Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 June 2026

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid chun breathnú ar ráiteas deireadh bliana Údarás na Gaeltachta 2025, ar straitéis Údarás na Gaeltachta 2026–2030, agus ar an bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026–2028. Cuirim fáilte roimh na finnéithe seo a leanas ó Údarás na Gaeltachta: Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach; Rónán Mac an Iomaire, stiúrthóir forbartha réigiúnaí pobail agus pleanála teanga; agus Ruairí Ó Néill, stiúrthóir seirbhísí corparáideacha.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na finnéithe. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a nguthán soghluaiste múchta le linn an cruinnithe, mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú seo go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá siad ag freastal óna n-oifigí ba chóir dóibh a bhfíseán a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafón múchta nuair nach bhfuil siad féin ag caint.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim dóibh a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaím dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn, agus ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an cruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a d'fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas a thabhairt láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin. An nglacann na finnéithe leis na treoracha sin? Glacann.

Iarraim ar an bpríomhfheidhmeannach, Tomás Ó Síocháin, a ráiteas tosaigh a thabhairt.

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Ba mhaith liom ar an gcéad dul síos comhghairdeas a dhéanamh leis an gCathaoirleach ar a cheapachán. Go mairfidh sé a chúram nua.

Is mór againn an cuireadh teacht os comhair na Teachtaí agus na Seanadóirí chun plé a dhéanamh ar roinnt ábhar atá ag croílár obair Údarás na Gaeltachta. Tá an plé seo tráthúil. Tá an dréachtstraitéis don chúig bliain amach romhainn á roinnt le Roinn na Gaeltachta tráth an ama seo agus tá súil an straitéis sin a roinnt leis an bpobal i dtreo dheireadh na bliana. Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar phríomhtheanga pobail na Gaeltachta an bunchuspóir atá le polasaithe agus gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta. Chuige sin, ní mór béim ar leith a chur ar dheiseanna cainte a chruthú do dhaoine sa stráitéis nua. Tugtar le fios sa daonáireamh 2022 go bhfuil breis agus 65,000 duine sa Ghaeltacht atá in ann Gaeilge a labhairt, ach nach bhfuil ach díreach os cionn 20,000 de na daoine sin á labhairt taobh amuigh don gcóras oideachais sa Ghaeltacht. Ní mór sa chomhthéacs sin deiseanna cainte a chruthú dóibh siúd sa Ghaeltacht. Tá díreach faoi bhun 200,000 duine taobh amuigh den Ghaeltacht a thug le fios sa daonáireamh go bhfuil Gaeilge an-mhaith acu.

Tá trí mhórthéama sa dréachtstráitéis chuige sin. Leagtar béim ar cheannaireacht agus cumasú na n-óg – ag cinntiú go bhfuil na scileanna, deiseanna agus uirlisí ag an gcéad ghlúin eile do chainteoirí Gaeilge a thabharfaidh an deis dóibh cur go mór leis na réimsí ina bhfuil sé nádúrtha an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil in aeráid ina bhfuil an saol agus an saol oibre ag athrú ar luas lasrach. Is gá tógáil ar an mbunchloch láidir fostaíochta agus tionsclaíochta atá ann faoi láthair chun acmhainní na heagraíochta a úsáid chun áiseanna agus tacaíochtaí a chur ar fáil don phobal. An uair seo, beidh briseadh síos sonrach sa stráitéis ar fhorbairt ar mhórthograí caipitil i dtrí chéim: an chéad chéim, ag stáidéar féidearthachta; an dara chéim, cead pleanála a fháil, más cuí, agus foinsí maoinithe seachtracha agus inmheánacha a dhearbhú chuige; agus an tríú chéim, nuair go bhfuil an dá chéim eile in áit, an togra a bhainistiú agus a sheachadadh agus na spriocanna teanga, fostaíochta agus forbartha pobail a bhaint amach.

Beidh an stráitéis nua ag tógáil ar bhunchloch láidir polasaí atá in áit ag an Rialtas. Tá béim ar leith faoin Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 ar sheachadadh seirbhísí don phobal sa Ghaeltacht agus molchampais Gaeltachta don Státchóras a fhorbairt ina mbeidh daoine ag cur fúthu sa Ghaeltacht. Tá deis ansin cur le deiseanna fostaíochta trí mheán na Gaeilge, ach ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil cosán fiúntach forbartha gairme ina lár. Tá deis ann tograí píolótacha – mar chuid do 'bhoscaí gainimh' - agus limistéir nuálaíochta a fhorbairt. Go bunúsach, trí thógáil ar na hacmhainní nádúrtha agus an daonra oilte go sonrach, beidh an Ghaeltacht mar cheantair a bheidh chun tosaigh ó thaobh cur chuigí nua a thriail agus go mbeadh an Ghaeltacht dá réir ina eiseamláir agus mar dheis foghlama don tír trí chéile. Meallann sé sin acmhainní, deiseanna forbartha agus taighde. Tugann sé tús áite sna réimsí is mó tábhacht do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar bharr air sin.

Mar chomhthéacs, ba mhaith liom torthaí na bliana seo caite a chur i bhur láthair. Ag deireadh na bliana 2025, don dara bhliain as a chéile, bhain comhlachtaí go bhfuil an t-údarás ag tacú leo díolacháin ar fiú níos mó na €1 mhíle milliún, nó €1 billiún, iad. Chuir na comhlachtaí sin luach €570 milliún le geilleagar na tíre, buntáiste nach beag don Státchiste mar thoradh ar infheistíocht an Stáit in obair Údarás na Gaeltachta. Chruthaigh na comhlachtaí sin 681 post nua in 2025. Tá díreach faoi bhun 10,000 duine - 9,716 - ag obair sna comhlachtaí sin, trasna na gceantar Gaeltachta sna seacht gcontae. Cuireann an bhunchloch sin deis ar fáil do theaghlaigh cur fúthu sa Ghaeltacht agus an chéad ghlúin eile a thógáil sa Ghaeltacht. Chuige sin, mar shampla, tá caiteachas ar thograí caipitil na heagraíochta méadaithe ó €8.1 milliún in 2021 go €19.3 milliún in 2025. Léiríonn sé sin an infheistíocht leanúnach atá á dhéanamh i bhfoirgintí nua, ar uasghrádú punann maoine an údaráis agus ar thograí eile sa phíblíne caipitil don tréimhse reatha don bplean náisiúnta forbartha. Lean an obair thacaíochta i rith na bliana faoin gciste forbartha pobail, forbartha teanga agus eagraíochtaí forbartha pobail in 2025, ciste de luach €7.38 milliún.

Ó thaobh na tithíochta de, tá dul chun cinn déanta ar an gcomhoibriú leis na húdaráis áitiúla, agus tá súil dul i dtreo céim na pleanála ar thrí shuíomh roimh dheireadh na bliana seo agus, ag tarraingt ar chistí reatha na Roinne tithíochta, tógáil ar na múnlaí sin sna blianta amach romhainn. Tá sraith cruinnithe eagraithe sna contaetha Gaeltachta ar fad chun aird a tharraingt ar scéim na dtithe tréigthe i gcomhpháirt le Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Tá athbhreithniú foilsithe ag Roinn na Gaeltachta i leith an phróiseas pleanála teanga agus tús le cur leis an dara timthriall do chur chuige ina bhfuil 28 plean teanga, 33 oifigeach pleanála teanga agus buiséad €3.9 milliún luaite leis an obair sin. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh fhógra an Aire le seachtain anuas go bhfuil €5.3 milliún curtha ar fáil chun tacú le tograí teanga agus óige.

Ba mhaith liom díriú ar roinnt deiseanna suntasacha atá ag teacht chun cinn, a bhuíochas sin do pholasaithe Rialtais, polasaithe atá in áit le tamall agus polasaithe nua atá in áit ó thús na bliana. Tá tionchar láidir ag na polasaithe sin ar an gcur chuige don stráitéis nua. Sheol an tAire, an Teachta Calleary, an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 in Eanáir na bliana seo. Beidh stáidéar féidearthachta á ndéanamh i mbliana ar aonaid shonracha seirbhíse poiblí – nó molchampais Gaeltachta - a bhunú sa Ghaeltacht, nó a athlonnú chuig an nGaeltacht. Is deis ar leith é seo do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge. Mar a dúirt mé níos luaithe, ní mór cosán forbartha gairme fadtéarmach a bheith ina lár, a mheallfadh daoine ag gach leibhéal agus le scileanna agus cúlraí éagsúla chun na Gaeltachta.

Tá an t-údarás réidh agus acmhainní an údaráis, ar nós an ghréasán Gteic mar shampla, á gcur ar fáil chun tacú le obair Roinn na Gaeltachta an stáidéar féidirtheachta atá luaite sa phlean a chur i gcrích chomh luath agus is féidir. Tá an obair atá déanta agus beartaithe ar dhigitiú na Gaeilge i lár na hoibre seo. Tá oiliúint curtha ar fáil cheana féin d'fhoireann an údaráis agus cuirfear breis deiseanna oiliúna ar fáil sa réimse seo i rith an tsamhraidh, ar champas Choláiste Íosagáin i gContae Chorcaí mar shampla, dírithe ar an earnáil phoiblí, ar eagrais forbartha pobail agus ar chomhlachtaí eile in imeacht ama.

Beidh an t-éileamh ar oiliúint agus na huirlisí nua seo ag cruthú éilimh do fhiontraithe nua feidhmiú sa spás seo trí mheán na Gaeilge. Tá comhpháirtíocht ar bun le Gaeilge 365 agus an Mol Digiteach i mBaile Átha Cliath a bheidh ag tacú le comhlachtaí sna Gaeltachtaí agus ar fud na tíre freastal ar an obair seo agus ardán soláthar phoiblí a chur in áit dóibh chun an deis fáis a thapú. Tabharfaidh an togra seo deis forbartha agus ardán forbartha do chomhlachtaí Gaeltachta atá ag feidhmiú agus ag tairiscint seirbhísí trí mheán na Gaeilge go sonrach tarraingt ar chaiteachas Stáit chun borradh a chur faoina ngnó. Sa tslí seo, beidh ról ar leith ag Údarás na Gaeltachta cur leis an raon seirbhísí atá ar fáil don phobail ag úsáid áiseanna nua digiteacha. Is obair nuálaíochta é sin; sampla don deis atá ann tograí nuálaíochta a lonnú sa Ghaeltacht, mar a bheadh ‘bosca gainimh’ Gaeltachta ann. Ciallaíonn sé sin, in áit go bhfuil buntáiste ag ceantar Gaeltachta – má tá farasbarr fuinneamh gaoithe sa cheantar, mar shampla - gur féidir an buntáiste sin a úsáid chun tograí píolótacha a fhorbairt sa Ghaeltacht, ach an taithí agus saineolas sin a roinnt ar bhonn náisiúnta ina dhiaidh sin.

Tá saineolas domhan forbartha in áiteanna ar leith - an earnáil teicleighis timpeall ar chathair na Gaillimhe mar shampla, áit a bhfuil an líon is airde tograí nuálaíochta maoinithe ag an gciste nuálaíochta DTIF in aon cheantar amháin ann. Tá deis ann an saineolas idirnáisiúnta sin a úsáid chun tograí áitiúla a fhorbairt a bheidh chun leasa an phobail agus comhlachtaí beaga. Tá an cur chuige sin luaite go sonrach i bpolasaí Rialtais i réimsí fuinnimh inathnuaite, tithíochta, seirbhísí phoiblí agus iompair. Tá Údarás na Gaeltachta ag iarraidh na deiseanna sin a thapú do chliantchomhlachtaí, do phobail na Gaeltachta agus go sonrach mar dheis oiliúna don aos óg. An tseachtain seo mar shampla, tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe spéise ó eagraíochta tithíochta agus eile go mbeadh suim acu scéim píolótach tithíochta ar chíos íseal fadtéarmach a fhorbairt ar thalamh an údaráis ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Tá cead faighte ó nGníomhaireacht Tithíochta an scéim STAR a leasú chun ocht n-áit cónaithe a fhorbairt ar láthair go bhfuil ceithre theach folamh ann. Is cabhair mór an tacaíocht ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall, an Ghníomhaireacht Tithíochta agus bord an údaráis a thacaigh leis an obair seo. Beidh an múnla seo inaistrithe chuig ceantair eile má éiríonn leis.

Cé go bhfuil, mar atá leagtha amach, ardú tagtha ar chaiteachas caipitil Údarás na Gaeltachta, beidh súil agus muid ag tabhairt faoi thograí uaillmhianacha straitéiseacha tarraingt ar fhoinsí eile maoinithe. Pléadh an t-ábhar sin ag cruinniú bhord Údarás na Gaeltachta ar an Aoine seo caite i mBéal an Mhuirthead agus aontaíodh d'aon ghuth go dtógfaidh gach Roinn Stáit suntas do na cúramaí pholasaí atá in áit agus a bheidh ag teacht i bhfeidhm don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus ar an obair ullmhúcháin atá ar bun do bhuiséad 2027 ionas go mbeidh tagairt sonrach agus buiséad chuige don obair sin ar phlean oibre gach Roinn Stáit don bhliain 2027 agus gach bliain ina dhiaidh sin.

Mar fhocail scoir, thar mo cheann mar phríomhfheidhmeannach, agus thar ceann Rónán Mac Con Iomaire, stiúrthóir forbairt pobail, réigiúin agus pleanála teanga agus Ruairí Ó Néill, stiúrthóir seirbhísí corparáideacha, agus Dearbháil Ní Chualáin atá ar saoire faraor, agus nach bhfuil in ann a bheith linn, ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl don Chathaoirleach agus dá chomhleacaithe Dála agus Seanaid. Cuirimíd fáilte anois roimh aon cheist.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn ar maidin. Rachaidh mé anois go dtí comhaltaí an choiste. Tá seacht nóiméad an duine ag gach aon chomhalta. Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo. Tá sé go hiontach dea-scéal a chloisteáil sa mhéid a chur Tomás Ó Síocháin inár láthair faoin straitéis nua, agus go bhfuil an deis ann cur leis an obair atá déanta go dtí seo. Tiocfaidh mé ar ais go dtí ceist na tithíochta. Is ceist mhór é sin atá le plé inniu. Conas is féidir linn níos mó daoine a mhealladh le hobair sna molchampais atá lonnaithe timpeall na tíre? Tá cianobair ar siúl ag go leor daoine timpeall na tíre agus is minic gur ó bhaile atá sé sin agus nach mbíonn siad ag bogadh síos go dtí na molchampais agus á n-úsáid ag an leibhéal go mba chóir dóibh. Níl a fhios agam an bhfuil sé difriúil i gceantair Ghaeltachta agus sna molchampais atá bunaithe ansin.

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Ar an mbealach is leithne, tá coincheap ann. Is é an rud atá ráite sa phlean ná gur gá dúinn dianscagadh agus staidéar féidearthachta a dhéanamh air sin. In áit go gceapfadh daoine gur céim ar leataobh é sin, tá gá leis. Cuir i gcás, mar shampla, go bhfuil roinnt mhaith foirgnimh againne. Táimid ag déanamh ionad fiontraíochta a fhorbairt sa Rinn i gContae Phort Láirge, tá Coláiste Íosagáin forbartha againn i gContae Chorcaí, tá ionad oideachais agus óige á fhorbairt i gConamara, agus tá Gteic i nGaoth Dobhair. Tá na spásanna sin á n-ullmhú nó faoi réir agus ullamh mar thús. Fiú an samhradh seo, táimid ag iarraidh cúrsaí oiliúna a chur ar bun.

Cuid den samhail atá againn ná an staidéar féidearthachta seo a úsáid le figiúirí a chur timpeall air sin, ag ceistiú an bhfuil na foirgnimh sin, san áit ina bhfuil siad réidh, le gur féidir linn na doirse a oscailt. Tá foirgneamh atá faighte againn le déanaí agus tá suim léirithe ag comhlacht poiblí ann. Táimid ag obair leis an gcomhlacht sin ag iarraidh na daoine sin a mhealladh isteach.

An rud is tábhachtaí ná go bhfuil conradh fostaíochta nó deis forbartha ag na daoine sin. Níor mhaith liom go mbeadh daoine ag aon leibhéal amháin ar fad ag bogadh agus nach mbeidh deiseanna forbartha ag na daoine sin cur lena gcuid taithí sna blianta amach romhainn. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh daoine ag leibhéil éagsúla, daoine sinsearacha chomh maith le daoine atá sóisearach, bheith in ann foghlaim óna chéile. Is sa tslí sin gur féidir linn bheith cinnte go mbeidh sé inmharthana mar chur chuige.

Ag féachaint siar ar an méid atá foghlamtha leis an gcianobair agus mar sin de, tá a fhios againn ar fad gurb é an baol atá ann ná, má tá buíon amháin nach bhfuil ag meascadh le dreamanna níos luaithe, nach mbeadh deiseanna fáis nó deiseanna dul chun cinn acu. Sa tslí sin, tá muidne sásta oiliúint a chur ar fáil. Tá go leor de sin ann. Beimid ag caint air sin. Tá cáipéis uasdátaithe againn a dhéanann cur síos air sin ó thaobh dhigitiú na Gaeilge. Tá foirgnimh agus maoin againn le cur ar fáil do na daoine sin. Táimid ag obair ar rudaí eile a théann timpeall air sin, ar nós deiseanna tithíochta agus cur le háiteanna ina mbeadh daoine in ann cur fúthu. Táimid ag iarraidh féachaint air sin ar bhonn gearrthréimhseach ar dtús. D'fhéadfadh daoine teacht ar feadh tamall le triail a bhaint as. Ansin, ar bhonn níos leithne, bheadh siad á meascadh le cúrsaí oiliúna ar feadh trí nó sé mhí. Osclóidh sé sin an doras dóibh cur fúthu sa Ghaeltacht sa bhfadtéarma. Ní mór dúinn an t-eolas sin ar fad a thabhairt le chéile. Tá súil againn go mbeadh sé sin indéanta roimh dheireadh na bliana seo. Is deis ar leith í seo agus ní mór dúinn í a thapú.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist eile agam, a bhaineann leis an gceist sin i slí amháin. Anuraidh, bhí €19.3 milliún i gceist le caiteachas caipitil na heagraíochta. An leor é sin? An bhfuil plean ag an eagraíocht déileáil leis má fhanann an maoiniú ag an leibhéal sin? Déanann gach duine iarratais ar airgead breise don Aire ag an am seo den bhliain. Ní bhíonn a fhios againn go dtí mí Dheireadh Fómhair. Bheadh muidne ag impí air go mbeidh níos mó airgid curtha isteach. Ní raibh ach ardú €1 milliún i mbliain amháin. An leor é sin sa lá atá inniu ann agus praghsanna ag ardú? Glacaim leis go bhfuil straitéis nó plean ag an údarás. B'fhéidir go mbeadh tograí ar an suíomh i gcúig bliana. Tá siad réidh le bogadh anois ach tá an praghas tar éis léim go substaintiúil. Is féidir linn an cheist sin a chur ar an Aire nuair a thagann sé os ár gcomhair maidir leis an mbuiséad i mbliana nó fiú buiséad na bliana seo caite.

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Ar an dara gné den cheist sin, tá praghsanna tar éis ardú. Is rud é sin atá tugtha faoi deara againn ó thús na bliana seo. Ar an iomlán, tá na milliúin i gceist leis an méid a bhí beartaithe againn thar na tograí ar fad a bhí luaite againn ag tús na bliana agus an praghas ar chuir muid orthu. Baineann sé sin le Caolas Hormuz agus praghsanna a bhaineann le cúrsaí tógála. Ina iomláine, baineann sé leis an éiginnteacht. Fiú agus muid ag plé le tógálaithe, tá siad ag rá linn nach féidir leo a bheith cinnte cén t-éileamh a bheidh acu nó cén praghas a bheidh orthu íoc ar nithe tógála as seo go ceann roinnt míonna nó an bhliain seo chugainn. Sa chomhthéacs sin, is cinnte go mbeadh tuilleadh acmhainní ina gcabhair mar tá na costais seo tar éis teacht aniar aduaidh orainn.

Agus é sin ráite, mar a dúirt mé sa ráiteas, tá an méid atá á chaitheamh againn tar éis ardú de réir a chéile ó 2021 go dtí seo. Táimid ardaithe ó €8 milliún go díreach faoi bhun €20 milliún, €19.3 milliún, mar a luaigh an Teachta.

Chomh maith le ceist an airgid, tá ceist an chumais, is é sin le rá go mbeadh an fhoireann againn agus go mbeadh an fhoireann in ann an méid sin a láimhseáil. Tá sé sin in áit anois. Maidir le ceann de na rudaí a luaigh mé i gcomhthéacs an straitéis atá ag teacht, tá baol ann. Tógfaidh mé an méid a tharla síos i gColáiste Íosagáin i gContae Chorcaí mar shampla. Thóg an togra sin 12 bhliain. Is togra eiseamláireach é inniu. San iarracht teacht chomh fada leis sin, mar a luaigh mé, bhris muid rudaí síos i dtrí chéim. Táimid ag iarraidh é seo a dhéanamh soiléir sa chéad straitéis eile. Is é staidéar féidearthachta an chéad chéim. Bhí mé ag caint faoi na molchampais. Cad atá i gceist leo? An féidir linn praghas a chur air sin?

Is é an dara céim ná cead pleanála a fháil agus maoiniú a fháil chuige. Chonaiceamar le cuid de na mórthograí a bhí againn - bhíomar os comhair an choiste cheana ag caint ar Pháirc na Mara - nach n-éiríonn linn cead pleanála i gcónaí, fiú má tá airgead caite againn ar an togra. Ina dhiaidh sin, caithfimid a bheith cinnte go bhfuil an t-airgead ann. Níos minice ná a chéile, mar gheall ar líon acmhainní an údaráis, bímid ag brath ar fhoinsí eile airgid, an RRDF nó cistí cosúil leis. Caithfear an dá chéim sin a bheith curtha dínn sula dtiocfaimid ag an tríú céim, seachadadh an fhoirgnimh. Gabhaim buíochas le Ruairí Ó Néill ón bhfoireann mhaoine agus Rónán Mac Con Iomaire ón bhfoireann réigiúnda. D'éirigh leo rud ar scála Choláiste Íosagáin a chríochnú in am agus ar bhuiséad.

Cé go gcuirimid fáilte roimh acmhainní, caithfimid a bheith cinnte dearfach go bhfuil muid in ann na hacmhainní sin a chaitheamh de réir mar is gá agus na réamhchéimeanna a bheith tógtha againn. Tá brú orainn faoi láthair mar gheall ar an ardú ar an gcostas, áfach. Níl aon cheist faoi sin. Tá sé sin ag cur brú orainn leis an méid a theastaíonn uainn a dhéanamh.

Mar fhocal scoir, mar atá a fhios againn ar fad, tá cúrsaí athrú aeráide ag brú orainn ar fad. Tá dúshláin romhainn na foirgnimh a thabhairt suas chun dáta. Téann go leor acu siar chuig na seachtóidí.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn. Tá dul chun cinn déanta ag an údarás ar go leor rudaí difriúla. Luaigh an Teachta Ó Snodaigh cúrsaí tithíochta. Tá dul chun cinn déanta ag an údarás ina leith sin. Dúradh go raibh trí shuíomh ag an údarás agus go bhfuil sé chun cead pleanála a lorg dóibh. Cad atá le tógáil?

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Ar an dul chun cinn atá déanta againn, cuirimid fáilte roimh fhoilsiú na dtreoirlínte pleanála inniu. Ní raibh muid páirteach ina n-ullmhúchán ach tuigtear dúinn go bhfuil siad ag dul os comhair an Rialtais. Beimid á scrúdú go géar. Ónár dtaobh, is é an obair atá ar bun againn le dhá bhliain anuas ná a bheith ag obair go dlúth leis na comhairlí áitiúla. Chabhraigh an tAire, an Teachta Calleary, linn é sin a chur in áit. Tá an plé ar bun. Mar atá a fhios ag na baill níos fearr ná mise, is ceist chasta í an tithíocht ach, ón gcéad lá, is é an rud a bhí leagtha amach againn ná go mbeadh talamh an údaráis ar fáil ar mhaithe le tithíocht a fhorbairt. Tá sé i gceist againn an méid is féidir linn a dhéanamh ar an talamh sin.

Tógfaimid mar shampla an rud atá luaite agam sa ráiteas tosaigh. Ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, tá tithe a bhí tógtha sna seachtóidí a bhfuil i ndrochstaid anois. Is gá athchóiriú a dhéanamh orthu agus mar sin de. Le dhá bhliain anuas, táimid ag féachaint ar conas is fearr agus is féidir linn é sin a dhéanamh ach is ceist níos leithne í ó thaobh tithíocht faoin tuath tarraingt ar na scéimeanna atá in áit do cheantair uirbeacha go náisiúnta. Le cabhair ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ón nGníomhaireacht Tithíocht, tá cead tugtha dúinn úsáid a bhaint as an scéim Secure Tenancy Affordable Rental investment, STAR, chun na tithe sin a fhorbairt agus iad a chur ar fáil ar cíos réasúnta ar feadh tréimhse fhada. Beidh na ceithre sheanteach sin forbartha ina n-ocht n-ionad níos lú agus muid ag tarraingt ar an scéim sin. Léiríonn sé sin an cheist pholasaí. Caithfimid díolúine a fháil nó caithfear eisceacht a dhéanamh ionas gur féidir linn an méid sin a dhéanamh in áit os cionn deich dteach a dhéanamh. Níl a fhios againn go bhfuil an t-éileamh ann ná go bhfuil sé indéanta ó thaobh maoinithe. Le hocht dteach nó, i gcásanna eile, sé theach nó rud den sórt sin, is cabhair ollmhór dúinn a bheith in ann é sin a dhéanamh ag an scála sin.

Tá tábhacht leis sin agus muid ag caint ar na deiseanna atá ann le molchampais agus ar dhaoine atá ag iarraidh bogadh chun na Gaeltachta. Is léir dúinn go bhfuil. I gCiarraí theas, rinneamar obair le tascfhórsa Uíbh Ráthaigh a léirigh go raibh 180 clann sásta bogadh go Ciarraí theas ach nach raibh tithíocht ann dóibh. Ónár dtaobh, má táimid in ann dornán beag tithíochta mar sin a fhorbairt ar thalamh an údaráis in áiteanna a bhfuil seirbhísí ar fáil, scoileanna in aice leo agus mar sin de, fágann sé go mbeadh pobal labhartha na Gaeilge in áit agus go mbeadh na tithe sin 100% do dhaoine le Gaeilge. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag cur le líon na ndaoine atá ar scoil in áiteanna beaga tuaithe. Is féidir linn tógáil air sin.

Is é seo an chéad cheann de thrí cinn. Baineann ceann de na cinn eile le hinfreastruchtúr uisce. Táimid ag féachaint ar uasghrádú a dhéanamh ar an gcóras uisce in áit amháin. Chabhródh sé sin le tithíocht. Baineann an tríú ceann le hiarracht atá ar bun againn tithíocht phobail a chur in áit. Bheadh an pobal in ann teacht le chéile i gcomhair rud fadtéarmach. Is múnla é seo atá in úsáid sa Ríocht Aontaithe go minic, áit a n-éiríonn leis. Tá muid ag iarraidh an múnla sin a úsáid anseo nó triail a bhaint as. Is sampla maith é sin d'áit inar féidir leis an nGaeltacht buntáiste a bhaint as pleananna náisiúnta. Féach ar limistéar na Gaeltachta. Tá os cionn 100,000 duine ann. Tá meascán ann. Is ceantair thuaithe iad go leor acu ach, mar atá a fhios ag an Teachta, ina Dháilcheantar féin, tá ceantar uirbeach timpeall ar chathair na Gaillimhe ina Ghaeltacht. Is féidir linn go leor rudaí a thriail a mbeadh tionchar acu ar bhonn náisiúnta ach is féidir leis an nGaeltacht agus pobail na Gaeltachta buntáiste a bhaint as scéimeanna píolótacha mar seo freisin.

Is sampla maith é an ceann seo a bhfuil muid ag cur tús leis i nDún na nGall. Tá muid ag féachaint má tá AHB nó comhlacht tithíochta eile sásta teacht isteach ag obair linn agus scéim ar an leibhéal sin a dhéanamh a mbeidh an-tionchar aige ar an bpobal, ar chúrsaí oideachais, ar an nglúin óg ach, go sonrach, ar an nGaeilge.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is trí iarratas difriúil iad.

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Sin é go díreach. Tá an ceart ag an Teachta. Tá sé sin ar cheann de na rudaí atá tar éis teacht chun cinn níos mó ná aon rud eile - níl aon fhreagra amháin atá oiriúnach i ngach ceantar Gaeltachta. I gcuid de na háiteanna, is infreastruchtúr atá i gceist. Feicim an Seanadóir Conway i láthair, atá ina iarchomhalta de chuid an údaráis. Tá taithí aige air sin agus muid ag plé leis an gceist seo le fada. In áiteanna éagsúla, baineann sé le heaspa seirbhísí. In áiteanna eile, b’fhéidir go bhfuil an talamh ar fáil ach ní léir dúinn go bhfuil teacht ar áit bheag in aice láimhe nó b’fhéidir go bhfuil go leor tithe aonaracha. In áiteanna eile, is ceist airgid í. Bíonn rudaí éagsúla mar dhúshláin in áiteanna éagsúla.

Tar éis dúinn dhá bhliain a chaitheamh leis seo, tá misneach anois agam nach raibh agam roimhe. Tuigim gur beag faoiseamh é sin do dhaoine atá ag fanacht le tithíocht le fada. Mar is léir ón méid atá foilsithe againn ar maidin - nach raibh aon ról ag an údarás ann - is ról tánaisteach atá ag an údarás. Is é sin atá ráite ag an Aire agus Roinn na Gaeltachta araon. Sa tslí sin, níl muid ag teacht in áit na gcomhairlí contae nó na gcomhairlí áitiúla. Is léir ón méid atá le fógairt inniu go bhfuil siad i lár an aonaigh. Tá muid ag iarraidh, ar bhonn píolótach, in áiteanna gur féidir linn, tacú le tithíocht a éascú, chun ár gcuid a dhéanamh.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leis an misneach sin atá ag Tomás Ó Síocháin anois, an bhfuil muid ag breathnú go mbeidh muid ag cur leis seo amach anseo?

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Cinnte dearfa, is féidir na múnlaí seo a úsáid in áiteanna Gaeltachta eile. Ina dhiaidh sin, is ceist don Roinn tithíochta nó don Ghníomhaireacht Tithíochta í. Is cinnte go mbeidh muid sásta a bheith ag foghlaim agus ag roinnt na dtorthaí sin. Mar shampla, san áit a bhfuil An Ghníomhaireacht Tithíochta tar éis a rá linn gur féidir é seo a dhéanamh ag leibhéal níos lú, beidh muid in ann dul ar ais agus a rá gur oibrigh go maith leis, nó gur oibrigh go maith le cuid amháin agus nár oibrigh gné eile de. Is cinnte gur féidir é sin a dhéanamh in áiteanna eile agus é a scálú.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Tomás Ó Síocháin muiníneach go mbeidh na trí iarratas sin ann i mbliana.

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Is é an rud atá ráite agam ná go bhfuil muid ag lorg comhlachta sa chás seo agus tá súil againn go mbeidh rud éigin ullmhaithe roimh dheireadh na bliana le cur isteach ar chead pleanála. Sa cheann ina bhfuil infreastruchtúr uisce i gceist, tá muid dóchasach go mbeidh muid ag cur isteach ar chead pleanála sa chás sin le huasghrádú a dhéanamh ar an gcóras uisce atá ann faoi láthair. Tiocfaidh an t-iarratas ar thithíocht ina dhiaidh sin. Muna bhfuil an t-uisce agus an séarachas ann, ní féidir linn tithíocht a dhéanamh. Arís, sa cheann eile, má tá an maoiniú in áit, beidh muid in ann cur isteach ar chead pleanála.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé air a bhfuil an dualgas chun an maoiniú sin a chur ar fáil?

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Tá muid á fhiosrú sin. Cé go bhfuil roinnt airgid ann ón Stát, níl aon rud in aon áit atá ag tacú go sonrach le tithíocht phobail, nó community housing mar a thugtar air. Tá sé luaite in go leor áiteanna go bhfuil suim ag an Rialtas é seo a dhéanamh. Tá muid ag iarraidh a bheith ag obair leis na comhairlí áitiúla leis seo agus a chur in iúl dóibh go bhfuil muid sásta triail a bhaint as. In áit amháin, tá pobal atá thar a bheith láidir tar éis an-chuid oibre a dhéanamh. Tá an obair bhaile agus na staidéir fhéidearthachta déanta acu in iarracht é seo a bhrú chun cinn, agus tá muid sásta tacú leo siúd.

Tá muid tar éis tacú le múnla eile i gCorca Duibhne. Tá muid tar éis airgead a chur ar fáil mar eagras forbartha pobail do Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Tá na tithe á dtógáil acu agus tá súil againn go mbeidh siad nach mór tógtha faoi dheireadh na bliana seo nó tús na bliana seo chugainn. Tá an múnla dírithe ar dhaoine atá sásta daltaí atá ag freastal ar choláistí samhraidh a chóiméad. Bhí dúshlán ag an bpobal sin maidir le líon na mban tí. Mar sin, tá siad ag oscailt an dorais do dhaoine nach mbeadh sé d’acmhainn acu é seo a dhéanamh murach na tithe seo.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo arís. Molaim go hard an méid oibre atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta, agus tá sé ag treabhadh ar aghaidh leis an obair thábhachtach sin. Chuala mé díospóireacht áit éigin le déanaí ina raibh duine ag caitheamh amach an ráitis seo, atá scríofa síos agam. Dúirt duine, “Ní hionann forbairt eacnamaíochta agus forbairt na Gaeilge.” Cad é meas na bhfinnéithe ar an ráiteas sin?

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Ní hionann. Is é sin bun agus barr an scéil. É sin ráite, tiocfaidh mé ar ais chuig an rud a bhí luaite agam sa ráiteas tosaigh maidir le deiseanna cainte a chruthú. Tá Údarás na Gaeltachta in áit le dhá scór bliain anuas. Bíonn díreach faoi bhun 10,000 duine ag obair i gcliaintchomhlachtaí an údaráis. Tá taighde déanta ag Údarás na Gaeltachta a léiríonn go bhfuil 58% de na daoine a oibríonn sna comhlachtaí sin ag úsáid agus ag labhairt na Gaeilge. Ar an gcéad dul síos, is céim shuntasach chun cinn í sin.

Anuas air sin, tá an comhthéacs an-tábhachtach. Nuair a bunaíodh an t-údarás dhá scór bliain ó shín, ba é an dúshlán ba mhó a bhí ann ná cúrsaí fostaíochta. Ina dhiaidh sin, tháinig dúshlán eile chun cinn agus thosaigh an t-údarás ag plé le cúrsaí forbartha tuaithe. Ansin, ina dhiaidh sin, tháinig ceist na teanga chun cinn. Beidh Rónán Mac Con Iomaire in ann cur síos a dhéanamh ar an tionchar atá ag an gcóras pleanála teanga, na limistéir pleanála teanga agus na hoifigigh pleanála teanga. Is í an áit a bhfuil an dúshlán os ár gcomhair amach anois, toisc go bhfuil nach mór lánfhostaíocht againn – tá seans go dtiocfaidh athrú air sin, áfach – ná leis na snáithíní sin a tharraingt le chéile agus ceist na tithíochta a réiteach sna háiteanna ina bhfuil sí mar dhúshlán roimh daoine.

É sin ráite, bheadh an-leisce orm deis fostaíochta a chur ó dhoras. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil deiseanna fostaíochta ar fáil. Caithfidh muid aghaidh a thabhairt air sin. Tá samplaí in áit go sonrach, ar nós earnáil na meán. Tá an chomhlacht, Nemeton, i gContae Phort Láirge ina shampla den chéad scoth. Bíonn sé ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus tacaíonn sé leis an obair a bhíonn ar siúl ag TG4. Anois, bíonn sé ag easpórtáil go comhlachtaí agus stáisiúin eile go hidirnáisiúnta, rud atá ríthábhachtach le go féidir le comhlachtaí fás. Sa tslí sin, bíonn sé ag cur fostaíocht ar fáil agus ag cur na Gaeilge chun cinn.

Tá muid ag iarraidh rudaí eile, ar nós digitiú na Gaeilge, a dhéanamh ina mbeidh an Ghaeilge lárnach. Léiríonn an taighde atá againn go bhfuil níos mó úsáid á baint as an Gaeilge san earnáil chlosamhairc ná aon earnáil eile. Sa tslí sin, tá muid ag iarraidh an buntáiste a bhaint as sin.

I gcomhthéacs na gcomhlachtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla toisc go bhfuil siad mar chuid de ghréasán idirnáisiúnta, ní mór dúinn dhá rud a dhéanamh. Ar an gcéad dul síos, ní mór dúinn deiseanna a chruthú do dhaoine le Gaeilge seal a chaitheamh sna comhlachtaí sin chun oiliúint nó taithí oibre a fháil, chomh maith le deiseanna oideachais a sholáthar atá bunaithe ar an obair ar leith a dhéanann na comhlachtaí sin. Is gá go mbíonn taighde ar bun nó deiseanna taithí oibre ar fáil. Sa tslí sin, tá muid ag cruthú deiseanna agus ag cinntiú go bhfuil na scileanna ag aos óg na Gaeltachta agus daoine le Gaeilge le dul ag obair sna comhaltaí sin.

Mar aon le go leor rudaí sa comhthéacs seo, níl sé chomh soiléir sin. Ar bhealach amháin nó bealach eile, ní féidir linn a rá nach nglacfaidh muid le fostaíocht maidin amárach muna bhfuil an Ghaeilge ag gach duine a bheidh ag obair sa chomhlacht. Tá an dualgas orainn an tacaíocht sin a thabhairt dóibh. B’fhéidir go dtiocfaidh Rónán Mac Con Iomaire isteach le labhairt faoin scéim nua atá in áit le tacaíocht a thabhairt do na cliaintchomhlachtaí sin.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Maith dom mo ghlór. Tá an cur chuige atá againn mar eagraíocht bunaithe ar na trí philéar atá againn, is iad sin, forbairt eacnamaíochta, forbairt pobail agus pleanáil teanga. Tá na trí philéar fite fuaite lena chéile. Mar a luaigh Tomás Ó Síocháin, nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta in 1980, ba é an príomhchuspóir a bhí aige ag an am ná daonra na Gaeltachta a choinneáil sa Ghaeltacht. Bhí an teanga ag imeacht leo de barr nach raibh aon deiseanna fostaíochta ar fáil. Tá deiseanna fostaíochta anois sa Ghaeltacht. Tá an rogha ag daoine cónaí sa Ghaeltacht. Is féidir cónaí sa Ghaeltacht.

Maidir le forbairt pobail, baineann muid leas as an obair mhór atá á déanamh ag na heagraíochtaí forbartha pobail agus comharchumainn le pobail a chruthú ina bhfuil daoine ag iarraidh maireachtáil. Mar sin, is féidir le daoine cónaí sa Ghaeltacht, agus tá siad á iarraidh sin. Tá gné na teanga tógtha thart ar an dá philéar sin ar mhaithe le pobail rathúla labhartha Gaeilge Gaeltachta a chruthú agus a neartú. Tá ceangal díreach eatarthu ar fad.

Luaigh Tomás Ó Síocháin go bhfuil scéim nua ar bun againn faoi láthair chun cur le líon na Gaeilge sna cliaintchomhlachtaí lena mbíonn muid ag tacú go díreach. I láthair na huaire, tá muid ag díriú ar an 50 comhlacht is mó chun an tionchar is mó a bhaint amach. Tá muid ag obair leo maidir le taighde a dhéanamh ar an méid Gaeilge atá sna comhlachtaí agus mianta na gcomhlachtaí sin dá gcuid fostaithe agus fostóirí araon i dtaobh na teanga. Ansin, cuireann muid deiseanna ar fáil, más ranganna oiliúna nó ióga trí Ghaeilge, le gur féidir le daoine páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí.

Ag tagairt don rud a dúirt Tomás Ó Síocháin níos luaithe, caithfidh an deis labhartha a bheith ann a b'fhéidir nach mbeadh acu sa ghnáthaeráid oibre murach sin.

Ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh na heacnamaíochta, luaigh Tomás Ó Síocháin an earnáil chlosamhairc agus an tábhacht leis sin. Le dul ar ais ar an méid a dúirt an Teachta Ó Snodaigh níos luaithe ó thaobh na mol agus an deis atá ann ó thaobh na hearnála poiblí, creidimid go bhféadfadh sé sin a bheith mar dheis fíorthábhachtach agus stairiúil ó thaobh forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta sa mhéid is go bhfuil deis ann fostaíocht atá teangabhunaithe agus buanaithe a bheith meallta, ní go dtí na ceantair is gaire do na cathracha agus dá réir is éasca fostaíocht a chur iontu, ach na ceantair atá imeallach agus deacair againn agus atá dúshlánach d'aon áisínteacht fostaíocht a chur iontu. Táimid ag tacú an-láidir le haon fhorbairt a bheadh ann ó thaobh na mol agus ó thaobh na gcampas seo mar dheis fhostaíochta, dheis eacnamaíochta agus dheis cur leis an nGaeilge.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhéadfaimis labhairt ar an gceist sin amháin ar feadh uair an chloig nó mar sin. Ní mór dom tagairt a dhéanamh do thithíocht i nGaeltacht na Rinne. Cad é an stádas faoi láthair idir an stiúrthóir tithíochta agus an príomhfheidhmeannach ansin. An raibh an t-údarás ag caint le déanaí faoin tionscnamh atá ansin?

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Go gonta, bhí. Mar chuid den phlé leanúnach atá ar bun leis na húdaráis áitiúla, tá Port Láirge páirteach ansin. Táimid ag féachaint air. Tá talamh againn agus ag Comhairle Contae Phort Láirge. Táimid sásta tacú leis an bhforbairt a dhéanamh ar a thalamh. Idir an dá linn, táimid ag leanúint ar aghaidh le hionad fiontraíochta na nDéise a fhorbairt ar ár dtalamh. Sin é an rud a bhfuilimid ag tabhairt tús áite dó. Léirigh an suirbhé a rinneamar ar éileamh tithíochta go bhfuil éileamh i gceantar na Rinne. Cinnte, táimid sásta, agus táimid ag obair le Comhairle Contae Phort Láirge air sin.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh an t-údarás ag baint úsáid as na AHBs? An mbeidh siad páirteach sa tionscnamh sin?

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Má táimid in ann é sin a dhéanamh ar bhonn díreach leis an Roinn tithíochta-----

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní gá reinventing a dhéanamh ar the wheel.

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Táimid oscailte. Táimid sásta le haon scéim a chuireann le líon na dtithe atá ar fáil. Táimid sásta a bheith ag obair leis sin.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta Ní Raghallaigh imithe agus tá cúpla ceist agam féin. Maidir le cúrsaí fiontraíochta, sa bhliain atá imithe, cé mhéad comhlacht nua a cuireadh ar bun sna ceantair Ghaeltachta faoi stiúir agus faoi urraíocht Údarás na Gaeltachta?

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Is féidir liom líon na gcomhlachtaí a fháil. Isteach is amach le 700 cliant dár gcuid atá mar chomhlachtaí. Níl an briseadh síos os mo chomhair amach ach is féidir liom líon na gcomhlachtaí a fháil. An bhfuil an Cathaoirleach ag caint ar chomhlachtaí nuachláraithe?

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag caint ar chomhlachtaí nuabhunaithe. Tá mise ag labhairt ar cheisteanna fiontraíochta sa Ghaeltacht agus cé mhéad comhlacht a cuireadh ar bun agus atá an t-údarás ag léiriú go bhfuil rath ag teacht lena chuid iarrachtaí fiontraíocht a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Glacaim leis go bhfuil an-obair á déanamh i leith na gcliantchomhlachtaí atá ann. Tá an-chuid acu siúd ina gcomhlachtaí a mealladh chuig an nGaeltacht. Tá mise ag iarraidh díriú isteach ar céard iad na fiontraithe. An fáth a bhfuil mé ag cur na gceisteanna seo ná ceann de na rudaí atá ráite ag Tomás Ó Síocháin - agus aontaím leis - ná go bhfuil ceann de na táscairí is mó atá ag an údarás mar áisíneacht ná cé mhéad deis chainte a chruthaíonn sé. Ag eascairt as sin, titeann sé go bhfuil gá ansin le daoine le hardscileanna a mhealladh chuig an nGaeltacht ó na ceantair uirbeacha agus go gcuirfidh iad siúd comhlachtaí ar bun a chruthaíonn poist a bhfuil tuarastal ard agus scileanna ag baint leo. Cé go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach na cliantchomhlachtaí a mhealladh, tá mise ag iarraidh díriú isteach ar céard iad na fiontraithe, comhlachtaí nua nó start-ups nua atá á gcruthú faoi stiúir Údarás na Gaeltachta leis na poist ardscileanna agus ardtuarastail a mhealladh.

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Gheobhaimid na figiúirí sin. Mar shampla den obair atá ar bun againn sa réimse sin, thagair mé ansin don ráiteas oscailte do Todhchaí, comhfhiontar idir an t-údarás, Gaeilge365 agus an Mol Digiteach i mBaile Átha Cliath. An sprioc atá ansin ná go mbeadh 15 comhlacht á gcruthú in aghaidh na bliana eadrainn. An claonadh a bheadh orainn ná go dtiocfaidh siad ón nGaeltacht nó go mbeadh siad lonnaithe sa Ghaeltacht. Ceann de na rudaí atá ann, agus is léir é seo ón earnáil teicleighis, san áit a bhfuil an taighde ar bun, is féidir tógáil air sin agus tagann comhlachtaí amach as. Formhór na gcomhlachtaí beaga atá á bhforbairt agus a bhfuilimid ag tacú leo sa Ghaeltacht, tá siad san earnáil teicleighis. Sin an fáth a bhfuil go leor rath orainn ó thaobh DTIF mar gheall go bhfuil siad lonnaithe i gceantair chathair na Gaillimhe, áit a bhfuil an teicleighis forbartha.

An deis atá ann agus an fáth a bhfuilimid chomh dírithe sin ar dhigitiú na Gaeilge, tá, isteach is amach deich gcomhlacht cheana féin ar liosta feithimh againn ag fanacht ar uirlisí Roinn na Gaeltachta agus go bhfuil an taighde atá Roinn na Gaeltachta tar éis íoc as agus a fhorbairt. Táimid ag obair le Roinn na Gaeltachta agus, mar shampla, Coláiste na Tríonóide ar cheann acu, an teicneolaíocht sin a thabhairt chun cinn ionas gur féidir linn é sin a úsáid leis na comhlachtaí seo atá ag iarraidh a bheith ag plé le digitiú na Gaeilge. Feiceann siad go bhfuil an t-éileamh ann, go bhfuilimid in ann tacú leo agus go bhfuil roinnt mhaith den taighde agus an fhorbairt á ndéanamh acu siúd. Caithfimid iad a mhealladh i dtreo na Gaeltachta agus a chinntiú go bhfuil áit ina bhfuil siad ag feidhmiú agus ag obair le comhlachtaí eile.

Mar a luaigh Rónán Mac Con Iomaire, in áit ina bhfuil siad imeallaithe, tá sé deacair an caidreamh foghlama agus an comhcheangal sin a dhéanamh. Sin an rud atá i gceist againn - tógáil ar na deiseanna atá ann leis an Státseirbhís le tús a thabhairt do na comhlachtaí seo. Mar shampla de sin, tá an sprioc a bheadh againn as seo go ceann bliana leis an togra todhchai.ie ná 15 comhlacht as an nua a chur ar bun. Tá sé sin sa réimse sin. Bheimis ag súil go mbeadh amhlaidh ag tarlú i réimsí eile.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an mbosca gainimh a rinneadh trácht air le linn an ráiteas tosaigh, an rud é seo atá curtha ag an údarás faoi bhráid an Roinn caiteachais phoiblí agus Ranna eile? Ceapaim gur rud eiseamláireach é sin conas gur féidir linn scéim phíolótach nó togra píolótach, tascanna a dhéanamh air agus ansin é a scagadh agus an t-eolas sin a scaipeadh go háisíneachtaí agus Ranna eile de chuid an Rialtais. An bhfuil aon aiseolas faighte ó na Ranna móra Rialtais ina leith?

Mr. Tomás Ó Síocháin:

An chéim atá á tógáil anois againn ná mar choincheap leathan. Seo an chéad uair go bhfuil sé pléite go poiblí againn. An rud atá i gceist ná go mbeadh sin san áireamh ó thaobh an dréachtstraitéis atá á roinnt againn le Roinn na Gaeltachta. Sin ag an leibhéal is leithne. Ba mhaith liom go mbeadh an Ghaeltacht trí chéile aitheanta mar limistéar nuálaíochta. Mar a luaigh mé, tá an deis ann. Táimid ann mar áisínteacht. Táimid in ann na dreamanna eile a bhfuil gá leo teacht le chéile a chur ag obair le chéile. Táimid ag obair leis an Roinn caiteachais phoiblí faoi láthair ar dhigitiú na Gaeilge. Thacaigh an tAire, an Teachta Chambers, go sonrach linn le déanaí agus muid ag labhairt leis na comhlachtaí móra teicneolaíochta in San Francisco. Bhí sé i láthair, chomh maith le Coimisinéir Eorpach. Ag eascairt as sin, beidh seisiún le linn Uachtaránacht ar an Aontas Eorpach anseo. Táimid ag iarraidh ceist éagsúlacht na dteangacha a chur ar an gclár oibre agus go bhfeicfidh sé go mbeadh rath ar na deiseanna. Is sampla é sin in áit a bhfuilimid ag feidhmiú gur féidir linn rud nach bhfuil indéanta i go leor áiteanna eile a dhéanamh mar gheall go bhfuil maoin againn. Tá maoiniú againn. Tá an fhoireann atá oilte ina leith ó thaobh fhorbairt fiontraíochta agus mar sin de agus ceist na teanga. Is féidir linn iad sin ar fad a thabhairt le chéile.

Ceann eile atá ann agus thagair mé dó ná an fuinneamh gaoithe agus an farasbarr atá san iarthar agus san iarthuaisceart. Mar atá sé faoi láthair, tá níos mó fuinnimh ná gur féidir linn a úsáid ag na comhlachtaí atá ann. Tá sé ag ráta idir 10% san iarthar agus 15% san iarthuaisceart. Fágann sé sin nach bhfuil an t-éileamh ann agus níl an gréasán leictreach ann leis an gcumhacht sin a thabhairt amach. Is deis é sin féachaint ar na hacmhainní atá ann faoi láthair an chumhacht bhreise agus an farasbarr sin a úsáid ar mhaithe le rudaí nua a dhéanamh. Má thógtar an obair atá déanta ag an Roinn caiteachais phoiblí ó thaobh athchóiriú a dhéanamh ar an tslí a bhforbraítear tograí móra infreastruchtúir, luaigh sí go sonrach go bhfuil gá le triail a bhaint as cur chuige nuálaíochta ó thaobh a bheith ag plé leis an bpobal.

Má thógann tú an deis áit a bhfuilimid ag feidhmiú, gur féidir linn an pobal a thabhairt isteach ina lár. Tá 33 eagras forbartha pobail ag an údarás. Bheimis ag rá in áit a bhfuil tograí móra infreastruchtúir nó tograí eile ó thaobh teacht ar bhealaí nua le rud a dhéanamh, go bhfuilimid in áit an-mhaith, go bhfuil an teagmháil sin againn leis an bpobal agus gur féidir linn na nithe sin a úsáid. Táimid tar éis na samplaí sin a fhorbairt. Táimid anois ag an gcéim go bhfuil sé sin á roinnt againn leis na Ranna éagsúla go mbeadh an coincheap níos leithne. Mar atá luaite ansin agam, i go leor de na cáipéisí agus na polasaithe atá ag teacht chun cinn, moltar go sonrach go mbeadh bosca gainimh i gcúrsaí nuálaíochta.

Bheadh limistéir ann gur féidir rudaí nua a thriail laistigh dóibh, bíodh sé sin ó thaobh polasaí, cur chuige nó úsáid an phobail. Bheadh sé sin teoranta. Thabharfadh sé sin buntáiste don Ghaeltacht. Dar linn, is deis shuntasach é. Ach an oiread leis na molchampais, ní mór dúinn an deis sin a thapú.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhféadfaí é sin a tharraingt le chéile leis an díriú isteach atá a dhéanamh ar chúrsaí fiontraíochta? Is féidir iad sin a thabhairt le chéile. Tá an-phoitéinseal ag baint leis.

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Ó thaobh an léiriú atá againn air sin, ba chóir féachaint ar an méid atá ag tarlú le comhlachtaí teicleighis. Tá sé sin forbartha. Is é an fáth a bhfuilim ag déanamh tagairt dó sin ná go bhfuil muid tar éis go leor rath a bheith againn ó thaobh an chiste nuálaíochta, an disruptive technologies innovation fund. Tá an taighde ar bun in ollscoileanna. Tá formhór an taighde ag tarlú in Ollscoil na Gaillimhe. Tá próiseas in áit. Tá gorlann ann ina mbíonn comhlachtaí beaga. Is páirt de chlár BioInnovate Enterprise Ireland atá ag teacht chun cinn é sin. Tagann na comhlachtaí chugainn nuair a bhíonn siad ag lorg spás oifige nó spás sainiúil ó thaobh cúrsaí teicleighis. Faigheann siad airgead idirnáisiúnta le hinfheistíocht a dhéanamh ó thaobh conas gur féidir leo fás. Is ceann de na deiseanna atá ansin ná é sin a úsáid i gcomhthéacs poiblí. Samhlaigh dá mbeadh muid in ann é sin a thriail ar cheann de na hoileáin. Conas is féidir linn na cuir chuige nua seo agus na feistí leighis sin a úsáid mar chuid den tseirbhís sláinte ar bhonn laethúil? Níl aon fáth nach mbeadh muidne in ann rudaí den sórt sin a dhéanamh ar scála beaga, chun go mbeadh gach duine in ann súil a choimeád ar conas a bhfuil sé ag obair, agus i gcomhthéacs rialaithe, chun go mbeadh smacht againn air. Bheadh buntáistí ann don phobal ach, mar a dúirt an Cathaoirleach, bheadh buntáistí fiontraíochta ann chomh maith céanna.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag druidim le deireadh an chruinnithe. An bhfuil aon rud eile le rá ag na finnéithe maidir leis an méid atá cloiste acu ó na comhaltaí? Níl.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin sciobtha agam. Maidir leis an obair faoin gciste forbartha pobail, forbairt teanga agus eagraíochtaí forbartha pobail, cé mhéad comhlacht pobail atá ag feidhmiú faoi chomhairle an údaráis nó le cuidiú nó maoiniú uaidh?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Cuireann muid deontais reáchtála bhliantúla ar fáil do 33 eagraíocht forbartha pobail. Tá dhá chomhlacht eile i dTír Chonaill á maoiniú againn as scéim a bhí ann. Is féidir 35 a rá ach is eagraíochtaí forbartha pobail Gaeltachta iad 33 acu.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad duine atá fostaithe sna comhlachtaí pobail sin?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Ó bharr mo chinn, ceapaim go bhfuil 112 nó mar sin fostaithe. Ó thaobh gné eile de, bunaithe ar thaighde a rinne muid ar fhiontraíocht shóisialta anuraidh le hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, is iad na heagrais forbartha pobail atá ag tiomáint an fiontar sóisialta mar earnáil sa Ghaeltacht. Tá comhionann is 585 duine fostaithe san earnáil sin sa Ghaeltacht. I ndáiríre, is de bharr obair na n-eagras forbartha pobail é sin. Tá siad ag cur díreach faoi bhun €17 milliún isteach sa Ghaeltacht. Tá tionchar i bhfad níos suntasaí acu ná díreach an méid a fheiceann muid ar an talamh go háitiúil.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist chéanna agam maidir le cúrsaí pleanála teanga. Cé mhéad ceanneagraíocht atá taobh thiar de sin? An bhfuil an t-údarás féin mar cheanneagraíocht le haghaidh cuid acu?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

No. Is comharchumainn nó eagrais forbartha pobail iad an chuid is mó de na ceanneagraíochtaí. Tá roinnt acu nach comharchumainn nó eagrais forbartha pobail iad ach is iad na heagrais atáim díreach tar éis a bheith ag caint fúthu atá ag déanamh é sin i bhformhór na gcásanna.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé a fhostaíonn na hoifigigh pleanála teanga nach bhfuil aon chomharchumann mar cheanneagraíocht acu?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Sa chás sin, tá comhlachtaí nuabhunaithe curtha in áit mar cheanneagraíocht ag an gcoiste pleanála teanga áitiúil. Cuireann siad sin na seirbhísí ar fáil. Aithnímid féin go bhfuil níos mó dúshláin ar na comhlachtaí sin ná mar atá ar leithéidí comharchumann mar cheanneagraíochtaí mar gheall go bhfuil struchtúr fostaíochta agus maoinithe in áit cheana féin acu sin. Tá sé níos deacra tabhairt faoi má tá siad ag déileáil leis mar chomhlacht a bhfuil feidhm amháin sonrach orthu, an phleanáil teanga sa chás seo.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann sé sin deireadh lenár mbreathnú inniu. Gabhaim buíochas leis an triúr as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn tráthnóna. Cuirfimid an cruinniú ar athló anois go dtí 11 a.m. ar an 14 Iúil 2026, nuair a phléifear cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 agus earcaíocht na bhfostaithe dátheangacha a bheidh de dhíth fud fad na seirbhísí poiblí le hoifigigh ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 1.25 p.m. go dtí 11 a.m., Dé Máirt, an 14 Iúil 2026.