Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 30 June 2026

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Oideachas Lán-Ghaeilge: IMEASC

2:00 am

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Anois, déanfaimid breathnú ar an gceart atá ag gach duine oideachas lánGhaeilge a bheith ar fáil dó, agus an dualgas atá ar an Stát é sin a chur ar fáil i ngach ceantar sa tír, le finnéithe ón eagraíocht IMEASC: Aidan Kinsella, cathaoirleach; agus Rachel de Bhailís, rúnaí. Tá fáilte rompu.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu.

Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá ar fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar leo.

Ms Rachel de Bhailís:

Baineann an togra reachtaíochta atá ar bun ag IMEASC le rochtain ar Ghaeloideachas in Éirinn agus leis na baic institiúideacha atá ann faoi láthair atá ag cur isteach ar sholáthar agus ar rochtain araon.

Tá na baic seo ag cur cosc ar ár bpáistí oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge, sa phobal Gaeltachta agus sa phobal labhartha Gaeilge ar aon. Má chuirtear staitisticí stairiúla i gcomparáid lena chéile maidir leis an gcéatadán leanaí atá ag fáil oideachais iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge idir 1962 agus 2025, feictear nár ardaigh an figiúr ach ó 2.6% go dtí 3.3% thar thréimhse 63 bliain. Ciallaíonn sé seo go ndiúltaítear do thart ar dhá thrian de na leanaí uile a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht a gcuid oideachais a chríochnú trí mheán na Gaeilge; ní toisc nach mian leo é, ach toisc nach bhfuil na scoileanna ann. Is ionann sin agus thart ar 3,000 leanbh Éireannach in aghaidh na bliana atá á teipeadh ag an Roinn Oideachais agus Óige.

Léiríonn na léarscáileanna a roinneadh leis an gcoiste seo an fhírinne lom: tá leath de chontaetha na tíre lasmuigh de limistéir na Gaeltachta gan oiread is Gaelcholáiste amháin. Tá ceist bhunúsach le cur ar an Aire oideachais anois. An gcreideann an tAire gur cheart do Rialtas na hÉireann oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn? An é go gcreideann nó nach gcreideann sí é seo? Léiríonn an fhianaise uile atá ar fáil faoi láthair gur freagra na Roinne faoi láthair ná: “Ní chreideann”, agus tá sé sin náireach.

Tá taifead ag oifigigh na Roinne maidir le soláthar oideachais lán-Ghaeilge a léiríonn figiúirí suntasacha. Sa bhliain 2010, thug siad isteach nósanna imeachta a chur stop, go héifeachtach, le tuismitheoirí áitiúla Gaelscoileanna nua a bhunú. Ó shin i leith, tá laghdú 80% tagtha ar líon na nGaelscoileanna nua a n-osclaíodh, cé go raibh líon na n-iarratas ag leanúint ar aghaidh ag an ráta céanna. Bheadh na figiúirí níos ísle fós murach gur cinneadh in 2017 go raibh nósanna imeachta nua na Roinne neamhdhleathach, agus gur cuireadh iallach ar an Roinn cheithre Ghaelscoil nua a oscailt. Léiríonn staitisticí na Roinne gur sa bhliain 1931 an uair dheireanach a osclaíodh Gaelcholáiste i gceantar chathair Bhaile Átha Cliath, in ainneoin gur osclaíodh 16 Ghaelscoil sa chathair ó 1969 i leith, agus go ndearna glúine éagsúla tuismitheoirí feachtasaíocht ar son Gaelcholáiste sa cheantar sin.

Ardaíonn an fhianaise seo ar fad an cheist: an bhfuil an Roinn naimhdeach don oideachas lán-Ghaeilge? Creideann go leor tuismitheoirí atá i mbun feachtasaíochta ar son a bpáistí go bhfuil. Ach, tar éis machnaimh, de réir IMEASC, níl an Roinn naimhdeach go hoscailte, ach cosantach. Ní mór cuimhneamh nach bhfuair an Roinn riamh sainordú chun oideachas lán-Ghaeilge a sholáthar agus nach bhfaightear aon aitheantas speisialta nuair a dhéantar é. Tá an Roinn dírithe go mór ar sholáthar áiteanna scoile agus, is dócha, ar úsáid éifeachtúil na n-áiteanna sin, agus neamhaird á déanamh ar theanga an teagaisc. Mar thoradh air sin, cuirtear tuismitheoirí, teaghlaigh agus páistí atá ag lorg oideachais lán-Ghaeilge isteach i scoileanna Béarla, beag beann ar a mhianta féin, agus tá glúine d’Éireannaigh fágtha ar lár mar gheall ar an easpa soláthair. Dá thoradh sin, tá glúine páistí - mo chuidse ina measc, chomh maith le roinnt de chomhghleacaithe parlaiminte baill an chomhchoiste - tar éis fás aníos leis an tuiscint go gcaithfidh gach duine agóid a dhéanamh chun oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge. An ceart go mbeadh sé ina ghnáthrud in Éirinn go mbeadh ar dhaoine agóid a dhéanamh chun oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge?

Tá sé léirithe ag tíortha eile san Eoraip cad is féidir a bhaint amach le reachtaíocht. Tá samplaí de seo sa Bhreatain Bheag agus an Spáinn - go háirithe i dTír na mBascach agus sa Chatalóin. Sna tíortha sin, bhí leibhéal níos ísle de sholáthar tumoideachais iontu breis agus 50 bliain ó shin. Sa lá atá inniu ann, tá 23% de dhaltaí sa Bhreatain Bheag agus 87% de dhaltaí i dTír na mBascach ag fáil tumoideachas. Tá siad anois i bhfad chun cinn ó thaobh neart agus úsáid a dteangacha féin de, rud nach bhfuil ach ina haisling ag Éirinn faoi láthair.

Le déanaí, tháinig tuarascáil amach a choimisiúnaigh muintir IMEASC agus a d’ullmhaigh an comhairleoir eacnamaíochta, Jim Power, leis an gconclúid nach mbeadh aon chostas breise ann dá mbeadh páistí ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge sa tír seo. Fiú sa chás ba mheasa a d’fhéadfaí a shamhlú, áit a mbeadh gá gach Gaelcholáiste nua a thógáil ó bhonn, bheadh costas caipitil thart ar €10 mbilliún thar 20 bliain i gceist. Tá sé seo le cur i gcomhthéacs an buiséad chaipitil reatha ó 2026 go 2030 ina bhfuil €7.7 billiún i gceist. Chomh maith leis sin, léiríonn staidéar idirnáisiúnta go mbíonn tionchar díreach ag méadú an daonra dhátheangaigh ar acmhainn tuillimh daoine agus, dá bhrí sin, ar an méid cánach a bhailítear sa tír. Tá buntáistí eacnamaíocha eile ag baint leis an dátheangachas nach furasta a chainníochtú, lena n-áirítear comhtháthú sóisialta níos fearr, moilliú ar mheath cognaíoch agus cuidiú le spriocanna teanga an Rialtais a bhaint amach.

Ciallaíonn easpa reachtaíochta nach bhfuil aon tacaíocht ná cur chun cinn córasach ar son an oideachais lán-Ghaeilge, agus níos measa fós, go bhfuil bac á chur go gníomhach ar fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge ó cheann go ceann na tíre. De dheasca an taighde seo ar fad, táimid ag cur ceist bhunúsach ar an Stát. Ar cheart do Stát na hÉireann, agus a chuid institiúidí uile, oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus tacú leis? Is ceart nó ní ceart? Más ceart dó, tá gá le reachtaíocht. Tá IMEASC ag impí ar an gcoiste seo moladh a dhéanamh don Aire go ndéanfaí reachtaíocht a achtú le linn ré an Rialtais seo a gcuirfeadh sainordú ar an Roinn oideachais, don chéad uair riamh, oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn, tacú leis agus soláthar cuí a dhéanamh dó. Ba cheart go gcabhródh an reachtaíocht sin, thar tréimhse deich go 15 nó 20 bliain amach romhainn, le spriocanna an Rialtais a bhaint amach, agus, níos tábhachtaí fós, freastal ar an éileamh atá ann ó thuismitheoirí. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Rachel de Bhailís as ucht a ráiteas tosaigh a thabhairt. Anois, glacfaimid le ceisteanna ó na comhaltaí. Molaim go mbeadh seacht nóiméad an duine ag na Teachtaí.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá sé ar fheabhas go bhfuil siad os comhair an choiste inniu agus gabhaim buíochas leo as an obair ar fad atá ar siúl acu. Luadh na hagóidí a bhíonn le déanamh chun oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge sa ráiteas ansin. Bhí ar mo thuismitheoirí féin é sin a dhéanamh beagnach 40 bliain ó shin, agus tá sé fós ag tarlú. An Ghaelcholáiste ina bhfuil m’iníon is sine, d'oscail an príomhoide an scoil é féin agus mhúin sé ann ar feadh ar a laghad bliana gan aon phá. Dúradh sa ráiteas nuair a chuireadh cosc ar thuismitheoirí agus ar na múinteoirí díograiseacha sin na scoileanna a bhunú gur tháinig laghdú. An mbeadh baill IMEASC ag iarraidh go dtiocfadh sé sin ar ais nó an é nach bhfuil siad ag smaoineamh air sin agus tá siad dírithe ar an reachtaíocht?

Ms Rachel de Bhailís:

Tar éis an taighde a rinneamar agus na baic ar fad a fheiceáil, is léir dúinn anois nach n-oibreoidh aon rud, na polasaithe atá ann cheana féin san áireamh. Níl éinne ag tabhairt fúthu. Níl siad ag oibriú. Tá reachtaíocht anois ag teastáil uainn chun dul chun cinn a dhéanamh.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá dtarlódh an reachtaíocht seo, cad iad na céimeanna praiticiúla a gcaithfidh an Rialtas a thógáil láithreach?

Ms Rachel de Bhailís:

Táimid ag lorg tacaíocht traspháirtí. Táimid ag lorg daoine ó gach páirtí le teacht le chéile chun breathnú ar an dréachtreachtaíocht atá déanta amach againn cheana agus le cur leis chun é a chur i bhfeidhm.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceart go leor. An-mhaith. Ar mhaith le Aidan Kinsella teacht isteach?

Mr. Aidan Kinsella:

Gabh mo leithscéal ach caithfidh mé caint as Béarla. The State employs some very intelligent civil servants. We need to build both human capacity and building capacity. Demographics show that there is going to be a decline in the number of schoolchildren. It is now a question of how we use our physical infrastructure to best provide this. The Department was asked to produce legislation on special education needs and that was passed in the fairly recent past. The Department has made great progress in the years since in establishing facilities for special education needs. It is not perfect, but the Department has made great strides. We are asking for the Department to do the same for Irish-medium education. This is not going to be fixed in a year or two. It is a long-term multidecade project. The beneficiaries are our children and our grandchildren.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím go hiomlán. Tá reachtaíocht ag teastáil. An raibh IMEASC i dteagmháil leis an Aire oideachais ar an ábhar go dtí seo?

Mr. Aidan Kinsella:

No, we have not managed to meet the Minister on this issue to date. We hope that will happen in the coming months. We will wait and see.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhéadfadh muidne obair le chéile air sin. Bhí Aidan Kinsella ag caint faoi Thír na mBascach agus faoin gCatalóin. An ndearna IMEASC mórán taighde air sin? An bhfuil taighde ann? Níl an-chuid eolais agam. Nuair a tháinig an reachtaíocht isteach sna tíortha sin, ar tháinig méadú? An é sin a léiríonn an taighde?

Mr. Aidan Kinsella:

I did some small research on that. It is available to anyone who does a Google search for it. Effectively, under Franco, Basque and Catalonian were banned and made illegal. It was illegal to teach those languages. Anyone who was caught doing so was imprisoned. In the Basque Country, they started at a very low level shortly after Franco died. Legislation was passed within two or three years of the current Spanish republic being established. In 1983, the first Basque equivalent to a Gaelscoil was opened. Over 90% of children in the region now go to Basque-medium primary schools and 75% go to Basque-medium secondary schools. Political will matters.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin é go díreach.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo. Is deas iad a fheiscint arís. Ar an reachtaíocht, bhí Rachel de Bhailís ag rá go bhfuil IMEASC ag súil le gach páirtí a bheith taobh thiar de. Conas atá ag éirí leis an eagraíocht le muintir an Oireachtais ó thaobh na reachtaíochta?

Ms Rachel de Bhailís:

Tá seans ann go mbeadh Aidan Kinsella níos fearr ag freagairt na ceiste sin. Is léir go bhfuil go leor tacaíocht ann ó dhaoine ó gach páirtí ach, ag an staid seo, caithfimid teacht le chéile, bogadh ar aghaidh agus céimeanna chun tosaigh a thógáil chun an reachtaíocht a chur i bhfeidhm.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dréacht-Bhille ag IMEASC cheana féin.

Ms Rachel de Bhailís:

Tá.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén dul chun cinn atá de dhíth go fóill leis an reachtaíocht, an Bille?

Mr. Aidan Kinsella:

I hope the Senator will forgive me if I speak on behalf of Fianna Fáil but my understanding is that Fianna Fáil's Deputy Naoise Ó Cearúil has drafted some legislation and has reviewed what we have done. He would be happy to bring that forward, but only if there is general cross-party consensus. We know that members of Fine Gael are keen on it but until Fine Gael is officially on board with bringing this forward, it is not going to progress as quickly as it potentially could. From talking to Deputies Ó Cearúil and Moynihan, I know there is a big desire for this to be a cross-party measure. They are seeking the support of not just the Government parties, but also Sinn Féin, the Social Democrats and the Labour Party, so that it would be a truly cross-party proposal to make a difference.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ag Aidan Kinsella; tá an tacaíocht ann i bhFine Gael go cinnte. Tá a fhios agam go raibh an Teachta Barry Ward ag féachaint ar an reachtaíocht freisin. Is maith an rud é go bhfuil dréacht de shórt éigin réidh. B'fhéidir gur féidir é a roinnt chun gur féidir súil a chaitheamh air. Is dóigh go dtacódh gach duine ar an gcoiste seo leis an mBille. Tá roinnt mhaith Gaeilgeoirí agus daoine atá mór leis an teanga sna páirtithe nach bhfuil ar an gcoiste seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh sé á phlé taobh amuigh den seomra seo freisin.

Maidir le Gaelscolaíocht, Gaelcholáistí agus mar sin de, is cosúil go bhfuil plean ag an Roinn faoi láthair gan aon Ghaelcholáistí nua, ná aon scoileanna nua eile, a oscailt. Tá plean píolótach ar bun faoi láthair maidir le Gaelcholáiste nua i mBaile Átha Cliath, Gaelcholáiste Synge. Ba scoil lánBhéarla é go dtí an bhliain seo. Beidh sé ag oscailt mar Ghaelcholáiste i mí Mheán Fómhair. Cad iad tuairimí IMEASC ar an bplean fadtéarmach sin agus ar an bplean píolótach seo? Is cosúil gurb é seo an teimpléad atá ag Roinn don todhchaí.

Ms Rachel de Bhailís:

Mar bhaill d'IMEASC agus mar thuismitheoirí, nílimid ag iarraidh a bheith maslach le haon saghas scoile ná teanga theagaisc. Más rud é go bhfuil scoil ag teip, nach bhfuil na figiúirí sa scoil ag méadú agus go mbeadh sé ciallmhar é a thiontú ina scoil lánGhaeilge, má tá éileamh agus suim i dteagasc trí mheán na Gaeilge á léiriú i gceantar na scoile sin, dhéanfadh sé ciall é sin a dhéanamh. Ní dhéanann sé ciall scoil Bhéarla a thiontú ina scoil Ghaeilge thar oíche nó fiú thar bhliain. Ní bheadh cumas teagasc trí mheán na Gaeilge ag na múinteoirí agus, mar sin, teipfidh ar an scoil sa todhchaí. Bheadh an cuma ar an scéal sna meáin nach bhfuil éileamh ar Ghaeloideachas ann. Caithfidh an córas a bheith ciallmhar. Más rud é go ndéanann sé ciall é sin a dhéanamh, aontaím leis. Ní aontaím leis an mbealach inar láimhseáladh Gaelcholáiste Synge. Tá súil agam go mbeadh córas níos fearr ann óna thaobh sin de. Ba chóir go mbeadh plean beacht ann chun dul i ngleic leis na fadhbanna a d'fhéadfadh teacht aníos agus na cosáin gur féidir linn a thógáil nuair a thagann na cásanna seo chun cinn. Conas agus cathain scoil Bhéarla a thiontú ina Ghaelcholáiste? Ba chóir go mbeadh an cur chuige córasach agus ciallmhar.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an rud. D'ardaigh mé an plean seo níos mó ná bliain ó shin. Ní raibh aon ollphlean ann maidir leis na foirgnimh, na ranganna ná an chaoi ina mbeadh an t-oideachas á sholáthar. Dúirt mé nach mbeadh aon daltaí ann. Ní hé nach bhfuil an t-éileamh ann. Is í an fhadhb ná nach bhfuil plean ann. Anois, níl ach beirt cláraithe ag a dtuismitheoirí don Mheán Fómhair.

Ms Rachel de Bhailís:

Aithníonn na tuismitheoirí é sin chomh maith.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cinnte go n-aithníonn. Aithním féin é. Níor chuir mé mo mhac féin ag an scoil. Níl aon scoil réidh. Níl plean ann ach tá an scoil ag oscailt.

Tá an t-am beagnach caite. Cad é tuairimí IMEASC ar an suirbhé a rinneadh le déanaí maidir le hoideachas agus éileamh? Is cosúil nach raibh éileamh ar Ghaelscoileanna ina lán ceantar ach, má tá páiste agat i rang a ceathair gan aon oideachas trí Ghaeilge faighte aige nó aici go dtí sin, tá sé an-deacair a rá gur mhaith leat oideachas lánGhaeilge a bheith ar fáil i rang a cúig. Ní bheadh an teanga ag na daltaí chun é sin a dhéanamh.

An nochtfaidh na finnéithe a gcuid tuairimí mar gheall ar an éilimh agus an suirbhé sin, mar is iad na nithe sin a mbeidh an Roinn ag féachaint orthu agus í ag smaoineamh faoin reachtaíocht seo?

Ms Rachel de Bhailís:

Maidir leis an suirbhé, aontaím leis an Seanadóir go gcaithfidh muid a bheith cúramach maidir leis an bhfriotal agus an bealach a gcuirtear ceisteanna ar dhaoine. B’fhéidir nach raibh an grúpa daoine ar baineadh úsáid astu chun an suirbhé a chríochnú cuí. Tá trí shuirbhé eile amuigh ansin a léirítear go seolfadh idir 45% agus 49% de thuismitheoirí a bpáistí go Gaeloideachas dá mbeadh sé ar fáil go háitiúil. B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr breathnú ar na suirbhéanna sin agus muid ag iarraidh an t-éileamh a mheas.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an obair atá déanta acu go dtí seo. Tá mé tar éis a bheith ag ardú na ceiste seo le blianta. Téim chun tosaigh ar an méid a deir daoine ó thaobh na Roinne oideachais de - ní hamháin go bhfuil sé mar dhualgas uirthi an t-éileamh ar oideachas trí Ghaeilge a shásamh ach, toisc gur teanga náisiúnta í an Ghaeilge, tá dualgas uirthi éileamh a chruthú chomh maith céanna. Níl ceachtar den dá rud déanta aici, áfach. Cá háit go díreach a bhfuil an bac?

Ms Rachel de Bhailís:

Le bheith ionraic, tá sé i roinnt áiteanna. Is deacair áit a roghnú le tosú. Tá bac nuair a dhéanann tuismitheoirí iarracht cur in iúl don Roinn oideachais go bhfuil éileamh ina gceantar. Is é sin an t-aon bac a fheictear mar thuismitheoir. Níl éinne ar an taobh eile den líne gutháin. Níl aon fhoirm le líonadh mar thuismitheoir. Níl aon duine i bhfeighil ar scoil nua a bhunú. Ní bhunófar aon scoil nua ach an oiread, but that is a rud nua. Tá mé ag caint faoi mo thaithí le 20 bliain anuas mar thuismitheoir. Tá mo cheathrar páistí tar éis dul tríd an gcóras oideachais lánGhaeilge. Is é seo an áit a bhfeiceann na tuismitheoirí na baic ar dtús. Ceapann tuismitheoirí, mar a dúirt mé, go bhfuil an Roinn oideachais saghas diúltach i leith an Ghaeloideachais. Níor tugadh sainordú riamh don Roinn tabhairt faoi sholáthar Gaeloideachais a chur ar fáil. Is é sin an bac is mó. Ní chaithfidh an Roinn é seo a dhéanamh. Ní hé an priomhsprioc atá aici. Gan sprioc, cén fáth a mbeadh an Roinn oideachais ag cur rud éigin ar fáil nach gá di agus, b’fhéidir, a mbeadh sí i dtrioblóid dá bharr? Gan reachtaíocht, a bhfuil an sainordú mar chuid di faoina mbeidh an Roinn ag feidhmiú, ní bheidh aon athrú ar an scéal.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní hé nach n-aontaím leis na finnéithe. Uaireanta, nuair atá reachtaíocht ann, cuidíonn sí leis an bhfadhb. É sin ráite, ar ghá leis an reachtaíocht dá mbeadh toil na nAirí ann thar na blianta chun an sainordú a eisiúint?

Ms Rachel de Bhailís:

Is ceist mhaith í. Is féidir le hAire a bhfuil an toil aige nó aici tabhairt faoin Ghaeloideachas i gceart. Tá mé lánchinnte faoi sin, ach cad a tharlaíonn nuair a bhogann an tAire sin ar aghaidh agus tagann Aire eile isteach nach bhfuil an toil céanna aige nó aici? Muna bhfuil an reachtaíocht taobh thiar de seo, níl an chosaint ann le leanúint ar aghaidh leis. Tá muid ag iarraidh an Gaeloideachas a chosaint go fadtéarmach sa tír seo ionas nach dtitfidh sé siar arís, mar atá ar siúl faoi láthair. Is léir ó na polasaithe agus na straitéisí ar fad atá foilsithe ag na rialtais thar na bliana nach leor toil an Rialtais le tabhairt faoin Ghaeloideachais mar is ceart. Tá polasaithe maithe amuigh ansin, ach níl siad curtha i bhfeidhm. Gan an reachtaíocht, ní dóigh linn go n-éireoidh linn.

Mr. Aidan Kinsella:

It became obvious when we started this campaign and when we looked at how the Department is structured. The Department has structured itself and given responsibility at senior level to the various Acts that are enabled, namely, the Education Act, the Education and Training Boards Act and the special education Act. The Department has structured itself around those three Acts. The fact that there is nothing specific in any of those Acts referring to Irish-medium education means that it is tucked away within the Gaeltacht area. That is its only responsibility. That is how it sees it. Legislation will mean that the Department would have to reorganise itself and provide specific structures to put a long-term strategy in place. From strategy flows policy. That would provide continuity across a multi-decade period. This cannot be solved in a short time. It is something that is strategic and long term.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím le hAidan Kinsella nach rud é seo a tharlóidh thar oíche. Caithfidh muid tosú ag na luathbhlianta agus straitéisí a bheith againn ón phointe sin aníos, lena n-airítear an bunoideachas, an meánoideachas agus an ollscolaíocht. Is féidir an ceithre straitéis sin a bheith ag obair ag an am céanna.

Léirigh an t-iarAire Stáit, Joe McHugh, gur féidir le hAire nó Aire Stáit sainorduithe a thabhairt a mbíonn tionchar acu ar an nGaeloideachas. Is é an cinneadh a ghlac sé ná gur ghá go mbeadh aon scoil nua a bhí le tógáil ina Gaelscoil, muna mbeadh ceann sa cheantar pleanála oideachais sin cheana féin. Níl sé sin i gceist ó thaobh meánscoileanna de, áfach. Ní gá cloí leis ach oiread má tá athrú pátrúnachta ag tarlú. Bheadh se i bhfad Éireann níos tapúla dá gclúdódh an sainordú sin cásanna ina bhfuil athrú pátrúnachta ag tarlú ionas go mbeadh teanga ná scoile á hathrú freisin, muna mbeadh Gaelscoil sa cheantar cheana.

Tá na finnéithe ag moladh go dtabharfaidh muid tacaíocht don reachtaíocht seo nuair a fheiceann muid é, agus níl fadhb agam leis sin. Is é an áit a bhfuil an fhadhb, áfach, ná nuair a ritear Achtanna gan an toil a bheith ann. Fiú má tá an dlí taobh thiar de seo – tá an Bunreacht taobh thiar dínn ó thaobh Gaeloideachais de chomh maith – conas is féidir linn déanamh cinnte de amach anseo go mbeidh an Roinn ag tacú leis an nGaeilge agus go mbeidh a fhios ag aon Aire, pé Rialtas atá i gceist, gur gá dó nó di an polasaí nó straitéis seo a chomhlíonadh?

Ms Rachel de Bhailís:

Cabhraíonn tuarascáil Jim Power chun toil Rialtais a mhealladh. Tá a fhios agam nach bhfuil gach uile duine ag iarraidh dul tríd an córas Gaeloideachais nó a bpáistí a sheoladh tríd an gcóras sin. Né hé sin atá i gceist. Tá sé léirithe go bhfuil buntáistí leis an dátheangachas don tír ina iomláine, fiú ó thaobh chúrsaí airgeadais agus cánach de. Mar a léirigh mé i mo ráiteas tosaigh, léiríonn staidéar idirnáisiúnta go mbíonn tionchar díreach ag méadú an daonra dhátheangaigh ar acmhainn tuillimh. Ciallaíonn sé sin go mbailíonn an tír níos mó cánach ó dhaoine. Tá buntáistí eile nach féidir linn chomhtháthú a dhéanamh orthu, cosúil le rudaí sóisialta agus cogaíochta chomh maith leis an tionchar atá aige ar chultúr na tíre. Níl aon rud diúltach faoi seo. Ba chóir go mbeadh muid in ann é seo a thaispeáint tríd an tuarascáil Jim Power chun an toil sin a bhailiú.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn inniu. Ó thaobh na reachtaíochta de, an ceist bhunúsach pholaitiúil í seo nó an ceist riaracháin í? Go ginearálta, ón méid atá feicthe agam, tugann an córas polaitiúil tacaíocht don Ghaeilge. Tugann na páirtithe tacaíocht don Ghaeilge. Tá siad báúil agus i bhfabhar na Gaeilge. An fadhb é seo a luíonn leis an gcóras riaracháin, leis an Státseirbhís agus leis an gcóras Stáit? Cad a cheapann na finnéithe ina leith sin? Cá bhfuil an bac sin a raibh an Teachta Ó Snodaigh ag caint faoi?

Mr. Aidan Kinsella:

I agree with the Deputy.

Neither of us works within the political system at that level. The Deputy is right. It has become obvious that there is a problem somewhere within the administrative system. If there is a problem and it appears that the problem is influenced by the lack of legislation, in other words, the lack of a mandate given, what we are advocating for is for legislation to be put in place which will provide that mandate. Over time, it will be important that the politicians who oversee that legislation ask for reports back from the administrators and that the administrators themselves are encouraged to promote and advance people within their organisation who provide the expansion of this and the success of that legislation. We cannot wave a magic wand on this. It will take the best part of 20 years for current demand to potentially be met. To increase the number of teachers available to 20% will mean we will have to have students coming through the system who are sufficiently capable of speaking as Gaeilge to provide the teaching cohort into the future. This is a long-term, multi-decade, multi-generational project.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cloiseann ionadaithe IMEASC an méid a deir an Roinn anois agus arís - agus tá sé ráite anseo cheana féin - ó thaobh an fás daonra, go bhfuil na déimeagrafach ag dul sa treo eile agus nach gcuirfear aon scoil nua ar an bhfód - Gaelscoil nó aon scoil nua ar chor ar bith. Is cur chuige diúltach é sin i mo thuairimse. Céard a cheapann na finnéithe faoin gcur chuige sin?

Ms Rachel de Bhailís:

Tá an ceart ag an Teachta. Tá sé diúltach mar gheall nach bhfuil an Roinn ag smaoineamh go fadtéarmach nó ag smaoineamh ar an nGaeloideachas mar bhuntáiste. Más rud é go bhfuil na huimhreacha ag titim, tá deis ann don Ghaeloideachas sna ceantair ina bhfuil ardú éilimh ar an nGaeloideachas agus gur féidir linn breathnú ar bhealach gur féidir linn spás nó folús sna háiteanna Béarla a úsáid chun an t-éileamh Gaeloideachais a chomhlíonadh. Mar a dúirt Aidan Kinsella, is sprioc fhadtéarmach í seo. D’fhéadfadh na huimhreacha a bheith ag titim ar feadh seal, ach táimid ag iarraidh cur leis an nGaeloideachas thar tréimhse trí, ceithre nó cúig ghlúin. Caithfimid a bheith ag smaoineamh ar bhealach éagsúil anois ó thaobh sholáthar an Ghaeloideachais. Mar a dúirt mé sa ráiteas tosaigh, tá an Roinn oideachais ag breathnú ar phleanáil oideachais ó thaobh áiteanna agus spáis de in ionad a bheith ag breathnú ar theagasc teanga. Caithfimid a bheith ag breathnú ar an dá rud anois: éileamh scoileanna lán-Bhéarla agus scoileanna lán-Ghaeilge agus ag meas an folús, na huimhreacha agus na féidearthachtaí in ainneoin go bhfuil uimhreacha ag titim. Tá spás ann don dá rud.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh an mhúnla seo atá ag an Roinn ó thaobh aonaid de, cloisim rudaí diúltacha maidir leis na haonaid agus ó thaobh an mhúnla sin. Céard a cheapann na finnéithe? An bhfuil aon taithí acu ó thaobh aonad de agus an múnla sin?

Ms Rachel de Bhailís:

Tá neart taithí ach go háirithe ag Aidan Kinsella leis sin. I mo thuairimse, mar mhúinteoir, mar thuismitheoir agus mar dhuine atá ag déanamh taighde ar seo le 20 bliain anuas, tá ardráta teipe ag na haonaid ar fad sa tír seo. Is bindealán iad atá á chur ar fhadhb atá i bhfad níos doimhne agus níos leithne. Tá sé ar nós na scéime a bhí i nGaelcholáiste Synge. Rinneadh rud éigin tapa chun caoi cheart a chur ar an scéal. Ach ní réiteach na faidhbe é sin. Caithfimid a bheith ag smaoineamh níos doimhne agus níos fadtéarmaí chun tabhairt faoin éileamh sna ceantair ina bhfuil aonaid iontu. Mar gheall nach bhfuil soláthar na múinteoirí cáilithe ag teagasc trí Ghaeilge sna haonaid, tá siad ag brath ar scoil lán-Bhéarla an t-am ar fad. Ní Gaelcholáiste é sin agus ní córas Gaeloideachais é sin ach an oiread.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní tumoideachas é ach an oiread.

Ms Rachel de Bhailís:

Ní tumoideachas é. Níl sé cothrom ar na daltaí ach an oiread a bheith ag ceapadh go mbeadh siad in ann tabhairt faoi pháipéar ardteistiméireachta trí Ghaeilge gan an teagasc cuí. Níl sé cothrom ar na múinteoirí ach an oiread a bhíonn caite isteach le hábhair a mhúineadh as Gaeilge nuair nach bhfuil sé de chumas acu é sin a dhéanamh. Ní córas ceart é.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith ag na finnéithe as ucht a gcur i láthair a thabhairt dúinn roimh an gcruinniú. Ar nós chuile dhuine sa seomra, na finnéithe san áireamh, glacaim leis go bhfuil gá níos mó deiseanna a chur ar fáil do pháistí dul tríd an córas oideachais ó na luathbhlianta go dtí leibhéal na hollscoile go hiomlán i nGaeilge. Ach níl mé convinced fós go bhfuil gá le hathrú reachtaíochta nó le reachtaíocht nua. Caithfimid breathnú ar rudaí i mbealach atá i bhfad níos praiticiúla ná sin. Glacaim leis an méid atá ráite ag a lán daoine anseo cheana nach bhfuil gá le haon scoileanna nua sa tír. Caithfimid breathnú ar na scoileanna atá againn faoi láthair. Cabhraíonn an suirbhé a rinne na tuismitheoirí sa tír roimh an Nollaig leis seo. Caithfimid breathnú ar na ceantair áit nach bhfuil aon Ghaelscoil faoi láthair agus an céatadán daltaí sna háiteanna sin atá ag iarraidh oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil. Tá sé soiléir ón suirbhé sin go bhfuil éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge i gceantair áirithe sa tír. Tá a fhios agam go raibh imní ar lucht na Gaeilge roimh an suirbhé faoi na sách ceisteanna a bhí ann. Fiú amháin é sin, feicim go bhfuil an t-éileamh ann le haghaidh oideachas trí mheán na Gaeilge sna scoileanna atá againn faoi láthair sa tír. Má tá an tAire, an Roinn agus an Rialtas sásta breathnú air sin i mbealaigh praiticiúla, is féidir linn tús a chur leis sin chomh luath agus is féidir agus ní gá fanacht. Beidh sé suimiúil a fheiceáil. Tá na torthaí ag na scoileanna ar fad faoi láthair agus tá an Roinn an fanacht le fáil amach ó na scoileanna sin faoin measúnú atá déanta ag na scoileanna féin ar na torthaí sin agus an meas atá acu orthu. Is féidir linn anois breathnú ar na scoileanna sin agus feiceáil cá bhfuil na háiteanna a bhfuil sé soiléir go bhfuil éileamh iontu. Ní gá go mbeadh éileamh 50% ann. Más rud é go raibh 20%, nó fiú amháin líon níos ísle daltaí, ag iarraidh oideachas trí mheán na Gaeilge, ba cheart don Roinn anois dul i ngleic leis na scoileanna nó na ceantair sin. Ní amhras ar bith ach go bhfuil cúpla scoil i ngach ceantar le suim. Tá trí na ceithre scoil i ngach baile sách mór. Ba cheart don Roinn breathnú anois ar na torthaí sin i mbealach ginearálta, sna bailte nó sna cathracha, agus fáil amach cá bhfuil na scoileanna sna ceantair sin inar féidir linn tosú ar theanga an oideachais a athrú. Is féidir linn tosú go mall leis na naíonáin shóisearacha an bhliain seo chugainn agus tús a chur le rudaí leo sin trí mheán na Gaeilge.

Molaim go scarfaí an díospóireacht seo idir na bunscoileanna agus na meánscoileanna. Beidh sé i bhfad níos castaí agus i bhfad níos deacra sna meánscoileanna, ach ba cheart dúinn tosú chomh luath agus is féidir linn leis na torthaí atá againn agus breathnú ar na scoileanna sna ceantair sin. Is féidir linn dul i ngleic leis na scoileanna sna ceantair sin, labhairt leo agus féachaint cé hiad na scoileanna inar féidir linn meán an oideachais nó an teanga mhúinteoireachta a athrú iontu. Níl aon ghá dúinn fanacht. Ní fheicim an gá. Glacaim go dtugann sé stádas fadtéarmach agus stádas buan do chúrsaí más rud é go bhfuil reachtaíocht ann, ach ní fheicim an gá lena haghaidh. Céard é barúil na bhfinnéithe air sin? Céard é a mbarúil ar na tuairimí a tháinig ón suirbhé? An raibh deis acu breathnú ar thorthaí an tsuirbhé sin go fóill?

Mr. Aidan Kinsella:

The legislation we are proposing or seeking is not legislation which is saying that we need to build new schools across the entire country.

The legislation we are proposing is basically a foundation stone, which allows the Department to build a structure, a policy and a strategy to affect what the Deputy has just outlined, which is to go forward. The reality is that the Department, for the past 40 years and currently today, has shown no interest in providing any type of strategy or policy to advance this. We have seen no evidence that this is going to change. We are seeking legislation to put a mandate in place which means that the Department is then asked formally by the State, for the first time in the history of this country, to provide Irish-medium education. Going forward, it will then be responsible back to the Minister and the committees which oversee that and asked what progress it is making to advance that. If Irish-medium education is to be advanced in this country, we need to build capacity in two areas. The most important one of those is the supply of teachers; the human capacity. Without teachers who are competent to teach through Irish, we will not have Irish-medium education. The buildings are the smaller bit. The legislation is looking to put a foundation stone under a future strategy and policy that survives multiple governments, decades and long-term hiccups.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim i mbealach go dtugann reachtaíocht, má tá sé ann, stádas buan, ach ní fheicim an bac faoi láthair. I think Mr. Kinsella referred to the Education Act 1998, section 6(i) of which sets out an obligation "to contribute to the realisation of national policy and objectives in relation to the extension of bi-lingualism in Irish society and in particular the achievement of a greater use of the Irish language at school and in the community". Tá sé sin sa reachtaíocht - san Acht oideachais - faoi láthair. Is rud é seo atá i bhfad níos praiticiúla ná reachtaíocht. Tá rudaí atá ann faoi láthair. Is féidir leis an Roinn dul i bhfeidhm leo i mbealach atá praiticiúil. Tá na torthaí ag an Roinn ón tsuirbhé seo agus feicim go gcuireann sé sin leis an argóint atá againn níos mó deiseanna a chur ar fáil. An raibh deis ag na finnéithe breathnú ar na torthaí sin fós? An bhfuil barúil acu orthu?

Ms Rachel de Bhailís:

Tá na polasaithe agus na hAchtanna ar fad ann le tamall, ach is trua é nár eirigh leis an Rialtas, nó aon Rialtas roimhe seo, iad a bhaint amach nó a chur chun cinn. Cén fáth é sin? Más rud é go bhfuil na polasaithe, na straitéisí agus na hAchtanna ar fad leagtha amach cheana féin, cén fáth nach bhfuil muid san áit cheart leis an nGaeloideachas agus soláthar an Gaeloideachais cheana féin? An fáth ná nach bhfuil an toil ann. Gan an reachtaíocht, ní bheidh sé ann. Sin deireadh an scéil i mo thuairim.

Photo of Barry WardBarry Ward (Dún Laoghaire, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal as ucht a bheith déanach. Aontaím leis an Teachta agus le Rachel de Bhailís, chun an fhírinne a rá. Tuigim go díreach cad atá á rá ag IMEASC. Tá roinnt cruinnithe déanta agam le hAidan Kinsella agus a chomhghleacaithe ar an ábhar seo. Níl mé i gcoinne Bille nua nó reachtaíocht ar an ábhar seo. Tá mé i bhfabhar reachtaíocht, ach tá deacracht a bhaineann leis an reachtaíocht sin. Muna bhfuil an Bille ag teacht ón Roinn, tá sé an-deacair é a fheiceáil sa dlí. Caithfimid a bheith ionraic faoi sin. Ag an am céanna, is cinnte go bhfuil fadhb ann. Dúirt Rachel de Bhailís í féin é. Cén fáth nach bhfuil an polasaí ag obair ar son na ndaoine atá ag iarraidh Gaeloideachas a bheith acu? Cén fáth nach bhfuil níos mó Gaelscoileanna acu? Cén fáth nach bhfuil ceart ag éinne atá ag freastal ar Ghaelscoil dul go dtí Gaelcholáiste ina dhiaidh? Tá a fhios againn go bhfuil roinnt daoine ann nach bhfuil an seans sin acu dul go dtí Gaelcholáiste. Tá an-fhadhb ann, cinnte. Is fadhb maidir le polasaí sa Roinn atá ann; ní fadhb pholaitíochta atá ann. B’fhéidir go bhfuil mé ag éisteacht le daoine a aontaím liom amháin. B’fhéidir gurb í sin an fhadhb. Ach, tá na Teachtaí agus na Seanadóirí anseo - nó an chuid is mó de dhaoine - i bhfabhar an méid atá á rá ag na finnéithe.

Fadhb shoiléir dom ná an tslí a roghnaíonn an Roinn oideachais an pátrúnacht a bhaineann le scoil. Mar shampla, i mo Dháilcheantar féin i gCoill na Silíní tá spás ann do mheánscoil. Níl faic déanta fós ach tá an Roinn ag labhairt anois faoi shuirbhé a dhéanamh ar cén saghas pátrúnachta a gceanglófaí leis an meánscoil nua seo. Tá an Roinn chun an suirbhé sin a dhéanamh i gceantar Coill na Silíní amháin. Tá dóthain daoine ann agus tá ciorcail thar timpeall an ceantar sin. Má dhéantar an suirbhé i gceantar níos leithne ná sin, gheofaí níos mó daoine atá réidh le dul chuig nó ag iarraidh Gaelcholáiste a bheith ar fáil dá bpáistí. I gcás Coill na Silíní, go háirithe, tá an Luas ann, tá busanna ann agus tá sé gar don M50. Mar sin, bheadh sé éasca do dhaoine taobh amuigh den chaolcheantar sin teacht go dtí Coill na Silíní dá mbeadh Gaelcholáiste ann dóibh. Tá fíorfhadhb ann anois maidir leis an bpolasaí atá ar bun ag an Roinn faoin tslí ina roghnaítear an phátrúnacht a bhaineann le scoileanna nua. Tá mé banging my head off the wall maidir leis seo ag cur ceiste ar an Aire agus ar oifigigh an Roinn agus ní dóigh liom go bhfeiceann siad an fhadhb. Tá sé i bhfad níos éasca dóibh fanacht leis an bpolasaí atá acu dul go dtí an chaolcheantar sin. Caithfear é sin a athrú. Is fadhb polasaí sa Roinn atá ansin. Ní hé nach bhfuil daoine ann gur gá don Roinn níos mó Gaeloideachas a chur ar fáil dóibh. Aontaím leis na finnéithe. Aontaím leis an Teachta Ó Conghaile freisin go bhfuil rudaí ann gur féidir linn a úsáid chun níos mó Gaeloideachas a chur ar fáil, ach is iad na torthaí an fhadhb. Níl sé sin ag tarlú dúinn. Níl an soláthar ann. Níl an Gaeloideachas ar fáil do dhaoine agus tá fíorfhadhb againn mar sin. Aontaím le Rachel de Bhailís ach ní dóigh liom go bhfuil freagra amháin agam chun é sin a réiteach.

Ms Rachel de Bhailís:

Aontaím go bhfuil níos mó ná fadhb amháin ag baint le cúrsaí oideachais. Is féidir an bealach ina roghnaítear pátrúnacht agus na rudaí sin ar fad a lua. Tá tacaíocht tras-pháirtí ag teastáil uainn ionas gur féidir linn suí timpeall an bhoird, labhairt faoi na fadhbanna ar fad agus iad a chur isteach sa reachtaíocht chun iad a sheachaint amach anseo. B’fhéidir gur ceist eile í sin a d’fhéadfaimis a phlé. Fiú nuair a labhair muid le hÉamon Ó Cuív dúirt sé go bhfuil na straitéisí, na hAchtanna oideachais agus na polasaithe ar fad ann, ach níl an Rialtas ag baint amach na spriocanna a leag sé amach é féin. Gan reachtaíocht, ní bhainfear amach iad.

Photo of Barry WardBarry Ward (Dún Laoghaire, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ar aon intinn leis na finnéithe. Is cinnte go bhfuil deacrachtaí ann a bhaineann leis sin.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam. Rith rud amháin liom nuair a bhí na finnéithe ag labhairt níos túisce. Nuair a bhí an Roinn oideachais os ár gcomhair cúpla seachtaine ó shin, dúradh linn go raibh rannóg sa Roinn ag déileáil le cúrsaí Gaeloideachais agus oideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. De réir leagan amach na Roinne faoi láthair, níl an rannóg sin ann a thuilleadh agus cruthaíonn sé sin fadhb. Cén sórt idirghabhála agus plé ata déanta ag IMEASC le Státseirbhísigh ón Roinn, nó an ar bhonn polaitiúil amháin atá an feachtas tar éis a bheith ag gníomhú?

Mr. Aidan Kinsella:

We have not spoken to anyone from the Department. It is extremely difficult to meet departmental officials at any significant level. We know from talking to committee members and their colleagues - multiple politicians have told us this - that there is a significant issue in getting the Department to come on board and that our biggest obstacle is inertia. Ultimately, politicians are elected by the people to enact and set out the will of the people. If part of that is to determine that Irish-medium education should be provided, it is the politicians - not civil servants - who enact legislation. Civil servants implement legislation; they do not enact it. If a change is needed, the change comes from the committee members and their colleagues. It does not come from civil servants.

We are looking to change the narrative, in effect. We must have a proper debate in this country on whether this is something Ireland should seriously consider. If the answer is “No”, that is fair enough, but it should be honestly debated, considered and decided upon. Ultimately, we must make a decision that will have ramifications, whichever way it goes. If the answer is “No”, there will be no Irish-medium education provision and the language will die out in future generations. If Irish-medium education is considered to be important enough that it warrants legislation to ensure its provision, that will transform future generations. Legislation passed today will affect virtually no one born today. It is our children and grandchildren who will benefit from this.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Labhair Aidan Kinsella faoi tháimhe nó inertia. An bhfuil meon sa Roinn nach bhfuil sí ag iarraidh leanúint leis an nGaeloideachas a sholáthar, go háirithe sa mheánscolaíocht?

Mr. Aidan Kinsella:

The track record is what spells it all out. Most - almost all - of the Gaelscoileanna opened over the past 40 years, to which the Department points with a lot of pride, were opened by parents who had to fight tooth and nail against the Department. The Department eventually brought procedures in that made it extremely difficult for parents to open new Gaelscoileanna. These procedures were ultimately found to be illegal in 2017 by the Coimisinéir Teanga. Outside of Gaeltacht areas, we now have almost 7% of our children attending a Gaelscoil. Two thirds of them cannot progress to a Gaelcholáiste because parents cannot open a secondary school. It is not easy. While it is relatively easy to open a primary school, it is extremely difficult to open a secondary school. We need the State to open secondary schools. The Department is responsible in that regard.

The results and the track record speak for themselves. In 1963, before universal secondary education was brought in, we had approximately 2.5% of all children, including those living in Gaeltacht areas, attending a Gaelcholáiste. Today, it is approximately 3.3%. In my lifetime - 60-odd years - we have increased the number of children who can complete their education through Irish by approximately half of a percentage point. In Wales, the second Welsh-medium education school was opened in 1963. Now, some 25% of all children going to secondary school in Wales receive their education through Welsh because of the legislation in place. While I cannot absolutely say that legislation is responsible, if it walks like a duck and quacks like a duck, maybe it is a duck.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An gcuirfeadh reachtaíocht leis an móiminteam chun an tumoideachas a leathnú amach ionas go mbeidh sé níos forleithne ná mar a bhí sular ritheadh an reachtaíocht?

Mr. Aidan Kinsella:

There is no doubt that once it becomes accepted that there are benefits to Irish- or Welsh-medium education, demand then feeds upon itself if it is seen to be successful and beneficial. As a parent, when I was sending my children to school, it was about the quality of education they would receive, not necessarily the language of education. We all aspire for our children to have the best. Parents would not send their children to an Irish-medium school if it were seen to be detrimental to be taught through Irish. If it is seen to be beneficial, they will send their children to such a school. If Irish-medium schools are seen to be secondary to English-medium schools, they are not going to work. They need to have equal status and be on an equal footing. The results will speak for themselves. Future parents will make those decisions.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir mé an cheist sin faoi mheon agus reachtaíocht toisc an chomhthéacs a d’eascair as ceisteanna na dTeachtaí Ward agus Connolly. Is féidir le reachtaíocht a bheith ann gan an meon ceart sa Roinn, mar a dúirt Rachel de Bhailís. D'fhéadfadh an-toil a bheith ag an Aire i leith na Gaeilge agus é nó í ag tiomáint na Gaeilge agus ag cur reachtaíocht i bhfeidhm, ach muna bhfuil an meon sa Roinn i gceart, conas is féidir linn dul i ngleic leis an meon sin?

D’fhreastail mé ar bhunscoil Béarla agus is trí thimpiste a d’fhreastail mé ar Ghaelcholáiste. Níl aon drogall orm a rá go raibh sé ar cheann de na heispéiris is fearr a bhí agam. Ó bheith ag déileáil leis seo le blianta, ní thuigim an meon. Is cosúil go bhfuil meon sa Roinn ina leith seo. B’fhéidir gurb í reachtaíocht an leigheas atá air seo, ach n’fheadar.

Ms Rachel de Bhailís:

Chabhródh reachtaíocht leis sin de dheasca go mbeadh sainordú tugtha do dhaoine sa Roinn oideachais ina leith seo. Bheadh orthu an post a dhéanamh. B’fhéidir go bhfeicfeadh siad na buntáistí ar fad a bhaineann leis an nGaeloideachas de réir a chéile. Is deacair meon dearfach a bheith ag daoine i leith rud éigin nach dtuigeann siad. Tá muid ag iarraidh iad a theagasc. Fiú inniu, tá muid ag iarraidh daoine a chur faoi oiliúint maidir leis na buntáistí a d’fhéadfadh muid feiceáil sa tír seo sa todhchaí le níos mó daoine atá dátheangach i gcomhthéacs an gheilleagair, an chultúir, na hoidhreachta agus an tsaoil shóisialta. Tá sé againn anois i ndubh agus bán i dtuarascáil go mbeadh fiúntas ag baint leis an dátheangachas sa tír seo.

Freagróidh mé go tapa an chéad cheist a chuir an Cathaoirleach maidir le rannóg nó coiste a bhunú sa Roinn oideachais. Tá sé leagtha amach sa dréacht-reachtaíocht atá againn go mbunófaí coiste sa Roinn chun an stiúir sin a thabhairt. Tá muid tar éis smaoineamh faoi sin cheana féin.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Seanadóir Kelleher tar éis teacht isteach agus tá mé chun an focal deireanach a thabhairt dó, má tá ceist aige.

Garret Kelleher (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl. Tá sé go breá, a Chathaoirligh.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon rud eile le rá ag na finnéithe ina leith seo, mar tá muid ag druidim le deireadh an tseisiúin seo?

Mr. Aidan Kinsella:

Gabhaim buíochas leis an choiste for the time.

Ms Rachel de Bhailís:

Gabhaim míle buíochas le comhaltaí an choiste as ucht a gcuid ama.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim go gcuirfidh muid an cruinniú seo ar fionraí ionas go dtabharfaidh muid ár bhfinnéithe ó hÚdarás na Gaeltachta isteach. Gabhaim buíochas le hAidan Kinsella agus Rachel de Bhailís as a gcuid ama a chaitheamh linn tráthnóna agus ár gcuid ceisteanna a fhreagairt.

Chuaigh an suí ar fionraí ar 12.17 p.m agus cuireadh tús leis arís ar 12.33 p.m.