Dáil debates

Tuesday, 18 October 2011

3:00 pm

Photo of Robert TroyRobert Troy (Longford-Westmeath, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 48: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an méid oibre atá idir lámha aige chun níos mó post a chur ar fáil sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29840/11]

Photo of Willie O'DeaWillie O'Dea (Limerick City, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 52: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé scrúdú ar an laghdú ar phoist sa Ghaeltacht; cad iad na pleananna agus na cruinnithe atá i gceist aige chun an scéal a fheabhsú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29852/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 303: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cad atá i gceist maidir le buiséad caipitil a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta [30176/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 304: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cén straitéis fostaíochta atá aige le haghaidh na Gaeltachta [30177/11]

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 312: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis cur síos a dhéanamh dúinn maidir le fostaíocht i ngach ceantar Gaeltachta; agus cén plean atá ag an Aire chun í a chur chun cinn [30186/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 48, 52, 303, 304 agus 312 le chéile.

As an soláthar iomlán de €19.6 milliúin atá curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste in 2011, tá €6 milliúin curtha ar fáil mar bhuiséad caipitil. Chomh maith leis an tsuim seo, tuigim ón údarás go bhfuil tuairim is €7 milliúin ar fáil dó ó fhoinsí eile, ar a n-áirítear díol sócmhainní agus aisíocaíochtaí deontas. San iomlán mar sin, tá buiséad caipitil de thuairim is €13 milliúin ag an eagraíocht i mbliana chun tacú le cruthú agus le caomhnú fostaíochta sa Ghaeltacht.

Is tréimhse dhúshlánach í seo do gheilleagar na tíre i gcoitinne agus tá cúinsí deacra eacnamaíocha le sárú ag comhlachtaí Gaeltachta dá réir. Tá straitéis fostaíochta Údarás na Gaeltachta dírithe den chuid is mó ar earnálacha seirbhíse agus déantúsaíochta nua-aimseartha, ar an teicneolaíocht faisnéise agus ar fiontair a bhaineann le hacmhainní mara agus nádúrtha, leis an ngeilleagar sóisialta agus leis an turasóireacht chultúrtha.

Ag deireadh na bliana 2010, bhí 7,074 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí de chuid an údaráis. Cé gur laghdú é sin ar na blianta roimhe sin, is tuar dóchais é gur cruthaíodh 704 post nua in 2010 i gcliantchomhlachtaí de chuid an údaráis. Taispeánann figiúirí fostaíochta an údaráis gur éirigh go maith lena chliantchomhlachtaí atá ag plé le heaspórtáil, i gcomhréir leis an treocht náisiúnta.

Chomh maith leis na cláir thacaíochta atá ag an údarás féin, rachaidh gnéithe den tionscnamh post a d'fhógair an Rialtas i mbliana chun leasa a chuid gníomhaíochtaí. San áireamh anseo, tá an laghdú ar an ráta CBL, VAT, i leith seirbhísí san earnáil turasóireachta; an laghdú ar an ráta ÁSPC, PRSI, d'fhostóirí i leith post a íocann suas go €356 in aghaidh na seachtaine; an tionscnamh chun soláthar creidmheasa don earnáil fiontraíochta a éascú; agus rochtain níos fearr ar dheiseanna soláthair a fhorbairt chun tacú le cuideachtaí.

Tá faisnéis maidir le fostaíocht sna ceantair Ghaeltachta éagsúla le fáil ar shuíomh gréasáin Údarás na Gaeltachta, www.udaras.ie, agus i dtuarascálacha bliantúla agus cuntais bhliantúla Údarás na Gaeltachta a leagtar faoi bhráid Thithe an Oireachtais gach bliain. Beidh tuarascáil bhliantúil agus cuntais an údaráis don bhliain 2010 á leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais go han-luath. Nuair a ceapadh mar Aire Stáit mé i mí an Mhárta 2011, chuir mé romham mar sprioc cuairt a thabhairt ar na ceantair Ghaeltachta éagsúla chun léargas a fháil ar an méid atá ar siúl ag an údarás chun fostaíocht a chruthú iontu. Is féidir liom a dhearbhú go bhfuil mórchuid na gceantar sin feicthe agam anois. Thapaigh mé an deis freisin freastal ar chruinniú le bord an údaráis i gContae Dhún na nGall ar 3 Meitheamh 2011 chun cinntí an Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a phlé le baill an bhoird. Chomh maith leis sin, bhí cruinniú ag an Aire, An Teachta Jimmy Deenihan, agus agam féin le cathaoirleach an bhoird agus le bainistíocht shinsearach an údaráis ar 29 Meán Fómhair 2011 chun straitéis an údaráis don todhchaí a phlé.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé sásta go bhfuil mórán déanta chun postanna a chur ar fáil. Mar is eol don Aire Stáit, cailleadh 60 post i gcomhlacht MFG, ina measc 30 i Gaillimh. Céard atá á dhéanamh aige chun níos mó postanna a chur ar fáil?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé, táimid ag tabhairt gach tacaíocht don údarás. Leis an straitéis 20 bliain agus an cinneadh a rinne an Rialtas ar an 31 Bealtaine 2010, dúradh sa ráiteas ón Rialtas an lá sin go mbeadh Údarás na Gaeltachta ann agus go mbeadh cúraimí fiontraíochta ar an údarás. Sílim gur céim mhór ar aghaidh í sin. Ar ndóigh, caithfidh an t-údarás gníomhú taobh istigh de na laincisí agus na teorainneacha airgid atá air. Mar a dúirt mé, don bhliain seo, cuireadh €6 mhilliúin ar fáil sa deontas caipitil agus d'éirigh leis €7 milliúin a fháil trí acmhainní a dhíol agus cíos a fháil isteach agus mar sin de. Tá fostaíocht ag cur isteach ar an tír go léir. Ach sin ráite, sílim go bhfuil an-obair á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta leis an méid poist a chruthaigh sé sa Ghaeltacht - tá breis agus 7,000 ann faoi láthair. Ón méid atá feicthe agam na cuairteanna a thug mé ar an údarás agus chuig na Gaeltachtaí ar fud na tíre, is tuar dóchais dom é go bhfuil an t-údarás fós ag cruthú postanna sa Ghaeltacht, cé go bhfuil muid ag cailleadh postanna i ngach ceantar eile sa tír. Tá an t-údarás ag cruthú fostaíochta go fóill. Aontódh an Teachta liom go dtaispeánann sin an taithí, an saineolas agus an díograchas atá san údarás, ní amháin i measc bhaill an bhoird ach i measc na feidhmeannaigh sinsearacha atá amuigh ar fud an domhain ag lorg tionscal do na Gaeltachtaí. Tá géarchéim ann agus tá mé ag súil go leanfaidh an t-údarás á dhéanamh sin ins na blianta amach romhainn. Tá dúshláin ann ach tá súil as Dé agam agus tá mé dóchasach go mbeidh an t-údarás ábalta iad a chloí.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá súil agam sin chomh maith. Bíonn an t-Aire Stáit ag bualadh leis an údarás go minic. An mbeidh sé ag bualadh leis na comhairlí contaethe gaeltachta, a d'fhéadfadh cabhair a thabhairt dó freisin?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá sé ar intinn agam bualadh leis an údarás arís. Bhuail mé féin agus an t-Aire, tá mí ó shin, leis an údarás nuair a bhíomar i nGaillimh. Bhuaileamar leis na príomh-fheidhmeannaigh, leis an gcathaoirleach agus leis na feidhmeannaigh sinsearacha. Tá teagmháil rialta againn leis an údarás. Tá an t-Aire ag tabhairt lán-tacaíocht do iarrachtaí an údaráis ar fud na gaeltachta, mar atá mé féin a dhéanamh.

Maidir leis na comhairlí contaethe, de ghnáth bíonn cruinnithe againn anois agus arís leo. Níl aon rud socraithe go formáilte ag an bpointe seo ach níl bhéadh aon deacracht agam-sa, mar Aire Stáit, bualadh le comhairleoirí contaethe a bhfuil ceantair gaeltachta ina gceantair. Beidh mé ag bualadh le comhairleoirí ag Contae na Gaillimhe taobh istigh de chupla lá chun ceist achrannach ansin a phlé. Ar ndóigh, bheimís ábalta an rud céanna a dhéanamh le haon chomhairleoir contae eile a chuirfeadh iarratas isteach, chomh fada agus is féidir linn.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Go raibh maith agat.