Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 29 September 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Soláthar Tithíochta agus Cúrsaí Bonneagair i gCeantair Ghaeltachta: Plé
2:00 am
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
All right, níl a fhios agam faoi sin ach b'fhéidir gurb é sin mar atá. Ba cheann de na hathruithe móra atá aontaithe ag an Rialtas le déanaí ná cead a thabhairt arís do thógálaí eastát tithíochta le hionaid séarachais sealadacha a thógáil, mar a bhí siad in ann a dhéanamh blianta ó shin. Sílim go ndéanfaidh sé sin difríocht. Tá a fhios againn go bhfuil cuid acu ag breathnú ar rudaí agus i dteagmháil leis an gcomhairle contae. Cabhróidh an t-athrú sin sna háiteanna atá ag fanacht ar Uisce Éireann nó ar an gcomhairle contae le scéim bhuan a chur isteach. An aontaíonn Donncha Ó hÉallaithe go ndéanfaidh sé sin difríocht?