Dáil debates
Thursday, 26 March 2026
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Cúrsaí Tithíochta
2:05 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an nglacann sé leis an gcáineadh ar chur chuige na Roinne sa rún a d’aontaigh an Dáil maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ag tús mhí an Mhárta, agus an bhfuil sé i gceist aige gníomhú dá réir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22301/26]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá brón orm as bheith beagáinín déanach. Ghlac an Dáil seo le cinneadh nuair a bhí rún os comhair na Dála maidir le cúrsaí tithíochta. Laistigh den rún sin bhí cáineadh ar an gcur chuige a bhí ag an Rialtas ó thaobh na tithíochta sa Ghaeltacht go dtí seo. Cad atá chun tarlú dá réir?
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Is fiú a thabhairt faoi deara go dtiteann freagracht as cúrsaí tithíochta ar bhonn ginearálta ar an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus nach bhfuil ach ról tánaisteach ag mo Roinn féin i mbeartas tithíochta. É sin ráite, tá soláthar tithíochta dóibh siúd atá ina gcónaí agus ag obair sa Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach dom. Go deimhin, tá tithíocht riachtanach chun an teanga, seirbhísí, fostaíocht, fiontraíocht agus deiseanna eile sa Ghaeltacht a fhorbairt. Agus é sin san áireamh, tá céimeanna tacaíochta á dtógáil chun na críche seo.
Tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 le tógáil ar Chéim na Tuarascála go gairid. Cé gurb é athbhunú toghchán bhord an údaráis príomhchuspóir an Bhille seo, ar mhaithe le tacú le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht déanfar leasú sa Bhille ar alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta chun cead a thabhairt don údarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta nó a dhiúscairt ar shlí eile chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht. Tá mé féin agus mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Browne, ag obair go dlúth lena chéile ar an gceist seo lenár gcuid oifigeach agus tá obair shuntasach déanta ag an Roinn ag forbairt ráiteas pleanála náisiúnta don Ghaeltacht. Tá sé beartaithe go bhfoilseofar an ráiteas pleanála náisiúnta don Ghaeltacht sa chéad leath de 2027 ach beidh sé ag tarlú roimhe sin.
I bplean tithíochta an Rialtais a fhoilsíodh le déanaí, gealltar an ráiteas a fhoilsiú agus moltar scrúdú a dhéanamh ar fhéidearthachtaí Údarás na Gaeltachta oibriú le hUisce Éireann agus le húdaráis áitiúla chun tacú le tithíocht a thógáil do phobail labhartha na Gaeilge. Reáchtáil mé cruinniú le gairid idir Údarás na Gaeltachta agus Uisce Éireann chun a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn gan dua maidir leis an fhéidearthacht seo a scrúdú. Is fiú a nótáil go bhfuil obair thábhachtach ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. Ní bheadh sé cuí béim agus fócas na heagraíochta i gcomhlíonadh an róil sin a laghdú. Beidh ról tánaisteach ach tábhachtach ag Údarás na Gaeltachta maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht i dteannta ról na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus go háirithe ról na n-údarás áitiúla.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá súil agam go mbeidh Bille Údarás na Gaeltachta ag teacht chugainn ar Chéim an Tuarascála gan mhoill mar tá obair fós le déanamh ar an mBille sin le cinntiú go mbeidh, ó thaobh an róil a luadh maidir le tithíocht, ról ceart ag an údarás amach anseo maidir leis na suíomhanna atá aige ach chomh maith leis sin ó thaobh chuir chuige. Tá ról ag Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil teanga, ní díreach tionsclaíocht. Déanann daoine dearmad go minic ar an ról lárnach sin atá aige. Ní gá an talamh atá ag an údarás a dhíol le AHB; s féidir leis an údarás an talamh sin a ligean ar léas. Luaigh an tAire cruinniú le hUisce Éireann le déanaí.
Mar chuid de róil Údarás na Gaeltachta, tá suíomhanna aige. Tá tionsclaíocht ar chuid de na suíomhanna sin ach d’fhéadfadh an chuid eile de na suíomhanna a bheith ina n-eastáit thithíochta dá mbeadh cead aige, nó ag dream éigin eile, an córas séarachais atá aige don eastát tionsclaíochta a úsáid do thithíocht chomh maith.
2:15 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím leis an Teachta. Tá an obair sin ar siúl. Bhí cruinniú agam le príomhfheidhmeannach an údaráis. Tá liosta déanta agus tá muid ag déanamh oibre ar an liosta sin faoi shuíomhanna cosúil leis sin. Níl sé chomh éasca sin, áfach. I roinnt de na suíomhanna sin, tá cúrsaí séarachais agus uisce réasúnta láidir, ach níl aon seirbhísí i suíomhanna eile.
Maidir le ceadúnais pleanála sa Ghaeltacht, i mbliana, bhí 53 teach nua ceadaithe as 62 iarratas i nGaeltacht na Gaillimhe. I nGaeltacht Mhaigh Eo, sa bhliain seo, bhí 25 iarratas agus gan aon teach diúltaithe. I nGaeltacht Phort Láirge, i nDáilcheantar an Teachta McGuinness, níor diúltaíodh aon cheann as trí iarratas go fóill. Anuraidh, bhí 25 iarratas ceadaithe sa Ghaeltacht sinn agus diúltaíodh dhá iarratas. Tá a lán oibre ar siúl. Tá daoine ag iarraidh a rá nach bhfuil aon rud ag tarlú ach tá a lán rudaí ag tarlú. Ag féachaint ar na deontais le haghaidh na dtithe folmha, tá rudaí ar siúl ansin freisin. Tá obair le déanamh againn leis an údarás agus tá muid ag déanamh na hoibre sin sula dtiocfaidh an Bille os comhair na Dála, rud a tharlóidh roimh an samhradh.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl mé ag rá nach bhfuil aon rud ag tarlú. Aithním go bhfuil nithe ag tarlú. Tá siad ag tarlú i gceantair ar leith ar luas rómhall, áfach. Caithfidh muid straitéis a bheith againn sna háiteanna ina bhfuil na scoileanna i mbaol de bharr easpa páistí. Má aithníonn muid é sin anois, is cóir go mbeidh straitéis ann. Níl de dhíth ach dhá nó trí theach le teaghlaigh iontu chun scoileanna a choimeád oscailte i roinnt de na ceantair seo. Ní mór dúinn dul isteach agus féachaint ar líon na suíomhanna atá ann agus, mar a dúirt an tAire, líon na dtithe atá tréigthe agus iad a chur ar ais in úsáid. Muna bhfuil straitéis ann, fágfar é seo. Beidh na háiteanna seo tréigthe. Beidh na scoileanna agus na clubanna CLG dúnta dá réir de dheasca nach bhfuil aon dream ag teacht isteach. Tá tithe samhraidh sna ceantair seo, agus bíonn siad ar díol. Ba chóir go mbeadh straitéis ag an gcomhairle, ag an Stát nó ag Údarás na Gaeltachta na tithe seo a cheannach lena gcur ar an liosta tithe sóisialta nó inacmhainne le ligin do theaghlaigh bogadh isteach sna ceantair sin. Ní hamháin go bhfuil gá le tithe nua a sholáthar agus na cinn atá tréigthe a chur ar ais in úsáid, ach ní mór dúinn na tithe samhraidh atá ar díol faoi láthair a aistriú ina dtithe teaghlaigh.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá muid go léir le chéile air seo. Is é sin an fáth nach ndeachaigh muid i gcoinne an rúin mar tá sé tábhachtach go bhfuil guth láidir sa Dáil seo faoi thithíocht sa Ghaeltacht. Tá muid ag oibriú uirthi. Tá a lán freagraí ann, agus tá sé sin tábhachtach. Bhí cruinnithe agam leis na príomhfheidhmeannaigh sna húdaráis áitiúla. Chuir mé brú orthu agus chuir mé an scéal seo os a gcomhair leis na sonraí sin a fháil. Déanfaidh mé obair eile maidir leis na sonraí atá leagtha amach ag an Teachta Ó Snodaigh faoi na scoileanna atá faoi bhrú sna ceantair Ghaeltachta. Déanfaidh muid staidéar air sin le feiceáil má tá suíomh in aice láimhe ina mbeidh muid in ann rudaí a dhéanamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil an infreastruchtúr sin iontu, lena n-áirítear infreastruchtúr oideachais, spóirt agus saoil do dhaoine sa Ghaeltacht. Tá muid, mar Rialtas, tar éis infheistíocht mhór a chur i scoileanna. Tá muid dírithe air seo. Beidh muid i dteagmháil leis an gcoiste tar éis na Cásca mar caithfidh muid na cáilíochtaí a ligfeadh do dhuine teach a thógáil sa Ghaeltacht a phlé. Ní mór dúinn na caighdeáin teanga agus cúrsaí mar sin a phlé. Tá muid ag súil leis sin a phlé leis an gcoiste. Tá muid ag oibriú air seo. Tá muid ag oibriú go díreach agus tá mé ag cur an-bhrú ar mo chomhghleacaithe Airí.