Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 December 2025

Selct Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí 2025
Vóta 42 - Forbairt Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta (Forlíontach)

2:00 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach, leis na baill den choiste, leis an gcléireach agus le foireann an choiste as an gcruinniú seo a chur le chéile inniu. Is mór agam an deis chun an t-iarratas seo ar Mheastachán Fhorlíontach teicniúil don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a chur ina láthair.

Níl i gceist leis an Meastachán Forlíontach teicniúil atá beartaithe ach gluaiseacht amháin cistí, is é sin, bogadh €700,000 i maoiniú reatha ó fho-cheannteideal D4, scéimeanna tacaíochta Gaeilge, go fo-cheannteideal D10, próiseas pleanála teanga Gaeilge. Cuireadh €6.7 milliún ar fáil d’fho-cheannteideal an phróisis pleanála teanga Gaeilge faoi Mheastachán Fhorlíontach 2025 ach, mar sin féin, ba mhó éileamh a bhí ann don scéim in 2025 ná mar a bhíomar ag súil leis. Tá sé beartaithe go n-úsáidfear coigilteas ó chodanna eile de na feidhmeanna Gaeltachta chun freastal ar an éileamh seo agus borradh a chur faoin dul chun cinn atá á dhéanamh faoin tionscnamh seo.

Aithníodh coigilteas de suas le €700,000 i bhfo-cheannteideal D4, scéimeanna tacaíochta Gaeilge, gur féidir é a úsáid chun an t-éileamh seo a shásamh. D’eascair an coigilteas ó mhoill san earcaíocht agus i ngníomhartha gaolmhara faoin ngréasán náisiúnta do na healaíona teangabhunaithe agus Gaeilge365. Bainfear feidhm as an maoiniú anois chun tacaíochtaí a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta ar fud réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí, chun freastal ar éileamh méadaithe a bhaineann le seirbhísí ealaíon agus cultúir, agus laistigh den earnáil luathbhlianta sa Ghaeltacht.

Mar eolas don choiste, ó aithníodh an tsuim seo de €700,000, tá roinnt coigilteas beag eile tagtha chun cinn i ndáil leis an bhfomhír um sheirbhísí poiblí agus leis an bhfomhír um chomhoibriú tras-Teorainn. Tá sé i gceist agam aon airgead atá ar fáil sna fomhíreanna sin a víreáil isteach sa bhfomhír phleanála teanga chomh maith. Cinnteoidh sé seo go mbainfear an leas is fearr as na cistí reatha a chuirtear ar fáil don chlár Gaeltachta.

Is iomaí éacht a bhain an Roinn amach arís in 2025. Is coigeartú an-bheag é an ghluaiseacht cistí seo i gcomhthéacs an leithdháilte fhoriomláin de €575 milliún. Leis an ngluaiseacht seo, beidh mo Roinn in ann an úsáid is fearr a bhaint as a hacmhainní chun tacú le ceantair thuaithe agus pobail ar fud na tíre. Gabhaim buíochas arís leis an gcoiste as an am a ghlacadh chun an Meastachán Forlíontach teicniúil seo a phlé. Táim lánsásta freagra a thabhairt ar cheisteanna ar bith a d’fhéadfadh teacht aníos.