Dáil debates

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna Eile - Other Questions

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

11:10 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

8. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nár tógadh maoiniú do Chlár na Leabhar Gaeilge ar ais chuig na leibhéil a bhí ann roimh 2010; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47289/22]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Áras Chrónáin a bhí an Teachta O'Sullivan ag caint faoi. Tá sé ag ceiliúradh 40 bliain an deireadh seachtaine seo.

An cheist atá mise ag cur ná cén fáth nár tugadh maoiniú do chlár na leabhar Gaeilge ar ais go dtí an leibhéal ag a raibh sé. I 2010 bhí €1.8 milliún ann agus toisc ciorruithe, gearradh siar go dtí €1 milliún é. Tá sé tar éis fanacht ansin ó shin.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar 1 Eanáir 2008. Clár na leabhar Gaeilge a tugadh feasta ar an scéim a riartar faoi scáth Fhoras na Gaeilge, scéim a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d'fhoilsitheoirí agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne. Cuireann mo Roinn maoiniú imfhálaithe ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge gach bliain, faoina bhfeidhmítear na scéimeanna agus tionscadail seo a leanas. Is iad: scéim na foilsitheoireachta; scéim na dtionscadal litríochta; scéim na gcoimisiún; an scéim meantóireachta; agus scríobh leabhar, scéim chun deiseanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta tri Ghaeilge a chothú do pháistí scoile.

Aithnítear go bhfuil dúshláin roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge faoi láthair. Mar aitheantas ar na dúshláin sin, chuir mé maoiniú breise aon-uaire de €300,000 ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge ag deireadh 2021 le dáileadh ar scéim na foilsitheoireachta agus an scéim meantóireachta de chuid chlár na leabhar Gaeilge. D'fhág sé sin go raibh buiséad iomlán €1.36 milliún ar fáil don chlár i mbliana, thart ar an leibhéal ag a raibh sé i 2011. Idir an dá linn, tá tuilleadh plé déanta ag feidhmeannaigh mo Roinne agus feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge ar an ábhar agus ar na roghanna chun tacú tuilleadh le foilsitheoirí na Gaeilge.

Mar thoradh ar an bplé sin, d'éirigh liom an chéad ardú le seacht mbliana anuas a chur ar bhuiséad bhonnlíne chlár na leabhar Gaeilge mar chuid de cháinaisnéis 2023, a fógraíodh Dé Máirt. Cé go bhfuil na mionsonraí le hoibriú amach go fóill, ciallaíonn sé seo go mbeidh thart ar €300,000 breise ar fáil i mbuiséad bhonnlíne chlár na leabhar Gaeilge an bhliain seo chugainn. Leanfaidh feidhmeannaigh mo Roinne na cainteanna le Foras na Gaeilge sna míonna amach romhainn agus féachfar ar an bhfhéidearthacht le maoiniú breise aon-uaire a chur ar fáil i dtreo infheistíochta san earnáil, go háirithe mar a bhaineann leis na córais díolacháin agus dáileacháin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus fáiltím roimh aon ardú in aon chur i gclár na leabhar Gaeilge. Tá obair mhór á déanamh ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge mar gheall ar cheist na foilsitheoireachta, ceist na scríbhneoireachta agus dáileachán na leabhar. Beidh tuarascáil mhór ag teacht os a chomhair - agus os comhair na Dála tá súil againn – roimh dheireadh na bliana. Tá deich seisiún tar éis a bheith againn ag déileáil leis na húdair, leis na scríbhneoirí agus le Foras na Gaeilge chun díriú isteach ar cad iad na féidearthachtaí agus cad é an gá le hinfheistiú ceart a dhéanamh isteach i scríbhneoireacht, i léitheoireacht agus i litríocht na Gaeilge.

Tá mise fós den tuairim nach bhfuilimid, má thógtar boilsciú san áireamh, tar éis an leibhéal a bhí ann i 2010 a shroicheadh arís agus caithfear é sin a shroicheadh sula dhéanfaimid breis infheistiú chun déanamh cinnte de go bhfuil an tairg atá ann, agus tairg an-mhaith é, á dhíol chomh forleathan agus is féidir.

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá áthas orm gur éirigh liom maoiniú breise a fháil do chlár na leabhar Gaeilge don bhliain seo chugainn mar chuid de cháinaisnéis 2023, a fógraíodh Dé Máirt. Is é seo an chéad ardú ar bhuiséad an chláir le seacht mbliana anuas. Is aitheantas é sin ar na dúshláin atá roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge.

Chuir mo Roinn maoiniú imfhálaithe ar fáil gach bliain do chlár na leabhar Gaeilge, faoina bhfeidhmítear na scéimeanna agus tionscadail seo a leanas. Is iad: scéim na foilsitheoireachta, chun saothair d’ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal agus do léitheoirí Gaeilge; scéim na dtionscadal litríochta, chun deiseanna léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú agus a eascairt don phobal; scéim na gcoimisiún, le ciste chuimsitheach ar mhaithe le soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta a chinntiú; an scéim meantóireachta, chun spreagadh agus deiseanna tacaíochta a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta; agus scríobh leabhar, scéim chun deiseanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta tri Ghaeilge a chothú do pháistí scoile.

Is fiú a nótáil gur chuir mé maoiniú aon-uaire de luach €300,000 i dtreo chlár na leabhar Gaeilge don bhliain reatha 2022 ar mhaithe le maoiniú breise a sholáthar do scéim na foilsitheoireachta agus don scéim meantóireachta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí deis áirithe i mbliana toisc nach raibh maoiniú Foras na Gaeilge chun ardú. Bhí deis ag an Rialtas níos mó airgid a chur i leataobh do chlár na leabhar Gaeilge agus ba chóir i bhfad Éireann níos mó a bheith infheistithe ann. Fiú an figiúr atá luaite ag an Aire Stáit, d’fhéadfaí é sin a chaitheamh go han-tapa.

Thug an tAire Stáit liosta de na hábhair atá sé caite orthu ach fiú tá clár ríomhaireachta de dhíth ó thaobh díolacháin de, ó thaobh ÁIS de agus ó thaobh foirne a bheadh ag taisteal timpeall na tíre ag ÁIS. Caithfear ÁIS a thógáil suas go dtí an leibhéal ag a raibh sé nó go dtí leibhéal amach anseo atá ann cheana féin sa Bhreatain Bheag.

Tá beocht agus spiorad i measc údar agus foilsitheoirí ach tá géarghá i bhfad Éireann níos mó a infheistiú anseo ionas gur féidir leo an tairg seo a chur os comhair leanaí agus daoine aosta atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim nó atá ag iarraidh í a léamh. Caithimid i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh chun déanamh cinnte de go bhfuil an deis acu é sin a dhéanamh i gceart.

11:20 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar aitheantas ar na dúshláin sin, d'fhógair mé ardú ar bhuiséad bhonnlíne clár na leabhar Gaeilge don bhliain 2023, mar a dúirt mé. Is é seo an chéad ardú ar an mbuiséad le seacht mbliana anuas agus nuair a chuirtear é sin in éineacht leis an maoiniú aon-uaire de €300,000 a cheadaigh muid i mbliana, fágann sé go bhfuil os cionn €500,000 breise curtha ar fáil ag mo Roinn do chlár na leabhar Gaeilge. Tá mé dóchasach go mbeidh tuilleadh airgid aon-uaire ar fáil roimh dheireadh na bliana seo chun infheistíocht shuntasach a dhéanamh san earnáil. Leanfaimid ár gcainteanna le hoifigigh Fhoras na Gaeilge maidir leis an maoiniú breise aon-uaire, go háirithe i dtreo feabhais a chur ar an gcóras díolacháin agus dáileacháin le linn na bliana seo chugainn.