Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 29 September 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Soláthar Tithíochta agus Cúrsaí Bonneagair i gCeantair Ghaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Donncha Ó hÉallaithe:
Gabhaim buíochas le baill an choiste. Tá áthas orm a bheith ar ais anseo arís ag caint faoi chúrsaí tithíochta. Ar bhealach, níl mórán bainte amach ó bhíomar anseo cheana. Nuair a bunaíodh BÁNÚ i ndeireadh na bliana 2023, beagnach trí bliana ó shin, bhíomar ag iarraidh go ndéanfaí cúpla rud ag leibhéal an Rialtais le dul i ngleic leis an nganntann tithíochta atá sa nGaeltacht. Bhí ceithre bunéileamh ag BÁNÚ. Ceapaim go raibh na héilimh chéanna ag Conradh na Gaeilge - le ceann amháin breise - agus ag Tinteán ina dhiaidh sin. Is iad sin ná: go dtabharfaí an chumhacht d'Údarás na Gaeltachta dul ag plé le soláthar tithíochta sa nGaeltacht agus go dtabharfaí cead agus an t-airgead do Roinn na Gaeltachta le go mbeadh sí in ann úsáid a bhaint as Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, faoina b'fhéadfadh Aire na Gaeltachta deontais, tacaíocht agus scéimeanna tacaíochta a chur ar bun le soláthar tithíochta a fheabhsú do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht.
Bhíomar ag iarraidh go ndéanfaí rud éigin mar gheall ar chúrsaí Airbnb. I gceantair Ghaeltachta atá gar don fharraige go speisialta, is fadhb an-mhór é do dhaoine ón áit atá ag iarraidh tithe a fháil ar cíos go bhfuil an chuid is mó de na tithe ar Airbnb. Tá sé níos mealltaí do dhaoine iad a chur ar Airbnb.
Tá dul chun cinn beag déanta ar an gceathrú ceann, is é sin go ndéanfaí na treoirlínte pleanála a fhoilsiú. Bhí na chéad chruinnithe idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn tithíochta faoi na treoirlínte pleanála in 2019, seacht mbliana ó shin. Gealladh go mbeidís réitithe faoi dheireadh na bliana 2021. Ní raibh siad réitithe faoin am a cuireadh deireadh leis na treoirlínte faoi alt 28 den Acht pleanála. Tharla sé sin bliain ó shin. Is é an rud a bhí le teacht ansin ná ráiteas náisiúnta pleanála. Bhí ráiteas náisiúnta pleanála as féin geallta sa phlean tithíochta a foilsíodh i mí na Samhna anuraidh. Gealladh ráiteas as féin don Ghaeltacht agus ráiteas as féin do na ceantair tuaithe. Ar chúis éigin, cuireadh an péire acu le chéile. Is léir anois gur faoi dheifir a deineadh é. Bhí mé ag éisteacht agus ag breathnú ar chruinniú an chomhchoiste tithíochta Dé Máirt seo caite nuair a bhí an tAire Stáit atá freagrach as an dréachtráiteas pleanála, an Teachta John Cummins, anseo. Cuireadh cúpla ceist air i dtaobh na Gaeltachta.
Is é an rud is aistí ar fad faoi na rialacha nó an ráiteas náisiúnta pleanála maidir leis an nGaeltacht ná, in áit an chosaint ar an nGaeilge sna Gaeltachtaí is leochailí, na Gaeltachtaí is tábhachtaí atá againn mar gheall gurb iad na cinn ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid, a neartú, is a mhalairt atá le déanamh. Is cás na Rinne an cás is measa ar fad. Bím ag faire ar na figiúirí daonáirimh a thagann isteach agus tá teacht chun cinn iontach déanta - teacht aniar, d'fhéadfá a rá - ag an nGaeilge sa Rinn. Tá sé sin le feiceáil sa daonáireamh is deireanaí a tháinig amach. Tá níos mó páistí á dtógáil le Gaeilge sa Rinn ná mar a bhí le fada an lá. Tá borradh faoin nGaeilge sa Rinn. Tá sé molta ag an ráiteas náisiúnta pleanála go laghdófar an céatadán tithíochta a bheidh curtha ar fáil in aon scéim tithíochta sa Rinn ó 80% go dtí 37%. Ní hamháin sin ach ní bheidh na coinníollacha teanga i bhfeidhm ach ar feadh deich mbliana de réir an ráiteas náisiúnta pleanála, áit ina bhfuil siad i bhfeidhm ar feadh 15 bliana faoi láthair. Ní hé sin an rud a bhíomar ag súil leis nuair a bhíomar ag iarraidh treoirlínte pleanála. Bhíomar ag iarraidh go n-eiseofaí treoirlínte pleanála do na húdaráis phleanála a chinnteodh go mbeadh na húdaráis sin ag cloí leis an dlí ó thaobh cosaint a thabhairt don Ghaeilge mar theanga phobail sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil sí fós á húsáid. Is é a mhalairt atá sa ráiteas náisiúnta pleanála.
Ag teacht ar ais go dtí an cruinniú comhchoiste Dé Máirt seo caite, bhí mé ag éisteacht go cúramach leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit, an Teachta Cummins. Ceapaim go ndúirt an tAire Stáit go gcaithfear breathnú air seo ach dúirt sé rud tábhachtach eile. Dúirt sé gur tháinig na moltaí atá ann maidir leis an nGaeltacht ó Roinn na Gaeltachta. Bheadh muid ag súil go mbeadh Roinn na Gaeltachta ar a mhíle dícheall ag iarraidh an Ghaeilge a chosaint ó thaobh aon ráiteas, treoirlínte nó dlí a bhaineann leis an nGaeltacht atá á thabhairt isteach ag aon Roinn Stáit eile ach is é a mhalairt a tharla sa gcás seo.
Tá fadhb againn le Roinn na Gaeltachta. Dar linn, is cuid den fhadhb le Roinn na Gaeltachta ná go bhfuil Aire Gaeltachta againn a bhfuil dhá Roinn mhóra faoina chúram. Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí faoina chúram. Is Roinn mhór é sin. Tá an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta faoina chúram chomh maith agus níl aon Aire Stáit ag plé leis an nGaeltacht. Inár dtuairim, tá easpa treoir pholaitiúil i Roinn na Gaeltachta le súil a choinneáil ar céard atá ag tarlú agus lena chinntiú go mbeadh cibé rud atá á eisiúint ó Roinn na Gaeltachta ag teacht le polasaí an Rialtais mar atá leagtha síos sa chlár Rialtais a foilsíodh beagnach dhá bhliain ó shin. Mar sin, inár dtuairim, tá sé tábhachtach go mbeadh Aire sóisearach le freagracht speisialta don Ghaeltacht ceaptha a d'oibreodh, ar ndóigh, faoi Aire na Gaeltachta. Bheadh an tAire Gaeltachta, an Teachta Dara Calleary, ina Aire sinsearach i gcónaí freagrach as an nGaeltacht ag bord an Rialtais ach bheadh Aire sóisearach in ann am a chaitheamh ag déileáil le Roinn na Gaeltachta lena chinntiú, i dtosach báire, nach mbeadh aon treoirlínte pleanála á n-eisiúint a dhéanfadh dochar don Ghaeltacht agus lena chinntiú freisin go mbainfí úsáid as an méid atá sa reachtaíocht cheana féin chun deis a thabhairt do Roinn na Gaeltachta teacht i gcabhair ar dhaoine, cainteoirí Gaeilge, atá ag iarraidh tithe a thógáil sa nGaeltacht.
Níl mé le dul mórán níos faide leis an scéal ach tá rud amháin eile a chur an-díomá orm leis an ráiteas náisiúnta pleanála. Nuair a bhí mé os comhair an chomhchoiste seo cheana, luaigh mé go bhfuil cultúr sa nGaeltacht le fada an lá ina dtógann daoine a chuid tithe féin. Is cultúr é sin a chothaigh an chéad Rialtas a bhí sa Stát, le linn an tSaorstáit, nuair a cuireadh scéim tithíochta na Gaeltachta ar bun in 1929, beagnach 100 bliain ó shin. Mhol Coimisiún na Gaeltachta in 1926 go ndéanfaí rud éigin faoi na droch-choinníollacha tithíochta. Dá bharr sin, bhí chuile rialtas, fiú amháin nuair a bhí rudaí go dona agus airgead gann, ag tacú le daoine ón nGaeltacht a bhí ag iarraidh a chuid tithe féin a thógáil. D'oibrigh sé sin. Ní raibh daoine sa nGaeltacht ag brath chomh mór le háiteanna eile ar an gcomhairle contae le tithe a thógáil dóibh. Nílim ag fáil aon locht ar dhaoine a bheadh ag brath ar an gcomhairle contae le tithe a thógáil dóibh. Is i dteach de chuid na comhairle contae a tógadh mé féin. Bhí an cultúr sin cothaithe sa nGaeltacht, áfach. Ba mhaith é.
Tá anois ligthe le sruth an chumhacht faoi alt 9 d'Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, atá fós ar Leabhar na Reachtaíochta, go bhféadfadh Roinn na Gaeltachta deontais a thabhairt agus, níos mó ná sin, scéimeanna tacaíochta a chur ar bun a chabhródh le cainteoirí Gaeilge tithe a thógáil sa nGaeltacht. Tá muid ag cur béim ar rud amháin faoi leith atá ag an Roinn tithíochta agus atá á úsáid ag cuid mhaith contaetha, agus a úsáid go han-mhaith, is é an rud ar a dtugtar "ready-to-build". Is féidir leis serviced sites a chur ar fáil do dhaoine ar chostas níos lú ná an costas a thógann sé. Tá sé déanta i gCill Mhantáin agus i dTiobraid Árann. Tá sé á dhéanamh i gContae an Chláir. Tá sé déanta i Contae Laoise. Níl sé déanta in aon chontae Gaeltachta, áfach. Is áit é sin ina bhféadfadh Roinn na Gaeltachta teacht isteach le scéim faoin reachtaíocht sin, ag obair in éindí leis an Roinn tithíochta, na comhairlí contae agus Údarás na Gaeltachta.
Tá talamh ag Údarás na Gaeltachta. Tá talamh ag Údarás na Gaeltachta a bhfuil scéimeanna séarachais taobh leis fiú amháin. Tá talamh aige thíos sa Rinn. Bhí mé thíos ann anuraidh. Chonaic mé é. Tá éileamh ar thithe ansin ó chuid de na daoine atá ag dul ag obair le Nemeton sa tionscal teilifíse. Tá talamh ag an údarás taobh le córas séarachais poiblí. D'fhéadfaí é sin a úsáid agus suímh seirbhísithe a chur ar fáil faoin scéim sin atá ag an Roinn tithíochta, dá mbeadh Roinn na Gaeltachta sásta glacadh leis sin agus scéim den chineál sin a chumadh in éindí leis an Roinn tithíochta le go bhféadfaí suímh mar sin a chur ar fáil do dhaoine. Bheadh sé suas dóibh féin na tithe a thógáil le conaí iontu iad féin. Tá rialacha áirithe faoin scéim sin. Is rialacha maithe iad. Níl cead é sin a úsáid mar gheall nach bhfuil aon chomhairle contae Gaeltachta ag baint úsáid as. Níl aon spéis acu úsáid a bhaint as, mar a dúirt sí linn i nGaillimh. Is rud amháin é sin gur féidir a dhéanamh a dhéanfadh difríocht an-mhór. D'fhéadfadh sé a bheith ina game-changer maidir leis an gceist seo faoin tithíocht ach níl aon rud sa ráiteas náisiúnta pleanála faoi. Ba cheart go mbeadh.
Fágfaidh mé ansin ag an bpointe seo. B'fhéidir go mbeidh cúpla ceist dom ag daoine ina dhiaidh.