againn le hUisce Éireann ar an dúshlán sin chun go mbeidh seirbhísí ann. Nuair atá na seirbhísí sin ann - táimid ag plé seirbhísí séarachais agus uisce leis an Aire, an Teachta Browne - beimid in ann díriú isteach ar an talamh sin agus ansin scéim phíolótach a dhéanamh ach ní bheidh an t-údarás ag tógáil tithe. Ag an bpointe seo, tá an chumhacht aige tithe a dhíol ach ní bheidh aon ról aige i dtógáil tithe. Beidh sé an-tábhachtach. Beidh ról tánaisteach aige. Is le haghaidh na húdaráis áitiúla cúrsaí pleanála. Táimid go léir ag teacht le chéile. Tá a lán rudaí ag teacht le chéile anseo. Táimid á mbailiú le chéile. Beidh sé sin leagtha amach sa ráiteas pleanála.

Táim ag tabhairt cuiridh. I am inviting people to give their proposals on what a planning statement for the Gaeltacht should look like. There are tough decisions and tough calls to be made on it. However, to say that Údarás na Gaeltachta would have the entire role for housing in the Gaeltacht is wrong because it does not have the skills at the moment in terms of housing development. It has a role, an absolutely central role, in housing. Deputy Kyne’s proposal for pilot schemes is something we will pursue. However, the local authorities have the planning authority based on their development plans and based on the law. The údarás definitely has a role. The difficulty in giving it other roles is that its prime role in terms of enterprise, language planning and the work that it does well would be diluted. At a time when we have good employment in the Gaeltacht, we need to maintain its focus on that.

As we will be discussing later, it needs to retain its focus on other opportunities for Gaeltacht employment. We need to grow Gaeltacht employment. We need to grow its role in language planning and strengthen that role. We need to grow its role in supporting the local co-ops. We need it to focus on that role along with an important advisory role in housing as a role tánaisteach.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ráite agam agus ag roinnt Teachtaí eile anseo cheana féin gurb í an ghéarchéim tithíochta an riosca is mó dár gceantair Ghaeltachta. Tá ár gceantair Ghaeltachta i mbaol de dheasca easpa tithíocht inacmhainne, tithe sóisialta agus cead pleanála do dhaoine gur mhaith leo cur fúthu ina gceantair dhúchais Ghaeltachta. Gan daoine a bheith in ann tithe a thógáil, níl siad in ann clanna a thosú ná a thógáil sna ceantair Ghaeltachta agus caillimid glúin. Nuair atá glúin caillte ag ceantar Gaeltachta, mar atá ag tarlú i mo cheantar féin, Gaeltacht na nDéise, beidh deireadh le ré na Gaeltachta ann. Tá sé seo an-tábhachtach. Tá a fhios agam go dtuigeann an tAire an cheist. Tá sé go breá a rá go bhfuil sé oscailte dár dtuairimí agus moltaí ach tá leasuithe curtha síos againn ar an gCéim seo agus ar Chéim an Choiste agus níor ghlac sé le hoiread is ceann amháin dóibh. Tá sé go breá a rá go bhfuil sé oscailte ach an léireoidh sé dúinn go bhfuil? Níor ghlac sé le hoiread is ceann amháin dár moltaí, moltaí atá ag teacht ó pholaiteoirí san Fhreasúra.

Agus an tAire sa Rialtas, ritheann sé le réasún nach nglacfadh sé le leasuithe ón taobh seo. Tuigim é sin go léir. Ag Céim an Choiste, bhí leasuithe i m'ainm féin, in ainm mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, in ainm an Teachta Quaide agus in ainm Catherine Connolly, a bhí ina Teachta ag an am sin agus atá ina hUachtarán anois. Bhíomar oscailte go raibh an-chuid de na moltaí sin ag teacht ó Chonradh na Gaeilge, BÁNÚ agus Tinteán, daoine a bhfuil saineolas acu. Bhí siad ag rá gur chóir na cumhachtaí sin a thabhairt don údarás. Dúirt an tAire nach bhfuil na freagraí go léir ag an údarás agus aontaím leis. Tá an ceart aige. Tá freagracht ar na húdaráis áitiúla dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta. Tá freagracht ar an Aire, ar a chomhghleacaí, an tAire tithíochta, agus ar an Rialtas dul i ngleic léi. Ní cóir dearmad a dhéanamh air sin. Tá an oiread sin ceisteanna ann mar gheall ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, lena n-áirítear tithíocht inacmhainne, tithíocht sóisialta, cúrsaí bonneagar - leanfaidh mé ar aghaidh nuair nach bhfuil aon duine ag féachaint orm - agus, ar ndóigh, cead pleanála, gur féidir linn dul chuig an údarás i gcomhair cuid de na freagraí. Is é sin an fáth go bhfuil na leasuithe seo á gcur chun cinn. Táimid ag iarraidh tuilleadh cumhachtaí a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta.

Photo of Rory HearneRory Hearne (Dublin North-West, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I want to come back in on this. Fianna Fáil has had a history of developing housing in a very progressive way in the past. This is a time for new initiatives, a time for vision and a time for radical action on the housing crisis, nowhere more so than in the Gaeltachtaí. It is absolutely central that we listen to the organisations on the ground. Tá na heagraíochtaí Conradh na Gaeilge, Tinteán agus BÁNÚ ag lorg an róil sin don údarás. Tá ról láidir á lorg acu a thabharfadh cumhacht tithíochta don údarás. These organisations, Conradh na Gaeilge, BÁNÚ and Tinteán, are looking for Údarás na Gaeltachta to have this role to actually deliver housing. I am in complete agreement with them. We put forward this proposal in our housing plan for the Gaeltachtaí because, at the moment, it is clearly not working and I do not see how the way forward that has been set out can work.

As we said, an t-údarás has a huge amount of land and development skills. The Minister talked about skills. The question is why it cannot develop further skills. It has skills in development and can develop further skills in housing. If we are really visionary, why could it not, for example, be developing modular home factories and developing skills in the areas that would give people employment and build housing? Why do we have to limit what it can do when people are looking for this? It seems to me that there is a conservatism here, a reluctance to actually allow an t-údarás to do what it could be doing, which would actually offer the Gaeltachtaí a future in terms of developing housing themselves and having that power.

The Gaeltacht Act 2012 states that Údarás na Gaeltachta may implement initiatives in the Gaeltacht. I will come back on that.

11:20 am

Photo of Conor SheehanConor Sheehan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé buíoch den Aire as an méid a bhí le rá aige mar gheall ar an scéim phíolótach agus mar gheall ar an méid a bhí curtha i láthair ag an Teachta Kyne. Caithfidh muid bogadh ar aghaidh leis sin. Ag an am céanna, áfach, bíonn an t-údarás ag obair maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht pé scéal. Ní aontaím leis an Aire nach bhfuil na scileanna ag an údarás. Tá roinnt scileanna aige agus tá daoine fostaithe ann. Caithfidh muid glacadh leis an leasú seo chun an chumhacht a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta ionas go mbeidh ról lárnach aige maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Teachta Kyne. Déanaim comhghairdeas leis agus cuirim fáilte ar ais roimhe.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh ráiteas an Aire go bhfuil sé sásta breathnú ar scéim phíolótach maidir leis sin. Tá a lán áiteanna ina bhféadfaí leanúint ar aghaidh nó breathnú isteach ar scéim phíolótach cosúil leis An Fhairche i gConamara, áit ina bhfuil scéim séarachais faoi láthair. Áit eile is ea Baile na hAbhann, a bhfuil a lán rudaí eile ó thaobh fostaíochta de ann. Tá scoileanna, séipéil agus tithe do dhaoine aosta sa bhaile sin freisin. Mar sin, tá áiteanna a bhféadfaí breathnú orthu sa chomhthéacs seo. Leanaimis ar aghaidh idir an trí eagraíocht sin – an chomhairle contae, an t-údarás agus Uisce Éireann – chun scéimeanna a thógáil sna háiteanna sin.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Is tábhachtach comhthéacs a chur leis an díospóireacht seo. Bunaithe ar na figiúirí ó na húdaráis áitiúla, ceadaíodh, ar an meán, 90% d’iarratais phleanála le haghaidh tithíochta sa Ghaeltacht in 2025, rud a léiríonn go bhfuil a lán rudaí ag tarlú sa Ghaeltacht i réimse na tithíochta. Ina theannta sin, bronnadh os cionn €3 milliún ar iarratais i limistéir Ghaeltachta faoin deontas athchóirithe do réadmhaoin fholamh, is é sin, the vacant houses grant. More than €3 million was given to the empty houses grant in Gaeltacht areas le linn 2024 agus 2025, between 2024 and 2025. Léiríonn sé sin go mbíonn pobail na Gaeltachta ag baint leas as an scéim seo. Léiríonn sé go bhfuil rudaí ag tarlú.

Aontaím leis an Teachta McGuinness; tá sé seo ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn. Is é sin an fáth nach mbeidh mé in ann a rá go bhfuil freagra éasca air seo ná a mholadh go gcuirfí an freagracht go léir ar an údarás. Tá a lán scileanna san údarás. The údarás has fantastic skills but, in terms of developing housing and planning responsibilities for housing, there are other, quicker ways to do it to get the kind of supply of housing we need for Irish-speaking families in the Gaeltacht areas. Is é sin an fáth a mbíonn muid ag obair go dlúth leis an Aire, an Teachta Browne. Bíonn oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth leis na hoifigigh sa Roinn tithíochta ar an ráiteas pleanála. Agus an ráiteas pleanála sin á chur le chéile, áfach, tá a lán ceisteanna deacra le freagairt, go háirithe maidir leis na cineálacha cáilíochtaí agus conditions a bheidh i gceist le haghaidh cúrsaí pleanála. Tá mé dírithe ar chúrsaí pleanála agus tithíochta. Tá suim agam i bhfad níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine chun tithe a chruthú sa Ghaeltacht, agus tá mé ag obair ar scéimeanna lena dhéanamh. Léiríonn na figiúirí go bhfuil rudaí ag tarlú sa Ghaeltacht. Tá sé tábhachtach go leagann muid na figiúirí seo amach freisin.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dúirt an tAire ansin, “There are other quicker ways to do it”, ach ní fheictear dúinn iad. Níl aon dul chun cinn déanta le linn ré an Aire, le linn ré a pháirtí nó le linn ré a chomhghleacaithe Rialtais, Fine Gael. Tá sé seo ag cur isteach ar na ceantair Ghaeltachta. Tá muid ag iarraidh go mbeadh na cumhachtaí breise seo ag an údarás ionas gur féidir leis ról a imirt i réiteach na géarchéime tithíochta sa Ghaeltacht. Ní dóigh liom go bhfuil aon duine sa Seomra seo ag rá gurb é an t-údarás an t-aon dream a bheidh lárnach i réiteach na faidhbe seo. Tá géarghá le gach údarás agus Roinn Rialtais a bheith ag oibriú as lámha a cheile chun dul i ngleic leis seo.

Ag féachaint ar na húdaráis áitiúla, mar a luaigh mé cheana féin, aontaím leis an Aire go bhfuil ról le himirt acu, ach bíonn siad ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta ina limistéir ina iomláine. Mar shampla, bíonn Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta sa chathair agus i nDún Garbháin, Port Lách agus in áiteanna eile. Bíonn sé freagrach as forbairt tithíochta go ginearálta.

Tá taithí agus ról ag Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeltacht a choinneáil beo. Nuair a bhí easpa fostaíochta ag cur le bánú na Gaeltachta, bhí an ról sin dírithe ar chúrsaí fiontraíochta agus cruthú post. Is cúrsaí tithíochta atá anois ag cur le bánú na Gaeltachta. Mar sin, caithfidh Údarás na Gaeltachta ról níos lárnaí a bheith aige i dtaobh tithíochta. Níl aon duine ag argóint go mbeadh gach freagracht ar an údarás le déileáil leis seo, ach tá freagra ar chuid de na ceisteanna ag an údarás. Tá muid ag iarraidh go mbeidh na cumhachtaí sin aige chun dul i ngleic leis an ngéarchéim seo agus a ról a imirt ina leith.

Photo of Rory HearneRory Hearne (Dublin North-West, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir liom teacht isteach?

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá muid críochnaithe leis.

Photo of Rory HearneRory Hearne (Dublin North-West, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén fáth?

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil ainm an Teachta ar an leasú, ach is é an duine a bhogann an leasú a bhfuil seans aige labhairt ag an deireadh. Ní raibh sé sin ar eolas agam ach oiread.

Photo of Rory HearneRory Hearne (Dublin North-West, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I will not get caught with that one again.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

That is why I was waiting on Deputy Hearne to hop in.

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanfaidh sé sin cúis.

Cuireadh leasú Uimh. 10.

Amendment put:

The Dáil divided: Tá, 61; Níl, 76; Staon, 0.


Tellers: Tá, Deputies Conor D. McGuinness and Rory Hearne; Níl, Deputies Mary Butler and Emer Currie.

Ivana Bacik, Cathy Bennett, Richard Boyd Barrett, John Brady, Pat Buckley, Joanna Byrne, Sorca Clarke, Rose Conway-Walsh, Ruth Coppinger, Réada Cronin, Seán Crowe, David Cullinane, Jen Cummins, Pa Daly, Máire Devine, Pearse Doherty, Paul Donnelly, Dessie Ellis, Daniel Ennis, Aidan Farrelly, Mairéad Farrell, Gary Gannon, Sinéad Gibney, Paul Gogarty, Johnny Guirke, Eoin Hayes, Rory Hearne, Eoghan Kenny, Martin Kenny, Claire Kerrane, Paul Lawless, George Lawlor, Pádraig Mac Lochlainn, Donna McGettigan, Conor McGuinness, Denise Mitchell, Johnny Mythen, Gerald Nash, Natasha Newsome Drennan, Shónagh Ní Raghallaigh, Carol Nolan, Cian O'Callaghan, Robert O'Donoghue, Roderic O'Gorman, Louis O'Hara, Louise O'Reilly, Darren O'Rourke, Eoin Ó Broin, Donnchadh Ó Laoghaire, Ruairí Ó Murchú, Fionntán Ó Súilleabháin, Liam Quaide, Maurice Quinlivan, Pádraig Rice, Conor Sheehan, Marie Sherlock, Duncan Smith, Brian Stanley, Mark Wall, Mark Ward, Jennifer Whitmore.

Níl

William Aird, Catherine Ardagh, Grace Boland, Tom Brabazon, Brian Brennan, Shay Brennan, Colm Brophy, James Browne, Colm Burke, Mary Butler, Jerry Buttimer, Malcolm Byrne, Michael Cahill, Catherine Callaghan, Dara Calleary, Seán Canney, Micheál Carrigy, Jennifer Carroll MacNeill, Peter Cleere, John Clendennen, John Connolly, Joe Cooney, Cathal Crowe, John Cummins, Emer Currie, Martin Daly, Aisling Dempsey, Cormac Devlin, Alan Dillon, Albert Dolan, Frank Feighan, Seán Fleming, Norma Foley, James Geoghegan, Noel Grealish, Marian Harkin, Barry Heneghan, Martin Heydon, Emer Higgins, Keira Keogh, Seán Kyne, John Lahart, James Lawless, Michael Lowry, David Maxwell, Paul McAuliffe, Noel McCarthy, Charlie McConalogue, Tony McCormack, Séamus McGrath, Erin McGreehan, Kevin Moran, Aindrias Moynihan, Michael Moynihan, Shane Moynihan, Jennifer Murnane O'Connor, Michael Murphy, Hildegarde Naughton, Joe Neville, Darragh O'Brien, Jim O'Callaghan, James O'Connor, Kieran O'Donnell, Patrick O'Donovan, Ryan O'Meara, John Paul O'Shea, Christopher O'Sullivan, Naoise Ó Cearúil, Seán Ó Fearghaíl, Naoise Ó Muirí, Peter Roche, Brendan Smith, Niamh Smyth, Edward Timmins, Gillian Toole, Barry Ward.

Amendment declared lost.

Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

11:40 am

Photo of Rory HearneRory Hearne (Dublin North-West, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 11:

Ar leathanach 13, idir líne 3 agus líne 4, an méid seo a leanas a chur isteach: " "(7A) Féadfaidh an tÚdarás talamh a cheannach, tithíocht a fhorbairt agus láithreáin sheirbhísithe a dhíol chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.".

Cuireadh leasú Uimh. 11.

Amendment put:

The Dáil divided: Tá, 63; Níl, 78; Staon, 0.


Tellers: Tá, Deputies Rory Hearne and Conor D. McGuinness; Níl, Deputies Mary Butler and Emer Currie.

Ivana Bacik, Cathy Bennett, Richard Boyd Barrett, John Brady, Pat Buckley, Joanna Byrne, Sorca Clarke, Rose Conway-Walsh, Ruth Coppinger, Réada Cronin, Seán Crowe, David Cullinane, Jen Cummins, Pa Daly, Máire Devine, Pearse Doherty, Paul Donnelly, Dessie Ellis, Daniel Ennis, Aidan Farrelly, Mairéad Farrell, Gary Gannon, Sinéad Gibney, Paul Gogarty, Johnny Guirke, Eoin Hayes, Rory Hearne, Eoghan Kenny, Martin Kenny, Claire Kerrane, Paul Lawless, George Lawlor, Pádraig Mac Lochlainn, Donna McGettigan, Conor McGuinness, Denise Mitchell, Johnny Mythen, Gerald Nash, Natasha Newsome Drennan, Shónagh Ní Raghallaigh, Carol Nolan, Cian O'Callaghan, Richard O'Donoghue, Robert O'Donoghue, Ken O'Flynn, Roderic O'Gorman, Louis O'Hara, Louise O'Reilly, Darren O'Rourke, Eoin Ó Broin, Donnchadh Ó Laoghaire, Ruairí Ó Murchú, Fionntán Ó Súilleabháin, Liam Quaide, Maurice Quinlivan, Pádraig Rice, Conor Sheehan, Marie Sherlock, Duncan Smith, Brian Stanley, Mark Wall, Mark Ward, Jennifer Whitmore.

Níl

William Aird, Catherine Ardagh, Grace Boland, Tom Brabazon, Brian Brennan, Shay Brennan, Colm Brophy, James Browne, Colm Burke, Mary Butler, Jerry Buttimer, Malcolm Byrne, Michael Cahill, Catherine Callaghan, Dara Calleary, Seán Canney, Micheál Carrigy, Jennifer Carroll MacNeill, Peter Cleere, John Clendennen, John Connolly, Joe Cooney, Cathal Crowe, John Cummins, Emer Currie, Martin Daly, Aisling Dempsey, Cormac Devlin, Alan Dillon, Albert Dolan, Frank Feighan, Seán Fleming, Norma Foley, James Geoghegan, Noel Grealish, Marian Harkin, Barry Heneghan, Martin Heydon, Emer Higgins, Keira Keogh, Seán Kyne, John Lahart, James Lawless, Michael Lowry, David Maxwell, Paul McAuliffe, Noel McCarthy, Charlie McConalogue, Tony McCormack, Séamus McGrath, Erin McGreehan, Kevin Moran, Aindrias Moynihan, Michael Moynihan, Shane Moynihan, Jennifer Murnane O'Connor, Michael Murphy, Hildegarde Naughton, Joe Neville, Darragh O'Brien, Jim O'Callaghan, James O'Connor, Kieran O'Donnell, Patrick O'Donovan, Ryan O'Meara, John Paul O'Shea, Christopher O'Sullivan, Pádraig O'Sullivan, Naoise Ó Cearúil, Seán Ó Fearghaíl, Naoise Ó Muirí, Peter Roche, Brendan Smith, Niamh Smyth, Edward Timmins, Gillian Toole, Robert Troy, Barry Ward.

Amendment declared lost.

Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

11:50 am

Photo of Rory HearneRory Hearne (Dublin North-West, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 12:

Ar leathanach 13, idir líne 3 agus líne 4, an méid seo a leanas a chur isteach:
“ “(7A) Tabharfaidh an tÚdarás tosaíocht do thithe inacmhainne a sheachadadh é féin sa Ghaeltacht.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Photo of Rory HearneRory Hearne (Dublin North-West, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 13:

Ar leathanach 13, idir líne 3 agus líne 4, an méid seo a leanas a chur isteach:
“ “(7A) Ceadófar don Údarás tithe folmha agus tréigthe a cheannach go héigeantach sa Ghaeltacht ar mhaithe lena n-úsáid chun tithíocht inacmhainne a sholáthar.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 14:

Ar leathanach 13, líne 4, “nó teach” a chur isteach i ndiaidh “talamh”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 15:

Ar leathanach 13, líne 4, “, a léasú nó a ligean” a chur isteach i ndiaidh “a dhíol”.

Photo of Verona MurphyVerona Murphy (Wexford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Amendments Nos. 16 and 17 are as ord.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Can I speak to those amendments, even briefly?

Photo of Verona MurphyVerona Murphy (Wexford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

No, not to amendments that are out of order.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 16.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 17.

Photo of Verona MurphyVerona Murphy (Wexford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Amendments Nos. 18 to 20, inclusive, are as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 18.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 19.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 20.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 21:

Ar leathanach 13, idir líne 27 agus líne 28, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(c) Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh ag obair sa limistéar arb ina leith a bhunófar an coiste réigiúnach.”.

Tá an leasú seo an-simplí. An sprioc atá againn ná a chinntiú go mbeadh oifigigh pleanála teanga áitiúil i measc na mball ar na coistí réigiúnacha atá luaite sa Bhille. Is é sin le rá go mbeadh na daoine atá fostaithe ag na comharchumainn agus atá faoi stiúir Údarás na Gaeltachta chun pleananna pobalbhunaithe teangeolaíochta agus pleananna teanga a chur i gcrích ar na coistí réigiúnacha chun an saineolas sin agus an taithí atá acu mar shaineolaithe pleanáil teanga a thabhairt chuig na coistí sin. Freisin, ar ndóigh, bheadh daoine atá ag plé go laethúil leis na dúshláin, na constaicí agus leis na féidearthachtaí agus na tosaíochtaí atá ag an bpobal i dtaobh an Ghaelainn a chur chun cinn ina gceantair éagsúla ag an mbord mar chuid de na comhráití agus mar chuid de na coistí réigiúnacha. Impím ar an Aire glacadh leis an moladh seo. Níl costas i gceist. Nílimid ach ag rá go mbeadh daoine eile le saineolas ag an mbord agus rudaí sna réigiúin á phlé. Ritheann sé le ciall. Mar a dúirt an tAire cheana féin cúpla babhta, tá sé oscailte dár moltaí agus don aiseolas atá ag teacht ó na ceantair Ghaeltachta. Tá sé seo ag teacht ón aiseolas ó na hoifigigh pleanála teanga, ó na comharchumainn áitiúla, ó na heagrais atá ag plé le cúrsaí teanga go laethúil, agus ar ndóigh ó na daoine atá ag déanamh ionadaíochta ar na ceantair Ghaeltachta ar an dtaobh seo den Teach.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Rachaidh na coistí réigiúnacha i gcomhairle le grúpa pleanála teanga sa limistéar faoi leith ina bhunófar an choiste chun comhairle a thabhairt don údarás agus chun cuidiú leis an údarás i gcomhlíonadh a aidhmeanna sa limistéar sin. Léiríonn sé seo an ról atá ag na coistí réigiúnacha ó thaobh na hionadaíochta de. Is fiú a rá chomh maith go bhfuil oifigeach pleanála teanga ar bhord reatha de chuid Údarás na Gealtachta agus iar-oifigeach pleanála teanga chomh maith. Mar a sheasann rudaí, ní cheapaim go bhfuil gá ar leith go mbeadh spás oscailte d’oifigigh pleanála teanga ar na coistí. Tá mé an-chinnte go mbeidh comhráití fiúntacha idir na coistí agus na grúpaí pleanála teanga. Dá bhrí sin ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 21.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cúis díomá é nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis seo. Mar a dúirt mé, sílim go ritheann sé le ciall. Tá réasún ag baint leis an gceist áirithe seo. In an-chuid boird Stát agus an-chuid coistí deonacha agus coistí reachtúla, tuigimid má tá ceisteanna ag teacht aníos le linn cruinnithe coiste nó cruinnithe boird agus má tá coimhlint leasa ann nó faoi baol go mbeadh, gur féidir le daoine seasamh amach.

Dá mba rud é go raibh rud éigin le plé ag na coistí réigiúnacha a bhaineann le tuarastal na n-oifigeach pleanála teanga, mar shampla, seans nach mbeadh gá dó a bheith istigh sa chruinniú áirithe sin. Táimid ag rá le dream atá ag obair go dlúth agus go crua chun an Ghaeilge a chur chun cinn, chun na Gaeltachtaí a choimeád slán agus chun dul i ngleic le bánú na Gaeltachta go bhfuil an doras oscailte agus b’fhéidir, trí sheans éigin, go mbeidh siad ar na coistí seo.

Aithníonn ár leasú gur cheart go mbeadh siad ann mar cheart agus mar chuid den troscán. Seo teist i ndáiríre maidir le má tá an tAire oscailte do na tuairimí seo agus má tá sé toilteanach glacadh le cuid den aiseolas agus cuid de na héilimh atá ag teacht ó na ceantair Ghaeltachta agus na hoifigigh phleanála teanga chun a chinntiú go bhfuil siad iniata sna comhráite atá ag dul ar aghaidh agus ar na coistí réigiúnacha seo.

12:00 pm

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim agus aontaím leis an Teachta go bhfuil na hoifigigh phleanála teanga ag déanamh sárjab sna ceantair ina bhfuil siad. Tá muinín agam freisin go mbeidh siad lánpháirteach sna struchtúir seo agus i gcoiste réigiúnach an údaráis agus go mbeidh siad in ann obair leis an gcoiste sin. Ní bheidh an coiste in ann obair cheart a dhéanamh gan obair na n-oifigeach pleanála teanga. Táim sásta nach gcaithfimid é a leagan amach sa dlí agus go n-oibríonn sé.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní ghlacaim leis sin i slí amháin. Nóiméad amháin tá an tAire ag rá nach féidir leis na coistí réigiúnacha seo a gcuid gnó a dhéanamh i gceart gan ionchur ó na hoifigigh phleanála teanga, agus aontaím leis sin. An nóiméad eile, áfach, tá an tAire ag rá nach gá dúinn é sin a chur síos sa reachtaíocht. Sin an jab atá á dhéanamh againn faoi láthair. Seo an jab atá os ár gcomhair anois, chun an píosa reachtaíochta seo a chur i gcrích.

Táimid ar an taobh seo den Teach ag rá gur cheart go mbeadh cinnteacht ann go mbeadh an ról agus an spás sin do na hoifigigh phleanála teanga daingnithe sa reachtaíocht agus go mbeadh an chathaoir curtha amach dóibh chun a chinntiú go bhfuil siad ag an mbord agus go mbeidh an guth, an t-ionchur, an taithí agus an saineolas atá acu - rud nach bhfuil ag go leor daoine eile - ar na coistí sin. Tá sé an-simplí. Líne amháin téacs atá ann. Nílimid ag cur ceiste ar an Aire rud éigin tromchúiseach nó deacair a dhéanamh, ach táimid ag tabhairt an deis dó a thaispeáint agus a léiriú an méid a dúirt sé – go bhfuil sé sásta éisteacht agus glacadh lenár moltaí.

Photo of Verona MurphyVerona Murphy (Wexford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

As the time permitted for the debate has expired, I am required to put the following question, in accordance with an order of the Dáil of 26 May: "That the amendments set down by the Minister for Rural and Community Development and the Gaeltacht and not disposed of are hereby made to the Bill; Fourth Stage is hereby completed; and the Bill is hereby passed."

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.