Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 March 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)
2:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Leanfaimid lenár mbreithniú ar múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna T2 agus ar chóras na ndíolúintí leis na hionadaithe atá os ár gcomhair inniu ón Roinn Oideachais agus Óige. Cuirim fáilte roimh Gavan O'Leary, rúnaí cúnta; Mark Bohan, príomhoifigeach, beartas curaclaim agus measúnachta; Dermot Brown, príomhoifigeach, bainistíocht maoine scoileanna; Muireann Tóibín, príomhoifigeach, an t-aonad um oideachas Gaeltachta; an Dr. Maresa Duignan, príomhchigire cúnta, foghlaim ghairmiúil múinteoirí agus luathbhlianta; Brendan Doody, príomhoifigeach, beartas oideachas speisialta; an Dr. Treasa Kirk, príomhchigire cúnta; Seán Ó hAdhmaill, príomhoifigeach cúnta san aonad Gaeilge um scoileanna meán-Bhéarla; Anne-Marie Ross, príomhoifigeach cúnta, oiliúint tosaigh múinteoirí; agus Lorcán Ó hAlmhain, ardoifigeach feidhmiúcháin san aonad um beartas curaclaim agus measúnachta.
Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaim ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin a chur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime.
Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin, ach sa chás seo tá na finnéithe i láthair.
Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach má eisítear é. An nglacann gach duine leis na treoracha sin? Glacann. Iarraim ar Gavan O'Leary tús a chur lena ráiteas tosaigh.
Mr. Gavan O'Leary:
Cuirimid fáilte roimh an deis seo a bheith anseo os comhair an chomhchoiste ar maidin chun aghaidh a thabhairt ar an gceist maidir le múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna T2 agus an córas díolúine. Is ard-rúnaí cúnta mé sa Roinn. I mo chuideachta inniu tá mo chomhghleacaithe, ar chuir an Cathaoirleach Gníomhach in iúl iad.
Tá ról lárnach ag an Roinn Oideachais agus Óige maidir leis an nGaeilge. Is í an sprioc atá againn i gcónaí ná feabhas a chur ar cháilíocht oideachas na Gaeilge i suíomhanna meán-Bhéarla agus i suíomhanna lánGhaeilge araon. Le blianta beaga anuas, tá roinnt céimeanna tábhachtacha glactha ag an Roinn chun feabhas a chur ar oideachas na Gaeilge, rud a léiríonn tábhacht an ábhair, lena n-áirítear curaclam teanga na bunscoile nua; cuir leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG; an méadú leanúnach ar an tionscadal teanga chomhtháite ábhar agus foghlama, FCÁT; an rannóg GhaelAonad a bhunú laistigh d'Oide; an plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla; agus an polasaí don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Cuireadh curaclam teanga na bunscoile, CTB, chun feidhme ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2016. Tacaíonn an curaclam le múineadh agus foghlaim na Gaeilge agus an Bhéarla. Tá sé dírithe ar leanaí le cineálacha cumais éagsúla i ngach comhthéacs scoile. Tá an struchtúr agus na snáitheanna céanna ag an CTB don dá theanga. Is curaclam comhtháite é a dhéanann naisc idir teangacha agus laistigh díobh agus a dhéanann iarracht tacú le haistriú scileanna idir teangacha. Tacaíonn comhtháthú idir an dá theanga le múinteoirí chun pleanáil agus forbairt a dhéanamh ar fhoghlaim leanaí sa chéad teanga agus sa dara teanga na scoile, más í an Ghaeilge nó an Béarla atá i gceist. Tá sé ailínithe le prionsabail agus le modheolaíochtaí Aistear, creatchuraclam na luath-óige.
Tá a fhios agam gur mian leis an gcoiste an gcóras díolúine maidir leis an gcuraclam mar a oibríonn sé ag an mbunleibhéal a phlé. Ar dtús, bhí díolúintí ann do na riachtanais a bhí ag leanaí taidhleoirí in Éirinn. Le himeacht ama, de bharr athruithe inár scoileanna agus inár sochaí, leathnaíodh na cúinsí ina bhféadfar díolúintí a thabhairt. Ó na 1990idí ar aghaidh, cuireadh riachtanais oideachais speisialta san áireamh sna cúinsí sin. Tá dul chun cinn suntasach déanta i dtreo chomhtháthú leanaí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu in oideachas príomhshrutha in Éirinn. Tá sé seo i gcomhréir lenár n-oibleagáidí faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
Sa bhliain 2018, rinne an Roinn athbhreithniú ar na ciorcláin a threoraigh córas na ndíolúintí ag an mbunleibhéal. Úsáideadh an t-aiseolas ón phróiseas comhairliúcháin phoiblí chun aiseolas a aimsiú do na ciorcláin reatha. Léirigh aiseolas na bpáirtithe leasmhara go soiléir gur chóir leanúint ar aghaidh le beartas maidir le díolúine ó staidéar na Gaeilge. Tá prionsabail na hionchuimsitheachta agus na foghlama difreáilte mar bhonn le sonraíochtaí curaclaim bunscoile agus iarbhunscoile. Baineann siad le rannpháirtíocht daltaí agus scoláirí i ngach ábhar, an Ghaeilge san áireamh. Dá réir sin, spreagtar scoileanna deiseanna a chur ar fáil do gach dalta agus scoláire, agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Gaeilge agus cultúir Ghaelaigh. Ba cheart é seo a dhéanamh don mhéid is mó is féidir agus ar shlí fhiúntach. Ba chóir é a dhéanamh ar leibhéal atá oiriúnach dá riachtanais foghlama agus chun leibhéal inniúlachta pearsanta a bhaint amach atá oiriúnach dá gcumas. Leagtar béim sna socruithe maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge ar an bhfíric nach dtabharfar díolúintí ach amháin i gcúinsí eisceachtúla.
Sa scoilbhliain 2024-25, bhí díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 12,131 dalta bunscoile, nó 2.2% den iomlán, 11,756 acu ar bhonn riachtanais bhreise agus 375 acu toisc gur tháinig siad ó thír iasachta. Nuair a fhéachtar ar líon na ndíolúintí a dtugann scoileanna i gcomhthéacs níos leithne, feictear go bhfuil líon na leanaí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta níos casta acu ag méadú. Is léir seo ó bheagnach 1,700 rang speisialta nua a cuireadh ar fáil i scoileanna príomhshrutha le cúig bliana anuas. Tá beagnach 28,000 scoláire a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu cláraithe i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta sa scoilbhliain 2024-25. Chomh maith leis sin, tá breis is 10,000 scoláire ón Úcráin cláraithe inár mbunscoileanna faoi láthair.
Cuireann COGG tacaíocht luachmhar ar fáil dár nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, agus do scoileanna meán-Bhéarla maidir le múineadh na Gaeilge. Tá méadú déanta ar mhaoiniú COGG ó €1.3 milliún in 2018 go €4.8 milliún i mbliana. Tá méadú tagtha ar líon foirne COGG ó ochtar go 23 le linn na tréimhse céanna, rud a chuireann tacaíocht bhreise ar fáil dár scoileanna. Tá an Roinn ag tacú le múineadh, foghlaim agus measúnú na Gaeilge trí réimse tionscnamh lena n-áirítear an tionscadal foghlaim chomhtháite ábhar agus teanga, FCÁT; an tionscadal corpoideachais trí Ghaeilge; agus maoiniú d’Fhoras na Gaeilge do raon tionscadal lena n-áirítear an clár Gaelbhratach agus Séideán Sí, clár Gaeilge don bhunleibhéal. Mar chuid de struchtúr eagraíochtúil nua Oide, cruthaíodh rannán nua ar a dtugtar GaelAonad a bhfuil freagracht shonrach uirthi as réimse churaclaim na Gaeilge agus comhthéacsanna scoile a oibríonn trí Ghaeilge. Ina theannta sin, i mí na Samhna 2025, d’fhoilsigh an Roinn dhá bheartas thábhachtacha a bhí dírithe ar oideachas Gaeilge a neartú ar fud na tíre: an polasaí don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus an plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna mheán-Bhéarla.
Maidir leis an bplean gnímh, “Is féidir liom, is féidir linn’, is plean dhá bhliain é a bhfuil sé mar aidhm aige feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla. Bhí próiseas comhairliúchán agus taighde fairsing mar bhonn eolais don phlean gnímh. Tacóidh sé le scoileanna curaclaim atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun eispéiris foghlama níos tarraingtí agus níos luachmhaire a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga. Bhí próiseas comhairliúcháin fairsing agus taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta mar bhonn eolais d’fhorbairt an pholasaí don oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Tá an Roinn tiomanta do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge a fheabhsú i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna. Infheistíonn an Roinn go láidir sa Ghaeilge agus leanann sí de thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge ar réimse leathan bealaí i réimsí amhail oideachas tosaigh múinteoirí, foghlaim ghairmiúil múinteoirí, curaclam agus measúnú, agus forbairt acmhainní. Tá an Roinn tiomanta go mbeadh an Ghaeilge mar ghné lárnach den churaclam scoile. Is cuid ríthábhachtach dár bhféiniúlacht náisiúnta agus dár n-oidhreacht oideachais í an Ghaeilge, agus fanann a cur chun cinn mar phríomhthosaíocht dúinn. Táimid sásta aon cheisteanna a bheidh ag an gcoiste a fhreagairt.
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith os ár gcomhair inniu chun an t-ábhar ríthábhachtach seo a phlé. Ba mhaith liom ar dtús díriú ar chóras na ndíolúintí. Cuirim an cheist go minic faoi líon na ndíolúintí a thugtar amach sa tír seo agus faighim na freagraí céanna - go mbaineann sé le líon na ndaltaí atá tar éis teacht ó thíortha eile agus leis an méadú ar líon na bpáistí le riachtanais bhreise - ach ní ghlacaim leis sin. Níl aon fhianaise ann ag rá gurb ionann riachtanas breise agus gan a bheith in ann teanga a fhoghlaim. Níl aon fhianaise ann nach féidir le duine ó thír eile an tríú teanga a fhoghlaim. De ghnáth, tá siad dátheangach nuair a thagann siad anseo. Ní ghlacaim leis sin. An féidir leis an Roinn anois a admháil nach bhfuil an córas díolúine seo ag obair? Chuir mé an cheist cheana. Ní raibh an Roinn in ann é a admháil an samhradh seo caite. Tá na ceardchumainn tar éis é a rá. Tá an coiste Gaeilge de chuid na Dála deireanaí tar éis tuarascáil a chur os comhair na Roinne. Níl sé ag obair. An féidir leis an Roinn é sin a admháil inniu?
Mr. Gavan O'Leary:
Iarrfaidh mé ar Mark Bohan teacht isteach maidir leis na díolúintí. Tiocfaidh Brendan Doody isteach má tá aon rud le ra aige maidir le riachtanais speisialta. Tá, mar a dúirt an Teachta, páistí áirithe ar féidir leo an Ghaeilge a fhoghlaim. Mar a dúirt mé, tá sé mar aidhm againn go mbeadh an Ghaeilge ar fáil do dhaoine mar is cóir agus mar a bhaineann leo. Iarrfaidh mé ar Mark Bohan teacht isteach chun labhairt faoin gcóras díolúintí agus conas a oibríonn sé do pháistí le riachtanais oideachais speisialta agus do pháistí a thagann ó thíortha iasachta.
Mr. Mark Bohan:
I thank the Deputy. As we spoke about at the previous committees, there is a system for exemptions. It is a long-standing system in the education system. It has been reviewed a number of times. At each time, the conclusion has remained from those reports and reviews that a system of exemptions is still required in terms of fairness for the children concerned and in the best interests of those children in certain exceptional circumstances. That has been based on research and consultation and the input of expertise, as Mr. O'Leary mentioned, from the special needs side of things, the inspectorate, our educational psychologists-----
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá brón orm. Cén fhianaise atá sé seo dírithe air? Dúirt Mark Bohan "based on research". Níl an fhianaise sin feicthe agam. Cén fianaise go díreach atá i gceist? Rinneadh tagairt don chiorclán in 2018 agus dúradh go ndéanann an Roinn athbhreithniú, ach cén fhianaise atá ag rá nach féidir le páistí le riachtanais teanga an Ghaeilge a fhoghlaim? Cad í an fhianaise sin?
Mr. Mark Bohan:
The report into the exemption system that I was talking about was carried out by the inspectorate in 2018. It concluded that there was a need for these categories of exemption to remain for the special needs category and the other categories. There have been amendments to the criteria and there have been changes from time to time in the circulars. It is important to say, as I said at the last committee when we were talking about this matter, that the provision of an exemption is not the same as saying that people cannot learn a language. The exemption is based on the ability to do the curriculum as it is set out in terms of Irish.
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nach dtaispeánann sé sin dúinn go bhfuil fadhb eile ann? An fhadhb ná nach bhfuilimid ag tabhairt na dtacaíochtaí don mhúinteoir agus don phríomhoide. Tá fadhb sceidiúlach ann. Tá siad ag cur Gaeilge ar siúl san am céanna le tacaíocht sa bhreis. Tá tuismitheoirí ag lorg sosa don pháiste. Nílimid ag tabhairt na tacaíochta don pháiste. Nuair a bhí mise ag múineadh, bhí páistí agam le discalculia, agus níor cuireadh ceist orm riamh díolúint a thabhairt dóibh sa mhata. Bhí orm idirdhéalú a dhéanamh don pháiste sin ionas gur féidir leo dul i ngleic leis an gcuraclam mata ar a chumas féin. Ní raibh ceist riamh maidir le díolúint a thabhairt dóibh sa mhata toisc go raibh riachtanais acu le mata. Cén fáth a bhfuil an riachtanas á thabhairt againn i dtaobh an teanga? Tá sé soiléir dom gur easpa measa don teanga, agus claontacht i gcoinne ár dteanga náisiúnta, atá i gceist anseo.
Mr. Mark Bohan:
If the Deputy wants to get into that kind of specific detail, my colleagues either from the inspectorate or the special needs side of things might have more expertise in terms of why an exemption might be required and what level of supports would be required to achieve something like that. As I said, it is important to note that it is not about the ability to learn a language per se. It is based on the curriculum that is in place. The numbers at primary school level are quite low - 2.2% - and have reduced since 2018. A big part of that is that the circular makes clear that they should be given every opportunity to experience Irish, that they should be exposed to opportunities to develop, and that exemptions probably should not be sought until at least fifth or sixth class. That is the approach at primary level and it has been shown that it has brought down the level of exemptions. We hope that the level of supports we are pulling into the system in other areas - for example, the action plan for Irish-medium schools is aimed at improving the educational experience that children have in schools - may improve the situation further.
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nach gceapann Mark Bohan gur laghdaíodh na huimhreacha sa bhunscoil nuair a moladh dóibh gan é a lorg go dtí rang a cúig nó rang a sé? Táthar á chur ar an méar fhada. Is é sin an fáth a bhfuil 15% de scoláirí meánscoile á fháil - 20,000 díolúine sna meánscoileanna an bhliain seo caite amháin. An é go bhfuil na huimhreacha ag teacht síos nó an bhfuil siad ag dul ar an méar fhada go dtí go bhfuil siad sa mheánscoil?
Mr. Mark Bohan:
In terms of the proportion, it has gone down at primary level. We would think that is because of the changes in the circular and the intent behind it. At second level, there are broader numbers, particularly in terms of people coming from abroad who make up a significant number of the exemptions that are held, in addition to those with special needs. There are other factors for a lot of people in terms of arriving from abroad and having to pick up an Irish curriculum when they have not studied it before. Again, it is not that they could not learn a certain level of Irish or any other foreign language - it is about the curriculum and the nature of the curriculum, which is based on the understanding that a child has gone through primary level and have a certain level of Irish to begin with. It is not a beginner's Irish course or so on. They are the kinds of criteria that are taken into account for the people who are coming from abroad. I do not know whether my colleagues want to talk about those issues.
Mr. Brendan Doody:
Tá brón orm; tá Gaeilge agam, ach táim go huile is go hiomlán as cleachtadh. Déanfaidh mé mo dhícheall é seo a fhreagairt trí Ghaeilge. B'fhéidir go n-úsáidfidh mé roinnt Béarla freisin. Aontaím go huile is go hiomlán leis an Teachta ar dtús báire. Is féidir le páistí le riachtanais speisialta foghlaim agus teangacha eile a fhoghlaim. Is cuimhin liom cúpla bliain ó shin go raibh caidreamh agam le páiste óg i scoil áirithe le Down's syndrome. Bhí caidreamh iontach deas i mBéarla eadrainn. Bhí an scoil seo lonnaithe i Réicivíc. Bhí sí in ann labhairt trí Bhéarla, cé go raibh a teanga dúchais an Íoslainnis.
Is féidir le páistí teangacha eile a fhoghlaim. Tá sé sin soiléir. Tá an pointe a bhí ag Mark Bohan maidir le accessing the curriculum an-tábhachtach. Statistically, le daonra áirithe is féidir linn a rá go mbeidh deacrachtaí ag 2% of any given population. They will have real difficulty and challenge in accessing the language. Statistically, we can expect that. It does not mean they cannot learn a language. In the circular, there is a very clear statement that an exemption does not mean you do not learn the language. An exemption means you are not required to access all aspects of the language, but if you have the capacity to listen and to talk there is no reason you cannot access at your level of ability. That is very clear in the circular.
We hope and expect from a special education perspective that children are not discriminated against because they access the language orally or aurally. There are issues, and the Deputy has certainly identified one of them at post-primary level. Baineann sé sin leis an amchlár. Dr. Kirk might come in on this from the inspectorate perspective. I know that when inspectors have been in post-primary schools and have looked at the timetabling, they have seen that everything is against Irish. Anyone who has provision for a special education need is having it timetabled against the line for Irish. That is not best practice and it is not what anybody would be encouraging. It does not even give the opportunity for the children's specific needs to be addressed. If they are all timetabled against Irish, it brings a whole mixum-gatherum of need into the classroom. We have put 15,000 special education teachers into schools. That level of investment is enormous. We hope and expect that schools, with all the support from the special education teachers and the additional supports that are provided by NEPS, the NCSE, Oide and so on, will be well practised in identifying and meeting those needs. If the need is in Irish, there is nothing in the SET guidelines which precludes a school from providing tacaíocht sa bhreis do dhaltaí le riachtanais speisialta trí Ghaeilge. An bunphrionsabal atá ann ná go bhfaigheann na daltaí leis an fhadhb is mó agus na riachtanais is mó an tacaíocht is mó. B'fhéidir go mbaineann sé sin leis an dearcadh nó an meon atá sa scoil; mar shampla, an bhfuil sé tábhachtach dóibh tacaíocht sa bhreis a thabhairt do pháiste sa Ghaeilge.
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Caithfidh sin teacht ón mbarr. Tá mé sásta a chloisteáil go dtuigeann an Roinn an fhadhb leis an sceideal, rud a tharlaíonn fud fad an Stáit. Tá sé sin ar fheabhas, ach níl an córas díolúine ag obair. Tá an cheist seo chun teacht suas arís agus arís eile. Tá mise ar an gcoiste oideachais agus óige chomh maith. Beimid á phlé arís. Tá sé in am athbhreithniú a dhéanamh air sin agus gan tagairt a dhéanamh i gcónaí do churaclam 2018. Fágfaidh mé ansin é chun deis a thabhairt do dhaoine eile.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí an Dr. Kirk ag iarraidh teacht isteach.
Dr. Treasa Kirk:
Aontaím le Brendan Doody gur féidir le gach páiste teanga a fhoghlaim ag leibhéal ar leith. É sin ráite, tá an scéal seo an-chasta ar fad, mar is eol dúinn go léir. Ceapaim go bhfuil dóchas ann ó thaobh an churaclaim teanga atá curtha ar bun le déanaí, go háirithe an bhéim nua atá ar na nuatheangacha, ach amháin go bhfuil géarghá le meon na múinteoirí agus na príomhoidí i scoileanna a athrú. Níl aon dabht faoi sin. Sa churaclam teanga, tá fócas níos mó ar an gcumarsáid nádúrtha agus ar an nGaeilge ó bhéal. Tá féidearthachtaí ann. Mar shampla, tá sé an-soiléir sa chontanaim dul chun cinn gur chóir do mhúinteoirí díriú isteach ag an leibhéal cóir lena mbaineann sé leis na páistí agus a gcuid riachtanas foghlama. Dár ndóigh, bhí sé soiléir freisin sa chaibidil a scríobh an chigireacht le déanaí i dtuarascáil na cigireachta go bhfuil dúshlán sa chóras. Tá dea-chleachtas le sonrú, agus caithfimid é sin a aithint. Is léir ó na cigireachtaí a dhéantar agus ó chaibidil 5 go bhfuil dea-chleachtais éagsúla ann ach tá dúshláin ann chomh maith. Baineann an dúshlán is mó atá ann le scileanna inniúlachta na múinteoirí agus na bpríomhoidí, agus tuiscint níos fearr a bheith acu ar an gcuraclam teanga. Go dtí seo, tá an-chuid oiliúint faighte ag na múinteoirí agus curtha ar fáil ag an Roinn. Tá maoiniú mór tugtha ag an Roinn do na múinteoirí ach is dócha go bhfuil an oiliúint sin faighte acu sa Bhéarla in ionad i nGaeilge so tá níos mó oibre i gceist. Níl aon dabht faoi sin ach an oiread. Tá béim freisin ar an bhfoghlaim ghníomhach agus go mbainfeadh na páistí sult as an nGaeilge. Tá sé sin ríthábhachtach, mar is eol dúinn, ach ní féidir é sin a dhéanamh gan an inniúlacht teanga, gan na scileanna teanga agus gan an tuiscint ar an gcuraclam chomh maith.
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím leis an Dr. Kirk faoin athrú meoin ach mothaím go gcaithfidh an t-athrú meoin sin teacht ón mbarr agus caithfidh sé teacht ón Aire oideachais. Go raibh maith ag na finnéithe.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir liom dul ar ais go rud a luaigh Mark Bohan maidir leis an gceist a chur an Teachta Ní Raghallaigh? Dúirt sé nuair a thagann sé go díolúintí nach mbaineann sé go hiomlán le cumas an dalta an teanga a fhoghlaim, mar go bhfuilimid ar fad in ann teangacha a fhoghlaim, ach go mbaineann sé níos mó leis an gcumas atá ag an dalta dul i ngleic leis an gcuraclam. Nach bhfuil fadhb bhunúsach ansin? Nár cheart go mbeadh an curaclam ag cabhrú leis an múinteoir an teanga a mhúineadh agus leis an dalta an teanga a fhoghlaim, seachas a bheith mar chineál bac dóibh a bheith in ann dul i ngleic leis an teanga? Nach bhfuil fadhb ansin?
Mr. Mark Bohan:
Regarding the nature of the curriculum, we could say there are two different sides to that. First, in terms of the primary curriculum, there is the approach of differentiated learning, which applies to both. Also, as I said, the approach is that the children should be given every opportunity to participate for as long as possible in a very meaningful way and this is shown in the low numbers of exemptions that are largely viewed as the children with the most significant needs in the system. At post-primary level, the nature of the curriculum changes slightly in that you are into a situation where it expects that you have a certain level of understanding. You are not starting from beginner's level. The nature of the curriculum can have things like literature and so on that might be quite difficult to get into from the start for people who have no basic Irish to begin with. It is in that space, while there is still differentiation, that it becomes more difficult.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir liom ceist a chur ansin? Nach gceapann Mark Bohan go bhfuil an litríocht sin ag scriosadh an tseans a bheadh ag dalta an teanga a fhoghlaim? Dá n-athrófaí an curaclam chun béim a chur ar an teanga labhartha sa seomra ranga, tabharfar seans do gach duine a bheith in ann suí síos agus comhrá a bheith acu agus an teanga a fhoghlaim taobh istigh den chóras tumoideachais, an cineál buzzword atá ag dul timpeall faoi láthair.
Mr. Mark Bohan:
There have been reforms to the curriculum along those lines in terms of changes and more of a focus on those sort of aspects. It is an important point.
People can differentiate how they are teaching to children and they can participate in the class. That would be seen as our best practice in the circulars, rather than them being excluded from the Irish class or whatever else. They can engage, as Mr. Doody has said, with the curriculum to the extent that is possible for them, perhaps without the pressure of having to be assessed on the more difficult aspects. It is possible for a school to manage it in that way. Even though students have an exemption, they would still be participating and learning to the level of their ability in the classroom.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag bogadh ar aghaidh as sin, tá 2.2% díolúintí á dtabhairt amach faoi láthair. An bhfaigheann éinne díolúine don Bhéarla más rud é gur togadh le Gaeilge iad, go bhfuil siad sa Ghaeltacht nó i nGaelscoil? An dtugann an Roinn amach díolúintí don Bhéarla?
Mr. Mark Bohan:
We administer the exemption scheme for Irish so that is what I am familiar with. However, my understanding is the reason that there is an exemption scheme for Irish and not other subjects is that Irish is a core subject that is required to be provided technically both in primary and post primary, whereas technically-----
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
But so is English.
Mr. Mark Bohan:
Technically at post primary, it is not. Everybody does it but technically it is not. I know it is a surprise. When I had this conversation first, it was a surprise to me too but technically Irish is the only one that needs to be provided for, example, as part of a leaving certificate course in a school. It is absolutely required.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cad iad na core subjects?
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is iarmhúinteoir meánscoile mé agus bhí tuiscint agam go raibh trí ábhar éigeantach ann: Gaeilge, Béarla agus mata. An é nach bhfuil sé sin ceart, agus ní caithfidh gach dalta an trí ábhar sin a fhoghlaim ar scoil?
Mr. Mark Bohan:
There is a difference when you talk about core subjects, but it is legally required. Every school is required to include Irish in a leaving certificate programme. Most schools, as the committee can imagine, do provide English and Irish as core subjects in a curriculum and require all their students to do it but technically they are not required legally or by the Department system to do so.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An dtugtar díolúine riamh amach don Bhéarla nó don mhata nó d'aon ábhar mar sin?
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar bhonn bunreachtúil, tá an t-aitheantas céanna tugtha againn don Ghaeilge is atá don Bhéarla anois. Tá dhá theangacha oifigiúla sa Stát seo agus níl an Roinn ach ag tabhairt amach díolúintí do cheann amháin acu. An bhfuil fadhb ansin?
Mr. Gavan O'Leary:
Sin mar atá. Níl córas ann do dhíolúintí a thabhairt don mhatamaitic nó don Bhéarla. Níl curaclam i bhfeidhm, agus níl córas ann. Mar a dúirt Mark Bohan, tá an curaclam ann maidir leis an nGaeilge agus mar a luaigh mé i mo ráiteas tosaigh tá sé sin ann le blianta fada anuas ach níl córas ann do dhíolúintí a thabhairt don Bhéarla nó don mhatamaitic.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá fadhb ansin mar tá meon againn maidir leis an nGaeilge atá difriúil don dá ábhar eile - Béarla agus mata. Má tá fadhb ag dalta le mata nó Béarla, tagann muid ar bhealach timpeall air chun cabhrú leo dul i ngleic leis an ábhar sin, ach má tá an Ghaeilge ródheacair don dalta deirtear, "Fág é, agus faigh díolúine". Ní aontaím leis sin. Mar a dúirt an Dr. Kirk, tá seans go bhfuil fadhb le meon na múinteoirí agus na bpríomhoidí sna scoileanna ach tá fadhb ag leibhéal i bhfad níos airde sa chóras freisin.
Tá ceist amháin eile agam. Tá 2.2% díolúintí á dtabhairt amach sa bhunscoil. Cloisim go bhfuil 13% á dtabhairt amach sa mheánscoil. Tá éagsúlacht ollmhór idir an dá leibhéal. An nglacann na finnéithe leis go bhfuil tionchar ag caighdeán an oideachais a fhaigheann daltaí sna bunscoileanna air sin?
Mr. Gavan O'Leary:
Iarrfaidh mé ar Mark Bohan teacht isteach chun labhairt faoi na figiúirí agus, mar a luaigh sé níos luaithe, faoin difríocht atá ann idir leibhéal na bunscoile agus leibhéal na hiarbhunscoile. Ansin, iarraidh mé ar an Dr. Kirk teacht isteach maidir le conas mar a oibríonn na cigirí agus cad a aibhsíonn siad nuair a théann siad isteach i scoileanna - ag leibhéal na bunscoile ach freisin sna hiarbhunscoileanna - maidir leis an nGaeilge agus an caighdeán teagaisc agus foghlama atá ar siúl inár scoileanna.
Mr. Mark Bohan:
I am repeating myself somewhat. As I have explained, at primary level there is a different approach to the extent to which people should be given the opportunity to participate before they seek an exemption. The nature of the differentiated curriculum at primary level allows for the involvement of most pupils for a very long time. The exemptions are largely seen as being for those with the most complex needs. In post primary, we have seen the numbers go up but there are reasons for that in our view. First of all, school enrolments have increased by 17%. We had a significant number of people from Ukraine enrol in the schools in recent years. There are 7,000 of them at post-primary alone. As was mentioned earlier, the number of children with more complex special education needs is increasing and we have a significant number of new special classes in second level. Some 3% of the overall primary and post-primary student population are now enrolled in special classes or special schools, which is about 28,000 students.
Regarding the curriculum at second level as mentioned, you are into a different thing where there is a slightly different approach to the curriculum. It is based on a certain level of understanding. They are a different type of thing. There is the State assessment as well which is obviously an important thing for the students who might be struggling and not able to do it. It might be adding to their concerns. Those are the main reasons, if we take all those factors together, why we see such a difference at post-primary to primary level.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní cheapann Mark Bohan go bhfuil aon tionchar ag caighdéan an oideachais a fhaigheann daltaí sa Ghaeilge sa bhunscoil ar an méadú ollmhór a thagann ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúintí sa mheánscoil. Bhí mé i mo mhúinteoir meánscoile Gaeilge ar feadh blianta agus d'aithin mé éagsúlacht ollmhór idir chaighdeán na ndaltaí ag teacht ó scoil amháin agus scoil eile. Nach gceapann na finnéithe go bhfuil tionchar aige sin freisin agus go bhfuil fadhb go gcaithfimid dul i ngleic leis ar an dtaobh cigireachta de?
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
No, ach dírítear ar chaighdeán na Gaeilge atá á múineadh ag múinteoirí.
Dr. Treasa Kirk:
Go díreach é. Dírítear ar chaighdeán an teagaisc, na foghlama, an mheasúnaithe, na ceannaireachta agus na bainistíochta agus ar úsáid acmhainní i gcigireachtaí éagsúla. Tá samhail cigireachta an-leathan ag an gcigireacht. Bíonn cigireachtaí scoile ar leith i gceist. Bíonn cigireachtaí curaclaim ar an nGaeilge, agus ar ábhair eile dár ndóigh, agus bíonn cigireachtaí leantacha ar siúl ag na cigirí freisin bunaithe ar na moltaí a dhéantar ar na cigireachtaí meastóireachtaí scoile uile. Chomh maith leis sin, bíonn cigireachtaí teagmhasacha gan fógra ar siúl. Bíonn cigireachtaí taighde ar siúl chomh maith ar théamaí éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge chomh maith le hábhair eile. Tá an-bhéim freisin ar chosaint leanaí, ar oideachas speisialta agus ar an bhfolláine. Tá sé tábhachtach é sin a lua. Is ar an mbonn sin a dhéantar cigireachtaí ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal.
Maidir leis na díolúintí, mar a dúirt mé ní dhéantar iniúchadh ar leith ag an mbunleibhéal. É sin ráite, tá cás staidéir déanta againn le déanaí ag an iarbhunleibhéal chun díriú isteach ar dhea-chleachtas, ar na scoileanna a bhfuil líon beag díolúintí i gceist. Tá anailís á déanamh againn air sin faoi láthair.
Arís, dírítear ar dhea-chleachtais ionas gur féidir linn aon dhea-chleachtas a scaipeadh. Is é sin an rud is tábhachtaí, dar linn sa chigireacht.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An easaontaíonn Dr. Kirk go bhfuil géarchéim maidir leis an éagsúlacht a bhaineann le caighdeán oideachas na Gaeilge i scoil amháin agus scoil eile, agus go bhfuil scoileanna áirithe nach bhfuil dáiríre ar chor ar bith faoin nGaeilge agus scoileanna eile atá thar cinn?
Dr. Treasa Kirk:
Mar a dúirt an Teachta Ní Raghallaigh níos luaithe, baineann an-chuid le caighdeán na ceannaireachta sa scoil agus le meon na scoile ó thaobh na Gaeilge de. Níl aon dabht ach go mbaineann an-chuid leis sin. Tá tionchar ag comhthéacs na scoileanna chomh maith. Uaireanta bíonn an-chuid páistí le riachtanais speisialta i scoil áirithe. Is comhthéacs ar leith é sin. Tá sé an-dúshlánach don scoil. Tá an-obair ar siúl in an-chuid scoileanna maidir le hionchuimsiú agus cinntiú go bhfuil dea-chleachtas in úsáid acu chomh fada is gur féidir leo.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Glacaim leis go hiomlán gur ábhar casta é seo. Níl sé éasca. Níl sé gan fhadhb. Caithfidh mé a rá, aon uair gur tháinig tuismitheoir chugam i mo shaol proifisiúnta ag lorg díolúine, bhí siad go hiomlán den tuairim go raibh siad ag déanamh a ndícheall ar son a bpáiste. Caithfimid glacadh leis sin agus an ábhar seo á phlé againn. Maidir leis an rud a luaigh Brendan Doody níos luaithe, is é an tuiscint atá ag an tuismitheoir atá ag lorg díolúine ná nach mbeidh aon Ghaeilge á dhéanamh ag a bpáiste ar scoil arís. Má tá rud éigin difriúil sa chiorclán, tá orainn é sin a ardú, a fhoilsiú arís agus a thabhairt do scoileanna agus tuismitheoirí timpeall na tíre ionas go dtuigfidís nach bhfuil sé i gceist nach mbeidh aon Ghaeilge á dhéanamh ag a bpáiste riamh arís. Is é an meon atá ann faoi láthair ná nach mbeidh an Ghaeilge á dhéanamh acu. Tá difríocht tuiscine ansin agus tá orainn soiléiriú a thabhairt do na scoileanna agus do na tuismitheoirí. Nuair a bhí ionadaithe ó Chumann Múinteoirí na hÉireann anseo linn an tseachtain seo caite, mhol siad dúinn gur chóir don Roinn oideachas bileog eolais a thabhairt do gach scoil ionas go mbeadh sé ar fáil d’aon tuismitheoir a thagann ag lorg díolúine le taispeáint dóibh céard a chiallaíonn sé i ndairíre. Ní chiallaíonn sé, mar atá ráite, nach mbeidh aon Ghaeilge á dhéanamh ag an bpáiste arís. An measann na finnéithe go mbeimid in ann bileog eolais mar sin a chruthú agus a chur timpeall?
Mr. Gavan O'Leary:
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Iarrfaidh mé ar Brendan Doody agus Mark Bohan teacht isteach maidir le conas mar a oibríonn an ciorclán. Tháinig an litir ón gcoiste, maidir leis an moladh faoin mbileog eolais, isteach go dtí an Aire an tseachtain seo caite. Aontaimíd go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh eolas ar fáil do scoileanna agus tuismitheoirí ionas go dtuigfidís céard a chiallaíonn sé nuair a fhaigheann scoláire díolúine, agus conas mar a oibríonn sé. Iarraim ar Brendan Doody teacht isteach ar cheist an Teachta maidir le conas a oibríonn an córas. Tá fhios agam go bhfuair Mark Bohan an litir sin freisin. Tá obair idir lámha againn maidir le heolas breise a thabhairt do thuismitheorí, scoileanna agus páirtithe leasmhara.
Mr. Brendan Doody:
Is iarmhúinteoir mé freisin. Bhí mé i mo mhúinteoir blianta fada ó shin. I mo rang, cloisfeá an Ghaeilge gach lá. Bheadh treoracha ar nós“Déanaigí líne ag an doras” nó “múch na soilse” trí Ghaeilge. Úsáideadh an Ghaeilge go neamhfhoirmiúil. Tá sé sin an-tábhachtach do gach uile páiste. Seans go mbeadh díolúintí ann ach cloisfeá Gaeilge gach lá. I will repeat myself to a certain extent. There is no reason a child with a particular need cannot learn Gaeilge ó bhéal and take part meaningfully in aspects of the Gaeilge lesson.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé tábhachtach é sin a rá.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Beidh na páistí le díolúintí fós ag glacadh páirt sa rang Gaeilge.
Mr. Brendan Doody:
Beidh, más féidir leo. Tá sé sin tábhachtach freisin. Caithfimid díriú isteach ar an 3% a luaigh Mark Bohan níos luaithe. Tá 3% de na páistí i ranganna speisialta nó scoileanna speisialta. Tá thart ar 2% i ranganna speisialta. Tá seans an-mhaith go mbeadh deacrachtaí ar leith acu siúd. Tá tuairisc proifisiúnta ag gach uile duine acu siúd agus sna tuairiscí sin deireann na síceolaithe “They are not able to access the curriculum for all or most of their day.” Sna cásanna sin, tá díolúintí acu. Aontaím gur ceist an-chasta é, ach an meon atá agamsa agus atá sa chiorclán ná, más féidir le páiste teagmháil a dhéanamh leis an gcuraclam Gaeilge ó bhéal, that should happen.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní hé sin an tuiscint atá ag tuismitheoirí - ní dóigh liom go bhfuil - nó b'fhéidir ag múinteoirí ach an oiread. An bhfuil muid ag smaoineamh faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuraclam?
Mr. Gavan O'Leary:
Iarrfaidh mé ar Mark Bohan teacht isteach ansin agus an t-eolas atá sa chiorclán agus an méid eolais nó an tuiscint atá ag daoine maidir le céard atá ann a roinnt. Tuigimid nach léann gach tuismitheoir na ciorcláin a eisíonn an Roinn gach lá. Tá siad casta go leor. Níl easy reading i gceist.
Mr. Mark Bohan:
As Mr. Doody said, the circular on these issues makes clear that we do expect these students to participate to the extent possible. It also sets out a few of the implications for children not learning Irish in terms of their future here in the country and so on. These things are laid out in various places.
We have FAQ documents both for parents and schools. We have manned a helpdesk for queries from principals and parents about the process. It has come to our attention through those queries that not everybody necessarily understands the criteria for an exemption, and what exactly it means to have an exemption. We are in the process of developing new leaflets as a way of raising awareness around this. We have noted the correspondence from the committee and we are happy to take on board its suggestions in the development of those leaflets. We want to make sure they are clear, concise and easily understood, and do not get too technical or too large in scale. That would be counterproductive.
We agree that these things are important. As Mr. Doody mentioned earlier, there can be an issue with timetabling. Many of the issues that come up are less about the criteria and the system itself and more about how schools are managing cohorts of people who get exemptions. There may be aspects of that we do not see as best practice. As Dr. Kirk mentioned, there is a review of some of the schools which have had low numbers of exemptions to see how they manage and to try to get some best-practice recommendations into the system. While the focus has been around the circular, the criteria and the need for exemptions, there is space to explore how we can guide and influence how schools manage exemptions.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sa chiorclán mar atá sé faoi láthair, bíonn ar an príomhoide cinneadh a dhéanamh laistigh de thrí sheachtain. Ba cheart go mbeadh spás nó tréimhse ann tar éis an chéad iarratas a bheith déanta ag na tuismitheoirí chun deis a thabhairt dóibh smaoineamh ar an méid a dúirt an príomhoide leo. B'fhéidir, nuair a bheidh an bileog eolais seo againn, go mbeidh orthu fanacht cúpla seachtain chun a n-athbhreithniú féin a dhéanamh – for the tuismitheoirí to review it themselves - le fáil amach an raibh an ceart acu é a lorg sa chéad áit agus chun tuiscint a fháil ar an tionchar a bheidh ag díolúine ar shaol oideachais an dalta as seo amach.
Maidir le rud eile ar an ábhar seo, dúirt an Dr. Kirk nach mbíonn an chigireacht ag breathnú ar na díolúintí sna scoileanna nuair a théann siad isteach. Mar is eol domsa, tá cúig chúiseanna difriúla gur féidir le tuismitheoir díolúine a lorg ar son a bpáiste. Is é an figiúr is mó de dhaltaí le díolúintí ná 11,756 dalta bunscoile. Tá siad acu ar bhonn riachtanas breise. Bhí mise i gcónaí cúramach nuair a bhí duine éigin ag lorg díolúine go raibh sí bunaithe ar chúrsaí nó ar ábhar "literacy" i mBéarla, agus an caighdeán a bhí acu i mBéarla. Tá sé liostaithe ag 2.2.1 sa chiorclán go bhfuil ar an bpáiste a bheith ag scór níos lú ná deich sa standardised test. An bhfuil a fhios againn an bhfuil scoileanna ag cloí leis sin?
Dr. Treasa Kirk:
Ní féidir liom an cheist sin a fhreagairt de bharr nach mbíonn iniúchadh á dhéanamh againn ar cheist na ndíolúintí i scoileanna. É sin ráite, mar a dúirt mé níos luaithe, bímid ag díriú ar cháilíocht an soláthar oideachais i gcoitinne, riachtanais fhoghlama na bpáistí agus cé chomh maith is atá na scoileanna ag plé leo sin. Aithnítear an dea-chleachtas más ann é, agus bíonn moltaí chun feabhais a dhéanamh más gá le sin chomh maith.
Rud eile atá tábhachtach ná, le linn na cigireachtaí, bíonn fócasghrúpaí le scoláirí agus anois tá leathanach ar leith do na páistí sna tuairiscí cigireachta a fhoilsítear. Tá an teanga an-soiléir agus cairdiúil ann. Is dul chun cinn an-mhaith é sin, dar linn, ó thaobh aiseolas a fháil ó na scoláirí bunscoile agus iarbhunscoile i gcigireachtaí ar leith. Táimid ag iarraidh guth an scoláire a neartú chun a chinntiú go bhfuil an soláthar mar is cóir is go bhfuil an t-eispéireas foghlama chomh maith is gur féidir leo a bheith.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir linn comparáid a dhéanamh idir na scóir a chuireann na scoileanna suas ag deireadh na bliana ar na scrúduithe caighdeánacha agus an méid díolúintí?
Dr. Treasa Kirk:
Déantar athbhreithniú ar chaighdeán an mheasúnaithe agus na cuir chuige measúnaithe éagsúla a bhíonn á chur i gcrích i scoileanna, ach ní luaitear sonraí mar sin i dtuairiscí cigireachta. Bíonn sé mar chuid den fhianaise chun na ráitis cháilíochta a chlárú sna tuairiscí a bhfoilsítear. Foilsítear na tuairiscí éagsúla ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Caithfidh mé a rá go bhfuil an tuairisc atá á thabhairt ag na finnéithe an-suimiúil. Táim ag foghlaim a lán. Is cúis sásaimh domsa a chloisteáil go bhfuil an céatadán de dhaoine atá ag lorg díolúintí ag ísliú ag 0.2%. Cheap mé go raibh sé ag ardú i gcónaí, diaidh ar ndiaidh. Tá na figiúirí sin an-spéisiúil.
Sular tháinig mé isteach ar maidin bhí mé ag déanamh puinn taighde ar chóras comparáideacha i dtíortha eile, go háirithe an Bhreatain Bheag agus Iosrael, agus na díolúintí atá in úsáid sna tíortha sin. Maidir leis an Bhreatain Bheag, níl mórán réabhlóideach á dhéanamh aige maidir le díolúintí, ach in Iosrael tá a lán rudaí suimiúla ag tarlú. Mar is eol do na finnéithe, tá daoine óga ag teacht isteach ó gach áit ar domhan agus bíonn diversity sna teangacha a bhíonn ag na páistí agus iad ag teacht isteach. Nuair a théann siad isteach sna bunscoileanna go speisialta, bíonn siad ag tabhairt a lán tacaíochta aonaracha do na foghlaimeoirí. Ba mhaith liom fáil amach - b'fhéidir go mbeidh deis ag na finnéithe dul ar junket an-deas, ach seans go mbeadh junket go dtí Iosrael conspóideach i láthair na huaire – cé chomh mór is atá an taighde agus na cuairteanna atá déanta sa Roinn agus sa chigireacht ar córais i dtíortha eile le fáil amach an bhfuil best practice in úsáid againn sa tír seo.
Mr. Gavan O'Leary:
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Mar a luaigh mé i mo ráiteas tosaigh, tá taighde idirnáisiúnta ann ar na córais atá ann. Tá comhthéacs difriúla sna tíortha ar luaigh an Seanadóir is atá anseo in Éirinn, ach ag an am céanna, mar chuid dár gcuid oibre agus an taighde á bhailiú againn don pholasaí oideachais lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus don phlean gnímh don Ghaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla, bhí bailiú taighde ar na córais thar lear mar chuid den obair.
Iarrfaidh mé ar Muireann Tóibín cur síos gearr a dhéanamh ar an taighde sin mar bhí sé tábhachtach mar chuid den pholasaí sin. Iarrfaidh mé ar Sheán Ó hAdmhaill beagán a rá maidir leis an bplean gnímh agus an taighde a rinne an chigireacht. B'fhéidir nach mbeadh gach duine sásta dul chuig gach tír chun an taighde sin a dhéanamh ach bhíomar ag féachaint ar an rud atá eisithe agus an taithí atá ag na tíortha sin maidir le teangacha mionlach agus conas mar a úsáidtear an córas oideachais, go háirithe in Iosrael, mar bíonn an tsochaí iomlán ag obair le chéile maidir leis an teanga. Tá ról lárnach ag an gcóras oideachais maidir le teangacha agus, anseo in Éirinn, maidir leis an nGaeilge. Iarrfaidh mé ar Muireann Tóibín cur síos gearr a thabhairt. Níl na sonraí go léir ag teastáil, ach chun taispeáint don Seanadóir conas mar a d'fhéachamar thar lear mar chuid den obair a bhí idir lámha againn.
Ms Muireann Tóibín:
Ceist an-suimiúil atá ann. Mar a luaigh Gavan O'Leary, choimisiúnaíomar SEALBHÚ in DCU chun athbhreithniú a dhéanamh ar thaighde idirnáisiúnta le bheith mar bhonn eolais don pholasaí ar an oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Bhreathnaigh siad ar naoi ndlínse éagsúla - ní tíortha éagsúla i gcónaí ach dlínse éagsúla - timpeall an domhain ina raibh teangacha mionlach ann a bhí á múineadh trí mhúnla tumoideachais. Tá éagsúlacht dochreidte ann ag breathnú trasna an domhain. Níor bhreathnaigh an fhoireann ar Iosrael faraor - b'fhéidir go mbeidh orainn turas a ghlacadh - ach bhreathnaigh sé ar an Nua Shéalainn, Tír na mBascach, an Bhreatain Bheag, an Fhionlainn agus tíortha éagsúla timpeall an domhain, agus tá an-éagsúlacht ann. Leis an gcomhthéacs sochtheangeolaíochta a bhíonn sna tíortha sin, bíonn sé deacair comparáid a dhéanamh eatarthu. Bíonn an córas oideachais leagtha amach ar bhealach éagsúil sna tíortha sin. Bhí sé an-chabhrach dúinne bheith in ann breathnú orthu agus a cheistiú an mbeadh gné ar leith i dtír áirithe cabhrach dúinne nó tuiscint go raibh rud éigin triailte i dtír eile agus nár oibrigh sé amach. Is féidir linn foghlaim ó na ceachtanna sin.
Tá an taighde agus staidéar ar na tíortha eile an-tábhachtach. Mothaím go mbíonn tíortha eile ag breathnú orainn i dtaobh na rudaí a bhíonn ag feidhmiú go maith sa chóras oideachais anseo ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de, agus níos leithne ná sin. Tá súil agam go mbíonn tíortha eile ag breathnú orainn agus ag foghlaim ó na rudaí atá go maith anseo.
Mr. Seán Ó hAdhmaill:
Bhí SEALBHÚ páirteach sa chomhairliúchán náisiúnta a rinne muid maidir le teagasc agus múineadh na Gaeilge in 2025. Mar chuid de, cuireadh dhá thuarascáil le chéile atá ar fáil saor in aisce ar leathanach an aonaid ar shuíomh gréasáin gov.ie. Molaim do chomhaltaí an choiste iad a léamh muna bhfuil siad léite cheana féin acu. Is léirmheasanna litríochta iad bunaithe ar an taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá go leor de déanta mar chuid den obair ó thaobh pobail de. Sa chomhairliúchán náisiúnta agus taighde sin, bhí daoine óga lárnach. D’inis siad dúinn faoin eispéireas a bhí acu ar a gcuid scolaíochta. D’inis na mic léinn tríú leibhéil faoin taithí a bhí acu sna scoileanna trí mheán an Bhéarla chomh maith. D’éist muid leo agus chuir muid le chéile an plean gnímh don Ghaeilge dar teideal “Is féidir liom, is féidir linn”. Tá cóip chrua ar fáil sa seomra inniu dóibh siúd nach bhfuil sé léite acu cheana agus a bhfuil suim acu é a léamh. Molaim do chomhaltaí an choiste é a léamh.
Tá ceithre bhunchloch mar chuid den phlean. Díríonn sé ar dhearcaidh dearfachta ó thaobh úsáid na Gaeilge agus cothú na Gaeilge sna scoileanna de, rudaí atá an-tábhachtach mar a chuala muid níos luaithe. Ní mór úsáid na Gaeilge a mhéadú sna scoileanna. Luaigh Brendan Doody an gá leis an Ghaeilge a normalú sna scoileanna. Is ríthábhachtach na laethanta seo go gcloisfidh páistí an Ghaeilge, ní hamháin sa cheacht Gaeilge a bhíonn ar siúl le linn an lae ach fud fad an lae agus tar éis am scoile sna clubanna spóirt, grúpaí iarscoile agus clubanna óige a bhfreastalaíonn siad orthu. Feiceann muid an-obair ar siúl ag Gaeilge365 i mBaile Átha Cliath faoi láthair chun na deiseanna éagsúla sin a chothú. Tá súil againn go dtig linn é sin a leathnú amach timpeall na tíre chun tacú le rochtain a bheith ag gach leanbh agus duine óg ar an Ghaeilge sa tír. Ba cheart go mbainfeadh muid úsáid as an difreálú nó éagsúlú chun an deis is fearr a thabhairt do dhaoine páirt a ghlacadh sa Ghaeilge ina gcuid saol. Ní gá go mbeidh siad ag tabhairt faoi mheasúnú Gaeilge. Má tá díolúine acu, is féidir leo páirt a ghlacadh sa rang agus sna himeachtaí agus ceachtanna éagsúla.
Cé go mbíonn go leor oibre ag tarlú faoi láthair, is minic go mbíonn sí ag tarlú léi féin, gan aon chomhtháthú. Tá sé sin ar cheann de na rudaí atá difriúil faoinár bplean gnímh an uair seo mar tá muid ag iarraidh leas a bhaint amach as na tacaíochtaí éagsúla atá ann cheana féin. Is mian linn na múinteoirí a chur ar an eolas fúthu, iad a spreagadh le leas a bhaint astu agus a úsáid mar is ceart sa seomra ranga. Mar sin, dá mbeinn i mo mhúinteoir bunscoile, d’iarrfainn go ndéanfaí teagmháil le hOide chun leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil. Tá Oide sásta teacht amach ar chuairteanna scoile. Tá seimineár foghlama gairmiúla aige, chomh maith le seimineár ar líne. Tá neart tacaíochtaí amuigh ansin ach iad a lorg. Tá muid anseo le cabhrú.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil díolúintí in úsáid go forleathan?
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bheadh sé sin an-úsáideach.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil na finnéithe ar an eolas faoi aon tír nach bhfuil díolúintí le fáil inti do pháistí?
Mr. Gavan O'Leary:
Is dócha. Níl mé go hiomlán cinnte faoi seo ach tá tíortha áirithe ina bhfuil teanga náisiúnta, is é sin le rá nach bhfuil an dátheangachas iontu. Mar sin, níl gá do pholasaí mar seo. I dtíortha áirithe eile, is ceist pholaitiúil í, más féidir liom é a chur mar sin. B’fhéidir gurb í an teanga náisiúnta príomhtheanga na tíre sin nó an t-aon teanga i gceist. B’fhéidir nach bhfuil meas nó aitheantas oifigiúil tugtha do theangacha mionlaigh sna tíortha sin. Baineann sé seo leis an gcomhthéacs polaitiúil agus, i gcásanna áirithe, leis an gcomhthéacs bunreachtúil a bhaineann leis an teanga náisiúnta.
Mr. Mark Bohan:
It tends to be where the study or an exam in a foreign language has been mandated. It is not always about the language of that country. For example, in Australia, it was made mandatory to undertake a foreign language in the final state exam. Therefore, there is an exemption system in a similar manner for people with special needs or those with other reasons. It is not so much about a national language. Rather, once something is made mandatory - mandatory might be the wrong word – or people are required to sit an exam in something under the system, that is when an exemption tends to come into play.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé sin suimiúil go leor.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá roinnt ceisteanna agam. Tá Gavan O’Leary díreach tar éis a rá gur ceist pholaitiúil í seo. Feictear i dtíortha eile gur glacadh an cinneadh polaitiúil gan díolúintí a chur ar fáil agus gur thángthas ar bhealach difriúil le déileáil leis na gceist seo. Bhí an coiste seo ar thuras sa Bhreatain Bheag, áit nach bhfuil córas díolúintí inti. Tá an tír sin ag streachailt leis an rud céanna; tá teanga mionlaigh inti a bhfeictear uirthi mar theanga náisiúnta. Glactar leis, fiú agus an tír sin chomh gar do Shasana, nár chóir go mbeadh díolúintí ar fáil.
Baineann ceann de na buncheisteanna a bhí mé chun cur ar na finnéithe leis an mbunús ó thaobh thaighde síceolaíochta de. Tá an córas i bhfeidhm agus glacann muid leis gur cuireadh i bhfeidhm é le déileáil le páistí na dtaidhleoirí blianta ó shin. Tuigeann muid an eisceacht bheag bhídeach sin a bhí i gceist. Ó na 1990idí ar aghaidh, áfach, ag leibhéal na meánscolaíochta go háirithe ach ag leibhéal na bunscoile chomh maith, bhí fás thar cuimse ann. Ní féidir a rá gur tharla an méadú seo de thairbhe an mhéadaithe ar líon na bpaistí a bhfuil riachtanais speisialta acu atá sa phríomhshruth. Tá fianaise tugtha don choiste seo - b’fhéidir gurb amhlaidh atá sé leis na finnéithe – ina léirítear nach ndéanann sé difir mór ó thaobh teangeolaíochta de teanga amháin nó teanga eile a bheith acu sa bhunscoil agus nár chóir go mbeadh an córas sin i bhfeidhm ó thaobh díolúintí. Ní féidir linn leithscéal a úsáid sa chomhthéacs seo. Ag an am céanna is atá muid ag déanamh dul chun cinn ó thaobh oideachais speisialta de, tá muid ag dul siar ó thaobh oideachais trí Ghaeilge.
Mr. Gavan O'Leary:
Iarrfaidh mé ar Brendan Doody teacht isteach maidir leis na riachtanais speisialta. Níl éinne i láthair ó NEPS, ach b’fhéidir go mbeidh Brendan Doody in ann rud éigin a rá maidir leis an taighde síceolaíochta.
Gabhaim leithscéal leis an gCathaoirleach Gníomhach. Nuair a d’úsáid mé an téarma "polaitiúil", b’fhéidir go raibh "P" beag i gceist agam in ionad "P" mór.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is "P" mór é.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bheadh sé sin áisiúil.
Mr. Brendan Doody:
Rachaidh mé i dteagmháil leis. Sa chiorclán, atá ar oscailt agam, deir sé:
An exemption from the study of Irish may be granted to a pupil ... who experiences a high level of multiple and persistent needs that are a very significant and continuing barrier to his/her participation and engagement in his/her learning and school life.
Tá sé sin leathan go leor.
Tá taighde taobh thiar de a tháinig ó NEPS. Rachaimid i dteagmháil le NEPS agus seolfaidh mé an nóta sin ar aghaidh chuig an gcoiste.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bíonn an rud céanna fíor ó thaobh páistí atá i nGaelscoileanna. Bíonn riachtanais speisialta acu. Ní bhíonn fadhb acu le Gaeilge agus Béarla agus teacht, de réir an churaclaim, ar fhoclaíocht i dteangacha eile. Is ait gur díreach i scoileanna Béarla amháin atá an fhadhb.
Mr. Gavan O'Leary:
Tuigimid. Tá obair ar siúl leis an NCSE agus leis an tacaíocht atá ar fáil do dhaltaí le riachtanais speisialta atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí. Tuigimid, mar a dúramar ag an tús, go bhfuil páistí ann agus is féidir leo freastal ar na Gaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí agus go mbeadh na tacaíochtaí sin ar fáil dóibh sna scoileanna. Tiocfaidh an Dr. Treasa Kirk isteach anois.
Dr. Treasa Kirk:
Tá an pointe a rinne an Cathaoirleach Gníomhach spéisiúil. Ón anailís atá déanta againn ar na cigireachtaí a rinneadh le déanaí, ba léir go bhfuil an luath-thumoideachas ag obair an-mhaith, de bharr go bhfuil tumoideachas i gceist, go bhfuil na páistí ag éisteacht leis an nGaeilge an t-am ar fad sna luathbhlianta agus nach bhfuil an léitheoireacht fhoirmiúil ar siúl. Bíonn an bhéim go huile is go hiomlán ar an bhfocal labhartha. Déanann sé sin ciall ó thaobh é sin de. Maidir leis na scoileanna Béarla, tá dúshlán eile i gceist, mar a dúirt mé níos luaithe. Baineann sé sin le húsáid na Gaeilge. Mar shampla, san anailís a rinneamar le déanaí, ba léir nach raibh an Ghaeilge in úsáid mar an sprioctheanga ag an múinteoir i gcónaí agus go raibh aistriúchán agus modhanna aistriúcháin i gceist. Cuireann sé sin isteach ar theagasc agus ar thuiscint na bpáistí sa Ghaeilge.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níos luaithe bhí an Dr. Kirk ag díriú ar an dea-chleachtas. Tá sin ag admháil go bhfuil droch-chleachtas ann freisin. Cad go díreach é an droch-chleachtas?
Dr. Treasa Kirk:
Tá dea-chleachtas i gceist nuair a bhíonn cur chuige cumarsáideach á chur i bhfeidhm; nuair a bhíonn tréimhse réamhchumarsáide agus tréimhse chumarsáide i gceist; agus nuair a bhíonn deis ag na páistí an Ghaeilge a chleachtadh. Sin dea-chleachtas. Tá sé sin le feiscint i ranganna áirithe. Chomh maith leis sin - níl mé ag rá go bhfuil droch-chleachtas ann - tá easpa tuisceana i gceist a bhaineann sé le hinniúlacht scileanna na múinteoirí i ranganna agus i gceachtanna áirithe. Tá gá freisin le comhordú níos fearr ag leibhéal scoile-uile ó thaobh na mbainisteoirí de chun a chinntiú go bhfuil deiseanna curtha ar fáil do na múinteoirí plé a dhéanamh ar an gcuraclam - sé sin, céard go díreach atá i gceist - agus ar dhea-chleachtas chun an dea-chleachtas sin a scaipeadh. Bíonn samplaí an-mhaith den dea-chleachtas sin le feiscint i ranganna áirithe. An dúshlán atá ann ná go mbeadh sé ar fáil ar bhonn scoile-uile. Is é sin an dúshlán.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím leis an Dr. Kirk. Ag leanúint ó shin, cén uair a bheidh an taighde sin nó an díriú ar an dea-chleachtas agus na samplaí sin críochnaithe ag an Roinn? Beidh ar an Roinn roll-out nó rud éigin a dhéanamh chun impí ar mhúinteoirí, ar scoileanna agus ar bhainistíocht scoileanna an dea-chleachtas seo a ghlacadh orthu féin. Cé chomh fada a thógfaidh sé sin dul tríd? Aontaím leis an Dr. Kirk. Má tharlaíonn sé sin, tá súil agam go bhfeicfimid ísliú ar líon na ndíolúintí ag leibhéal na bunscolaíochta, ag brath ar cé chomh tapa a tharlaíonn sé.
Mr. Gavan O'Leary:
Iarrfaidh mé ar an Dr. Kirk teacht isteach ach ba mhaith liom rud a rá maidir le hobair na cigireachta agus conas a chothaíonn siad dea-chleachtas ní hamháin maidir leis an nGaeilge ach dea-chleachtas go ginearálta. Cuireann siad amach na tuairiscí agus déanann siad obair chun na moltaí atá déanta a chur i bhfeidhm sna scoileanna agus gach rud mar sin. Ba chóir an comhthéacs sin a thabhairt don choiste.
Dr. Treasa Kirk:
Mar is eol don Chathaoirleach Gníomhach, bíonn na cigireachtaí ar siúl go leanúnach. Bíonn plean bliantúil cigireachta ar siúl go leanúnach. Chun an dea-chleachtas a roinnt, cuirimid an dea-chleachtas uile agus na dúshláin le chéile i dtuarascáil na cigireachta. I mí na Samhna seo caite, foilsíodh an chéad tuarascáil bhliantúil. Roimhe sin, bhí tuarascálacha ilchodacha éagsúla, ach anois, gach uile bhliain, tá sé i gceist tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú don chóras. Tugann sé sin teachtaireachtaí don chóras, don Roinn i gcoitinne agus do scoileanna. Cúpla bliain ó shin, dhíríomar ár n-aird ar na luathbhlianta maidir leis an nGaeilge. In 2025, bhí an bhéim ar an mbunleibhéal. I mbliana, tá sé i gceist againn féachaint ar dea-chleachtas ag an iarbhunleibhéal agus ar na gnéithe atá le forbairt chomh maith. Sin atá i gceist againn in 2026. Beidh tuarascáil bhliantúil againn. Chomh maith leis sin, bíonn tuarascálacha téamacha i gceist. Mar shampla, bíonn tuarascálacha a bhaineann le hoideachas speisialta, le huathachas agus le téamaí éagsúla de réir mar a éilíonn an Roinn.
Mr. Seán Ó hAdhmaill:
Ar leathanach 13 den phlean, liostáiltear na dea-chleachtais éagsúla gur cóir go mbeadh i bhfeidhm i scoileanna. Mar sin, ní gá fanacht ar an taighde - is féidir leis na múinteoirí tosú inniu. Ba chóir dóibh an plean a léamh agus é a phlé leis an bpríomhoide agus leis na baill foirne éagsúla sa scoil. Is é an rud is tábhachtaí go bhféadfaí aon duine a dhéanamh sa chomhthéacs seo ná tús a chur leis an aistear ó thaobh na Gaeilge de sa scoil agus, sa chaoi sin, feabhas a chur ar chúrsaí. Ní eolaíocht roicéid é seo. Tuigimid cad iad na cleachtais a oibríonn agus na cleachtais nach n-oibríonn. An rud atá i gceist leis an taighde ná samplaí den dea-chleachtas a fháil chun go mbeadh sé níos éasca ar na múinteoirí agus na príomhoidí é sin a dhúbláil agus a leathnú tríd an gcóras. Tá sé ag tarlú i seomraí ranganna áirithe i scoileanna áirithe. Tuigimid go bhfuil éagsúlacht ag tarlú ansin. Molaim do bhunmhúinteoirí aonair tús a chur leis. Ba chóir dóibh an plean a léamh, féachaint ar cad atá ann dóibh agus leas a bhaint as na tacaíochtaí atá ar fáil.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Glacaim nach bhfuil an freagra seo ag an Roinn. Cé mhéad díolúine atá diúltaithe gach uile bhliain? An ndéantar taifead ag leibhéal an phríomhoide ar an líon atá curtha isteach agus ansin a dhiúltaítear dóibh?
Mr. Mark Bohan:
We do not have a record of how many applications are refused, but we do have an appeals system as part of the process. I can get the Cathaoirleach Gníomhach the figures to be sure. I think about 300 were appealed in the last year, which might give some indication of how many are refused.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
How many of that 300 were upheld?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil sé sin don bhunscolaíocht?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil a fhios againn ar lorg siad díolúintí ansin nuair a chuaigh siad go dtí an mheánscoil?
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is ceist é. Tá an fhigiúr ag leibhéal na bunscolaíochta íseal go leor. Ansin, léimeann sé as cuimse go hiomlán ag leibhéal na meánscolaíochta. Caithfimid díriú isteach air sin chomh maith, toisc go bhfuil sé ag ísliú ag leibhéal na bunscolaíochta. Caithfear ceisteanna a ardú maidir leis an stuif atá Seán Ó hAdhmaill tar éis caint faoi. Caithfimid díriú isteach ar conas is féidir linn an rud ceannann céanna a dhéanamh ag leibhéal na meánscolaíochta. Ní ceist don lá inniu é, ach b'fhéidir gur chóir dúinn féachaint ar an gcinneadh fáil réidh leis an mbonnleibhéal agus an bhéaltriail ag leibhéal an teastais shóisearaigh.
An ndearna sé sin dochar nó ar chuidigh sé le brú a chur ar thuismitheoirí díriú isteach ar cheist na Gaeilge an-luath nuair a chuaigh siad isteach sa chéad bhliain? B'fhéidir go raibh siad breá sásta go raibh Gaeilge á foghlaim acu sna bunscoileanna ach, go tobann, tharla fadhbanna agus thosaigh siad ag déanamh iarratas. Glacadh leo agus tugadh an díolúine don oiread sin breise ag an leibhéal sin.
Mr. Mark Bohan:
Obviously, there is a difference. As I said - I do not want to repeat everything – there is a particular approach at primary level. The Deputy outlined the nature of the curriculum at second level. Around half the exemptions at post-primary level relate to people coming from abroad at a certain age, which would not apply at primary level. There are reasons for the differences in the numbers. That is not to discount the kinds of things the Deputy has spoken about and those Mr. Ó hAdhmaill outlined. They would make a big impact on the culture within various schools and how children are encountering the educational experience in Irish in those schools.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an Teachta Connolly ag iarraidh teacht isteach.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dúradh cúpla rud. Tá an-bhéim ar na díolúintí sa díospóireacht go dtí seo. Tá ceist amháin eile agam ar an ábhar sin. B’fhéidir nach raibh a dhóthain soiléireachta agam níos luaithe nuair a chuir mé ceist maidir leis na cúiseanna a bhfuil na páistí agus tuismitheoirí ag lorg díolúintí. Sa chiorclán, tá chúig chúis dhifriúil ann. Is í an chéad chúis ná “a pupil moving from a different country without previous experience of learning the Irish language”. Leagtar amach sa dara chúis go dtugtar díolúine do “a pupil who experiences significant literacy difficulties which are an obstacle to their learning across the curriculum”. Bíonn ar an bpáiste sin scór a fháil atá níos ísle ná an deichiú peircintíl in literacy, word reading, word comprehension nó litríocht. Níl an tríú chúis - an ceann a luaigh Brendan Doody - chomh soiléir céanna, áfach. Mínítear go dtugtar díolúine do “a pupil who experiences a high level of multiple and persistent needs that are a significant barrier to the pupil’s participation and engagement in their learning and school life”. Níl na figiúirí againn maidir le cé acu sin a bhíonn tuismitheoirí ag roghnú agus iad ag lorg díolúintí. Níl an briseadh síos againn. We do not have the breakdown of the reasons under they which they are applying. Chomh maith leis na trí chúis sin, tá dhá chúis eile ann, ceann amháin a bhaineann le páistí na n-oifigeach consalach agus an ceann eile le páistí atá i ranganna riachtanais speisialta. Níl na figiúirí sin againn.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é an pointe atá á dhéanamh agam ná go bhfuil an dara chúis, is í sin, páiste atá faoin deichiú peircintíl i standardised test, an-soiléir, cé nach bhfuil an ceann eile chomh soiléir céanna.
Mr. Gavan O'Leary:
Tá figiúirí ag Mark Bohan maidir le líon na ndaltaí sna catagóirí. B’fhéidir gur féidir le Brendan Doody teacht isteach maidir leis an deichiú peircintíl agus an méid a luaigh an Teachta ina leith sin. An bhfuil na figiúirí sin ag Mark Bohan? Muna bhfuil, is féidir linn iad a chur ar aghaidh chuig an Teachta i ndiaidh an chruinnithe.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dar liom, mar phríomhoide, go bhfuil sé i bhfad níos éasca cinneadh a dhéanamh faoin dara chúis. Tá sí soiléir maidir leis an catagóir páistí atá i gceist. Bhí mé chomh brónach do na páistí sin. Bhí deacrachtaí acu ag foghlaim teanga amháin, gan brú a chur orthu an dara teanga a fhoghlaim.
Mar a dúirt mé, bhain an cuid is mó den díospóireacht seo leis an ábhar seo. Ag dul ar ais chuig an tuairisc a d’fhoilsigh an cigire anuraidh, bhí go leor rudaí inti. Is tuairisc iontach í. Maidir leis an gceann bliantúil a bheith againn as seo amach, an mbeidh sí ag díriú isteach ar chúrsaí Gaeilge, mar a bhí an ceann anuraidh?
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gach bliain.
Dr. Treasa Kirk:
Faoi mhír 9(f), tá ról an-tábhachtach ag an gcigireacht maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus tá muid tiomanta ó thaobh na Gaeilge de mar rannóg sa Roinn. Beidh tuarascáil bhliantúil ann. Mar a dúirt mé níos luaithe, bhí an caibidil dírithe ar an mbunleibhéal in 2025 agus i mbliana, beidh sé dírithe ar na príomhdheacrachtaí ag eascairt ón iarbhunleibhéal ó na cigirí ag an iarbhunleibhéal.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sa tuarascáil, luaitear go bhfuil easpa muiníne ag múinteoirí os comhair an ranga ag múineadh na Gaeilge. Céard atá taobh thiar de sin?
Dr. Treasa Kirk:
Baineann sé sin leis an inniúlacht teanga agus úsáid an Bhéarla in ionad na Gaeilge. Níl mé ag rá go ndéanann gach múinteoir é, áfach. Bhí samplaí éagsúla ann. Rinneadh cigireacht ar thart ar 270 ceacht. Bhí líon maith i gceist. Bhí caighdeán na Gaeilge sásúil in an-chuid ceachtanna, gan dabht, ach bhí easpa muiníne i gceist. Is é sin an fáth ar iompaigh cuid de na múinteoirí go Béarla in ionad na Gaeilge. Tá nasc, mar is eol don Teachta, idir inniúlacht teanga agus cumas teagaisc sa seomra ranga.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Céard atá taobh thiar den easpa muiníne sin?
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
D'fhreastail siad ar fad ar na coláistí ullmhúcháin.
Mr. Gavan O'Leary:
Iarrfaidh mé ar an Dr. Duignan teacht isteach maidir leis an traenáil gairmiúil do mhúinteoirí agus an obair a dhéanann GhaelAonad Oide chun an cheist sin a fhreagairt maidir le heaspa muiníne a luaigh cuid mhaith de na múinteoirí nuair a cuireadh an cheist orthu. B’fhéidir go dtiocfaidh cúpla duine eile isteach air seo ach labhróidh an Dr. Duignan ar dtús.
Dr. Maresa Duignan:
This is a complex area in its entirety. Questions around the capacity of teachers and their competence have been explored recently in the development of the new policy for Irish- and English-medium schools. There is extensive consultation that I am sure Mr. Seán Ó hAdhmaill can provide some insight into, but I will speak about the plans to support its resolution. I am not going to go into the detail as to why we have arrived at this point. We must acknowledge that it exists, however, and the inspectorate has identified that.
There are comprehensive plans for the enactment of supports for teachers. Oide, which has been mentioned previously by colleagues, has established an enhanced GaelAonad to support bespoke professional learning experiences for teachers. They will be done in a variety of ways. For example, if there are particular issues within a particular school, those can be discussed with Oide. Experts are available in that regard. Enhanced staffing has been given to the GaelAonad to respond to the issues teachers experience which, sometimes, can be quite personal. It is not generally all to do with their initial teacher education. It may be to do with their early career experience, timetabling or the way in which they have been able to practice Irish in their career. There are many levels. There is no one-size-fits-all solution.
Currently, Oide is looking at a range of approaches at a range of levels. Some will take place at the whole school and system level but there is also an acknowledgement that this must be addressed in quite a personal and bespoke way, both with individual schools and teachers. We can give provide the committee with the plans in that regard. I am sure Mr. Ó hAdhmaill will talk more about this as it unfolds, but that is in the plan for enactment.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I assume those efforts of Oide are optional for schools.
Dr. Maresa Duignan:
Yes, they are optional for schools. In the context of the roll-out of the primary curriculum, a lot of emphasis will be given to support teachers to understand the importance of using Irish in whatever way to support language awareness raising in children. Regardless of their context or background, it is about giving that confidence to teachers that their level of Irish in the classroom, while they develop it further through the supports that will be made available to them, is important to share with children at whatever stage of education they are engaging with them.
It demonstrates that enjoyment and positive attitude towards the language that is very much at the heart of these new policies. It is about encouraging the youth now but preparing for building capacity into the future.
Mr. Seán Ó hAdhmaill:
Is é an dúshlán is mó a thug muid faoi deara ón chomhairliúchán náisiúnta ná dúshlán na muiníne. Tosaíonn sé i rang a dó agus téann sé an bealach uilig tríd an chóras go dtí an t-iarbhunleibhéal agus an tríú leibhéal go dtí go dtagann na múinteoirí amach ó na coláistí agus isteach sna scoileanna agus bunscoileanna arís. Dóibh siúd a bhfuil an t-ádh leo a bheith ina dtuismitheoirí, bíonn an dúshlán céanna acu. Is fáinne fí é atá sa tsochaí i gcoitinne. Tá sé i bhfad níos leithne ná an córas oideachais féin, ach atá sé sáite inár gcóras.
Tá an inniúlacht teanga ar cheann de na réitigh, ach is é an meon an rud is tábhachtaí. Ní gá go mbeadh duine inniúil i dteanga le go mbeadh muinín aige í a labhairt. Is é an rud is tábhachtaí, más féidir linn aon teachtaireacht a chur amach, ná go bhfuil sé ceart go leor botúin a dhéanamh. Ní féidir dul chun cinn a dhéanamh in aon fhoghlaim theanga gan botúin a dhéanamh. Ba chóir go mbeimis á chur sin trasna do mhúinteoirí agus daltaí araon chun iad a spreagadh iarracht a dhéanamh agus úsáid agus triail a bhaint as an Ghaeilge. Is é an mana atá againn ná "Is féidir liom, is féidir linn". Is é an chúis taobh thiar de sin ná tá muid ag iarraidh an dea-chleachtas ó thaobh na hiarrachta a chur chun cinn. Tagann an inniúlacht nuair a fhaigheann daoine deiseanna úsáide agus nuair a chruthaíonn siad a gcuid deiseanna úsáide féin.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon fhadhb leis sin.
Ms Anne-Marie Ross:
B'fhéidir go mbeidh mé in ann labhairt a lán as Gaeilge am éigin amach anseo.
From an initial teacher education, ITE, perspective, the first point to make is that it is still the case that every person going into a primary programme needs Irish. People who have exemptions and those coming from abroad all need to have Irish in order to be able to be a teacher in Ireland. Wales was mentioned earlier. While I will need to check, as far as I am aware, it is not a requirement in Wales for all primary teachers to teach Welsh. We must differentiate when we are talking about different systems in different countries.
In this country, we set standards for Irish. Senator Curley spoke about the three core subjects, namely, Irish, maths and English. A H4 is required for Irish in the leaving certificate. That is higher than the standards required for maths and English - a H7 or O4 in both of those subjects. We have the céim standards, which are the standards of the Teaching Council for the accreditation of all ITE programmes in the country. Those standards state that every primary teacher needs to be able to teach the Gaeilge primary curriculum. Of course, we fully appreciate, as my colleagues said, that there are issues in that regard. There is no question about it. The inspectorate report brought those issues up.
There are a few things I wish to mention. First, the céim standards are being reviewed at the moment. The Teaching Council periodically goes back and reviews what is working in the céim standards. They are at the start of that process at the moment, which will run through 2026 and out to the end of 2027. At the moment, it is a scoping exercise that is being carried out with all of the stakeholders involved in this field. While we cannot pre-empt the outcome of those discussions, it will be interesting to see the revised céim standards in 2028-29 and whatever changes are made to the Irish language. Obviously, the discussion we are having here with other colleagues in the Department around the two action plans on Irish and all of those related pieces will come into play.
One thing to mention from an ITE perspective is the teachers' professional journeys project. It is currently in the data collection phase. The committee may or may not have heard about it. It is the first longitudinal study that we are carrying out on initial teacher education in Ireland out to 2030. Every primary and post-primary teacher from four distinct years - 2019, 2022, 2025 and 2026 - will be interviewed and surveyed several times out to 2030. While this does not specifically relate to Irish, it is nonetheless an important piece of work that we and the Teaching Council have commissioned. We are hoping, coming out of that, that we will be able to get a much better picture of what newly qualified teachers are experiencing in ITE as they come onto the system and go through the cosán and the droichead process with DPLS. We are hoping that will give us some good information about what is happening on the ground.
There are a number ITE courses fully through Irish. We have the máisitr gairmiúil san oideachas, MGO, in Galway, while Marino Institute of Education runs the Irish pathway for the professional master of education, PME, as well as the oideachas. The Minister has approved two new fully Irish programmes to look for Teaching Council accreditation. Obviously, we cannot pre-empt the accreditation process but they would be in University of Galway and UCC. They would mean two new lán-Ghaeilge courses for primary teachers in the country. Obviously, we hope they would go some way towards improving the quality of Irish teachers.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táimid críochnaithe le seisiún an lae inniu. Beimid ag déileáil leis an gceist seo i gceann cúpla seachtain arís. Don lá inniu, cuirim clabhsúr leis an seisiún seo. Beidh an coiste ag déanamh plé ar an gceist seo arís, is í sin, múineadh na Gaeilge sa bhunscolaíocht T2 agus córas na ndíolúintí le hionadaithe ó Ghael Linn agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Leis sin ráite, gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as a bheith anseo, chomh maith leis na Teachtaí agus na Seanadóirí a bhí i láthair.