Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 12 May 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil: Rannóg an Aistriúcháin
2:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanfaimid ár mbreithniú ar an t-athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil atá ar siúl faoi láthair leis na hionadaithe seo a leanas ó Rannóg an Aistriúcháin: Vivian Uíbh Eachach, príomh-aistritheoir, agus Maeve Eason, aistritheoir. Tá fáilte rompu. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Sula leanfaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na finnéithe uilig. Meabhraím dóibh na gutháin soghluaiste a mhúchadh le linn an chruinnithe más féidir in aon chor, toisc gur féidir leis na gléasanna sin cur as don chóras craolacháin. Tá sé de rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach bonn má eisítear é. An nglacann na finnéithe leis na treoracha sin? Glacann. Gabhaim buíochas leo. Iarraim ar Vivian Uíbh Eachach a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Táimid buíoch den choiste as an gcuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo inniu agus eolas a thabhairt do na baill faoin athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil. Mar chúlra, ó bhí an Chéad Dáil ann agus, go háirithe, ó bunaíodh an Stát, tá leagan oifigiúil den Ghaeilge á úsáid i réimsí éagsúla de chúraimí an Stáit. Ba i mblianta tosaigh sin an Stáit a forbraíodh leagan oifigiúil scríofa den Ghaeilge; leagan den teanga a bhí bunaithe ar na canúintí éagsúla den Ghaeilge ach a bhféadfadh gach duine é a úsáid. Iarradh ar Rannóg an Aistriúcháin sna 1940idí an leagan oifigiúil sin den teanga a chur ar fáil don chóras Stáit agus don phobal i gcoitinne agus, tar éis próiseas comhchomhairliúcháin leis an bpobal, foilsíodh An Caighdeán Oifigiúil in 1958. Ba í Rannóg an Aistriúcháin a rinne an obair sin ar son Oifig Thithe an Oireachtais. Ba é an cuspóir a bhí leis an tionscadal sin ná tacú leo siúd a bhí ag úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs oifigiúil trí chaighdeán oifigiúil scríofa a leagan síos don scríbhneoireacht ó thaobh litriú agus gramadaí de.
Tugadh stádas reachtúil don Chaighdeán Oifigiúil leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013 agus, de réir an Achta sin, is cóir athbhreithniú a dhéanamh ar An gCaighdeán Oifigiúil i gceann tréimhsí deich mbliana. Seacht mbliana a bhí ann ar dtús ach rinneadh an tréimhse a fhadú leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2018. Foráiltear mar a leanas le halt 4(2F) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003, arna leasú:
Is feidhm de chuid an Choimisiúin an Caighdeán Oifigiúil a athbhreithniú ó am go ham de réir mar is cuí leis, ach uair amháin gach deich mbliana ar a laghad, agus é a athleasú agus a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis i ndiaidh gach athbhreithnithe den sórt sin.
Foráiltear mar a leanas le halt 10A(2) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003, arna leasú:
Féadfaidh an Coimisiún, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi fho-ailt (2F) go (2H) d’alt 4, cibé daoine is cuí leis, nach comhaltaí den Choimisiún ná comhaltaí d’fhoireann an Choimisiúin agus a bhfuil saineolas agus taithí oiriúnach acu, a cheapadh chun coiste arna bhunú aige faoi fho-alt (1) i dtaca leis na feidhmeanna sin.
Tar éis na leasuithe a rinneadh ar Acht an choimisiúin in 2013, cuireadh próiseas cuimsitheach ar bun chun An Caighdeán Oifigiúil a athbhreithniú agus, de réir fhorálacha an Achta, cuireadh na céimeanna seo a leanas i gcrích. Chuathas i gcomhairle le Ranna Stáit áirithe agus leis an bpobal chun aighneachtaí a fháil maidir le nithe ar cheart iad a bhreithniú sa phróiseas. Cuireadh coiste comhairleach um athbhreithniú ar An gCaighdeán Oifigiúil ar bun chun na haighneachtaí a fuarthas a bhreithniú agus moltaí deireanacha don athbhreithniú a cheapadh. Rinne meitheal ar leith d’fhoireann Rannóg an Aistriúcháin na leasuithe nua ar An gCaighdeán Oifigiúil a chur i bhfeidhm. Foilsíodh leagan nua athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil in 2016, agus athfhoilsíodh An Caighdeán Oifigiúil an bhliain dár gcionn.
Ós rud é go bhfuil deich mbliana caite ó rinneadh an t-athbhreithniú sin ar An gCaighdeán Oifigiúil, tá tús curtha anois ag Seirbhís Thithe an Oireachtais le hathbhreithniú nua ar an gcaighdeán agus beartaítear an leagan nuashonraithe a fhoilsiú in 2027. Beidh an cur chuige céanna á úsáid sa phróiseas nua agus a leanadh sa chéad athbhreithniú reachtúil. Tá céim an chomh-chomhairliúcháin curtha i gcrích - ba é Lá Bealtaine an spriocdháta lena aghaidh sin - agus glacadh le haighneachtaí a tháinig le ríomhphost agus leis an bpost. Tá coiste comhairleach nua ceaptha chun breithniú a dhéanamh ar na haighneachtaí a tháinig isteach sa phróiseas chomh-chomhairliúcháin. Tá an coiste sin comhdhéanta de dhaoine a bhfuil taithí ar leith acu ar an nGaeilge a úsáid i réimsí oifigiúla. Tá Seirbhís Thithe an Oireachtais faoi chomaoin acu go léir as a gcuid ama agus a gcuid saineolais a chur ar fáil don phróiseas. Tá tacaíocht rúnaíochta á tabhairt ag foireann riaracháin Rannóg an Aistriúcháin don choiste comhairleach.
Ós rud é go ndearnadh grinn-athbhreithniú ar An gCaighdeán Oifigiúil sa phróiseas deiridh, beidh na moltaí sa phróiseas seo dírithe ar leasuithe lena gcuirfear feabhas ar inúsáideacht An Chaighdeáin Oifigiúil trí chur le soiléireacht na rialacha. Táthar ag súil, nuair a bheidh an próiseas athbhreithnithe curtha i gcrích, go mbeidh uirlis fheabhsaithe ar fáil don Stát agus don phobal chun an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna oifigiúla sa saol nua-aimseartha.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Vivian Uíbh Eachach. Osclóimid do cheisteanna. Glaoim ar an Seanadóir Uí Chuilinn.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas le Vivian Uíbh Eachach as a ráiteas tosaigh. In 2027, beidh an caighdeán nua á fhoilsiú. An mbeidh sé réidh ag tús na bliana nó an mbeidh sé ullmhaithe níos déanaí sa bhliain?
Ms Maeve Eason:
Beidh sé réidh níos déanaí sa bhliain. Tá an coiste comhairleach bunaithe agus tá amlíne leagtha amach le haghaidh na cruinnithe leis an gcoiste sin. Tá súil againn go mbeidh na cruinnithe sin tagtha chun deiridh roimh dheireadh na bliana agus beidh am againn ansin chun na moltaí a bheidh ceadaithe a chur i bhfeidhm.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nuair a tháinig na haighneachtaí isteach ón bpobal, an raibh aon trácht ar an sprioc 20% san earnáil phoiblí agus na daoine a bheidh ag obair san earnáil phoiblí amach anseo? An raibh aon trácht air sin sa mhéid ar chuala na finnéithe ón bpobal?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Tá tuiscint ann anois gur leagan scríofa den teanga é seo le haghaidh an chórais oifigiúil. Tá na haighneachtaí a tháinig isteach á gcur isteach chugainn sa chomhthéacs sin. Más féidir linn cuimhniú siar 100 bliain ó shin, nuair a cuireadh tús leis an obair seo go léir, ní raibh ann ach na canúintí agus bhí sé an-deacair. Ní raibh aon lingua franca ann ó thaobh na Gaeilge de, ach líon an Caighdeán Oifigiúil an bhearna sin. Tuigtear gurb é an ról atá ag an gCaighdeán Oifigiúil ná mar chuidiú do dhaoine atá ag obair le chéile in aon oifig nó eagraíocht amháin ionas go mbeidh an leagan céanna den teanga scríofa in úsáid acu. Is dóigh liom féin gur ag cuidiú leis an Stát ó thaobh réiteach a aimsiú le haghaidh, mar shampla, an 20% a luaigh an Seanadóir atá i gceist, trí leagan den teanga atá inúsáidte agus bunaithe ar na canúintí go léir a chur ar fáil.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An gceapann Vivian Uíbh Eachach nach bhfuil mórán tionchar ag an nGaeilge labhartha ar an gcaighdeán? Luaigh sé canúintí. Bíonn canúintí an-difriúil sa Ghaeilge labhartha. Cén tionchar atá ag an nGaeilge labhartha ar an gcaighdeán más leagan scríofa atá i gceist go hiomlán?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Nuair a chuireadh an caighdeán le chéile i dtús báire, bhí an-bhéim ag an Stát ar na Gaeltachtaí i gCúige Mumhan; ní Ghaeltacht Chiarraí, ait go leor, ach An Rinn agus Múscraí. Bhí tuiscint ann go mbeadh na canúintí sin mar Ghaeilge na Státseirbhíse. Tháinig athrú air sin ó shin agus bhí an leagan is déanaí den chaighdeán a chuireamar amach deich mbliana ó shin bunaithe ar na canúintí go léir. Déanadh é a leathnú amach; mar shampla, tugtar aitheantas don leagan scartha den bhriathar, is é sin "dhéanamar" agus "rinne muid". Táimid ag iarraidh go mbeidh sé chomh leathan agus is féidir. Chomh maith leis sin, tá borradh mór faoin Ghaeilge i gCúige Uladh. Tá aitheantas tugtha sa chaighdeán do na leaganacha atá i gcroí na canúna sin. Ní hé go bhfuil An Caighdeán Oifigiúil ag dul in ionad na gcanúintí - tá sé bunaithe ar na canúintí - ach go bhfuil sé ann le haghaidh úsáid oifigiúil scríofa. Má fhéachaimid ar na teangacha forbartha nua-aimseartha atá ann, tá leagan oifigiúil scríofa acu go léir. Baineann sé sin leis an mBéarla agus leis an bhFraincis. Ní hionann an méid atá scríofa in Le Monde nó The Daily Telegraph nó na nuachtáin sin agus an tslí go labhraíonn daoine i slite éagsúla ó thaobh na Fraincise nó an Bhéarla de. Tá an smaoineamh céanna i gceist leis An gCaighdeán Oifigiúil. Níl aon iachall ar aon duine. Níl éinne ag iarraidh é seo a chur in ionad na gcanúintí atá i gcroílár shaibhreas na Gaeilge, ach tá feidhm phraiticiúil leis An gCaighdeán Oifigiúil; is é sin go mbeadh leagan den teanga á scríobh sa chóras. Mar a deirim, is gnáthrud é sin.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim é sin agus tuigim go bhfuil gá le caighdeán oifigiúil agus le hathbhreithniú a dhéanamh air go rialta. Fiú 20 bliain ó shin, ní raibh pobal labhartha na Gaeilge chomh oscailte céanna do na canúintí agus do na daoine nach raibh Gaeilge ó dhúchas nó ón Ghaeltacht acu. Tá i bhfad níos mó saoirse ann anois, mar gheall ar an teanga labhartha go mórmhór. An bhfuil sé sin feicthe ag na finnéithe? Le déanaí tá athbheochan ag tarlú leis an nGaeilge labhartha, tá súil agam, leis na podchraoltaí agus an ceol agus mar sin de. Tá baol ann i gcónaí go gcuireann caighdeán oifigiúil eagla ar dhaoine an Ghaeilge a labhairt. Caithfimid a bheith cúramach gan an bac sin a chur ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge ó dhúchas nó ón Ghaeltacht acu.
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Tá an ceart ag an Seanadóir go gcuireann an ghramadach eagla ar dhaoine i gcónaí, is cuma cén teanga atá i gceist. Braitheann daoine gurb uirlis de shaghas éigin í an ghramadach chun locht a fháil atá ar an teanga atá acu féin. Tá an ceart ag an Seanadóir nuair a deir sí go bhfuil an-bhorradh faoin teanga, go háirithe ar na meáin shóisialta. Is cinnte go bhfuil an Ghaeilge i lár an aonaigh ar na meáin shóisialta. Tugaim faoi ndeara, seachas daoine gur maith leo bheith ag scríobh go canúnach, gurb é An Caighdeán Oifigiúil beag nó mór a bhíonn in úsáid ag daoine. Mar a deirim, ag deireadh an lae, is lingua franca é. Tá sé roghnach. Bhíomar an-sásta leis an athbhreithniú deiridh toisc gur éirigh linn a léiriú go rabhamar oscailte do na canúintí agus nach raibh sé i gceist againn go rachadh An Caighdeán Oifigiúil ina ionaid. Tá áit ann don leagan áitiúil den teanga agus don leagan oifigiúil. Mar a thugann siad air i gcúrsaí teangeolaíochta, is réim teanga atá i gceist. Tá réim áirithe a úsáidimid nuair atáimid sa bhaile ag caint lenár muintir féin, sa teach tábhairne nó sa chaife istoíche, agus tá réim teanga a úsáidimid do scríbhneoireacht na teanga go hoifigiúil. Tá áit ann dóibh go léir agus oibríonn siad go maith le chéile.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is próiseas an-tábhachtach é. An raibh mórán suime sa phróiseas? An raibh mórán aighneachtaí ón bpobal nó teangeolaithe, eagraíochtaí nó mar sin de?
Ms Maeve Eason:
Fuaireamar 26 aighneacht san iomlán, ina measc ceann ón Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail agus ceann eile ón Roinn Oideachais agus Óige. Tháinig na cinn eile ó dhaoine le cúlraí éagsúla. Bhíomar an-sásta an líon sin aighneachtaí a fháil mar a bhí moltaí fiúntacha curtha ar fáil ag daoine. Bhí daoine tar éis díriú isteach ar phointí áirithe sa leabhar agus ag iarraidh cur le h-inúsáideacht an leabhair. D'iarr siad an bhféadfaimis féachaint ar rud ar leith agus feabhas a chur air. Sin díreach a bhí ag teastáil uainn don phróiseas seo agus díreach an rud a bheimid ag díriú isteach air chun go mbeidh an chéad leagan eile níos inúsáidte, agus feabhsaithe in áiteanna a bhfuil deacrachtaí nó go bhféadfadh míthuiscint teacht chun cinn iontu.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Is ábhar suimiúil é ar bhealach. Cén tionchar a bheadh i gceist más rud é nach raibh sé seo déanta? Cén éifeacht a bheadh aige mura raibh aon dualgas seo a dhéanamh?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Is féidir liom tagairt siar do na céadta blianta nuair a bhí An Caighdeán Oifigiúil á réiteach. Thuig na daoine a bhí páirteach sa Chéad Dáil agus sa Stát nuair a bunaíodh an Stáit go gcaithfí leagan den teanga a bheith ann a bheadh neamhspleách ar na canúintí. Bhí tuairimí láidre ag daoine ar son canúint amháin seachas canúint eile. Bhí daoine i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo míshásta go raibh an bhéim ar Ghaeilge na Mumhan, agus nuair a déanadh iarracht an bhéim a leathnú amach, bhí roinnt daoine i gCúige Uladh míshásta nach raibh a dhóthain aitheantais á tabhairt don chanúint sin. Bhí fadhbanna tosaigh ann, ach oibríodh tríothu. Is dóigh liom gur glacadh leis go raibh gá leis seo. Bhí sé tábhachtach i gcónaí a chur in iúl do dhaoine nach caighdeán labhartha é seo. Sa chéad caighdeán a chuireadh amach in 1958, bhí na rialacha gramadaí ann agus na rialacha litrithe ann.
Mar shampla, is dóigh liom go ndearnamar gar do gach duine nuair a d’athraíomar “dhu”, “gha” “dh” go dtí “ú”. Ní raibh éinne ina aghaidh sin, seachas dornán beag daoine. Tuigeann daoine gur ag forbairt acmhainne a bhíomar leis An gCaighdeán Oifigiúil, agus is mar sin atá sé ag feidhmiú ó shín. Tá daoine i Rannóg an Aistriúcháin anseo i dTithe an Oireachtais ó gach cearn d’Éirinn. Tá a gcanúintí agus leagan cainte féin den Ghaeilge acu, ach úsáideann muid go léir An Caighdeán Oifigiúil ó thaobh na scríbhneoireachta de.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An mbaineann sé le stór focal agus gramadach, nó stór focal amháin?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Tá muid tar éis cúlú ón stór focal anois mar tá freagracht ar Fhoras na Gaeilge as cúrsaí foclóireachta. Sa chaighdeán, i dtús báire, bhíodh rialacha gramadaí agus litrithe agus saghas foclóra. Ós rud é go bhfuil gach duine aontaithe ar an litriú anois, tá sé sin bainte as. Ós rud é go bhfuil cúram ar Fhoras na Gaeilge as cúrsaí foclóireachta, tá sé sin bainte as chomh maith. Tá muid ag díriú anois ar na rialacha gramadaí.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil dualgas ar gach seirbhís Stáit úsáid a bhaint as An gCaighdeán Oifigiúil?
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Má fhoilsíonn an Státseirbhís nó aon eagraíocht Stáit rud nach leanann leis, an mbíonn pionós ann?
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé sin go maith.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ar an gcóras oideachais an caighdeán seo a úsáid chomh maith.
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Tá an tuiscint sin ann. Ós rud é go bhfuil an t-idirdhealú seo á dhéanamh againn idir an leagan scríofa den teanga agus an leagan labhartha, glacaim leis go mbíonn an leagan áitiúil den teanga á labhairt ag múinteoirí i scoileanna in áiteanna éagsúla in Éirinn, go háirithe sa Ghaeltacht.
Is dóigh liom gur pointe tábhachtach é seo ó thaobh an chórais oideachais de. Bíonn an comhchoiste seo ag plé leis an gcuspóir 20% atá ag an Stát. Bíonn an Roinn ag obair air sin. Caithfidh muid teacht ar na daoine a ghlacfaidh na poist. Ba mhór an chabhair é – níl anseo ach tuairim agus níl muid freagrach as aon chomhairle a thabhairt don Roinn oideachais ná faic - dá mbeadh an Roinn oideachais ag féachaint ar An gCaighdeán Oifigiúil agus ar an leagan oifigiúil scríofa den teanga chun na daltaí agus mic léinn a fhorbairt agus a réiteach chun poist a ghlacadh sa Státseirbhís. Níl muid ag caint faoi aistritheoirí amháin. Bíonn muid i gcónaí ag lorg aistritheoirí ach tá muid ag caint faoi riarthóirí agus na gráid go léir. Braithim go bhfuil obair le déanamh ag an Stát sa chomhthéacs seo chun cuidiú leis an Stát na daoine sin a aimsiú.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir le stór focal, luíonn an dualgas sin le Foras na Gaeilge anois. Ní bhaineann cúrsaí uimhreacha le hobair na bhfinnéithe.
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Baineann, sa mhéid is gur ceist gramadaí iad. Mar shampla, sa leagan is déanaí den chaighdeán a chuireamar amach deich mbliana ó shín, tá an córas traidisiúnta ann ó thaobh uimhreacha, ainmfhocal agus aidiachtaí de. Sa chóras sin, is é a bheadh ann ná, "trí bhád mhóra”, agus araile. Chomh maith leis sin, áfach, thugamar rud nua isteach, is é sin, rud ar a dtugaimid an “córas simplí”. Tá muid ag iarraidh a bheith chomh oscailte agus is féidir don tslí ina mbíonn daoine ag caint anois agus é sin a thabhairt isteach sa phobal seachas é a bheith dúnta amach.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is deacair teacht ar chomhaontú ar an ábhar seo, b’fhéidir. I gConamara, ní chloisim an focal “ceathracha” ó dhuine ar bith, ná “seasca” nó “ochtó” ach oiread. Is iad “scór”, “dhá scór” agus “trí scór” atá ag muintir Chonamara. I gcomhthéacs na n-uimhreacha, ní bhíonn aon bhealach an nós áitiúil a chur sa Chaighdeán Oifigiúil.
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Tá sé san áireamh cuid mhór. Tá leaganacha cosúil le “deich gcinn is ceithre fichead” agus mar sin ann. Tugann muid aitheantas dó sin. Tuigeann muid go bhfuil nós ann anois, go háirithe i measc an aosa óig, dul le leaganacha simplí mar bíonn cumarsáid ghasta ar siúl acu ar na meáin shóisialta agus araile. Cé gur daoine coimeádacha sinn i Rannóg an Aistriúcháin, tuigeann muid go bhfuil an saol ag athrú amuigh ansin, agus tá muid ag iarraidh a mhéad aitheantas a thabhairt dó sin agus is féidir.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is aoibhinn liom a chloisteáil go bhfuil an obair thábhachtach seo idir lámha ag na finnéithe. Níl mo cheist dírithe ar an gcaighdeán, ach téann sé lámh le lámh leis. Nuair a bhí mé ag tosú i mo phost mar phríomhoide óg i bPort Láirge ag tús na 1980idí, bhí dhá leabhar an-úsáideach agus mé ag eagrú rudaí ag tús bliana, is iad sin ná An Caighdeán Oifigiúil agus An Sloinnteoir Gaeilge agus an t-Ainmneoir. Tá mé an-bhródúil go bhfuil cóipeanna den dá leabhar sin agam. Tá cóip den Chaighdeán Oifigiúil a tháinig amach in 1958 agam. Ceapaim gur tháinig An Sloinnteoir Gaeilge agus an t-Ainmneoir amach timpeall an ama céanna. B’fhéidir go raibh sé comhaoiseach leis an gcaighdeán.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil eolas ag na finnéithe ar an sloinnteoir?
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigfidh na finnéithe go raibh clúdach deas oráiste air. Bhí mé ag ceapadh go raibh an Rialtas ag déanamh soip do na daoine ar an taobh ó Thuaidh den Teorainn. Tá sé molta do bhunscoileanna go ginearálta atmaisféar Gaelach a chothú, ach ní bhíonn an dá leabhar sin le fáil ag príomhoidí agus oidí go hiondúil. I láthair na huaire, nuair a bhíonn príomhoide ag eagrú an rolla i Mí Mheán Fómhair, bíonn ualach mór sloinnte ag teacht isteach. Ní féidir aistriúchán a dhéanamh ar chuid mhór dóibh mar tagann siad ó thíortha ar nós na hÚcráine agus na Nigéire agus chuile áit. Is deacair na sloinnte Gaelacha a chur i bhfeidhm ar na rollaí agus iad a úsáid i ngnáthchaidreamh an lae muna bhfuil siad leagtha amach agus deimhnithe ag tús an scoilbhliana. An bhfuil aon phlean idir lámha ag na finnéithe an sloinnteoir a athchló?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Is dóigh liom go bhfuil athchló air. Ceapaim gur ndearnadh é sin le déanaí. Tá obair Edward Mac Giolla Iasachta – MacLysaght as Béarla – ar fáil in athchló, agus is mór an chabhair é. Tar éis gach toghchán, bíonn cúram beag orainn liosta de na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála a chur ar fáil as Gaeilge. Mar sin, bíonn éileamh againn ar an leabhar sin. Is dóigh liom go bhfuil athchló-----
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cé chomh forleathan is atá sé le fáil sna scoileanna náisiúnta faoi láthair?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is m’athair a bhí ag foilsiú an sloinnteora go dtí le déanaí. Níl a fhios agam an bhfuil cóip reatha ann. Tá timpeall deich n-eagrán nua déanta. Is don Chumann Lúthchleas Gael a bhí na heagráin go háirithe. Is é an CLG a bhí ag lorg leaganacha athfhoilsithe.
Ag an staid seo, b’fhéidir go bhfuil gá leis é a bheith ar líne ionas gur féidir le daoine teacht air i bhfad Éireann níos éasca, go háirithe múinteoirí nó a leithéid. Ní hé go n-athfhoilseofaí é mar níl a fhios agam cé aige a bhfuil an cóipcheart. Is féidir liom é sin a fhiosrú agus teacht ar ais chuig an Seanadóir. B’fhéidir go mbeidh mé in ann cóip nua a bhronnadh air.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go raibh míle maith agat.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nuair a bhíomar sa choláiste traenála ag tús na seachtóidí, bhí muintir na Gaeltachta ag caitheamh aníos ar Rannóg an Aistriúcháin. Thug siad “linguistic nazis” orthu siúd a d’oibrigh inti ag an am. Níl mé ag cur an accusation sin i leith na bhfinnéithe ar chor ar bith.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist amháin eile agam. Tháinig 26 aighneacht isteach san iomlán. An raibh aon cheann acu sin ón údarás?
Ms Maeve Eason:
Níl mé cinnte. Ní dóigh liom gur tháinig, ach tá seans ann gur tháinig. Ní cuimhin liom. Tá próiseas ar leith leagtha síos againn ina leith seo. Glacann an córas riaracháin leis na haighneachtaí a thagann isteach agus cuirtear na moltaí faoinár mbráid. Tá anaithnidiú déanta ar na haighneachtaí a thagann isteach chun cabhrú linne féachaint ar na moltaí agus an fiúntas a bhaineann leo. Is ansin a chuireann muid iad faoi bhráid an choiste. Tá an próiseas sin réitithe leis an oifigeach cosanta pearsanta toisc gur comhairliúchán poiblí atá ann. Ní dóigh liom gur tháinig ceann isteach ón eagraíocht sin ach ní féidir liom a bheith go hiomlán cinnte.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe agus gabhaim mo leithscéal faoin mhoill. I dtús báire, is mian liom a rá go raibh mise ar scoil nuair a tháinig Vivian Uíbh Eachach chuig Coláiste Chillian le labhairt linn faoi obair Rannóg an Aistriúcháin. Chruthaigh sé grá ionam don ghramadach agus do rialacha gramadaí, rudaí nach dtaitníonn le mo chairde agus comhghleacaithe.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Beidh ar Vivian Uíbh Eachach cuairt a thabhairt ar chuile scoil.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sin é. Tá sé tar éis convert amháin a bhaint amach. Theastaigh uaim é sin a rá.
Tá dhá cheist thapa agam. Ar an gcéad dul síos - b’fhéidir gur chaill mé seo ag tús an chruinnithe - céard é an gaol idir An Caighdeán Oifigiúil agus an bealach a n-úsáidtear é sa churaclam agus sna scoileanna? Is cuimhin liom go maith an téacsleabhar gramadaí a bhí agam ag leibhéal na bunscoile. Bhí sé, ar an mórchuid, bunaithe ar an gcaighdeán. Cén cruth atá ar an gcaidreamh sin anois?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Níl aon chaidreamh per se againn leis an Roinn, caithfidh mé a rá. Ó am go chéile, bíonn caidreamh neamhfhoirmiúil eadrainn. Bhí an caidreamh sin níos láidre nuair a bhí an struchtúr sa Roinn oideachais difriúil. Mar shampla, bhí an coiste téarmaíochta inti ach tá an cúram sin imithe anois go Foras na Gaeilge.
Braitheann muid go mbíonn an-tionchar ag na cigirí ar an saghas teanga a úsáidtear. Tuigeann siad go maith an ról atá ag an gCaighdeán Oifigiúil agus conas é a chur i bhfeidhm. Mar a dúramar mar fhreagra ar cheist a chuir an Teachta Connolly, ní dhéantar aon phóilíniú air seo. Tá sé ag brath ar gach duine a bheith toilteanach agus ar an leathanach céanna. Caithfidh mé a rá gur dóigh liom gurb amhlaidh atá sé. Níor thug mé faoi deara riamh go raibh aon fhadhb leis an Roinn oideachais ag úsáid an chaighdeáin sna téacsleabhair nó sna páipéir scrúdaithe. Bíonn sé seo tábhachtach i gcomhthéacs na bpáipéar scrúdaithe mar tá gá le comhaontú agus brí áirithe le gach rud ionas go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do na iarrthóirí. Ní dóigh liom go bhfuil fadhb ansin. Mar a luaigh mé, dá mbeinn chun pointe ar bith a dhéanamh maidir leis an gcóras oideachais, luafainn an gá atá le daoine a réiteach le go mbeidh siad ábalta an teanga a úsáid ar an leibhéal oifigiúil agus ar fáil le haghaidh post sa Státseirbhís.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nuair a dhéanann Rannóg an Aistriúcháin uasdátú ar an gCaighdeán Oifigiúil, an é go dtarlaíonn an t-uasdátú sin go neamhfhoirmeálta agus go nádúrtha i réimse an oideachais? Déanann na cigirí iad féin a chur ar an eolas faoi na hathraithe atá déanta. An é sin atá á rá ag Vivian Uíbh Eachach? Tá an próiseas ag tarlú go nádúrtha as a stuaim féin.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil gá an Taoiseach a chur ar an eolas?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Níl an Taoiseach luaite san Acht. Fuaireamar aighneacht ón Aire oideachais agus tá sí sin á cur san áireamh againn. Is pointí praiticiúla iad. Léiríonn an aighneacht seo go raibh muintir na Roinne ag úsáid an chaighdeáin agus ag tabhairt faoi deara go bhféadfaí é a neartú anseo is ansiúd. Bhíomar an-sásta leis an aighneacht a tháinig ón Roinn oideachais.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bogfaidh mé chuig an dara cheist atá agam. Tá an cumas anois ag intleacht shaorga aistriúchán a dhéanamh. Tá sé tugtha faoi deara agam go mbíonn caighdeán an aistriúcháin sin ag dul i bhfeabhas an t-am ar fad. Nuair a chuirim rudaí a ndearna mé aistriúchán orthu i gcomparáid leis na rudaí a d’aistríodh bliain ó shín, tá feabhas sofheicthe eatarthu. An dtagann na comhlachtaí sin, nó úinéirí na hintleachta saorga, chuig Rannóg an Aistriúcháin ag lorg an chaighdeáin is déanaí le huasdátú a dhéanamh ar na bogearraí a bhíonn siad ag úsáid leis an aistriúcháin a dhéanamh? An bhfuil caidreamh foirmeálta ann, nó aon teagmháil ar bith? An é go dtógann siad An Caighdeán Oifigiúil nuair a fhoilsítear go poiblí é?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Is é an rud deireanach a dúirt an Teachta a tharlaíonn – tógann siad é. Tá sé ar fáil don phobal. Níl aon chóipcheart coisctheach againn air seo. I ndáiríre, teastaíonn uainn go mbeadh daoine á thógáil agus á úsáid. Tugann muid faoi deara go leanann siad An Caighdeán Oifigiúil. Níl aon chumarsáid fhoirmeálta againn leo. Bíonn ó am go cheile, áfach, mar tá muid freagrach as cúrsaí aistriúcháin freisin, dar ndóigh, agus bíonn an earnáil sin deacair. Baineann sé leis an bpointe a bhí agam faoi dhaoine a réiteach le haghaidh na Státseirbhíse. Bíonn sé deacair, ar uairibh, teacht ar aistritheoirí. Mar sin, bíonn muid ag scrúdú na bhféidearthachtaí go léir ó thaobh na teicneolaíochta de. Uaireanta, faigheann muid an tuairim go bhfuil dul chun cinn suntasach ar siúl. Uaireanta eile, bíonn díomá orainn. Níl aon amhras ach go mbeidh ról an-láidir ag an intleacht shaorga i gcúrsaí aistriúcháin agus cumarsáide amach anseo. Níl aon ról oifigiúil nó foirmeálta againn sa phróiseas sin, áfach.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tugaim faoi deara go bhfuil líon an Bhéarlachais san aistriúchán ag dul i laghad, cé nach bhfuil sé imithe go fóill. Creidim, áfach, go mbeidh gá i gcónaí le haistritheoirí daonna leis an mblas cultúrtha agus nádúrtha a chur ar pé rud a thagann amach as an inneall. Faoi mar a dúirt Vivian Uíbh Eachach, tá an caighdeán ar fáil go poiblí agus is féidir le gach aon duine é a úsáid. Beidh mé ag barr na scuaine ag féachaint ar na rialacha nua nuair a chuirfear i bhfeidhm iad.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá roinnt ceisteanna agam. Bhí roinnt acu sciobtha ag an Teachta Moynihan cheana féin, ach tá cead aige é sin a dhéanamh. Is ceist eile í faoi intleacht shaorga. B’fhéidir go gcuideoidh an intleacht shaorga. B’fhéidir go mbeidh aistriúchán níos fearr amach anseo má tá an intleacht shaorga ag bunú an aistriúcháin ar An gCaighdeán Oifigiúil in ionad roinnt den stuif ar a raibh aistriúchán bunaithe go dtí seo. Mar a dúirt an Teachta Moynihan, bhí a lán Béarlachais i gceist le roinnt den stuif.
Bhí roinnt seafóide le feiscint ó dhaoine a bhí ag déanamh aistriúchán. Ní raibh an struchtúr ceart lena lán den stuif. Go minic, faigheann daoine an t-aistriúchán ó intleacht shaorga gan an téacs a léamh. Déanann sé sin níos deacra é do dhaoine é a léamh. Mar aon lena lán den stuif a fhoilsíonn aon rialtas in aon teanga, tá sé deacair é a léamh. Níl sé scríofa don léitheoir ach do dhlíodóirí. Caithfimid cinntiú nach bhfuil rudaí a bheidh aistrithe amach anseo chomh srianta sin ná chomh ceangailte leis an gcaighdeán oifigiúil. Is iad doiciméid atá aistrithe ag an gcóras seo, córas Pharlaimint na hEorpa, tromlach de na doiciméid atá in úsáid anois. Go minic, níl sé éasca iad a léamh. Is é sin an fáth go bhfuil an ceart ag an Teachta Moynihan gur gá le haistritheoirí a bheith ann chun an stuif a léamh i ndiaidh an córas ríomhaireachta é a dhéanamh chun go mbeidh tuiscint agus míniú ceart i gceist. Conas is féidir linn déileáil leis an gceist sin?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Tá plé ar siúl go leanúnach go hidirnáisiúnta maidir leis seo. Tá tuiscint éasca ann gurb é an teicneolaíocht an réiteach ar na fadhbanna go léir ach, mar a deir an Cathaoirleach Gníomhach, ní chuireann sé an táirge ar fáil ar bhonn sásúil. Tá aon chóras den saghas seo bunaithe ar an méid a chuireann tú isteach ann. Is é an fhadhb atá leis an nGaeilge i gcomparáid leis an mBéarla, an Fhraincis ná an Ghearmáinis ná nach bhfuil mórán gigabytes d'ábhar againn le cur isteach sna córais. Uaireanta, cuirtear aon rud isteach, is cuma cén caighdeán atá air. Is é sin an fáth go bhfaigheann tú toradh atá lochtach. Bheadh súil agam, de réir mar a chuirtear leis an ábhar cruinn a chuirtear isteach don inneall don intleacht shaorga, go dtiocfaidh feabhas ar an táirge a thiocfaidh amach as an gcóras. Aontaím leis an gCathaoirleach Gníomhach agus leis an Teachta a dúirt an rud céanna go mbíonn gá leis an tsúil dhaonna agus an tuiscint chomhthéacsúil maidir leis an obair seo. Má tá aistriúchán le déanamh ar an bhfocal "interest", an suim, spéis, ús nó leas atá i gceist? Ní bheadh freagra na ceiste sin agat mura bhfuil an comhthéacs agat. Go dtí seo, go minic, ní thuigeann an intleacht shaorga an comhthéacs ina bhfuil sé ag cur focail ar fáil.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé sin go maith le cloisteáil. Táimid chun déileáil le ceist an t-aistriúchán comhuaineach chun fotheidealú as Gaeilge a dhéanamh amach anseo. Tá súil againn go mbeadh sé sin in ann tarlú go huathoibríoch amach anseo. Cuideoidh sé má chuirtear go leor foclaíocht isteach sa chóras amach anseo. Tá sé seo luaite ag Meta roimhe seo agus anois luaite ag daoine eile nach bhfuil go leor input ann.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Má táimid ag cur na inputs seo isteach, an bhfuil dainséar ann go mbeidh an intleacht shaorga ag féachaint ar Ghaeilge atá lochtach ó thaobh na gramadaí de? Níl sé lochtach mar Ghaeilge labhartha. Má tá tú ag caint faoin réabhlóid atá ag tarlú faoi láthair i measc daoine óga agus eile ó thaobh Kneecap, "An Cailín Ciúin" agus a leithéid, ní bhíonn an fhoclaíocht, an fhoghraíocht nó an cur chuige ceart ó thaobh gramadaí acu i gcónaí. An mbeidh sé sin ag claonadh an intleacht shaorga i dtreo a thagann salach ar an gcaighdeán oifigiúil?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Faraor, tá míbhuntáiste ag an nGaeilge sna cúrsaí sin sa mhéid is go mbíonn na hathruithe tosaigh ann - an t-urú agus an séimhiú - rudaí nach mbíonn ann sa Bhéarla. Ansin, tá na tuisil ann, is é sin, an tuiseal ginideach, an tuiseal tabharthach agus mar sin de. Is castachtaí breise iad sin nach mbíonn ag an mBéarla. Tugann sé sin dúshláin bhreise don chóras. De réir mar a thuigim, is é an réiteach atá air sin ná go mbeadh dóthain ábhar ceart ag dul isteach ann chun an nósmhaireacht cheart a mhúineadh don chóras. Is é an dúshlán dóthain ábhar ceart a fháil le cur isteach ann.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cé hiad na baill den choiste comhairleach? An féidir é sin a sceitheadh nó an dream rúnda iad?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Glacaimid leis gur daoine atá ag obair sna hollscoileanna nó mar aistritheoirí iad.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith liom go mbeidh daoine ar an eolas.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ba mhaith má tá sé ar fáil.
Ms Maeve Eason:
Cinnte. Tá an t-ádh linn go bhfuil Donncha Ó Cróinín príomhthéarmeólaí le Foras na Gaeilge mar chathaoirleach. Ansin, tá: Eoin Mac Cárthaigh, léachtóir sa nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide; Dr. Malachy Ó Néill, atá ag obair in Ollscoil Uladh mar stiúrthóir rannpháirtíocht réigiúnach; Gearóid Ó Domagáin, léachtóir sa nua-Ghaeilge in Ollscoil Uladh; Dr. Liam Mac Amhlaigh, léachtóir sinsearach in Ollscoil Mhá Nuad; Gráinne Ní Lúbaigh, saoraistritheoir agus múinteoir Gaeilge i Meánscoil San Nioclás i gContae Phort Láirge; Máirín de Brún, iarstiúrthóir Gaeleagras sa tseirbhís phoiblí agus iar-uachtarán Oireachtas na Gaeilge; Dr. Deirbhile Nic Craith, stiúrthóir oideachais agus taighde agus rúnaí cúnta Chumann Múinteoirí Éireann; Tadhg Ó Loinsigh atá in aonad na Gaeilge sa Chomhairle Eorpach; agus Colmcille Ó Monacháin, atá in aonad na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach. Is iad sin an deichniúr seachtrach. Ansin, tá mise agus Anne-Marie Dowling, atá ag obair i Rannóg an Aistriúcháin. Tá 12 ann san iomlán. Bhí seisear den ghrúpa sin ar an gcoiste deiridh agus tá seisear nua ann. Tá meascán an-mhaith againn ó thaobh cúlra. Tá daoine ann a bhfuil taithí acu ar an bpróiseas agus ar na cinntí a rinneadh roimhe seo agus daoine a bhfuil moltaí agus smaointe nua le tabhairt isteach acu maidir leis na leasuithe a bhfuil gá leo sa leagan seo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé tábhachtach go raibh sé sin ráite go hoscailte ó thaobh cé chomh dáiríre is atá an córas seo. Ní hé beirt nó triúr ina suí mar choiste atá i gceist. Is ceannródaithe sna hollscoileanna agus lasmuigh dóibh atá ag díriú isteach air seo. Ní féidir déileáil leis an gcaighdeán oifigiúil trí dhreamanna anseo agus ansiúd. Is daoine iad seo le scileanna agus tuiscint ar leith ó thaobh na teanga. Mar sin, beidh an teanga slán ó thaobh an chaighdeáin oifigiúil. Tuigeann siad teangacha eile chomh maith. Tá siad ag obair sa réimse sin.
Cén cur chuige atá ann i dtíortha eile? Luadh an Fhrainc. Cad é an cur chuige ansin? An athraítear an caighdeán oifigiúil sa Fhrainc go rialta nó go leanúnach?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Is é an tuiscint atá agam ar chúrsaí na Fraince ná go bhfuil an Académie Française ann, eagraíocht a choimeádann súil ar chaighdeán na Fraincise a bhíonn á húsáid sna meáin, srl. De réir mar a thuigim, tá glactha le córas gramadaí na Fraincise agus is é focail ón mBéarla a thagann isteach ábhar buartha an académie. Bíonn sé ag faire amach do théarmaí leithéidí "weekend" agus "petrol station" agus na rudaí sin go léir. Ní dóigh liom go bhfuil aon chumhacht aige ó thaobh na meáin shóisialta. Tá cumhacht aige ó thaobh úsáid na Fraincise go hoifigiúil sa chóras stáit, srl., ach ní dóigh liom go bhfuil aon sway aige i gcúrsaí na meáin shóisialta agus a leithéid sin. Tá sé imithe thar an gcéim gur ábhar díospóireachta na rialacha gramadaí. Tá glactha leis na rialacha gramadaí.
Baineann an díospóireacht maidir le caighdeán na Fraincise a choimeád agus a chaomhnú le focail ón mBéarla atá ag teacht isteach. Bhí mé ag caint le teangeolaí tamall ó shin a dúirt liom gur "predatory language" é an Béarla, is é sin go mbíonn sé ag cur isteach ar na teangacha go léir eile ar domhan. Bhí mé ag caint le bean ón bhFionlainn. Dúirt sí go bhfuil na deacrachtaí céanna acu siúd ó thaobh leagan amach an Bhéarla a bheith ag cur isteach ar an saghas Fionlainnise a labhraíonn na daoine óga. Uaireanta, bímid ag ceapadh gur againn amháin a bhíonn na fadhbanna seo ach bíonn siad ann go hidirnáisiúnta i ndáiríre.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá a fhios againn cad is féidir linn a dhéanamh le predatory people nó Sasanaigh ach cad a dhéanaimid faoin teanga atá acu? Cén bealach inar féidir linn déanamh cinnte? Luadh duine éigin an Béarlachas. Tá sé ann. Cloisimid daoine ag magadh é sin i gceantair ar leith anois agus arís. Nílimid ag iarraidh brú a chur ar dhaoine atá ag foghlaim na teanga gach uile fhocal a bheith i nGaeilge. Táimid ag iarraidh cuidiú leo. Uaireanta, bíonn Béarla ann. Glactar leis gur rud leanúnach é sin. An bhfuil aon rud breise gur chóir dúinn a dhéanamh?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Mar a deir an Cathaoirleach Gníomhach, ní féidir mórán a dhéanamh faoin mBéarla a bheith chomh láidir agus forleathan sin, go háirithe do na daoine óga ar na meáin shóisialta, ach is féidir gach teanga atá faoi bhrú ón mBéarla - is é sin beagnach gach teanga - a neartú a mhéid is féidir chun go mbeidh sí ábalta athrú, mar athraíonn teangacha, ach a bheith in oiriúint don ghlúin nua atá á labhairt agus á húsáid. Is féidir é sin a dhéanamh trí acmhainní a chur ar fáil. Táimid ag déanamh ár gcion beag leis An gCaighdeán Oifigiúil. Tá foclóireacht ag teastáil. Déanann an Coiste Téarmaíochta obair an-mhaith ó thaobh téarmaí nua a cheapadh ar rudaí a bhaineann leis an eolaíocht agus leis na meáin shóisialta, mar shampla. Caithfimid cuidiú le chéile. Aon áit gur féidir tacú leis an teanga agus an teanga a neartú, caithfimid é sin a dhéanamh chun go mbeidh sí ábalta dul i ngleic leis an timpeallacht nua atá ann anois. Nuair a bhí mé féin óg, ní raibh an Idirlíon ná na meáin shóisialta ann. Anois, tá siad i lár an tsaoil ag na daoine óga atá ag labhairt na Gaeilge agus ag na daoine sna seomraí ranga, mar a luaigh an Seanadóir. Caithfimid tacú leis na daoine sin. Ní bata mór atá i gceist anseo ach tacú leo ó thaobh acmhainní a chur ar fáil chun cuidiú leo an Ghaeilge a úsáid sa timpeallacht nua-aimseartha seo atá timpeall orthu.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar mhaith leis an Seanadóir Conway ceist a chur ar ábhar eile?
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir le cúrsaí sa Bhreatain Bheag, in Albain nó fiú ó Thuaidh faoi Rialtas Thuaisceart Éireann, an bhfuil eagraíochtaí cosúil leis an rannóg ag obair ar na teangacha Ceilteacha sna tíortha sin? An bhfuil a fhios ag na finnéithe? An mbíonn an rannóg i dteagmháil leis na daoine a bhfuil na rudaí sin faoina gcúram?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Bíonn. Bhíomar i dteagmháil le Parlaimint na Breataine Bige ar chúiseanna éagsúla. Is cúram eile atá ag Rannóg an Aistriúcháin san Oireachtas ná an dátheangachas a chur chun cinn agus acmhainní a chur ar fáil chun cuidiú leis na Comhaltaí agus leis an bhfoireann an teanga a úsáid. Tá sé mar chuspóir straitéiseach ag an eagraíocht go mbeidh Seirbhís Thithe an Oireachtais agus an tOireachtas i gcoitinne ag feidhmiú go hiomlán dátheangach. Níl aon dáta curtha leis an gcuspóir sin a bhaint amach mar go dtuigimid cé chomh deacair is atá sé teacht ar acmhainní agus ar dhaoine chun poist a thógáil chun na seirbhísí a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Luamar é sin cúpla uair ansin. Tá an cúram seo orainn. Bímid ag plé le Parlaimint na Breataine Bige mar tá na Breatnaigh i bhfad chun cinn orainn ó thaobh an Bhreatnais a neartú chun dul i ngleic leis an mBéarla agus chun an teanga a bheith inghlactha. Tá córas acu a dtugtar normalú nó normalisation air. In ionad daoine a bheith ag rá "Do we really have to do this in Irish?", beidh siad ag glacadh leis gur rud normálta é. Táimid tar éis an-chuid a fhoghlaim ó na Breatnaigh ón taobh sin de. Más buan mo chuimhne, tá ollscoil Bangor an-láidir ó thaobh acmhainní a ghiniúint agus a chur ar fáil. Tá a lán le foghlaim. B'fhéidir gurb é an chéad rud a dtabharfá faoi deara ná go bhfuil na deacrachtaí agus dúshláin chéanna ar fud na háite. Nílimid inár n-aonar agus na deacrachtaí seo a bheith againn, rud a fhágann go mbíonn an-chuid le foghlaim againn ó dhaoine eile a bhfuil taithí acu. Níl a fhios agam an dteastaíonn ó Maeve Eason aon rud a rá faoin mBreatain Bheag agus an méid a d'fhoghlaimíomar uathu siúd.
Ms Maeve Eason:
Díreach mar a luaigh Vivian Uíbh Eachach, bhí siad in ann a léiriú dúinn gurb é an rud atá ag croí an réitigh ná an normalú. Ba léir gur thuig gach duine a labhraíomar leo gur ionad oibre dátheangach a bhí acu. Bhí tacaíochtaí curtha ar fáil chun cabhrú le gach duine a bhí ag obair i Senedd Cymru an Bhreatnais a fhoghlaim. Bhí na tacaíochtaí sin ar fáil go soiléir agus bhí spriocanna ag gabháil leo. Bhí daoine in ann a rá go raibh siad ag freastal ag ranganna agus bhí a fhios ag an mbainisteoir. Bhí daoine in ann dul chun cinn a dhéanamh ag an obair trína léiriú go raibh na scileanna sin acu. Bhí an-chuid réimsí éagsúla acu inar chabhraigh siad le chuile dhuine. Is cuma cén post a bhí ag daoine. Bhí tuiscint ann go raibh siad ag obair go dátheangach. Ba cheann de na rudaí suimiúla ná rud ar thug siad "Breatnais fháilteach" nó rud mar sin air. Bhí téarma ar leith acu. D'fhág sé sin go raibh fiú amháin daoine nach raibh aon Bhreatnais acu in ann a rá "Dia duit", "Conas atá tú?" nó " Cuirfidh mé ar aghaidh chuig duine a bhfuil Breatnais acu thú". B'shin an méid. Bhí aon duine a shiúil isteach ansin a bhí á iarraidh in ann an Bhreatnais a úsáid ón gcéad phointe teagmhála. Bhí an chumhacht ag na daoine. Is é sin an rud ba thábhachtaí. Bhí an chumhacht ag na daoine a bhí ag na deasca fáilteacha. Bhí a fhios acu nach raibh siad chun a bheith fágtha ansin ag rá "Gabh mo leithscéal, ní féidir liom plé leis seo". Bhí a fhios acu cé hiad na daoine a raibh siad in ann dul i dteagmháil leo agus bhí siad in ann an méid sin Breatnaise a úsáid, rud a d'fhág freisin gur chuir na daoine sin níos mó spéis sa teanga mar bhí cuid den teanga in úsáid acu cheana féin. B'áit dhóchasach é ar bhealach sa chaoi ina raibh sé déanta acu. Bhí an-chuid rudaí praiticiúla déanta acu ó bhun go barr.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar choiste, bhíomar ar cuairt ann tamall de mhíonna ó shin. Bhí sé an-spéisiúil. Bhí siad an-bhródúil as an gcur chuige. Bhí siad ag iarraidh cuidiú linn anseo nuair a bhí muid ann. Tá ceisteanna agam. Beidh an t-eolas ar fad ag Vivian Uíbh Eachach ó bharr a chloiginn maidir le haistriúchán na nAchtanna. Cá bhfuil muid? Is ceist é sin a thagann suas go minic. Cá bhfuil muid ó thaobh an stór nach bhfuil aistrithe ina iomláine?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Ní theastaíonn uaim stair an domhain a thabhairt ach fuaireamar PricewaterhouseCoopers isteach chun féachaint ar an rannóg, ar an leagan amach a bhí againn ar an obair agus ar an ualach oibre. Moladh go mbeadh líon áirithe daoine againn. Fuaireamar cead ón mhórbhainistíocht anseo agus ón gcoimisiún na daoine sin a earcú. Cuireadh buiséad ar fáil dúinn lena haghaidh sin. Cé gur dhein HR anseo iarrachtaí móra agus a lán comórtas a chur ar bun, níor éirigh linn na daoine a earcú. Is é sin an fáth gur luaigh mé an ról atá ag an gcóras oideachais sa rud seo. Ba cheart go mbeadh an Stát ag cur daoine ar fáil chun cuidiú leis an Stát a chuid oibre a dhéanamh. Dá mbeadh bearna ann ó thaobh an tsoláthair i réimse an Bhéarla nó i réimse éigin eile, bheadh sé á phlé agus bheadh daoine ag díriú air mar éigeandáil ach ní dóigh liom go bhfuil an leibhéal sin feasachta go bhfuil fadhb ann bainte amach againn go fóill.
Ní bhfuaireamar na daoine. An plean a bhí againn ná in imeacht trí bliana, an riaráiste a ghlanadh agus dul ar bhonn reatha leis na tiontuithe oifigiúla ar na hAchtanna. Sin an plean a bhí againn ach ní bhfuaireamar ach 50% den líon foirne a bhí ceadaithe. D'éirigh linn 50% de na riaráistí a ghlanadh agus dul ar bhonn reatha laidir le timpeall ar 50%. Tá an réiteach sna hacmhainní ach níor éirigh linn iad a fháil.
Is é an áit go bhfuil sé ná go bhfuil laghdú 50% déanta ar na riaráistí agus go bhfuil ag éirí linn suas go dtí leibhéal 50% ar bhonn reatha, agus beagáinín os a chionn, a bhuíochas don fhoireann atá againn atá ag obair go dian chun é seo a bhaint amach. Is é an plean atá againn anois ná díriú ar na hiarratais a thagann isteach ón Stát. Má tá Acht áirithe ag teastáil le haghaidh cás cúirte nó mar sin nó Acht ag teastáil toisc go mba mhaith leis an Roinn ionstraim reachtúil a chur amach chun rialachán éigin a bhaineann le cúrsaí comhshaoil nó a leithéid sin a chur amach, táimid ag plé leis na hiarratais den chineál sin a thagann isteach. Mar chuid den scrúdú a dhéanadh ar an rannóg, rinneamar iarracht fáil amach ó shuíomh Idirlíne an Oireachtais cad iad na hAchtanna a bhfuil suim ag daoine iontu ó thaobh aimsithe nó “hits.” Leagamar amach tosaíochtaí ó thaobh réimsí ábhartha. Anois, leis an gcur chuige nua, tugaimid faoi deara go mbíonn na hiarratais a thagann isteach ag teacht leis na réimsí sin. Má tá tiontaire ag teastáil go práinneach, chuirfimid ar fáil é, ach ag an am céanna táimid ag obair ar an liosta a laghdú. Go dtí go bhfaighimid na daoine go léir atá ceadaithe dúinn, ní bheimíd ábalta a rá - ba bhreá liom agus le Maeve Eason teacht isteach go dtí an comhchoiste agus dea-scéal a thabhairt - go bhfuil an riaráiste glanta. Go dtí go bhfaighimid na hacmhainní, beimid ag streachailt chun é sin a dhéanamh.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir “poaching” a dhéanamh orthu siúd atá ag obair san Aontas Eorpach?
Mr. Vivian Uíbh Eachach:
Go mí-ámharach, tá an próiseas sin ar siúl ach sa treo eile. Is deis iontach é do dhaoine óga dul sall chun na Bruiséile agus a bheith ag obair ansin, agus teanga nua a fhoghlaim. Ní chuireann muid bac ar éinne go dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Uaireanta tagann daoine thar n-ais. Cinnte, mura mbeadh na hinstitiúidí Eorpacha ag earcú aistritheoirí bheadh ár ndóthain againn, agus bheadh an jab déanta, ach ní mar sin atá. Is rud maith é sin. Más féidir linn an rud a réiteach ó thaobh an chórais oideachais de agus daoine sna scoileanna i bPort Láirge nó i nGaillimh, áit a bhfuil an teanga ag na daltaí ó dhúchas, a chur ag smaoineamh go bhfuil gairmeacha ann dóibh, réiteofar é ag an bpointe. Dá bhfhéadfaimis an chuid sin den rud a chur le chéile, bheadh postanna againn do na daoine sin, daoine againn le hobair mar aistritheoirí agus a dhóthain daoine ag an Stát chun an sprioc 20% a bhaint amach. Inár dtuairim uamhal féin, sin an áit ina bhfuil an réiteach air seo.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Vivian Uíbh Eachach agus Maeve Eason as a bheith linn agus a dtuairimí a roinnt linn. Cuirfimid deireadh lenár mbreithniú ar an ábhar seo inniu. Déanfaimid an cruinniú seo a chur ar athló go dtí 11 a.m. ar an 19 Bealtaine nuair a phléifimid an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 leis an Dr. John Walsh, Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe; agus múineadh na Gaeilge sna meánscoileanna T2 agus córas na díolúintí le hionadaithe ó Ghael Linn agus ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.