Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 30 June 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Maith dom mo ghlór. Tá an cur chuige atá againn mar eagraíocht bunaithe ar na trí philéar atá againn, is iad sin, forbairt eacnamaíochta, forbairt pobail agus pleanáil teanga. Tá na trí philéar fite fuaite lena chéile. Mar a luaigh Tomás Ó Síocháin, nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta in 1980, ba é an príomhchuspóir a bhí aige ag an am ná daonra na Gaeltachta a choinneáil sa Ghaeltacht. Bhí an teanga ag imeacht leo de barr nach raibh aon deiseanna fostaíochta ar fáil. Tá deiseanna fostaíochta anois sa Ghaeltacht. Tá an rogha ag daoine cónaí sa Ghaeltacht. Is féidir cónaí sa Ghaeltacht.
Maidir le forbairt pobail, baineann muid leas as an obair mhór atá á déanamh ag na heagraíochtaí forbartha pobail agus comharchumainn le pobail a chruthú ina bhfuil daoine ag iarraidh maireachtáil. Mar sin, is féidir le daoine cónaí sa Ghaeltacht, agus tá siad á iarraidh sin. Tá gné na teanga tógtha thart ar an dá philéar sin ar mhaithe le pobail rathúla labhartha Gaeilge Gaeltachta a chruthú agus a neartú. Tá ceangal díreach eatarthu ar fad.
Luaigh Tomás Ó Síocháin go bhfuil scéim nua ar bun againn faoi láthair chun cur le líon na Gaeilge sna cliaintchomhlachtaí lena mbíonn muid ag tacú go díreach. I láthair na huaire, tá muid ag díriú ar an 50 comhlacht is mó chun an tionchar is mó a bhaint amach. Tá muid ag obair leo maidir le taighde a dhéanamh ar an méid Gaeilge atá sna comhlachtaí agus mianta na gcomhlachtaí sin dá gcuid fostaithe agus fostóirí araon i dtaobh na teanga. Ansin, cuireann muid deiseanna ar fáil, más ranganna oiliúna nó ióga trí Ghaeilge, le gur féidir le daoine páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí.
Ag tagairt don rud a dúirt Tomás Ó Síocháin níos luaithe, caithfidh an deis labhartha a bheith ann a b'fhéidir nach mbeadh acu sa ghnáthaeráid oibre murach sin.
Ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh na heacnamaíochta, luaigh Tomás Ó Síocháin an earnáil chlosamhairc agus an tábhacht leis sin. Le dul ar ais ar an méid a dúirt an Teachta Ó Snodaigh níos luaithe ó thaobh na mol agus an deis atá ann ó thaobh na hearnála poiblí, creidimid go bhféadfadh sé sin a bheith mar dheis fíorthábhachtach agus stairiúil ó thaobh forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta sa mhéid is go bhfuil deis ann fostaíocht atá teangabhunaithe agus buanaithe a bheith meallta, ní go dtí na ceantair is gaire do na cathracha agus dá réir is éasca fostaíocht a chur iontu, ach na ceantair atá imeallach agus deacair againn agus atá dúshlánach d'aon áisínteacht fostaíocht a chur iontu. Táimid ag tacú an-láidir le haon fhorbairt a bheadh ann ó thaobh na mol agus ó thaobh na gcampas seo mar dheis fhostaíochta, dheis eacnamaíochta agus dheis cur leis an nGaeilge.