Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 January 2026

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Cúrsaí Gaeilge ag an Tríú Leibhéal: An tÚdarás um Ard-Oideachas

2:00 am

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaimid ár mbreithniú ar an ábhar na cúrsaí Gaeilge agus na cúrsaí trí mheán na Gaeilge atá agus nach bhfuil ar fáil ag an tríú leibhéal, leis na hionadaithe ón Údarás um Ard-Oideachas, Mr. Tim Conlon, ceann beartais agus pleanála straitéisí, agus Dr. Jack Gleeson, oifigeach Gaeilge agus feidhmiúcháin straitéiseach. Tá fáilte rompu beirt.

Is mian liom cur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas leagan faoina bhráid uile. Meabhraím do na finnéithe a chinntiú go bhfuil a nguthán soghluaiste múchta le linn na gcruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin eagarthóireacht agus fuaime.

Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá siad ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseán a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo leis na finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go mbeidh an micreafón múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Ba mhaith liom a chur ar ard na bhfinnéithe go bhfuil siad de bhua ag Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe braith ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe bheith cúramach agus fianaise á thabhairt acu, agus nuair a ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh é sin a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn, agus ba chóir dóibh bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an comhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a d'fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad don ordú sin láithreach. An nglacann na finnéithe leis na treoracha sin? Glacann. Iarraim ar an Dr. Gleeson a ráiteas tosaigh a thabhairt.

Dr. Jack Gleeson:

Ar an gcéad dul síos, ar son an Údaráis um Ard-Oideachas, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as ucht an cuireadh chun freastal ar chruinniú an lae inniu. Táimid an-sásta ábhar an chruinnithe a phlé agus táimid tiomanta an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras ardoideachais in Éirinn.

Ar dtús báire, tabharfar achoimre ar an student record system, an SRS mar a ghlaoitear air. Is é sin an bunachar náisiúnta maidir le cúrsaí ollscoile. Bailítear ar bhonn bliantúil, mionsonraí maidir le gach mac léinn agus céimí atá cláraithe in institiúidí atá faoi raon feidhmithe an tÚdarás um Ard-Oideachas. Bailítear sonraí amhail is ainm an chúrsa, inscne an mac léinn agus araile, maidir le gach cúrsa. Bainimid úsáid as na sonraí luachmhara sin chun taighde a dhéanamh agus léargas a fháil ar an earnáil ardoideachais in Éirinn. Faoi láthair, tá an fhoireann staidreamh san Údarás um Ard-Oideachas ag obair ar SRS 2.0 agus is athbhreithniú iomlán é sin ar an gcóras reatha. Leis an leagan nua den SRS, tá súil againn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le heolas a bhailiú maidir le cúrsaí Gaeilge. Mar shampla, bíonn formhór na mic léinn a dhéanann staidéar ar an nGaeilge cláraithe ar chéim sna dána. Leis an gcóras reatha, bíonn sé deacair sonraí cruinn faoi na mic léinn sin a fháil, ós rud é nach dtugann teideal an chúrsa a dhóthain sonraí dúinn faoi na hábhair a mhúintear i gcónaí. Dúshlán eile a bhaineann leis an mbunachar reatha ná nach mbíonn sé soiléir an ndéantar an cúrsa go hiomlán trí Ghaeilge nó an ndéantar cuid den chúrsa trí Ghaeilge. Leis an gcóras athbhreithnithe, beidh na sonraí maidir le cúrsaí Gaeilge níos mionsonraithe againn agus beimid in ann léargas níos doimhne a fháil. I mbliana, tá an fhoireann staidrimh san Údarás um Ard-Oideachas ag obair ar phíosa taighde i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Beidh an taighde seo ag díriú ar na sonraí a bhaineann leis an nGaeltacht agus déanfar scrúdú ar rudaí cosúil leis an réimse coinneála agus réimsí staidéir i measc na mac léinn ón nGaeltacht. Déanfar comparáid idir na sonraí a bhaineann le ceantair Ghaeltachta agus an leibhéal náisiúnta maidir le stádas socheacnamaíocha, clár ollscoile agus araile. Tá coinne acu an taighde sin a fhoilsiú i dtreo dheireadh an dara ráithe den bhliain seo.

Tá an tÚdarás um Ard-Oideachas i mbun plé le hOllscoil na Gaillimhe faoi láthair maidir le maoiniú a fháil do thaighde náisiúnta faoin Ghaeilge ag an tríú leibhéal. Tá dréacht iarratas déanta ag Ollscoil na Gaillimhe chun taighde a dhéanamh faoin soláthar reatha do chúrsaí Gaeilge san ardoideachas agus breisoideachas. Baineann tábhacht nach beag leis an tsoláthair cúrsaí chun a chinntiú go mbeidh céimithe oilte le Gaeilge ar fáil chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge san earnáil phoiblí. Togra bliana atá molta ag Ollscoil na Gaillimhe, agus má bhíonn maoiniú ar fáil, ba mhaith leo tús a chur leis an obair ag tús an dara ráithe den bhliain seo.

Tá cúpla togra eile ar bun ag an Údarás um Ard-Oideachas chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna hinstitiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre. Ceann díobh sin is ea an scéim Gníomhaí Gaeilge, a thosaigh in 2022.

Is iad Conradh na Gaeilge agus AMLÉ a dhéanann comhordú ar an scéim sin, faoina dtugtar tacaíocht d'imeachtaí clubanna agus do chumainn tríú leibhéal a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Tugadh maoiniú €150,000 le haghaidh an chéad trí bliana den scéim. D'éirigh an-mhaith leis an scéim sa thréimhse sin. Tháinig fás agus forbairt uirthi i gcaitheamh na mblianta. Sna trí bliana amach romhainn, beidh thart ar €220,000 á thabhairt ag an Údarás um Ard-Oideachas don scéim seo.

I mbliana, den chéad uair, rith an tÚdarás um Ard-Oideachas an comórtas cumarsáide do mhic léinn iarchéime, "Mo Thráchtas i mBeagán Focal". Tá an comórtas bunaithe ar an gcoincheap "My Thesis in Three Minutes", ina gcuireann iarchéimithe a gcuid taighde i láthair an phobail go sothuigthe faoi theorainn ama. Cuireadh an-spéis sa chomórtas, an chéad chomórtas dá shórt go hiomlán trí Ghaeilge. Tar éis próiseas roghnúcháin, bhí ochtar a tháinig ó gach cearn den oileán páirteach. D'éirigh go hiontach leis an gcomórtas, a tharla ag deireadh mhí na Samhna seo caite. Táimid ag súil lena reáchtáil arís i mbliana.

Tá blocdheontas ar leith atá ann le roinnt mhaith blianta anuas chun tacú leis an nGaeilge ag an tríú leibhéal. Ó 2020 i leith, tá €900,000 curtha ar fáil gach bliain ag an Údarás um Ard-Oideachas chuige sin. Is faoi na hinstitiúidí féin atá i dteideal cuid den bhlocdheontas sin a fháil rogha a dhéanamh faoin gcaoi a gcaitear an maoiniú sin. Tugann an tÚdarás um Ard-Oideachas €1.766 milliún gach bliain d'Ollscoil na Gaillimhe le haghaidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ina theannta sin, tá comhaontú ag an Roinn faoina bhfuil cúraimí na Gaeltachta thart ar €1 milliún i maoiniú a bhronnadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge gach bliain.

Léiríonn an méid thuas go bhfuil obair an Údaráis um Ard-Oideachas ag tacú le cur chun cinn na Gaeilge sa chóras ardoideachais. Tá taighde ar bun againn a bheidh an-chabhrach don earnáil amach anseo, go háirithe maidir le soláthar na gcúrsaí, agus tá tograí á maoiniú againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim na mac léinn freisin. Táimid ag tnúth le tuilleadh plé a dhéanamh leis an gcomhchoiste ar an ábhar seo agus beimid sásta aon cheist atá ag na bailla fhreagairt.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcomhrá agus as an gcur i láthair a rinne siad. Is é ceann de na príomhghnéithe atá romhainn, má táimid chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh maidir leis an sprioc 20% ó thaobh reachtaíochta de, ná go mbeidh gá ann teacht ar chéimithe le Gaeilge ag leibhéil dhifriúla. Tá bealaí difriúla ann é sin a dhéanamh. Cúpla bliain ó shin, rinne mé iarracht dualgas a chur ar an earnáil tríú leibhéal soláthar a mhéadú maidir leis na cúrsaí a bhí ar fáil, ach fós níl na figiúirí againn maidir le cé mhéad cúrsa atá ann. Tá sé go maith go ndéanfar taighde amach anseo. Níl a fhios agam cé chomh deacair is a bheidh sé sin. Tá líon áirithe institiúidí ann, agus tá líon áirithe cúrsaí ann. Tá a fhios againn cé mhéad cúrsa atá i gceist; ní gá ach dul ar an suíomh. Tá siad sin ceadaithe nó creidiúnaithe ag daoine éigin nó ag an ollscoil féin. Ní cóir go mbeadh jab ann nó aon mhoill ag teacht ar an eolas laistigh de bhliain ar cé mhéad cúrsa atá ann agus cé mhéad acu sin atá as Gaeilge, píosa de as Gaeilge nó modúl as Gaeilge agus cé mhéad mac léinn atá ag freastal orthu. Ar a laghad ansin beimid in ann a rá go cinnte go bhfuil méid áirithe cúrsaí i gceist nó go bhfuil fás ag teacht amach anseo. Faoi láthair, tá 50,000 páiste ag freastal ar bhunscolaíocht trí Ghaeilge, 17,000 ag leibhéal an Ghaelcholáiste agus ansin tá titim thubaisteach ó thaobh na n-ollscoileanna agus na n-institiúidí tríú leibhéal. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 cúig bliana d'aois. Níl athrú tar éis tarlú. In ainneoin go ndeir an tAcht gurb é seo an treo atáimid ag dul, nílimid tagtha leis na caighdeáin go fóill. Cad go díreach a bheidh sa taighde a bhfuil an t-údarás ag caint faoi? An iad na pointí atá déanta agam? Cad í an fhís atá ag an údarás maidir le hoidí, srl., a bheith cáilithe chun go mbeadh siad in ann na cúrsaí seo a chur ar fáil as Gaeilge?

Mr. Tim Conlon:

I thank Deputy Ó Snodaigh for the questions. The research that we have been discussing with Ollscoil na Gaillimhe is around the pipeline of students coming through into higher education and what the demand might be. The Deputy is correct. That will be some very important research to give us a sense of what the demand is. Dr. Gleeson might want to respond to the second part of the Deputy's question, on the extent to which provision is currently available in Irish higher education, because he has looked at some of the evidence and data and some of the complications of mixed provision.

Dr. Jack Gleeson:

Maidir leis na cúrsaí atá ar eolas againn fúthu cheana féin, an fhadhb, mar a dúirt mé sa ráiteas tosaigh ná nach mbíonn sé soiléir. Tá formhór na mac léinn atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge mar ábhar cláraithe mar mhic léinn i gcéim sna dána. Faoi láthair, ní bhíonn sé soiléir dúinn leis an gcóras reatha cé mhéad modúl atá á dhéanamh acu sa Ghaeilge. An é go bhfuil Gaeilge mar joint honours acu? Braitheann sé go hiomlán ó institiúid go hinstitiúid. Tá liosta againn de na cúrsaí ar fad ina bhfuil an Ghaeilge mar rogha ann. Tá tuairim againn faoi líon na mac léinn atá cláraithe ar na cláir sin. Tá sé casta leis an gcóras reatha atá againn maidir leis na staitisticí a bhailiú. Mar a dúirt mé, tá athrú ag teacht air sin.

Maidir leis an togra i nGaillimh, beidh i bhfad níos mó i gceist ná na cúrsaí reatha atá ar fáil. Tá súil againn leis an togra sin go mbeidh cineál léarscáil ann faoin gcur chuige is fearr chun ollscolaíocht Ghaeilge a chur ar fáil. Sin an sprioc is mó a bheidh ag baint leis an taighde sin. Sa dréachtiarratas atá feicthe againn, tá sé i gceist ag na taighdeoirí dul amach agus taighde a dhéanamh le daltaí meánscoile agus go leor gníomhairí rannpháirteacha san earnáil. Tá súil, leis an taighde sin, léarscáil a chur ar fáil maidir le hollscolaíocht trí Ghaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin an príomhrud. Fáiltím, sa deireadh thiar thall, go bhfuil an taighde sin á dhéanamh agus go bhfuil an bunstaidéar á dhéanamh. An fhadhb atá agam ná nach raibh sé déanta roimhe seo. D'imigh cúig bliana agus tá 2030 romhainn. B'fhéidir go nglacfaidh an taighde seo bliain nó dhá bhliain. Tá roinnt de an-éasca - glaoch gutháin ar na hinstitiúidí ardoideachais agus brú a chur orthu na figiúirí a thabhairt. An chuid eile - an chuid atá an-tábhachtach - ná labhairt leis na mic léinn sna Gaelcholáistí, agus sna scoileanna Béarla chomh maith mar tá a lán daoine a thagann tríd an gcóras Béarla agus a dhéanann staidéar ar an nGaeilge san ollscoil. Dúirt daoine linn cheana nach bhfuil aon éileamh ar na cúrsaí seo. Uaireanta ní chuirtear cúrsa ar fáil toisc go gceaptar nach bhfuil éileamh ann ach ní cuireadh an cheist ar na mic léinn riamh. Sin an píosa is tábhachtaí. Glacfaidh sé sin níos faide ná an chéad phíosa. Más féidir liom moladh a dhéanamh, molaim go ndéanfaidh an t-údarás an dá rud a ghearradh amach óna chéile agus na figiúirí reatha a fhoilsiú ar an gcéad dul síos. Ba cheart go dtarlódh sé sin gach uile bhliain agus go dtuigeann na hinstitiúidí ardleibhéil go bhfuil dualgas orthu na figiúirí a thabhairt don údarás ionas go mbeimid in ann féachaint an bhfuil athrú ag teacht. Sin an rud tábhachtach, seachas figiúirí ar mhaithe le figiúirí.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo.

Tá cúpla ceist agam maidir leis an earcaíocht. Is sprioc é, ach beidh sé anseo go luath. An bhfuil anailís déanta ag an údarás ar an mbearna atá ann faoi láthair idir an t-éileamh a bheidh ag an Státseirbhís do dhaoine le Gaeilge agus líon na mac léinn atá ag déanamh cúrsaí trí mheán na Gaeilge nó ag déanamh staidéir ar an nGaeilge? An bhfuil anailís déanta ag an údarás ar an mbearna sin go fóill?

Dr. Jack Gleeson:

Is féidir liom é sin a fhreagairt. Níl anailís déanta againn go díreach air sin, ach mar a dúirt mé sa ráiteas tosaigh, sa taighde a bheidh á dhéanamh ag an bhfoireann staitisticí san Údarás um Ard-Oideachas le hÚdarás na Gaeltachta, beidh an cur chuige sin i gceist freisin, ach amháin go mbeidh sé ag díriú isteach ar an nGaeltacht. Beidh súil leis an taighde sin comparáid a dhéanamh idir céard iad na cúrsaí ollscoile atá á dhéanamh ag muintir na Gaeltachta agus na deiseanna fostaíochta atá sa Ghaeltacht. B'fhéidir go mbeimid in ann an cineál taighde sin a leathnú amach amach anseo chun taighde a dhéanamh ar an tír ar fad, ach faoi láthair sin an taighde is giorra.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh i bhfad níos mó i gceist ná an Ghaeltacht, poist sa Ghaeltacht agus daoine sa Ghaeltacht. Beidh i bhfad níos mó i gceist nuair a thagann an riail sin isteach maidir le 20%. Déarfainn go mbeidh ar an údarás é a leathnú. Labhair Tim Conlon mar gheall ar an éileamh. An raibh sé ag caint mar gheall ar an éileamh atá ó na scoileanna dara leibhéal ar chúrsaí, nó an t-éileamh a bheidh ar na Státseirbhísigh na poist sin a líonadh? Are you looking up or are you looking down? Which are you looking at?

Mr. Tim Conlon:

I thank the Senator. That is an important clarification. In my case, I am talking about the demand from students for provision in higher education. We have the action plan that was published last week, which is helpful. We are working with our parent Department on the implementation of that action plan and what will be progressed there. The challenge for higher education institutions is that they are required to use resources carefully and sparingly, and have good governance and care for use of public resources, and, in providing a new programme or putting on new programmes, they have to consider whether the demand is there; otherwise there is a risk involved. We have done work recently in healthcare provision, for example, where we can see there is a demand for additional veterinary provision. Institutions would like to engage in that provision, but when you go to a governing body and look at the underlying figures and the cost to put approval in place, hire the staff, meet the regulatory requirements and so on, it is a very complex and risk-filled environment. Any well-run institution should be very careful in a risk environment.

To some of the points earlier, while institutions might want to respond to meet that demand, there is a risk involved. The action plan and the space we are in now is far more positive to encourage institutions down that road. If they put on a course, they will need to know that the students will show up and fill that course, otherwise it is a loss-maker for institutions and they have to be careful in that environment in terms of managing the public finances. Not to overcomplicate things, but the willingness is there. However, institutions have to use resources carefully in the decisions they make and the programmes they put on. For that reason, to be able to evidence the demand through the research we are going to carry out, it empowers the case for additional provision, which is what we need if we are to meet the 20% requirement in the public sector, for example. I take the Senator's point that it is far more than just the Gaeltacht regions. This is going to be a national demand to meet all that is required under the plan. There has to be an analysis of the business case, and we think that this research that we are now commissioning will put us in a good place in the next six months to a year to respond to that.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an t-údarás ag féachaint ar an éileamh ar na cúrsaí. Tiocfaidh an t-am go mbeidh ar an údarás féachaint ar an éileamh ó na seirbhísí poiblí atá ag iarraidh na poist sin a líonadh. Sin pointe amháin. Cé mhéad cúrsa atá ar fáil anois, na cúrsaí ardéilimh i réimse obair shóisialta, altranais, nó poist sa Státseirbhís agus na cúrsaí sin? An bhfuil aon chúrsa faoi láthair ar fáil trí mheán na Gaeilge, gan staidéar a dhéanamh ar ábhar Gaeilge, litríocht na Gaeilge nó mar sin de? An bhfuil cúrsaí altranas, mar shampla, obair shóisialta nó pleanáil? An bhfuil aon chúrsa cosúil leis sin ar fáil trí mheán na Gaeilge?

Dr. Jack Gleeson:

Na cúrsaí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge nach mbaineann leis an nGaeilge ná aistriúchán.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an t-aistriúchán leis an nGaeilge.

Dr. Jack Gleeson:

Gabh mo leithscéal - nach mbaineann leis an nGaeilge, an t-aistriúchán ná an t-oideachas. Na cúrsaí atá ar fáil, is iad MSc sa ghnó digiteach agus bainistíocht in DCU agus an MA i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin i nGaillimh.

Dr. Jack Gleeson:

Tá fíorbheagán de chúrsaí eile ar fáil trí Ghaeilge nach mbaineann leis an nGaeilge.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne mise ceann amháin díobh agus táim cinnte go ndearna daoine eile sa seomra seo ceann eile de na cúrsaí. Ní leor sin do na poist a bheidh le líonadh. Tá a fhios agam go mbeidh ar an údarás féachaint ar an éileamh ag teacht ó na daltaí, ach ag pointe éigin beidh ar an údarás féachaint ar an éileamh a bheidh ann ón Stát freisin.

Dr. Jack Gleeson:

Beidh sé sin mar chuid den taighde a bheidh á dhéanamh i nGaillimh. Díreofar isteach ar na deiseanna fostaíochta freisin.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh rud eile le rá ag comhghleacaí an Dr. Gleeson?

Mr. Tim Conlon:

I thank the Deputy. I will come back on that briefly because it is an important question in this space. We have not traditionally been good at workforce planning in Ireland over recent years. A significant amount of work has now been carried out in the health sector in particular in respect of demand and workforce planning. Part of our response to that is the expressions of interest and expansion process, which I mentioned earlier on, in healthcare provision. We are currently close to going live with a further expressions of interest process in areas related to disability therapies, in particular. One of the aspects of that expressions of interest process will be for additional demand through the Irish language too. I know of one institution considering provision for speech and language therapy, for example, through Irish. There is hope on the horizon and an intent to progress with that. That process is yet to launch, but we are very conscious, particularly in the health sector, that again there is going to be demand there for that 20%. We will have to work with all stakeholders, with institutions and with colleagues to try to make that a reality. It is an important point. We are conscious of it.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agam faoin taighde atá á dhéanamh ag Ollscoil na Gaillimhe. Tá siad ag fanacht le cinneadh ar iarratas maoiniú air sin. Cé chomh fada is atá siad ag fanacht le haghaidh an fhreagra sin?

Dr. Jack Gleeson:

Fuair muid an dréachtiarratas díreach roimh an Nollaig. Bhí an t-ábhar á phlé ag cruinniú boird an Údaráis um Ard-Oideachas inniu. D'éirigh leis an moladh inniu. Beidh an t-airgead ag teacht ón Roinn ardoideachais chuige sin. Tá uasdátú ar mo ráiteas tosaigh díreach ó mhaidin.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar chuir an Dr. Gleeson é sin in iúl dúinn cheana?

Dr. Jack Gleeson:

Níor chuir.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is maith an rud é sin.

Dr. Jack Gleeson:

Breaking news. Gabh mo leithscéal.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go maith. Is féidir leo tús a chur leis sin anois láithreach.

Dr. Jack Gleeson:

Beidh orthu taighdeoir iardhochtúra a fhostú. Beidh siad ag cur tús leis díreach anois.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuala mé ó chomhghleacaí go mb'fhéidir go nglacfaidh sé dhá bhliain. An measann an t-údarás go nglacfaidh sé dhá bhliain é a dhéanamh?

Dr. Jack Gleeson:

Togra bliana atá ann.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Okay. Le cúnamh Dé, an tráth seo an bhliain seo chugainn beimid ag léamh tuairisc maidir leis. Chun a bheith go hiomlán soiléir air, tuigim go bhfuil dhá phíosa taighde dhifriúla i gceist: píosa taighde ar an éileamh atá ar chúrsaí faoi láthair agus píosa taighde ar na daoine atá i mbun cúrsa faoi láthair. Sin cuid den taighde.

Dr. Jack Gleeson:

Is é sin an taighde le Gaillimh. Beidh siad ag breathnú ar gach rud a bhaineann le soláthar na gcúrsaí-----

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Na cúrsaí atá ann faoi láthair.

Dr. Jack Gleeson:

-----atá ann faoi láthair, na cúrsaí gur cheart a bheith ann agus an t-éileamh.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh siad ag féachaint ar an ngá don tír daoine atá in ann na róil sa Státseirbhís a-----

Dr. Jack Gleeson:

Díreach é.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar sin, tá trí píosa taighde ann.

Dr. Jack Gleeson:

Is ea, leis an togra le Gaillimh. Beidh an fhoireann staitisticí in Údarás um Ard-Oideachas ag obair le hÚdarás na Gaeltachta ar phíosa taighde eile.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an nGaeltacht.

Dr. Jack Gleeson:

Maidir leis an nGaeltacht agus na cúrsaí ollscoile eile.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil sé sin ar bun faoi láthair?

Dr. Jack Gleeson:

Tá. Tá siad ag súil an taighde sin a fhoilsiú ag deireadh an dara ráithe i mbliana.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam faoin mhaoiniú atá curtha ar fáil ag an Údarás um Ard-Oideachas go dtí seo. Tá €900,000 ar fáil sa bhlocdheontas sin. Cé mhéad institiúidí a fhaigheann airgead ón ndeontas sin?

Dr. Jack Gleeson:

Níl an figiúr sin díreach os mo chomhair ach is cineál ionstraim sheanbhunaithe é sin. Ní fhaigheann gach institiúid é. Tá an Roinn ag déanamh athbhreithniú ar an gcineál ionstraim maoinithe seo.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach níl a fhios ag an Dr. Gleeson cá dtéann sé.

Dr. Jack Gleeson:

Tá a fhios againn. Tá UCD, UCC, Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Mhá Nuad, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Luimnigh, DCU, NCAD agus Coláiste Mhuire Gan Smál i gceist. Tá neart institiúidí nach bhfuil ar an liosta sin.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fós, le €900,000, tá dóthain ar an liosta chomh maith. Ní fhaigheann siad ach-----

Dr. Jack Gleeson:

Thart ar €50,000. Tá foirmle ag an Roinn. Braitheann an méid airgid a fhaigheann gach institiúid ón mblocdheontas sin ar líon na mac léinn le Gaeilge a bhí cláraithe i gcúrsa Gaeilge an bhliain roimhe sin.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Okay. Mar sin, níl sé ann chun cur leis an líon atá ann.

Dr. Jack Gleeson:

Le haghaidh tuilleadh mac léinn a fháil isteach.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl.

Dr. Jack Gleeson:

Tá sé ann chun freastal a dhéanamh ar na mic léinn atá ann faoi láthair.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

All right. An bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an mblocdhontas chomh maith?

Dr. Jack Gleeson:

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Roinn na Gaeltachta. Is ó Roinn na Gaeltachta a thagann an t-airgead sin.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An scaipeann an tÚdarás um Ard-Oideachas an t-airgead sin?

Dr. Jack Gleeson:

Sin é.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhiste leis na finnéithe muid a chur ar an eolas faoi rud eile chomh maith? Tá dhá fhigiúr ansin atá bronnta ar an acadamh agus cuirim fáilte roimhe sin. Ar mhiste leis na finnéithe a chur in iúl dúinn cén míniú atá orthu sin? Tá sé léirithe go bhfuil €1.7 milliún bronnta agus ansin tá maoiniú breise ar nós €1 milliún bronnta chomh maith. Ar mhiste leis an Dr. Gleeson iad sin a bhriseadh síos dúinn?

Dr. Jack Gleeson:

An bhfuil an Teachta ag lorg briseadh síos ar na figiúirí sin?

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard é an difríocht? Faigheann siad dhá fhigiúr difriúla ansin, má tá na figiúirí á léamh i gceart agam. Tá €1.7 milliún bronnta ar an ollscoil le haghaidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus tá thart ar €1 milliún á bhronnadh ar an acadamh céanna gach bhliain. An cuid den mhilliún sin an milliún eile?

Dr. Jack Gleeson:

Ní hea; tá sé sin sa bhreis. Is comhaontú é an €1 milliún sin idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá comhaontú i gceist leis an Roinn ar a bhfuil cúraimí na Gaeltachta uirthi. Go maith. Tuigim anois. Téann sé ar fad sa phota céanna chun an t-acadamh a chur i bhfeidhm.

Dr. Jack Gleeson:

Téann.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá baill an choiste ag dul ar thuras chuig an mBreatain Bheag go luath, mar gheall ar an méid atá cloiste againn faoi chúrsaí ardoideachas ann agus na cúrsaí atá ar fáil do dhaoine óga sa Bhreatnais. An bhfuil aon eolas ag na finnéithe faoin gcóras sin? An ndearna siad comparáid riamh idir na roghanna atáimid ag cur ar fáil anseo agus an difear idir muid agus an Bhreatain Bheag?

Dr. Jack Gleeson:

Tá cur amach againn ar an gcóras sa Bhreatain Bheag. Tá a fhios againn go bhfuil bunachar ar fáil ar líne a léiríonn don phobal céard iad na cúrsaí atá ar fáil - cúrsaí atá go hiomlán trí Bhreatnais nó na cúrsaí a bhfuil cuid den chúrsa trí Bhreatnais. Is dóigh go mbeidh an togra le Gaillimh ag tarraingt go mór ar an gcur chuige sa Bhreatain Bheag, atá an-mhaith, agus ar thaithí na Breataine Bige. Tá sé luaite sa dréacht-iarratas ó Ghaillimh go mbeidh siad ag tarraingt ar an eolas sin as seo amach.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin go maith.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Bogfaimid ar aghaidh go dtí-----

Mr. Tim Conlon:

I will add briefly to that. As Dr. Gleeson has said, the Galway project is going to look at that benchmarking piece. It includes a significant module of research on international provision, particularly in Wales. To jump back to the list of institutions that are funded, I might add that we have seen a fairly significant change in the higher education landscape in the last five to ten years. I refer in particular to the emergence of the technological universities, which has involved a move away from smaller institutions to large and significant institutions of scale. Atlantic Technological University, for example, covers much of the western seaboard, including the St. Angela's campus in Sligo. There would be a significant opportunity for provision through Irish with those institutions. Those institutions are settling now since the creation of the technological universities under the 2018 Act. They are in and of their regions and very keen to engage. It would be timely to have a conversation with our parent Department and other Departments around how funding flows to those institutions and how we promote the Irish language in them. We are waiting to have those conversations. It is being looked at in the context of a very changed higher education environment.

One other thing to mention on provision is that higher education is changing quite rapidly in another way. With the provision of mainstream higher education courses, such as the BComm with Irish, we are moving into a space where a more flexible provision of higher education through microcredentials and smaller programmes might provide for students with disabilities, for example. In that different model, there may be a new way to build the Irish language into programme provision through smaller bite-sized programmes that will get people interested and engaged. Everything is moving quite rapidly. The recurrent grant model, as Dr. Gleeson mentioned earlier, is under review out towards 2030. It is probably too far away for the particular piece of work we are talking about today and the need we are discussing today. The way in which higher education is funded and offered is a rapidly changing environment and there is an opportunity there.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An é sin an blocdheontas? Ní bheidh an t-athbhreithniú sin ar siúl go dtí 2030.

Mr. Tim Conlon:

That is our timeline at the moment. We think it will take until 2030 to review the block funding. I should say that I am referring to the main block source of funding to institutions. We are talking here about discretionary funding to Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and the support for Irish-language provision. That review will complete be far sooner. That conversation is live at the moment.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an €900,000 atá roinnte faoi láthair idir roinnt institiúidí difriúla, an mbeidh sé sin mar an gcéanna go dtí 2030?

Mr. Tim Conlon:

That is what is in the base at the moment but that needs to be reviewed far more urgently in the context of what is being sorted out.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Seanadóir Joe Conway.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as bheith linn ar maidin. B’fhéidir nach bhfuil na figiúirí acu, ach an bhfuil a fhios acu cé mhéad mac léinn ó cheantair Ghaeltachta atá ag freastal ar na hinstitiúidí ardleibhéil agus ag déanamh bunchéim sa Ghaeilge? An bhfuil na figiúirí sin ar fáil in aon áit?

Dr. Jack Gleeson:

Beidh na figiúirí sin againn i ndara ráithe na bliana seo. Ag deireadh quarter 2 beidh an taighde foilsithe idir muid féin agus Údarás na Gaeltachta.

Díreoidh an taighde sin ar céard iad na cúrsaí ollscoile atá á ndéanamh ag muintir na Gaeltachta.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom díriú isteach ar an gclaonadh nó na treochtaí atá le feiceáil in áiteanna mar sin. An bhfuil líon na mac léinn ag laghdú nó ag méadú? Inseodh na figiúirí sin a lán rudaí dúinn faoi stádas na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Nach bhfuil an ceart agam?

Dr. Jack Gleeson:

Tá an ceart ag an Seanadóir. An sprioc atá leis an taighde sin ná go mbeidh fios níos fearr againn céard iad na cúrsaí ollscoile atá á ndéanamh ag muintir na Gaeltachta agus céard iad na deiseanna fostaíochta freisin, agus an bhfuil an dá rud sin ag teacht le chéile. Mar is eol don Seanadóir, tá sé mar chuid de ról Údarás na Gaeltachta fostaíocht a chinntiú sa Ghaeltacht.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ar bhord Údarás na Gaeltachta agus, mar sin, tuigim é sin.

Dr. Jack Gleeson:

Iontach. Leis an taighde sin, beidh an dá rud sin ag teacht le chéile.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fadó, fadó i gcoláistí cosúil le Coláiste Phádraig i nDroim Conrach agus Coláiste Mhuire Gan Smál i Luimneach, bhí áiteanna ináirithe do mhic léinn ó na ceantair Ghaeltachta. An mar sin atá cúrsaí faoi láthair nó an bhfuil sé athraithe?

Dr. Jack Gleeson:

Nílim róchinnte. Tuigim an pointe atá á dhéanamh ag an Seanadóir, is é sin go raibh líon spásanna curtha ar leataobh do mhuintir na Gaeltachta.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhíodh spásanna do na prep colleges uair amháin agus ansin bhíodh siad ináirithe do na leaids agus na cailíní ó na ceantair Ghaeltachta. Níl a fhios agam an é sin mar atá anois.

Dr. Jack Gleeson:

Níl a fhios agam. Is dóigh go mbraitheann sé sin ar an CAO.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sea. Cuireann sé sin isteach air. Go raibh maith ag na finnéithe.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Teachta Ó Muirí.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mo leithscéal go raibh mé beagán déanach ag teacht isteach. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo. Léigh mé an ráiteas tosaigh. Níl sé soiléir go bhfuil na fíricí ag an HEA ó thaobh na gcúrsaí atá ar fáil i nGaeilge. Deirtear sa ráiteas nach bhfuil sé soiléir cén cúrsaí atá ar fáil ag an tríú leibhéil trí Ghaeilge nó na modúil atá ar fáil trí Ghaeilge i gcuid de na cúrsaí sin. Níl an t-eolas ar fad ag an údarás. Is cosúil go bhfuil píosa taighde ar siúl faoi láthair a chuirfidh an t-eolas sin ar fáil. Ó mo thaobhsa de, tá sé sin contradictory. Luaitear sa ráiteas go bhfuil an tÚdarás um Ard-Oideachas "tiomanta an Ghaeilge a chur chun cinn sa chóras ardoideachais in Éirinn" ach má tá sé tiomanta don Ghaeilge ba cheart go mbeadh an t-eolas seo ar fad aige cheana féin. Bheadh sé ag an údarás leis na mblianta. Maidir le bainistiú an eolais sin, in ait a bheith ag rá go bhfuilimid chun píosa taighde á dhéanamh anois agus go mbeidh an t-eolas sin againn, mar ghrúpa leis an gcumhacht caighdeán oideachais a chur ar bun agus na hacmhainní atá ar fáil don chóras tríú leibhéal a roinnt amach, is contradiction é sin. An bhfuil aon rud le rá ag na finnéithe ina dtaobh sin?

Mr. Tim Conlon:

I might start. It is a good point. I think dedication can be forward-looking as well as retrospective. Dr. Gleeson may want to say a little bit more about the data collection and the piece of work we are doing to build that evidence base, an evidence base that was not necessarily available to us in the past because of the way the data is collected at an institutional level. Dr. Gleeson may want to say something about the work plan there.

Dr. Jack Gleeson:

Tá liosta againn de na cúrsaí atá ar fáil ach tá sé deacair againn a bheith an-mhuiníneach as cé chomh cruinn is atá sé faoi láthair leis an gcóras reatha atá againn.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach an dtuigeann an Dr. Gleeson mo phointe? Tá neamhréiteach ansin.

Dr. Jack Gleeson:

Tá.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar thaobh amháin tá an t-údarás ag rá go bhfuil sé tiomanta an Ghaeilge a chur chun cinn i gcóras ardoideachais na hÉireann ach faoi láthair níl an t-eolas bunúsach a bheadh ag teastáil chun é sin a dhéanamh ar fáil aige. Feicim go bhfuil na finnéithe ag iarraidh greim a fháil ar an eolas sin anois agus tá sé sin dearfach ach is fadhb ollmhór í sin. Tá an t-údarás ag rá go bhfuil sé tiomanta don Ghaeilge ach is fadhb bhunúsach é sin ó thaobh an HEA.

Dr. Jack Gleeson:

Tá an ceart ag an Teachta. Is mór an trua nach bhfuil an t-eolas sin againn ina iomláine go dtí anois, nó cheana féin. Táimid ag obair, áfach, chun an Ghaeilge a chur chun cinn lasmuigh de na léachtlainne.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Feicim é sin sa ráiteas. Tá rudaí an-dearfacha sa ráiteas agus glacaim leis sin. Molaim an HEA ó thaobh sin de ach tá fadhb bhunúsach ann ó thaobh an struchtúir de agus ó thaobh a bheith tiomanta don Ghaeilge. Níl mé ag iarraidh é a rá arís ach tá súil agam go n-athróidh sé sin agus sna blianta atá romhainn go mbeidh an t-eolas sin againn. Tá súil agam go ndéanfaidh an HEA bainistiú ar an eolas sin, go mbeidh sé éasca greim a fháil air agus go n-úsáidfidh sé an t-eolas sin chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar an Seanadóir Curley.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith ag na finnéithe as ucht a bheith anseo. Rud amháin a chur imní orm ná go ndúirt na finnéithe go raibh comhrá ar siúl faoi láthair maidir le córas a chur ar fáil trí Ghaeilge do theiripeoirí urlabhra agus teanga in Éirinn. An bhfuil an iomarca saoirse ag na coláistí iad féin nach bhfuil cúrsa ar fáil cheana féin agus go bhfuil siad ag caint air agus ag smaoineamh faoi ach nach bhfuil sé ag tarlú? An bhfuil an iomarca cumhachta ag na hollscoileanna agus an gcaithfidh an t-údarás seasamh isteach agus iallach a chur orthu é a dhéanamh láithreach?

Mr. Tim Conlon:

I would like to talk about that one. Higher education institutions are, by the way of things, autonomous in their decisions around academic provision. Having said that, in my experience, through work we do on system development and performance management where we talk to institutions about their strategy, their plans and their activities, they are highly response to national leads and also, in and of their regions, as I mentioned earlier. There is a balance between the governance that the HEA provides to the higher education system and the governance then provided by the independent governing authorities of institutions and their ability to react and make decisions. I do not think there is too much freedom. There is a good working relationship or a co-regulation, which is the expression we would use. The extent to which that encourages institutions to respond to national strategy is something I have been thinking about. We have the language strategy for a number of years now but the action plan has only been published in recent weeks. That is now a new strategy, and we will see how institutions respond to it. It will be for them to consider how they can do that in a strategic fashion with the resources they have available to them.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceann de na fáthanna a chuir mé an cheist sin ort ná go bhfuil an tAire Stáit, an Teachta Michael Moynihan, tar éis a fhógairt go mbeidh na teiripeoirí ag dul isteach chuig na scoileanna anois. Is Gaelscoileanna iad thart ar 8% de bhunscoileanna na tíre. Taobh istigh de trí nó ceithre bliana, beidh na teiripeoirí sin ag dul isteach chuig na scoileanna agus ag déanamh an teiripe sin sna scoileanna féin in ionad na daltaí a bhaint amach. Níl cliú againn, áfach, cé mhéad teiripeoirí atá ag teacht amach ó na hollscoileanna le Gaeilge agus tá na finnéithe tar éis a rá nach bhfuil aon chúrsaí ar fáil trí Ghaeilge san earnáil sin nó in aon earnáil phoiblí seachas múinteoireacht agus rudaí a bhaineann go díreach leis an nGaeilge. Nach féidir coinníollacha a cheangail leis an maoiniú a thugtar amach ionas go mbeadh níos mó fuinnimh ag na hollscoileanna na cúrsaí sin a chur ar fáil trí Ghaeilge má tá na teiripeoirí sin ag teastáil go géar uainn? Níl ansin ach sampla amháin. D'fhéadfainn go leor samplaí eile a thabhairt.

Mr. Tim Conlon:

I thank Senator Curley. That is a very good point. Attaching conditions to funding is not common outside of specific top-slices. Institutions are autonomous in the way in which they use the resources allocated to them to respond. Having said that, the Senator has given an example of where there will be an absolute demand in schools. I expect institutions will respond to that. That demand is coming and if there is a demand for a programme, that will be something that will have to be responded to. I would not expect institutions to be found wanting in that regard.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh aon chomhrá maidir leis seo roimhe seo? Nach bhfuil a fhios ag an HEA go bhfuil an t-éileamh sin ar theiripeoirí le Gaeilge sna scoileanna anois agus go mbeidh tuilleadh ag teacht? Nach n-éilíonn sé ar na hollscoileanna na cúrsaí sin a chur ar fáil mar fhreagra ar an éileamh sin? Níl aon chúrsa sláinte trí Ghaeilge in Éirinn. Is sampla amháin é sin. Nach bhféachann an t-údarás ar an éileamh atá ag teacht go ginearálta? Nach n-éilíonn sé ar na hollscoileanna cúrsaí a chur ar fáil a fhreagródh na héilimh éagsúla a bheidh ann?

Mr. Tim Conlon:

It is a very good example. The healthcare space is one of the areas in which there has been significant workforce planning. We have data available to us. Before Christmas, we wrote to institutions to indicate that we are going to move in that space, particularly in respect of education psychology, disability therapists and so on. We have indicated that we will be looking for proposals for Irish-language provision as well. It is a live issue with the institutions at the moment.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An gníomh ticbhosca an cuspóir 20% san earnáil phoiblí muna bhfuil 20% de spásanna ar chúrsaí a bhaineann leis an earnáil phoiblí ar fáil trí Ghaeilge? Muna bhfuil 20% de chéimithe ag teacht amach ó na hollscoileanna agus iad tar éis a gcéimeanna a fháil trí Ghaeilge, an cuspóir ticbhosca é an cuspóir sin? An gá dúinn a bheith radacach anois?

Dr. Jack Gleeson:

Caithfimid a bheith radacach má táimid ag iarraidh an 20% a líonadh. Faoi láthair, níl léarscáil ag na hinstitiúidí conas céim theiripe a chur ar fáil trí Ghaeilge. Níl an cur chuige ar eolas acu. Níl a fhios acu cén chaoi is fearr chun tabhairt faoin dúshlán sin. Tá go leor i gceist le cúrsa a chur ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge. Bheadh téacsleabhair le haistriú agus le cur ar fáil. Bheadh gá le external examiners a fháil atá oilte sa Ghaeilge agus in ann scrúdú a dhéanamh ar na hábhair. Níl sé dodhéanta ach tá go leor oibre i gceist le cúrsa a chruthú as an nua.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil taighde déanta ag an údarás ar an líon daoine le Gaeilge amuigh ansin atá oilte go leor chun a bheith mar scrúdaitheoirí a thagann isteach sna hollscoileanna? An bhfuil aon taighde mar sin déanta ag an údarás roimhe seo?

Dr. Jack Gleeson:

Mar a dúirt muid, beidh an togra taighde le hOllscoil na Gaillimhe ag díriú isteach ar an gceist sin. Mar chuid den sprioc, beifear in ann cineál cás-staidéir a chruthú agus léarscáil a chur ar fáil do na hinstitiúidí ar fad maidir leis an mbealach is fearr chun é sin a dhéanamh.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén saghas léarscáil atá i gceist? Céard atá ag teastáil? Faigh léachtóirí le Gaeilge, téacsleabhair i nGaeilge, téarmaíocht sláinte nó dlí i nGaeilge agus lean ort. An bhfuil sé chomh casta sin i ndáiríre? An gcaithfí-----

Dr. Jack Gleeson:

Braitheann sé ar an gcur chuige. Má tá tú ag iarraidh modúl a chur ar fáil, tá sé sin níos sciobtha agus níos éasca a dhéanamh, mar a dúirt an Seanadóir. Tá níos mó oibre i gceist le cúrsa iomlán.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá intleacht shaorga ann anois agus is féidir léi é sin a dhéanamh. Tá a fhios againn. Is féidir gach rud a mhalartú go Gaeilge. An t-aon rud atá ag teastáil ná daoine a bhfuil a dhóthain Gaeilge acu. Ag dul ar ais go dtí an rud a dúirt an Teachta Ó Muirí, is é an chéad chéim ná fáil amach cé mhéad dochtúir atá in ann an Ghaeilge a labhairt agus beirt nó triúir a thabhairt isteach go Gaillimh, Baile Átha Cliath agus Corcaigh chun an cúrsa ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge. Más dochtúirí iad, is féidir leo an cúrsa a chomhlíonadh trí Ghaeilge. Níl aon taighde den sórt sin déanta riamh roimhe seo.

Dr. Jack Gleeson:

Tá rud foilsithe le déanaí ag an Dr. Joe Simpson in Ollscoil Mhá Nuad. Bhí seisean chun díriú isteach ar an nGaeilge ar champas na hollscoile. Tá torthaí an-mhaith le feiscint ó thaobh an Ghaeilge i measc na foirne ansin.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam chomh maith. Tá siad cóngarach go leor do na ceisteanna a bhí ag an Teachta Ó Muirí agus an Seanadóir Curley. Molaim an t-údarás as an méid oibre atá déanta aige leis na hinstitiúidí tríú leibhéal, go háirithe ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn. Mar oifigeach Gaeilge, ceapaim gurb é an Dr. Gleeson a dhéanann an chuid is mó den obair sin. Molaim é as sin. An fhadhb atá agam ná gur cuid mhaith de ról an Údarás um Ard-Oideachas é maoiniú agus cur chun cinn na Gaeilge. Is ról tábhachtach eile atá aige ná polasaithe agus pleananna straitéiseacha a chruthú agus a chur le chéile. An rud a chuireann as dom ar maidin ná go bhfuilimid ag labhairt san aimsir fháistineach. Táimid ag rá go ndéanfaimid é seo agus é sin seachas go bhfuil siad déanta cheana féin nó ar bun againn. Dúradh go bhfuil próiseas ag bogadh ar aghaidh le hOllscoil na Gaillimhe chun cúrsa trí Ghaeilge i gcomhair teiripeoirí urlabhra agus teanga a chur ar fáil. Is dea-nuacht é sin. Tá an teiripe sin ag teastáil sna scoileanna agus sna hospidéil. Tá teiripe shaothair, occupational therapy, ag teastáil chomh maith, go háirithe do pháistí i nGaelscoileanna agus iad sna scoileanna agus ranganna speisialta. Tá ceist mhór agam do na finnéithe. Luaigh an Teachta Ó Muirí é seo. Cén fáth nach bhfuil sé seo déanta cheana féin? Cén chúis nach raibh sé seo déanta? An bhfuil aon chúis ann? Cén fáth nach bhfuil aon phráinne ó thaobh na cúrsaí seo a chur ar fáil, cé go bhfuil an t-údarás ag breathnú air anois agus go bhfuil sé ar bun aige? Cén fáth nach raibh sé seo déanta ar chor ar bith?

Mr. Tim Conlon:

It is a good question. I do not have an easy answer for the Leas-Chathaoirleach. The higher education environment is extremely complex as regards the demands on institutions across vast areas of provision. The institutions operate within a strict governance regime and - for want of a better expression - a market environment. The Leas-Chathaoirleach mentioned strategies and strategic plans. A response in that space may not necessarily have been encouraged. As Dr. Gleeson has said, we are now moving rapidly. We have been working with the University of Galway on that proposal. We got that in November. We have turned it around extremely quickly. We brought it to our board more quickly than the board may have liked. We are moving at pace. I take the Leas-Chathaoirleach's point. Why has this not been done yet?

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén fáth go bhfuil práinn ann anois? Why is there now an urgency that was not there previously?

Mr. Tim Conlon:

I do not want to speak for Dr. Gleeson but he and I have an interest, as does our board. We are operating under new legislation from 2022. When legislation comes in, you obviously respond to that. This legislation provided us with additional opportunities. I was going to say "requirements" but I prefer to say "opportunities". We now have additional opportunities and responsibilities to act.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an reachtaíocht sin ag cur brú ar an údarás anois? Is that legislation putting pressure on the authority to act now?

Mr. Tim Conlon:

It is and that is as it should be. The Higher Education Authority has been given additional responsibilities under new legislation and we are required to respond to that. That is a positive thing.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an Seanadóir Curley agus mé féin ag labhairt faoi oideachas do pháistí agus na teiripí a bheidh ar fáil sna bunscoileanna agus na scoileanna speisialta.

Tuigim an pointe atá á dhéanamh ag na finnéithe go bhfuil staidéar déanta ó thaobh bhrú an mhargaidh nó pé rud. Nuair a bhreathnaím air seo, áfach, bheinn ag ceapadh go mbeadh an tÚdarás um Ard-Oideachas ag breathnú ar líon na leanaí i gcomhthéacs an oideachais agus ag aithint go bhfuil rudaí áirithe ag teastáil, go háirithe do mhuintir na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge, lena n-áirítear iad siúd a labhraíonn lena gcuid páistí agus leanaí trí Ghaeilge. Tá deacracht acu a gcuid páistí a thabhairt chuig an ospidéal, dochtúir nó teiripe a fháil nó pé rud trí mheán na Gaeilge.

Tá muid anois in 2026. Ó thaobh an staidéir atá á dhéanamh ag an Údarás um Ard-Oideachas le hOllscoil na Gaillimhe, impím air inniu breathnú ar na rudaí sin sa sochaí a chruthaíonn deacrachtaí agus atá fíordheacair do pháistí agus daoine aosta araon, go háirithe na nithe a bhaineann le teiripe agus oideachas. Is iad sin na rudaí is tábhachtaí ar chóir dúinn a chur ar fáil sa tír seo.

Bíonn muid ag breathnú an t-am ar fad ar ghnéithe eile den sochaí agus na difríochtaí atá ann. Mar shampla, téann muid isteach in áiteanna agus bíonn bróisiúir ar fáil i bhFraincis agus i nGearmáinis ach ní bhíonn siad ar fáil i nGaeilge. Is pointe mór é sin. Is í an cheist atá agam ná, i gcomhthéacs an bhrú nua seo agus na práinne atá ag an Údarás um Ard-Oideachas, an mbreathnóidh sé ar na rudaí tábhachtacha seo, ar nós na teiripe agus primary care – níl an Ghaeilge sin ar eolas agam - le go mbeidh siad ar fáil trí Ghaeilge?

Mr. Tim Conlon:

We are working closely with our parent Department, the Department of Health, the HSE and the Department of education in terms of provision in that space, across disability therapies and beyond. There has been significant workforce planning. I do not wish to speak for people in other agencies who are more expert than me in that space, but it certainly is part of that work we are moving on swiftly. I do not underestimate the pressure and the environment, as the Leas-Chathaoirleach said, with regard to further barriers being put in place for people who may already have challenges. That certainly is not the kind of higher education system we want. Equality, inclusion and a diversity of provision are central to everything we do. We see that through the access programmes we operate for people from disadvantage or those with disabilities and so forth. This should be part of that. If we cannot be holistic and inclusive in higher education, then that questions our overall approach. I absolutely take that point.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist sciobtha agam. An féidir leis na finnéithe míniú dúinn arís an caidreamh nó ceangal atá idir an tÚdarás um Ard-Oideachas agus na hinstitiúidí neamhspleácha seo? An féidir leis aon bhrú a chur orthu maidir le cúrsa áirithe, nó cúrsa áirithe i dteanga áirithe, a chur ar fáil? Mar a dúirt an Dr. Jack Gleeson, bíonn imní ar na hinstitiúidí seo agus an seans ann go gcailleann siad airgead nó maoiniú má chuireann siad cúrsa ar fáil nuair nach bhfuil an t-éileamh ann. Cén sórt ceangail atá idir an tÚdarás um Ard-Oideachas agus na hinstitiúidí sin? An bhfuil an chumhacht aige brú a chur orthu cúrsa a chur ar fáil?

Dr. Jack Gleeson:

Níl. Mar a dúirt Tim Conlon cheana féin, maidir leis na cúrsaí sláinte, tagann siad sin díreach ón Roinn Sláinte. B’fhéidir go mbeidh Tim Conlon in ann an próiseas mar a bhaineann le expressions of interest a mhíniú níos fearr. Níl an chumhacht againn aon bhrú a chur ar na institiúidí chun cúrsa áirithe a chur ar fáil.

Mr. Tim Conlon:

The provision of additional resources derisks a process for institutions. For example, when it comes to the provision of veterinary education in the north west, this is something that we need nationally. Additional national provision is needed. Therefore, we have worked with the Department of agriculture and food, which is putting some resources into institutions. Significant institutions have had programmes like that.

I am in two minds about this because additional resources could be put into the provision of programmes through the Irish language and that would encourage institutions to react in a particular way and provide additional programmes. That would be positive and it might provide a rapid response, as Dr. Gleeson said, to deliver on this strategy. It is an onerous task for the higher education system, the institutions and the State, to be honest. We could pump prime, as we describe it, or put resources in place to accelerate that. On the other hand, the provision of programmes through Irish is perhaps not something special or different. It should be part of our every day. That is what this strategy is all about and what it requires. I am interested in the committee members’ views on the way in which we bounce those two things. We can pump prime and push things forward to get a result, but should it not be part of our every day? If it is part of our every day, then we are back to the core grant space. That is more in the space of having strategic conversations with institutions about how we collectively respond to this national need and demand. I do not think we would find institutions wanting in having those conversations. It does not have to be a push. Sometimes, the moral authority is as much as anything else. It is correct, as the Chair said, that we have not had those conversations at a national level in recent years. That pressure is now on us, for a number of reasons, to respond in that way. Yes, there is a carrot-and-stick approach but then there is also the fact that this is a major national strategy in which we are all stakeholders and we all have to respond.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leis sin, cuirfidh mé clabhsúr leis an seisiún seo. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú inniu. Gabhaim buíochas leis na hionadaithe, an Dr. Jack Gleeson agus Tim Conlon ón Údarás um Ard-Oideachas, as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leo inniu.

Molaim go gcuireann muid an cruinniú ar athló go dtí 11 a.m. ar an 3 Feabhra 2026 nuair a phléifear na hábhair seo a leanas: seisiún 1, comhairle na naíonraí náisiúnta, Gaeloideachas agus Gnó na nÓg, chomh maith le club iarscoile lán-Ghaeilge i mBéal Feirste ag caint faoi naíonraí agus naíscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht; seisiún 2, Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag caint faoi naíonraí agus naíolanna laistigh den Ghaeltacht.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 12.38 p.m. go dtí 11 a.m., Dé Máirt, an 3 Feabhra 2026.