Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 May 2026

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Múineadh na Gaeilge i Meánscoileanna T2 agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaimid ár breithniú ar an ábhar múineadh na Gaeilge sna meánscoileanna T2 agus córas na díolúintí leis na hionadaithe ón trí ghrúpa atá linn anseo inniu. Cuirim fáilte ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta roimh Arlene Forster, príomhfheidhmeannach, Barry Slattery, leas-phríomhfheidhmeannach, Sinéad Tuohy, stiúrthóir, Ursula Ní Dhufaigh, oifigeach oideachais, agus Dónal Ó Buachalla, oifigeach oideachais; agus ó Ghael Linn roimh Réamonn Ó Ciaráin, príomhfheidhmeannach, Mairéad Ní Thiománaigh, ceannasaí oibríochtaí, Séamas Mac Eochaidh, bainisteoir oideachais, Edel Ní Bhraonáin, bainisteoir Gaelbhratach. Cuirim fáilte freisin roimh Seán Clarke agus Deepansh Kumar, daltaí ón gColáiste Sailéiseach i gCill Droichid; agus Fionn Mac Cathmhaoil agus Seán Ó Doibhlin, daltaí i gColáiste Cholmáin in Iúr Chinn Trá. Tá fíorfháilte roimh na finnéithe ar fad. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil siad go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanfaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na finnéithe uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur as don chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá sé de rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir do chomhaltaí a chinntiú go mbíonn na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad féin ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu.

Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin má eisítear é. An nglacann na finnéithe leis na treoracha sin? Glacann. Gabhaim buíochas leo. Iarraim ar phríomhfheidhmeannach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Ms Arlene Forster:

Tráthnóna maith do bhaill an choiste go léir. Gabhaim buíochas le Leas-Chathaoirleach agus comhaltaí an chomhchoiste as an deis a thabhairt dom labhairt inniu ar theagasc na Gaeilge in iarbhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Is mise príomhfheidhmeannach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM. I mo theannta tá Barry Slattery, leas-phríomhfheidhmeannach, Sinéad Tuohy, stiúrthóir, Dónal Ó Buachalla, oifigeach oideachais, agus Ursula Ní Dhufaigh, oifigeach oideachais.

Is é CNCM an comhlacht reachtúil a chuireann comhairle ar an Aire Oideachais agus Óige faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luath-óige, do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna. Le cur chuige na comhairle i leith na forbartha curaclaim, cuirtear béim láidir ar an taighde, ar dhlúthoibriú le scoileanna agus suímh, ar an gcomhairliúchán poiblí agus ar an mbreithniú.

Is croí-ábhar í an Ghaeilge ar fud an churaclaim iarbhunscolaíochta. Tá roinnt forbairtí tar éis titim amach le deich mbliana anuas maidir leis an soláthar curaclaim don Ghaeilge in iarbhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Ina measc sin, tá úsáid na dtorthaí foghlama chun cur síos a dhéanamh ar an méid ba cheart a bheith ar eolas ag scoláirí agus ar an méid ba cheart dóibh a thuiscint agus a bheith in ann a dhéanamh tar éis tréimhse fhoghlama. Bíonn gach toradh foghlama dírithe ar an scoláire agus cuireann cuir chuige teagaisc agus foghlama lena bhforbraítear sealbhú agus foghlaim teanga i measc scoláirí ar bhonn céimnitheach. Tacaíonn na torthaí foghlama le múinteoirí chun gníomhaíochtaí agus eispéiris foghlama a shaincheapadh le go gcuirfear ar chumas an uile scoláire dul chun cinn a dhéanamh maidir le foghlaim na Gaeilge. Ar an gcaoi sin, féadann scoláirí leibhéal d’inniúlacht phearsanta sa Ghaeilge a bhaint amach a bheadh ag teacht lena leibhéal cumais féin.

Le tabhairt isteach sonraíochtaí idirdhealaithe T1 agus T2 le haghaidh Ghaeilge na sraithe sóisearaí in 2017, freagraíodh don bhuaireamh nach mbeadh curaclam aonair dúshlánach a dhóthain do scoláirí i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna agus é ag tacú, san am céanna, le foghlaimeoirí i gcomhthéacsanna eile. Le sonraíochtaí idirdhealaithe T1 agus T2, cuirtear ar fáil leanúnachas agus dul chun cinn ón soláthar idirdhealaithe T1 agus T2 ag leibhéal na bunscolaíochta a tugadh isteach in 2019. Tar éis athbhreithnithe ar an léargas luath ar Ghaeilge na sraithe sóisearaí, arna chur i gcrích ag SEALBHÚ, rinneadh na sonraíochtaí T1 agus T2 a nuashonrú agus a fhoilsiú i mí Mheán Fómhair 2023. Ar na leasuithe a rinneadh bhí laghdú ar an méid litríochta a mbíonn ar scoláirí plé leis agus rinneadh MRB2 a athshamhlú le go ndíreofaí níos mó ar an idirghníomhú labhartha seachas ar an nginchumas labhartha. Tá athbhreithniú leantach trí bliana idir lámha ag SEALBHÚ i láthair na huaire le measúnacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na sonraíochtaí nuashonraithe, bunaithe ar an taithí a fhaigheann múinteoirí, scoláirí, tuismitheoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara oideachais eile orthu. Táthar tar éis dhá thuairisc eatramhacha ón staidéar a chur i gcrích agus beidh an tuarascáil deiridh ar fáil an bhliain seo chugainn. Úsáideann clár scoile na sraithe sóisearaí i mbreis is 220 scoil ráitis, spriocanna foghlama agus próifíliú chun tacú le foghlaim agus gnóthachtáil an scoláire sa Ghaeilge. Sin tacaíocht bhreise d’ionchuimsiú an scoláire.

I mí na Nollag 2018, agus i gcomhréir le beartas an Rialtais, chuir CNCM tús le forbairt sonraíochtaí idirdhealaithe T1 agus T2 le haghaidh Ghaeilge na hardteistiméireachta. Leis an aiseolas ar na dréachtsonraíochtaí sin a tiomsaíodh in 2021, tarraingíodh aird ar fhadhbanna córasacha níos leithne nach dtagann faoi chúraimí CNCM, amhail ceisteanna maidir le samhail an tsoláthair agus comhleanúnachas beartais. Dá bharr sin, chuir CNCM forbairt na sonraíochtaí ar sos, chun taighde a dhéanamh le hailíniú leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, FTCE, a fhiosrú agus le hoideachas teanga i dtíortha eile a scrúdú.

Is ar an obair bhreise seo a bunaíodh an chomhairle a thug an CNCM don Aire in 2025. Tá curaclam Gaeilge na hardteistiméireachta á nuashonrú faoi láthair mar chuid den athfhorbairt ar an tsraith shinsearach, agus beidh eolas ag an nuashonrú sin ó FTCE. Déanfar measúnú ar an tsonraíocht athfhorbartha seo ag an mbonnleibhéal, ag an ngnáthleibhéal agus ag an ardleibhéal chun léargas a thabhairt ar ghnóthachtáil an scoláire thar raon inniúlachtaí teanga. Reáchtálfar comhairliúchán ar na dréachtsonraíochtaí go luath in 2027 agus cuirfear bail chríoch ar an gcuraclam lena thabhairt isteach i scoileanna in 2028.

Leagtar béim i Ráiteas an Chláir Idirbhliana ar a thábhachtaí atá sé go leanfadh scoláirí d’fhoghlaim na Gaeilge. Tacaítear leis sin le dhá uair an chloig de ranganna sa tseachtain agus féadann scoileanna comhpháirteanna breise idirbhliana a chruthú freisin, bunaithe ar spéiseanna na scoláirí. Bíonn deis ag scoláirí a thugann faoi chlár na hardteistiméireachta feidhmí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge chumarsáideach, rud atá bunaithe ar riachtanais teanga an scoláire agus a dhíríonn ar an nGaeilge mar theanga bheo agus ar an nGaeilge sa saol thart timpeall orainn.

Ag eascairt as an tuarascáil chomhairleach ar an tsraith shinsearach, tá CNCM ag obair faoi láthair le scoileanna chun togra a fhorbairt maidir le conairí curaclaim a bheadh ailínithe le cuspóir, fís agus treoirphrionsabail na sraith sinsearaí athfhorbartha. Is é atá i gceist leis an obair sin ná raon na gcomhpháirteanna curaclaim ba cheart a bheith ar fáil do scoláirí a shainaithint, an Ghaeilge san áireamh, chun tuilleadh solúbthachta agus rogha rochtana a thabhairt do scoláirí i ngach scoil. Cé go bhfuil obair forbartha mhór le déanamh ar na moltaí go fóill, a fhoilseofar i gcomhair comhairliúcháin, d'fhéadfaí leas a bhaint as an obair sin chun comhpháirteanna nua roghnacha den churaclam a fhorbairt d'fhonn freastal níos fearr ar riachtanais éagsúla na scoláirí iarbhunscoile, a riachtanais i gcás na Gaeilge san áireamh. Ina theannta sin, tosóidh CNCM ag fiosrú an chaoi a bhféadfadh curaclam na Gaeilge a ailíniú níos dlúithe le FTCE cuidiú chun freastal níos fearr a dhéanamh ar na comhthéacsanna agus riachtanais éagsúla teanga atá ag gach foghlaimeoir ag an mbunscoil, sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach. Mar bhonn eolais faoin obair sin, beidh tuilleadh taighde ar FTCE, na torthaí ón staidéar SEALBHÚ, agus na torthaí ó athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar chur i bhfeidhm luath Churaclam Teanga na Bunscoile.

Beidh mé féin agus mo chomhghleacaithe breá sásta sonraí breise a sholáthar ar an obair atá leagtha amach sa ráiteas seo agus táimid ag tnúth le ceisteanna ó chomhaltaí agus leis an bplé. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógaimid ceisteanna don CNCM ar dtús.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An ndúirt Arlene Forster go raibh an bonnleibhéal ag teacht ar ais? An bhfuil sé sin cinntithe?

Ms Arlene Forster:

Work on the leaving certificate Irish specification is under way and that is for assessment at the three levels, namely, foundation level, ordinary level and higher level. That is leaving certificate Irish.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An é nach bhfuil don teastas shóisearach?

Ms Arlene Forster:

For a junior cycle there are differentiative specifications, T1 agus T1. For each of those specifications, assessment takes place at ordinary and higher level.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom ceist a chur maidir le mo chuid taithí féin mar mhúinteoir, tar éis dom a bheith ag labhairt le mo chomhghleacaí, agus tá tuairiscí agus taighde amuigh ansin. An aithníonn an CNCM go bhfuil teip ar na sonraíochtaí nua don tsraith shóisearach don Ghaeilge cé go bhfuil sé ag maíomh go bhfuil ag éirí go maith go ginearálta leis an tsraith shóisearach nua de réir an taighde darbh ainm, Exploring the introduction of the Framework for Junior Cycle: A longitudinal study - Interim report, a choimisiúnaigh sé féin ó Ollscoil Luimnigh? Níl múinteoirí Gaeilge pioc sásta leis an tsraith shóisearach nua ó thaobh an Ghaeilge de. Cén fáth nach n-éisteann an CNCM leis na múinteoirí, na daltaí agus na saineolaithe maidir leis seo?

Ms Arlene Forster:

CNCM is listening. We have a number of very significant pieces of research, one of which has just been completed and one of which is still under way in relation to the junior cycle in particular. While the four-year longitudinal study carried out by the University of Limerick did not focus on Irish specifically, it gave us very in-depth feedback on schools' experiences with the framework as a whole. The NCCA provided advice to the Minister just last year which the Minister has now accepted and has asked us to proceed with a programme of work which is essentially on schools' experiences of the framework as a whole. In addition to that, we carried out a very early enactment review of the differentiated specifications for junior cycle in 2022. On foot of that review and what teachers, students and school leaders were telling us, we immediately made a number of changes to the curriculum and assessment arrangements. In addition to that, we put in place a three-year follow-on review of the junior cycle specifications. That research is still under way.

I mentioned in my opening statement that two reports have been completed, and the final report will be available next year. The findings from that research will be key for us in terms of having a more complete picture of the experience with the T1 and T2 specifications at junior cycle. The council has committed - it is in our previous strategic plan - that we will use research to review and revisit the framework for junior cycle if and as needed, but we need to have the outcomes of that full three-year follow-on study, because that study is following a cohort of students from year 1 right through to the completion of year 3. They will have had the full experience of the differentiated specifications in Irish. I will bring in Ms Tuohy, who may like to further add to that.

Ms Sinéad Tuohy:

Tá buntáistí ag teacht chun cinn ón staidéar. Tuigim agus tuigeann CNCM go bhfuil deacrachtaí ann agus tá obair idir lámha againn chun teacht ar na deacrachtaí sin agus níos mó eolas a fháil. Tá sé feicthe againn ón staidéar go bhfuil na múinteoirí ag obair go han-mhaith lena chéile agus iad ag pleanáil, agus sin buntáiste an-láidir ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeilge sna scoileanna. Tá siad ag comhoibriú le chéile ag pleanáil agus ag baint úsáid as na cruinnithe subject learning and assessment review, SLAR, chun an measúnú a phlé. Sin rud nua agus is buntáiste atá ann cinnte. Tá an cur chuige cumarsáideach le feiceáil freisin agus is buntáiste an-mhór é sin. Tá sé ar eolas ag an Teachta mar mhúinteoir teanga go bhfuil an cur chuige cumarsáideach an-mhaith le haghaidh na Gaeilge. Cinnte bhí deacrachtaí ann. Táimid tar éis céimeanna a thógáil maidir leis an measúnú, MRB2 agus béim a chur ar idirghníomhú ansin agus ag féachaint ar chúrsaí litríochta. Tuigimid go bhfuil deacrachtaí ann. Bíonn deacrachtaí ann i gcónaí agus muid ag iarraidh rudaí a athrú, ach táimid ag iarraidh teacht ar na deacrachtaí sin agus eispéireas an fhoghlaimeora a chur chun cinn.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad faoin moladh go mbeadh an scrúdú béil neamhspleách don teastas sóisearach agus go mbeadh na sonraí ailínithe go hiomlán leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach don Ghaeilge?

Ms Sinéad Tuohy:

Tá dhá cheist ansin. Maidir leis an scrúdú béil, tuigim go raibh scrúdú béil ann cheana leis an junior certificate. Bhí níos lú ná 40% de scoileanna ag tabhairt faoi. Bhí scoláirí ann nach raibh seans acu a gcumas ó bhéal a thaispeáint ag an am sin. Sin an fáth go bhfuil na MRBs ann. Tá MRB2 dírithe go hiomlán ar idirghníomhú trí Ghaeilge. Tá sé sin an-tábhachtach agus muid ag foghlaim teanga. In MRB1 tá seans ann agus na daltaí ag cur punnán le chéile. Tá gá píosa ó bhéal a chur isteach agus a bheith ag obair ar na scileanna ó bhéal an t-am go léir agus ní hamháin le haghaidh scrúdú. Tá béim an-mhór ar chúrsaí cumarsáide.

Ó thaobh fráma tagartha de, is é sin an rud is tábhachtaí. Fráma tagartha atá ann ó thaobh na teangacha de. Táimid ag baint úsáid as an bhfráma agus muid ag tabhairt faoin obair sa mheitheal forbartha don teastas sinsearach. Tá ailíniú ann go leathan leis na sonraíochtaí atá ann don teastas sóisearach. Tá an fráma tagartha ann agus táimid ag baint úsáid as, ach i gcomhthéacs na Gaeilge. Tá sé sin an-tábhachtach agus muid ag obair ar chúrsaí mar sin.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a ráitis anseo. Tá cúpla ceist agam. Ó thaobh an 30 nóiméad a tógadh den churaclam ag leibhéal na bunscoile mar a thuigim é, cén cúlra a bhí ag baint leis sin? Cloisimid go minic go bhfuil cúrsaí diúltach ó thaobh múinteoirí de agus an cur chuige ó thaobh an oideachais de. An féidir leis na finnéithe aon rud a rá faoin gcúlra?

Ms Arlene Forster:

In the case of the redevelopment of the full primary school curriculum, the NCCA carried out a lot of work looking at the purpose of education and what we want to achieve through a redeveloped primary curriculum, now that we are almost 30 years on from the 1999 curriculum. One of the outcomes of all of that work, and part of this was to accommodate new learning such as an increased emphasis on technology, a broader arts education and social, personal and health education, was that one of the changes made across time allocations was to take a very small bit of time from all curriculum areas. While there was a reduction of 30 minutes per week in the case of Gaeilge, there was a reduction across all curriculum areas, with the exception of well-being, where time was increased.

It is important to say there is also discretionary time, or flexible time, within the time allocations in the redeveloped primary curriculum, and schools have full discretion and flexibility to use that flexible time as they choose. In the case of Gaeilge, some of the time could be used for it, but that is a school decision.

Another important point is the redeveloped primary curriculum, in particular the redeveloped primary language curriculum, places huge emphasis on the use of Gaeilge informally throughout the day within the school community. We have particular pedagogical approaches, such as content and language integrated learning, CLIL, for example, that we really draw attention to in the support materials that we provide for the curriculum. While there is a reduction in the very specific allocations to Gaeilge, there are lots of opportunities to augment that in terms of the curriculum as a whole. We know from our work with schools that huge emphasis is placed on using Gaeilge informally throughout the day and seeing it as a living language in our schools.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuala muid níos luaithe ó fhinnéithe faoin nGaeilge a bheith mar ábhar croílár ó thaobh an bhunscoil agus an mheánscoil. Tá sé deacair a fheiceáil cén cineál córas nó coinníoll a bheidh ar siúl má tá rogha ag múinteoirí a bhfuil 30 nóiméad sa bhreis acu gur féidir leo cur i dtreo réimse leathan ábhar. Cuirfidh sé sin brú ar an nGaeilge gan dabht. Nach mbeadh sé níos fearr an t-am a choinneáil don Ghaeilge, go háirithe leis an mbrú atá uirthi? Tá sé soiléir go bhfuil brú ar an nGaeilge sa chóras oideachais leis na blianta.

Cén fáth go ndearnadh é sin? Tá Arlene Forster ag rá b'fhéidir go dtiocfaidh an t-am sin ar ais go dtí an Ghaeilge toisc go dtabharfaí na múinteoirí dí é, ach ní tharlóidh sé go praiticiúil ó thaobh córas oideachais de.

Ms Arlene Forster:

There are two specifications for Gaeilge as the Deputy is aware. They were developed with the dedicated time allocation in mind. When I spoke about flexible time, that is time being used to augment teaching and learning in Irish if that is what a school chooses to do. As for the wider point about time, we heard the same for lots of areas of the curriculum, and 25 - 30 years on from the previous curriculum, we live in a very different world. We had to find a way of bringing in other areas of learning which are actually really important for children as well in today's world.

I will go back to my point. We consulted really widely on this and we took a decision that, in order to accommodate and enable schools to realise the purpose of a redeveloped curriculum, we needed to look again at the time allocations, hence the slight reduction in the time for Irish. I reiterate, Irish is used a lot outside of the dedicated classes. We know that from our work with schools, and in that way, that is another aspect to enrich, support and nurture children's learning and love of the language.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh tumoideachas de, cén dearcadh atá ag na finnéithe ina thaobh maidir le múineadh na Gaeilge? An bhfuil siad i bhfabhar agus deimhneach faoi? An bhfuil tuairim dá laghad acu ar an ábhar sin?

Ms Sinéad Tuohy:

Tá polasaí ann ó thaobh an Roinn de maidir leis an tumoideachas. Cuireann sé go mór le daltaí agus iad ag foghlaim an teanga. Rinne Arlene Forster tagairt do CLIL. Tá sé sin an- tábhachtach ó thaobh foghlaim na Gaeilge agus seans ábhar a fhoghlaim trí Ghaeilge. Cuireann sé leis an stór focal, leis an gcur chuige cumarsáideach agus cúrsaí mar sin. Tuigimid go léir go bhfuil tascfhórsa idir láimhe atá ag obair ar na rudaí sin. Tá muid ag tnúth go mór leis na scéalta atá le teacht ón tascfhórsa sin a chloisteáil. Beimid in ann freastal orthu ó thaobh an churaclaim de.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceapann na finnéithe go bhfuil sé deimhneach, agus gur bealach maith é sin leis an gcuraclam a chur chun cinn agus a mhúineadh.

Ms Sinéad Tuohy:

Is é an méid atá á rá agam ná go bhfuil taighde ann atá á rá go bhfuil buntáistí ann don fhoghlaimeoir teanga a bheith in áit ina bhfuil an Ghaeilge labhartha - baineann sé sin leis an nGaeltacht agus an seomra ranga agus le gach uile áit ina bhfuil seans ag na daltaí úsáid a bhaint as an nGaeilge mar theanga beomhar.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh an curaclam nua don ardteist, tá na finnéithe ag déanamh sonraíocht faoi láthair. Tá cuid de na heagrais Ghaeilge agus saineolaithe buartha go bhfuil sé ag tarlú go tapa agus nach bhfeileann an amchlár ó thaobh an FTCE agus an rud a athlíonadh i gceart agus go cuimsitheach leis an FTCE. Bhí caint air go bhfuil bliain nó dhó eile ag teastáil. Tá moill bhliana curtha ar an rud céanna sa Bhéarla le go mbeidh an ailíniú sin ann. Tá curaclam difriúil i gceist gan dabht. An bhfuil na finnéithe sásta go mbeidh siad in ann sin a dhéanamh san amchlár sin?

Ms Arlene Forster:

To put the work in context, the NCCA gave advice to the Minister last year, and this was advice on the redevelopment of Gaeilge. This goes back to 2018 when we started the work on the development of differentiated specifications for leaving certificate, as I mentioned in the opening statement. Coming out of the consultation on those draft specifications in 2021 - 2022 the council took a decision to pause to allow for further research work to take place. On foot of that research, the council had extensive discussions throughout six to eight months, late 2024 into 2025, and the advice that the council gave to the Minister in relation to the redevelopment of leaving certificate essentially followed a two-phased approach. We are currently in phase 1, and that first phase sees us redeveloping leaving certificate Gaeilge using the current model of provision, as in a single specification.

We are following the usual timeline for the review and redevelopment of leaving certificate subjects which is a two-year process, but we are starting from a point of much further work already in place than we would be compared to some other subjects. Phase 1 involves us using the FTCE at a basic level, but it will be followed by a second phase of work. This was very clearly set out in our advice to the Minister, where the second phase of work will see us look more closely at the Irish curriculum from primary through junior cycle into senior cycle, with an eye to achieving closer alignment with the FTCE. That will require further research. It will require us to know the overall findings of the research has been carried out by Sealbhú, and will also require us to have the initial findings from an early enactment review of the redeveloped primary language curriculum. Phase 2 is on a more medium-to-long-term timeline, where we have indicated to the Department that work could take anything from five to ten years.

The reason that timeline was identified by the NCCA council was curriculum review and development is obviously a really important piece here, but it is not the only piece. In fact, in order for a curriculum to be more closely aligned to the FTCE across the different sectors, we have to look at policy alignment across initial teacher education, evaluation and inspection and external assessment. There are a lot of other pieces at a system level that need to be looked at, and we need to do all of that really carefully and in a very considered way.

The council was of the view we could not wait. We needed to review and update the current specification, hence why phase 1 work was put in place. As I said in my opening statement, that will see the current leaving certificate specification fully updated with us using the FTCE at a basic level to inform that updating work. I ask Ms Tuohy to speak a little bit about that phase 1 work and the use of the FTCE.

Ms Sinéad Tuohy:

Tá an obair sin idir lámha againn faoi láthair. Tá mo chomhghleacaithe Dónal Ó Buachalla agus Ursula Ní Dhufaigh i bhfeighil ar an obair sin. Tá an meitheal ag obair le chéile. Thosaigh sé ag obair i mí Mheán Fómhair 2025. Tá sé tar éis tabhairt faoin obair sin ag cruinnithe. Tá na baill ag comhoibriú le chéile. An obair atá idir lámha acu i dtús ná féachaint cad iad na rudaí is tábhachtaí do na daltaí ó thaobh an teanga de agus ansin úsáid a bhaint as na tuairiscíní atá sa fhráma tagartha sa Common European Framework of Reference for Languages, CEFR, chun féachaint ar an leibhéal. Is é sin an rud is tábhachtaí.

Is jab an-mhór agus tábhachtach é seo ar son na daltaí atá againn agus chun freastal ar an teanga do na daltaí sin. Tá seans ag an obair seo tabhairt faoin mbéaltriail mar shampla agus féachaint air mar scrúdú; féachaint ar an litríocht agus na téacsanna agus an suim atá ag na daltaí sna téacsanna, agus ar conas gur féidir linn iad a chur chun cinn i measc na daltaí; úsáid a bhaint as an gcur chuige cumarsáideach, agus úsáid a bhaint as an bhfráma tagartha ná an cur chuige gníomh dhírithe sa seomra ranga. Cuirfidh sé sin leis an teanga agus le heispéireas an fhoghlaimeora. Obair an-tábhachtach atá idir lámha.

Beidh an meitheal ag obair go dtí Nollaig 2026 agus i ndiaidh sin beidh comhairliúchán poiblí ar na dréacht sonraíochtaí. Tiocfaidh an meitheal ar ais le chéile chun a bheith ag obair ar an aiseolas sin chun féachaint ar aiseolas ó mhúinteoirí, scoileanna, scoláirí agus ó gach uile duine atá ag glacadh páirt. Beimid ansin in ann an sonraíocht a fhoilsiú ar son na daltaí.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht isteach inniu. Luaigh siad sna ráitis tosaigh go ndearna siad go leor taighde ar ailíniú na hardteiste leis an bhfráma tagartha comónta. Ceann de na plé pháipéir a rinneadh ag an am ná ag Aoife Ní Ghloinn. Rud amháin atá ag cur imní orm ná nach bhfuil na finnéithe ag glacadh go hiomlán leis na moltaí ar luaigh sí i leathanaigh 11 go dtí 20 sa phlé pháipéar sin. Go háirithe, agus luaigh sí ar leathanach 11:

Ní féidir a mhaíomh go bhfuil curaclam ar bith ailínithe leis an FTCE mura bhfuil ailíniú tógachaíoch nó inmheánach idir gnéithe éagsúla an chórais; is iad sin, na torthaí foghlama, an measúnú foirmitheach agus suimitheach... agus an oiliúint do mhúinteoirí.

Cén fáth go ndearnadh é sin?

Tá go leor rudaí an-trom agus an-láidir molta aici chun an ardteist a ailíniú leis an bhfráma tagartha. Cén fáth nach bhfuil an NCCA ag glacadh leis na moltaí sin ar fad nuair a d'íoc sé as an taighde sin agus gur mhol taighdeoir é sin a dhéanamh?

Ms Sinéad Tuohy:

Maidir leis sin, tá trí thuairisc i gceist ansin. Tá tuairiscí ann ó David Little, Karen Ní Chlochasaigh agus Aoife Ní Ghloinn. Tá siad an-chabhrach don obair seo, ach caithfear glacadh leis na tuairiscí sin go huile is go hiomlán agus na tuairimí atá ann. Maidir leis an moladh atá déanta ag Aoife Ní Ghloinn, i ndáiríre táimid ag féachaint ansin ar amchlár atá i bhfad uainn. Rinne Arlene Forster maidir leis sin go bhfuil dhá phíosa ag baint leis an obair seo, an píosa atá idir lámha anois agus ansin tabhairt faoin obair sin. Tá sé an-tábhachtach ó thaobh an taighde - na tuairiscí sin agus an taighde atá ann maidir leis an FCTE go ginearálta - go bhfuil orainn am a thógáil. Tá an t-ailíniú a luaigh an Seanadóir chomh tábhachtach ó thaobh measúnú, eispéireas an mhúinteora, oiliúint na múinteoirí agus gach uile rud mar sin. Tógann sé sin am le cur le chéile. Beidh sé mícheart rud éigin a dhéanamh go tapa agus gan na rudaí cearta a bheith san áit ag an am ceart. Sin an dúshlán atá ann.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin agus tuigim go caithfear rudaí a thabhairt isteach san iomlán. Níl aon easaontú agam ansin. Thosaigh an próiseas seo in 2021. Mhol mé do mo dhaltaí sa seomra ranga, go háirithe san idirbhliain nuair a bhí an t-am beagáinín níos saoire againn, aighneachtaí a chur isteach ag an am don phróiseas a bhí i gceist ag an NCCA. Rinne siad é sin. Ceann de na rudaí is mó a tháinig ar ais ón aiseolas a fuair mise ná gur cheart níos mó marcanna a thabhairt don scrúdú béil san ardteist. Ansin tháinig an dréacht den ardteist nua amach le laghdú sna marcanna ó 40% go 35%. Glacaim leis go gcaithfimid am a ghlacadh agus rudaí a fháil i gceart, ach tá sé cúig bliana ag dul ar aghaidh anois. Is cuimhin liom ag an am go raibh mé ag múineadh ar líne agus ag caint leo faoi seo. Cén fáth go bhfuilimid cúig bliana níos déanaí thíos an bóthar agus muid fós ag caint faoi am a thabhairt agus gach rud a fháil i gceart? Cén fáth a bhfuil sé ag glacadh an méid seo ama?

Ms Arlene Forster:

I dtús báire, five years for this were referred to. The NCCA has been working on leaving certificate Irish since 2018, but it is important to remember where the work started and where we have arrived at. When the work started in 2018, I think that is the consultation the Senator was referring to in which his students were involved. That was on T1 and T2 specifications. One of the really strong points of feedback in that discussion which we acted really clearly and firmly on was that there was no agreement with that model of provision. Lots of other ideas were shared with us, but there was no consensus around an appropriate model of provision. The council took a decision in 2023 to essentially pause that work and carry out further research, some of which the Senator referred to in terms of the three position papers on-----

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Can Ms Forster see the frustration? It was five years later at that point. Now we are eight years down the road in the process.

Ms Arlene Forster:

Absolutely, but I will finish the point. In pausing it and in giving the advice to the Minister last year, the council took the decision that it was really important that we acted on other feedback that we had, such as the feedback on the oral language and the literature that Ms Tuohy has referred to. The council advised to review and update the current specification. In relation to the waiting for oral language, we published a paper as part of the initiation of this work just last year. In that, we have what we call the assessment parameters for the different subjects. In the case of Irish, those assessment parameters state that the oral assessment will have a minimum weighting of 40%. In fact, it could be slightly higher depending on the work of the development group and the outcome of the consultation on the draft specification. The weighting is still there.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud amháin a mholaim don NCCA ná go bhfuil an dréacht don ardteist a cuireadh amach in 2021 fós ar a leathanach ar líne. Tá sé fós foilsithe amuigh ansin agus daoine á léamh agus ag rá go laghdófar na marcanna don bhéaltriail. Tá sé sin amuigh sa phobal. B'fhéidir gur cineál typo é nó rud éigin, ach tá sé fós ar an dréacht a chuir an NCCA amach in 2021 ar an suíomh Idirlín. Is rud beag é.

Cé chomh fada is gur cheart do phróiseas mar seo a thógáil? Táimid ocht mbliana anois sa phróiseas. An rabhamar róchúramach ag am éigin? Cén fáth go nglacann sé ocht mbliana? An bhfuil eagrais éagsúla Stáit nach bhfuil ag caint lena chéile i gceart? Céard atá ag dul mícheart? An n-aontaíonn an NCCA go bhfuil an iomarca ama caite againn ar an bpróiseas seo agus go bhfuil ocht mbliana de dhaltaí ardteiste tar éis dul tríd próiseas a bhí cruthaithe sna seachtóidí nó sna hochtóidí agus atá as dáta anois? An nglacann an NCCA leis go bhfuil an próiseas seo rófhada?

Ms Arlene Forster:

It is a very fair point in terms of the timeline. Again, I repeat a point I made. We set out in 2018 to review and update those specifications. We adopted a different model. When we saw and heard very clearly that there was not support or buy-in for that particular model, we stopped and responded. Hence, we are now at the stage of redeveloping the current specification based on the current model of provision. In terms of timelines, I think the Senator's question highlights the importance of the two-phased approach as well. In phase one, we are absolutely committed and on schedule to have the current specification reviewed, updated and hopefully finalised by summer 2027 for introduction in schools in 2028. Yes, that is ten years from when we started the work, but, importantly, we listened along the way and the council then took the decision that it cannot wait any longer. We need to act on this. We need to act on the feedback from schools and hence the advice around the phase one approach. I know Mr. Slattery would like to come in.

Mr. Barry Slattery:

To answer the question directly, on reflection, we were possibly too ambitious at the beginning to have differentiated provision at leaving certificate. That is when we went out for consultation and listened very carefully and changed the approach. It was not a case of being too cautious. We have learned from that by then. In that stage it may have been too ambitious. To have a two-phased approach and to allow more time for phase two, I think that all informed what we are seeing play out now.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceann de na rudaí-----

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A Sheanadóir, tá dara seisiún le teacht chomh maith. Is féidir leat ceist ghairid amháin a chur.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luadh an taighde ó thíortha eile agus an chaoi a gcuireann siad an t-ailíniú sin i bhfeidhm. Dhá thír a bhfuil rath ollmhór bainte amach acu ná an Fhrainc agus an Ghearmáin. Tá na córais mheasúnuithe go hiomlán ailínithe ag an dá thír sin leis an bhfráma tagartha. Tá sé curtha in iúl ag an NCCA nach mbeidh an tsonraíocht go hiomlán ailínithe leis an bhfráma tagartha. Cén chuid a bheidh fágtha amach agus cén fáth?

Ms Sinéad Tuohy:

Maidir leis sin, mar atá ráite ag Arlene Forster, táimid ag obair air seo in dá tranche i ndáiríre. Tá an obair atá idir lámha faoi láthair agus ansin táimid chun tabhairt faoi obair sa bhreis nuair atá an taighde sa bhreis againn agus go bhfuil an taighde eile go huile is go hiomlán déanta againn. Cé go bhfuil sé ráite go bhfuil sé go huile is go hiomlán ailínithe, i ndáiríre táthar ag caint ansin maidir le measúnú freisin. Ó thaobh measúnuithe sa tír seo, táimid ag baint úsáid as measúnú le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Sna tíortha sin, tá múinteoirí páirteach sa mheasúnú agus tá páirt acu siúd. Is córas saghas difriúil atá i gceist i ndáiríre. Caithfear úsáid a bhaint as an bhfráma tagartha sin sa chomhthéacs atá againn. Tá sé sin an-tábhachtach. Ní féidir linn dul timpeall agus a rá go bhfuil sé sin ag tarlú i dtíortha eile agus beidh sé in ann oibriú sa tír seo. Caithfear glacadh leis an gcomhthéacs atá againn. Tá sé sin an-tábhachtach.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfimid bogadh ar aghaidh.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud amháin atá thar a bheith tábhachtach ná go bhfuil an NCCA ag rá go bhfuil an fhadhb leis an ardteist mar sin.

Ms Sinéad Tuohy:

Ní é sin mar atá. Tá gach uile dhuine ag lorg ailínithe idir na torthaí foghlama, cur chuige an mhúinteora, eispéireas na bhfoghlaimeoirí agus an measúnú. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Níl mé ag rá go bhfuil fadhb in áit éigin. Táimid ag obair chun teacht ar shonraíocht atá ag freastal ar na daltaí go huile is go hiomlán agus atá ag freastal ar an teanga.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom casadh ar an gcéad dul síos ar ais ar an leathuair an chloig de mhúineadh na Gaeilge a sciobadh ó na daltaí i mbunscoileanna.

Bhí seisiún eile againn níos luaithe. Dúradh sa seisiún sin go raibh an saineolaí oideachais, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, tar éis a rá go raibh titim de 37% sa mhéid ama a chaitear ag múineadh na Gaeilge sa bhunscoil le 20 bliain anuas. Ní díreach an leathuair an chloig atá tarlaithe le déanaí atá ann. Tá an creimeadh seo ag tarlú de shíor ó thaobh an mhéid ama atá á chaitheamh nó ar chóir go mbeadh caite maidir le múineadh na teanga náisiúnta. An bhfuil aon mheasúnú á dhéanamh ar an damáiste a dhéanfar toisc an ísliú sin?

Chomh maith leis sin, an bhfuil an NCCA fiú ag féachaint ar líon na scoileanna atá ag déanamh ábhar eile trí Ghaeilge nó ag déileáil leis an am breise sin a luaigh sibh níos luaithe? An bhfuil sé sin ag tarlú as Gaeilge? Nuair a cuireadh an cheist sin ar dhream eile a bhí os ár gcomhair, ní raibh siad in ann a léiriú go bhfuil an t-am breise sin á chaitheamh ag tromlach na scoileanna. Tá scoileanna ar leith ann agus tuigeann siad an rud atá ag tarlú, ach sa chuid is mó de scoileanna, tá an t-am breise á úsáid ar bhealaí difriúla. Ní ar leas na Gaeilge atá sé ann.

Ms Arlene Forster:

The redeveloped primary curriculum as a whole begins enactment in September of this year. While the redeveloped primary language curriculum agus curaclam teanga na bunscoile was introduced for all eight classes in 2019, the changed time allocations will only come into play formally in September coming. That is an important point to note. Second, on the reduction of the 30 minutes, in the case of Irish as L2 - English-medium schools - there is actually no reduction in the dedicated time for Irish in junior and senior infants. That is really important because they are the first two years in school following children's experience in preschool where really important foundations are laid down in the language. The reduction in the 30 minutes is from first class onwards.

There was a question on assessment and monitoring. There are two things here. From a curriculum perspective, the NCCA uses what we refer to as early enactment reviews. We have already mentioned those today in the context of the junior cycle Irish specifications. The NCCA will look to put an early enactment review of the primary language curriculum in place, but that is not for probably another year or two until all schools have had ample opportunity to bed in that redeveloped curriculum. That will be an important piece for us in terms of gathering feedback directly from teachers, children and school leaders and parents about their experiences with the redeveloped primary language curriculum.

The inspectorate also plays an important role. It has the evaluative function across the curriculum. Through its inspections, it gathers important information on how curriculum is faring in schools from the point of view of teaching, learning and assessment. I have no doubt that in the coming years the inspectorate reports will be really key here as well in terms of getting information back on how the redeveloped curriculum, particularly for Gaeilge, is faring in schools.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ag Arlene Forster. Níl an leathuair an chloig sin á baint ó na ranganna nó na daltaí go dtí mí Mheán Fómhair i mbliana, ach tá ísliú stádas dá réir mar tá sé aitheanta cheana féin, mar a dúirt mé, go bhfuil ísliú ann ó thaobh an mhéid ama a bhí caite ag múineadh na Gaeilge roimhe seo. Ní díreach an leathuair an chloig sin atá ann, mar a dúirt an tOllamh Ó Duibhir. Is laghdú 37% atá tar éis tarlú cheana féin, an leathuair an chloig san áireamh. Tá sé sin mar chuid de. Tá damáiste á dhéanamh. Ansin tá an teachtaireacht ag dul amach gur féidir linn leathuair an chloig breise a bhaint sa chás seo. In ainneoin go bhfuil sé ráite ag an NCCA go mbeadh an chigireacht ann, bhí na cigirí os ár gcomhair roimhe seo agus níl siad in ann díriú ar aon ghealltanas go mbeadh na scoileanna ar fad ag úsáid am breise nó go mbeadh ábhar breise á dhéanamh trí Ghaeilge. Fiú agus an NCCA ag rá go mbeidh early enactment review ag tarlú, beidh cúig nó sé bliana ann sula mbeidh aon toradh air sin. Feicfimid ansin go bhfuil sé bliana de dhamáiste breise déanta ó thaobh an chur chuige chun a chinntiú go bhfuil teacht ag gach uile pháiste ar leibhéal cuí chun a theanga náisiúnta a fhoghlaim.

Ms Arlene Forster:

There are a couple of points if I may come back on them for a moment. On the point or the reflection about the reduction in terms of experience in the reduction in time over the last 20 years, it is important to bear in mind that the 1999 curriculum set out suggested time allocations. In the case of language and mathematics, those time allocations were increased from 2011 onwards, on foot of the literacy and numeracy strategy. The small reduction that has come about through the redeveloped primary curriculum is not reducing the time for Irish below what would have been there in the 1999 curriculum.

A more important point is it is what young people experience in the time as well. One of the things that is quite different in the redeveloped primary language curriculum and the redeveloped primary curriculum as a whole is that there is a really strong emphasis on integrated language learning and the importance of the transfer of language skills across languages. Attention is drawn to that within the curriculum, particularly for English and Irish. We also have huge attention given to different pedagogical practices and approaches. I mentioned CLIL a little bit earlier. There is a number of different language pedagogies that we have support materials on and that we know from schools are really helpful in supporting them in enacting the primary language curriculum. It is important for us to bear in mind that it is not just about time. It is how that time is used and the types of rich language experiences that are provided for children in their Irish classes.

I know I am repeating myself, but I also raise the important point that the primary language curriculum is very strong and clear on nurturing Irish as a living language throughout the school day and not just in the dedicated Irish classes.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dhiúltaigh an tAire oideachais moltaí an CNCM riamh?

Ms Arlene Forster:

Is the Deputy asking about current times in relation to Gaeilge?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar aon ábhar.

Ms Arlene Forster:

Going back over the years, I am thinking of junior cycle history. The Minister chose not to take the advice of the NCCA. In more recent times and in all of the points we have made around Gaeilge, the Minister has accepted our advice and asked us to proceed with the work.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann sin deireadh lenár gceisteanna don CNCM. Gabhaim buíochas leo as a bheith anseo inniu.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin agam mar tá an-chuid déanta ag mo chomhghleacaí. Tá ceist amháin maidir leis an amlíne maidir leis an ailíniú. Tá sé ráite ag an NCCA nach mbeidh an t-ailíniú bunúsach leis an bhfráma tagartha an uair seo. Cathain a cheapann Arlene Forster go mbeidh ailíniú iomlán déanta leis an bhfráma tagartha? An bhfuiltear ag caint faoi chúig bliana, deich mbliana nó mar sin? An bhfuil amchlár ag an NCCA?

Ms Arlene Forster:

In the case of the discussions of the NCCA council and ultimately the advice that we gave the Minister last year, we estimated that phase two, which is focused on closer alignment, would take somewhere between approximately five and ten years. That was being conscious of the fact that it is not just the curriculum piece that we have to work on and think about. There are wider system pieces that have to be in place as well. Ms Tuohy has already referenced some of them as well. It includes the assessment piece, school evaluation, initial teacher education and professional learning. Perhaps even teacher allocation could be included.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ms Forster said closer alignment, not full alignment. I am wondering about the full alignment. Is that 20 years away? If the close alignment is five to ten years away, the question I am asking about is full alignment.

Ms Arlene Forster:

In terms of the advice we gave, we use the phrase "closer alignment" because we do need more work on this in terms of how closely aligned can or should the specifications be.

For example, in the case of leaving certificate Gaeilge, part of our context is that the leaving certificate sits across levels 4 and 5 on the national framework of qualifications. There are broader contextual pieces we have to work through. The language we used, on the advice of the Minister, was "closer alignment" with CEFR because we still have further work to do on this. It is not only to do with leaving certificate Gaeilge. We are very conscious that this work is ultimately looking at the primary curriculum, the junior cycle and the curriculum at senior cycle as well. Ms Tuohy might like to come in on some of that detail.

Ms Sinéad Tuohy:

Tá sé sin an-tábhachtach. Táimid ag caint ní hamháin ar na forbairtí maidir leis an senior cycle, ach freisin ar na forbairtí ag leibhéal na bunscoile agus maidir leis an teastas shóisearach, an junior cycle. Tá sé luaite sa chlár Rialtas go bhfuil sé freisin faoin tríú leibhéal agus go bhfuil nasc idir an dara leibhéal agus an tríú leibhéal. Tá go leor daoine i gceist leis na scairshealbhóirí anseo. Tá gach ceann de na heagraíochtaí sa mheitheal. Táimid ag tabhairt faoin obair seo, ag obair le chéile, ach baineann sé leis an obair ag leibhéal na bunscoile, ag leibhéal an teastais shóisearaigh agus ag an tríú leibhéal. Tá sé sin an-tábhachtach.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an tarna grúpa. B'fhéidir, amach anseo, gur chóir dúinn breathnú ar stopuaireadóir nó ar chlog toisc nach bhfuil sé féaráilte nuair atá an tarna grúpa anseo. Tá ceisteanna tábhachtacha á gcur againn ar na grúpaí éagsúla. Pointe ginearálta atá ansin.

Mo bhuíochas leis an CNCM as ucht teacht anseo inniu. Mo leithscéal leis an ngrúpa ó Ghael Linn as an moill. Bhí sé ar intinn againn dul ar aghaidh go dtí 1.30 p.m. ach is féidir linn dul ar aghaidh go dtí 2 p.m. Iarraim ar phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, agus ar dhaoine eile ón eagraíocht a ráitis tosaigh a thabhairt.

Mr. Réamonn Ó Ciaráin:

Is mian liom a rá, mar phríomhfheidhmeannach Gael Linn, go bhfuil Gael Linn an-sásta an deis seo a bheith againn labhairt leis an gcomhchoiste ar ábhar an lae inniu. Is eagraíocht neamhbhrabúsach agus neamhpholaitiúil í Gael Linn a bunaíodh in 1953. An cur chuige a bhíonn againn i gcónaí ná bualadh le daoine óga agus fásta san áit a bhfuil siad ar a n-aistear leis an nGaeilge. Tá an sprioc chéanna againn ón tús, is é sin toradh fiúntach a bheith ar obair Gael Linn agus tionchar dearfach a imirt lenár gcuid oibre i leith na Gaeilge. Nach sinne atá sona inniu agus roinnt d'iar-iomaitheoirí díospóireachtaí Gael Linn ar an gcomhchoiste agus inár gcuideachta anseo inniu agus iomaitheoirí reatha de chuid scéimeanna Gael Linn fosta. Cloisfidh an choiste uathu ar bhall beag.

Tá Gael Linn an-bhuíoch dár maoinaitheoirí - Foras na Gaeilge, an Roinn Oideachas agus Óige ó Dheas agus an Roinn Oideachas ó Thuaidh - agus do phríomh-mhaoinaitheoirí Gaelbhratach, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, tríd an gcrannchur náisiúnta agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. I mbliana, d’aontaigh Gael Linn fís uasdátaithe - is é sin "taithí dhearfach i leith na Gaeilge a éascú do chách" agus muid ag tógáil ar oidhreacht shaibhir fhairsing na heagraíochta ionas go mbeimid i gcónaí ag éascú bealach i dtreo sochaí ilteangach ina mbíonn deiseanna nádúrtha ag daoine an Ghaeilge a úsáid go sóisialta agus go proifisiúnta mar is mian leo i gcomhthéacs na Gaeilge a shaibhriú le deiseanna úsáide. Mar eagraíocht, creidimid go láidir go mbíonn droicheadú i gcroílár ár gcuid oibre, ag cinntiú go dtuigtear gur teanga bheo í an t-ábhar scoile seo atá á múineadh inár scoileanna agus go dtugtar deiseanna do dhaltaí an droichead sin a thógáil i gcomhpháirt linne agus lena múinteoirí. Cuirtear fáilte roimh chách i gcónaí páirt a ghlacadh inár gcuid scéimeanna beag beann ar chumas.

I gcomhthéacs scóip an lae inniu maidir le foghlaim na Gaeilge mar dara theanga agus na díolúintí, tá a lán scéimeanna maithe fiúntacha ag Gael Linn: Gaelbhratach, díospóireachtaí, comórtas tráchtaireachta, Abair, tráth na gceist, scoil spreagtha ó Thuaidh, na coláistí samhraidh agus a thuilleadh nach iad. Baineann an ráiteas uaimse agus na daoine eile linn inniu seo le hábhar an lae inniu - múineadh na Gaeilge sna meánscoileanna T2 agus córas na ndíolúintí. Cluinfidh an choiste ó Séamas Mac Eochaidh i dtaobh na ndíolúintí agus múineadh na Gaeilge sna meánscoileanna T2. Rinne Edel Ní Bhraonáin samplaí praiticiúla faoin ábhar seo agus pléifidh Mairéad Ní Thiománaigh ár moltaí. Iarraim ar mo chomhghleacaí Séamas Mac Eochaidh labhairt anois.

Mr. Séamas Mac Eochaidh:

Maidir le múineadh na Gaeilge sna hiarbhunscoileanna T2, creidimid gur beatha teanga í a labhairt agus ar an ábhar sin, ba chóir go mbeadh an labhairt agus cumas labhartha na Gaeilge ar an chloch is mó ar ár bpáidrín agus sinn ag múineadh na Gaeilge. Ar an drochuair, feictear dúinn nach mbíonn sin amhlaidh i gcónaí leis an gcóras atá i bhfeidhm do mhúineadh na Gaeilge mar ábhar scoile.

Bíonn ionchur agus aischur de dhíth le teanga a shealbhú ionas go mbeadh úsáid éifeachtach teanga ann idir éisteacht, tuiscint, aithris, labhairt, léamh agus scríobh agus go mbeadh an próiseas bunaithe ar an ord sin. Tá sé fíor a mhaoímh go bhfuil easnaimh i gcóras na sraithe sóisearaí, ach go háirithe maidir leis na gnéithe ríthábhachtacha seo. Mar eagraíocht, tugaimid tacaíocht don Ghréasán, an cumannábhar do mhúinteoirí Gaeilge, a chinntíonn go dtugtar guth láidir do mhúinteoirí agus go bhfuil glór neamhspleách acu. Ar an ábhar sin tacaímis leis an éileamh atá ag an nGréasán gur chóir go mbeadh aitheantas tugtha don fhocal labhartha mar chuid d’aon mheasúnú ar aon scrúdú Gaeilge, mar aon le teanga ar bith eile.

Ar an ábhar sin, táimid fíorbhuíoch go bhfuil daltaí linn ó Choláiste Cholmáin inniu, daltaí ó na Sé Chontae, le cuid dá dtuairimí agus eispéireas ina leith seo a roinnt linn. Roinnfidh Seán Ó Doibhlin agus Fionn Mac Cathmhaoil a mbarúil ar an tábhacht a bhaineann leis an ábhar labhartha agus an buntáiste a bhaineann le córais mheasúnaithe a aithníonn luach an focal labhartha, cé gur chóir go mbeadh tuilleadh aitheantais ann, dar leo.

Cé go bhfuil meon dearfach i leith na Gaeilge le feiceáil go soiléir i measc scoláirí inár gcuid scéimeanna féin go laethúil, agus go bhfuil meon níos dearfaí i leith na Gaeilge le brath sa mhórphobal le blianta beaga anuas, ní féidir a shéanadh go bhfuil constaicí roimh an Ghaeilge mar ábhar scoile, agus na deacrachtaí mar a bhaineann le córas na ndíolúintí ach go háirithe. Le beagnach 20,000 díolúine ceadaithe sa scoilbhliain 2024-25 agus é tuartha go bhfuil an baol ann go mbeidh díolúintí á bhfáil ag 20% de dhaltaí na hÉireann ó fhoghlaim na Gaeilge amach anseo, tá sé soiléir go bhfuil córas na ndíolúintí lochtach agus mí-oiriúnach. Mar a mhaígh an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, agus mar a chreidimid chomh maith, ba chóir go mbeadh córas i bhfeidhm a chuireann "ionchuimsiú seachas díolúine" chun cinn. Is féidir le córas a bheith ioncuimsitheach má tá an córas deartha le bheith solúbtha, fáiltiúil agus oiriúnach do chách. Tá ceist ann, áfach: mar a sheasann cúrsaí, an bhfuil an córas do mhúineadh na Gaeilge agus córas na díolúine ag díol na díolúine? Cad chuige nach féidir linn mar Stát a bheith uaillmhianach le córas atá ioncuimsitheach do mhúineadh na Gaeilge atá dírithe ar úsáideoirí teanga a chruthú agus a chothú?

In áit díolúine a dhíol nó a bhronnadh, cén fáth nach féidir linn díriú ar oiriúnú an chórais don dalta? Ag an bpointe seo iarraim ar mo chomhghleacaí Edel Ní Bhraonáin samplaí de chuid den ábhar seo a roinnt leis an gcoiste.

Ms Edel Ní Bhraonáin:

Tá baol ann go bhfuilimid ag dúnadh deiseanna roimh dhaoine óga go róluath mar a sheasann rudaí. Dá bhrí sin, is gá an comhrá a athrú ó bheith ag díriú ar bhaint na Gaeilge amach as saol an dalta go dtí tacaíocht níos fearr a chur ar fáil chun cabhrú le daltaí ar shlí atá oiriúnach dá gcuid láidreachtaí agus riachtanais féin. Mar ullmhúchán don gcruinniú seo, labhraíomar le roinnt daltaí, cuid acu atá anseo linn, agus múinteoirí. Duine dóibh siúd ar labhramar leo ná múinteoir atá i scoil T2 i dtuaisceart na cathrach. Fuair Síona a hoideachas go léir i scoileanna T2 ach deir sí gur imir treimhsí sa Ghaeltacht agus múinteoirí dearfacha tionchar ollmhór ar a cumas agus a muinín. Tá disléicse uirthi ach níor chuir sé sin cosc nó bac uirthi barr feabhais a bhaint amach i dtaobh na Gaeilge. Le tacaíochtaí simplí cosúil le waiver litrithe agus gramadaí, agus le cur chuige dearfach ó mhúinteoirí, fuair sí A2 san ardteist agus chuaigh sí ar aghaidh le Gaeilge a dhéanamh san ollscoil agus múinteoireacht ina dhiaidh. Mar mhúinteoir bunscoile T2 anois, creideann sí nach í an Ghaeilge féin an dúshlán do dhaltaí le disléicse agus rudaí eile, ach an iomarca béime a bheith ar scríbhneoireacht agus ar fhoghlaim de ghlanmheabhair. Dar le Síona is fearr tacaíochtaí praiticiúla a ofráil agus níos mó béime a chur ar labhairt agus ar úsáid nádúrtha na teanga seachas an Ghaeilge a bhaint ó dhaltaí trí dhíolúine a bhronnadh. Sin an réiteach is fearr agus is cothroime. Úsáideann Síona réimse leathan de mhodhanna teagaisc ionchuimsitheacha sa seomra ranga, rud a thugann tacaíocht d'aon dálta le riachtanais páirt ghníomhach a ghlacadh sa rang Gaeilge. Chuige sin, tá páistí sa rang léi atá ag cloisteáil is ag úsáid na Gaeilge, agus ag glacadh páirte go gníomhach. Cé go bhfuil cuid acu i dteideal díolúintí, mhínigh Síona dúinn go bhfuil cinneadh déanta ag roinnt tuismitheoirí gan an bóthar sin a roghnú toisc an Ghaeilge a bheith normalaithe sa phobalscoil. Feictear dúinn seo go minic i seomraí ranga fud fad na tíre mar chuid den scéim Gaelbhratach agus Scoil Spreagtha go háirithe. Má tá múinteoir muiníneach lena cuid no a chuid Gaeilge a úsáid le linn an lae, bíonn níos mó muiníne agus níos mó deiseanna ag daltaí a gcuid Gaeilge a úsáid agus a fheabhsú. Sa chás seo, ní i gcónaí gurb ionann cumas agus muinín.

Tuigimid go mbaineann an cruinniú inniu le múineadh na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal ach gan dabht, mar atá ráite roimhe seo, ní féidir linn é seo a phlé i bhfolús. Is gá go háirithe aird a tharraingt ar a leithéid de dhea-chleachtais Gaelbhratach agus Scoil Spreagtha a leathnú agus a fhorbairt, go háirithe agus 30 nóiméad níos lú de theagasc na Gaeilge ann ag an mbunleibhéal ó Mheán Fómhair ar aghaidh.

Tá an-áthas orainn go bhfuil Deepansh Kumar agus Seán Clarke, agus Fionn Mac Cathmhaoil agus Seán Ó Doibhlin ó Choláiste Cholmáin, linn inniu. Cloisfidh an choiste uathu gan mhoill. Dar linn, léiríonn sé seo cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge don aos óg. Is gá go gcuirtear guth an dalta i lár gach comhrá atá againn faoin Ghaeilge. Is gá dúinn éisteacht leo siúd a bheas ag úsáid an teanga go laethúil amach anseo. Tá an t-ocras ann agus tá an toil ann – is gá dúinn cinntiú go gcothaíonn an córas do mhúineadh na Gaeilge na deiseanna gur féidir le gach dalta bheith ina cainteoir líofa na Gaeilge thar aon ní eile. Ar an ábhar sin, is gá dúinn a bheith réiteach-dhírithe le cinntiú go mbíonn taithí dhearfach i leith na Gaeilge ag cách.

I dtaobh ár moltaí de, ar an gcéad dul síos, fáiltímid roimh an bplean gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla, agus molaimid an fhoireann taobh thiar den obair atá curtha i gcrích go dtí seo. Tá an ceithre philéar de chuid an phlean gnímh fite fuaite tríd obair Gaelbhratach ó thús ama agus táimid buíoch as an deis comhoibriú chun feabhais a bhuí leis an bplean. Luadh SEALBHÚ go minic inniu, agus táimid bródúil agus buíoch go raibh Gaelbhratatch agus obair Gael Linn trí chéile luaite sa chomhairliúcháin agus taighde a dhein SEALBHÚ mar ullmhúchán don phlean gnímh go neamhspleách uainn. Táimid luaite ann go mion minic. Chomh maith leis sin, molaimid an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta as an infheistíocht agus an tacaíocht leanúnach atá á cur ar fáil aici do phobal agus d’éiceachóras na Gaeilge ar fud na tíre go ginearálta.

Tá ról lárnach ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta agus na scéimeanna atá faoina cúram i neartú na teanga fud fad na tíre. Is trí infheistíocht leanúnach i gclubanna óige, féilte pobail, coláistí samhraidh, eagraíochtaí Gaeilge agus tionscnaimh nuálaíochta a chruthaítear pobail bhríomhara ina mbíonn an Ghaeilge le cloisteáil agus le húsáid go nádúrtha. Ní leor an Ghaeilge a neartú mar ábhar scoile amháin. Más mian linn go mbeidh todhchaí láidir ag an teanga mar theanga bheo phobail, ní mór leanúint leis an infheistíocht i bpobail, i ndeiseanna úsáide agus sna scéimeanna a chruthaíonn comhthéacs nádúrtha don Ghaeilge taobh amuigh den seomra ranga. Mar sin, molaimid go leanfar leis an infheistíocht cuí do Roinn na Gaeltachta ach go háirithe, agus go gcuirfear an plean gnímh do mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla i bhfeidhm. Iarraim anois ar mo chomhghleacaí Máiréad Ní Thiománaigh na moltaí níos sonraithe a roinnt leis an gcoiste.

Ms Mairéad Ní Thiománaigh:

Fúmsa atá sé cuid de na moltaí atá againn a phlé, agus ar ndóigh bhí sé deacair díriú ar rudaí ar leith. Ba mhaith linn na gnímh is suntasaí a sheasann amach dúinn, a bheidh in ann an tionchar is mó a imirt agus an difir is mó a dhéanamh sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, a roghnú. Tá na moltaí uilig bunaithe ar ár dtaithí féin agus sinn ag plé go díreach leis an bpobal, agus ar thaighde atá déanta ag saineolaithe na tíre seo le cúpla bliain anuas.

Is é an chéad rud ná go mba chóir go mbeadh plean cuimsitheach i bhfeidhm don Ghaeilge. Tosaíonn sé sin ag an réamhleibhéal agus leanann sé ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Is gá go mbeadh an fráma tagartha comónta Eorpach, a rinneadh neart tagairtí di inniu, ag croílár an phlean sin. Chun téarma Aoife Ní Ghloinn a úsáid, caithfimid cuimhniú ar dhaoine "mar úsáideoirí teanga, seachas mar fhoghlaimeoirí." Ní mór dúinn iad a chumasú agus ullmhú mar is ceart chun go mbeidh siad in ann an Ghaeilge a labhairt go cumasach in suíomhanna sóisialta, proifisiúnta nó acadúla. Mar a deirim, tosaíonn sé sin ag an aois is óige agus páistí ag freastal ar shuíomhanna réamhscoile.

Maidir leis an gcreat tagartha comónta a úsáidtear san Eoraip, is é an buntáiste is mó a bhainfeadh lena leithéid a bheith i bhfeidhm ná go mbeadh slat tomhais ceart ann chun cumas a mheas. Mura dtuigimid na bearnaí cumarsáide ar bhonn struchtúrtha caighdeánach, ní féidir linn tacaíocht chuí a chur ar fáil chun dul chun cinn a dhéanamh. Anuas air sin, ba chóir dúinn sampla na Breataine Bige a leanúint agus spriocanna soiléire, intomhaiste a chur i bhfeidhm maidir le caighdeán agus líon na gcainteoirí, chomh maith le plean gnímh a bheith i bhfeidhm chun na spriocanna sin a bhaint amach. Go simplí, ba chóir go mbeadh an Ghaeilge ailínithe go hiomlán leis an gcreat tagartha comónta Eorpach do theangacha le go mbeadh aistear teanga ar fáil do gach foghlaimeoir. Tá sé thar am go mbeimis chomh huaillmhianach céanna i dtaobh úsáideoirí na Gaeilge de is atá siad sa Bhreatain Bheag.

Molaimid go mbeidh gealltanas ann go dtabharfar an t-aitheantas ceart don teanga labhartha agus béim cheart curtha ar chumarsáid trí Ghaeilge i ngach scrúdú Stáit don Ghaeilge. Tá sé deacair a thuiscint cén fáth nach bhfuil marc ar bith ag dul do labhairt na teanga sa tsraith shóisearach. Deirtear sna sonraíochtaí go spreagtar an scoláire chun teanga a úsáid go héifeachtach, muiníneach i gcomhthéacs pearsanta agus i gcumarsáid le húsáideoirí eile sa phobal teanga, agus go spreagtar an scoláire chun taitneamh a bhaint as cumarsáid chruthaitheach agus nuálach a dhéanamh trí Ghaeilge. Cé go bhfuil na haidhmeanna seo le moladh, ar an drochuair tá an t-easpa scrúdaithe béil ag leibhéal sraithe sóisearaí ag cur bac mór ar dhaltaí na haidhmeanna seo a bhaint amach go réadúil. Ní féidir na spriocanna sin a mheas mar is ceart gan scrúdú béil agus ní léiríonn an grád a fhaigheann daltaí sna scrúduithe deiridh fíorchumas na ndaltaí sa teanga nuair nach gcuirtear scileanna labhartha san áireamh. Moltar go láidir go mbeidh scrúdú béil ceart ann ar fiú 40% den ghrád deiridh dar leis an nGréasán agus tacaíonn Gael Linn go mór leis an moladh sin.

Caithfimid chomh maith an tionchar atá ag an measúnú ar fhoghlaim agus ar mhúineadh na teanga a aithint, in éineacht leis an gcúl tionchar a bhíonn ag an measúnú ar an gcleachtas sa seomra ranga a aithint freisin. Mura bhfuil luach ceart curtha leis an obair labhartha sa mheasúnú, ní chuirfear an bhéim chéanna ar na scileanna seo sa seomra ranga. Má chuirtear béim sa mheasúnú ar an gcumarsáid, beidh spás agus deis ann béim níos mó a chur uirthi sa seomra ranga chomh maith.

An tríú moladh atá againn ná go gcuirtear córas i bhfeidhm do theagasc na Gaeilge fud fad an oileán a chuireann fáilte roimh gach saghas foghlaimeoir. Níl an cur chuige atá againn sa tír seo maidir le teagasc mionteangacha nó le díolúintí ag teacht leis an gcleachtas atá ann i dtíortha eile.

Bronntar díolúine bhuan in Éirinn ach, i dtíortha eile ina bhfuil cásanna eisceachtúla ina ndeonaítear díolúine, is díolúine shealadach a bhíonn ann.

Ní hionann díolúine agus cuimsiú. Dar linn, is ionann díolúine agus deis foghlama séanta. Ba chóir go mbeadh acmhainní agus deiseanna praiticiúla ar fáil do gach cineál foghlaimeora. Ba cheart go mbeadh deiseanna foghlama Gaeilge ar fáil do gach dalta, beag beann ar chumas ná riachtanais. Leis an obair atá ar bun againn leis an scéim Scoil Spreagtha ó Thuaidh i láthair na huaire, tchítear dúinn go bhfuil ról lárnach le himirt ag an nuálaíocht agus an teicneolaíocht in 2026. Tá bealaí ann leis an chóras do mhúineadh na Gaeilge a chur in oiriúint do gach leibhéal foghlaimeora ach bheadh gá le mian, uaillmhian agus infheistíocht. Tá gá le toil agus le hairgead.

Cé go mbeadh sé dúshlánach an córas a athshamhlú, thabharfadh córas ionchuimsitheach do mhúineadh na Gaeilge ón réamhleibhéal go dtí an tríú leibhéal deis dúinn mar oileán an Ghaeilge a athshamhlú mar theanga bheo na tíre agus an dea-chleachtas is fearr ó shamhail i dtíortha eile a leanúint. Ní féidir linn labhairt thar ceann aon dream eile ach bheadh Gael Linn an-sásta tacú le próiseas mar seo a chur i gcrích chun a chinntiú go mbeadh córas oideachais ag éascú taithí dhearfach i leith na Gaeilge chomh maith. Iarrfaidh mé ar mo chomhghleacaí, Réamonn Ó Ciaráin, an ceathrú moladh a dhéanamh mar is ábhar atá gar dá chroí atá i gceist.

Mr. Réamonn Ó Ciaráin:

An uair dheireanach a bhí Gael Linn istigh anseo, i mí Iúil 2021, is ar na coláistí samhraidh a bhí muid ag caint. Molann Gael Linn go gcuirtear straitéis i bhfeidhm le go mbeadh deis ag an oiread daltaí is féidir freastal ar chúrsa Gaeltachta i láthair na huaire agus amach anseo. Ba mhaith linn an deis seo a thapú le cur in iúl go gcreideann Gael Linn go docht agus go daingean go bhfuil sé ríthábhachtach go mbíonn deis ag an oiread daltaí is féidir freastal ar chúrsa Gaeltachta. Is tobar na Gaeilge í an Ghaeltacht. Chuige sin, beidh tacaíocht an Stáit de dhíth le teacht ar réiteach ar fhadhb an lóistín. Tuigeann duine ar bith a raibh an t-ádh orthu tarraingt as an tobar sin an tionchar as cuimse a bhíonn ag na tréimhsí seo ar mheon agus ar thuiscint i leith na Gaeilge. Beidh Seán Clarke ag aithint an tionchair sin ina phíosa cainte féin go luath.

Níl aon amhras ach gurb í an tumadh nádúrtha an bealach is éifeachtaí le teanga a fhoghlaim agus a shealbhú. Cuid lárnach den eispéireas seo ná fanacht le muintir na háite chun léargas a fháil ar mhodh maireachtála atá teanga-lárnaithe. Níl an cur chuige reatha inmharthana gan an infheistíocht, an t-ugach agus an dreasacht cheart a chur ar fáil do mhná tí chun iad a mhealladh le coinneáil orthu leis an obair ríthábhachtach seo. Molaimid an scéal a tháinig amach an tseachtain seo caite go mbeidh ardú airgeadais ar fáil dóibh siúd a choinníonn scoláirí dúinn. Molaimid go gcuirfear straitéis i bhfeidhm chomh luath agus is féidir le go mbeidh todhchaí ag gach coláiste a choinníonn scoláirí agus go n-aithneofar na ceantracha ina bhfuil deacrachtaí lóistín ann le go mbeadh straitéis ann le cinntiú go mairfidh an tseoid is luachmhaire atá againn, na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht, go deo. Más gá lóistín speisialta a thógáil i gceantair áirithe Ghaeltachta, is cóir é sin a dhéanamh agus is gá gach féidearthacht a imscrúdú. I gcás Choláiste Mhachaire Rabhartaigh, idir 2019 agus 2025, bhí titim idir 50% agus 60%, ag brath ar an chúrsa, ar líon na mban tí atá againn, titim de 48.9% ar líon na ndaltaí atá againn sa choláiste sin, agus, ar an drochuair, titim de bheagnach 60% ar luach eacnamaíochta an choláiste don cheantar. Níor tháinig aon mheath ar an tsuim atá ag daltaí freastal ar chúrsaí Gaeltachta, mar a léiríonn liostaí feithimh Ghael Linn.

Gabhaim buíochas leis na baill as cluas éisteachta a thabhairt dúinn. Táimid an-sásta leis an méid a bhaineann Gael Linn amach le cinntiú go mbeidh taithí dhearfach i leith na Gaeilge ag cách. Ar an ábhar sin, tá Gael Linn an-sásta anois fáilte a chur roimh dhaltaí ó Choláiste Sailíseach agus ó Choláiste Cholmáin le labhairt leis an gcoiste.

Mr. Deepansh Kumar:

Gabhaim buíochas le Réamonn Ó Ciaráin, Edel Ní Bhraonáin, Mairéad Ní Thiománaigh, Séamas Mac Eochaidh agus gach duine atá anseo inniu. Is mór an onóir dom an deis seo a fháil le labhairt os comhair an choiste inniu. Is mise cathaoirleach an choiste Gaelbhratach in Salesian College, Cill Droichid. Tá mo chara Seán Clarke anseo liom inniu thar ceann dalta eile ón gcoiste, Zach, atá gnóthach ag ócáid eile inniu. Tá ár múinteoir Rebecca Pratt in éineacht linn freisin. Ba mhaith linn labhairt leis an gcoiste faoin tionchar atá ag Gaelbhratach ar ár saol agus ár saol scoile. Ba mhaith linn insint do na baill faoin athrú dearfach agus suntasach atá tagtha ar phobal iomlán na scoile de bharr Gaelbhratach.

Bhunaigh ár scoil coiste Gaelbhratach in 2024. Roimhe sin, ní raibh sa Ghaeilge ach ábhar a múineadh sna seomraí ranga. Ní raibh aon spreagadh ná misneach ann do dhaltaí an teanga a úsáid lasmuigh den seomra ranga. D’úsáid daoine í sa seomra ranga amháin agus bhí an fócas go hiomlán ar an ardteistiméireacht agus ar na classroom-based assessments, CBAanna, sa tríú bliain a chur i gcrích. Ní raibh daltaí ag súil leis an rang agus ní raibh muinín acu an teanga a úsáid mar nach raibh aon taitneamh ag baint leis an bhfoghlaim. Ní raibh mórán deiseanna ann Gaeilge a úsáid i suíomhanna sóisialta ná caitheamh aimsire ach an oiread. Ní raibh an Ghaeilge le feiceáil timpeall na scoile agus ní raibh cúis ná spreagadh ag daoine páirt a ghlacadh inti ná taitneamh a bhaint aisti.

Chreideamar go gcabhródh Gaelbhratach linn leis an nGaeilge a chur chun cinn mar rud níos mó ná ábhar scoile amháin. Theastaigh uainn go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de shaol laethúil ár ndaltaí agus ár múinteoirí araon agus go spreagfadh an scéim athrú sa scoil agus sa phobal mórthimpeall orainn. Bhíomar ag iarraidh daltaí a spreagadh chun Gaeilge a úsáid gach lá ar bhealach spraíúil agus taitneamhach. Chláraigh mise agus 11 dalta eile, in éineacht le Rebecca Pratt, múinteoir tacaíochta an choiste, don scéim Ghaelbhratach. Bhí ár scoil i gcónaí an-dírithe ar an spórt, rud nach dtaitníonn le gach dalta. Thug an coiste deis do dhaltaí a raibh suimeanna níos leithne acu, go háirithe iad siúd a raibh suim acu sa Ghaeilge taobh amuigh den ghnáthábhar scoile. Léirigh an scéim Gaelbhratach dúinn nach gá a bheith líofa sa Ghaeilge chun páirt a ghlacadh sa choiste. Tá réimse leathan daltaí páirteach sa choiste le cumas éagsúil sa teanga.

Ó 2024 i leith, táimid tar éis forbairt agus fás go mór, ag eagrú imeachtaí míosúla sa scoil agus sa phobal níos leithne. Ba é ár bpríomhaidhm an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach spraíúil mealltach ionas go mbainfeadh gach dalta i ngach bliain taitneamh aisti. D’eagraíomar céilithe, tráth na gceist, ceardlanna sraith pictiúr, tóraíochtaí taisce agus gandáil gasta. D’éirigh leis na himeachtaí seo ar fad spleodar agus spéis sa Ghaeilge a spreagadh i measc ár ndaltaí.

Cloisimid Gaeilge anois inár bhfógraí laethúla, feicimid Gaeilge ar chlár fógraí na scoile agus labhraímid Gaeilge lenár gcomhscoláirí. D’eagraíomar imeachtaí freisin i mbunscoileanna áitiúla, ar nós mo bhunscoil féin, Scoil Mochua i gCill Droichid, agus Scoil Mhuire i Leamhcán, agus i meánscoileanna cosúil le St. Wolstan’s i gCill Droichid agus Coláiste Chiaráin i Léim an Bhradáin. Bhí an t-aiseolas a fuaireamar ó na scoileanna eile thar barr ar fad. Spreagamar daltaí bunscoile agus meánscoile chun Gaeilge a úsáid i gcásanna níos praiticiúla agus níos spraíúla a bhaineann leis an bhfíorshaol. Thug sé sin spreagadh breise dúinn leanúint ar aghaidh agus níos mó tionchair fós a imirt.

Is ceann de na bealaí speisialta ina bhfuilimid ag iarraidh difear a dhéanamh ná trí dhaltaí a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge a chur san áireamh inár n-imeachtaí agus ar an gcoiste féin. Glaofaidh mé anois ar mo chomhbhall den choiste, Seán, chun labhairt faoinár dtaithí mar choiste maidir le deiseanna a chruthú dóibh siúd a bhfuil díolúine acu.

Mr. Seán Clarke:

Is ceann de bhunphrionsabail Ghaelbhratach ná an ionchuimsitheacht. Mar choiste, déanaimidne ár ndícheall gach dalta a chur san áireamh i ngach rud a dhéanaimid. Feicimid an Ghaeilge mar nasc idir gach duine ar an oileán seo, beag beann ar chumas, aois, cine nó cúlra sóisialta agus eacnamaíochta. Tá go leor daltaí inár scoil a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge ar chúiseanna éagsúla. In ainneoin sin, spreagaimid iad fós chun Gaeilge a úsáid ar bhealaí spraíúla agus le muinín. Ní chiallaíonn díolúine ón nGaeilge nach féidir leat páirt a ghlacadh i bhfoghlaim na teanga ar bhealach seach-churaclaim. Tá dalta amháin ar ár gcoiste a bhfuil díolúine aige agus nach raibh ábalta a bheith anseo inniu. D’iarr sé orainn an méid seo a leanas a rá ar a shon:

In ainneoin go bhfuil díolúine agam mar gheall ar mo dhiosléicse, bhí suim mhór agam i gcónaí sa Ghaeilge. Mhothaigh mé nach raibh deis agam riamh an grá sin don teanga a chur in iúl, agus theastaigh uaim taitneamh a bhaint aisti i measc daoine eile a raibh an spéis chéanna acu. Thug Gaelbhratach deis dom é sin a dhéanamh. Is féidir liom taitneamh a bhaint as an nGaeilge gan a bheith buartha faoi rialacha casta gramadaí ná a bheith buartha faoi chúrsaí litríochta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Is aoibhinn liom nach gá a bheith líofa chun a bheith mar chuid den choiste seo agus chun an teanga a chur chun cinn.

Léiríonn ráiteas ár gcara dearcadh atá ag go leor daoine eile ar fud na tíre. Is féidir linn daoine a bhfuil díolúine acu a chur san áireamh i ngnéithe den Ghaeilge gan an brú a bhaineann leis an ardteistiméireacht Ghaeilge, atá lochtach ina cur chuige. Mar choiste, ba mhaith linn níos mó taitneamh agus níos mó grá don teanga féin a chothú seachas díriú ar an nGaeilge mar ábhar scoile amháin. Is í an Ghaeilge féiniúlacht na tíre seo agus na tíre seo amháin í. Cibé áit ar domhan a mbíonn Éireannaigh, beidh teanga i gcoiteann acu i gcónaí. Mar a deir an seanfhocal, tír gan teanga, tír gan anam. Táimid níos láidre le chéile. Ní neart go cur le chéile.

Tá áthas orainn go bhfuil beirt ó choiste Gaeilge Choláiste Cholmáin réidh le labhairt leis na baill inniu. Fágfaidh mé sibh anois le Fionn agus Seán.

Mr. Fionn Mac Cathmhaoil:

Ba mhaith liomsa agus le Seán buíochas ó chroí a ghabháil leis an gcoiste agus le Gael Linn, go háirithe Edel Ní Bhraonáin, Séamas Mac Eochaidh, Réamonn Ó Ciaráin agus Mairéad Ní Thiománaigh, as cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo inniu le labhairt faoinár dtaithí maidir le foghlaim agus úsáid na Gaeilge ó Thuaidh mar scoláirí i scoil lán-Bhéarla.

Seacht mbliana ó shin, thosaigh mé amach ar m’oideachas dara leibhéal i scoil ghramadaí in Iúr Cinn Trá darb ainm Coláiste Cholmáin. Mar ghasúr beag soineanta de 11 bhliain d'aois, ní raibh a oiread agus focal Gaeilge idir an chluais agam mar nach ndeara muid an Ghaeilge ar chor ar bith ag an bhunscoil. B'annamh a bhí an Ghaeilge le cluinstin thart orm, seachas ag cluichí Chumann Lúthchleas Gael. Thug mé faoi deara nár úsáideadh í ach ag líon beag daoine.

Sna bunranganna ar an scoil, ní raibh téacsleabhair againn, mar a bhí againn sna hábhair eile. Cruthaíodh áiseanna ar leith dúinn. De bhrí go raibh áiseanna dá gcuid féin á n-ullmhú ag ár gcuid múinteoirí, dhírigh siad ar an chaighdeán scoláire a bhí os a gcomhair in áit caighdeán na leabhar a leanúint. Sílim gur mhór an chuidiú é sin dúinn. Chaith muid an t-uafás ama ag labhairt ón chéad lá. Tuigim anois gur cuireadh an bhéim uilig ar labhairt na teanga, rud nach dtarlaíonn in achan scoil. Bhí cluichí labhartha á imirt againn sna ranganna agus, ón chéad lá, ní focail aonair a bhí á bhfoghlaim againn. Iarradh orainn abairtí a chur le chéile. Mar gheall air sin, mhothaigh muid go raibh muid in ann an teanga a labhairt, cé nach raibh. Bhí sé de nós ag ár múinteoirí neart ceisteanna a chur orainn mar chuid d'achan rang agus, mar gheall air sin, bhí muid chomh cleachtaithe nach raibh muid neirbhíseach faoin teanga a labhairt. Chím anois go bhfuil an Ghaeilge cosúil le matán sa chorp. Mura n-úsáideann tú í, éireoidh sí lag ach, má labhraíonn tú í go rialta, tagann neart agus muinín inti. Is é sin mar a d’fhoghlaim mise í, trí í a úsáid gan eagla agus gan náire agus gan a bheith ag scríobh síos moll mór focal.

Ba mhór an tionchar a bhí acu siúd sa scoil a raibh Gaeilge acu. Ní chluinfeá iad ag caint Béarla lena chéile. Mar scoil mhór peile agus iomána, thuig muid an bhaint a bhí ag ár bhféiniúlacht agus ár n-oidhreacht lenár dteanga. Tá mo chroí istigh sa pheil Ghaelach agus, dar ndóigh, ba mhór an inspioráid a bhí ag an tráchtaireacht trí mheán na Gaeilge orm. Mheall sé sin mé a bheith chomh líofa leis na tráchtairí. Leis an fhírinne a rá, ní ábhar scoile amháin atá inti domsa. Chan teanga í atá sáinnithe idir ceithre bhalla i seomra ranga, greamaithe do leabhair agus de chláir bhána. Is teanga bheo í. Is cuid dár bhféiniúlacht í. Is bealach cumarsáide agus cairdis í. Tá an t-ádh linn gur tugadh neart deiseanna dúinn an Ghaeilge a labhairt ó bhí muid sna bunranganna.

Dar ndóigh, ní raibh achan rud furasta. Ar an drochuair, ag leibhéal GCSE, tá sé níos deacra ardghrád a bhaint amach sa Ghaeilge ná mar atá sna teangacha eile. Caithfear 92% a fháil le A* a fháil sa Ghaeilge i gcomparáid le 82% sa Spáinnis. Is féidir A a fháil sa mhata le breis agus 60% i gcomparáid le 84% sa Ghaeilge. Cuireann sé sin brú millteanach ar dhaltaí Gaeilge, go háirithe orthu siúd atá á foghlaim i ngnáthscoileanna, cosúil leis an bheirt againne. Mar gheall ar na gráid arda seo, tá siad ann a chreideann nach bhfuil siad maith go leor. Cuirtear ina luí orainn go bhfuil tábhacht le moll mór focal a fhoghlaim de ghlanmheabhair ag an bhord scrúdaithe in áit ár gcumas a mheas maidir le cumas labhartha nó ár gcumas struchtúr a chur ar abairt mar is ceart. Is mór an trua é sin.

Ní saineolaí teagaisc mé ach ní doiligh a thuiscint go dtiocfaidh an fhoclóireacht má tá cumas labhartha agat. Ní tharlóidh a mhalairt áfach. Ní hionann moll mór focal agus líofacht nó cumas cainte. Sílim féin gur cheart níos mó béime a chur ar an labhairt ag an GCSE agus níos lú béime ar líon na bhfocal. Níl ach 25% ag dul don scrúdú cainte faoi láthair. Dá mbeadh 40% ann, spreagfaí níos mó daoine óga chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha.

Fiú ag an ardleibhéal, ní ábhar furasta í an Ghaeilge i gcomparáid le cuid mhaith de na hábhair atá ar fáil ach roghnaigh mé an Ghaeilge mar go bhfuil mo chroí istigh inti. Tá cúntóir Gaeilge againn ar scoil a chuireann béim mhór ar an chomhrá agus ar úsáid nádúrtha na Gaeilge sna ranganna. Sílim féin gurb é sin an dóigh cheart le teanga a fhoghlaim. Is beag maith gramadach agus rialacha mura bhfuil duine sásta a bhéal a oscailt agus cúpla focal a rá. Is cumarsáid atá i gceist thar aon ní eile.

Mar sin féin, in ainneoin na ndúshlán sin uilig, tá dóchas mór agam don Ghaeilge. Tá athrú intinne ag teacht ar dhaoine óga. Tá muid ag iarraidh an teanga a úsáid agus a fheiceáil mar chuid nádúrtha den saol. Tá an Ghaeilge ag fás ar na meáin shóisialta, i gceol, i spórt agus i saol an phobail. Tá níos mó daoine óga anois ag iarraidh í a shealbhú agus í a dhéanamh ina gcuid féin. Le blianta, reáchtáladh imeachtaí spraíúla sa scoil agus taobh amuigh den scoil chun muid a chur ag caint ar dhóigheanna nádúrtha. Ghlac muid páirt i dtráth na gceist Ghael Linn sna bunranganna agus sa chomórtas caint phoiblí, Abair. Ba mhór an tionchar a bhí acu orm agus ar mo chomhscoláirí. Ní beag an mhuinín a thug siad dúinn, cé nár thuig muid sin ag an am. Bhí céilithe, imeachtaí spóirt agus tráth na gceist Ghaeilge á reáchtáil taobh istigh den scoil agus thuig mé gur mó a bhí i gceist leis an Ghaeilge ná gnáthábhair scoile.

I mbliana, mar chuid den scéim Gaelbhratach, thug muid cuairt ar oifigí TikTok i mBaile Átha Cliath. Thuig muid go gasta an tionchar atá ag na meáin shóisialta ar lucht óg na tíre agus shocraigh muid ar chuntas TikTok a chruthú. Bhí 40,000 radharc ar ár gcéad físeán agus thuig muid láithreach gur dóigh iontach a bhí ann leis an chéad ghlúin eile a mhealladh i dtreo na teanga. Tá pobal iomlán Gaeilge le fáil ar líne agus is mór an chuidiú é sin don aos óg agus don teanga.

Deirtear gur beatha theanga í a labhairt agus, i ndiaidh seacht mbliana á foghlaim, is fíor sin. Cad é is fiú teanga ar bith mura mbíonn sí in úsáid ag daoine ó lá go lá?

Is í úsáid na Gaeilge a choinníonn beo í. Muna gcuirtear i mbéal an phobail í, imeoidh sí uainn de réir a chéile. Sin rud nach bhfuilimid mar lucht óg na tíre sásta glacadh leis.

Labhraím an teanga go measartha líofa. Labhraím í le mo chomhscoláirí, le mo chol ceathrar agus le mo mhúinteoirí. Labhraím í le strainséirí agus le daoine ar bith atá toilteanach an teanga a labhairt ar ais liom. Táim chomh bródúil asam féin gur éirigh liom an teanga a fhoghlaim le cruinneas agus le saibhreas. Tá sé ar intinn agam céim sa Ghaeilge a bhaint amach agus pilleadh ar an seomra ranga amach anseo leis an gcéad ghlúin eile a mhealladh. Le cuidiú Dé, éireoidh liom.

Mr. Seán Ó Doibhlin:

Bhí an taithí chéanna agam agus a bhí ag Fionn Mac Cathmhaoil. Níor tógadh le Gaeilge mé. Ba é mo chéad eispéireas a bhí agam ar an nGaeilge ná ag aois 11 i gColáiste Cholmáin. Anois, i ndiaidh seacht mbliana, tá sé ar bharr mo theanga agam, a bhuí ní hamháin leis an scoil ach leis an nGaeltacht. Tá ról mór ag an nGaeltacht sa scéal s'agam. Téann corr agus 100 scoláire ónar scoil chun na Gaeltachta achan bhliain. Is sa Ghaeltacht a fuair mise fíorbhlas na Gaeilge den chéad uair. Nuair a bhíonn tú tumtha sa teanga ó mhaidin go hoíche, tagann an mhuinín sin chugat i bhfad níos gasta. Ní bhaineann an Ghaeilge ansin leis an scrúdú amháin. Is gnáth-theanga bheo í a úsáidtear le haghaidh craic, ceol, spórt agus comhrá.

Chaith mé ceithre shamhradh i gColáiste Mhachaire Rabhartaigh agus ceithre thuras scoile i nGaeltacht Rann na Feirste. Ní beag an tionchar sin a bhí acu ar mo chumas cainte. Bhíomar ag labhairt na Gaeilge achan lá, teanga fhoirmeálta i ranganna, ach tríd imeachtaí spóirt agus imeachtaí siamsaíochta. Níor thug mé faoi deara, áfach, go raibh mé ag foghlaim agus mé ar chúrsa Gaeltachta. I ndán astu féin, tháinig snas ar mo chuid Gaeilge. Is iomaí cara atá agam anois as gach aon chearn d'Éirinn atá ar aon intinn liom féin faoi thábhacht na Gaeilge mar gheall ar an am a chaitheamar sa Ghaeltacht. Go pearsanta dom, is mór an trua go bhfuil doicheall lóistín ag dul i laghad, mar is ag muintir na Gaeltachta atá an saibhreas. Muna dtugann muid aire dóibh siúd, is muid mar thír a bheas thíos leis. A bhuí le Gael Linn, tá mé féin agus Fionn Mac Cathmhaoil le pilleadh ar chúrsaí Gaeltachta an samhradh seo mar cheannairí agus muid ag súil go mór leis. Le cuidiú Dé, tiocfaidh feabhas ar ár gcuid Gaeilge arís, agus b'fhéidir go dtig linn an chéad ghlúin eile a mhealladh. Is minic a chluinimid an focal "normálú". Sílim gurb é sin an rud is tábhachtaí don teanga sa lá atá inniu ann. Is é sin a tharlaíonn sa Ghaeltacht. Ba mhaith linn an Ghaeilge a fheiceáil agus a chluinstin mar ghnáthrud den saol, seachas mar rud corr, neamhghnách nó rud polaitiúil.

I mbliana, den chéad uair riamh, shocraigh an scoil páirt a ghlacadh sa scéim Gaelbhratach chun iarracht a dhéanamh Gaeltacht bheag a chruthú taobh istigh de bhallaí Choláiste Cholmáin. Mheall ár múinteoirí muid chun coiste Gaelbhratach a bhunú. Cé go raibh an-obair i gceist, is mór an tionchar a bhí aige ar shaol na scoile le hocht mí anuas. Is í an Ghaeilge teanga oibre an choiste, agus déantar achan rud trí mheán na Gaeilge. D'eagraigh muid imeachtaí ar leith do gach bliainghrúpa, ó chleamhnas go biongó lócó, tráth na gceist go céilithe agus traenáil peile go tae agus plé. Ba iad na ranganna a reáchtáil muid d'fhoireann na scoile buaicphointe na bliana. D'fhreastail idir rúnaithe, lucht cúraim, cúntóirí ranga, lucht an cheaintín agus mhúinteoirí ar na ranganna. Ní hamháin go raibh craic ar dóigh agam, ach mheall sé iad siúd chun an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil. Má shiúlann tú thart ar an scoil anois, tá daoine fásta nach raibh focal Gaeilge acu ocht mí ó shin ag beannú duit i nGaeilge. Ní hamháin go gcuireann sin gliondar orainn, ach is mór an tionchar atá aige ar lucht óg na scoile nuair a chluintear daoine fásta ag déanamh iarracht an teanga a labhairt agus ag baint sult agus craic as. Cuireann sé sin go mór le feiceálacht agus normalú na Gaeilge sa scoil agus aithníonn daoine óga go bhfuil sé ceart go leor Gaeilge a úsáid go nádúrtha eatarthu féin.

Bhí sé iontach tábhachtach fosta go raibh imeachtaí againn i gcomhar le scoileanna eile sa cheantar. Thug sé sin deis do dhaoine óga bualadh le Gaeilgeoirí eile agus cairdeas a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is minic a deirtear gur teanga phobail í an Ghaeilge agus is fíor sin, mar is iad lucht labhartha na Gaeilge mo chuid cairde. Ní mhairfidh sí mura bhfuil pobal láidir taobh thiar di. Ní hamháin ar tháinig scoileanna dara leibhéal chuig na himeachtaí a reáchtáil muid i mbliana, ach chuaigh muid amach chuig na bunscoileanna áitiúla fosta nach bhfuil Gaeilge ar bith á teagasc iontu. Theagasc muid Gaeilge dóibh. Dar ndóigh, taithí iontach a bhí ann dúinn mar scoláirí an mhúinteoireacht a fheiceáil ón taobh eile den tábla, cé go raibh sé i bhfad Éireann níos deacra ná mar a shíl muid. Ag deireadh an lae, ní bhaineann todhchaí na Gaeilge leis an obair ná leis na scrúduithe. Baineann sí leis na daoine óga atá sásta í a labhairt agus a thabhairt leo isteach sa ghnáthshaol.

Má thugtar na deiseanna cearta dúinn, má chuirtear tacaíocht cheart ar fáil agus má leanann muid orainn ag normalú na Gaeilge i ngach gné den saol, níl amhras ar bith orm ach go mbeidh todhchaí láidir bhríomhar ag an nGaeilge. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as cluas éisteachta a thabhairt don bheirt againn inniu. Guímis gach rath ar obair an choiste.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Seán Ó Doibhlin agus Fionn Mac Cathmhaoil. Is léir go bhfuil todhchaí láidir bhríomhar ag an nGaeilge agus an ceathrar finnéithe á cur chun cinn. Caithfidh mé féin agus roinnt Teachtaí eile dul suas go dtí Seomra na Dála faoi láthair. Iarrfaidh mé ar an Seanadóir Shane Curley suí isteach sa Chathaoir.

Ghlac an Seanadóir Shane Curley an Chathaoir.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as gach rud a dúirt siad. Beidh orm dul suas go Coláiste Cholmáin le haghaidh biongó lócó as Gaeilge. Ní raibh mé riamh ann. Beidh orm an turas a dhéanamh. An bhfuil an Teachta Ó Muirí ag iarraidh ceist a chur?

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé sin thar cionn. Níl Gaeilge ó dhúchas ag an gceathrar finnéithe, mar a thuigim. Fair play daoibh. Tá an-fhoghlaim déanta agaibh agus tá sí go nádúrtha agaibh tar éis roinnt blianta. Taispeánann sé sin cén sórt dul chun cinn gur féidir a dhéanamh má tá suim ag daoine sa Ghaeilge agus má dhéanann siad iarracht. Fair play daoibh. Tá sé soiléir gur bhain sibh an-chuid taitnimh as na himeachtaí ar fad, an t-eagrúchán agus na rudaí ar fad eile. Déanaim comhghairdeas leis an gceathrar finnéithe.

Bhí mé ag breathnú ar Edel Ní Bhraonáin. Bhí mé ag rá liom féin go raibh aithne agam uirthi. Bhí sí amuigh in Maryfield College. Rinne sí Gaelbhratach linn sa scoil anuraidh. Tá sé soiléir go n-oibríonn an clár Gaelbhratach. Feiceann muid samplaí anseo ó thaobh céard atá ag tarlú de. Is clár deimhneach an-mhaith é. Tá an fhianaise againn go bhfuil sé ag oibriú. Is fiú tacú leis an gclár sin. Chonaic mé téarmaíocht ansin. Tá mé á chuardach. Luadh geandáil ghasta. Sin speed dating. Níor chuala mé é riamh cheana. B'fhéidir am eile go gcloisfimid píosa eile nó roinnt sonraí faoin speed dating agus céard atá i gceist.

Tá sé go maith go bhfuil an dream a bhíonn i bhfeighil ar an gcuraclam anseo toisc go gcloiseann siad an méid atá déanta ag an ngrúpa seo. Tá súil agam go dtéann sé sin i bhfeidhm ar an dream agus iad ag réiteach curaclam, cé chomh tábhachtach atá sé go bhfuil sé praiticiúil agus gur féidir dul chun cinn a dhéanamh má tá sé suimiúil agus iad sásta. Déanann sé an-difríocht.

Ms Edel Ní Bhraonáin:

Gabhaim buíochas le baill an choiste. Tagraím don mhéid ullmhúcháin a rinne na daltaí. Rinne siad é gan sinn. Fuaireamar an cuireadh le bheith anseo, agus nuair a bhíomar á phlé, dúramar nach bhfuil aon mhaitheas ann dúinn a bheith ag caint ar an obair atá ar siúl againn agus gur cóir a bheith ag éisteacht leis na daoine atá ina mbun iad féin. Tá os cionn 400 scoil páirteach i Gaelbhratach - os cionn 160,000 dalta. B'fhéidir nach bhfuil gach uile dhuine chomh maith leis na leaids seo, ach táimid ag feidhmiú sna 32 contae anois le Gaelbhratach agus na scéimeanna eile a luamar sa chaint. Sin ceann de na rudaí tábhachtacha. Má chruthaímid na deiseanna agus má leanaimid leis na deiseanna atá cruthaithe freisin agus infheistíocht a dhéanamh sna scéimeanna difriúla atá ann, is féidir linn go leor a bhaint amach agus ní gá dúinn an roth a athchruthú le ladhar mór rudaí nua i gcónaí ach infheistíocht a dhéanamh sa mhéid atá ann faoi láthair. Molaim na daltaí gan dabht.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na daltaí atá anseo dochreidte. Tá a gcuid Gaeilge agus a gcaighdeán Gaeilge dochreidte, go háirithe agus nach raibh an Ghaeilge acu ó dhúchas agus iad óg. Tá sé sin iomlán dochreidte. Tá súil agam go bhfuil sibh an-bhródúil astu féin. Gabhaim buíochas leis na múinteoirí atá anseo freisin. Tá na finnéithe ag caint mar gheall ar thaithí dhearfach a bheith acu i leith na Gaeilge. Ní féidir é sin a dhéanamh gan daoine atá ag cabhrú libh nó gan mhúinteoirí nó gan daoine sa tsochaí go ginearálta nó gan Ghael Linn agus na córais seo ar fad.

Ní raibh Gaeilge ó dhúchas agam ach oiread. D’fhreastail mé ar Ghaelscoil agus ansin ar mheánscoil Bhéarla. Gan an múinteoir a bhí agam agus gan díospóireachtaí Ghael Linn, ní bheadh aon mhuinín agam as an nGaeilge a labhairt agus as an teanga a cheiliúradh. Tá sé an-tábhachtach.

Ba mhaith liom an cheist sin a chur ar na daltaí. Tá a fhios againn go bhfuilimid faoi bhrú ama. Ó thaobh na taithí dearfaí atá ag na daltaí leis an nGaeilge, an raibh sé sin ag teacht ón méid a bhí á dhéanamh acu taobh amuigh den seomra ranga nó taobh istigh? Cén saghas foghlama a bhí i gceist? Tá siad ag caint faoin tumoideachas a bhí acu. Cárbh as ar tháinig an taithí dhearfach sin? Is féidir le haon duine é sin a fhreagairt.

Mr. Fionn Mac Cathmhaoil:

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an gceist sin a chur orainn. Déarfainn go mbaintear sult as na ranganna dar ndóigh ach tosaíonn sé le Gael Linn fosta. Rinneamar sa cheathrú bliain. Ansin bíonn tú ag bualadh le daoine eile a bhfuil Gaeilge acu. Is rud sóisialta é dar ndóigh. Tá sé deacair a rá. Má tá cairde agat leis na suimeanna céanna, is dócha go gcuidíonn sé go mór leat.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mholfainn don choiste agus do na daoine eile ag an gcruinniú seo, mar a dúirt an Teachta, éisteacht leis na daoine óga seo maidir leis an nGaeilge agus le múineadh na Gaeilge. An bhfuil cead againn óráidí na bhfinnéithe a thabhairt go dtí an tAire agus go dtí an Roinn? Is fianaise dhochreidte atá ann. Gabhaim míle buíochas leo as a bheith anseo.

Mr. Séamas Mac Eochaidh:

Ba mhaith liom pointe an-ghasta a dhéanamh, go háirithe agus an CNCM anseo agus leis na scoláirí ó Thuaidh. Tá na cainteoirí breátha seo os ár gcomhair in ainneoin an chórais Thuaidh agus Theas. Thiocfadh le cás a bheith ann go córasach dá mbeadh an córas ceart i bhfeidhm againn. Chím go bhfuil iontas ar chuid de na daoine faoin gcaighdeán atá ag an gceathrar, ach samhlaigh tír nach mbeadh iontas orainn leis an gcineál caighdeán sin os ár gcomhair. Sin an fáth a bhfuil sé tábhachtach a lua gur cruthaíodh iad in ainneoin an chórais. Samhlaigh cén caighdeán a bheadh acu dá mbeadh an córas ag cur lena chumas. Ba mhaith liom sin a lua. Is cásanna eisceachtúla atá i gceist.

Ms Edel Ní Bhraonáin:

Má tá an coiste sa tóir ar thuilleadh taighde, is féidir linn stuif a chur ar fáil freisin. Tá go leor taighde difriúil luaite inniu, ach tá go leor taighde déanta ag SEALBHÚ i dtaobh cad é an rud is mó a imríonn tionchar ar mhúineadh teanga ar bith fud fad an domhain. An rud is comónta ná an múinteoir freisin. Ní hamháin deiseanna cainte a chruthú agus na scéimeanna seo go léir, ach freisin an múinteoir a bheith in ann tacaíocht cheart a thabhairt agus meon an mhúinteora agus sin go léir. Tá go leor píosaí taighde ar féidir linn a chur ar fáil mar chuid de sin freisin.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir an Seanadóir Ní Chuilinn ceist ansin an féidir linn an méid a dúradh inniu a úsáid. Is féidir. Tá sé ráite ag an gcléireach, má sheolann na finnéithe gach rud a dúirt siad chuige, beidh an coiste in ann é a úsáid mar fhianaise nuair atá comhráití eile ar bun sa todhchaí. Táimid faoi bhrú millteanach ama, ach gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad, go háirithe na daltaí a tháinig isteach. Tá na leaids thar cionn. Tá a muinín sa Ghaeilge iontach chomh maith lena ndearfacht i leith na Gaeilge. Tá sé an-deas é sin a fheiceáil. Is fianaise é Gaelbhratach go bhfuil fadhb leis an ardteist agus go bhfuil fadhb leis an gcur chuige atá ann maidir le múineadh na Gaeilge sa seomra ranga.

Bhí mé i mo mhúinteoir Gaeilge. Bhí gráin agam ar an ábhar. Ní raibh gráin agam ar an teanga ach ar an ábhar ar scoil mar ní thugann sé mórán spáis don labhairt agus chun taitneamh a bhaint as an teanga mar gheall ar an méid litríochta. Gach uair a thagann an CNCM roimh an gcoiste seo nó an coiste oideachais go bhfuil diúltacht agam dó uaireanta, agus nílim ag iarraidh a bheith diúltach, ach ceapaim gur fianaise é seo ar na fadhbanna atá againn leis an ardteist agus leis an gcóras go ginearálta ag an dara leibhéal ar scoil. Ceapaim go bhfuil éigeandáil ann faoi láthair. Tá a fhios agam go bhfuilimid ocht mbliana nó deich mbliana ag plé leis seo, ach ceapaim go bhfuil an t-am tagtha an moladh sin a chur i bhfeidhm agus an t-ailíniú iomlán a dhéanamh leis an bhfráma tagartha. Beidh mise a bhrú, agus tá súil agam go mbeidh gach duine anseo ag plé leis go dtí go dtagann an lá go bhfuil an t-ailíniú iomlán curtha i bhfeidhm. Tá sé ag teastáil anois. Is fianaise iad na leaids ar an gcaoi gur féidir rudaí a bhaint amach nuair atá comhrá ar siúl sa seomra ranga in ionad na litríochta thar a bheith trom a chur i bhfeidhm. Go raibh míle maith agaibh ar fad agus go néirí libh.

Cuireann sé sin deireadh leis an seisiún. Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leo inniu. Cuirfear an coiste ar athló go dtí 11 a.m. an 26 Bealtaine 2026, nuair a phléifear an t-ábhar áiseanna chun Gaeilge a mhúineadh do sheirbhísí poiblí i nGaeltacht Chonamara, le hionadaithe ó Fhorbairt Chonamara Láir Teo.

Cuireadh an coiste ar athló ag 2.07 p.m. go dtí 11 a.m., Dé Máirt, an 26 Bealtaine 2026.