Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 19 May 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: Dr. John Walsh
2:00 am
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Nicole Ryan. Anois, déanfaimid ár mbreithniú ar an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 leis an Ollamh John Walsh ó Ollscoil na Gaillimhe. Cuirim fáilte roimhe. Cuirim ar an taifead go bhfuil an finné ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid gach duine. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin a chur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseán a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad féin ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach. An nglacann an finné leis na treoracha sin? Glacann. Anois, iarraim ar an Ollamh Walsh a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Dr. John Walsh:
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh. Sa ráiteas seo, tá sé i gceist agam béim a leagan ar an gcaidreamh idir an córas oideachais agus an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030. Tá an cur chuige seo in úsáid agam toisc gur mian liom aird a thabhairt ar na laigí suntasacha struchtúrtha sa chóras oideachais atá ag cur bac ar an mórchuspóir earcaíochta 20% chuig comhlachtaí poiblí faoi 2030. Léiríonn taithí níos mó ná 20 bliain ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus an taithí idirnáisiúnta i dtíortha dátheangacha eile gurb í an earcaíocht an mheicníocht is criticiúla chun feabhas a chur ar chaighdeán agus ar sholáthar seirbhísí i dteangacha mionlaithe ar nós na Gaeilge. Gan cur chuige córasach i leith earcú fostaithe poiblí le Gaeilge mar chéim shuntasach i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach, ní bhainfear amach bunchuspóir sin na reachtaíochta. Tá an cuspóir sin ag brath cuid mhór ar stádas reatha na Gaeilge sa chóras oideachais ón mbunscolaíocht go dtí an ollscolaíocht agus pléifidh mé an ceangal sin anois.
Tá sé ráite ag daoine eile romham, os comhair an choiste seo agus i bhfóraim eile, go bhfuil ar a laghad 400,000 duine fostaithe i seirbhís phoiblí in Éirinn agus gurb ionann 20% de sin agus 80,000 duine. Ó tosaíodh ag feidhmiú polasaí teanga faoi rialtas neamhspleách níos mó ná 100 bliain ó shin, níor tharla sé riamh cheana gur chuir Stát na hÉireann roimhe an oiread sin cainteoirí Gaeilge a earcú chuig an tseirbhís phoiblí. Táimid ag obair ó thúsphointe an-íseal, áfach. Léirigh an suirbhé ar 112 comhlacht poiblí a deineadh mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 nach raibh ach idir 3,000 agus 3,800 duine, nó 9% go 11%, inniúil sa Ghaeilge labhartha agus scríofa. Ní cosúil go bhfuil aon dul chun cinn suntasach déanta ó shin maidir le hearcú daoine breise le Gaeilge, áfach.
Caithfear brath ar an gcóras oideachais chun go leor de na cainteoirí Gaeilge sin a aimsiú, ach tá fadhbanna tromchúiseacha struchtúrtha ag gach leibhéal a chuireann bac ar an soláthar daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu. Má fhéachaimid ar na scoileanna Béarla, phríomhinneall an chórais ina bhfuil níos mó ná 90% de na daltaí, mhol an Roinn Oideachais agus Óige anuraidh go mbainfí leathuair an chloig eile de mhúineadh na Gaeilge gach lá sa churaclam nua bunscoile. Tá sé ráite ag an saineolaí oideachais, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, go bhfuil titim 37% sa mhéad ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge sa bhunscoil le 20 bliain anuas. Ní chun leas na Gaeilge é sin. Tuigeann an coiste seo go maith an díobháil atá á déanamh go leanúnach ag an díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge atá ag beagnach 70,000 dalta anois, 7% de dhaltaí an Stáit nó 13% de dhaltaí iarbhunscoile. Cé gur foilsíodh plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna méan-Bhéarla anuraidh, ní luaitear an dá cheist mhóra sin ann beag ná mór. Léiríonn taighde atá déanta agamsa ar nuachainteoirí Gaeilge, daoine nár tógadh le Gaeilge sa Ghaeltacht ach a shealbhaigh an teanga ar shlite eile, go raibh an gnáthchóras Béarla an-tábhachtach dóibh chun rochtain a fháil ar an nGaeilge ar an gcéad dul síos. Mar sin, ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar an earnáil seo agus sinn ag plé cheist an tsoláthair.
Dar ndóigh, baineann tábhacht mhór leis an nGaelscolaíocht chomh maith ach tá an earnáil sin ina stad le deich mbliana. Níl ach 8% de dhaltaí bunscoile, nó 44,000 duine, agus 3.8% de dhaltaí iarbhunscoile, nó 15,800 duine, sa chóras.
Tá laige mhór sna rátaí aistrithe idir an bhunscoil agus an iarbhunscoil agus níl oideachas iarbhunscoile trí Ghaeilge ar fáil in 13 contae sa Stát. Léiríonn taighde go bhfuil éileamh ag ar a laghad 23% de thuismitheoirí ar an nGaelscolaíocht, ach cá bhfuil an uaillmhian chun freastal air sin? Ní luaitear aon aidhm chinnte i gclár an Rialtais 2025-2030.
I dtreo straitéiseach Fhoras na Gaeilge, a raibh mé freagrach as agus mé ag obair leis an eagraíocht sin anuraidh, scríobhtar:
Is mórimní é an staid reatha i dtaca le cumasú tuilleadh páistí sa Ghaeilge, go háirithe nuair a fhéachtar ar chomhthéacsanna sochtheangeolaíochta atá réasúnta cosúil le hÉirinn ar nós na Breataine Bige agus Thír na mBascach, áit a bhfuil sciar i bhfad níos airde páistí páirteach sa chóras tumoideachais.
Maidir leis an mBreatain Bheag, tá an figiúir ag beagnach 30%. I dTír na mBascach, tá sé níos mó ná 80%.
Tá ról criticiúil ag earnáil na hollscolaíochta chun cláir chéime agus iarchéime trí mheán na Gaeilge a sholáthar do mhic léinn atá ar thóir gairm le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Tá taighde ar siúl ag Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair ar an soláthar náisiúnta atá ann agus ar na riachtanais fhorbartha. Cé go bhfuil dualgas reachtúil i leith na Gaeilge ar Ollscoil na Gaillimhe le 100 bliain, is fada sinn ó sholáthar cuimsitheach a chruthódh líon suntasach céimithe le Gaeilge in aghaidh na bliana. B'údar imní dom go ndúirt Roinn na Gaeltachta níos luaithe i mbliana go bhféadfaí brath ar mhodúil aonair i nGaeilge chun céimithe a ullmhú do phoist Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí. Ní aontaím leis sin.
I dtráchtaireacht ar an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge anuraidh a foilsíodh le déanaí, dúirt an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, go raibh gá le beart náisiúnta ollscolaíochta chun dóthain céimithe inniúla sa Ghaeilge a sholáthar i réimsí éagsúla léinn, ón riarachán poiblí go dtí an phleanáil teanga agus an cúram sláinte, gan ach dornán díobh a lua. Is gníomh radacach é sin agus tá cur chuige láidir, comhordaithe ag teastáil a mbeadh ardbhainistíocht na n-institiúidí ardoideachais agus páirtithe cuí eile páirteach ann. Dúirt an coimisinéir chomh maith gur cheart don choiste comhairleach ról ceannasaíochta a ghlacadh maidir le ceist na hollscolaíochta.
Ó mo thaithí ar an bpolasaí teanga in Éirinn agus i dtíortha eile, ní fheictear dom go bhfuil dóthain á dhéanamh ag an Státchóras anseo chun é féin a chur sa riocht go mbainfear amach an sprioc earcaíochta 20% in am. Mar chuid de réiteach na faidhbe sin, is gá aghaidh a thabhairt go práinneach ar na fadhbanna soláthair a bhaineann leis an nGaeilge ag gach leibhéal den chóras oideachais, go háirithe ó thaobh na hollscolaíochta.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cuir i láthair. Luíonn siad leis an méid atá cloiste againn go dtí seo ó chuid mhaith de na finnéithe a tháinig os comhair an choiste i mbliana agus roimhe sin. Is é ceann de na príomhcheisteanna a bheidh ag déanamh tinnis don Aire – pé Aire a bheidh i gceannas ar an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin nó freagrach as an Státchóras – ná conas an sprioc 20% a chomhlíonadh. Níl líon na n-earcaithe a thagann isteach sa Státchóras gach bliain ar eolas agam, ach má tá 400,000 duine ag obair ann faoi láthair, glacaim leis go mbeidh gá go n-earcófar ar a laghad 10,000 duine. Tá muid ag caint faoi shlam mór daoine. Beidh gá le 2,000 nó 3,000 duine gach bliain, ar a laghad, agus is figiúirí coimeádacha iad sin. Cad is féidir déanamh ag an stad seo chun cuidiú leis an Stát cuidiú leis féin an sprioc 20% a shroicheadh?
Dr. John Walsh:
Luaigh mé i mo ráiteas an tráchtaireacht atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga. Tá go leor freagraí ar na ceisteanna seo le fáil sa tráchtaireacht sin. Go bunúsach, tá an Coimisinéir Teanga ag rá nach bhfuil aon fhadhb leis na reachtaíocht. Tá sí soiléir agus tugtar cumhachtaí agus feidhmeanna criticiúla don choiste chomhairleach chun ról ceannasaíochta a ghlacadh i dtaca leis an obair seo ar fad. Luaitear go bhfuil sé de chumhacht ag an Roinn caiteachas phoiblí treoir a éisiúint do chomhlachtaí poiblí chun iad féin a ullmhú don sprioc earcaíochta 20%. Mar sin, bheadh sé suimiúil na pleananna atá ag an Roinn caiteachais phoiblí maidir le treoir mar sin a éisiúint a fháil amach. An bhfuil sé i gceist aici treoir a chur amach? Muna bhfuil, cén fáth? Tuigeann muid an chumhacht agus an t-údarás polaitiúil atá ag an Roinn sin, agus ag na Ranna airgeadais go ginearálta. Tá siad thar a bheith cinniúnach in obair an Státchórais trí chéile agus tá ról ar leith ag an Roinn caiteachais phoiblí anseo. Mar sin, ar shlí, caithfidh an Roinn caiteachais phoiblí a rá - leis an gcoiste seo nó lena mhacasamhail - cad atá beartaithe aici chun treoir a thabhairt. Má thagann treoir ón Roinn sin, beidh tionchar leis. Ní rud ginearálta teibí a bheadh i gceist, ach treoir chinnte go gcaithfí plean a chur ar bun.
Luaigh an Coimisinéir Teanga bainistíocht tionscadail chomh maith. Is tionscadal ollmhór é seo a bhfuil go leor fo-thionscadal mar chuid de. Is ceist í seo a bhaineann le bainistíocht tionscadail. An bhfuil an inniúlacht ag an gcoiste féin tionscadal chomh mór leis seo a bhainistiú? Muna bhfuil, conas is féidir leis saineolas nó tacaíocht breise a fháil isteach chun cabhrú leis an tionscadal ar fad a bhainistiú? Is iad sin cuid de na rudaí atá agam mar fhreagra ar cheist an Teachta.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá dúshlán mór ann. D’aithin muid é sin nuair a bhí muid ag plé an Bhille chomh fada siar le 2019, 2020 agus 2021. Ag an stad seo, tá muid cúig bliana ar aghaidh ó achtaíodh an Bille sin agus níl na caighdeáin leagtha síos do na húdaráis, na Ranna agus na hoifigí poiblí. Tá siad ag fanacht - níor chóir go mbeadh – leis an treoir sin. Tá an sprioc 20% seo in ainm is a bheidh ag teacht i réim ó 2030 ar aghaidh. Gan an treoir, an bhainistíocht tionscadail a raibh an Dr. John Walsh ag caint faoi, na caighdeáin atá luaite agus an infheistiú a ghabhann leo, an síleann an Dr. John Walsh gur féidir an sprioc sin a shroicheadh?
Dr. John Walsh:
Ní shílim gur féidir. Níl aon fhianaise againn go bhfuil dul chun cinn sunstasach á dhéanamh maidir leis an sprioc earcaíochta. Léiríonn na figiúirí atá i dtuarascáil an choiste chomhairligh, chomh fada agus is féidir liom iad a dhéanamh amach, cúlú nó laghdú fiú i líon na ndaoine le Gaeilge a fostaíodh. Tá an leibhéal infheistíochta agus soláthair a theastaíonn ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh cheana sa Stát. Cabhraíonn tráchtaireacht an choimisinéara linn scála na hoibre a thuiscint nuair a bhristear síos na fo-thionscadail éagsúla, lena n-airítear na caighdeáin teanga, an bonneagair naisiúnta agus na mol-champais seo sa Ghaeltacht. Tá an pleanáil fórsa saothair ann freisin, ar ceist é don Roinn caiteachas phoiblí mar tá aonad aici a bhíonn ag plé leis sin. Luaigh an Coimisinéir Teanga cúrsaí ollscolaíochta go sonrach freisin.
Bím ag obair san ollscoil is Gaelaí sa tír agus, go deimhin, ar domhan, mar a deirtear. Tá a fhios agam go bhfuil plé ar bun san ollscoil agus tá go leor daoine a bhfuil tiomantas an-láidir acu don teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus in áiteanna eile san ollscoil nach mbeadh taithí ag daoine orthu, cosúil le hearnáil na heolaíochta agus a leithéid. Tá an-obair ar siúl sna hearnálacha sin. Tá sé cloiste agus feicthe agam, áfach, nach mbíonn smaointeoireacht ná pleanáil ag leibhéal ardstraitéiseach ar bun in earnáil na hollscolaíochta. Gan an smaointeoireacht ardleibhéil sin a bheith ar siúl ag leibhéal ardbhainistíochta, ní bheidh soláthar cúrsaí ann.
Ní aontaím leis an gcaint seo gur leor cúpla modúl. Ní leor cúpla modúl chun daoine a ullmhú leis an scileanna cuí, go háirithe má tá siad imithe ón chóras Gaeloideachais ó bhí siad 12 bliain d’aois. B’fhéidir gur fhreastal siad ar bhunscolaíocht Ghaeilge ach ní raibh aon iarbhunscoil lánGhaeilge in aice leo, rud is féidir tarlú gan mórán dua. Ní leor cúpla modúl chun daoine mar sin a uasoiliúint chun go mbeadh siad in ann plé le seirbhísí. Is gá cláir chéime agus iarchéime a sholáthar. Is féidir a bheith cruthaitheach ina leith seo, áfach. Is féidir rudaí a dhéanamh i bpáirt leis an bhForas Riaracháin agus an sólathar a dhéanamh go hibrideach. Is féidir le hollscoileanna oibriú i páirt lena chéile. D’fhéadfaí a leithéid de BA sa riarachán poiblí a chur ar bun, rud a mhol an Coimisinéir Teanga deireanaí, Rónán Ó Domhnaill.
Mura bhfuil tú ag déanamh rud éigin ar scála mór mar sin, níl aon seans agat go mbeidh dóthain daoine ag teacht amach le scileanna. Ar a laghad, dá ndéanfaí rud éigin mar sin, clár hibrideach náisiúnta sa riarachán poiblí, bheadh seans agat go mbeadh cúpla céad duine in aghaidh na bliana ag teacht amach agus iad ardcháilithe leis na scileanna teanga agus leis an eolas eile chun dul ag obair sa chóras.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Dr. Walsh as a ráiteas tosaigh. An míneoidh sé arís an méid a bhí a rá aige faoin Roinn caiteachais phoiblí agus athchóirithe agus an coiste advisory? Is cosúil go bhfuil coiste éigin ann. An bhféadfadh-----
Dr. John Walsh:
Tá dhá choiste ná aonad ag an Roinn, an rannán um sheachadadh claochlaithe seirbhíse poiblí, a chiallaíonn "transformation of the public service" nó rud éigin mar sin i mBéarla, agus an t-aonad um pleanáil don fhórsa saothair. Ní coistí iad. Is aonaid iad laistigh den Roinn caiteachais phoiblí. Is iad sin a dhéanann pleanáil d'athruithe móra ar an tseirbhís poiblí go náisiúnta. Tá ionadaíocht ag an Roinn caiteachais phoiblí ar an gcoiste comhairleach. Ní léir dom cad atá á dhéanamh ag na rannóga nó aonaid seo sa Roinn chun tacú leis an obair. Luaigh mé ról eile maidir leis an Roinn caiteachais phoiblí, is é sin gur féidir leis treoir a thabhairt do chomhlachtaí poiblí faoi ullmhúchán don sprioc 20%. Arís, ní dóigh liom go bhfuil aon treoir mar sin tugtha. Tá tionchar agus tábhacht ag baint le treoir ón Roinn má thagann treoir mar sin chuig gach comhlacht maidir le pleanáil don todhchaí. Is rudaí tábhachtacha iad, atá luaite ag an gCoimisinéir Teanga, gur cheart béim a chur orthu.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar tháinig an cumas sin atá ag an Roinn treoir a thabhairt ón reachtaíocht? Is féidir leis an Roinn treoir a thabhairt go ginearálta ar gach sórt a bhaineann leis an Státseirbhís agus an tseirbhís poiblí ach an ról, cumhacht nó rud ar leith a tháinig as an reachtaíocht é sin?
Dr. John Walsh:
Chomh fada agus a thuigim, d'fhéadfadh sé teacht tríd an gcoiste comhairleach féin. Tá cumhachtaí suntasacha ag an gcoiste comhairleach faoin reachtaíocht. Ní dóigh liom go bhfuil fianaise againn go bhfuil na cumhachtaí sin ar fad in úsáid. Is in alt 18C atá na cumhachtaí sin luaite. Is féidir leis comhairle a thabhairt maidir le líon agus gráid foirne agus maidir le hearcaíocht agus moltaí a dhéanamh don Aire maidir le dualgais faoi na caighdeáin teanga.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá baol ann gur píobaire an aon phoirt mé mar táim gorm san aghaidh anois ag rá an rud céanna arís agus arís eile. Chun an cúlra a chur os comhair an Dr. Walsh, bhí mé i mo phríomhoide scoile. Chaith mé 20 bliain ansin. Ina dhiaidh sin, chaith mé 20 bliain eile ag feitheoireacht le ceann de na coláistí oiliúna. Ba é an obair a bhí á déanamh agam ná feitheoireacht a dhéanamh ar ábhair mhúinteora thall agus abhus i ngach áit den tír. Thug mé faoi deara go luath nach raibh caighdeán Gaeilge na mac léinn sin mar ba chóir dó a bheith. I dtromlach na gcásanna, ó thaobh caighdeán Gaeilge de, bhí na hábhair mhúinteora functionally illiterate, mar a deirtear i mBéarla. Is é sin le rá go raibh siad go feidhmiúil neamhliteartha. Táim ag féachaint ar na nótaí anseo agus ar an laghdú atá tagtha ar an am atá á chaitheamh ag na bunscoileanna ag múineadh na Gaeilge. Is féidir é sin a chur le chéile leis an easpa caighdeáin. Tá éadóchas deimhin ann anois faoi thodhchaí na teanga sna bunscoileanna agus gach rud é a théann i gcomhluadar leis sin. Cad é meas an Dr. Walsh?
Dr. John Walsh:
Measaim go bhfuil an Seanadóir tar éis a mhéar a leagan ar rud thar a bheith tábhachtach. Is fadhb ar leith í fadhb na nGaelscoileanna ach tá níos mó ná 90% de dhaltaí na tíre ag freastal ar ghnáthscoileanna. Don chuid is mó de dhaltaí na tíre, is é sin an t-aon deis a bhíonn acu teagmháil a dhéanamh leis an nGaeilge. Is mar sin a fhoghlaimíonn agus a úsáideann go leor daoine an Ghaeilge. Caithfimid é sin a aithint. Nílim ag déanamh beag is fiú de thábhacht na nGaelscoileanna. Tá siad riachtanach agus criticiúil ach beidh daoine i gcónaí ag dul trí chóras na ngnáthscoileanna a gheobhaidh deis teagmháil a fháil leis an nGaeilge agus an teanga a thabhairt leo go maith. Tá taighde déanta agam agus ag daoine eile ar dhaoine a d'fhoghlaim an Ghaeilge i ngnáthscoileanna agus ar éirigh go maith leo ach, má tá tú ag laghdú an ama agus mura bhfuil tú ag dul i ngleic leis an díolúine ón nGaeilge agus le fadhbanna a bhaineann le hábhair oidí, tá an scéal chun dul in olcas arís agus arís eile. Tá teannas bunúsach anseo idir aidhm an Stáit a bheith dátheangach, an 20% a bhaint amach, an straitéis 20 bliain, na polasaithe ar fad atá againn agus an infheistíocht a dhéantar sa teanga ó cheann ceann na tíre agus an laghdú atá ag teacht ar an am a chaitear ar an nGaeilge sna gnáthscoileanna. Ní féidir cur le caighdeán teanga i dteanga ar bith má laghdaíonn tú an t-am. Níl aon fhianaise ann go hidirnáisiúnta in aon chomhthéacs eile. Má laghdaíonn tú an t-am a chaitheann tú ag múineadh na teanga, ní chuirfidh tú leis an gcaighdeán. Ní féidir é a dhéanamh.
Tá cuid dá bhfuil ráite agam níos ginearálta agus níos faide ón bhfadhb a bhaineann leis an gcoiste comhairleach ach is cuid den scéal é. Mura dtéann tú i ngleic le gach leibhéal den chóras oideachais, ní bheidh tú in ann na fadhbanna eile a réiteach ach oiread. Tá na gnáthscoileanna fíorthábhachtach.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De ghnáth is second-chance entrants iad na daoine a thagann isteach i gcúrsaí múinteoireachta in Hibernia College, an choláiste lena raibh mé ag obair. Uaireanta, dúirt siad nach raibh an grád C acu. Bhí iachall orthu dul ar ais ag staidéar chun an grád C a fháil. De ghnáth, fuair siad an grád sin ó grind schools. Is é an obair a dhéanann an duine atá ag eagrú an grinds school ná díriú ar phíosaí den scrúdú ina bhfuil sé éasca marcanna a fháil. Faigheann na mic léinn an grád C ach níl aon líofacht nó bródúlacht sa teanga acu. Téann siad isteach sa bhunscoil agus déanann siad a gcuid múinteoireachta. Is maslach an stuif atá á thabhairt amach acu. Tá sé an-gharbh ar na cluasa. Is píosa eile den fhadhb na grind schools. Tarlaíonn sé sin le gnáthdhaltaí ag dul ar aghaidh don ardteistiméireacht freisin.
Dr. John Walsh:
Aontaím. Tá rudaí maithe luaite sa phlean gnímh do scoileanna Béarla. Tugtar scoileanna "meán-Bhéarla" acu ach níl sé sin ceart ó thaobh na Gaeilge. Ciallaíonn sé sin "middle English" seachas "English-medium", ach is scéal eile do lá eile é sin. Tugaimis an plean gnímh do scoileanna Béarla air. Tá rudaí maithe luaite ann mar gheall ar thacaíocht do mhúinteoirí ach caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb sna bunscoileanna féin ó thaobh easpa ama agus gan a bheith ag tabhairt dóthain ama don ábhar. Is í sin an fhadhb is bunúsaí anseo, dar liom.
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir leis an bpíosa sa ráiteas tosaigh faoi Ghaeloideachas, tuigimid go léir cé chomh tábhachtach is atá sé sin. Tá bearna ansin. Tá 8% ag freastal ar bhunscoil lánGhaeilge agus 3.8% ar mheánscoil lánGhaeilge.
Conas is féidir linn an bhearna sin a líonadh? Tá 23% de thuismitheoiri ag iarraidh an Ghaeloideachais. Cad iad na céimeanna is cóir don Stát a ghlacadh? An bhfuil aon stráitéis ina leith sin? Cad ba chóir dúinn a dhéanamh chun an bhearna sin a líonadh?
Dr. John Walsh:
Bím ag tagairt go minic don Bhreatain Bheag. Tá Breatnais agam agus is minic a dhéanaim tagairt don tír sin mar tá go leor le foghlaim againn uaithi. Caithfear sprioc uaillmhianach a leagan síos. Tá idir 25% agus 28% de scoileanna na Breataine Bige ina scoileanna Breatnaise nó scoileanna dátheangacha anois, ach is scoileanna Breatnaise iad formhór na scoileanna sin. Tá sé mar sprioc ag Rialtas na Breataine Bige an figiúr sin a ardú go 40% faoi 2050 mar tá stráitéis aige chun 1 milliún cainteoirí Breatnaise a chruthú faoi 2050. Is sprioc uaillmhianach é sin. Tá go leor cur is cúiteamh sa Bhreatain Bheag, áfach, má bhainfear an sprioc sin amach agus má tá a dhóthain ar siúl ag Rialtas na tíre sin. An ceannlíne pholaitiúil atá i gceist nó an bhfuil sé i ndáiríre?
Tá Breatnais ag Rialtas na Breataine Bige ar fad, is é sin, an ceann nua atá díreach ceaptha. Reáchtáladh an chéad chruinniú Rialtais inné trí mheán na Breatnaise. Ní fhéadfainn a shamhlú, faraor, go mbeadh gach duine ábalta cruinniú Rialtais a reáchtáil i nGaeilge sa tír seo. Níor tharla sé fiú in aimsir an tSaorstáit. Ní raibh sé sin i gceist fiú nuair a bhí Eoin MacNeill, Earnán de Blaghd agus daoine móra le rá mar sin i gceist. Mar sin, caithfear a bheith uaillmhianach go polaitiúil.
Tuigeann muid na lochtanna a bhaineann leis an suirbhé a rinneadh le déanaí ina léiríodh go raibh an leibhéal spéise ag 13%. Bhí drogall ar thuismitheoirí teanga na scoile a athrú agus a gcuid leanaí inti. Tá figiúirí feicthe agamsa, mar atá feicthe ag na comhaltaí, a léiríonn go bhfuil an leibhéal éilimh idir 25% agus beagnach 50%. Tá tuarascáil ag teacht amach inniu le Foras na Gaeilge ina bhfuil tuilleadh eolais mar gheall ar an gceist sin. Cuirfidh comhaltaí an choiste seo spéis sna torthaí sin. Tá dóthain suime ag tuismitheoirí chun i bhfad níos mó sholáthar Gaelscolaíochta a bheith ann. Mar fhreagra ar cheist an Teachta, tá sé chomh simplí go gcaithfidh an Rialtas sprioc a leagan síos chun tuilleadh scoileanna a bhunú. Tá na Gaelscoileanna chun a bheith criticiúil. Léiríonn an taithí idirnáisiúnta é sin. Muna leagtar sprioc síos, ní bheidh seans againn.
I gclár an Rialtais 2020-25, dúradh go ndéanfaí dúbailt ar an soláthar Gaelscolaíochta. Theip go tubaisteach ar an sprioc sin. Tá sé sunstasach nach bhfuil sprioc ar bith sa chlár Rialtais reatha, seachas rud éigin ginearálta ar nós “tacú le Gaelscoileanna de réir éilimh” nó rud éigin thar a bheith teoranta mar sin. B’fhéidir go bhfuil sé in am meicníocht nó córas éigin a chur i bhfeidhm ionas go gcloífear le spriocanna nuair a leagfaí síos iad. Thóg an t-iarAire, Éamon Ó Cuív, an pointe sin maidir leis na spriocanna atá caillte ag an Rialtas i dtaca leis an sprioc 20% agus na spriocanna éagsúla atá caillte san Acht, cosúil leis na caighdeáin teanga agus na spriocdhátaí de sheirbhisí Gaeltachta a sholáthar agus a leithéid sin ar fad. Mar sin, b’fhéidir go bhfuil sé in am cuimhneamh go polaitiúil ar shlí éigin le cinntiú go gcloífí le spriocanna.
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is rud amháin é sprioc a leagan, ach ní thuigim an fáth ar leagadh an sprioc 20% sin síos nuair nach bhfuil aon iarracht dáiríre ar bith déanta chun í a bhaint amach.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá cúpla ceist agam. Agus mé ag éisteacht leis an Dr. John Walsh i gcomhthéacs na stráitéise go mbeadh 20% d’earcaithe nua inniúil sa Ghaeilge, tá sé an-suimiúil go ndúirt sé gur chóir go mbeadh bainistíocht tionscadail ann i bhfianaise a mhéad oibre is atá i gceist leis seo. Níl sé éasca agus ba chóir go mbeadh duine nó foireann i gceannas air seo sa Roinn caiteachais phoiblí agus athchóirithe. An bhfuil an moladh sin cloiste ag an Dr. John Walsh cheana féin, nó an bhfuil sé díreach á chur sin os ár gcomhair inniu?
Dr. John Walsh:
Níl. Is moladh é sin atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga sa tráchtaireacht a foilsíodh thart ar choicís ó shín, nó b’fhéidir níos lú ná sin. Is é a mhol é sin. Bhí an ráiteas ag díriú ar chúrsaí oideachais agus, mar sin, b’fhéidir nach raibh am dul isteach go mion ar an tráchtaireacht. Go bunúsach, is é sin an príomhmholadh a dhéanann an Coimisinéir Teanga. Tá an obair seo chomh casta agus ilgnéitheach agus ar scála chomh mór sin gur gá bainistíocht tionscadail a úsáid mar chur chuige agus an rud a bhriseadh síos. Leag an Coimisinéir Teanga cúig chéim de thionscadal éagsúla amach, lena n-airítear pleanáil fórsa saothair, na caighdeáin, an sprioc 20% agus an ollscolaíocht. Is iad sin na cineálacha rudaí a luann sé. Is fo-thionscadal é gach ceann acu sin. Is é an rud atá le fáil amach ón choiste comhairleach ná cad atá á dhéanamh aige ó thaobh bhainistíocht tionscadail chun an obair a bhrú ar aghaidh. Is mar sin a fheicfidh muid spriocanna á mbaint amach agus dul chun cinn.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé an-suimiúil. Tá an t-uafás déanta againn sa choiste cheana féin ar an gceist seo agus bhí an t-uafás finnéithe os ár gcomhair chomh maith. Sula gcuireann muid deireadh leis an gcuid sin agus tuairisc a chur le chéile, tá mé ag ceapadh go mb’fhéidir gur chóir dúinn labhairt leis an gCoimisinéir Teanga agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin. Is féidir linn labhairt le cléireach agus foireann an choiste faoi sin.
Tá ceist mhór ann faoin sprioc 20% san earnáil phoiblí. Tá muid ag rá go bhfuil gá le bainistíocht tionscadail. Breathnaímis ar an gcóras oideachais, go háirithe maidir leis an nGaeloideachas agus an stráitéis 20 bliain, agus seasaimis siar ar feadh soicind. Tá polasaithe éagsúla agus pleananna éagsúla foilsithe ag an Rialtas seo agus an Rialtas roimhe i leith na Gaeilge. Tá mé ag smaoineamh faoin stráitéis 20 bliain don Ghaeilge agus an sprioc 20% sa tseirbhís phoiblí. Is léir go dteastaíonn ó pholaiteoirí agus ón Rialtas go mbeadh tír dhátheangach againn. Ba bhreá linn go mbeadh sé sin againn. Is léir, áfach, go bhfuil fadhbanna lena baint amach. Is léir go bhfuil bainistíocht tionscadail ag teastáil chun an sprioc 20% a bhaint amach. Nuair a bhreathnaím ar an gcóras oideachais, tá stráitéis 20 bliain don Ghaeilge ann ach, ag an am céanna, tá an méid sin díolúintí á dtabhairt amach agus tá ísliú tagtha ar uaireanta mhúineadh na Gaeilge sa rang. Tá sé sin ráite ag an Ollamh Uí Duibhir chomh maith. Cén fáth a bhfuil rialtais agus polaiteoirí éagsúla ag rá gur bhreá leo é seo a dhéanamh agus go gcruthaíonn siad plean lena dhéanamh, ach ní chuirtear é i gcrích? I gcásanna áite, ní cuirtear tús leis. An bhfuil aon smaoineamh ag an Dr. John Walsh air sin?
Dr. John Walsh:
D’fhéadfaimis labhairt go maidin ar na ceisteanna sin. Tá bearna mhór in aigne an phobail – cuirim na polaiteoirí san áireamh mar is cuid den phobal iad agus is é an pobal a thoghann iad – idir thuairimí an phobail agus an obair chrua a bhaineann leis an bpleanáil teanga. Is beag duine a thuigeann cad atá le déanamh chun spriocanna móra cosúil leis an sprioc 20% a bhaint amach. Is beag taithí atá againn air sin sa tír seo.
Tá mé ag obair ar leabhar ar Choimisiún na Gaeltachta, atá le críochnú go luath. Tá 100 bliain ann i mbliana ó foilsíodh an tuarascáil sin. Bhí na ceisteanna ceannann céanna á bplé 100 bliain ó shin. Bhailigh an coimisiún sonraí mar gheall ar líon na Státseirbhíseach a raibh Gaeilge acu agus an líon nach raibh Gaeilge acu. I ndáiríre, níl muid tosaithe ar an obair cheart is gá a dhéanamh chun na spriocanna a thabhairt i bhfeidhm. Tá gach éinne ar son na teanga. Tá an chuid is mó de phobal na tíre go láidir ar son na teanga ach is beag duine a thuigeann cad is gá a dhéanamh chun na mianta sin a bhaint amach. Sin an áit a dtosaíonn an obair chrua. Tá muid níos fearr ná mar a bhíodh ach tá muid laistiar de thíortha dátheangacha eile. Is iad an Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach an dá shampla is cóngaraí dúinn. Tá muid i bhfad laistiar ó thaobh eolais agus taithí de maidir le conas Stát nó réigiún dátheangach a chruthú.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar chóir dúinn daoine a earcú ón Bhreatain Bheag nó ó Thír na mBascach, áiteanna ina bhfuil an obair seo déanta cheana féin, le bheith mar bhainisteoirí tionscadal?
Dr. John Walsh:
B'fhéidir gur chóir.
B'fhéidir gur chóir iad a thabhairt isteach mar chomhairleoirí ach b’fhéidir go bhfuil gá chomh maith le bainisteoirí tionscadail. Is cuma cén saineolas atá acu mar tá an prionsabal mar an gcéanna. Is cuma cén tionscadal atá i gceist: caithfear rudaí áirithe a dhéanamh chun an dul chun cinn a dhéanamh agus na spriocanna a bhaint amach, ach theastódh saineolas ar chúrsaí teanga chomh maith. Tá saineolas ann in áiteanna eile, áfach. Tá go leor daoine ag plé leis seo go gairmiúil. Tá Stát na hÉireann níos gairmiúla ná mar a bhíodh sé. Go bunúsach ó tugadh isteach an tAcht in 2003 agus Coimisiún na Gaeltachta in 2000 agus in 2002 tá rudaí ag feabhsú. Ní thuigeann go leor daoine - polaiteoirí san áireamh – an bhearna idir “Is breá linn an Ghaeilge; ba bhreá linn gur tír dhátheangach a bheadh againn” agus an obair chrua agus mhion a theastaíonn chun é sin a bhaint amach. Is eolaíocht í seo. Eolaíocht atá i gceist leis an bpleanáil teanga. Is réimse staidéir agus réimse taighde é go hidirnáisiúnta agus tá rudaí is féidir linn a ghlacadh ón gcomhthéacs idirnáisiúnta agus a chur i bhfeidhm anseo.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go raibh míle maith agat as sin. An dteastaíonn ón Teachta Ó Muirí teacht ar ais isteach?
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Más é do thoil é.
Bhíos ag breathnú ar an reachtaíocht sin agus an chuid de a luaigh an Dr. Walsh. Tá an ceart aige. Deir sé: “The Advisory Committee shall have all such powers as are necessary or expedient for the performance of its functions.” Aontaím leis an Leas-Chathaoirleach gur cheart go mbeadh Ard-Rúnaí na Roinne caiteachais phoiblí agus athchóirithe anseo le labhairt linn faoin gceist seo mar tá an chumhacht ag an Roinn sin. Bheinn i bhfabhar go labhródh muid leis an Ard-Rúnaí agus na hoifigigh sula a gcríochaímid an píosa oibre seo.
Ó thaobh na díolúine ag an dara leibhéal, bhí an Roinn os ár gcomhair roinnt uaireanta agus tá sé an-deacair freagra díreach a fháil óna hoifigigh. Nuair a fhiafraíonn muid dóibh an bhfuil an córas ag obair, go ginearálta deirtear linn gurb é seo an córas. An bhfuil an córas ag obair? Insíonn siad dúinn arís faoin gcóras, an bealach a n-oibríonn sé agus seo agus siúd. An é tuairim an Dr. Walsh nach bhfuil an córas ag obair ó thaobh díolúintí de? Sin a thuigim ón méid atá ráite aige. Ó thaobh na sprice, óna thaithí féin, cén sórt sprioc go fadtéarmach gur cheart go mbeadh againn ó thaobh na díolúine de?
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim sin.
Dr. John Walsh:
Mar sin, ní fhéadfainn figiúr suntasach a thabhairt ar an gceist sin. Tá a fhios againn go bhfuil staidéar á dhéanamh ag cuid mhaith de na daltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ar theangacha eile, agus ní féidir leat fadhbanna foghlama a bheith agat i dteanga amháin agus gan iad a bheith agat i dteanga eile, chomh fad agus a thuigimse. Tá rud éigin an-mhícheart le polasaí a scaoileann le 13% de dhaltaí iarbhunscoile ó ábhar atá in ainm is a bheith ina chroí-ábhar. De réir mar a thuigim ó bheith ag léamh ábhar an Ollaimh Uí Dhuibhir agus staidéar gairmiúil eile ar an gceist, sílim gur cheart go mbeimis ag caint ar chéatadán i bhfad níos ísle - faoi bhun 5%, b’fhéidir. Arís, ní mise an saineolaí is mó ar an ábhar seo. Táimse ag teacht chuige seo ó dhearcadh an pholasaí teanga, polasaí na Gaeilge agus an tionchar atá aige seo ar earcaíocht agus an sprioc earcaíochta. Má bhaineann tú 13% de dhaltaí meánscoile amach as foghlaim na Gaeilge, tá lagú a dhéanamh. Go bunúsach, an rud atá ag tarlúint anseo ná má leanann líon na ndíolúintí ag éirí níos mó agus níos mó go mbeidh deireadh le stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar. Is saghas deireadh neamhoifigiúil le stádas na teanga mar chroí-ábhar atá ar siúl anseo. Cé go mbíonn daoine soiniciúil mar gheall ar an stádas sin, tá an stádas croí-ábhar atá ag an nGaeilge ar cheann de na tacaíochtaí is tábhachtaí a thugann an Stáit don teanga. Gan é sin, ní bheadh eolas ag an gcuid is mó den phobal ar an nGaeilge. Tagraím d’eolas seachas inniúlacht; tuiscint go bhfuil an Ghaeilge ann. Ní gá ach féachaint ar Albain. Níl Gaeilge na hAlban éigeantach ar scoil in áit ar bith, fiú sa Ghaeltacht, agus níl eolas ar bith ag an gcuid is mó de phobal na hAlban ar Ghaeilge na hAlban. Is é sin an difríocht is bunúsaí. Ní eolas ar bith acu. Is ar éigin go dtuigeann siad go bhfuil sí ann. Má chuirtear deireadh le stádas croí-ábhar na Gaeilge sa Stát seo, is é sin an tacaíocht is tábhachtaí bainte den teanga ó thaobh eolas ginearálta, rochtain a thabhairt don phobal agus bealach isteach go dtí an Ghaeilge a thabhairt do dhaoine nach bhfuil an teanga acu. Is ceist mhór í seo ó thaobh cearta an duine, ó thaobh féiniúlachta agus daonlathais agus é sin ar fad. Tá sé thar a bheith tromchúiseach, agus tá deireadh á chur go hindíreach le croí-stádas na Gaeilge tríd an díolúine.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Dr. Walsh. An bhfuil aon cheisteanna eile? Níl. Leis sin, cuirimid clabhsúr leis an seisiún seo. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Gabhaim buíochas leis an Dr. John Walsh as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leis inniu. Beidh an dara seisiún againn i gceann tamaillín.