Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 26 May 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Campas Gaeilge i gConamara - Samhail Cruthaithe don tSeirbhís Phoiblí: Ráitis
2:00 am
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanfaimid ár mbreithniú ar an ábhar campas Gaeilge i gConamara samhail cruthaithe don tseirbhís phoiblí. Ag déanamh ionadaíocht ar Fhorbairt Chonamara Láir Teo, tá: Tomás Ó hAllmhuráin, Cathaoirleach; Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, Bainisteoir; agus Julie Uí Chualáin, Saoiste Scéim Shóisialta Tuaithe i gConamara Láir. Tá céad míle fáilte rompu.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe uilig ag freastal ó sheomra coiste 3 taobh istigh do phurlán Thithe an Oireachtais. Sula leanfaimid ar aghaidh tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leagan faoina bhráid uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin, agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafón nuachta nuair nach bhfuil siad féin ag caint.
Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar. Iarraim ar Thomás Ó hAllmhuráin a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Mr. Tómas Ó hAllmhuráin:
Guím maidin mhaith ar an gcoiste. Tá cuid den mhaidin caite ar bhealach.
Is mise Tomás Ó hAllmhuráin, Cathaoirleach sealadach ar Fhorbairt Chonamara Láir Teo., Comharchumann Gaeltachta atá lonnaithe i gConamara Láir. Tá áthas orm a bheith anseo in éineacht le Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, bainisteoir an chomharchumainn, agus Julie Uí Chualáin, saoiste scéim shóisialta tuaithe, i gConamara Láir.
Is eagraíocht phobail muid atá dírithe ar fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha an cheantair Ghaeltachta seo. Oibrímid chun tacú le cruthú fostaíochta áitiúil agus seirbhísí pobail a fhorbairt agus a chothabháil sa chaoi go mairfidh an Ghaeltacht agus ceantair faoin tuath is go bhfanfaidh siad beo.
Tríd ár gcuid oibre, i dtograí forbartha pobail éagsúla, táimid ag iarraidh deiseanna a chruthú do dhaoine go mbeidh siad in ann fanacht agus maireachtáil ina gceantair féin, agus an Ghaeilge agus an cultúr a láidriú agus a bheogan ann. Táimid buíoch as an deis a bheith anseo inniu chun éileamh a dhéanamh ar an gcoiste cúnamh agus cabhair a thabhairt dúinn an obair seo a leanúint agus a fhorbairt sa cheantar.
Faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá sé mar aidhm ag Rialtas na hÉireann go mbeidh 20% de na hearcaithe sa tseirbhís phoiblí líofa sa Ghaeilge faoi cheann 2030. Tá roinnt oibre déanta ach tá neart le déanamh fós má tá muid dáiríre faoin sprioc seo a bhaint amach. Níl aon deis á tabhairt nó tugtha do na daoine atá ag obair sna seirbhísí poiblí, cheanna féin, chun iad a spreagadh le páirt a ghlacadh agus deis a gcuid oibre a fhorbairt agus muinín a bheith acu leis an nGaeilge agus na ceapacháin seo a bhaint amach. Mar thoradh air sin táimid buíoch go bhfuilimid anseo agus go bhfaighimid tacaíocht agus láidreacht don Ghaeltacht agus go dtabharfaidh an choiste bunús dúinn le seo a neartú.
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
An t-éileamh atá á dhéanamh againn inniu ná campus Gaeilge i gConamara nó mol oideachais a chruthú i gCarna i gConamara. I gcroílár an togra seo, tá an smaoineamh tógtha ar na bunstruchtúir láidre atá sa phobal cheana féin. Tá suíomh ar leith i gCarna don chineál seo togra a fhorbairt. Tá sé suite i gceann de na ceantair is láidre Gaeilge sa tír, áit a bhfuil traidisiún saibhir ceoil, scéalaíochta, béaloidis agus úsáid na Gaeilge ó ghlúin go glúin fós beo inti. Ach, cosúil le go leor ceantair tuaithe eile, tá dúshláin mhóra roimhe, mar shampla laghdú daonra agus easpa deiseanna fostaíochta i gcaitheamh na bliana. Freagraíonn an togra seo go díreach do na dúshláin sin trí mhúnla comhordaithe foghlama Gaeilge agus forbartha pobail a chruthú atá fite fuaite leis an nGaeltacht féin.
Rud eile atá fíor-thábhachtach ná go bhfuil cuid mhór den bhunstruchtúr riachtanach ann cheana féin. Cuireann Acadamh na hOllscoile i gCarna láithreacht oideachais agus bunús acadúil ar fáil do chláir chreidiúnaithe Gaeilge agus do chomhpháirtíochtaí éagsúla. Cruthaíonn an togra seo deis ar leith freisin do státseirbhísigh páirt a ghlacadh i gcúrsaí feabhsúcháin Gaeilge agus iad ag obair go cianda ón nGaeltacht. Trí mhúnla mol oibre cianda i gCarna @gteic Charna bheadh fostaithe san earnáil phoiblí in ann dualgais ghairmiúla a chomhcheangal le foghlaim thumoideachais Gaeilge agus le micricreidiúintí aitheanta a bhaint amach. Thacódh an cur chuige seo le forbairt ghairmiúil sa Státseirbhís trí líon na foirne a bhfuil inniúlacht fheidhmiúil agus ghairmiúil sa Ghaeilge acu a mhéadú.
Chuirfeadh sé freisin le sprioc an Rialtais maidir le méadú ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge, chomh maith leis an gcuspóir níos leithne cumas Gaeilge san earnáil phoiblí a neartú. Ag an am céanna, bhainfeadh rannpháirtithe taithí ar an nGaeilge ní hamháin mar ábhar staidéir, ach mar theanga bheo phobail a úsáidtear go nádúrtha sa saol laethúil ar fud na Gaeltachta.
Rud fíorthábhachtach eile ná go gcuireann an pobal féin ceann de na hacmhainní is luachmhaire ar fáil; teaghlaigh agus tithe Gaeilge atá sásta páirt a ghlacadh i lóistín tumoideachais. Is é seo fíorthaithí do fhoghlaimeoirí. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil an togra ag tosú ón tús. Ina áit sin, tá sé ag tógáil ar láidreachtaí agus ar acmhainní an phobail chun múnla campais comhtháite a chruthú i gCarna agus sa Ghaeltacht ar bhonn níos leithne. Tá an fhís praiticiúil agus inmharthana. Bheadh foghlaimeoirí páirteach in oideachas creidiúnaithe Gaeilge trí chomhpháirtíochtaí ollscoile agus dianchláir teanga, agus ag an am céanna bhainfidís taithí ar an nGaeilge mar theanga bheo phobail trí idirghníomhú laethúil le teaghlaigh áitiúla agus leis an bpobal ina gcuideachta.
Tá an múnla tumoideachais sin thar a bheith tábhachtach mar ní sna seomraí ranga amháin a mhaireann an teanga; maireann sí timpeall an bhoird sa chistin, i gcomhráite i ndiaidh an dinnéir, sna siopaí áitiúla, i seisiúin cheoil agus i saol laethúil an phobail. Trí fhoghlaimeoirí a nascadh go díreach le teaghlaigh Ghaeilge, cruthaímid fíorthumadh teanga. Ag an am céanna, is ioncam breise do theaghlaigh áitiúla agus neartóidh sé seo úsáid laethúil na Gaeilge ó ghlúin go glúin.
Ní togra oideachais amháin é seo. Trí na creidiúnaithe, deiseanna forbartha gairmiúla, micricreidiúintí agus comhpháirtíochtaí leis an earnáil phoiblí, d’fhéadfadh an togra foghlaimeoirí a mhealladh ó chuile cearn den tír agus Carna a chur chun cinn mar ionad náisiúnta do thumoideachas Gaeilge agus d’fhorbairt ghairmiúil. Chruthódh an togra seo deiseanna freisin do thaighde, do chomhoibriú agus do nuálaíocht in oideachas Gaeilge, in obair chianda agus i bpleanáil teanga. San fhadtéarma, tá an cumas ag campais mar seo a bheith ina sampla ceannródaíoch den chaoi ar féidir le hathbheochan teanga agus forbairt pobail dul lámh ar láimh lena chéile. Is féidir leis a léiriú nach bhfuil luach cultúrtha amháin ag baint leis an teanga, ach luach sóisialta, gairmiúil agus eacnamaíoch freisin. D’fhéadfadh pobail Ghaeltachta a bheith ina n-ionaid nuálaíochta, foghlama agus deise. Is féidir le hoideachas, cultúr agus rannpháirtíocht phobail todhchaí inmharthana a chruthú do cheantair thuaithe na hÉireann.
Sa deireadh thiar, is faoi mhuinín atá an togra seo - muinín inár dteanga, muinín inár bpobail agus muinín gur féidir le háiteanna cosúil le Carna ceannaireacht náisiúnta a léiriú in oideachas Gaeilge, i nuálaíocht san earnáil phoiblí agus i bhforbairt pobail. Is mórfhís í seo, ach tá sí indéanta freisin mar go bhfuil na bunchlocha ann cheana féin.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Máirín Ní Choisdealbha-Seoige. Ag an gcruinniú deireanach a bhí againn, bhí Seanadóir againn as Gaillimh Thiar. Déanaim comhghairdeas leis an Teachta Seán Kyne as an mbua a bhí aige ag an deireadh seachtaine sa bhfo-thoghchán. Go n-éirí go geal leis as seo amach. Tá an-obair déanta aige go dtí seo agus tá sé go maith go bhfuil sé fós ina bhall den chomhchoiste seo.
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach. Tá mé fíorbhuíoch de chuile dhuine i nGaillimh Thiar as ucht a dtacaíochta.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bogfaidh muid ar aghaidh go seisiún ceisteanna. Glaoim ar an Teachta Connolly.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht an turais fhada a rinne siad ar maidin le teacht inár láthair agus an cur i láthair sin a chur in iúl do chomhaltaí an choiste. Aontaím le go leor atá ráite ag na finnéithe sa ráiteas tosaigh, go háirithe leis an bpointe gur buntáiste ollmhór é d’aon fhoghlaimeoir atá ag iarraidh teanga a fhoghlaim go bhfoghlaimíonn siad í i gceantar ina bhfuil an teanga sin mar ghnáththeanga an phobail. Feicim é sin le mo pháistí féin. Ba mhór an tionchar a d’imir an tréimhse a chaith siad sa Ghaeltacht orthu. Glacaim agus aontaím go huile is go hiomlán leis na finnéithe ina leith sin.
Dúirt Máirín Ní Choisdealbha-Seoige go bhfuil na bunchlocha sa cheantar maidir leis an togra nó moladh seo. Glacaim leis go bhfuil an teanga áitiúil a labhraíonn muintir na háite ar cheann de na bunchlocha sin. Glacaim leis chomh maith, má tá mé i gceart, gur bunchloch eile é ionad an acadaimh i gCarna. Ar an ábhar sin, ar phléigh Forbairt Chonamara Láir Teo é seo leis an acadamh?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Is beart é seo atá leagtha síos i bplean teanga Chonamara Láir agus plean gnímh Chonamara Láir le cúpla bliain anuas. Tháinig an moladh trí chomhairliúchán poiblí sa chéad lá riamh. Tá roinnt cainteanna déanta againn le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. De bhrí go bhfuil múnla an tseimeastair Gaeltachta ann cheana féin, am a thagann mic léinn go dtí an ceantar ar feadh tréimhse trí mhí, tá gréasán mhná tí againn do lóistín. Dá mbeadh an toil ann a leithéid a chur ar fáil don Státseirbhís, bheadh muid in ann é a dhéanamh maidin amárach.
Tá an t-acadamh féin ann. Bíonn ardcháil ar na cúrsaí a bhíonn á gcur ar fáil aige i gCarna. Chomh maith leis sin, tá an t-ionad Gteic againn ansin freisin. Tuigeann muid gur chóir go mbeadh deiseanna do dhaoine atá ag obair sa Státseirbhís chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. D’fhéadfaí é seo a dhéanamh tríd an gcóras acadúla. Bheadh buntáistí faoi leith ann dá mbeadh deis acu fanacht i gceantar Gaeltachta agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Bheadh siad in ann oibriú go laethúil freisin ó Charna. Anuas air sin, gheobhadh siad taithí ar shaol Gaelach, ar shaol na Gaeilge, agus ar shaol na Gaeltachta.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bheadh an t-acadamh lárnach.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An samhlaíonn na finnéithe aon eagraíocht eile ag múnadh na ranganna agus cúrsaí seo?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
De bhrí go bhfuil an t-acadamh lonnaithe i gCarna, feiceann muid gurbh é a bheadh chun tosaigh maidir leis seo a fhorbairt dá mbeadh an toil ann na cúrsaí a chur ar fáil i gCarna. Níor chinneadh é sin dúinn, áfach. Feiceann muid gurb é seo an t-éileamh atá ag teacht ón phobal. Tá an pobal ag réiteach le freastal ar an éileamh. Tá an toil taobh istigh d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go háitiúil, ach is mór an cheist í ó thaobh an oideachais de.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim go bhfuil sé féin ag déanamh plean forbartha straitéisí faoi láthair. Ar labhair sé le heagraíocht na bhfinnéithe maidir leis an bplean sin?
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil a fhios ag na finnéithe má tá an plean sin réidh fós?
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is smaoineamh an-mhaith é go mbeadh daoine in ann oibriú as an Gteic agus na cúrsaí a dhéanamh ag an am céanna. An bhfuil a dhóthain spáis sa Gteic?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Tá roinnt mhaith spáis sa Gteic. Tá seomraí aonaracha agus seomraí móra ann. Braitheann sé ar an éileamh. Leis an múnla a raibh muid ag caint faoi, is é an rud a fheiceann muid ná go dtosódh amach beag ar dtús mar scéim phíolótach agus oibreodh muid amach céard atá ag teastáil. Ó thaobh na Státseirbhíse de, ís í an tuiscint atá agam ná go mbíonn réimse leathan grád taobh istigh den Státseirbhís. Bíonn na caighdeáin Ghaeilge, fhoghlama agus acadúla difriúil. Chaithfí breathnú ar na cineálacha cúrsaí agus modúl a chuirfeadh muid ar fáil, chomh maith le leibhéil na gcúrsaí agus modúl sin.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Le chuile rud mar sin, bíonn maoiniú i gceist. Ar smaoinigh na finnéithe faoin phointe maoinithe is fearr lena haghaidh seo?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
De bhrí go bhfuil múnla an tseimeastair Ghaeltachta ann cheana féin, a bhfuil maoiniú ar fáil dó, tá struchtúr Stáit ann cheana féin. Tá sé socraithe cheana an chaoi a dtugann Roinn na Gaeltachta agus an Roinn ardoideachais maoiniú ar fáil chun a leithéid a fhorbairt. Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna le blianta agus tá sé chomhnascaithe leis an bpobal. Tá saibhreas na teanga agus an cheoil á chur ar fáil aige. Tá an deis anseo dúinn le haghaidh seirbhísí poiblí agus an sprioc 20% seo a bhaint amach. Dá mbeadh scéim phíolótach tosaithe i gCarna ar dtús, bheadh torthaí dearfacha uirthi, mar atá leis an seimeastar Gaeltachta do mhic léinn dara leibhéil. Tá mé ag ceapadh gur chaiteachas airgid fhiúntaigh a bheadh ann dá ma rud é go mbeadh muid in ann a dheimhniú go bhfuil caighdeán ard sásúil sa Státseirbhís. Bheadh na seirbhísí sin ar fáil ansin dúinn mar phobal Gaelach.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfeiceann na finnéithe go mbeadh ról ag a n-eagraíocht mar comhordaitheoir ar an rud ar fad, idir lóistín, múineadh agus an Gteic?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Déanann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge é as a stuaim féin. Eagraíonn sé an lóistín agus na cúrsaí oiliúna atá ar siúl aige faoi láthair. Tá Gteic i gCarna, áit a bhfuil spásanna ar fáil ann go solúbtha. Chomh maith leis sin, tá caighdeán ard leathanbhanda ar fáil. Dar linn, is é ról ár n-eagraíochta féin, Forbairt Chonamara Láir Teo, ná imeachtaí pobail a chur ar fáil sa tráthnóna, cosúil le peil, seoltóireacht, casadh amhrán, seiteanna damhsa agus céilí. Bíonn na rudaí sin ar siúl sa cheantar cheana féin. D’fhéadfaí tuilleadh a chur ar fáil. Mar shampla, níl aon oíche den seachtain, ó Luan go hAoine, nach mbíonn rud éigin ar siúl sa phobal. Tá mé cinnte de go mbeadh na daoine a bheadh ar na cúrsaí seo, a bheadh ina bhfoghlaimeoirí, in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán sa phobal. Is é an ról a bheadh againn ná an nascadh sin a dhéanamh leis an bpobal.
Is aisteach an rud é ach trí dhaoine ag teacht isteach sa cheantar, cuirtear luach ar an teanga i measc na glúine atá ag teacht aníos. Feiceann siad go bhfuil luach eacnamaíoch ag baint leis an teanga, rud atá fíorthábhachtach san fhadtréimhse.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá loighic leis seo. Ní féidir liom aon fhadhb a aithint sa phlean, agus ba chóir go dtarlódh sé roimhe seo, go háirithe ó ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a chuir an Stát dúshlán air féin go mbeadh 20% dóibh siúd a bheadh earcaithe ina nGaeilgeoirí inniúla líofa. Níl sé chun an sprioc sin a shroicheadh ag an stad seo, ach amháin má thógann sé cur chuige mar atá leagtha amach ag na finnéithe.
Mar a dúirt mé, tá mé go huile is go hiomlán taobh thiar den sórt cur chuige seo. Cad sórt cumais atá ag an infreastruchtúr áitiúil? Mar shampla, i lár mhí an Mheán Fómhair, cé mhéad spás a bhíonn sa Gteic le cuidiú leis seo?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Ag breathnú ar an mórphictiúr, bíonn seimeastar Gaeltachta againn ó Mheán Fómhair go mí na Nollag. Tá an tréimhse sin gnóthach mar atá. Bhí muid ag smaoineamh go bhféadfadh sé seo tarlú le linn na míonna ciúine sa phobal nuair nach mbíonn mórán ag tarlú, ó Eanáir go Bealtaine, cuir i gcás. Níl úsáid iomlán á baint as na háiseanna atá againn sna cúig mhí sin. Bheadh sé ina bhuntáiste do na háiseanna go mbainfí úsáid astu ach, rud atá níos tábhachtaí fós, d’fhéadfadh Carna an spás sin a thabhairt agus na cúrsaí seo a chur ar fáil don Státseirbhís.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é sin an sórt cumais atá ann. Cé mhéad duine a mbeadh Carna in ann déileáil leis sa sheimeastar nua Gaeltachta seo? Is é an rud atá i gceist anseo ná “seimeastar 2” a dhéanamh, ach do dhream difriúil.
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Faoi láthair, bíonn na huimhreacha atá ar an seimeastar Gealtacha ag brath ar líon na mac léinn a fhreastalaíonn ar an ollscoil i nGaillimh. Go hiondúil, tagann idir 30 agus 40 acu go Carna. Bíonn uimhreacha níos airde ag dul go dtí An Cheathrú Rua. Tá níos mó mná tí ná sin ar fáil dá mbeadh níos mó éilimh, áfach. I rith an tsamhraidh, tagann 150 duine ó Hibernia College chuig an bpobal ag aon am amháin agus déantar freastal orthu sin chomh maith leis an gcoláiste samhraidh, Coláiste Sheosaimh. Bheadh 150 leaba ar fáil don acadamh.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bheadh sé sin ollmhór do gheilleagair an cheantair sin-----
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dá mbeadh 100 nó 150 ag teacht chuig an gceantar do na chúig mhí sin, glacaim leis nach mbeadh fadhb ag an acadamh na cúrsaí a chur ar fáil. An bhfuil an spás aige? An bhfuil foirgneamh ar fáil lena haghaidh?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Déanann siad freastal ar 150 mac léinn ó Hibernia College sa samhradh. Leis an seimeastar Gaeltachta, mar gheall go bhfuil na huimhreacha níos lú san ollscoil i nGaillimh, is as Gaillimh a thagann siad. Bíonn timpeall 30 nó 40 acu. Is iomaí grúpa le thart ar 100 duine a bhíonn aige, agus tá na seomraí ranga sin ar fáil le freastal orthu. Ní mór breathnú ar an Gteic agus, b’fhéidir, roinnt athraithe beaga a dhéanamh. Is é an chaoi a samhlaím é ná go bhféadfadh méid áirithe daoine a bheith ag foghlaim ar maidin agus méid áirithe daoine a bheith ag obair sa Gteic, agus ansin go ndéanfaí malartú sa tráthnóna. Bheadh dhá sruth difriúil ann.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a dúirt mé, níl aon fhadhb ar bith agam leis seo. Tá loighic leis. Tá muid tar éis é seo a phlé le Ranna difriúla, go háirithe leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, le cuidiú leo siúd atá sa Státseirbhís teacht ar an nGaeilge atá acu nó barr feabhas a chur léi, mar a dúirt an finné.
Má ardaíonn muid aon rud mar seo, an cheist a chuirtear i gcónaí ná, “Cad é an costas?”. Mar sin, cén figiúir a bheadh i gceist leis seo? Dar liom, caithfidh an Stát é seo a chaitheamh ar aon chaoi, ach cuideoidh figiúirí linn agus muid ag dul chuig na Ranna cuí ag iarraidh tacú leis an bplean seo. Beidh siad ag ceistiú faoin tuarastal breise a bhaineann leis seo, lena n-airítear íocaíochtaí na múinteoirí agus na mban tí. Níl mé ag rá gur féidir leis na finnéithe teacht ar an bhfigiúir sin faoi láthair, ach tá sé seo ar cheann de na ceisteanna a chuirfear. Mar shampla, má tá 150 duine le bheith i gCarna ar feadh trí mhí, beidh ar na finnéithe an sórt costais agus na sonraí a bhaineann leis sin a leagan amach, lena n-airítear an cíos breise is gá a íoc as an Gteic. Ní gá go mbeadh na figiúirí go hiomlán beacht ach beidh siad ina gcuidiú linn agus muid ag argóint leis na hAirí difriúla.
Níor chóir go mbeadh sé seo ag teacht as buiséad na Roinne Gaeltachta ach oiread. Ba chóir go dtiocfadh sé as an mbuiséad atá ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin mar is ag cur oideachais ar Státseirbhísigh atá i gceist. Níor chóir go mbeadh ualach breise airgid nó maoinithe ag Roinn na Gaeltachta leis seo.
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Níl aon fhigiúir sonrach agam, ach tá roinnt taighde déanta ag grúpaí difriúla ar fhorbairt an choincheapa seo. Rinne Red Mountain ceann de na staidéir sin, ach bhí an taighde áirithe sin ag breathnú ar scála náisiúnta níos mó ná ar Charna amháin. Dá mhéad infheistíocht a dhéanann muid sa Ghaeilge, is amhlaidh is mó a gheobhaidh muid ar ais mar thoradh ar úsáid agus sealbhú na teanga. Chomh maith leis sin, chuirfeadh sé seo le geilleagar an cheantair freisin, go háirithe ó thaobh forbairt fhostaíochta de. Ag deireadh an lae, d’íocfaí é ar ais trí cháin. Chuirfeadh sé daoine amach ag obair. Is buntáiste a bheadh ann.
Níl na mionuimhreacha agam, ach níor cheart go dtitfeadh sé seo ar Roinn na Gaeltachta amháin. Ba chóir go mbeadh an Roinn ardoideachais lárnach leis seo de bharr go mbaineann sé le hoideachas acadúil.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní díreach an Roinn ardoideachas is gá a bheadh páirteach. Baineann sé seo leis an Státchóras. Is cur chuige difriúil é. Uaireanta, ní aithnítear é sin agus cuirtear ar an Roinn oideachais nó Roinn na Gaeltachta é, ach baineann sé seo leis an Státseirbhís ina iomláine.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn ar maidin. Gabhaim buíochas leo as an gcur i láthair freisin. Tá cúpla ceist agam. Cén aoisghrúpa atá i gceist leis an togra seo? An mbeadh sé dírithe orthu siúd atá 21 nó níos sine?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Ó thaobh na Státseirbhíse féin, bhainfeadh sé seo leis an ngrád cléireachais suas go dtí ardoifigeach. Chaithfí tús a chur leis ag grád éigin agus é a mhéadú uaidh sin. Toisc go mbeadh creidiúintí agus modúil i gceist, d’fhéadfaí é sin a dhéanamh de réir céimeanna. De réir mar a thagann arduithe céime, nó deiseanna arduithe céime, chun cinn sa Státseirbhís, bheadh níos mó deiseanna ag na daoine sin na gráid nua a bhaint amach mar gheall ar an gcaighdeán Gaeilge atá acu. Thacódh sé leis an sprioc 20% earcaíochta. Gabhaim leithscéal muna bhfuil sé sin soiléir.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá a fhios agam go bhfuil eagraíocht na bhfinnéithe ag labhairt leis an acadamh maidir leis seo, ach ar labhair sí leis an IPA ar chor ar bith? An bhfuil aon bhaint aici leis an IPA? Bhí an Leas-Chathaoirleach ag bronnadh teastas ag ócáid de chuid an IPA. Tá deis ar leith leis an IPA mar tá ról lárnach le himirt aige ó thaobh na faidhbe seo. Ar bhealach, tá an-chuid ar fáil cheana. Is fiú d’eagraíocht na bhfinnéithe labhairt leis an IPA le oibriú amach má tá aon seans a bheith mar chomhpháirtí leis an IPA. Tá an fhreagracht aige na cúrsaí ar fad a chur ar fáil. Tá an-chuid cúrsaí á gcur ar fáil don Státseirbhís ach níl mórán acu ó thaobh na Gaeilge de, agus is é sin an dúshlán atá ann. Molaim go labhraíonn na finnéithe leis an IPA.
Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, ó thaobh an chostais de, an bhfuil mórán infheistíocht chaipitil i gceist, nó an baineann sé seo níos mó le costais reatha ó thaobh na dtuarastal, na mban tí, an chíosa Gteic agus na líonraí sin ar fad?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Sin é. Tá bunstruchtúr maith i gCarna i láthair na huaire. Beidh muid i gcónaí ag cuardach tuilleadh forbartha ach, faoi láthair, tá an bunchloch ann. Tá comhoibriú idir Acadamh na hOllscolaíochta, na Gteiceanna agus na pobail. Is amhlaidh atá sé ar An gCeathrú Rua agus i nGaoth Dobhair, agus caithfidh muid a bheith ionraic faoi sin. Níor tharla sé sin d’aon turas; tharla sé de bharr na hoibre crua thar na blianta. Is í an áit a bhfuil an chomhcheangal eadrainn ná i sealbhú teanga agus i saibhriú ár gcultúir, ár ceoil agus ár n-amhrán. Mar gheall ar an sprioc earcaíochta 20%, feiceann muid deis go bhféadfadh muid earnáil teangabhunaithe a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta a chuirfeadh le sealbhú teanga don todhchaí agus a chuirfeadh luach ar an teanga don chéad ghlúin eile.
Tá an ceart ag an Teachta. Is costais reatha a bheadh i gceist ag an tús ama. Ach dá bhfásfadh an coincheap seo agus dá mbeadh éileamh air, ní bheadh a fhios agat céard a bheadh muid ag cuardach amárach. Beidh muid ar ais.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ó thaobh clár píolótach de, dá mbeadh clár píolótach i gceist, cén sórt cruth a cheapann na finnéithe a bheadh ar chlár píolótach? Cé mhéid mac léinn a bheadh i gceist? Luaigh Máirín mí Eanáir go dtí mí Bealtaine ó thaobh an amchláir de. Cé mhéid mac léinn a bheadh ar an gcéad clár píolótach agus cén sórt tréimhse ama a bheadh i gceist? Cén sórt físe atá ann don chéad clár píolótach?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Dá mbeadh an toil ann amárach agus an sparán leagtha amuigh ansin chun an maoiniú a aimsiú, dá mbeadh tréimhse trí seachtainí ann agus iarrfaimid, ó bharr mo chinn, seasca duine. Caithfimid cuimhneamh ó thaobh na mná tí de nuair a choinníonn siad Gaeilgeoirí gur déagóirí iad, bíonn siad in ann ceathrar a choinneáil i seomra. Le haghaidh an tseimeastair Gaeltachta táimid ag caint faoi mic léinn ollscoile agus bheadh muid ag caint faoi bheirt sa seomra. B’fhéidir leis seo, mar gheall go bhfuil muid ag caint faoi dhaoine gairmiúil, b’fhéidir go mbeadh duine i ngach seomra. Caithfimid a bheith réalaíoch. Bheadh 30 go dtí 60 duine agus dá mbeadh 30 duine ag obair sa GTeic go mbeadh siad sin ag foghlaim tráthnóna agus san oíche an uair sin go mbeadh an céilí, an bingo nó an cluiche peile sa pháirc uile-aimseartha i gCill Chiaráin ar siúl agus go bhfaigheadh siad aithne ar an gceantar. Eagróimis ceardlann ar stair an cheantar. Ach sin obair pobail a bheadh le déanamh againn le cur isteach sa dialann nuair a bheadh a fhios againn go cinnte go mbeadh grúpa ann agus réamhobair déanta ar cén sórt suimeanna agus spéiseanna a bheadh acu. Idir na coistí ar fad atá sa cheantar, bíonn neart ag tarlú idir clubanna spóirt uisce de. Ag deireadh an lae, dá mbeadh cúrsa trí seachtainí ann, iarrfaimid seasca duine. Bheadh 30 ag foghlaim ar maidin agus 30 ag obair, agus a mhalairt sa tráthnóna. Bheadh sé b’fhéidir níos éasca grád amháin a thógáil, más sin COs nó EOs, agus tosaigh amach áit éigin. Ba thúsphointe a bheadh ann. Bheadh slat tomhais leagtha síos againn agus ansin d’fhéadfaimis anailís iomlán a dhéanamh ar na torthaí sin.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go raibh maith agat.
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh na cuairteoirí ó Chonamara ar maidin. Cén t-am den bhliain go díreach atá siad ag smaoineamh ar nó an bhféadfaí na cúrsaí seo a chur ar fáil ag aon am taobh amuigh d’ama na gcoláistí samhraidh dóibh siúd a bheadh ag freastal orthu?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Le deis a thabhairt don scéim phíolótach bheadh mé ag breathnú ar thús na bliana, thart ar Feabhra agus Márta. Beidh an seimeastar Gaeltachta ann ó Mheán Fómhair go dtí an Nollaig agus b’fhéidir go mbeadh sé mar thuras foghlama dúinn féin. Bheadh idir Feabhra agus Márta go maith mar bíonn an ceantair ciúin. Níl mórán ag tarlú ó thaobh cuairteoirí nó daoine ag teacht isteach nó amach. Chuirfeadh sé borradh maidir le heacnamaíocht an cheantair sa tréimhse sin den bhliain. Bíonn roinnt grúpaí eile ag teacht ó am go ham agus cuirtear tús leis na féilte an uair sin. Is am maith é Feabhra nó Márta le turas foghlama a bheith ann don phobal féin ar cé chaoi a bhfuil sé sin chun oibriú agus cén chaoi a bhféadfaimid snas a chur air.
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil na finnéithe sásta go mbeidh dóthain lóistín ar fáil agus go mbeadh suim ag daoine go háitiúil?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Tá suim go háitiúil, go cinnte, é a leathnú amach. Tríd an idirbheartaíocht agus an plé a bhíonn againn le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna, is rud éicint é a bhfuil muid ar fad ag iarraidh agus tá sé leagtha síos mar bheartas sa phlean teanga agus i bplean gnímh an cheantair freisin.
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá moladh ann go m’fhéidir go mbeadh daoine ag an ngrád céanna sa Státseirbhís ag teacht le tosú amach. Céard faoin leibhéal Gaeilge a bhéas acu? An bhfuil sé sin níos tábhachtaí?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Beidh sé sin chomh tábhachtach céanna agus níl a fhios agam cén chaoi é sin a thomhais go díreach. Is ceisteanna iad seo d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge b’fhéidir mar gheall gurb iadsan a dhéanann an riarachán iomlán ar an seimeastar Gaeltachta ó thaobh an oideachais de. Níl mise ag iarraidh suí anseo agus insint cén chaoi é sin a chur chun cinn ach tá mé cinnte go mbeadh slat tomhais ansin freisin.
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar phléigh na finnéithe é seo le baill an acadaimh? Sílim go bhfuil siad sásta go bhfuil ciall leis seo. An gceapann siad gurb é trí seachtaine an tréimhse is fearr? Táimid ag caint faoi thumoideachais mar sin an bhfuil ciall le leanúint ar aghaidh le níos mó ná trí seachtaine?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Mhol muid trí seachtainí. Bhí mise ag breathnú ar thréimhse agus muid ag caint faoi mhodúil áirithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ó thaobh dianchlár taobh istigh de trí seachtainí ag díriú ar ghné éigin. Is é sin, ó thaobh an oideachais de, go mbainfeadh daoine amach céim éigin ar an slad seisiún. Ní léachtóir i nGaeilge mé agus ní haon saineolaí mé ó thaobh múineadh na Gaeilge de, so níl mise ag iarraidh béim a chur air sin i láthair na huaire. Ach tá mé cinnte tríd labhairt le leithéidí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus mar gheall go bhfuil an seimeastar Gaeltachta cheana féin á chur i bhfeidhm aige, go bhfuil múnla éigin ansin go bhféadfaí fás ar.
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag leanúint ar aghaidh ón méid atá ráite ag an Teachta Kyne cheana féin, go bhfuil na finnéithe ag smaoineamh ar thréimhse ó mhí Feabhra go dtí mí Márta agus b’fhéidir uair éigin ó mhí Mheán Fómhair go dtí mí na Nollag b’fhéidir sa todhchaí, céard é an rud is mó gur féidir déanamh chun foghlaimeoirí a mhealladh go dtí an Ghaeltacht sna míonna sin, go háirithe idir mí Feabhra agus mí Márta?
Mr. Tómas Ó hAllmhuráin:
An t-am sin den bhliain tá an lá giortach agus tá an oíche fada so tá tú in ann béim a chur ansin ar níos mó imeachtaí san oíche, da mba ceardlann ceoil, scéalaíochta, nó amhránaíochta a bheadh ann. Bheifeá in ann ceardlann a dhéanamh, fiú amháin, go mbeadh comhráite idir muintir na háite agus an dream a thiocfadh isteach ag foghlaim na Gaeilge. Tá mise líofa i labhairt na Gaeilge ach níl mé líofa á léamh. Tá daoine atá ag dul ag an ollscoil agus tá daoine sa seirbhísí poiblí líofa sa léamh ach má ghlaoim ar dhuine acu siúd ar maidin – agus ní haon locht orthu féin; fhoghlaim siad go leor don Ghaeilge as leabhar – tá difríocht mhór idir an Ghaeilge a labhairt agus an Ghaeilge a léamh. Dá n-éireodh linn iad sin a fháil isteach ag an t-am sin den bhliain bheadh níos mó ama le caitheamh le muintir na háite agus gheobhaidís tuiscint níos fearr ar an leagan cainte agus an chaoi a labhraíonn na daoine. Tá difríocht mhór idir an léamh agus an scríobh.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanann sé sin ciall. An bhfuil sé sin mar chuid den churaclam? Dá mbeadh daoine ag dul go Conamara i mí Feabhra, mar shampla, an mbeadh sé mar chuid den churaclam go mbeadh siad ag déanamh scéalaíochta, amhránaíochta agus plé le muintir na háite? An bhfuil sé sin ann cheana féin nó an smaoineamh é don todhchaí?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Tá go leor de sin á gcur ar fáil cheana féin ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ó thaobh an bhéaloidis de agus bíonn roinnt gearrchúrsaí ar fáil don phobal agus ar líne. Chomh maith leis sin, tá Ionad Cuimhneacháin na nImirceach á fhorbairt i gCarna – is gearr go mbeidh sé á oscailt, le cúnamh Dé - agus tá béim faoi leith ar stair. Tá Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh síos an bóthair agus tá an comhoibriú sin ar fad ar siúl i gConamara Láir. Dá mbeadh a leithéid de chúrsa ar fáil agus á chur ar siúl sa nGaeltacht bheadh sé suas dúinn mar phobal clár a chur le chéile agus béim faoi leith ar na héilimh nó na rudaí a thaitneodh leis na foghlaimeoirí a bheadh ag teacht isteach. Tá na ranganna seiteanna againn. Tá na hamhráin ar siúl. Tá na ciorcail chainte ar siúl. Tá bingó ar siúl. Is iad sin na háiteanna ina bhfaigheann daoine taithí ar an teanga á labhairt go nádúrtha freisin.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Agus mé ag smaoineamh faoi fhoghlaimeoirí óga chomh maith, bheadh sé go maith rud éigin leis an spórt a dhéanamh b’fhéidir agus go mbeidís in ann cluiche peile a imirt nó pé rud – fiú dul amach ar bhád. Tá a fhios agam nach i gConamara Láir a dtarlódh sin.
Luaigh an Teachta Connolly maoiniú agus a leithéid cheana féin agus an sórt tacaíochtaí atá ag teastáil. Cén sórt tacaíochta atá ag teastáil, abraimis ón Roinn oideachais nó an Roinn breisoideachais? Cén sórt tacaíochta go ginearálta atá ag teastáil uaidh na finnéithe anois?
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Beidh maoiniú ag teastáil chun an cúrsa a fhorbairt agus íoc as ó thaobh foirne agus an churaclaim a fhorbairt.
Is é an dara rud ná lóistín do na mná tí agus a dteaghlaigh. Ó thaobh na n-imeachtaí pobail, tá roinnt airgid á fáil ag na comharchumainn agus ag na coistí áitiúla ach ghlacfaimís le tuilleadh maoiniú um na cláir seo a fhorbairt tuilleadh más féidir.
Luaigh an Leas-Chathaoirleach spórt ansin. Den chéad uair, tá Peil na mBan Carna Caiseal ar an mbealach chuig Comórtas Peile na Gaeltachta i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo chugainn. Le cúnamh Dé, beidh Comórtas Peile na Gaeltachta i gCarna in 2028. Tá an spórt an-ghníomhach ar an talamh. Tá siad an-mhaith. Tá Club Mara Chonamara Láir ag rá go dtabharfaidh sé amach iad ar na báid ag seoltóireacht. Tá réimse mór rudaí ar fáil sa gceantar. Má táimid ag caint faoi chúrsaí píolótacha le tosú, caithfimid a bheith cinnte faoin am den bhliain atá i gceist agus cad atáimid in ann a chur ar fáil agus muid ag oibriú lenár gcomhpháirtithe ar an talamh ó thaobh Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh agus Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus imeachtaí a chur ar fáil atá idirghníomhach idir an pobal agus na foghlaimeoirí.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
B'fhéidir gur chóir don choiste scríobh chuig an Aire oideachais, chuig an Aire breisoideachais agus chuig an Aire Gaeltachta chun tacú leis an gcúrsa píolótach sin. An aontaítear leis sin? Scríobhfaimid chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digiteacháin freisin.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An Roinn sin go háirithe.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar dtús báire, scríobhfaimid chuig an Roinn chun an t-airgead a fháil. Ansin, scríobhfaimid chuig-----
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Scríobhfaimid chuig an Aire ardoideachais.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is iad sin na daoine a bheidh gafa leis an bplean chun an 20% sin a shroicheadh. Má tá dreamanna cosúil leis na finnéithe ag teacht os ár gcomhair ag rá go bhfuil réiteach na faidhbe acu, cé nach réiteach iomlán é mar ní shroichfeadh sé an 20%, ar a laghad, tá an oscailt sin ann agus tá gach rud ann cheana féin agus ba chóir cuidiú leo. Tá a lán Státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí ag obair ó bhaile do thréimhse den tseachtain ar aon chaoi. Tá loighic leis seo ó thús deireadh. Is é sin atá a rá agam. Dá mbeadh muid in ann seimeastar Gaeltachta a chur ar fáil go leanúnach, agus an rud ceannann céanna a chur ar fáil in aice leis na finnéithe nó in áit éigin eile amach anseo, bheadh loighic leis seo. Tá deis againn anois. Tá bá i measc an phobail. Tá siad ag iarraidh snas a chur ar an nGaeilge atá acu. Caithfimid an deis sin a thapú fad atá an bá sin i mbarr a réime. Níl aon dul as againn ach é sin a dhéanamh. Tacaím go hiomlán le haon mholadh chun cur leis seo chomh tapa agus is féidir.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé sin aontaithe.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chun tacú leis an méid sin, bíonn an sprioc 20% d'fhostaithe san earnáil phoiblí a bheith líofa sa Ghaeilge á plé againn go minic. Ní bhímid i gcónaí in ann an bealach is fearr chun an sprioc sin a bhaint amach a fheiceáil. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tá na finnéithe ag tabhairt freagra air sin. B'fhéidir nach mbainfimid an sprioc ar fad amach as an togra seo ach is píosa den réiteach é. Tacaím leis an moladh go scríobhfaimid chuig an Aire ardoideachais agus breisoideachais faoin ábhar sin. Nílim ag iarraidh aon obair bhreise a chur ar na finnéithe ach b'fhéidir gur cheart dúinn scríobh chuig ag an gcoiste ardoideachais agus breisoideachais chomh maith chun a fháil amach an mbeadh sé sásta an cur i láthair sin a chloisteáil freisin.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
B'fhéidir gur chóir preasráiteas a sheoladh amach chun a rá go bhfuilimid den tuairim seo.
Ms Máirín Ní Choisdealbha-Seoige:
Tá fáilte roimh an gcoiste i gcónaí teacht siar agus an spás a fheiceáil má tá sé á iarraidh. Tá an-obair déanta ag an gcomhchoiste thar na blianta. Nílim á rá sin mar gheall go bhfuilim i mo shuí anseo inniu. Molaim an obair a bhíonn ar siúl ag an gcoiste. Más rud é go bhfuil spéis ag na baill camchuairt a thabhairt ar Charna ag aon uair, bheadh míle fáilte rompu. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an gcomharchumann agus beidh muid in ann rudaí a eagrú ar an talamh le go bhfeicfidh na baill céard atá ar fáil sa gceantar agus an obair atá á déanamh ó thaobh sealbhú teanga agus obair an acadaimh.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba cheart dom moladh a dhéanamh, más féidir. Mar a dúirt mé, tá a fhios agam go bhfuil an t-acadamh ag déanamh plean forbartha straitéiseach é féin. B'fhéidir gur cheart dúinn cuireadh a thabhairt dó teacht anseo agus cur i láthair a thabhairt dúinn maidir leis an bplean sin. Níl a fhios agam an bhfuil sé réidh fós ach tá sé á ullmhú aige ar aon chaoi.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir leis an méid atá ráite ag Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, bheinn sásta camchuairt go dtí Carna a eagrú. Is féidir cuireadh a sheoladh chuig an acadamh teacht os ár gcomhair agus muid ar an gcuairt sin. Is dóigh liom go mbeadh sé sin oiriúnach.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is moladh níos fearr arís é sin.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
B'fhéidir go mbeadh cruinniú den chomhchoiste againn thíos ansin. Seolfaidh muid litir chuig an Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digiteacháin, an Teachta Chambers, agus seolfaimid cóip de chuig na Ranna breisoideachais, oideachais agus Gaeltachta.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
B'fhéidir gur chóir scríobh chuig cathaoirleach an chomhchoiste ardoideachais freisin.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é sin an Teachta Erin McGreehan. Scríobhfaimid chuig cathaoirleach an choiste oideachais, an Teachta Cathal Crowe, freisin. Labhróimid go príobháideach faoi aon sórt camchuairte. B'fhéidir go mbeidh cruinniú againn thuas ansin. Beimid i dteagmháil ar aon nós maidir le cathain gur féidir linn é sin a dhéanamh.
Cuireann sé sin deireadh leis an seisiún seo. Gabhaim buíochas ó chroí le Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, Julie Uí Chualáin agus Tomás Ó hAllmhuráin as a bheith linn inniu agus as an bplé tairbheach agus fiúntach a bhí againn. Cuirfidh mé an cruinniú ar athló anois go dtí 11 a.m. ar 9 Meitheamh 2026, nuair a phléifear an tuarascáil Éire Aontaithe: Deis Chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge.