Dáil debates

Wednesday, 1 June 2022

Ceisteanna - Questions

An Teanga Gaeilge

1:22 pm

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

11. To ask the Taoiseach if he will report on the preparation of the language scheme of his Department. [22877/22]

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

12. To ask the Taoiseach cuntas a thabhairt ar an tslí ar a bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ag feidhmiú ina Roinn. [26027/22]

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 11 agus 12 a fhreagairt le chéile.

Foilsíodh scéim teanga reatha mo Roinne don tréimhse 2019 go 2022 in 2019 ar gov.ie. Áirítear sa scéim raon gealltanais seirbhíse atá leagtha amach chun a chinntiú go mbeidh custaiméir ar bith de chuid Roinn an Taoisigh atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ábalta é sin a dhéanamh.

Áirítear leis sin: seirbhísí ar an bhfón, ar an láthair agus cáipéisí ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a fhoilsiú. Aithnítear an tábhacht a bhaineann le baill foirne a bheith againn atá líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil sé ar a gcumas seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge agus leanfar ar aghaidh á dhéanamh. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 leagtha amach chun forálacha reachtaíocht 2003 a neartú trí chaighdeáin teanga a thabhairt isteach do chomhlachtaí poiblí a thiocfaidh in áit chóras reatha na scéimeanna teanga. Tá scéim reatha na Roinne i bhfeidhm go fóill agus leanfar de bheith ag cloí léi go dtí cibé am a mbeidh na caighdeáin nua sainithe agus á gcur i bhfeidhm.

Is í an uaillmhian atá leis an Acht nua ná caighdeáin na seirbhísí a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal a fheabhsú le réimse bearta nua a bheidh le tabhairt isteach de réir a chéile. Áirítear ar na bearta sin baill foirne a earcú sa tseirbhís phoiblí atá inniúil sa Ghaeilge, níos mó fógraíochta i nGaeilge agus na seirbhísí poiblí go léir sa Ghaeltacht a chur ar fáil i nGaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Taoiseach agus aithním go bhfuil an scéim reatha ann ach beidh deireadh leis an scéim sin i mbliana. Níl a fhios agam an bhfuil sé i gceist ag an Taoiseach síneadh ama a chur léi, scéim nua a chur ar siúl dá Roinn, nó cén bealach atá i gceist aige chun déileáil léi má leantar go bhfuil moill ar thosú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), a ritheamar anseo níos luaithe i mbliana. Is léir go bhfuil an mhoill sin ag cur as do roinnt nithe agus tiocfaidh mé ar ais chucu sin ar ball.

Níl an coiste comhairleach bunaithe, níl caighdeáin leagtha síos go fóill agus níl a fhios againn fós cén uair a thosóidh éifeacht ceart a bheith ag an Acht sin. Deirim é sin mar go raibh coiste ar siúl an tseachtain seo caite, agus aréir freisin. Bhíomar ag déileáil leis an mBille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, áit a deir an tAire Dlí agus Cirt, an Teachta McEntee nach raibh uirthi cloí le forálacha an Achta sa choimisiún sin toisc nach raibh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 tosaithe.

Aréir dúirt an tAire Stáit, an Teachta Noonan, go raibh sé sásta moill a chur agus féachaint an athuair ar an Bille um Athchóiriú Toghcháin maidir leis na forálacha sin ó thaobh earcaithe agus aon rud eile de a thagann anuas as Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a ritheamar anseo. An féidir leis an Taoiseach treoir a thabhairt do na hAirí uile gur gá dóibh gníomhú in aon Acht atá idir lámha acu fad is atáimid ag fanacht ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a bheith tosaithe, amhail is go bhfuil an tAcht sin féin tosaithe?

Maidir le Roinn an Taoisigh, an gá nó an féidir síneadh ama a chur leis an scéim sin chun a dhéanamh cinnte de go leanfaidh sé agus nach mbeidh folús ann nuair a thiocfaidh deireadh leis in 2022?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle. Táim ag fiosrú mar gheall ar an tslí a bhfuil an scéim teanga ag feidhmiú ina Roinn féin. Mar a luamar, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) nua le teacht i bhfeidhm sa tréimhse amach romhainn. Tá spriocanna dúshlánacha ann maidir le 20% den earcaíocht nua agus tá go leor nithe eile ag baint leis. Cad iad na hullmhúcháin atá á ndéanamh chuige sin? Glacaim go bhfuil an scéim reatha chun leanúint go dtí go mbeidh an córas nua i bhfeidhm.

Roimhe sin, shamhlófá go mbeadh ullmhúcháin ann chuige. An bhfuil aon treoir ann maidir leis na hullmhúcháin sin a bheith á gcur i bhfeidhm? Ag an am céanna, tá an t-aonad shared island mar chuid de Roinn an Taoisigh agus tá Bille nua ag teacht chun cinn ó Thuaidh. Tá an-chuid oibre déanta ag go leor eagraíochtaí, ar nós An Dream Dearg, Conradh na Gaeilge agus go leor eile, chun é sin a thabhairt ar aghaidh. Tá cearta teanga an-tábhachtach. An mbeidh plé mar gheall air seo ann mar chuid d'obair an shared island unit?

1:32 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tháinig an scéim i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2019 agus beidh sí i bhfeidhm go dtí go gcuirfear na caighdeáin nua i bhfeidhm faoin reachtaíocht nua. Ós rud é go ndéanann an reachtaíocht nua foráil do chaighdeáin nua a thiocfaidh in áit córas na scéimeanna teanga, thug an Roinn fhreagrach comhairle do mo Roinn gan scéim nua a ullmhú in 2022. Baineann formhór d’obair mo Roinne le hidirghníomhaíocht idir na Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais eile. Mar thoradh air sin, ní bhíonn aon éileamh mór ag an bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge ó mo Roinn. Tá curtha in iúl ag roinnt baill fhoirne atá ag obair i mo Roinn go bhfuil siad inniúil i nGaeilge agus go bhfuil siad in ann leibhéil éagsúla seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge. Astu sin, tá beirt fhostaí a bhfuil leibhéal ard inniúlachta sa Ghaeilge acu roghnaithe chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge de réir scéim teanga oifigiúil mo Roinne. Is leor na daoine sin chun freastal ar an éileamh atá ann. Tá teacht go héasca ag gach ball foirne de chuid na Roinne ar chúrsaí Gaeilge tríd aonad acmhainní daonna na Roinne.

Ó thaobh an aonaid shared island, bhuail mé féin agus an t-aonad leis na húdaráis sa Tuaisceart, go háirithe i gcomhthéacs na Gaeilge agus Ulster Scots. Dúramar le gach éinne go bhfuilimid sásta, tríd an aonad, gach aon tacaíocht gur féidir linn a chur ar fáil agus infheistíocht a chur isteach ó thaobh aon chomhoibriú idir an Deisceart agus an Tuaisceart. Táimid ag lorg tograí agus smaointe nua chun é sin a dhéanamh. Tá an doras oscailte agus beidh an t-aonad sásta aon tacaíocht gur féidir linn a thabhairt do na heagraíochtaí éagsúla atá ag comhoibriú ar fud an oileáin chun na teangacha seo a chur chun cinn. Beidh muid an-sásta é sin a dhéanamh. Tá an-chuid eolais agam anseo ó thaobh conas atá an scéim ag obair i mo Roinn agus is féidir liom é a thabhairt do na Teachtaí.