Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 14 May 2026

Joint Oireachtas Committee on Education and Youth

Oideachas sa Ghaeilge agus Oideachas Trí Mheán na Gaeilge: Plé

2:00 am

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuarthas leithscéal ón Seanadóir Linda Nelson Murray. Cuirim fáilte roimh gach duine. Iarraim ar aon duine atá i láthair go cianda a micreafóin a bhalbhú nuair nach bhfuil siad ag caint chun nach mbeadh aon torann le cloisteáil sa chúlra. Mar is gnáth, meabhraím dóibh siúd atá i láthair a chinntiú go bhfuil a ngutháin phóca ar mhód ciúin nó go múchtar iad go hiomlán. Meabhraím do na comhaltaí atá i láthair go cianda an riachtanas bunreachtúla nach mór dóibh a bheith i láthair go fisiciúil laistigh de theorannacha choimpléasc Theach Laighean chun páirt a ghlacadh i gcruinnithe poiblí.

Ós rud é go bhfuil na finnéithe laistigh de phurláin Theach Laighean, tá siad faoi chosaint pribhléid iomlán maidir leis an gcur i láthair a dhéanfaidh siad don chomhchoiste. Ciallaíonn sé seo go bhfuil cosaint iomlán acu i gcoinne aon chúiseamh clúmhillte mar gheall ar rud a deir siad ag an gcruinniú. Mar sin féin, bítear ag súil nach mbainfeadh siad mí-úsáid as an bpribhléid seo. Mar Chathaoirleach, tá sé de dhualgas orm a chinntiú nach mbainfear mí-úsáid as an bpribhléid seo. Dá bhrí sin, más rud é go bhféadfadh na ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheantas, ordófar do na finnéithe deireadh a chur leo. Tá sé ríthábhachtach go gcloíonn siad le haon ordú den sórt sin.

Meabhraím do chomhaltaí freisin an dea-chleachtas parlaiminte seanbhunaithe nár cheart dóibh trácht a dhéanamh ar dhuine nó eintiteas lasmuigh de na Tithe nó ar oifigeach de chuid na dTithe, cáineadh a dhéanamh air nó uirthi ná líomhaintí a dhéanamh ina aghaidh nó ina haghaidh ina ainm, ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Is é an mhír atá ar chlár an chruinnithe inniu ná "Oideachas Gaeilge agus Oideachas trí Mheán na Gaeilge". Cuirim fáilte mhór roimh na finnéithe atá inár láthair inniu: Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge; Caoimhín Ó hEaghra ón bhForas Pátrúnachta; Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, uachtarán Ghaeloideachas; agus Aidan Kinsella, rúnaí IMEASC. Ní raibh Tuismitheoirí na Gaeltachta in ann freastal. Déanfaidh sé aighneacht i scríbhinn.

Iarraim anois ar na finnéithe a ráitis tosaigh a dhéanamh san ord seo: Julian de Spáinn, Caoimhín Ó hEaghra, Clodagh Ní Mhaoilchiaráin agus ansin Aidan Kinsella. Tá cúig nóiméad ag gach finné. Tar éis na ráiteas tosaigh, beidh ceisteanna ó chomhaltaí an chomhchoiste. Mar gheall ar shrianta ama, beidh sliotán sé nóiméad ag gach comhalta chun ceisteanna a chur agus freagraí a fháil ó na finnéithe.

Mr. Julian de Spáinn:

Ar son Chonradh na Gaeilge, gabhaim buíochas mór leis an gCathaoirleach, na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí as an deis a bheith anseo inniu in éineacht le hionadaithe ón bhForas Pátrúnachta, Gaeloideachas agus IMEASC chun oideachas sa Ghaeilge agus oideachas trí mheán na Gaeilge a phlé. Nílim chun mórán a rá faoin oideachas trí mheán na Gaeilge ó thaobh soláthair de mar go mbeidh sé faoi chaibidil ag na hionadaithe eile ach ba mhaith le Conradh na Gaeilge aontú go huile is go hiomlán leis an bhfeachtas IMEASC agus é ag éileamh reachtaíochta le cur go straitéiseach leis an soláthar Gaelscolaíochta. Táimid ag éileamh chomh maith go leagfar sprioc uaillmhianach intomhaiste sa reachtaíocht chéanna leis an soláthar a mhéadú ó 6% go 20% faoi 2050. Sa Bhreatain Bheag, tá sprioc uaillmhianach shoiléir intomhaiste leis an soláthar den oideachas trí mheán na Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050. Nach féidir sprioc mar sin a bheith againn anseo in Éirinn chomh maith?

Anois, díreoidh mé ar an oideachas sa Ghaeilge, is é sin an scolaíocht a bhaineann leis an 94% de dhaltaí inár gcóras oideachais atá lonnaithe i scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla, cé go mbeidh baint ag an méid a bheidh le rá agam maidir leis na réitigh leis an nGaelscolaíocht agus scoileanna Gaeltachta chomh maith. Tosóidh mé le cur síos macánta ar an áit ina bhfuil muid faoi láthair.

Is féidir linn ar fad a aithint go bhfuil an Ghaeilge in áit mhaith ó thaobh dhearcadh an phobail i leith na teanga de. Tá sí le feiceáil agus le cloisteáil níos minice. Agus é sin ráite, is iad na focail a ritheann liom maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais ná "éigeandáil", "cruachás", "géarchéim", "fadhbanna tromchúiseacha", "cur i gcéill", agus focail eile den sórt céanna. Dar ndóigh, ní bhfaighidh tú cur síos macánta mar sin ón Roinn Oideachais agus Óige nó ón Aire cé go bhfuil na fíricí lom maidir leis an éigeandáil, atá tar éis fás go ciúin ach go leanúnach, in ann é a léiriú. Tá an córas oideachais ag teipeadh ar bhreis agus 60,000 dalta sa mheánscoil atá díolúine ó staidéar na Gaeilge acu. In ionad córas ionchuimsitheach a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar chumas agus cúinsí pearsanta na ndaltaí sin, tá an córas ag séanadh, ag seachaint agus ag teipeadh orthu. De réir thorthaí na hardteiste, ní dhearna 24% de dhaltaí, nó beagnach duine as gach ceathrar, aon scrúdú Gaeilge in 2025. Is é seo an ceathrú bliain as a chéile ina raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge san ardteist os cionn 20%. Ní dhearna 20% de dhaltaí a rinne an teastas sóisearach aon scrúdú Gaeilge in 2025. Ag an am céanna, rinne 99% de dhaltaí a rinne an teastas sóisearach scrúdú Béarla, rinne 98% acu scrúdú matamaitice agus rinne 97% acu scrúdú staire. Tá na treochtaí ag dul bealach amháin agus níl sé ceart ná cothrom an éigeandáil seo a sheachaint nó a shéanadh. Is gá í a aithint agus dul i ngleic léi anois go práinneach.

Tá an conradh agus roinnt mhaith grúpaí oideachais, Gaeilge agus Gaeltachta, ceardchumainn mhúinteoirí agus aontais náisiúnta mhac léinn ag moladh le tamall anuas go bhforbrófar polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal atá ailínithe leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach. D’fhéadfadh polasaí mar seo, a bheadh ailínithe leis an FTCE, freastal ar dhaltaí le riachtanais bhreise. Mar shampla, d’fhéadfadh dalta a raibh deacracht scríofa aige nó aici an scrúdú béil amháin a dhéanamh don ardteist agus na pointí CAO a fháil bunaithe air sin. Chomh maith leis sin, bheadh aon dalta a thagann isteach sa chóras déanach in ann tosú ar an gcéad pointe, A1, den fhráma in ionad a bheith fágtha amach as imeascadh cultúrtha na tíre seo, faoi mar a dhéantar faoi láthair. Táimid tar éis éileamh ar Airí Oideachais éagsúla, ón Teachta Foley go dtí an Teachta Naughton, an polasaí seo a fhorbairt. Is í an chéad chéim leis an bpolasaí seo a fhorbairt ná grúpa saineolach a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí a fhorbairt. Tá an t-éileamh sin déanta arís agus arís eile leis na hAirí Oideachais. Faraor, tá idir neamhaird agus easpa freagra mar fhreagra ar na héilimh seo.

Mar fhocal scoir, fágfaidh mé cúpla éileamh leis na baill. Bheadh sé iontach dá bhféadfaidís tacú agus gníomhú orthu go luath. Is é an chéad cheann ná go dtacódh an Coiste Oideachais agus Óige lenár moladh go bhforbrófar polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal atá ailínithe leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach, FTCE. Is é an dara ceann ná go n-éileodh an Comhchoiste Oideachais agus Óige ar an Aire Oideachais, an Teachta Hildegarde Naughton, grúpa saineolach a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí a fhorbairt. Is é an tríú ceann ná go n-eagródh an Comhchoiste Oideachais agus Óige cúpla éisteacht eile chomh luath agus gur féidir maidir leis an gcruachás ina bhfuil an Ghaeilge faoi láthair sa chóras oideachais. Ba chóir na hábhair seo a leanas, i measc ábhar eile, a phlé: na féidearthachtaí iontacha a bhaineann le polasaí comhtháite don Ghaeilge sa chóras oideachais agus le hailíniú an churaclam Gaeilge leis an FTCE; na díolúintí ó staidéar na Gaeilge; na rioscaí a bhaineann leis na sonraíochtaí nua ardteiste Gaeilge agus an t-easnamh atá sna sonraíochtaí reatha agus sna sonraíochtaí nuabheartaithe do dhaltaí le hardchumas sa Ghaeilge; agus na rioscaí a bhaineann leis na conairí nua ardteiste atá idir lámha ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, faoi láthair.

Tá breis eolas ar sheasamh an Aire, na Roinne oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar fáil sa cháipéis iomlán a chuir mé ar fáil don choiste. Tá súil agam go mbeidh seans ag na baill féachaint ar an bhfíseán a chuir mé ar fáil freisin, a bhaineann leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach. Gabhaim buíochas leis na baill as éisteacht liom inniu.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas le Julian de Spáinn. Is oth liom a rá nach bhfuil an córas aistriúcháin ag obair faoi láthair. Tá brón orm faoi sin. The translation system is not working so we are going to suspend for a few moments. There is a technical team on their way over so I hope we will get it fixed.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 9.47 a.m. agus cuireadh tús leis arís ar 9.56 a.m.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfaimid ar aghaidh. Anois, cloisfimid ó Chaoimhín Ó hEaghra.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus na comhaltaí as an gcuireadh. Tá an Foras Pátrúnachta ina phátrún ar 75 bunscoil lán-Ghaeilge agus cúig iar-bhunscoil. Is comhpháirtí iontaobhais muid d'aonad i gColáiste Dhún Measc, Port Laoise, agus táimid ag tacú le tionscadal píolótach i nDún Dealgan, satailít de Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín. Déanaimid ionadaíocht ar ár scoileanna agus ar a bpobail a roghnaigh oideachas lánGhaeilge agus ar son na teaghlaigh eile a dhéanfadh an rogha chéanna dá mbeadh an rogha sin ar fáil dóibh.

Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don dul chun cinn atá déanta, ar nós an pholasaí don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, a foilsíodh in 2025. Ag eascairt as sin, tá bunú an tascfhórsa ina chéim fháilteach chomh maith. Tá buíochas tuillte freisin as an infheistíocht chaipitil i nGaelscoileanna a bhí in áitribh shealadacha le blianta fada, mar shampla, Gaelscoil Charraig na Siúire, a d’oscail a scoil nua le déanaí. Aithnítear an infheistíocht chaipitil iomlán de €466 milliún i scoileanna lán-Ghaeilge ó 2020. Ba chóir a admháil, áfach, gur theastaigh an maoiniú seo i gcónaí do scoileanna a bhí i seomraí réamhdhéanta le blianta. Tá sé cosúil leis an maoiniú a cuireadh ar fáil do scoileanna meán-Bhéarla. Is maoiniú a bhí riachtanach don fhoirgneamh scoile seachas infheistíocht speisialta dírithe ar oideachas lánGhaeilge go sonrach a bhí ann. Agus é sin ráite, nílimid anseo chun neamhaird a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta. Tagaimid anseo chun an cás a dhéanamh go gcaithfear tógáil ar an dul chun cinn sin.

Léiríonn an plean infheistíochta earnála a foilsíodh i mí Eanáir 2026 go bhfuil 50 iarbhunscoil lánGhaeilge ar fud na tíre. Áirítear sa líon sin scoileanna sa Ghaeltacht. Taobh amuigh den Ghaeltacht, tá 31 Gaelcholáiste neamhspleách agus 17 n-aonad, cé go bhfuil sé deacair a fháil amach cé mhéad aonad atá ag feidhmiú i gceart. De réir cosúlachta, ar fud na 313 limistéar pleanála scoile atá leagtha amach ag an Roinn féin, níl aon soláthar iarbhunscoile lánGhaeilge i thart ar 270 acu. Do theaghlaigh atá ina gcónaí sna ceantair sin, ní rogha réalaíoch í an t-oideachas lánGhaeilge ar leibhéal na hiar-bhunscoile. Mar fhreagra ar cheisteanna Dála maidir leis an gá le Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí breise, dúradh go bhfuil "cumas ag tromlach na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí lena gcuid foirgneamh reatha chun rolluithe a mhéadú". Tugadh samplaí de scoileanna le ró-éileamh don Aire i ndíospóireachtaí Dála, ina measc, Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin. Dá bhrí sin, caithfear breathnú ar an gcomhthéacs ina bhfuil na scoileanna. Nuair atá an Gaelcholáiste is gaire 60 km uait, ní léargas ar éilimh é go bhfuil spásanna sa scoil sin. Ní déarfaimis le duine atá ag lorg scoil mheán-Bhéarla san Iarmhí nach bhfuil muid chun ceann a thógáil toisc go bhfuil spás i scoil i Ros Comáin nó i gCill Mhantáin.

Chuir an Roinn Oideachais agus Óige suirbhé ar bhunscoileanna i gcrích i mí na Nollag 2025 agus rinneadh tagairt dá thorthaí i ndíospóireachtaí Dála maidir le pleanáil do scoileanna a chur ar bhonn fianaise. Ba mhaith leis an bhForas Pátrúnachta aird an chomhchoiste a tharraingt ar dhearadh an tsuirbhé agus ar an ábhar imní a eascraíonn as. Bhí an suirbhé dírithe ar scoileanna aonair. Ba é an cuspóir a bhí leis ná deis a thabhairt do thuismitheoirí nach raibh aon rogha acu ach a gclann a chur chuig scoil le sainmheon Caitliceach a rogha a léiriú. Nuair a cuireadh ceist orthu ar bhfearr leo dá mbeadh a scoil reatha ilchreidmheach, ba freagra simplí a bhí ann; seo an deis a bhí uathu.

Rinneadh an cheist ar oideachas lánGhaeilge a dhearadh ar an mbealach scoil-shonrach céanna, ach is ceist go hiomlán difriúil agus i bhfad níos casta í. Ní mór do thuismitheoirí a bhfuiltear ag cur ceiste orthu an mbeadh siad sásta lena scoil reatha a bheith ina Gaelscoil na nithe seo a leanas a mheá: leibhéal reatha Gaeilge na múinteoirí sa scoil sin; leibhéal suime, úsáide agus tiomantais don Ghaeilge atá le feiceáil sa phobal scoile cheana féin; agus an staid a bhfuil a bpáiste féin ar scoil. De bharr an líon sin de chúinsí praiticiúla agus pearsanta, ní hiontas ar bith go roghnódh go leor tuismitheoirí fanacht mar atá, beag beann ar an rogha a dhéanfadh siad dá dtairgtí scoil nua lánGhaeilge dóibh mar rogha áitiúil.

Chuir An Foras Pátrúnachta na hábhair imní seo in iúl don Roinn agus d'iarr sé go ndéanfaí an cheist a athréimniú chun an rogha os comhair tuismitheoirí a léiriú níos fearr. Socraíodh an bhunfhoclaíocht a choinneáil. Is ábhar imní é dá réir sin gur chuala muid an tAire ag lua go mbeadh torthaí an tsuirbhé mar fhianaise ar éileamh - nó ar easpa éilimh - ar oideachas lánGhaeilge. I gcodarsnacht leis sin, nuair a chuirtear ceist ar thuismitheoirí go díreach agus gan srianta an roghnóidís oideachas lánGhaeilge dá bpáiste dá mbeadh scoil inrochtana – bhí go leor suirbhéanna éagsúla ann - deir 49% go ndéanfaidís é. Sin é an fíortomhas ar éileamh.

Is ball de thascfhórsa an oideachais lánGhaeilge é An Foras Pátrúnachta. Le linn phróiseas an tascfhórsa, chuireamar féin agus baill eile teachtaireacht amháin shoiléir in iúl: is é a theastaíonn ón earnáil oideachais lánGhaeilge ná plean do sholáthar scoileanna nua ina mbeadh rochtain ag gach dalta ar oideachas lánGhaeilge. Ina ionad sin, caitheadh mórán den am tosaigh den tascfhórsa ar mhúnla an aonaid, nó ar leagan nuashonraithe de a chruthú, d'ainneoin go molann an taighde i gcoinne an chur chuige sin.

Ag cruinniú leis an Aire, chuireamar na hábhair imní sin in iúl go díreach. Tar éis an chruinnithe sin, ag seisiún ina dhiaidh sin den tascfhórsa, chuir oifigigh na Roinne in iúl go raibh bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua mar chuid de phlean na Roinne. Is ábhar imní é dá bhrí sin a chloisteáil ón Aire sa Dáil nach dtógfar aon scoil nua de chineál ar bith sna cúig bliana amach romhainn, ar a laghad. Ardaíonn an ráiteas sin ceisteanna tromchúiseacha faoin gcuspóir atá leis an obair atá ar siúl ag an tascfhórsa. Geallann an clár Rialtais Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú san áit a bhfuil éileamh ann. Insíodh an rud céanna don tascfhórsa. Tá gá le soiléireacht ar an gceist seo.

Thagair mé don bhéim i gcomhairliúcháin an tascfhórsa ar mhúnla an aonaid. D'aithin taighde ar na haonaid deacrachtaí agus dúshláin shuntasacha in aonaid ag feidhmiú laistigh de scoileanna trí mheán an Bhéarla, agus mhol sé gan leanúint leis agus go raibh gá le múnla eile. D'ainneoin iarratais ó bhaill den tascfhórsa, níor tugadh cuireadh do na taighdeoirí a rinne an obair sin a gcuid torthaí a chur i láthair an tascfhórsa.

Cad a tharlaíonn nuair a chinneann Rialtas go bhfuil rud ina thosaíocht? Tá sé beartaithe ag an Roinn, agus an ceart aige, go bhfuil soláthar scoileanna agus ranganna speisialta ina thosaíocht don tír seo. Déanann plean infheistíochta an earnála doiciméadú ar an bhfás suntasach atá tagtha ar sholáthar oideachais speisialta ó 2020, le scoileanna speisialta nua bunaithe sa tréimhse sin agus gealltanas ranganna agus áiteanna scoile breise a sholáthar faoi 2030. Is infheistíocht é seo go bhfuil moladh tuillte ag an Rialtas agus ag an Roinn ina leith.

Tá polasaí ag an oideachas lánGhaeilge, tá tascfhórsa againn agus tá geallúintí sa chlár Rialtais, ach níl fós an meáchan polaitiúil céanna aige cinneadh á dhéanamh ag leibhéal an Taoisigh agus an Aire Airgeadais agus an Rialtas a iompaíonn tiomantas ina chaipiteal. Ní féidir leis an Roinn Oideachais agus Óige é seo a sholáthar léi féin. Tá dhá iarratas againn ar an gcomhchoiste. Ar an gcéad dul síos, tá gá le soiléiriú i scríbhinn ar an gcodarsnacht idir tiomantas an chláir Rialtais Gaelcholáistí a bhunú san áit a bhfuil éileamh ann, ar an dearbhú a tugadh do bhaill an tascfhórsa go raibh scoileanna nua mar chuid de phlean na Roinne, agus ar ráiteas Dála an Aire le déanaí nach dtógfar aon scoileanna nua le cúig bliana amach romhainn. Caithfidh an seasamh beartais a bheith soiléir gan débhrí. An dara iarratas atá againn ná glaoch ar an Rialtas soláthar oideachais lánGhaeilge a ainmniú go foirmiúil mar thosaíocht náisiúnta, agus an t-ainmniú sin a leanúint le plean caipitil ina bhfuil scoileanna ainmnithe, amchláir, agus cuntasacht shoiléir. Ní suirbhé nó tuarascáil bhreise, nó plean, atá ag teastáil ag an bpointe seo. Is iad na páistí agus na teaghlaigh is mó atá thíos leis ná iad siúd nach bhfuil aon rogha acu d’oideachas lánGhaeilge.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfaimid ar aghaidh. Glaoim ar Clodagh Ní Mhaoilchiaráin.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

A Chathaoirligh agus a bhaill uile an Chomhchoiste um Oideachas agus Óige, mar uachtarán Gaeloideachas táim thar a bheith buíoch as a bheith anseo ag labhairt leis an gcoiste. Tá eagraíochtaí éagsúla anseo inniu, agus róil nó feidhmeanna éagsúla ag gach duine, ach tá sprioc nó fís comónta againn; sé sin go mbeidh córas eiseamláireach tumoideachais, tríd na leibhéil, ar fáil do gach duine mar rogha cothrom gan dua, gan dúshlán, gan troid. Tá Gaeloideachas ag éileamh le blianta go mbeidh cur chuige straitéiseach ag an Stát maidir le soláthar an oideachais lánGhaeilge chun nach mbeidh aon pháiste faoi mhíbhuntáiste tíreolaíoch, socheacnamaíoch, teangeolaíoch nó eile maidir le teacht ar naíonra nó áit scoile ag an dá leibhéal. Tá, mar is eol dúinn uile, obair an tascfhórsa ar bun chun forbairt a dhéanamh ar an bpolasaí don oideachas lánGhaeilge, agus failtímid roimhe.

Tá sé ríshoiléir dúinn ní hamháin gur am cinniúnach atá ann, ach go bhfuil fuinneog chriticiúil ann don Ghaeilge. I bhfocail eile, tá deis ar leith ann ag an nóiméad áirithe seo inár stair. Mura n-éilíonn muid agus mura gcinntíonn muid an toradh is fearr ar chuile ceann de na mórfhorbairtí atá tarlaithe le déanaí, dúnfar an fhuinneoig chriticiúil chéanna, agus caillfear an radharc álainn a d’fhéadfadh a bheith ann ar thírdhreach an tumoideachais.

Ag filleadh ar cheist an tascfórsa, tá imní mór orainn chomh maith nach rachaidh an polasaí seo i ngleic leis na dúshláin a nochtaíodh sa chomhairliúchán poiblí i mbealach uaillmhianach cothrom. B’ábhar mór díoma an freagra a thug an tAire, Hildegarde Naughton, le déanaí ar cheist Dála ar cheist an tsoláthair, agus í ag nochtadh nach bhfuil i gceist ag an Roinn Oideachais aon Ghaelscoil nó aon Ghaelcholáiste nua a bhunú as seo go ceann cúig bliana. Téann sé seo glan i gcoinne gealltanas an Rialtais i gclár an Rialtais, agus i gcoinne obair an tascfhórsa mar a thuigeamar é.

Tá ceist an tsoláthair, nó an easpa soláthair, ar an gceist is mó a thuairiscigh an pobal sa chomhairliúchán ar an bpolasaí don oideachas lánGhaeilge. Mhol líon ard freagróirí go mbunófaí breis soláthair trí mheán na Gaeilge. Thug sé seo údarás don Roinn Oideachais agus Óige cearta páistí maidir le rochtain ar an nGaeloideachas a bheith ag croílár an pholasaí nua. Ach ina áit sin, tá srian á dhéanamh agus cinneadh réamhchlaonta á léiriú ag an Aire agus ag an Roinn. Seasann agus seasfaidh Gaeloideachas an fód ar cheist an tsoláthair agus leanfar leis na hachainí ar son suíomhanna tumoideachas ag gach leibhéal ar bhonn forleathan sa tír le freastal ar mhianta oideachais an phobail. Ní chaillfimid radharc ná ní ghéillfimis ar bhunchritéir, bunphrionsabail agus bunriachtanais forbartha an tumoideachais.

Tá plé leanúnach le píosa fada i gcomhthéacs ceist an tsoláthair ar bun faoi mhúnla an aonaid, sé sin, soláthar trí mheán na Gaeilge a chuirtear ar fáil laistigh de scoil meán-Bhéarla. An t-imní mór atá ar Ghaeloideachas ná go mbeidh cinneadh déanta gur leor leasuithe chun feabhais a dhéanamh ar mhúnla an aonaid agus go bhfanfaidh na haonaid mar aonaid faoi bhainistíocht scoil Bhéarla, seachas mar scoileanna neamhspleácha faoi bhainistíocht Gaelcholáiste. Is ionann seo agus a rá gur leor oideachas faoi bhainistíocht scoil Bhéarla dóibh siúd ar mian leo oideachas trí mheán na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal. Ní bheadh seo inghlactha in aon suíomh oideachais eile. Tá Gaeloideachas ag éileamh ar an Roinn oideachais a aithint mar chuid den pholasaí gur scoileanna neamhspleácha is gá a bhunú in áit aonaid, de bharr nach bhfuil múnla an aonaid lánGhaeilge inchurtha le scoil neamhspleách tumoideachais ó thaobh cur chuige ná eispéireas an tumoideachais. Do na haonaid reatha, tá Gaeloideachas ag éileamh go n-aontófar polasaí láithreach a éascaíonn an próiseas dóibh feidhmiú go neamhspleách gan mhoill.

Lasmuigh d’obair an tascfhórsa, is beag coincréiteach atá ar fáil anois mar thacaíocht do na scoileanna lánGhaeilge sa pholasaí. Ní mór dúinn dá réir a chinntiú go gcuimseoidh na moltaí a eascraíonn as an tascfhórsa gníomhartha soiléire agus láidre a chuireann le caighdeán agus cáilíocht an tsoláthair, agus a aithnníonn cén chaoi le hiad a chur i bhfeidhm, cén uair agus le cén buiséad.

Ag caint ar chothrom na Féinne, d’fháiltigh scoileanna roimh na huaireanta breise don Ghaeilge a ceadaíodh faoin bpolasaí. Is mór an cúnamh iad, a chabhróidh le sealbhú na Gaeilge inár scoileanna. Fágadh áfach Gaelscoileanna nach bhfuil stádas DEIS acu ar lár, rud a chuir an-chuid díomá agus míshástacht ar scoileanna. Níl aon réasúnaíocht leis seo, agus ní mór freastal go cothrom ar scoileanna uile tumoideachais na tíre seo.

Agus muid ag achainí go mbeidh rudaí curtha ina gceart, impímid ar an gcomhchoiste dul i gcion ar na córais laistigh den Roinn atá freagrach as córas reatha na ndíolúintí. Ní féidir a mhaíomh gur córas tacúil tuisceanach atá ann atá ag cothú meon dearfach agus ag sealbhú na Gaeilge. Is é a mhalairt ghlan atá fíor. Cé nach mbaineann an cheist seo leis an earnáil seo go teoiriciúil, baineann sé linn mar go bhfuil an córas ag déanamh creimeadh leanúnach ar stádas na Gaeilge. Tá na scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta agus na scoileanna meán-Bhéarla idirspleách. Cibé infheistíocht nó easpa infheistíochta a dhéantar i gcaighdeán agus cáilíocht na Gaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla, tá impleachtaí agus tionchar ann don chóras lánGhaeilge agus Gaeltachta.

Cuireadh comhairliúchán de chuid an CNCM ar Ghaeilge na hardteiste i gcrích roimh an Nollaig. Bíodh is go ndealraíonn sé nach múnla T1 agus T2 atá á mholadh a thuilleadh, tá tábhacht mhór le torthaí an chomhairliúcháin, a mbeidh dréachtsonraíochtaí don Ghaeilge ag eascairt as. Mar eagraíocht, táimid ag achainí ar son roinnt croíphrionsabal, ina measc, ailíniú iomlán ar churaclam na bunscoile agus na hiarbhunscoile leis an bhfráma TEG; go bhfanfaí ar thorthaí an athbhreithnithe ag an tsraith shóisearach sula moltar sonraíochtaí; go mbeidh scrúdú béil leabaithe sa chóras ón tsraith shóisearach ar aghaidh; go ndéanfaí freastal ar dhaltaí ar aon leibhéal cumais atá acu; agus nár cheart pionós a bheith ar dhaltaí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu nó a roghnaíonn cúrsa níos dúshlánaí agus go deimhin go mbeidh cúiteamh agus aitheantas ar leith ann dóibh.

Agus muid ag caint ar idirspleáchas agus comhleanúnachas idir na córais, tosaíonn an t-aistear tumoideachais sna naíonraí do an-chuid páistí. Mar a sheasann, níl córas ag an Stát le naíonraí a aithint mar chineál seirbhíse ar leith. Tá gá le scéim a thacaíonn le naíonraí nua a bhunú, go háirithe nuair atá deis ann iad a chomhlonnú le bunscoileanna lánGhaeilge. Ba cheart don Stát breathnú ar mhúnla poiblí a fhorbairt le soláthar luathbhlianta lánGhaeilge a chinntiú. Tá gá le scéim a thacaíonn le haitheantas a thabhairt do chaighdeán an tsoláthair. Tá líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag laghdú le blianta beaga anuas agus is í an fhianaise starógach a thuairiscítear ina leith ná go bhfuil siad ag dúnadh toisc nach féidir foireann a earcú agus a choinneáil. Tá Gaeloideachas ag impí go ndéanfaí córas poiblí Stáit a mholadh do na luathbhlianta agus bonn ceart a chur faoi na naíonraí ar aistear an tumoideachais do gach páiste.

Spreagfar tuismitheoirí le hoideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú má chuirtear ar fáil dóibh é ina gcuid pobal féin agus mar chuid de ghnáthsholáthar oideachais seachas mar rogha atá imeallaithe agus uaireanta neamhchinnte. Ba cheart don Roinn oideachais deis chothrom a thabhairt do pháistí dul chun cinn a dhéanamh agus leanúint lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. Táim fíorbhuíoch den chomhchoiste as an deis a thabhairt dom a bheith anseo inniu agus as an tacaíocht ar na mórcheisteanna tábhachtacha seo a bhaineann le cur chun cinn an oideachais lánGhaeilge.

Mr. Aidan Kinsella:

I thank the Cathaoirleach for this opportunity. This is about access to education in Ireland at both primary and post-primary level and the current institutional barriers erected that are inhibiting both provision and access. These barriers are preventing our children from being educated through Irish. We are parents who have all campaigned locally and have realised from our interaction experience with the Department of education over many years and from the advice of senior counsel that these barriers can only be tackled at a legislative or constitutional level.

We know not just from personal and anecdotal experience but from national surveys that there is a significant demand for access to local Irish-medium schools. This includes surveys carried out by Amárach in 2025, Ireland Thinks in 2023 and Kantar in 2020. These show that almost half of all parents would send their children to an Irish school if one were available locally. The demand demonstrated in these surveys is many multiples of what is actually available. Outside the Gaeltacht, only 6.75% of children can access a Gaelscoil and less than 2.5% can access a Gaelcholáiste locally.

Let us look at the history of the opening of Gaelscoileanna. Parents opened 130 Gaelscoileanna between 1970 and 2010, usually in the teeth of departmental opposition. If these parents had not been determined, we would not have the number of Gaelscoileanna open that we have today. In 2010, the Department brought in procedures that effectively made it impossible for parents to open a Gaelscoil. These procedures were ultimately found to be illegal in a ruling by the language commissioner in 2017. Since 2010, the Department has opened just 15 Gaelscoileanna and is now planning to open none in the foreseeable future.

On post-primary schools, parents cannot open a Gaelcholáiste. It takes significant resources. The State has to do it. With significant numbers of children finishing in the Gaelscoil and looking to complete their education through Irish, numerous local campaigns to open a Gaelcholáiste have been run over the past decades across most counties in Ireland. The Department has provided very few. Just 20 have opened in the 40 years since 1970. For example, in the Dublin city area, 16 Gaelscoileanna have opened since 1969 but the last Gaelcholáiste to open in Dublin city was in 1931. This is despite generations of parents in Dublin campaigning for one.

To get a sense of the paucity of provision, let us compare statistics. Over the 60 years from 1962 to 2025, the percentage of children educated in Gaelcholáistí has gone from 2.6% to 3.3%. The maps I have provided tell the story. Over half of all school planning areas do not have a single Gaelscoil and over 90% of all school planning areas do not have a single Gaelcholáiste. The lack of Gaelcholáistí means that two thirds of children in Gaelscoileanna cannot complete their education through Irish. That is about 3,000 children being failed by the State every year. You cannot tell us that children in County Carlow or Dún Laoghaire-Rathdown are different from the children in Meath or Clare where, according to the logic of departmental provision, there is no demand for a Gaelcholáiste.

Is the Department hostile to Irish-medium education? Many parents campaigning for their children certainly believe so. When one hears about the ongoing struggles Dunshaughlin families are having with an obdurate bureaucracy that is insisting their children must go to an English-medium primary school, it is hard to not have sympathy with the belief that it is. There are other examples, but this is probably the most egregious current example. However, on reflection, it would appear to IMEASC that the Department is not overtly hostile; it is actually quite defensive. It should be remembered that the Department has never been given a mandate to provide, to set targets for, or to report to the Minister on Irish-medium education and it gets no kudos where it does so. We believe that the Department is actually no more hostile than it would be if it was asked repeatedly by parents to provide pre-school activities, a request it would consider to be outside the mandate it has been asked to implement.

The lack of a legislative mandate has been and continues to be corrosive with regards to the Department’s attitudes to Irish-medium education provision. It results in parents, families and children seeking Irish-medium education being shoehorned into English-medium schools regardless of their wishes and generations of Irish people being failed by lack of provision. This has resulted in generations of children, including my own, thinking that everyone has to protest to be educated through Irish. Is protesting to go to school to be educated through Irish something that should be normalised in Ireland today?

From an international perspective, other European countries have shown what is achievable, for example, Wales and Spain. Both countries had lower levels of immersion education than Ireland 50 years ago. Today, they are in a place that Ireland can only dream of. These countries have shown that political will matters.

We can say today without contradiction that significant elements within the Irish State at best pay lip service to the provision of Irish-medium education. This has consequences. UNESCO has designated Irish as “Definitely Endangered”, primarily due to very poor intergenerational transmission. In other words, children just are not speaking Irish at home or in school. As an aside, a past Government actually asked UNESCO to alter its categorisation of Irish as “Definitely Endangered” based upon policies that it would purportedly implement. This leaves Irish as probably the only official EU language currently at risk of extinction. Is this something Ireland should be proud of?

There is a fundamental question to be asked of our political representatives. Should the Irish State and its institutions promote and support Irish-medium education? If the answer is "Yes", legislation is needed. Politicians cannot continue to blame the Department for not doing something it has not been mandated to do. IMEASC is asking this committee to make a recommendation to the Minister that legislation be enacted within the lifetime of this Government that mandates the Department to promote, support and make provision for Irish-medium education so that, over the coming ten to 15 years, we can begin to meet Government targets and, more importantly, parental demand.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

We will go to members' questions next. Members will have six minutes each. If members or witnesses hear me tap my glass, they should move on and conclude their contribution. I am up first. I dtús báire, tá ceist agam do Clodagh Ní Mhaoilchiaráin. Ina ráiteas, labhair sí faoin bpolasaí don oideachas Gaeilge atá á fhorbairt ag an Roinn oideachais. Tá ceist agam faoi sin.

An bhfuil Gaeloideachas páirteach sa phróiseas sin? Cathain a fheicfidh muid an polasaí deireanach?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is ceist mhaith í. Tá ionadaíocht ag Gaeloideachas ar an tascfhórsa.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil suíochán ag Gaeloideachas?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Tá. Is í Bláthnaid Ní Ghréacháin, ardfheidhmeannach na heagraíochta, a fhreastalaíonn ar na cruinnithe sin. Is í an tuiscint atá agam gur tréimhse bliana atá ag an tascfhórsa agus go mbeidh plean ag an bpointe sin, ach cá bhfios cad a tharlóidh?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Tá moltaí an tascfhórsa le dul faoi bhráid an Aire i mí na Samhna.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá suíochán ag Conradh na Gaeilge ar an tascfhórsa freisin.

Mr. Julian de Spáinn:

Níl.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Tá ionadaíocht ag Gaeloideachas agus an Foras Pátrúnachta.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Tá ceist agam do Julian de Spáinn. Ceapann sé go bhfuil caighdeán na Gaeilge ag dul i laghad sna scoileanna. Dá bhrí sin, an bhfuil caighdeán Ghaeilge na ndaltaí a théann isteach sna coláistí oiliúna múinteoirí laghdaithe freisin? An saghas timpealláin é sin? An bhfuil an titim sna caighdeáin timthriallach?

Mr. Julian de Spáinn:

Tá an ceart ar fad ag an gCathaoirleach. Is fáinne fí atá ann. Tá an caighdeán ag laghdú ar gach leibhéal sa chóras de bharr go bhfuil sé laghdaithe. Aontaím leis an gCathaoirleach. Is é seo an fáth go molann muid gur chóir don chóras agus don churaclam ar fad dul i dtreo an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach, nó CEFR as Béarla. Faoi láthair, tá an NCCA ag obair ar an gcuid ardteiste agus ag breathnú ar na sonraíochtaí nua. Faoin am a shroicheann daltaí an ardteist, áfach, agus iad 15 agus 16 bliain d'aois, tá an cath caillte. Tá cuid mhaith daltaí caillte faoin am sin. Ní dhéanfaidh aon athrú a dhéanfar ar na sonraíochtaí ag leibhéal na hardteiste an oiread sin difir don chóras ina iomláine.

Maidir leis na sonraíochtaí nua a bhfuil an NCCA ag caint fúthu, mar gheall ar bhrú ó ghrúpaí éagsúla le tamall anuas, tá sé ag rá go dtógfaidh sé an CEFR san áireamh, ach ní ina iomláine. Níl sé chun an cur chuige atá ag teastáil chun an fhadhb atá léirithe ag an gCathaoirleach a leigheas. Tá an réiteach ar an mbord, áfach. Choimisiúnaigh an NCCA cúpla saineolaí chun páipéar a chur le chéile maidir leis an mbealach ar féidir an CEFR a thabhairt isteach sa chóras, ach tá sé ag déanamh neamhaird ar an eolas agus an taighde sin a lorg sé é féin.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá bhrí go mbíonn an caighdeán ag laghdú, an bhfuil ag teip ar an gcuraclam bunscoile a tháinig amach in 1998?

Mr. Julian de Spáinn:

Tá an bhéim athraithe sna bunscoileanna, agus is maith an rud é sin mar tá níos mó den Ghaeilge labhartha i gceist. Má fhéachtar arís ar an gcóras ina iomláine, áfach, rinne SEALBHÚ taighde ar an tsraith shóisearach agus fuair sé amach go raibh daltaí agus múinteoirí araon ag rá nach raibh a dhóthain Gaeilge ag na daltaí agus iad ag teacht ón bhunscoil go dtí an mheánscoil, rud a bhí ag cruthú fadhbanna ón tús. Tá fadhbanna sa bhunchóras ach is é an réiteach a bhí ag an Roinn agus an NCCA ag an am ná an méid ama atá an Ghaeilge á múineadh sa tseachtain sna bunscoileanna a laghdú, rud nach ndéanann aon chiall. Ní bheidh de thoradh ar laghdú leathuair a chloig sa tseachtain ó rang 1 go dtí rang 6 don Ghaeilge ach ísliú sa chaighdeán. Ní fhéadfadh aon rud eile a bheith ann.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cuimhin liom an uair a d’fhág mé an bhunscoil in 1995. Bhí orainn aistí a scríobh gach Aoine ach níl páistí na linne seo ábalta ach sliocht beag a dhéanamh, agus bíonn sé breac le botúin freisin. Tá ceist eile agam do Chlodaigh Ní Mhaoilchiaráin maidir leis an gcóras oideachais. An bhfuil aon chóras níos fearr i dtíortha eile, ar nós na Breataine Bige, ar féidir linn súil a choinneáil air?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Tá go leor taighde déanta i dtíortha eile agus anseo faoin bhealach is fearr aghaidh a thabhairt ar rudaí. Tá go leor scéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann. Bíonn an Bhreatain Bheag ag feidhmiú go maith. Feiceann muid an dul chun cinn atá déanta ansin le daonra níos lú. Tá na deiseanna agus féidearthachtaí againn sa tír seo ach tá tacaíocht agus creidimh de dhíth chun iad sin a chur i bhfeidhm. Tá sé sin ar cheann de na rudaí is mó atá in easnamh. Feictear dúinn gurb iad an toil agus an tiomantas don Ghaeilge agus do chur chun cinn na Gaeilge sa chóras an lúb is laige faoi láthair.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I took interest in an element of Mr. Kinsella’s opening statement. While he rightly said that it is up to us as politicians to legislate, he made the point that some counties have quite a good structure where there is a Gaelcholáiste and pupils can migrate from primary level up to a Gaelcholáiste and have a full Irish educational experience. My county of Clare is one such example where that is not the case. Gaelcholáiste an Chláir only exists as an aonad within Ennis Community College. How is that congruent with Ennis’ status as a líonra Gaeilge? That status is quite important and highly valued. On the one hand, the Government is saying that it values that Ennis is a town that has a network of Irish speakers, while on the other hand, it is showing the opposite. What does Mr. Kinsella say to instances where a Gaelcholáiste exists only as an aonad of a wider school?

Mr. Aidan Kinsella:

My experience with an aonad is that it can be very fragile. In Dundalk, in the early 2000s, we were promised that a Gaelcholáiste would be opened as a result of parents campaigning way before me. In 2013, Gaelcholáiste Lú was opened as a Gaelcholáiste. My eldest was in that first-year intake. Within three months, we were summoned to a meeting in which the ETB advised us that it was no longer going to be a Gaelcholáiste but, rather, a sruth within a larger English-medium school. Parents nearly lynched them, to tell the truth. We were then promised an aonad. The aonad worked. It was stand-alone while the new English-medium school was being built. That worked for the next four years but when we moved into the new school, there was a change of principal. Over one summer, the principal effectively-----

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Forgive me, and I know it is my question Mr. Kinsella is answering, but I ask him-----

Mr. Aidan Kinsella:

This is my experience of an aonad. The aonad was effectively closed over that summer. We went from all subjects being taught through Irish to two subjects, namely Irish and history. My experience of an aonad was-----

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

It did not have the impact.

Mr. Aidan Kinsella:

-----catastrophic.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I apologise about the time constraints. Next is Deputy Jen Cummins. Unfortunately, I have to leave at 10.30 a.m. I propose that Senator Tully assumes the Chair when I leave the meeting.

Photo of Pauline TullyPauline Tully (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Senator Curley is present.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose Senator Curley take the Chair when I leave.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir leis an Seanadóir Tully an Chathaoir a thógáil nuair a bheidh mé ag cur ceisteanna?

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir leis an Seanadóir Curley a chuid ceisteanna a chur agus é sa Chathaoir.

Photo of Jen CumminsJen Cummins (Dublin South Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le gach duine. Cén fáth a bhfuil na haonaid seo ann? Ní thuigim an fáth a bhfuil aonaid ann nuair nach bhfuil scoileanna ann. I am interested to understand why they were established. I do not understand.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Is í mo thuiscint ar an bhfáth ar bunaíodh aonaid nó gur tharla sé i dTrá Lí. It happened in Tralee. Again, it was tuismitheoirí ag lorg oideachais lánGhaeilge ag an dara leibhéal. As the Department refused to establish a Gaelcholáiste neamhspleách, the compromise was an aonad, which is within an English-medium school. Ó shin i leith, based on that, is é sin an freagra a bhí ag an Roinn oideachais. As I referred to earlier, the taighde, the research, on aonaid has established that there are severe difficulties with them, as Mr. Kinsella pointed out. Chun tumoideachas iomlán, total immersion, a bhaint amach and to get the benefits of complete Irish-medium education, it has to be a stand-alone scoil neamhspleách. In aonaid, bíonn daltaí timpeallaithe ag an mBéarla. Bíonn an bhainistíocht agus an chumarsáid shóisialta as Béarla. It is dodhéanta formhór an ama.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Le cur leis sin, ní hamháin go mbíonn daltaí timpeallaithe ag an mBéarla ach bíonn an t-aonad ag brath, mar a luaigh Aidan Kinsella, go hiomlán ar mheon agus toil na máthairscoile. Mar a luadh, má tá toil agus tiomantas na máthairscoile ag an aonad, tá seans níos fearr go n-éireoidh leis. Muna bhfuil, áfach, tá an t-aonad ag brath ar an máthairscoil chun múinteoirí, suíomhanna agus chuile shórt a sholáthar. Tá sé ag dul i muinín go hiomlán ar an máthairscoil agus a cuid luachanna maidir leis an nGaeilge. Is dúshlán ollmhór é sin atá, in amanna, dosháraithe.

Photo of Jen CumminsJen Cummins (Dublin South Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad atá i gceist le hoibrithe aonad? What are the reasons for the witnesses’ questioning of aonaid? What are they seeing? What is the dysfunction?

I do not want to say "dysfunctional" but when you are questioning whether they are functioning correctly-----

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

It is not only myself. It is the research that----

Photo of Jen CumminsJen Cummins (Dublin South Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I know, yes.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

-----has been carried out in relation to it. If you consider a Gaelscoil or a Gaelcholáiste, the whole idea and concept of total immersion, and gaining the benefits of it, you appreciate that everything is directly towards functioning completely as Gaeilge. As Ms Ní Mhaoilchiaráin has referred to, in an aonad situation, the máthairscoil, the English-medium school, is the main focus of the school and it is often the case that the aonad is an add-on.

Photo of Jen CumminsJen Cummins (Dublin South Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Are they separate? They are not part of the school. They are a satellite of the school, are they not?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

More often than not, they are part of the school. Mr. Kinsella referred to a case where the aonad was initially separate and then became part of the school. The point is that the resources allocated to the aonad are extremely dependent on the goodwill of the organisation and access to management. As I have said, the primary focus of an English-speaking school will be the English-medium teaching in that school. If the Department of education and the Irish State are struggling to provide bilingual services, it is a very big ask of any English-medium school to provide equal services to páistí as Gaeilge and as Béarla. It does not work.

Senator Shane Curley took the Chair.

Photo of Jen CumminsJen Cummins (Dublin South Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

We talked about exemptions and the common European framework, which we have spoken about before. My own children are doing the German one, the Sprachdiplom, and the French one, the Diplôme d'Études en Langue Française, but the same school does not provide the TEG. I just do not understand. Here we are, having a bilingual conversation, but many of us spent decades in school and cannot do that. However, we may be able to if we have learnt another language, a modern foreign language, as they are called. Why are we able to communicate in another European language but not in Irish? With regard to the exemptions, I note that the written documents suggest people could do the oral elements of the language course. There is no difficulty with learning a foreign language. If you have an exemption from Irish, you can still learn a foreign language. My daughter has dyslexia. She has an Irish exemption but we have not acted upon it. She is bilingual and does German so why would she drop another language? If you are bilingual, you can be trilingual. What is the solution? All of the organisations must have a solution. There is a reason there are 60,000 exemptions. How can we get around this? Is the taskforce talking about the framework? Why is it so difficult to implement here?

I have a final question. Why are so few families in the Gaeltacht raising their children through Irish? I was really surprised to read that. Those are my two final questions. I have only left 40 seconds for a response. I am very sorry.

Mr. Julian de Spáinn:

Déanfaidh mé iarracht a bheith tapa. Inár dtuairim, is é réiteach na faidhbe ná an curaclam agus an córas ar fad a iompú go dtí an fráma tagartha comónta Eorpach, CEFR. Tá an CEFR bunaithe ar an rud atá á iarraidh ag an Teachta, cumas a bheith ag an dalta rudaí faoi leith a dhéanamh. It takes a backward approach to conas an curaclam a chur le chéile. Ar dtús, oibríonn tú amach go bhfuil tú ar iarraidh go mbeidh na daltaí in ann an tIdirlíon a úsáid trí Ghaeilge nó dul amach i gcaife agus deoch a lorg, mar a dhéanfaidís sa Ghearmáinis. Oibríonn tú siar uaidh sin. Má tá tú ag iarraidh rud éigin a dhéanamh, oibríonn tú amach conas measúnú a dhéanamh air sin. Ansin, oibríonn tú amach conas é sin a mhúineadh. Tríd an gcóras a dhearadh mar sin ó thús go deireadh agus dréimire a thógáil, beidh a fhios ag na daltaí cá bhfuil siad ar an dréimire sin. Beidh sé níos éasca dóibh é a dhreapadh. Má tá riachtanais bhreise acu, is féidir leo fanacht ag rung éigin den ladder agus measúnú a bheith déanta ar an leibhéal sin. Sílimid gurb é an CEFR an réiteach. Leis an mBreatain Bheag a lua ó thaobh an CEFR, táthar tar éis a chur i reachtaíocht anois cén áit ar an CEFR gur cheart do na scoileanna ar fad a bheith amach anseo. Arís, léiríonn sé sin an uaillmhian, the ambition, a bhíonn le feiceáil i gcónaí sa Bhreatain Bheag. Faraor, ní bhíonn an uaillmhian chéanna le feiceáil anseo.

Photo of Ruth CoppingerRuth Coppinger (Dublin West, Solidarity)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I apologise that I will not be able to communicate this in Irish. I also apologise for being late. I had three important questions to ask in the Dáil Chamber. The first thing I will say relates to the Gaeltacht. I would love to get the views of the witnesses. It has always been a bugbear of mine that this experience is not open to every single child in this country. It is only open to parents who have a lot of money to send their child to the Gaeltacht. I really think that being immersed in and communicating through Irish and seeing and living in the Gaeltacht should be a natural part of the school curriculum. I do not know if the witnesses' organisations have made representations about that but I feel it could greatly change people's ability and confidence to speak.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

I agree 100%. I learned my own Irish through that system. I went to English-medium primary and secondary schools so I did not have experience of Irish as a living language until I started going to the Gaeltacht and enjoying that experience. It gave me the opportunity to engage with the language on a social level, to make friends, to have fun and to do what you would do through any other language. It was a language of communication as opposed to a case of hearing "Tóg amach do leabhar Gaeilge" and everyone in the class sighing. I am sure all of us here have had that experience. We were privileged in that my parents were in a position to send us to do that. How do we provide that opportunity to all students? I do not know. It would need to be funded by the Department. That is absolutely what is needed. Students who are attending Gaelscoileanna, who are in the privileged position of having a Gaelscoil locally and who are especially privileged if they can continue on to second level through the medium of Irish, are being exposed to that social level of language. One would hope a huge emphasis is put on the importance of social language within primary schools and secondary schools. Students should see Irish as a living language and not just an academic language. Experiences should be provided, such as going on trips, going to the beach or going to the shop through the medium of Irish. That is absolutely what is needed. A lot of the time, children in English-medium settings do not have that rich experience. Gaeloideachas would be 100% behind a scheme to provide opportunities like that for students.

Photo of Ruth CoppingerRuth Coppinger (Dublin West, Solidarity)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

If you are learning French, you go to France. That may be your first time speaking the language. I would slightly disagree with-----

Mr. Julian de Spáinn:

Air sin, chuir 130 eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta plean fáis, plean d'infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, le chéile. Mar chuid den phlean sin, tá moladh ann go mbeidh 10,000 scoláireacht Ghaeltachta curtha ar fáil chun cabhrú le daoine nach bhfuil an t-airgead acu sa bhaile le freastal ar an nGaeltacht. Táimid ag brú i gcónaí i dtreo an bhearna sin a bhriseadh chun gur féidir le níos mó daoine dul ann. Tá cúpla rud ceangailte ansin. Chun é sin a dhéanamh agus a bhaint amach, tá plean do na coláistí samhraidh ag teastáil. Tá siad lán faoi láthair. Níl spás ann. Caithfimid cur leis an líon atá ann. Tagann sé sin ar ais go dtí tithíocht Ghaeltachta freisin. Tá an-chuid fadhbanna tithíochta sa Ghaeltacht. Tá gá le plean comhtháite le féachaint ar níos mó tithíochta agus tithíocht le seomraí breise a chur ar fáil, níos mó scoláirí a bheith ag dul ann sa samhradh, cabhair leis na scoláireachtaí agus eile. Tá plean iomlán ag teastáil. Tá sé sin molta don Rialtas againn ach níl sé tar éis feidhmiú air ina iomláine, cé go bhfuil sé tar éis roinnt scoláireachtaí breise a chur ar fáil.

Photo of Ruth CoppingerRuth Coppinger (Dublin West, Solidarity)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I will just ask one other question. It relates to post-primary education. I was a bit shocked to read in one of the documents that there has not been a post-primary Gaelcholáiste opened in the Dublin city area since 1931. This is despite 16 Gaelscoileanna opening in the area, although not within Dublin city centre, since 1969. Only half of the counties in Ireland have a Gaelcholáiste. What are the witnesses' attitudes to the Department overall? People have put forward the reasonable thesis that the Department is hostile to Irish-medium education.

A lot of the evidence would back that up. There seems to be a lot of lip service to reinvigorating the Irish language. Obviously, there is a huge popular will for that right now. That can be seen. What is the attitude of the witnesses in that regard?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

We only have to look at the feachtas Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. That was ongoing for a good while. The Department’s answer to that was Synge Street, a decision which seems to have been thrown upon the school, as far as I am aware, without proper preparations, consultations or all of those kinds of things.

Ónar dtaobh de, ní bhreathnaíonn sé go bhfuil an toil sin ann. Ní mór breathnú ar na comhthéacsanna atá ann agus an chaoi ar féidir linn aitheantas a thabhairt don chóras lánGhaeilge in whatever kind of way is féidir a dhéanamh ar bhonn tapa.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

With regard to this issue and the provision of second-level schooling around the country, tá an ceart ag an Teachta. Níl Gaelcholáistí ar fud na tíre. For instance, there is a massive gap down the middle of the country, including in Roscommon, Longford, Westmeath and Tipperary. Contae an Chláir was mentioned earlier. There is only an aonad there. The Department’s answer to which we sometimes refer - I referred to it in my speech – is that it says that there are some spaces in some of the Gaelcholáistí. It is no good telling someone in Mullingar that there are spaces in a Gaelcholáiste in Wicklow. Would we deny people in Roscommon an English-medium, second-level school because there were places in an English-medium school in Tipperary? That is basically what is being said. We have asked for a plan for the provision of Irish-medium education at both levels around the country. That is what is required.

In fairness to the Department, when there is a Government agreement that something is a priority, such as special needs, and rightly so, the Department acts. In 2026, it will spend €3 billion on special education. This is correct and right, but it illustrates what the Department can do. Irish-medium education is a priority but the money and capital need to be applied to it. Until there is Government and cross-party support for it, as well as a plan as a national priority, it will not happen.

Mr. Aidan Kinsella:

Fundamentally, the Department has never been asked to provide Irish-medium education. It has been asked to do three things, which have been set out in legislation. There is the Education and Training Boards Act and legislation around the provision of special education and education more generally, which is effectively through English. Until the Department is asked to do this through legislation, it is not going to do it. It has no mandate. That is what this is about. Other countries that have done this - Wales and Spain are nearby examples - have done so on foot of legislation. Legislation sets the foundation stone in place.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm ach chuaigh muid níos mó ná dhá nóiméad thar am. Is mé an chéad chainteoir eile. Gabhaim buíochas leis an Teachta Coppinger. Is ráiteas níos mó ná ceist atá agam. Tá imní orm nach mbeidh aon Ghaelcholáiste á bhunú sna cúig bliana atá romhainn, go háirithe sna bailte a bhfuil stádas acu mar líonraí Gaeilge, mar a luaigh an Cathaoirleach níos luaithe. Tá an stádas sin ag Baile Locha Riach, mo bhaile áitiúil i nGaillimh. Tá cultúr Gaelach sa bhaile sin agus tá Gaelscoil láidir againn. Tá eagras eile taobh amuigh den Ghaelscoil a ritheann cúrsaí Gaeilge sa bhaile, agus tá sé go maith.

Baineann sé seo le Baile Locha Riach agus dhá bhaile eile. Caithfidh muintir Bhaile Locha Riach dul a fhad le Baile Átha an Rí chun freastal ar an nGaelcholáiste is giorra dóibh. Caithfidh muintir Ghort Inse Guaire agus Phort Oma tiomáint trí Bhaile Locha Riach agus ar aghaidh go Baile Átha an Rí chun freastal ar an nGaelcholáiste is giorra dóibh. Labhair mé leis an Teachta O’Meara níos luaithe. Caithfidh daltaí a fhreastalaíonn ar na Gaelscoileanna san Aonach agus i nDurlas Éile taisteal go Cathair Luimnigh go dtí an Gaelscoil is giorra dóibh. Tá fadhb ollmhór againn. Tá géarghá le seisiún faoi leith maidir le bunú Gaelcholáistí sa dara leath den bhliain. Tá a fhios agam go bhfuil an clár cruinnithe déanta anois go dtí deireadh mhí Iúil ach, sa dara leath den bhliain, molaim go mbeidh seisiún againn maidir leis sin. Tá fáilte roimh na finnéithe teacht isteach don seisiún sin freisin, ach tá mé ag iarraidh go mbeidh an tAire i láthair go háirithe mar tá sé seo scannalach.

An iad na bailte a bhfuil stádas acu mar líonraí Gaeilge an áit is fearr le tosú le Gaelcholáistí? An iad sin na háiteanna ina bhfuil an gá agus an t-éileamh is mó i dtuairim na bhfinnéithe, go háirithe i dtuairim Chlodagh Ní Mhaoilchiaráin?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is ceist dheacair í sin le freagra a thabhairt uirthi. Tá an Cathaoirleach Gníomhach ag caint faoi fhreastal a dhéanamh ar na háiteanna ina bhfuil an t-éileamh is mó. Má tá an t-aitheantas bainte amach ag ceantar, tá léiriú láidir tugtha go bhfuil sé tiomanta don Ghaeilge agus don Ghaeloideachas. Má tá an t-éileamh láidir ag teacht ó na ceantair sin, is ceart freastal a dhéanamh air. Ní he sin le rá, áfach, nár cheart freastal ar cheantair nach bhfuil an t-aitheantas sin acu ach an oiread.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an fáth a gcuirim an cheist sin ná gur fhreastail mé ar bhunscoil lánBhéarla ach bhíodh sé ag feidhmiú mar Ghaelscoil i ngach rud seachas ainm. Thángamar amach ó rang a sé le Gaeilge líofa, beagnach. Dá mbeadh an suirbhé a cuireadh ar na scoileanna curtha i gceart, bheadh freagraí i bhfad níos difriúla ag teacht ó na tuismitheoirí sa scoil sin. Má tá dalta ag tuismitheoir i rang a cúig nó rang a sé, níl siad chun a rá i suirbhé go mbeadh siad sásta an dalta sin a chur ar aghaidh go dtí rang a sé trí Ghaeilge nuair atá seacht mbliana sa bhunscoil déanta i nGaeilge. Ar aon nós, is rud difriúil é sin.

Maidir leis na díolúintí, céard a cheapann na finnéithe faoi a leithéid de pholasaí nuair nach mbeadh cead ag dalta ach díolúine leathan a fháil ó dhara teangacha go ginearálta, cosúil leis an Ghaeilge, an Fhraincis, an Iodáilis agus an Spáinnis? Má fhaigheann dalta díolúine ón Ghaeilge, bíonn an díolúine sin i bhfeidhm trasna na dteangacha ar fad, ar nós na Fraincise, mar shampla. Bhí mé i mo mhúinteoir meánscoile agus chonaic mé go leor daltaí ag freastal ar ranganna Fraincise agus Spáinnise a raibh díolúintí acu ón Ghaeilge. Céard a cheapann na finnéithe faoi mholadh an pholasaithe sin?

Mr. Julian de Spáinn:

Tuigim an áit as a bhfuil an moladh ag teacht. Tá sé ag teacht ón frustrachas agus ón aitheantas go bhfuil sé sin mar atá sa suíomh. Is é an moladh atá againn ná an fhadhb a réiteach agus na cúiseanna a bhfuil gá leis na díolúintí a laghdú go suntasach. Is é an bealach chun na cúiseanna sin a laghdú ná trí bhreathnú ar na dreamanna is mó atá ag tógáil na ndíolúintí, is iad sin, daoine le riachtanais bhreise. Má chuireann muid córas i bhfeidhm atá in ann freastal ar na daoine le riachtanais bhreise agus an cumas atá acu, cosúil leis an CEFR, ní bheidh gá leis an díolúine a thuilleadh.

Maidir leis na daoine a thagann isteach déanach sa chóras, sa Bhreatain Bheag agus in áiteanna eile, ní smaoiníonn siad in am ar bith nach mbeidh na daoine seo ag teacht isteach ina scoileanna gan Breatnais a fhoghlaim. Ba chóir gur amhlaidh a bheadh sé inár scoileanna freisin. It is kind of an Irish solution to an Irish problem i gcónaí. Bíonn muid ag iarraidh an fhadhb a chur ar leataobh agus a sheachaint in ionad iarracht a dhéanamh í a réiteach. Más féidir linn an córas a réiteach, ní bheidh gá leis na díolúintí agus ní bheidh an cheist seo ann maidir le cé acu ar chóir nó nár chóir go mbeadh an díolúine do na teangacha ar fad. Is ag réiteach na faidhbe atá ár n-aird.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ar an ábhar céanna, cé go bhfuil treoir tagtha ón Roinn oideachais maidir le seachadadh seirbhísí do pháistí le riachtanais bhreise, is tábhachtach an rud atá ag tarlú go minic ag leibhéal na meánscoile a aithint. Caithfidh muid a bheith ionraic faoi. Tá iallach á chur ar na daltaí mar faigheann siad na tacaíochtaí le linn na ranganna Gaeilge. Táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí ansin, a thuigeann-----

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is rogha é.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is rogha atá ann idir tacaíochtaí a fháil nó Gaeilge a dhéanamh. Caithfidh siad an cinneadh sin a dhéanamh, agus is cinneadh uafásach deacair é sin le hiarradh ar aon duine déanamh.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin feicthe agam. Tuigim do Chlodagh Ní Mhaoilchiaráin. Ta ceist dheireanach agam, agus b’fhéidir gurb í seo an cheist is mó atá agam inniu. Baineann sé le curaclam na Gaeilge sa dara leibhéal i scoileanna lánBhéarla. Cén saghas róil a bhí ag eagraíochtaí na bhfinnéithe sa phróiseas nuair a bhí an dréachtú den ardteist nua á dhéanamh? Rinneadh laghdú ar líon na marcanna a bhí ar fáil don scrúdú béil. Céard a cheapann na finnéithe faoi sin? An bhfuil an Fráma Tagartha Comónta Eorpach le bheith curtha i bhfeidhm maidir leis an arteist anois?

Aontaím go huile is go hiomlán leis an Teachta Coppinger i mbealach amháin. Ba cheart go mbeadh deis ag gach dalta dul chun na Gaeltachta. Bhí mé sa Ghaeltacht. Aontaím go huile is go hiomlán léi mar bhí an-taithí agam agus mé sa Ghaeltacht. Is cineál réitigh í an Ghaeltacht ar siomptóm níos mó ná an galar, áfach.

Is é an galar ná an drochmhúineadh atá ar fáil do dhaltaí sa seomra ranga. Is ar an gcóras go ginearálta a chuirim an milleán, ní ar na múinteoirí mar bíonn siad ag múineadh don scrúdú. Ní raibh riamh rang agam nuair a mhothaigh me compordach ag labhairt i nGaeilge mar bhí an méid sin litríochta le déanamh. Céard a cheapann na finnéithe ina leith sin?

Mr. Julian de Spáinn:

Luafaidh mé an rud a luaigh me níos luaithe i mo chaint. Tá muid in éigeandáil faoi láthair. Níl aon bhealach eile le breathnú air seo ach níl sé le feiceáil nó nil aon duine ag caint faoi mar tharla sé thar tréimhse blianta. Má breathnaíonn muid ar an teastas sóisearach, mar shampla, ní dhearna 20% de na daltaí an scrúdú Gaeilge. Rinne 97% acu stair. Tá fadhb ollmhór ann agus tá sé ag éirí níos measa agus níos measa. B’fhéidir go n-ardóidh an figiúr sin pointe céatadáin amháin nó dhó. B'fhéidir go mbeidh muid ag labhairt faoi seo i gceann trí bliana agus figiúr 25% i gceist. Níl muid ag tabhairt faoin fhadhb. Sílim gurb é an rud a bhfuil an Seanadóir ag caint faoi ná conas is féidir linn an curaclam a athrú chun go mbeidh sé in oiriúint don dalta agus go mbeidh siad ag foghlaim in ionad ag iarraidh an rud a sheachaint. Creideann muid gurb é sin an CEFR.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo leithscéal ach tá muid tar éis dul i bhfad thar am. Tiocfaidh mé ar ais níos déanaí má tá an dara babhta againn.

Photo of Aisling DempseyAisling Dempsey (Meath West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir. I too will ask my questions in English. Obviously, like everyone else here, I received my education through English but I attended Gaeltacht courses for a number of summers and have Irish-speaking parents. I still do not feel I have the confidence with my Irish, however. I am picking up a lot of what is being said, but that is probably from having read the opening statements as well. That is probably the most disappointing thing. We have such a rich history and are so proud of being Irish but we do not reflect that in our love of the language. As Ms Ní Mhaoilchiaráin mentioned, we are seeing a renaissance at the moment. We must grasp that and enact legislation to support it. I attended the IMEASC briefing in Buswells Hotel recently and there was great cross-party support. We are on the right track but, unfortunately, things move slowly through these Houses. Now is our moment.

When it comes to the recent changes to the curriculum, we had robust discussions at this committee about our disappointment in the 30-minute reduction for Irish. More generally in the context of those curriculum changes, the reason people like me did not speak Irish or keep it up was because it was not taught orally. The curriculum focused on poems and things like that. Do the witnesses feel those changes are the right step? Is a lot more reform needed? Are the witnesses engaged in that process?

Mr. Julian de Spáinn:

Tá athrú tar éis teacht ar an gcuraclam sa bhunscoil agus tá sé níos fearr, le cur chuige ina bhfuil béim níos mó ar an nGaeilge labhartha. Tá sé cineál ceangailte le múineadh an Bhéarla agus múineadh na dteangacha trí chéile, agus is maith an rud é sin. Níl na torthaí a bhfuil teacht orthu mar ba mhaith linn fós. Mar a dúirt an Teachta, tá an 30 nóiméad níos lú de mhúineadh na Gaeilge chun damáiste a dhéanamh. Is é an fhadhb is mó – téann an CEFR i ngleic leis seo – ná nach bhfuil muid ag tabhairt na scileanna do pháistí le gur féidir leo an Ghaeilge a úsáid. Mar a dúirt an Teachta, tá easpa muiníne agus easpa cumais ag daltaí chun an teanga a úsáid de bharr nach mbíonn muid ag breathnú ar an tslí a múineann muid an Ghaeilge le go múintear sa tslí ceart í. Tá na múinteoirí go iomlán taobh thiar den choincheap seo go mbeadh an CEFR i gceist. Tá siad ag iarraidh go mbeidh an scrúdú béil don sraith shóisearach i bhfeidhm freisin. Bhí an scrúdú béil ann ar bhonn deonach ach fuarthas réidh leis. Tá an cuma ar an scéal go mbíonn an córas i gcónaí ag dul i dtreo córais nach bhfuil in oiriúint do mhúineadh na Gaeilge.

Rinne an NCCA athbhreithniú ar an tsraith shóisearach nua. Tá sraith shóisearach nua trasna an bhord i bhfeidhm faoi láthair. Rinne Ollscoil Luimnigh taighde don NCCA ar thuairimí na múinteoirí faoin teastas sóisearach nua agus an seancheann. Tháinig an NCCA amach ag rá go raibh an cuma air go bhfuil gach rud go maith agus go bhfuil na múinteoirí ag tógáil an chórais nua ar bord. Bhí torthaí ó na múinteoirí Gaeilge go dona amach is amach, áfach. Bhí na múinteoirí thar a bheith curtha amach leis an gcóras de bharr nach bhfuil sé ag freastal i gceart orthu ná ar a gcuid tuisceana faoin chóras atá ag teastáil ó na daltaí. Tá scéal dearfach á chur amach an t-am ar fad ag an Roinn, an NCCA agus eile ach tá an fhírinne difriúil. Is gá dul i ngleic leis sin.

Bhí an Roinn oideachais ag iarraidh dul i ngleic leis an nGaeilge sa chóras oideachais agus i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Chuir sí plean dhá bhliain le chéile le déanaí chun cabhrú le scoileanna Bhéarla. Sa chur chuige agus sa phróiseas chun an plean sin a chur le chéile, dúirt an Roinn go sonrach go mbeadh sí ag fanacht laistigh den churaclam reatha – sin an áit a bhfuil an fhadhb – agus nach mbeadh sí ag plé le díolúintí. Dúirt an Roinn nach gcuirfeadh sí an dá eilifint is mó sa seomra san áireamh sa phlean. Mar shampla, nuair a chuirim ceist maidir le fadhbanna díolúintí agus eile, is é an freagra a fhaighim ná go bhfuil plean dhá bhliain á chur i bhfeidhm ag an Roinn, ach ní raibh an dá rud is mó mar chuid den phlean sin. Tá rudaí maithe sa phlean agus tá súil agam go n-éireoidh leis na rudaí maithe sin, ach níl an Roinn ag tabhairt faoin churaclam ina iomláine mar rud amháin, is é sin go múineann muid an Ghaeilge ó thús go deireadh, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Déanann sé ciall go bhfuil muid ag iarraidh é sin a cheangal le chéile. Is féidir é sin a dhéanamh leis an CEFR ach níl obair tosaithe air sin. Is é sin an fáth a bhfuil muid ag iarraidh an grúpa saineolach a chur ar bun láithreach bonn. Má dhéanann muid é, ar a laghad beidh muid ag bogadh sa treo ceart.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Le cur leis an méid sin, tá eilifint eile sa seomra, is í sin cumas labhartha na múinteoirí ag leibhéal na bunscoile. Tá dúshlán ansin. Feiceann muid na múinteoirí ag teacht isteach. Níl an mhuinín acu agus b’fhéidir nach bhfuil an cumas labhartha acu dul i mbun Gaeilge a mhúineadh mar theanga trí mheán na Gaeilge. Go minic, feictear daoine ag múineadh Gaeilge trí Bhéarla. Tá plean straitéiseach le spriocanna intomhaiste le tréimhse ama de dhíth chun cumas na múinteoirí a chur chun cinn. Rinneadh i dTír na mBascach é. Cuireadh maoiniú ar fáil do mhúinteoirí chun a gcuid cumais teanga a fhorbairt agus chuaigh múinteoirí, a bhí maoinithe, chun é sin a dhéanamh. Tá an infheistíocht sin de dhíth sa chóras anseo in Éirinn. Ní ghlacfaí le múinteoir bunscoile nach mbeadh in ann máta a mhúineadh sa rang. Ní ghlacfaí le múinteoir i rang bunscoile nach mbeadh in ann Béarla, stair, nó aon cheo eile a mhúineadh. Cén fáth a bhfuil muid ag glacadh le múinteoirí nach bhfuil ar a gcumas acu Gaeilge a mhúineadh? Tá toil ann ach b’fhéidir nach bhfuil an cumas teanga ann. Caithfidh muid aghaidh a thabhairt air sin. Caithfear teacht suas le réiteach indéanta le haghaidh a thabhairt air sin anois, seachas i gceann cúpla bliain síos an bóthar.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo agus as a gcuid ráiteas tosaigh, a bhí thar a bheith láidir. Bhí mé sásta nuair a fuair mé amach go raibh muid chun Gaeloideachas a phlé sa choiste oideachais faoi dheireadh. Tá mé tar éis bualadh leis na finnéithe ar fad agus gach ábhar a phlé sa choiste Gaeilge. Is topic leathan é Gaeloideachas agus níl a fhios agam an áit le díriú uirthi. I dtús báire, is mian liom a rá go bhfuil an-díomá orm faoi ráiteas an Aire a deir nach n-osclófar aon Ghaelscoil eile laistigh de chúig bliana. Tá an-díomá orm san iomlán. Tá mé lán le himní. Bhí mé ag éisteacht le ráitis tosaigh na bhfinnéithe agus an frustrachas a bhí iontu. Tá mé chomh crosta. Tá sé soiléir dom nach dtarlóidh aon athrú go dtí go mbeidh athrú rialtais againn. Níl aon mheas ná toil ag an Rialtas, is é sin Fianna Fáil agus Fine Gael. Ní athróidh aon rud go dtí go mbeidh an t-athrú sin againn. Is é sin a mhothaím. Tá mé chomh crosta.

Chomh maith leis sin, tá mé an-bhródúil as na polasaithe atá againn i Sinn Féin, idir oifig an Teachta Ó Snodaigh agus gach rud atá againn. Deir muid go mbeidh Aire sinsearach don Ghaeilge agus do phobal labhartha na Gaeilge agus Gaeltachta. Tá mé ag crith le frustrachas.

Tá mé tar éis an naíonra a lua leis na finnéithe i mBaile Chill Dara. Is oth liom a rá go bhfuil sé caillte againn. Tá sé ag dúnadh. Bhí deis ag mo thriúr páiste freastal ar Ghaeloideachas, ón luathoideachas ar aghaidh. Tá mé ag tógáil mo chuid páistí féin trí mheán na Gaeilge.

Ní bheidh deis ag mo pháiste is óige, Luán, an dara bhliain ECCE a dhéanamh i nGaeilge. Rinne mé cinneadh go dtosóidh sí ar an mbunscoil in ionad bogadh ar aghaidh go dtí réamhscoil Béarla. Beidh sí ag tosú níos luaithe dá bharr.

Díreoidh mé ar an suirbhé sin. Níor tugadh ach aon trian de na torthaí dúinn. Níor thaitin sé liom an chaoi a raibh an cheist curtha. Tá imní orm go bhfuiltear chun torthaí an tsuirbhé a úsáid agus a uasdátú mar fhianaise don phleanáil. An bhfuil aon duine ag iarraidh labhairt maidir leis na sonraí sin? Tá mé ag iarraidh go scríobhfaidh muid, mar choiste, chuig an Aire ag iarraidh uirthi na torthaí iomlána sin a thabhairt dúinn.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Bunaíodh an suirbhé ar bhunscoileanna chun díriú ar ilchreidmheachas agus cuireadh ceist na Gaeilge mar aguisín leis. Cuireadh ceist ilchreidmheach go sonrach ar scoileanna, rud a thuigeann muid mar bhí an Roinn ag iarraidh guth a thabhairt do thuismitheoirí a bhraith go raibh orthu scoil Chaitlicigh a roghnú. Bhí an Roinn ag tabhairt deise do thuismitheoirí, a raibh a gcuid páistí ag freastal ar scoil Chaitlicigh, a rá dá mba mhaith leo go mbeadh an scoil sin ilchreidmheach. Tá sé sin foirfe agus ceart. Ní raibh an cheist a cuireadh mar gheall ar an nGaeilge cothrom ar thuismitheoirí, áfach. Labhair mé faoi seo níos túisce agus thagair an Seanadóir eile dó freisin. Bhí ceisteanna ar nós, “Cad é leibhéal Gaeilge na múinteoirí sa scoil?”, “Cad é tiomantas na Gaeilge sa scoil?”, “Cén staid ina bhfuil do pháiste sa scoil?”, “An bhfuil sé nó sí chun bogadh ar aghaidh go dtí an mheánscoil an bhliain seo chugainn? “Cad a tharlóidh?”, agus mar sin de. Lorg muid go n-athrófaí an cheist, ach níor athraíodh í.

Cuireadh ceisteanna ar thuismitheoirí roimhe seo ar bhealach difriúil, cosúil le, “An seolfá do pháiste go scoil lánGhaeilge dá mbeadh ceann ann go háitiúil?”, agus bhí líon na bhfreagraí dearfacha ag teacht amach dúbailt nó trí oiread an mhéid a bhí sa suirbhé sin. Uaireanta, bíonn an figiúr thart ar 40% nó os a choinn sin. Is é sin an fíoréileamh ar oideachas lánGhaeilge.

Tá buairt orm - tá sé cloiste agam cheana féin - go bhfuil oifigigh na Roinne chun torthaí an tsuirbhé sin a úsáid mar an t-éileamh ar oideachas lánGhaeilge. Ní sheasann na torthaí sin nuair a chuirtear iad i gcomórtas leis na suirbhéanna eile atá déanta ó 2015 ar aghaidh. Mar shampla, fuarthas amach ó suirbhé de chuid an ESRI go raibh an figiúr sin ag 23%. Thagair Aidan Kinsella don tsuirbhé a rinne Amárach Research ina raibh an figiúr sin ag suí ag 49%.

Molaim go scríobhann an coiste seo chuig an Roinn chun na torthaí sin a lorg. Is cóir chomh maith don choiste iarradh ar an Roinn go mbreathnódh sí ar fhíorcheist a chur ar thuismitheoirí agus fíor-réiteach a fháil ar sholáthar oideachais lánGhaeilge sna ceantair sin. Tá deis iontach chun a bheith caillte againn sna cúig bliana amach romhainn mar ní bheidh aon suirbhé eile go dtí 2030. Le linn na gcúig bliana os ár gcomhair amach, beidh an Roinn oideachais ag rá nach bhfuil ach 13% ag lorg oideachais lánGhaeilge ar bhonn náisiúnta, cé nach bhfuil sé sin fíor.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Phléamar é seo sa choiste Gaeilge agus chuir muid an Roinn ar an eolas, roimh sheoladh an tsuirbhé, go raibh fadhb againn leis ach bhí sé ródhéanach. Ba chuma leis an Roinn. Níl ach cúpla soicind má tá aon fhinné eile ag iarraidh teacht isteach.

Mr. Aidan Kinsella:

Gabhaim mo leithscéal; níl mórán Gaeilge agam. I understand from talking to RTÉ journalists that they have sought answers from the Department to that particular question. They are seeking more detailed information as to what percentages would prefer to have Irish-medium education, including for pre-school education. They were refused that information. They sought a freedom of information, FOI, request that has been denied on a couple of grounds, which appear to be spurious. An appeal is being lodged against that decision. It would be great if this committee could request the Department to publish those figures. It is our view that the Department is selectively releasing data and that it is obviously sensitive to the results. If it is managing data in that fashion, it raises the question once again as to why it is doing so and whether the Department is hostile in this regard.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím le hAidan Kinsella. An bhfuil cead againn é sin a chur síos go bpléifidh é sin?

Photo of Darren O'RourkeDarren O'Rourke (Meath East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I thank all of the witnesses. I reflect entirely, in English, what an Teachta Ní Raghallaigh has said. It is a national disgrace where we find ourselves with the Irish language after such a period of time. I wish to be explicit in that regard. I have a question regarding the unmet need that is there. Maybe Ms Ní Mhaoilchiaráin can share her experience as a principal in this regard. I can reflect in this regard, and Mr. Kinsella mentioned it too. At 12 p.m. today, parents from Dún Seachlainn, County Meath, will be protesting because they cannot get Gaelscoil places for their children. This is a specific case where the Department had choices in front of it as to where to provide additional places. The case for both schools was quite equal, with maybe a few euros here or there. Essentially, all things being equal opportunity, the question was whether to provide additional places in the local Gaelscoil or the English-speaking community national school, and the Department chose the community national school. Is that the type of experience the witnesses have in other places? What do they think that reflects? If the Department is saying that it is not going to open new Gaelscoileanna or Gaelcholáistí in the years ahead, how will we provide for those children? Will it just be an increasing number of children who are refused an Irish-medium education?

Mr. Aidan Kinsella:

There are parents in IMEASC with children currently attending Gaelscoileanna who would like to continue and complete their education through Irish. The Gaelcholáistí are full, however. They are number 50 on a waiting list, for example. They have no chance to get to the top of that list. Due to demand, they are not even on a list for a place for an English-language secondary school. They are caught and stuck in a gap between the two systems. They are not being provided for and there seems to be no way out at all. We have come to realise that this is a problem that is bigger than policy. This is something that must be tackled systematically and strategically through legislation or constitutionally, whatever it happens to be.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Tá mé mar phríomhoide Gaelscoile ó 1998. Ta an t-ádh liom, agus mé mar phríomhoide i mBaile Brigín in north County Dublin, go bhfuil Gaelcholáiste againn but níor tháinig sé sin go héasca. Bhí troid agus iomaíocht ollmhór i gceist. Sa deireadh, dúradh linn gur scoil lánBhéarla a bheadh ann ach, toisc an oiread argóna, taighde, uimhreacha agus oibre móire mhór idir an fhoras, Gaeloideachas agus an coiste bunaithe, bhí ar an Roinn a aithint go raibh gá le Gaelcholáiste sa cheantar mar ní raibh aon rochtain ar aon rud ó Scoil Chaitríona agus Gaelcholáiste Reachrann suas go dtí an Tuaisceart. Ní raibh aon rud ansin.

Tá ró-éileamh anois, mar a luaigh an Teachta. Tá dhá Ghaelscoil i Sord. Tá ceann i nDomhnach Bat. Tá Gaelscoil Ros Eo, Gaelscoil an Bhradáin Feasa agus muid féin. Tá an-éileamh. Ta daoine ag teacht ó Chill Dhéagláin. Tá éileamh ollmhór ar an nGaelcholáiste sin. Tá a fhios agam go bhfuil suim chun ceann a oscailt i Sord ach muna bhfuil deiseanna á gcur ar fáil chun é sin a dhéanamh, tá daoine chun titim amach as an gcóras.

Bhí mé ag obair i nGaelscoil i Maigh Eo roimhe seo. Tá ceithre Ghaelscoil láidir sa chontae ach níl aon rochtain ar Ghaeloideachas ag an dara leibhéal. Dá mbeadh scoil lonnaithe i gCaisleán an Bharraigh, bheifí ag caint ar dhaoine ag taisteal ó Bhéal an Átha, Clár Chlainne Mhuiris agus Cathair na Mart, rud nach bhfuil indéanta, go háirithe ar maidin. Tá na bóithre ansin go dona.

Ní fhéadfaí a bheith ag súil le go n-imeodh páiste ó Bhéal an Átha go Caisleán an Bharraigh chuile mhaidin. Mar a luaigh Caoimhín Ó hEaghra, ní leor é a rá go bhfuil rochtain i mbaile amháin agus a bheith ag súil go bhfreastalófaí air sin. Caithfear a bheith aireach. Táimid ag caint ar pháistí atá 12 a chur ar bhus ar feadh uair an chloig ar maidin. Níl sé sin indéanta. Tá tú ag caint ar pháistí ar aois-----

Photo of Darren O'RourkeDarren O'Rourke (Meath East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

These are trade-offs that patients make every day.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Cinnte. Tá tú ag caint ar pháistí eile, ar an áit ina bhfuil na tuismitheoirí ag obair agus ar chúram iarscoile. Tá tú ag caint ar na rudaí seo ar fad. Ní féidir a rá go bhfuil freastal ann muna bhfuil sé áitiúil. Tá sé cosúil leis an argóint atá ag tarlú faoi láthair maidir le scoileanna speisialta agus ranganna speisialta. Táimid ag súil arís go rachadh na daoine is leochailí ag taisteal. Táimid ag iarraidh go rachadh páistí atá 12, na páistí is leochailí, ag taisteal ar feadh uair an chloig.

Photo of Darren O'RourkeDarren O'Rourke (Meath East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

If there was institutional and political change and serious political will in relation to this and if the finances and resources were provided to support that, could this be transformed?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Creidim go hiomlán gur féidir dá mbeadh an toil agus an infheistíocht ann agus dá mbeadh plean straitéiseach intomhaiste ann a raibh buiséad ag baint leis agus a leag amach amlínte agus na dualgais atá ar na daoine éagsúla. Tá na daoine ann chun é a dhéanamh. Tá an tsuim ann agus tá an toil ag an bpobal. An bhfuil an toil chéanna ann ag leibhéal na Roinne agus an Rialtais? An bhfuil siad sásta an infheistíocht sin a dhéanamh?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Is é an plean atá ag an Roinn oideachais faoi láthair ná síneadh a chur leis na scoileanna reatha sula dtógtar aon scoil nua. Before building any new school, it is going to extend and make use of the current estate of schools. Tá sé sin ceart but, when you consider that the vast majority of schools are English-medium schools, ciallaíonn sé sin nach mbeidh aon scoileanna lánGhaeilge breise ann. This is happening on a practical level every day. For instance, in Ashbourne, a large extension was built for an English-medium secondary school. That extension would equate to a Gaelcholáiste to facilitate the demand in that area. Tá sé seo ag tarlú timpeall na tíre an t-am ar fad.

Mr. Julian de Spáinn:

Déanfaidh mé pointe deireanach air sin. Ó thaobh uaillmhéine agus an Rialtas ag tógáil rudaí mar thosaíocht, nuair a d'fhógair Rialtas na Breataine Bige in 2022 go raibh sé ag iarraidh an líon daltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna trí mheán na Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050, d'fhógair sé freisin go mbeidh 23 scoil nua ann agus go mbeidh síneadh déanta ar 25 scoil eile. Rinneadh é sin gan aon tascfhórsa ná aon rud eile. Ba é sin an rud a dúirt sé. Anseo, tá tascfhórsa ann agus an cuma ar an scéal go bhfuil an tascfhórsa chun teacht ar ais ag rá nach bhfuil aon scoil nua le bunú.

Photo of Pauline TullyPauline Tully (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a ráitis oscailte. Aontaím leis na rudaí atá á rá acu. Molaim go ndéanfadh an coiste obair ar an gceist seo. This committee really needs to do a set piece of work on this issue. We should set a number of meetings aside in the autumn to address it. As all of the witnesses have said, we do not have a proper policy for Irish-medium education and we have set no proper targets. We are at a crisis point so we need urgent action on this.

Tá brón orm nach bhfuil mé in ann comhrá a dhéanamh leis na finnéithe i nGaeilge. I come from County Cavan agus, i gContae an Chabháin, níl ach bunscoil lánGhaeilge amháin againn. The demand is there. Parents, teachers and groups are looking for more Gaelscoileanna. The one we have, Gaelscoil Bhréifne in Cavan town, is oversubscribed. It is doing really well. We were really disappointed at the recent announcement that there will be no more schools built in the country for the next five years. I welcome the fact that Corlea National School in Cavan is going to be redesignated as a Gaelscoil. That is great news. It is a small school centred between three areas of population. I hope it will do well. As a result of the Government's attitude, which we hope to change, does more work need to be done on the redesignation of local schools or on providing information on that possibility? The level of Irish in one of the national schools local to me, in Kilnaleck, is excellent. One of the teachers there teaches everything through Irish except the subject of English. Children come out of there with a brilliant grasp of the Irish language. The secondary schools recognise that. Could more be done on redesignation, such as providing information and supports to small schools that might consider it as an option? Are there any supports for ETBs that might consider developing a Gaelcholáiste in their area?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an gceist. Tá torthaí an tsuirbhé ar na bunscoileanna chun teacht amach i mí na Bealtaine. Dar leis an Roinn oideachais, ba cheart go mbeadh gach scoil sa tír, an scoil i gCill na Leice ina measc, ag fáil na dtorthaí ag deireadh mhí na Bealtaine, roimhe sin nó go luath i mí an Mheithimh. Léireoidh na torthaí sin do gach scoil an leibhéal éileamh ar oideachas lánGhaeilge ó phobal na scoile a léiríodh sa suirbhé. Because of the way it was worded, and based on na torthaí náisiúnta atá faighte againn ón Roinn oideachais, it is coming in at around 13%. I have disputed that figure previously. The demand for Irish-medium education is way higher than that but that is the result of this survey because of the way the question was worded. However, even based on that survey result, there is an opportunity for the Department and for communities across the country. Even taking the Department's 13%, the figure in one local school could be 13% while it could be 25% in the school next door. The Department should look at a community-based approach to the establishment of Gaelscoileanna or reconfiguring one English-medium school in an area as a Gaelscoil. While the multidenominational question is school-specific, because of the way the Irish question was worded, we need to adopt a schools community approach to each area, taking into account the results of the survey. We know the demand for Irish-medium education is way higher.

Gaelscoil Bhréifne is a perfect example of a multidenominational multicultural growing Gaelscoil in a community. It was left in prefabs. It was left in a garage. An Foras Pátrúnachta, Gaeloideachas and Conradh na Gaeilge had to intervene and assist that school a number of years ago. We had to go to the Department to seek help. In fairness, it did help. With support from the Department, that school has flourished. That can be replicated right around the country.

We have an opportunity through the reconfiguration survey. If the Department adopts a community-based strategy to addressing the survey's results, we can create more Gaelscoileanna in areas around the country that do not have any. More Gaelscoileanna at primary level will contribute to the development of more Gaelcholáistí in Cavan, Longford and Westmeath. Earlier, someone asked where these can be established. We provided the Department with six or seven locations where Gaelcholáistí could be established. In the midlands, there are 1,000 pupils in Irish-medium primary schools who are going into English-medium secondary schools. They are not being catered for. An easy resolution would be to establish Gaelcholáistí there.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Mr. Ó hEaghra mentioned Gaelscoil Bhréifne. Parents established that school. As he has mentioned, that is not really possible any more. The scouts gave the school their den and facilities for a time. As Mr. Ó hEaghra has said, the school was moved around from place to place. It is now absolutely flourishing. It is an excellent school. As far as I know, it is oversubscribed at this stage.

Mr. Aidan Kinsella:

Cavan is an excellent example but, if the Senator were to look to her neighbouring county of Monaghan-----

Photo of Pauline TullyPauline Tully (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Our rivals.

Mr. Aidan Kinsella:

Monaghan is a bright spot in Irish-medium education in the north east. There is no difference between the children in Cavan and the children in Monaghan or Louth. It is a case of "Build it and they will come". However, if it is not being promoted and not being provided, it will never happen.

Photo of Pauline TullyPauline Tully (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I imagine Cavan and Monaghan Education and Training Board would have no objection to a Gaelcholáiste in Cavan if it thought the Department would support it.

It did so in Monaghan and it has flourished. Monaghan has done really well and we are jealous of it in relation to its designation. It is always higher in the ranks. Other than that, we do not really get on with Monaghan.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mo thuairim, tá an Roinn tar éis an polasaí a athrú gach uair gur féidir le cinntiú nach gá Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí a thógáil. Tá sé sin le feiceáil ach go háirithe ón uair a bhí Ruairí Quinn ina Aire oideachais nuair a d'athraigh sé thar oíche an polasaí a bhí ann agus roinnt scoileanna díreach ar tí a bheith tosaithe.

Tréaslaím leis an gcoiste as déileáil leis an gceist mhór seo. Táimid tar éis a bheith ag déileáil leis sa choiste Gaeilge thar na blianta, ach is é seo an áit cheart chun déileáil leis - áit a bhfuil níos mó saineolais i gceist. Conas is féidir linn díriú ar a mhacsamhail den pholasaí atá sa Bhreatain Bheag a dhéanamh anseo? Tuigim na figiúirí ach ó thaobh an cur chuige de, cé mhéad scoileanna nó daltaí a bheadh i gceist dá mbeadh muid ag déanamh dúbailt thar cúig bliana nó deich mbliana? An bhfuil aon straitéis nó figiúirí ag an Roinn maidir le cé mhéad múinteoir sa bhreis a bheadh gá leo? Má tá sé seo chun a bheith curtha chun tosaigh, caithfimid a bheith in ann a rá gurb é seo an costas ar an Stát. B'fhéidir nach bhfuil an Rialtas chun é a dhéanamh ach ag am éigin beidh ar an Rialtas seasamh isteach anseo chun é seo a dhéanamh mar tá an éileamh ann. Mura ndéanfaimid é, táimid ag loic ar chearta na bpáistí sin ó thaobh oideachas tríd an teanga náisiúnta a bheith acu.

Mr. Aidan Kinsella:

Just to advise, it was suggested to us some time ago that the implications of having legislation passed had to be costed. A macroeconomic report, which we are hoping to release next month, was commissioned and that will give very broad, high-level indications of the impact of cost and so on. I know from the reviews which have been done to date that the vast majority of educational budget costs are the provision of teachers. Teachers in English have the same cost as teachers in Irish. There is no difference. There may be a small cost in terms of capital budget but over the lifetime of a school, 40 years, that washes out. The indications are that there is virtually no additional cost from an educational budget point of view. In terms of building capacity in teachers, we did a review using departmental figures showing the number of teachers forecast to be needed and the number forecast to be retiring and so on, and it looks as though over the coming years, because of demographic changes, there is going to potentially be a surplus of teachers produced in the country. If a small percentage of those are encouraged to teach through Irish, the country could easily double the provision of Irish-medium education in the next ten to 12 years without any additional cost, using existing teacher supply that is coming through.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Aidan Kinsella. Measaim gurb é an príomhtheachtaireacht, i gcomhthéacs an tslí a bhíonn daoine ag féachaint ar rudaí, ná nach bhfuil costais breise i gceist. Níl i gceist ach deileáil leis an maoin atá ann cheana féin le cur chuige difriúil.

Tá ceist eile agam. Tá an freagra ar eolas agam ach ba mhaith liom go mbeadh sé curtha ar an taifead. An bhfuil aon phrótacal, treoirlíne nó múnla ann - laistigh den Roinn, seachas laistigh de na heagrais - chun cuidiú le scoileanna atá ag iarraidh aistriú ó scoil Bhéarla go dtí scoil Ghaeilge ag an dá leibhéal?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Mar chuid de na dualgais atá ag an tascfhórsa don oideachas lánGhaeilge, tá sé ag féachaint ar an gceist tacú le scoileanna iompú ó scoil Bhéarla. Tá action research ar siúl ag Gaelcholáiste Synge maidir leis na deacrachtaí a bhaineann leis sin. Is ceist ollmhór í. Níl aon rud cinnte, soiléir leagtha síos ag an Roinn go fóill, ach tá a fhios agam go bhfuil go leor oibre á dhéanamh maidir le Gaelcholáiste Synge agus breathnú ar an bpolasaí d’oideachas lánGhaeilge. Níl aon rud forbartha go fóill.

D'iarr an Teachta an bhfuil costáil déanta ar sholáthar scoileanna timpeall na tíre. B'é ceann de na chéad ráitis a dúradh linne agus muid ag suí ag an tascfhórsa ná nach bhfuil aon scoil nua le bheith tógtha mar nach bhfuil an t-airgead ag an Stát. B'shin a dúradh linn, agus bhí an-easaontas ag an tascfhórsa mar gheall air sin. Cén fáth a raibh muid ann ach le plean a lorg? Níl plean nó fiú amháin costáil déanta ag an Roinn oideachas ar céard a chosnódh sé seo a dhéanamh, nó cé mhéad scoil atá ag teastáil chun freastal ar pháistí na tíre. B'fhéidir gurb é ceann de na céad ceisteanna go bhféadfaí a iarradh ar an Roinn ná an bhfuil costáil déanta aige ar céard a chosnódh sé oideachas lánGhaeilge a chur ar fáil timpeall na tíre do pháistí na tíre.

Mr. Julian de Spáinn:

Tá Gaelcholáiste Synge luaite cúpla uair. Ba mhaith liom caipín eile a chur orm mar chathaoirleach ar an mbrúfheachtas atá ag iarraidh Gaelcholáiste a bhaint amach. Tá troid ag na tuismitheoirí le breis is ceithre bliana anuas chun é sin a dhéanamh. Tá múnla nua tosaithe ag an Roinn nach raibh tosaithe roimhe seo. Tá sé an-díomách mar mhúnla cheana féin sa bhealach is go bhfuil an-chuid easpa cinnteachta i gceist leis. Níl fhios ag na tuismitheoirí fós cén saghas scoil atá á cruthú - scoil le haghaidh 100 dalta, scoil le haghaidh 400 dalta nó eile. Níl sé ag teacht leis an múnla a bhí na tuismitheoirí ag lorg an céad lá riamh. Bhí siad ag iarraidh scoil nua neamhspleách a bheadh ilchreidmheach, ach mar gheall ar an múnla atá roghnaithe tá roinnt de na tuismitheoirí curtha amach mar go bhfuil CBS Synge Street faoi reiligiún cheana féin. Leanfar leis sin. Tá go leor céimeanna nó rudaí nach bhfuil soiléir sa mhúnla nua cé go mbeidh sé in úsáid, b'fhéidir, mar bhealach don todhchaí le Gaelcholáistí nua a chur ar bun. Faoi láthair, tá sé thar a bheith díomách i dtaca an cur chuige atá ann agus an easpa eolais atá roinnte leis na tuismitheoirí. Beidh le feiceáil conas mar a éiríonn leis. Dar ndóigh, tá muid ag déanamh gach iarracht le go n-éireoidh leis ach níl sé éasca.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá seans againn dhá nóiméad an duine a thabhairt sa dara bhabhta má tá daoine ag iarraidh teacht isteach arís. An bhfuil éinne ag iarraidh teacht isteach? Tá gach éinne ag iarraidh teacht isteach. An chéad duine atá ar an liosta ná an Teachta Cummins.

Photo of Jen CumminsJen Cummins (Dublin South Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I thank the witnesses. It has been really interesting to listen to the debate. Frustration levels are quite high. It is like we are banging our heads against a brick wall. We are all in agreement about things yet nothing seems to happen. That is not a question; it is more of a point.

I agree with Senator Tully. As a committee, we need to look at this. We also need to look at the Gaeltacht committee, of which Deputy Ní Raghallaigh is a member. It is like being in school when the subjects are divided. We are talking about this subject now. We need to put that together because ultimately, if we want to move to a situation like what Wales has, talking about it in silos is not getting to help. I am still so new that I do not know how it works when we seek to get two committees to work together to draw these things together and try to move them on. As we are all in agreement, I do not understand what the delay is. Has anybody got any suggestions as to what it is? They will have one minute if that is enough time.

Mr. Julian de Spáinn:

Más féidir liom moladh a dhéanamh, tá an méid atá muid ag caint faoi inniu chomh leathan. Tá an oiread sin i gceist leis. Rud atá aitheanta ná go bhfuil an chuid is mó den chaint bunaithe ar an soláthair Gaeloideachas don todhchaí. Tá gá dul i ngleic leis sin agus leis an bpleanáil chuige. Ar an taobh eile den rud, tá éigeandáil sa chóras oideachais ó thaobh an córas féin agus curaclaim agus eile, agus tá gá dul i ngleic leis. Is gá saineolaithe éagsúla a thabhairt isteach le labhairt faoin dá ábhar.

Má tá an coiste ag dul ar aghaidh agus ag déanamh cúpla éisteacht eile, b'fhéidir gur fiú a bheith ag smaoineamh go bhféadfaí an dá rud a bhriseadh suas, an córas Gaelscolaíochta ar thaobh amháin agus an soláthar agus ar an taobh eile go mbeadh an Ghaeilge ann ó thaobh curaclaim agus ó thaobh sin de freisin, má dhéanann sé sin ciall.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An frustrachas is mó a bhí orm riamh mar mhúinteoir ná nach raibh mé in ann tumoideachas a chur i bhfeidhm sa seomra ranga mar gheall ar an struchtúr atá ar an gcuraclam leis an mbéim iomlán ar an litríocht agus easpa spáis don labhairt. Tá géarghá le níos mó Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, agus tá géargha le hinfheistíocht. Glacaim le gach rud ansin. Go dtí go dtarlaíonn sé sin, conas is féidir linn droichead a chruthú sna scoileanna lánBhéarla ionas go mbeidh deis ag na múinteoirí? Tá smaoineamh agam féin, ach céard a cheapann na múinteoirí? An féidir linn a bheith radacach leis an gcuraclam agus 50% a thabhairt don scrúdú béil? Conas a dhéanfaimid é sa seomra ranga idir an dá linn, go dtí go bhfuil an cás idéalach againn sa todhchaí?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is ceist mhór í sin agus níl a fhios agam an bhfuil an freagra ag aon duine. Tá an-chuid tagartha déanta don chur chuige a chuirfeadh an chaint chun cinn. Tá tagairtí déanta don CEFR agus na rudaí sin ar fad. Luaigh an Cathaoirleach Gníomhach 50% de mharcanna a thabhairt don bhéaltriail. Caithfidh rud éigin radacach tarlú. Tuigim an easpa tola a d'fhéadfadh a bheith ag múinteoirí ag dul lena leithéid, ach caithfimid a bheith radacach agus rud éigin a bhrú ar aghaidh a chuirfidh béim ar an gcumas cainte go dtí go dtarlaíonn sé sin agus go dtí go bhfuil sé feicthe mar thosaíocht don scrúdú. Tuigimid ar fad nuair a bhíomar ar scoil an céatadán a bhí ag dul don bhéaltriail, ach an modh oibre a cuireadh isteach sa phrós, litríocht agus na rudaí sin ar fad, seachas a bheith ag díriú isteach ar 40% ar an mbéaltriail agus an 10% nó 20% a bhí ann don chluastuiscint. Caithfimid an bhéim a athrú agus caithfear na múinteoirí a chumasú chun é sin a dhéanamh.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud amháin a mholfainn do na finnéithe, go háirithe Gaeloideachas, ná go bhfuil go leor scoileanna i mo cheantar atá i mbaol dúnadh mar gheall go bhfuil siad dalta nó beirt thar an teorainn faoi láthair agus go bhfuil siad ar tí titim faoi. Bheadh na tuismitheoirí sa cheantar sin sásta an scoil a fheiceáil ag aistriú go Gaelscoil in ionad an scoil a chailliúint sa cheantar. Cruthaíonn scoil eacnamaíocht eile - siopa beag, oifig an phoist agus go leor rudaí áitiúla. Tá seans ansin in áiteanna a bhfuilimid ag cailliúint daoine ón tuath. Tuigim é sin. Tá deis ansin labhairt leis na scoileanna beaga sin chun Gaelscoileanna a chruthú.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Cinnte.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé thar am. Gabhaim buíochas le Clodagh Ní Mhaoilchiaráin. Glaoim ar an Teachta Ní Raghallaigh.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an-chuid ceisteanna agam. Bhí mé ag iarraidh caint faoi naíonraí, earcú múinteoirí, an suirbhé agus an tascfhórsa ach níl ach dhá nóiméad agam. Aontaím le Julian de Spáinn. Bhí an t-ábhar róleathan. Nuair a bhí Caoimhín Ó hEaghra ag caint faoi Scoil Bhréifne, luaigh sé an infheistíocht chaipitil €466 milliún i bhfoirgnimh ó 2020. An bhfuil mórán de na Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí fós ag úsáid áiteanna mí-oiriúnacha, trealamh mío-iriúnach nó prefabs agus mar sin?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Tá, i scoileanna lánGhaeilge agus i scoileanna Béarla, le bheith cothrom. Nuair a smaoinítear gur bunaíodh a lán de na scoileanna lánGhaeilge ó na seachtóidí ar aghaidh agus ansin nuair a bunaíodh an foras na nóchaidí, níl ár scoileanna ar fad ach 30 bliain d'aois. Tá scoileanna fós i seanmhonarcha, i seomraí feistis agus seomraí réamhdhéanta taobh le páirceanna peile. Níl foirgneamh buan faighte acu fós. Má tá oifigigh na Roinne istigh anseo ag rá leis an gcomhchoiste go bhfuil siad dáiríre faoi infheistiú san oideachas lánGhaeilge agus go bhfuil €466 milliún caite acu ar oideachas lánGhaeilge, sin €466 milliún ar shaoránaigh na tíre seo chun scoil a chur ar fáil dóibh, rud a bhfuil an ceart sin acu ar nós na bpáistí atá ag freastal ar scoileanna Béarla. Ní ceart glacadh leis an bhfigiúr sin mar infheistíocht bhreise san oideachas lánGhaeilge. Cuirtear chun cinn é sin an t-am ar fad. Sin an fáth ar luaigh mé an figiúr sin. Dá mbeadh sí sásta €466 milliún a chur isteach gach bliain nó gach ceithre bliana, bheadh fáilte roimhe sin.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta ceart go leor?

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfainn ar aghaidh ach tá an t-am istigh.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a bheith cúramach. Glaoim ar an Teachta O'Rourke.

Photo of Darren O'RourkeDarren O'Rourke (Meath East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

The groups have a number of specific asks and recommendations for the committee. One is to follow up with the Department on the survey. Others are in relation to the programme for Government commitment for establishing Gaelcholáistí. Another is in relation to designating the provision of Irish-medium education as a national priority. I am asking that the committee would, as a matter of course, act on each and every one of them. I have not covered them all there but they need to be pursued as a matter of courtesy and, more than that, intent on our behalf.

I will pick up on the point that Ms Ní Mhaoilchiaráin made in relation to her own experience of the language and it being a vehicle for social interaction. A point was made on the framework for the curriculum. I think the term "backwards" was used. In my opinion, it is with the end in mind. People should ask themselves what they want to achieve here and then build an education system to achieve that. For me, the State has a hugely important role in relation to that.

I could talk about my own experience of visiting north Wales and in the shop ordinary people were communicating, or getting into a taxi whose driver is a retained firefighter who said he has Welsh and needs it for work. It is just those pillars that are there. It needs to be a living language. I can talk about my own kids who now have the opportunity to go a Gaelscoil and communicate with their mother in Irish at 3 o'clock in the morning when they are rambling around the house. It is the richness of the language and the life of the language. It can be done if the support, resources and intent is there. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Hopefully this hearing can contribute to some advancement in relation to all of it.

Photo of Peter RochePeter Roche (Galway East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I apologise, I had to pop out early because I had some discussion in the Dáil. The witnesses are very welcome. It is good to know that you are welcome, is it not? I am really taken by the statements. I read them over. One of the things that stood out for me was when words were used in terms of the Irish language and the decline, such as "emergency", "crisis", "critical situation", "serious problems" and "deception". I was taken by that because I have a passion for the Irish language. I am not a Gaeilgeoir but I have a good appreciation of Irish. I can converse in it. Any watering down of it would be a real bad deal. What the witnesses are looking for is something extraordinarily reasonable in terms of the expert group looking at the policy for Irish in the education system. The ask to have an increase from 6% to 20% by 2050 is reasonable.

I come from Galway East. Irish is taught in most schools. We have a Gaelscoil in Tuam, thankfully. As one of the contributors mentioned earlier, Gaelscoileanna came about as a consequence of parental force or campaigning or whatever.

I have in the past visited the islands and Connemara where it is gorgeous to listen to it. Any lack of investment to continue to promote and support that would be an assault on us all, even those of us who are not fluent Irish speakers. I was taken aback when I read the line that Ministers have shown inaction and silence in the past towards what it is the witnesses are trying to achieve. Can I ask a brutal, honest question? Why do witnesses think that is? I do not care who takes that question. Why do witnesses think that is the case? What do they believe has them in that sort of situation?

Mr. Julian de Spáinn:

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá pointe an-mhaith déanta aige maidir leis na hAirí. Tabharfaidh mé sampla d'Aire a bhí go maith, a léirigh fís agus a raibh tiomanta don Ghaeloideachas. Nuair a bhí Joe McHugh ina Aire oideachais, dúirt sé go hoscailte go raibh sé ag iarraidh an líon dalta sa Ghaeloideachas a dhúbailt. Bhí an sprioc sin sa chéad clár Rialtas eile, mar go raibh sé fós ag críochnú mar Aire oideachais. Bhí sé luaite sa chlár Rialtais go mbeadh an líon dalta sa Ghaelscolaíocht ag dúbailt. Faraor, ní raibh Joe McHugh mar Aire oideachais ina dhiaidh sin. Sleamhnaigh an tosaíocht sin sa chlár Rialtas agus laghdaigh an líon dalta sa Ghaelscolaíocht faoi 3%. Tagann an-chuid ó thiomantas an Aire agus an Rialtas reatha. Bhíomar ag caint níos luaithe faoin Aire oideachais ag teacht roimh an choiste ionas go dtuigfidh an Rialtas ina iomlán agus an tAire Oideachais go sonrach go gcaithfear tosaíocht a dhéanamh de seo. Déantar tosaíocht de sa Bhreatain Bheag. Feicfimid é sin leis na spriocanna atá acu agus na hacmhainní a chuireann siad isteach ach níl sé le feiceáil anseo ó, mar a dúirt mé, bhí Joe McHugh ina Aire Oideachais. Bhí Airí eile go maith thar na blianta ach bhí Joe McHugh mar dhuine faoi leith a bhí ag iarraidh an líon dalta sa Ghaeloideachas a dhúbailt. Bhí an sprioc sin sa chlár Rialtas ina dhiaidh, ach ní raibh sé in ann le hé a chur i bhfeidhm ag an am.

Photo of Peter RochePeter Roche (Galway East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

One of the things Joe McHugh did that I was always taken with was that he became a proficient Gaeilgeoir from someone who had modest Irish like myself. For me, the witnesses are pushing an open door with regard to what it is they are looking for. It is fair to say from the contributions around the room thus far that we are all at one in terms of the support they are looking for. It behoves every one of us to ensure we maximise the potential or opportunity we have to influence the current Minister and Department officials to respond to their requests. We need to start that work today. It is not something we can delay. I do not know if the witnesses have done this before. If they have not, this is the start of something positive. If they have done it before, I would like to understand if anything happened as a consequence or whether it is still the status quo.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Aontaím leis an rud a dúirt Julian de Spáinn faoi Joe McHugh. Bhí sé ar fheabhas mar Aire oideachais. However, to leave it to one Minister is too much. To leave it to the Department of education is too much. The Department of education had to petition for extra money for resources this year, and rightfully so. This has to be a Government decision led by the Taoiseach and backed by the Ministers and Government with funds and capital. Le gach rud a bhíonn á lorg ag an Roinn oideachais - every initiative - bíonn air dul go dtí an tAire Airgeadais agus cead a iarradh é sin a fháil ón mbuiséad. This needs to have cross-Government support among all the Ministers as a national priority. We tend to forget gurb í an Ghaeilge an chéad teanga sa tír seo, ach is mionteanga í. It is a minority language. As a minority language, it needs support.

Deputy Cummins asked why there is so much pressure on Gaeltacht families. The English language is impacting everywhere across the country, including Gaeltacht areas. We as a country need to recognise that it is a minority language and implement supports. When we approach the Department in relation to establishing Gaelscoileanna, we are told that it must treat all schools the same. This is correct but is í an chéad teanga í agus is mionteanga í. Caithfear tacú léi.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cupla ceist agam. Maidir leis na torthaí ón suirbhé sin, an bhfuil muid ag iarraidh scríobh go dtí an tArd Rúnaí nó an tAire?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

An tAire is dócha.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir go scríobhfaimid go dtí an bheirt acu le bheith cúramach. Is féidir linn é a sheoladh go dtí an tAire agus é a chur ar aghaidh go dtí an tArd Rúnaí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl na torthaí ag an Aire go fóill.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cuma. Is féidir linn iad a iarraidh ar aon nós.

Luaigh mé soláthar foirgneamh do Ghaelcholáistí agus Gaelscoileanna nua ná. Tá oifigigh ón Roinn ardoideachais agus go leor daoine eile ag teacht isteach an tseachtain seo chugainn chun labhairt faoi seo. Beidh seans againn dul i ngleic leis an gceist seo ansin.

Tá daoine ag iarraidh teacht isteach. An bhfuil an Seanadóir Tully ag iarraidh teacht isteach? Rinne mé dearmad ar an liosta mar táimid ag dul tríd faoi dhó.

Photo of Pauline TullyPauline Tully (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

When we talk about Joe McHugh and different people who learned their Irish as adults, I remind the committee that our President, Uachtarán na hÉireann, did as well. There is a huge interest in the Irish language among people across the country. It is the opportune time to be pushing for more supports for Gaelscoileanna. I know a lot of adults who are doing classes and are seeking a week in the Gaeltacht, but it is all booked up for the whole summer, which is a wonderful sign. Will the Gaeltacht areas be able to accommodate more courses for both children and adults because the interest is there? Education is a lifelong experience. Adults who are interested in learning Irish are going to impact on others and help the whole project. How do we provide enough classes and Gaeltacht experiences for people who want to learn the language?

Mr. Julian de Spáinn:

Is gá pleanáil chuige sin. Táimid tar éis bheith ag éileamh ar an Roinn Gaeltachta le cúpla bliain anuas plean fadtéarmach do na coláistí samhraidh a chur le chéile. Níl sé ag gníomhú air sin fós. Sílimid gur chóir dó. Dá mbeadh sé ag breathnú ar an tsoláthar reatha - tá sé lán don tsamhraidh, mar a dúirt an Seanadóir - bheadh deis dochreidte anseo freisin. Dá mbeadh sé seo pleanáilte i gceart, bheadh teacht-isteach sa bhreis ann do phobal na Gaeltachta, rud a bheadh go maith do gheilleagar na Gaeltachta. Déanann sé ciall plean le spriocanna gearrtéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a chruthú. Sa chur chuige sin, bheadh ceist tithíocht Gaeltachta le tógáil san áireamh freisin. Dar ndóigh, caithfidh seomraí leapa agus eile a bheith ann má táimid le cur leis an líon daoine atá ag dul chun na Gaeltachta. Bheadh sin ar fad le tógáil san áireamh. Caithfidh an Roinn pleanáil go fadtéarmach agus freastal, mar a dúirt an Teachta Coppinger níos luaithe, ar dhaoine nach bhfuil an t-airgead acu dul chun na Gaeltachta, agus na scoláireachtaí a chur ar fáil le cabhrú leis sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an oiread sin rudaí gur féidir linn caint fúthu. Caithfimid díriú isteach ar an gceist atá muid tar éis bheith ag caint faoi. An gcreideann na finnéithe gur chóir go mbeadh pacáiste de thacaíochtaí breise curtha ar fáil le cuidiú leis an gcomhphobal oideachasúil, is é sin na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na daltaí atá ag aistriú ó scoil Bhéarla, nó ceantar ina raibh scoil Bhéarla ann, go dtí scoil Ghaeilge? B'fhéidir gur fiú don choiste cuireadh a thabhairt - fiú ar líne - do Cefin Campbell, atá mar Aire sa Rialtas nua sa Bhreatain Bheag? Is cara mór é ó thaobh chur chuige do theangacha nach bhfuil forleathan.

Agus an phleanáil sin á dhéanamh, an cóir go mbeadh siad ag díriú isteach ar thacaíochtaí breise? Bheadh siad ag caitheamh airgid ar oideachas ar aon chaoi, is cuma i mBéarla nó i nGaeilge, so níl aon chostas breise. Ba chóir go mbeadh muid ag féachaint go bhfuil tacaíochtaí breise i gceist má tá aistriú ag tarlú ó scoil agus pobal a raibh an Béarla ann roimhe seo, mar atá luaite.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Cinnte. Bheadh géarghá le réimse agus pacáiste leathan de thacaíochtaí. Tá tú ag caint ar mhúinteoirí a chumasú agus ar chúnamh a thabhairt dóibh siúd a bheidh ag dul i muinín an chórais. Chomh maith leis sin, tá tú ag caint ar na gasúir iad féin atá ag freastal ar na scoileanna. Má tá tú ag iarraidh an comhphobal Gaelach sin, leis an teanga acadúil agus an teanga sóisialaithe, a chruthú do pháiste atá i rang a cúig, tá tacaíochtaí de dhíth.

Rud ar cheart aghaidh a dhíriú air ná ag leibhéal na réamhbhlianta. Is gá naíonraí a bheith curtha ansin ionas go bhfuil cur chuige ar leith i gceist. Mar a luadh níos luaithe, tá an ceann áitiúil imithe i mbaile an Teachta. Tá sé sin ag tarlú fud fad na tíre. An t-eolas starógach atá ag teacht ar ais ná toisc easpa cumais earcaíocht a dhéanamh agus foireann a choinneáil agus easpa cháilíochta agus easpa chaighdeáin a bheith ann. Tá córas Stáit poiblí de dhíth go géar ag leibhéal na naíonraí ionas go mbeadh teacht ar na seirbhísí sin ag leibhéal an naíonra agus ansin go gcumasódh sé sin an chéad ghlúin eile a bheadh ag dul isteach go dtí scoileanna, ní hamháin Gaelscoileanna ach scoileanna eile atá ag aistriú. Láidreodh sé sin an bunús a bheadh ann dóibh. Go dtí go bhfuil cur chuige iomlán timpeallaithe ag na daltaí, tá éagóir agus faillí á ndéanamh orthu.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal as a bheith déanach. Bhí mé ag ócáid eile. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo inniu, go háirithe le Aidan Kinsella agus muintir IMEASC as a gcuid oibre agus an obair atá á déanamh acu le tuistí timpeall na tíre ó thaobh an brú a chur orainn mar pholaiteoirí agus ar an Rialtas chun níos mó Gaelcholáistí a bhunú.

Baineann mo chéad cheist leis na cáilíochtaí. Bhí Clodagh Ní Mhaoilchiaráin ag labhairt faoi easpa cáilíochtaí ó na meánscoile. Agus muid ag breathnú ar tuilleadh Gaelcholáistí a bhunú, tá sé feicthe agam i nGaelcholáiste Mhaigh Nuad, mar shampla, go bhfuil sé deacair múinteoirí a earcú a bhfuil caighdeán Gaeilge maith go leor acu, go háirithe ó thaobh na n-ábhar ar nós eacnamaíocht bhaile, miotalóireacht, adhmadóireacht agus na hábhair mar sin. Tá sé i bhfad níos éasca múinteoirí a earcú a bhfuil stair acu agus Gaeilge, nó tíreolaíocht agus Gaeilge. I dtuairim na bhfinnéithe, cad é an modh is fearr chun feabhas a chur ar sin? An é chun tuilleadh cúrsaí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, nó Gaeilge a bheith ar fáil leis na cúrsaí sin, in Ollscoil Luimnigh, mar shampla, áit a bhfuil adhmadóireacht, agus go mbeadh Gaeilge ar fáil mar mhodúl eile leis?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Bheadh réimse straitéisí de dhíth le tacaíochtaí a thabhairt. Luaigh an Teachta na sainábhair ach go háirithe a bhíonn easpa ann ag leibhéal na foirne. Tá an t-ádh linn i mBaile Brigín gur éirigh linn dul i ngleic leis na dúshláin sin, ach tá sé fud fad na tíre go bhfuil scoileanna ag déanamh cinneadh an bhfostófar an múinteoir miotalóireachta gan Ghaeilge nó an mbainfí é sin mar rogha. Ansin tá siad ag cúngú na n-áiteanna do na daltaí atá ag teacht isteach. Níl mé in éad, agus tá mé an-sásta go bhfuil mé ag leibhéal na bunscoile, nach mbíonn orm ag plé leis sin. Tá an dá rud de dhíth. Tá breis cúrsaí oiliúna de dhíth agus réamhchúrsaí. Tá cinn nua tagtha chun cinn i mbliana i gCorcaigh agus i Luimneach agus fáiltímid go mór rompu siúd, ach tá breis agus breis de dhíth ansin. Chomh maith leis sin, más é go bhfuil caighdeán Gaeilge éigin ag múinteoir agus go bhfuil ar an mbainistíocht iad sin a fhostú, go bhfuil sé intuigthe agus go bhfuil maoiniú curtha ar fáil ón gcéad lá ag an Rialtas go gcuirfí deiseanna ar fáil don mhúinteoir upskilling a dhéanamh ó thaobh na teanga de chomh maith.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Cuirfidh mé leis sin. Tá grúpa ag an Roinn oideachais ag féachaint ar sin mar cheann de na ceisteanna i measc réimsí eile. Tá samplaí de chur chuige atá glacadh ag tíortha eile ar nós Tír na mBascach. Chuir siad bliain iomlán ar fáil do mhúinteoirí chun uasoiliú sa teanga sula ndeachaigh siad ar ais ag teagasc na teanga sin. Tá a lán múinteoirí, eacnamaíocht bhaile, adhmadóireacht, eolaíocht agus araile ar chaighdeán Gaeilge go mbeadh siad toilteanach go bhfeabhasódh siad sách maith i mbliain dá mbeadh an tacaíocht sin curtha ar fáil dóibh. Is gá go mbeadh réimse tacaíochta agus deiseanna uasoiliú ann, agus go mbeadh muid ag tarraingt ar an bpobal múinteoirí atá againn ag an dara leibhéal chun an deis a lua. Tagann sé sin ar ais go plean cinnte agus maoiniú a chur ar fáil ag an Roinn agus é seo mar thosaíocht.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dócha go bhfuil an freagra agam cheana féin, ach ó thuairim agus ó thaithí na bhfinnéithe, cén fáth go bhfuil sé chomh deacair Gaelcholáiste a bhunú? An é easpa polasaí ón Rialtas nó easpa muiníne nó tola ón Roinn? An bhfuil cúiseanna éigin eile ann? Is léir go bhfuil sé ag teastáil ó fhormhór na dtuistí in áiteanna éagsúla timpeall na tíre. Cad é an rud is mó atá ag cur stop le bunú Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna timpeall na tíre?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Níl sé mar thosaíocht. Tá a lán tosaíochtaí ag an Roinn oideachais. Uimhir a haon ná go mbeadh áit ag páistí na tíre sna scoileanna. Tá sé seo ráite aici. Uimhir a dó ná an t-oideachas speisialta faoi láthair. Tá uimhir a trí, ceathair agus ina dhiaidh sin. Go dtí go bhfuil plean aontaithe ag an Rialtas ina n-aithnítear an t-oideachas lánGhaeilge agus an Ghaeilge mar thosaíocht a thabharfadh cead don Roinn plean a chur le chéile chun é seo a bhaint amach, beidh sí ag seachaint costas breise. Faoi láthair, tá iarratais déanta againn seacht nGaelcholáiste a bhunú timpeall na tíre. An freagra atá ag an Roinn faoi láthair ná nach bhfuil sí ag tógáil aon scoileanna nua agus go bhfuil sí ag cur síneadh leis na scoileanna reatha atá aici - formhór acu scoileanna Béarla. In ionad Gaelcholáiste a bhunú le 200, 300 nó 400 dalta, táthar ag cur síneadh le scoileanna Béarla agus ag cur le líon na scoileanna Béarla atá sa tír.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá rún agam ag an Ard-Fheis a bheidh ar an deireadh seachtaine faoi sin.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tacóidh mé leis an Teachta. Tá a fhios agam gur cúrsaí oideachais is mó a bhí i gceist againn inniu, ach dúradh rud amháin níos luaithe a chaithfidh mé a cheartú. Dúradh nach raibh Aire sinsearach freagrach as an nGaeltacht agus as phobal labhartha na Gaeilge. Tá anois den chéad uair i dtamall an-fhada. An tAire, an Teachta Calleary, atá ann. Is rud beag é sin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as ucht teacht isteach ar son an choiste ar fad. Gabhaim buíochas leis na baill as a bheith páirteach inniu.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 11.58 a.m. go dtí 12.30 p.m., Dé Céadaoin, an 20 Bealtaine 2026.