Dáil debates

Wednesday, 12 June 2019

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

10:50 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

23. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair atá sé i gceist Bille nua na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24443/19]

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba chóir don Aire Stáit leanúint ar aghaidh chun an cheist dheireanach a fhreagairt maidir leis an uair a fhoilseofar an Bille sin. An mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh an tseisiúin seo agus an mbeidh seans againn dul go dtí an dara leath den seisiún seo leis an mBille seo? Tá sé cosúil leis an Nollaig. Tá sí fós ag teacht. Cén t-am a bhfuil Lá Nollag ann?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is iarracht é an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí, agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Tá an Rialtas ag súil go mbeidh an tAcht nua ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát.

Agus an Bille á thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh shamhradh 2018. Tá an tuarascáil sin scrúdaithe anois ag mo Roinn i gcomhthéacs dréachtú an BhiIle.

Is í an earcaíocht croílár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras agus ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir. De bharr sin, beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge, agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ó shin i leith agus tá oifigigh mo Roinne ag obair faoi láthair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) a dhréachtú. Cé go bhfuil píosa oibre le déanamh air go fóill, táim dóchasach go mbeidh an Bille foilsithe againn go luath agus go mbeimid in ann an chéad chéim eile a ghlacadh.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tuigeann gach duine tábhacht an Bhille seo agus céard atá istigh ann. Bhí cruinniú sa Teach againn leis an urlabhraí agus rinne an coiste tuarascáil an-láidir faoi. Bhí an tAire Stáit ag an gcruinniú sin, is dóigh liom gur mí Feabhra a bhí ann, agus bhí sé ag labhairt faoi dhlíthe nua le haghaidh Brexit. Tá na dlíthe nua sin críochnaithe ach níl an Bille againn fós. An bhfuil an tAire Stáit ag rá go mbeidh an Bille foilsithe roimh dheireadh an tseisiúin seo agus go mbeidh seans againn é a phlé ag an Dara Céim, nó an bhfuil plean ag an Rialtas cruinniú a thionól i gceantar Gaeltachta agus é a fhoilsiú ag an gcruinniú sin, tar éis an tseisiúin?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil gach uile dhuine ag iarraidh go mbeidh an Bille seo foilsithe chomh luath agus is féidir. Mar a dúirt mé leis an Teachta Connolly an uair dheireanach, bhí moill ar an mBille mar gheall ar an mBreatimeacht ach níl mé ag cur aon mhilleán ar an mBreatimeacht faoi láthair. Tá an obair ag dul ar aghaidh idir fheidhmeannaigh sa Roinn agus le hOifig an Ard-Aighne. Bhí cruinniú aréir ag feidhmeannaigh shinsearacha de chuid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta le hOifig an Ard-Aighne chun an obair seo a bhrú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile chun an Bille a fhoilsiú. Táimid ag súil go mbeidh an Bille foilsithe roimh dheireadh an tseisiúin. Níl sé eagraithe go díreach fós agus beidh cruinniú de Chomh-Aireacht an Rialtais i nDún na nGall i mí Iúil, ach nílimid cinnte fós cén uair a tharlóidh sé sin. Mar sin féin, táimid ag brú ar aghaidh leis an mBille le go mbeidh sé foilsithe chomh luath agus is féidir.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh sé úsáideach go mbeidh cruinniú eile againn leis na hurlabhraithe. Cheap mé go raibh an cruinniú a bhí againn an-úsáideach agus tháinig an-eolas as. Maidir leis an obair atá déanta ag an Ard-Aighne agus ag an Roinn, an bhfuil a fhios ag an Aire Stáit an mbeidh seans ann go mbeidh cruinniú neamhfhoirmiúil againn roimh fhoilsiú an Bhille chun go mbeimid in ann is éard atá sa Bhille a phlé? Sa tslí sin, nuair atá sé foilsithe, ní bheidh aon mhoill ann agus beimid in ann é a chur ina dhlí chomh luath agus is féidir. Caithfimid é sin a dhéanamh. Is príomhaidhm de chuid an Rialtais é sin freisin agus caithfidh an Rialtas an chumhacht sin a úsáid chun bagairt agus brú a chur ar Oifig an Ard-Aighne agus ar oifig an Aire Stáit féin chun é a fhoilsiú roimh dheireadh an tseisiúin seo.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá an Bill ar an bpríomhliosta do reachtaíocht sa seisiún seo. Beidh cruinniú reachtaíochta tras-rannóige agam tráthnóna inniu agus táim ag plé arís an dul chun cinn atá déanta ar an mBille seo agus ar gach Bille atá ar an bpríomhliosta. Nuair a bheidh sé foilsithe, beimid ag brú ar aghaidh chomh sciobtha agus is féidir ó thaobh na Dara Céime agus na gcéimeanna eile ina dhiaidh sin. Caithfidh an Bille a bheith foilsithe ar dtús agus teacht ar ais chuig cruinniú Rialtais roimh é a bheith foilsithe go hoifigiúil. Tá tábhacht ag baint leis agus an-chuid rudaí maithe ann agus táim sásta cruinniú a eagrú le hurlabhraí an Fhreasúra chomh luath agus is féidir chun dul tríd an mBille arís, ceannteideal ar cheannteideal.