Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 25 November 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta: Conradh na Gaeilge
2:00 am
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanfaimid anois ár mbreithniú ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta, séanadh cearta teanga, tithíocht sa Ghaeltacht, agus soláthar an oideachais Ghaeilge do dhaltaí ó Thuaidh agus ó Dheas leis na hionadaithe seo a leanas ó Chonradh na Gaeilge: Julian de Spáinn, ardrúnaí; Cassie Ní Chatháin, feidhmeannach taighde agus anailíse; agus Kate Ní Dhúbhlaoich, feidhmeannach cumarsáide. Bhí siad anseo cúpla uair cheana. Tá na rialacha fada ach tá a fhios agam go bhfuil siad léite acu cheana féin. Glacaim leis go bhfuil siad inghlactha, má tá sé sin all right. An nglactar leis na treoracha agus na rialacha? Glactar. Anois, iarraim ar Julian de Spáinn a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Mr. Julian de Spáinn:
Ar son Chonradh na Gaeilge, gabhaim buíochas mór leis an gCathaoirleach, leis na Teachtaí Dála agus leis na Seanadóirí as an deis a bheith anseo inniu chun maoiniú earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta, séanadh cearta teanga, tithíocht sa Ghaeltacht, agus soláthar an oideachais Ghaeilge do dhaltaí a phlé leo. Ós rud é go bhfuil a lán i gceist le téama an chur i láthair inniu, tá sé i gceist agam plé a dhéanamh air trí na héilimh a bhí agus atá fós ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a cuireadh chun cinn ag an agóid náisiúnta, CEARTA, a eagraíodh ar an 20 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath. Mar is eol don choiste, shiúil 25,000 duine ar son éileamh faoi leith le dul i ngleic leis an maoiniú éagothrom stairiúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, leis an ngéarchéim tithíochta Ghaeltachta, leis an éigeandáil sa chóras oideachais agus leis na cearta teanga nach bhfuil feidhmithe. Táimid an-bhuíoch as an tacaíocht atá tugtha ag an gcomhchoiste seo dúinn leis na fadhbanna seo ar fad a réiteach roimhe seo agus gabhaim buíochas do na baill den chomhchoiste a bhí i láthair ag CEARTA ar an lá.
Tá sé ríthábhachtach an comhthéacs stairiúil a thógáil san áireamh maidir leis an maoiniú éagothrom stairiúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní raibh ach 0.15% de chaiteachas iomlán an Stáit ó Dheas in 1956 á chaitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. In 2025, tá an caiteachas sin tite go 0.10% de chaiteachas iomlán an Stáit do Roinn na Gaeltachta. Nuair a chuirtear boilsciú san áireamh, tá 45% níos lú maoinithe ag Foras na Gaeilge ná mar a bhí aige 20 bliain ó shin, cé go bhfuil an líon grúpaí atá le maoiniú sa phobal aige tar éis fás go tréan sa tréimhse chéanna. Dá mbeadh an ráta fáis céanna ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge is a bhí ag an gComhairle Ealaíon le 20 bliain anuas, bheadh buiséad €50 milliún ag Foras na Gaeilge anois. Ina áit sin, áfach, bhí buiséad de €17 milliún ag an bhforas in 2025, an méid céanna is a bhí aige 20 bliain ó shin.
Le dul i ngleic leis an éigeandáil i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta, táimid ag éileamh go n-aithneofar éagothroime stairiúil an bhonnleibhéil mhaoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus an tionchar diúltach a bhí aige seo ar fhíorú chearta teanga an phobail thar na blianta, agus go maoineofar an plean fáis, plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta, atá aontaithe ag breis is 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta. Chinnteodh maoiniú an phlean fáis go mbeadh maoiniú sásúil ann don phleanáil teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Thacódh sé le tithíocht Ghaeltachta, leis na comharchumainn agus leis na coláistí samhraidh Gaeltachta. D’fhreastalódh sé chomh maith ar dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste leis an teanga a fhoghlaim agus chinnteodh sé maoiniú sásúil do na meáin Ghaeilge i measc go leor leor moltaí eile sa phlean.
Mar is eol don choiste, bhain an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an Teachta Dara Calleary, an t-ardú is mó i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta le fada an lá amach i gcáinaisnéis 2025. Tá ardmholadh ag dul dó as an dul chun cinn seo a dhéanamh, don choiste as brú a chur ar an Rialtas le méadú suntasach a chur ar fáil agus, go háirithe, do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as an maoiniú breise a éileamh ní hamháin ar na sráideanna ag CEARTA ar an 20 Meán Fómhair, ach tríd an stocaireacht a rinneadh le tamall de bhlianta. Cé go bhfuil fáilte curtha roimh an ardú seo, níor chóir glacadh leis go bhfuil an éagothroime mhaoinithe curtha ina ceart fós nó baol air.
Níl an méid maoinithe curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí Roinn na Gaeltachta mar chéatadán de chaiteachas iomlán an Stáit ach méadaithe ó 0.1% go 0.11%. Tá an €2 mhilliún sa bhreis curtha ar leataobh d’Fhoras na Gaeilge agus tá ceist ollmhór ann an mbeidh sé indéanta an t-airgead sin a thabhairt d’Fhoras na Gaeilge leis an struchtúr maoinithe reatha, atá briste ag an bhforas, i bhfad Éireann ró-íseal. Tá €2 mhilliún ag teastáil ó na ceanneagraíochtaí Gaeilge amháin leis na poill inár mbuiséad ó 2015 a líonadh, gan caint ar na poill i ngach scéim eile atá ag an bhforas a líonadh. Ní cóir dearmad a dhéanamh gur chóir go mbeadh buiséad de €50 milliún ag an bhforas ag an bpointe seo, in ionad an €19 milliún atá aige in 2026, dá mbeadh an ráta fáis céanna ar a bhuiséad agus a bhí ar bhuiséad an Chomhairle Ealaíon. Is mór an bhearna idir €19 milliún agus €50 milliún.
Bhí an bonnleibhéal maoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ró-íseal riamh don teanga agus tá sé sin fíor fós i ndiaidh cáinaisnéis 2026 a bheith fógartha. Fágann an bonnleibhéal ró-íseal seo nach bhfuil maoiniú sásúil ann do go leor rudaí práinneacha atá de dhíth sa phobal. Mar shampla, ba chóir go mbeadh na hoifigigh pleanála teanga agus na bainisteoirí comharchumainn íoctha go sásúil ag, ar a laghad, an leibhéal d’ardoifigeach feidhmiúcháin sa Státseirbhís. Tá siad freagrach as inbhuanaitheacht na Gaeltachta agus a chinntiú go mbeidh rath ar a gcuid pleananna teanga. Deirtear go minic go bhfuil an Ghaeltacht ann mar fhoinse agus thaca don phobal uile. Mar sin, tá na fostaithe seo ag feidhmiú ní hamháin ar bhonn áitiúil ach ar leas na tíre iomláine, ach níl an tuarastal a chuirtear ar fáil dóibh ag aithint an ról ollmhór atá acu. Caithfear é sin a chur ina cheart mar ábhar práinne. Tá gá le hoifigigh óige i ngach limistéar pleanála teanga. Cé go mbeidh méid áirithe maoinithe curtha ar leataobh le tús a chur leis seo in 2026, níl a dhóthain curtha ar fáil le hoifigeach óige a fhostú i ngach limistéar pleanála teanga Gaeltachta agus níl an maoiniú nua seo le bronnadh ar na coistí pleanála teanga féin faoi mar a éilíodh. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh na hoifigigh nua seo freagrach go díreach as an bplean teanga áitiúil a chur i bhfeidhm faoi stiúir na gcoistí pleanála teanga. Is botún é seo agus sampla eile d’easpa éisteachta le mianta an phobail féin.
Níl ansin ach cúpla sampla de na himpleachtaí den easpa maoinithe atá ann. Iarraim ar an gcoiste éagothroime stairiúil an bhonnleibhéil mhaoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a aithint agus gníomhú linn lena chinntiú go maoineofar an plean fáis, plean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta, atá aontaithe ag breis is 130 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile.
Maidir leis an ngéarchéim tithíochta Ghaeltachta, creideann muid go gcaithfear a chinntiú go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta a bheith ina gcónaí ina gceantar dúchais, an soláthar cuí a dhéanamh leis seo a chinntiú agus, mar thoradh air seo, cabhrú leis an teanga a shlánú agus a láidriú mar theanga phobail sna ceantair chéanna. Tá éigeandáil tithíochta náisiúnta ann, ach tá práinn bhreise agus éagsúil ag baint léi sa Ghaeltacht ná mar atá in aon cheantar eile sa tír. Má thagann bánú ar cheantar Gaeltachta, ní hamháin go mbeidh an pobal tuaithe sin imithe, ach beidh an Ghaeilge dhúchasach shaibhir sa chuid sin den Ghaeltacht imithe go deo chomh maith agus beidh teanga na tíre níos laige dá bharr. Níl ach 20,261 cainteoir laethúil Gaeilge ann sa Ghaeltacht faoi láthair. Tháinig laghdú 12.8% ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht idir 2011 agus 2022. Tá freagracht ar phobal na Gaeltachta nach bhfuil ar phobail eile fud fad na tíre, is é sin, go mbaineann caomhnú shaibhreas na Gaeilge leo. Níor lorg siad an dualgas seo ach tá an tír ar fad ag brath orthu an cúram a dhéanamh. Chuige sin, ba chóir a chinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí sa Ghaeltacht féin agus go mbeidh tacaíocht curtha ar fáil dóibh chuige sin.
Ní fheictear dúinn go bhfuil réiteach na géarchéime san áireamh i bplean nua tithíochta an Rialtais. Cé gur chuir muid fáilte go bhfuil sé aitheanta sa phlean go bhfuil sé riachtanach go mbeidh rochtain ar mheascán de thithíocht oiriúnach d'inbhuanaitheacht na Gaeltachta agus go bhfuil sé molta ann go bhfiosrófar an fhéidearthacht d’Údarás na Gaeltachta a bheith ag obair le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla le tacaíocht a chur ar fáil chun tithe a thógáil do phobal na Gaeilge, níl mórán eile nua ann sa phlean. Tá foilsiú na dtreoirlínte pleanála Gaeltachta, nó an ráiteas náisiúnta pleanála Gaeltachta, mar a thugtar orthu anois, a gealladh ar dtús in 2021, curtha siar go 2027. Níl aon tagairt do scéim deontais nó leasú ar scéim reatha tithíochta le cabhrú le pobal na Gaeltachta tithe a thógáil. Níl aon chumhacht shonrach bhreise luaite d’Údarás na Gaeltachta agus níl aon ról sonrach comhordaithe tugtha dó. Níl aon sprioc intomhaiste luaite leis an nGaeltacht ach tá sa cháipéis i réimsí eile, mar shampla, le líon na dtithe a thógfar.
Le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta Gaeltachta agus ag aithint na bearnaí ollmhóra sa phlean náisiúnta tithíochta, táimid ag lorg thacaíocht na mball leis na rudaí seo a leanas a bhaint amach. Ba chóir go dtabharfar an chumhacht reachtúil d’Údarás na Gaeltachta i mBille Údarás na Gaeltachta talamh agus réadmhaoin a cheannach ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí agus áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil. Ba chóir go gcuirfear an maoiniú breise cuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le rannóg tithíochta a bhunú a bheadh freagrach as na cúraimí seo a leanas: straitéis tithíochta agus daonra Ghaeltachta a éascú do gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta; comhordú leis na húdaráis áitiúla Ghaeltachta, Uisce Éireann agus na comhlachtaí ceadaithe tithíochta; agus comhordú ar fhorbairt phleananna na gceantar tosaíochta sa Ghaeltacht faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024.
Chuige seo, bheadh foireann nua de sheachtar ag teastáil le buiséad de thart ar €650,000 sa bhliain de réir eolais atá faighte againn ó Údarás na Gaeltachta. Tá géarghá an maoiniú seo a chur ar fáil leis an rannóg seo a bhunú láithreach bonn. Ba chóir go bhfoilseofar an ráiteas náisiúnta pleanála Gaeltachta láithreach bonn agus go gcuirfear riachtanas phríomháit chónaithe ar chóiríocht ar cíos gearrthéarmach sa Ghaeltacht nuair a thabharfar isteach an clár cóiríochta ar cíos gearrthéarmach in 2026. Molaimid go mbunófar scéim cánach na dtithe saoire sa Ghaeltacht ar bhonn píolótach amhail is atá déanta sa Bhreatain Bheag agus go dtabharfar aitheantas ar leith don Ghaeltacht faoin scéim croí cónaithe, a chuirfeadh ar chumas na Roinne an scéim a úsáid chun deontas 20% níos airde a thabhairt sa Ghaeltacht do chainteoir gníomhach Gaeilge a bheadh ag iarraidh obair athchóirithe a dhéanamh ar theach folamh nó tréigthe sa Ghaeltacht. Ba chóir go leathnófar amach togra na dteaghlach Gaeltachta, scéim atá á reáchtáil ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, chuig ceantair Ghaeltachta eile agus an maoiniú a chur ar fáil trí Údarás na Gaeltachta chuige. Faoin scéim sin, tá tithe á gcur amach ar cíos agus ioncam saor ó cháin ar fáil ag na tionóntaí trí úsáid a bhaint as an ioncam sin chun scoláirí Gaeltachta a choimeád.
Tá éigeandáil sa chóras oideachais ó thaobh na Gaeilge de. Tá díolúine ó staidéar ar an nGaeilge anois ag duine as gach seachtar daltaí meánscoile. Tá an córas dolúbtha seo ag teip ar bhreis is 60,000 dalta meánscoile, córas a sheachnaíonn fadhbanna in áit aghaidh a thabhairt orthu. Ní dhearna 20% de dhaltaí meánscoile an Ghaeilge don teastas sóisearach. Tá 30 nóiméad sa tseachtain bainte ón am atá curtha ar fáil do mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil ó rang a haon go rang a sé. Cé gur gheall an Rialtas deireanach ó Dheas go n-oibreodh sé i dtreo an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht a dhúbailt, thit an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht 3% le linn tréimhse an Rialtais sin agus níl aon sprioc intomhaiste uaillmhianach ag an Rialtas nua seo leis an soláthar Gaelscolaíochta a mhéadú.
D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige a plean gnímh dhá-bhliain do na scoileanna meán-Bhéarla agus polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le déanaí. Tá údar misnigh sna pleananna seo mar go mbeidh an Roinn ag cur acmhainní i dtreo an dá réimse seo. Mar sin féin, ní rachaidh ceachtar acu i ngleic le príomhthorthaí an taighde agus na gcomhairliúchán ar tugadh fúthu chun an polasaí agus an plean gnímh a fhorbairt. Ba léir sa dá phróiseas comhairliúcháin go raibh éileamh ann ar sprioc uaillmhianach agus intomhaiste chun soláthar an oideachais trí Ghaeilge a mhéadú go mór a chur san áireamh sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge. I gcás an phlean ghnímh, ba léir ó thaighde SEALBHÚ gurb é plean foriomlán do mhúineadh na Gaeilge bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach ceann de na clocha is mó ar ár bpaidrín. Níl ceachtar den dá thosaíocht seo san áireamh sa phlean gnímh dhá-bhliain do na scoileanna meán-Bhéarla nó sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Is é ceann de na rudaí is mó a chuireann frustrachas orainn ná go bhfeiceann muid arís agus arís agus polasaithe oideachais á bhforbairt go n-eagraítear próisis chomhairliúcháin agus go dtugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara ionchur a bheith acu iontu, ach ansin, níos minice ná a mhalairt, déantar maolú mór nó fiú neamhaird iomlán ar na príomhphointí a thagann chun cinn sna polasaithe agus sna pleananna a eascraíonn as. Ní féidir leanúint ar aghaidh mar sin.
Táimid ag éileamh ar an Aire oideachais nua uaillmhian a léiriú agus gníomhú go práinneach le grúpa saineolach a chur ar bun láithreach bonn le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luathóige go dtí an tríú leibhéal bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach a fhorbairt, agus plean chun soláthar an oideachais trí Ghaeilge a mhéadú ó 6% go 20% thar thréimhse 20 bliain a fhorbairt.
Maidir le polasaí cuimsitheach don Ghaeilge bunaithe ar an bhfráma tagartha, chruthódh sé córas solúbtha trína bhféadfaí freastal ar dhaltaí ar a leibhéal cumais féin. Mar shampla, bheadh dalta le riachtanas breise a bhaineann le scríbhneoireacht in ann leanúint le foghlaim na Gaeilge labhartha go leibhéal na hardteistiméireachta, measúnú a dhéanamh bunaithe ar an scil sin agus na pointí cuí CAO a fháil, in áit bac a chur ar dhaltaí ag foghlaim na Gaeilge, mar a tharlaíonn go rómhinic faoin gcóras reatha díolúine. Bheadh an córas nua sin in ann freastal ar dhaltaí a thagann isteach sa chóras níos deireanaí. Mar shampla, bheadh dalta in ann tosú ar an leibhéal is ísle den fhráma má thagann siad isteach sa scoil sa chúigiú bliain agus d’fhéadfaí ansin an measúnú ardteistiméireachta a bhunú ar an leibhéal sin. Bheadh an córas ailínithe le polasaí níos leithne an Rialtais. Mar shampla, beidh an sprioc earcaíochta de 20% d’earcaithe san earnáil phoiblí a bheidh inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, a bhfuil tús le cur leis ag deireadh 2030, bunaithe ar an bhfráma. Luíonn sé le réasún go gcinnteofaí tríd an gcóras oideachais go bhfaigheadh gach dalta oideachas bunaithe ar an bhfráma le go mbeidís in ann cur isteach ar na poist sin amach anseo.
Maidir leis an éileamh leis an soláthar Gaelscolaíochta a mhéadú, aithníonn muid go bhfuil tascfhórsa curtha ar bun ag an Roinn oideachais le déanaí le moltaí a bhreathnú maidir le bunú, forbairt agus inbhuanaitheacht múnlaí do sholáthar oideachais lán-Ghaeilge. Níl aon chinnteacht go dtiocfaidh an grúpa seo ar ais le haon sprioc uaillmhianach intomhaiste leis an líon soláthar a mhéadú. Níl an aidhm sin fiú luaite i dtéarmaí an tascfhórsa féin. Mar sin, caithfear an-bhrú a chur ar an Aire oideachais lena chinntiú go ndéanfaidh sí cinnte de go mbeidh sprioc intomhaiste uaillmhianach ann. Tá an conradh ag moladh go mbeidh sprioc ann leis an soláthar den oideachas trí Ghaeilge a mhéadú ó 6% go 20% thar thréimhse 20 bliain.
Maidir le cearta teanga nach bhfuil feidhmithe, tá roinnt cearta teanga, reachtaíochta teanga agus gealltanas Rialtais breise bainte amach le roinnt blianta anuas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ach níl cuid mhaith acu feidhmithe agus ag soláthar na gceart cuí don phobal fós. Mar shampla, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i bhfeidhm ó 2021. Foilsíodh an plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge in 2024, atá le pleanáil i dtreo feidhmiú fhorálacha an Achta ar nós na sprice earcaíochta go mbeidh 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh 2030 inniúil sa Ghaeilge, an aidhm go mbeidh na hoifigí Stáit sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus araile. Cé gurbh é seo cur chuige an Rialtais, níl spriocanna intomhaiste ná uaillmhian sa phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge. Mar shampla, níl aon ról sonrach don Roinn oideachais sa phlean agus tá an chuid is mó de na gníomhartha luaite sa phlean le breith in ionad le feidhmiú. Níl an plean gníomhaíochta leis an bplean náisiúnta a chur i bhfeidhm foilsithe fós cé gur gealladh é san fhómhair in 2024. Níl na caighdeáin teanga don earnáil phoiblí a gealladh san Acht ar fáil go fóill. Níl aon soláthar déanta fós do lógónna, foirmeacha agus eile atá geallta san Acht.
Mar sin, táimid ag éileamh go bhfoilseofar an plean gníomhaíochta don phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí ó Dheas láithreach bonn agus go gcuirfear na gníomhartha seo a leanas san áireamh ann: an fráma tagartha comónta Eorpach a chur i bhfeidhm sa chóras oideachais ón oideachas luathóige go dtí an tríú leibhéal, rud a chinnteodh soláthar de dhaoine inniúil sa Ghaeilge don earnáil phoiblí leis an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach go fadtéarmach; cúrsaí Gaeilge atá ailínithe leis an bhfráma a chur ar fáil saor in aisce do mhic léinn tríú leibhéal; plean a chur le chéile agus a fheidhmiú leis an líon cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge a fhás ó níos lú ná 1% go 5%; scéim a bhunú le cúrsaí Gaeilge ailínithe leis an FTCE a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine faoi 25 bliana d’aois agus do dhaoine sa chóras oideachais, faoi mar atá ar siúl sa Bhreatain Bheag; agus an soláthar Gaeloideachais a ardú ó 6% go 20%, mar a luaigh mé cheana.
Mar fhocal scoir, níl aon dabht go bhfuil íomhá na Gaeilge in áit mhaith faoi láthair, bíodh sé sin mar thoradh ar an méid úsáide dearfacha den Ghaeilge ag ár nUachtarán nua Catherine Connolly - tapóidh mé an deis le tréaslú léi as a hinsealbhú mar Uachtarán na hÉireann, buíochas a ghabháil léi as an tacaíocht ar fad a thug sí thar na blianta, go háirithe mar Chathaoirleach ar an gcomhchoiste seo, don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus gach rath a ghuí uirthi ina ról nua - nó tionchar Kneecap, "An Cailín Ciúin", ambasadóir na Breataine a bheith ag úsáid na Gaeilge, nó eile. Caithfear an deis a thapú, áfach, leis an dea-thoil sin ar fad don teanga a aistriú go gníomh lena chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne ann ó thaobh mhaoiniú na Gaeilge de, go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantar féin, go mbeidh córas oideachais ann a chinntíonn eispéireas sásúil foghlama Gaeilge do gach dalta ina rogha scoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, agus go mbeidh an pobal trí chéile in ann plé leis an Stát trí Ghaeilge agus an Stát ag cur tairiscint ghníomhach chun cinn go láidir i gcónaí.
Tuigim go bhfuil a lán moltaí agam don choiste inniu ach tá sé ríthábhachtach na héilimh ar shiúil 25,000 duine ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar a son ar an 20 Meán Fómhair a chur os comhair na mball. Gabhaim buíochas leis na baill as éisteacht liom agus as an tacaíocht leanúnach ríthábhachtach a thugann siad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá súil agam go mbeidh siad sásta ní hamháin tacú leis na héilimh atá luaite agam, ach iad a chur chun cinn leis na hAirí cuí agus ina bpáirtithe féin chomh maith.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn as an ráiteas tosaigh suntasach sin. Glacfaidh mé anois le ceisteanna ó na comhaltaí.
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Mar is gnáth, tá na príomhfhadhbanna leagtha síos go soiléir ag Julian de Spáinn. Níl mé chun déileáil ach le ceist amháin. Ligfidh mé do dhaoine eile cúpla ceann eile a láimhseáil. Labhróidh mé ar cheist na tithíochta, ceist atá ag déanamh tinnis dúinn le tamall fada. Bhí treoirlínte á lorg againn.
Anois, tá muid ag lorg ráiteas agus na hathruithe. Táthar ag rá linn go mbeidh na ráitis phleanála Gaeltachta ullamh in 2027. Aon duine atá tar éis teacht ó na comhairlí contae, beidh a fhios acu go dtosaíonn na comhairlí contae ag cur an phlean forbartha le chéile timpeall an ama sin, nó fiú roimhe sin. Mar shampla, leanfaidh an ceann i gCiarraí go dtí 2028. Tosaítear ar an obair sin bliain nó níos mó roimhe. Beidh a fhios ag na comhairleoirí níos fearr ná mé. Caithfidh an ráiteas sin a bheith ann roimh 2027. Má tá aon mhoilleadóireacht ann, ní bheidh aon aird á déanamh ar an ráiteas sin. Caithfidh na comhairlí contae timpeall na tíre, iad siúd a bhfuil ceantair Ghaeltachta acu ina limistéir go háirithe, aird a thabhairt ar an ráiteas roimh an am sin. Ó thaobh na dtreoirlínte, níl a fhios againn go díreach cén cruth a bhí le bheith ar na treoirlínte sin agus níl a fhios againn cén cruth a bheas ar an ráiteas amach anseo.
Cén damáiste atá á dhéanamh don chóras pleanála maidir le tithíocht sa Ghaeltacht toisc gur teipeadh ar na treoirlínte a fhoilsiú roimhe seo? Gealladh iad dúinn sa choiste ar dtús in 2021 agus arís eile i gcruinnithe coistí eile gach uile sé mhí ina dhiaidh sin. Tá a fhios agam go bhfuil eagrais ann agus b’fhéidir go mbeidh siad os comhair an chomhchoiste seo sula dtiocfaidh an chéad chéim eile. Ó thaobh na Gaeltachta, má dhíríonn muid isteach ar an ngéarchéim tithíochta, an gcuideoidh siad? An leigheas na faidhbe iad? An iad an príombhunús ina leith seo? An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe maidir leo?
Mr. Julian de Spáinn:
Ar an gceist sin, is é ceann de na rudaí is mó ná muinín sa phróiseas agus muinín go bhfuil todhchaí ann do lucht óg na Gaeltachta. Ní fheiceann siad gníomh, áfach. Mar a dúirt an Teachta, tá sé geallta ó 2021 go mbeidh na treoirlínte pleanála ann. Ní thuigeann aon duine conas go bhfuil muid caint faoi seo fós in 2025 agus go bhfuil sé luaite sa phlean nua tithíochta go mbeidh siad le foilsiú in 2027. Ní dhéanann sé sin aon chiall dom. Conas go nglacann sé sé bliana treoirlínte pleanála a bhaineann leis an nGaeltacht a chur os comhair an phobail? Ag an deireadh, ní hé go mbeidh an oiread sin sna treoirlínte pleanála go bhféadfar a rá gur thóg sé sé bliana lena gcur le chéile nó lena bplé idir an dá Roinn.
Is é ceann de na rudaí atá ag cur as dom ná go raibh muid ag lorg, ó 2021 ar aghaidh, go mbeadh ionadaíocht ag an bpobal ar na coistí a cuireadh ar bun leis na cúrsaí seo a plé idir na húdaráis áitiúla, Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta. Níor tugadh an ionadaíocht sin riamh don phobal. Nuair atá easpa ionadaíochta ann, tarlaíonn sé go mbíonn rudaí níos moille, go mbíonn níos mó curtha i bhfolach agus nach mbíonn a fhios ag an bpobal céard atá ag dul ar aghaidh. Tá cúpla rud is gá déanamh, lena n-áitrítear: an ráiteas a fhoilsiú a luaithe agus is féidir agus ionadaíocht a thabhairt don phobal ar na coistí atá bunaithe le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a phlé. Agus mé ag teacht isteach anseo, bhí mé ag smaoineamh, má dhéantar machnamh air, tá muid ag caint faoi seo roimh 2021, nuair a thosaíomar ag cur an-bhéim ar thithíocht don Ghaeltacht, agus n’fheadar má tá mórán daoine in ann a rá cad atá déanta le ceithre bliana anuas don tithíocht sa Ghaeltacht nó a léiriú go suntasach go bhfuil rudaí áirithe déanta.
Tuigim anois go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag obair go teoranta ar rudaí áirithe a chur ar fáil sa Ghaeltacht, agus is maith sin. Is fiú go mbeidh sé ag obair sa spás sin, ach tá srian air arís mar níl sé ag fáil na treoracha ón Roinn le déileáil leis an gceist mar ba cheart. Mar atá luaite agam i mo ráiteas, má tá muid dáiríre faoin phróiseas tithíochta sa Ghaeltacht, is gá rannóg a cur ar bun láithreach bonn in Údarás na Gaeltachta le bheith ag plé le comhordú tithíochta sa Ghaeltacht, bíodh sé sin ag plé leis na húdaráis áitiúla le cinntiú go bhfuil siad ag obair ar an ábhar, na comhlachtaí ceadaithe tithíochta nó eile. Ní mór do rannóg mar é feidhmiú láithreach bonn. Tá an figiúr agus briseadh síos tugtha agam don choiste inniu ar na rudaí a bheidh ag teastáil chun sin a dhéanamh. Má tá an Rialtas ag lorg gníomh práinneach tábhachtach gur féidir leis a dhéanamh láithreach bonn, is féidir leis an airgead sin a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta amárach, go mbeidh an t-airgead sin aige agus gur féidir leis tús a chur leis an bhfoireann a earcú agus an rannóg a chur ar bhun chun an mhuinín sa phobal a spreagadh. Cruthóidh sé sin dóchas i measc an phobail go mbeidh seans acu a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht amach anseo mar go ndéanfar comhordú lárnach ar thithíocht sa Ghaeltacht amach anseo.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht isteach inniu. Tá cúpla ceist agam ó thaobh an ráitis de. Moladh sa ráiteas go mbunófar scéim chánach na dtithe saoire sa Ghaeltacht ar bhonn píolótach amhail is atá déanta sa Bhreatain Bheag. Céard atá á dhéanamh sa Bhreatain Bheag? Cén sórt scéime atá sa Bhreatain Bheag?
Mr. Julian de Spáinn:
Tá dhá cheann idir lámha faoi láthair. Is scéim tithe í ceann amháin ina bhfuil costas níos airde do dhuine éigin atá ag lorg an dara teach a cheannach sna ceantair Bhreatnaise. Maidir leis an dara scéim ar a bhfuiltear ag obair - níl na sonraí ar fad agam – táthar ag caint faoi dheis a thabhairt do na húdaráis áitiúla cáin a ghearradh ar thurasóirí agus go rachadh an t-airgead seo i dtreo dhul chun cinn na Breatnaise. Sa Bhreatain Bheag, táthar ag breathnú ar chúpla rud ach feictear go bhfuil féidearthachtaí ann difear a dhéanamh sna ceantair Bhreatnaise tríd an cháin.
Is é rud eile sa chomhthéacs seo - is é an chéad phointe eile é sa liosta sin i mo ráiteas tosaigh – ná clár a bheith ann maidir le Airbnb amach anseo. Tá na fadhbanna dochreidte móra ó thaobh Airbnb sa Ghaeltacht. Is féidir liom na figiúir a chur ar fáil don choiste. Tá sé oibrithe againn go bhfuil sé níos measa sa Ghaeltacht ná mar atá sé in aon áit eile sa tír. Chuige sin, tá reachtaíocht nua, ach tá sí ag breathnú ar bhailte a bhfuil níos mó ná 10,000 duine ina gcónaí iontu agus eile. Ní chabhróidh sí in aon chor leis na Gaeltachtaí. Caithfear breathnú air sin mar chuid den chomhthéacs seo, is é sin, conas is féidir linn difir a dhéanamh ar na rudaí móra atá ag cur isteach ar an nGaeltacht, bíodh siad Airbnb, cúrsaí cánach nó eile. Caithfear na struchtúir sin a úsáid chun cabhrú leis an suíomh a dhéanamh níos éasca do phobal na Gaeltachta teach a cheannach in ionad ligin don phraghas dul in airde arís is arís eile.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá na fíricí ag Conradh na Gaeilge ó thaobh Airbnb sna ceantair Ghaeltachta de. Bheadh sé suimiúil agus go maith dá bhféadfadh Conradh na Gaeilge na figiúir sin a chur ar aghaidh.
Ms Cassie Ní Chatháin:
Tá giota beag agam anseo. Amach as 26 limistéar pleanála teanga, tháinig ardú mór ar líon na dtithe Airbnb in 25 acu. Ó 2019, tháinig ardú 88% ar líon na dtithe iomlána ar Airbnb sa Ghaeltacht. Go náisiúnta, bhí ardú 48% ann. Tá tionchar faoi leith ag an ghéarchéim seo ar an Ghaeltacht.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist agam ó thaobh an churaclaim de. Labhair Julian de Spáinn cheana féin ó thaobh an churaclaim de. Cén tábhacht a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcuraclam oideachais Ghaeilge, go háirithe ag leibhéal na mbunscoileanna agus meánscoileanna? Níl sé sin luaite ag Conradh na Gaeilge ar chor ar bith. Cad é a cheapann Conradh na Gaeilge ina leith sin?
Mr. Julian de Spáinn:
Tá an ceart ag an Teachta. Tá sé sin ar cheann de na rudaí is tábhachtaí is gá déanamh ó thaobh na Gaeilge sa chóras oideachais. Nuair atá muid ag caint faoi pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais, ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal, is é sin atá i gceist againn. Tá muid ag iarraidh go mbeidh an curaclam ag teacht le Fráma Tagartha Comónta Eorpach. Tá a fhios againn ón pholasaí, an plean a foilsíodh agus an polasaí don oideachas Gaeltachta roimhe seo go bhfuil muid ag seachaint na mórcheiste sin i gcónaí, is í sin, ag breathnú ar céard atá muid ag múineadh. Fágtar sin i gcónaí faoin NCCA de ghnáth chun a bheith ag feidhmiú air, ach oibríonn an NCCA den chuid is mó i silos. Bíonn sé ag breathnú ar an tsraith shóisearach nó sinsearach nó ar an mbunscoil ach níl sé ag breathnú ar an rud ina iomláine. Níl aon léarscáil ag an NCCA le leanúint, fiú. Tá ról faoi leith ag an Roinn oideachais an léarscáil sin a thabhairt don NCCA agus a rá go bhfuil sé ag iarraidh go mbeidh an fráma in úsáid. Is é seo an bealach ar fhéadfaí é a dhéanamh ó thús go deireadh. Tá bunmholadh de sin curtha le chéile ag roinnt saineolaithe againn agus is féidir linn é a chur ar fáil don choiste arís. Chun sin a dhéanamh, áfach, ní tharlóidh sé sin tríd an NCCA, go bhfios dom, ón méid atá feicthe agam agus an méid cainte atá agam leis an NCCA nó leis na grúpaí a bhíonn ag gníomhú leis.
Is gá don Roinn oideachais grúpa saineolach a chur ar bun láithreach bonn le breathnú ar an gceist seo ó thús go deireadh. Ansin, is féidir léi dul ar ais agus é a chur os comhair an NCCA nó na grúpaí eile, cosúil le Coimisiún na Scrúdaithe Stáit agus eile, mar rud atá an Rialtas ag iarraidh déanamh mar tá an eilifint sa seomra ag éirí ollmhór ag an bpointe seo agus níl muid ag dul i ngleic léi. Is é an rud atá ag titim amach mar thoradh ar an eilifint ag éirí rómhór maidir le curaclam mícheart ó thús go deireadh ná go bhfuil na díolúintí ag teacht i réim. Tá siad ag fás go suntasach mar ní féidir linn freastal ar na daltaí sin faoin chóras reatha.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dá ndéanfaí athbhreithniú agus athraithe ar an gcuraclam, an rachadh líon na ndíolúintí síos?
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An mbeadh sé níos feiliúnaí ó thaobh na Gaeilge?
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist amháin eile agam ó thaobh an ghrúpa sin atá curtha ar bun le múnla den soláthar oideachais lán-Ghaeilge a dhéanamh. An bhfuil baint nó ballraíocht ag Conradh na Gaeilge ar an ngrúpa sin? An mbeidh Conradh na Gaeilge mar chuid den ghrúpa?
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é.
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn as an méid a leag sé amach romhainn ar maidin. Tá cúpla ceist ghairid agam. Is í an chéad cheann acu ná, mar is eol do gach duine anseo, tá mé buartha le fada leis an gcaighdeán líofachta atá i measc mhúinteoirí bunscoile faoi láthair. Ba chóir dom a rá gurb iad na galltachtaí atá i gceist agam. Tá mé ag díriú ar an ngné sin. B’fhéidir go bhfuil Conradh na Gaeilge tugtha don samhail seo díriú isteach ar chúrsaí riachtanacha samhraidh a leagan amach do na múinteoirí sna bhunscoileanna agus saoire a thabhairt níos faide siar sa bhliain.
Maidir leis an fhianaise atá faighte agam ó bheith ag dul thall is abhus sna scoileanna, tá an caighdeán an-bhreactha i measc na múinteoirí. Mura ndéantar rud éigin ar an gcás trioblóideach seo, ní bheidh aon teanga againn le múineadh sa todhchaí. Cad é meas na bhfinnéithe ar an proposal sin?
Mr. Julian de Spáinn:
Sílim go bhfuil an ceart ag an Seanadóir. Tá an fhianaise de sin le feiceáil i dtuarascáil cigireachta a foilsíodh le déanaí a rinne cur síos ar an nGaeilge sna bunscoileanna go háirithe. Léirítear sa tuarascáil buaireamh faoin leibhéal Gaeilge atá ag roinnt mhaith múinteoirí. Tá múinteoirí áirithe atá ar fheabhas agus ag múineadh na Gaeilge go hiontach, ach tá roinnt mhúinteoirí nár tugadh a dhóthain tacaíochta dóibh tríd an gcóras ar fad, bíodh sé sin sna coláistí oiliúna ar aghaidh. Caithfear dul i ngleic leis seo. Tá na múinteoirí féin ag iarraidh na tacaíochta agus cabhrach sin.
Luadh sa tuarascáil cigireachta gur chóir athailíniú a dhéanamh leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach. Dá ndéanfaí sin agus dá gcuirfí sin i bhfeidhm ó thaobh an bhealaigh a bhfuilimid ag traenáil na múinteoirí, chabhródh sé go mór le muinín na múinteoirí ó thaobh na Gaeilge de. Faoi láthair, i ndáiríre, níl aon chaighdeán leagtha síos is gá do mhúinteoirí a bheith acu go leanúnach ó thaobh na Gaeilge de. Dá mbeadh a fhios acu, mar shampla, gurbh é B2 – is cinnte gur gá sin – nó C1 leibhéal leanúnach an mhúinteora bunscoile, ar a laghad bheadh a fhios acu sin agus bheadh sprioc acu le hoibriú ina treo i gcónaí. Tá bealaí ann gur féidir le daoine a gcuid Gaeilge a fheabhsú nó a fhorbairt. Dá ndéanfaidís ceann de na cúrsaí sin agus dá mbeadh a fhios acu go raibh an leibhéal cuí acu, thiocfadh an mhuinín ansin. Nuair a rachaidís ar ais go dtí an scoil, bheadh an mhuinín acu mar bheadh a fhios acu go raibh siad ar an leibhéal cuí ó thaobh na Gaeilge de. Mar sin, nuair a bhíonn muid ag caint faoin fhráma a thabhairt isteach chun cabhrú agus tacú sa chóras oideachais, ní hamháin a bhímid ag caint faoi na daltaí. D’fhéadfadh sé tionchar dearfach a imirt ar na múinteoirí freisin, idir oiliúint agus inseirbhíse i rith na bliana.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
San ardteistiméireacht, faigheann daltaí na gráid sin de dheasca, sa chuid is mó de na cásanna, na grind schools. Is rud artificial atá ann. Téann siad isteach sna coláistí oiliúna agus, arís, tá an caighdeán breactha ansin chomh maith. Ansin, téann siad amach. Cad é meas Julian de Spáinn ar experiment a dhéanamh ina gcuirfí múinteoirí speisialta ar fáil do gach scoil, a mbeadh an jab iomlán acu an Ghaeilge a mhúineadh sna seomraí ranga, agus an fhreagracht sin a dhíbirt ó na hoidí eile nach bhfuil compordach ag múineadh na Gaeilge? Bheadh dualgais eile na n-oidí speisialta seo - not special teachers ach specialised teachers – scaipthe i measc na n-oidí eile dá réir. Is é atá i gceist agam ná go mbeadh múinteoir amháin do Ghaeilge, ó naíonra sóisearach go rang a sé – sin an jab a bheadh aige nó aici – agus thógfadh na hoidí eile an obair eile a bhí á dhéanamh ag an múinteoir céanna. Is sórt atheagraithe é a bheadh an príomhoide ag déanamh leis an bhfoireann chun na dualgais sin a athscaipeadh.
Mr. Julian de Spáinn:
Tuigim an moladh, ach nílimid ar a shon faoi láthair. Tá dhá fháth leis sin. Uimhir a haon, sílimid go gcaithfimid dul i ngleic leis na múinteoirí reatha agus an tacaíocht chuí, inseirbhís agus eile a chur ar fáil dóibh. Arís, mar a deirim, má dhéantar é sin i gceart, i mbealach a bhfuil eagraithe agus bunaithe ar an bhfráma, déanfaidh sé an-difríocht ó thaobh an chaighdeáin de na scoileanna trí chéile. Uimhir a dó, tá an curaclam comhtháite idir an Ghaeilge agus an Béarla. Tá daltaí ag foghlaim, uaireanta, Gaeilge sa Bhéarla agus Béarla sa Ghaeilge sna bunscoileanna. Bheadh sé deacair dá mbeadh múinteoir faoi leith ag déanamh rud amháin agus múinteoir eile ag déanamh rud éigin eile. Tá maitheas leis an gcur chuige atá ar bun sna bunscoileanna. Is í an fhadhb atá ann ná a chinntiú go bhfuil an cumas ag gach múinteoir. Chun sin a dhéanamh, is gá tacú leo i bhfad Éireann níos fearr ná mar atáimid faoi láthair.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím le Julian de Spáinn ach, i ndáiríre, tá fadhb mhór againn faoin gcaighdeán múinteoireachta agus caighdeán líofachta i measc na n-oidí.
Ag dul ar aghaidh, i dtuairim Julian de Spáinn agus Conradh na Gaeilge, an bhfuil Údarás na Gaeltachta lántoilteanach dul i mbun thógáil tithe? Bhí mé i mo chomhalta de bhord an údaráis le déanaí agus chuala mé beagnach gach comhalta a rá nach raibh aon ghnó ag an údarás a bheith ag tógáil tithe. Níl mé cinnte nach bhfuil an Rialtas ag déanamh iarrachta an milleán a scaipeadh tríd an ról seo a chur ar an údarás. Tá an jab seo á thabhairt don údarás de bharr nach bhfuil sé déanta go maith ag an Rialtas féin. Tá sé ag tarraingt an údaráis isteach i jab nach bhfuil eagraithe don údarás ón chéad lá riamh. Cad é mheas an conradh faoi sin?
Mr. Julian de Spáinn:
Nílimid ag iarraidh ar an údarás faoi láthair na tithe féin a thógáil. Táimid ag iarraidh go mbeidh sé ag comhordú agus ag déanamh cinnte go mbeidh tithe á dtógáil. Déanfar é sin trí phlé agus comhordú a dhéanamh leis na húdaráis áitiúla agus comhlachtaí eile a d’fhéadfadh tithe a thógáil sa Ghaeltacht. Mar chuid de sin, ar an leibhéal is bunúsaí, táimid ag iarraidh go mbeidh an t-údarás ag oibriú amach an éilimh agus na forbartha atá ag teastáil i gach limistéar pleanála teanga Ghaeltachta do thithíocht go fadtéarmach. Ansin, chuirfeadh sé plean agus straitéis le chéile lena bhaint amach.
Beidh an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 mar chuid de sin. Glacaim leis go mbeidh an Bille sin ag teacht ar ais chuig an gcoiste seo, bealach amháin nó bealach eile. Tá foráil le bheith ann go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann an talamh atá aige cheana féin a dhíol nó a chur ar fáil do thithíocht amach anseo.
Is dóigh linn go gcaithfear dul níos faide ná sin. Ba cheart go mbeadh foráil ann a thabharfadh cumhacht d'Údarás na Gaeltachta talamh a cheannach chun gur féidir leis é a chur ar fáil do thithíocht, do sheirbhísí agus d'ionaid shóisialta sa Ghaeltacht. Mar chuid den rud atá luaite fiú sa pholasaí nua tithíochta, tá féidearthachtaí le hoibriú amach le hUisce Éireann maidir le seirbhísí. Ní fheictear dúinn cén fáth nach mbeadh an t-údarás ag cabhrú le seirbhísí a chur ar fáil chun gur féidir tithe a thógáil sa Ghaeltacht ar nós a ndearna sé le monarchana agus rudaí eile thar na blianta. Tá na blianta de thaithí aige sa réimse sin, agus d'fhéadfadh sé é a úsáid ar leas tithíochta freisin.
Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Thar na blianta, thug mé faoi deara nuair a scaiptear an fhreagracht atá ag aon chomhlacht, is mó seans go mbíonn bricfeasta an mhadra ann i ndeireadh na dála. Is é sin an rud a chuireann imní orm faoin údarás ag dul isteach sa ghnó seo. Tá na húdaráis áitiúla ann. Tá an Rialtas lárnach ann. An bhfuil aon ghá don údarás a bheith sáite san obair sin?
Mr. Julian de Spáinn:
An fáth ar bunaíodh Údarás na Gaeltachta an chéad lá riamh ná nach raibh aon dream ann chun fiontraíocht a dhéanamh i gceart sa Ghaeltacht. Bunaíodh an t-údarás mar dhream a bheadh dírithe ar chúrsaí fiontraíochta. Tá an fhreagracht sin ar an údarás. Ní fheictear dúinn aon fháth nach mbeadh comhordú ag dul ar aghaidh ag an údarás ó thaobh tithíochta de, ach nílimid ag caint faoi sin, cé go mbeadh Conradh na Gaeilge breá sásta dá mbeadh AHB ag an údarás agus dá mbeadh sé ag tógáil tithe. Nílimid ag rá sin faoi láthair. Táimid ag rá gur cóir go mbeadh an t-údarás ag comhordú an obair ar fad atá ag dul ar aghaidh ag na húdaráis áitiúla sa Ghaeltacht i dtaca leis seo, agus ag cinntiú go bhfuil na húdaráis áitiúla ag feidhmiú ar an gceist seo don Ghaeltacht. Sa chaoi sin, bheadh a fhios a bheith againn céard go díreach atá uainn sa Ghaeltacht freisin. Ní fheictear dúinn go bhfuil na húdaráis áitiúla tar éis é sin a dhéanamh nó go bhfuil siad ar tí é a dhéanamh aon uair go luath.
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith os comhair an choiste seo agus na ceisteanna a fhreagairt. Gabhaim buíochas leo freisin as a gcuid stocaireachta thar na blianta ar mhaithe leis agus ar leas na Gaeilge, ár bpobal Gaeltachta agus phobal lucht labhartha na Gaeilge.
I dtaobh chúrsaí maoinithe, tá a fhios agam go raibh an-chuid eagraíochtaí páirteach sa phlean atá ag an gconradh a chur le chéile. Sílim go bhfuil sé an-úsáideach mar chlár oibre dúinn, mar uirlis stocaireachta, mar shlat tomhais agus mar fhorógra do lucht labhartha na Gaeilge. Tuigim go raibh maoiniú breise curtha ar fáil i dtaobh na Gaeilge sa bhuiséad is déanaí, ach ní raibh dóthain airgid ann in aon chor. Cad a bheidh fágtha ar lár, dar leis na finnéithe, ón bplean mar gheall ar an nganntanas airgeadais sin?
Mr. Julian de Spáinn:
Mar a luaigh mé i mo chaint, aithnímid an t-ardú suntasach a d'éirigh leis an Aire a bhaint amach agus a chur ar fáil. Bhí sé difriúil ó gach buiséad eile a bhí ann le fada an lá agus cuireadh fáilte roimhe ach, mar a dúirt an Teachta, ní leor é. Tá an bonnleibhéal chomh híseal sin go gcaithfear dul i ngleic leis sin bliain ar bhliain ag bogadh ar aghaidh go bhfuil méadú suntasach, agus níos mó fós, curtha ar fáil bliain ar bhliain agus muid ag bogadh ar aghaidh.
Ceann de na rudaí atá in easnamh ná tosaíocht amháin a luaigh mé níos luaithe. Bhuail go leor de phobal na Gaeltachta leis na comhaltaí in Óstán Buswells le cúpla bliain anuas. Ceann de na héilimh is mó a luadh ag na cruinnithe sin ná go mbeadh oifigeach óige ag gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Tá tús curtha leis sin, agus fáilte roimhe, ach ar bhonn teoranta amháin. Ní bheidh oifigeach óige ag gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta in 2026. Léiríonn sé sin an chaoi, nuair atá an bonnleibhéal chomh híseal agus déantar ardú suntasach, go mbreathnaíonn sé ar nós go bhfuil an t-ardú sin níos mó ná atá. Fágtar ansin rudaí nach féidir dul i ngleic leo.
Tá an cheist faoi thuarastal na mbainisteoirí comharchumainn agus na hoifigigh pleanála teanga fíorthábhachtach nó riachtanach le dul i ngleic leis an bhfadhb seo. An scéal a fuair muid mar gheall air sin ná go gcaithfear tosaíocht a thabhairt do rudaí áirithe mar nach bhfuil ach méid áirithe airgid ann - caithfidh sé sin fanacht; tá sé ar leataobh go fóill. Sin a tharlaíonn nuair nach gcuirtear a dhóthain airgid ar fáil. Cuirfear tús le tionscadail áirithe, agus is maith an rud é sin, ach nuair nach bhfuil dóthain acmhainní ar fáil, ní féidir linn aitheantas ceart a thabhairt do dhaoine atá ag obair san earnáil seo nó sna poist ríthábhachtacha seo, agus an cúiteamh cuí a thabhairt dóibh.
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Feictear dom go bhfuil nóiméad ag an nGaeilge le cúpla bliain anuas. Theip ar an Rialtas sa bhuiséad seo, cé go raibh airgead breise ar fáil, an deis sin a thapú. Tá géarghá anois le maoiniú suntasach agus radacach chun dul i ngleic leis an mbonnleibhéal íseal sin.
I dtaobh chúrsaí pleanála teanga, bhí mé i mo phleanálaí teanga tráth dá raibh i nGaeltacht na nDéise. Sílim gur cheart dúinn - ba bhreá liom tuairimí na finnéithe a chloisteáil - an struchtúr atá ann i dtaobh na bpleananna teanga a úsáid chun na hoifigigh óige a bheith iniata leis an dea-obair sin agus, chomh maith leis sin, leis an straitéis tithíochta agus daonra Gaeltachta. Dar leis na finnéithe, ar cheart don Rialtas agus don Aire nuair atá an chéad ghlúin eile de phleananna teanga á forbairt, a chinntiú go mbeidh na straitéisí tithíochta agus daonra iniata leis an obair sin? Ar cheart go mbeadh siad scartha óna chéile? I mo thuairim, ba cheart go mbeadh siad ag rith lena chéile mar tá siad ag tabhairt freagra ar na fadhbanna céanna.
Mr. Julian de Spáinn:
Is ceist an-mhaith í sin maidir leis an bpleanáil teanga agus na pleananna teanga nua atá le scríobh amach anseo. Ar cóir go mbeadh siad ceangailte le fás an daonra agus fás an limistéir? Ciallaíonn sé sin go dtagann cúrsaí tithíochta agus eile isteach sa phlé. Luífeadh sé le ciall go mbeadh siad ag teacht le chéile, agus go mbeadh an plean teanga ag aithint cad é an fás atá le teacht agus an bhfuil na tithe ann leis an bhfás sin a chinntiú. Bheadh ciall leis an moladh sin mar chuid de sin. Go praiticiúil ag an bpointe seo, mar gheall go bhfuil na pleananna teanga nua le tosú, tá síneadh curtha leis sin faoi láthair. D'fhéadfadh siad teacht le chéile, ach caithfear an cúram sin a thabhairt do dhream éigin chun plean tithíochta de réir an limistéar pleanála teanga a chur le chéile. Arís, táimid ag iarraidh go mbronnfar é sin ar Údarás na Gaeltachta agus go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil. Dá mbeadh sé sin ann, d'fhéadfaidís an t-eolas a chur ar fáil do na hoifigigh pleanála teanga agus iad ag cur na pleananna teanga nua le chéile. Luífeadh sé le ciall go mbeadh an dá rud ag teacht le chéile.
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanann sé sin ciall. Sílim gur cheart, má tá Údarás na Gaeltachta á gcur le chéile, go mbeadh an-chuid ionchur ag an bpobal ag an leibhéal sin, b'fhéidir trí na comhlachtaí forbartha ar an talamh. Ag fanacht le cúrsaí Gaeltachta agus an ghéarchéim tithíochta, an t-aon rud dearfach gur féidir a rá mar gheall ar an bplean tithíochta a foilsíodh coicís ó shin ná gur luaigh sé tithíocht Ghaeltachta ar a laghad. Ní dhearna sé mórán níos mó ná sin, i mo léamh de ar aon nós. Bhí an fhoclaíocht an-lag agus neamhcheangailteach i dtaobh chúrsaí tithíochta lánstad, ach i dtaobh chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht go háirithe.
Níl aon dul chun cinn déanta maidir leis na treoirlínte nó na ráitis pleanála Gaeltachta. An bhfuil sé in am go mbeadh na míreanna éagsúla de phobal na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge san áireamh, ag cur a gcuid treoirlínte féin le chéile agus faoi bhráid an Rialtais mar phíosa stocaireachta? Tá sé ag cur isteach ar fhorbairt tithíochta príobháideacha inár gceantair Ghaeltachta agus ag cur leis an bhfadhb thithíochta i gcoitinne. Anuas air sin, ardaím an easpa tithíocht sóisialta agus tithíocht inacmhainne sna ceantair Ghaeltachta. Tá easpa dul chun cinn agus frustrachas ar an talamh i nGaeltacht na nDéise agus i gceantair eile mar gheall air sin. Luaigh Julian de Spáinn ina ráiteas oscailte go bhfuil Údarás na Gaeltachta teoranta sa chomhthéacs seo. Cad a bheadh ag teastáil, dar leis, chun na teorainneacha sin a bhaint ó Údarás na Gaeltachta?
Tá ceist eile amháin agam.
Tá eolas bailithe ag an gconradh mar gheall ar Airbnb inár gceantair Ghaeltachta. An bhfuil a leithéid de thaighde déanta ag an gconradh i dtaobh tithe saoire? Arís, is fadhb an-mhór í i nGaeltacht na nDéise. Táim cinnte gur fadhb í i gceantair Ghaeltachta eile.
Mr. Julian de Spáinn:
Ó thaobh na ceiste a bhí ag an Teachta faoin teorainn atá ar Údarás na Gaeltachta, leis an teorainn sin a bhaint, is gá rannóg tithíochta laistigh d'Údarás na Gaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta tosaithe ag obair ar an ábhar seo. Tuigimid go bhfuil sé ag labhairt. Tá sé ag iarraidh feidhmiú sa spás seo i ngach Gaeltacht. An fhadhb atá ann ná go bhfuil sé ag feidhmiú laistigh de na hacmhainní atá aige cheana féin, in ionad a bheith ag breathnú ar seo mar rud comhardaithe agus fadtéarmach freisin. Mar a luaigh mé sa cháipéis inniu, den chéad uair táimid ag rá cad is ciall le rannóg tithíochta. Sa cháipéis a fuair comhaltaí inniu, tá figiúr luaite i dtaobh an líon daoine atá ag teastáil agus an costas a bheadh leis freisin. Dá mbeadh sé sin curtha ar fáil ag an Rialtas maidin amárach, d'fhéadfadh an t-údarás tosú dul i mbun oibre ar bhonn i bhfad Éireann níos comhardaithe agus níos eagraithe. Thabharfadh sé misneach don phobal dá mbeadh a leithéid á dhéanamh. Chabhródh leis an bhfrustrachas sin atá sa phobal, mar atá luaite ag an Teachta.
Maidir leis an ráiteas, a fhad is a bhí na treoirlínte pleanála á gcur ar aghaidh, chuireamar moltaí ar aghaidh le cur san áireamh sna treoirlínte sin ag an am. Is é an rud is mó nach bhfuil eolas roinnte fós faoi ná cad í an fhadhb. Cén fáth a bhfuil an mhoill seo ó 2021 tar éis teacht ar aghaidh go 2025? Is dócha go bhfuil sé chun dul ar aghaidh go 2027. Cá bhfuil an mhoill? Cén fáth go bhfuil moill ann? Ní thuigeann aon duine sa phobal cén fáth go bhféadfadh moill a bheith ann. Ní dóigh liom go dtuigimid ar fad atá ag suí sa seomra seo cén fáth a bhfuil an mhoill sin ann. Nuair nach bhfuil an t-eolas sin á roinnt, tá sé ar nós go bhfuil sé á sheachaint. Cén fáth go mbeifear ag seachaint treoirlínte a thabhairt isteach nuair atá gá leo? Bhí Aire i ndiaidh Aire ar a son agus ag rá go dtarlóidh sé, ach níl sé tar éis tarlú fós. Tá easpa muiníne ansin maidir leis an ráiteas pleanála teanga seo mar nach bhfuil aon rud ann, ceithre bliana ar aghaidh, agus tá sé ráite nach mbeidh sé os ár gcomhair ar feadh dhá bhliain eile.
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an-chuid ráite againn agus ag na finnéithe mar gheall ar easpa acmhainní ag an údarás. Feictear dom go bhfuil easpa cumhachta ag an údarás chomh maith. Tá easpa tuisceana agus práinne ag na comhairlí agus easpa ceannaireachta agus tola ag an Rialtas. Ó thaobh na bhfinnéithe, an bhfuil níos mó gur féidir a dhéanamh i dtaobh daoine a chur ar na sráideanna chun brú a choimeád ar an Rialtas chun dul i ngleic leis seo agus chun brú a chur ar na comhairleoirí chun na cumhachtaí agus acmhainní breise a thabhairt don údarás? Mar is eol don chonradh, chuir roinnt mhaith Teachtaí Dála leasuithe síos i dtaobh an Bhille Údarás na Gaeltachta, ach níor glacadh leo. Táimid sa riocht céanna anois de dheasca sin.
Mr. Julian de Spáinn:
Cinnte is féidir leis an bpobal agóidíocht a dhéanamh agus níos mó a dhéanamh ar na sráideanna ach níor chóir go mbeadh orthu. Is é sin an rud is bunúsaí. Níor chóir go mbeadh ar an bpobal é sin a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh muid ag breathnú ar na fadhbanna nó na dúshláin seo agus ag teacht suas leis na réitigh. I mbealach áirithe, tá na réitigh ar an mbord faoi láthair. Is gá gníomhú orthu. Is gá glacadh leo. Ar an leibhéal is bunúsaí ó thaobh tithíocht sa Ghaeltacht, sílim gur cóir an rannóg tithíochta san údarás a bhunú agus na hacmhainní a aithníodh a chur ar fáil. Déanfadh sé sin difear. Le ceithre bliana anuas, d'fhéadfaí a rá nach bhfuil aon rud tar éis tarlú go suntasach. Bheadh rud éigin suntasach déanta dá ndéanfaí é sin ar maidin.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An raibh aon chainteanna ag an gconradh le feidhmeannacht Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta?
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cén bharúil atá ag an údarás ar mholtaí Chonradh na Gaeilge?
Mr. Julian de Spáinn:
Tá an moladh ó thaobh cén cead a bheadh i gceist le rannóg tithíochta ag teacht ón údarás féin. Tá sé ráite ag an údarás, dá mbeadh rannóg tithíochta acu, go mbeadh rudaí áirithe ag teastáil. Tá an moladh sin ag teacht ón údarás. Lé cúpla bliain anuas, mar gheall go bhfuil na rudaí seo ag forbairt an t-am ar fad, mothaím go bhfuilimid ag teacht go dtí an pointe ina bhfuil sé ag éirí thar a bheith soiléir go bhfuil gá lena leithéid san údarás. Tá súil agam go bhfuil. Tá an t-údarás ag obair ar roinnt rudaí éagsúla faoi láthair. Is maith sin, agus tá sé le moladh as ucht an mhéid is gur féidir leis a dhéanamh sa spás seo a dhéanamh. Tuigimid ar fad go bhfuil ról le bheith ag an údarás amach anseo. Níl an ról sin tugtha ina iomlán. Níl an tsoiléireacht sin tugtha an Rialtas dó fós. Inár dtuairim, tá rudaí luaite faoi cad go bhféadfadh rannóg tithíochta a dhéanamh agus cén acmhainní a bheadh ag teastáil leis sin a chur ar bun. Tá sé soiléir dúinn, ó bheith ag labhairt le daoine sa phobal - Tinteán, BÁNÚ agus eile - dá mbeadh a leithéid curtha ar bun, thabharfadh sé an-misneach do ghrúpaí go bhfuil comhordú lárnach chun a bheith déanta air seo.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De ghnáth, maidir le cúrsaí mar seo, nuair atá eagraíocht Stáit ag iarraidh a cuid cumhachtaí nó a cuid dualgais a shíneadh, bíonn uirthi cás gnó a dhéanamh don Roinn nó don Rialtas. An bhfuil sé sin déanta aige?
Mr. Julian de Spáinn:
Níl a fhios agam. Caithfear a rá an-chuid den am go dtagann an t-éileamh ón bpobal. Is féidir leis an Rialtas gníomhú air sin gan fanacht ar rud éigin ag teacht ón údarás nó ó chomhlacht poiblí. Is féidir leis an Rialtas iarraidh ar an údarás teacht ar ais agus a rá leis go díreach cad atá ag teastáil le rud ar leith a dhéanamh. Is féidir leis an Rialtas ar maidin a rá go bhfuil sé ag iarraidh go ndéanfaidh eagraíocht rud ar leith agus chun teacht ar ais agus a rá leis cad atá i gceist chun an rud sin a dhéanamh.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is léir ón tuairisc nua tithíochta go bhfuil sé sin ag tarlú faoi láthair. Mar a dúirt an Teachta McGuinness, tá sé sa tuairisc go mbeidh ról ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt tithíochta as seo amach. Táimid ag iarraidh a fháil amach cé mhéad ullmhúcháin atá déanta aige chun na róil seo a chur i bhfeidhm i mbealach a oibríonn leis an Rialtas. Mar a dúirt mé, de ghnáth bíonn ar eagraíocht cás gnó a dhéanamh más rud é go bhfuil sí ag lorg maoiniú breise.
Mr. Julian de Spáinn:
Ní dóigh liom go bhfuil mórán luaite sa phlean nua tithíochta faoi ról an údaráis. Tá sé ráite go bhféadfaí na féidearthachtaí maidir le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla agus na rudaí sin a phlé. Níl rud coincréiteach luaite sa mhéid sin. An rud a dhéarfainn faoin údarás ná go bhfuil sé tar éis iarracht a dhéanamh an méid is mó is gur féidir leis a dhéanamh sa spás ina bhfuil sé faoi láthair. Dá mbeadh sé luaite i bplean an Rialtais - rud nach bhfuil faoi láthair, ach ní hé sin le rá nach féidir leis an Rialtas an cinneadh seo a ghlacadh ar aon nós - go bhfuil siad ag iarraidh ról lárnach comhordaithe a thabhairt Údarás na Gaeltachta i dtaca le tithíocht, ní gá fanacht ar an údarás le teacht chun é sin a rá leo. Is féidir leo gníomhú sa spás mar ábhar práinne faoi láthair.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl ach an chóip Bhéarla agam faoi láthair ach deir sé, "It is proposed to examine the feasibility of Údarás na Gaeltachta, working with Uisce Éireann and local authorities to support building housing for Irish speaking communities." Is í sin an sprioc atá sa phlean. Tá sé sin soiléir go bhfuil an Rialtas sásta go mbeadh ról aige i gcúrsaí tithíochta. Caithfidh siad é a mhaoiniú i gceart. Caithfidh sé a bheith cruinn ar na róil sin. Tá imní orm, agus luaigh an Seanadóir Conway é chomh maith, go bhfuilimid ag tógáil dualgas ón údarás áitiúil agus go bhfuilimid ag rá leis an údarás áitiúil gur faoi Údarás na Gaeltachta atá tithíocht i gceantair Ghaeltachta. Níor mhaith liom é sin. Tá dualgas ar gach uile údarás áitiúil a bhfuil ceantar Gaeltachta aige straitéis tithíochta a fhoilsiú don chontae sin agus tá ceantair Ghaeltachta sa chontae sin. Tá ról anseo ag Comhairle Contae na Gaillimhe. Ní maith liom a fheiceáil go bhfuilimid ag tabhairt an dualgas sin d'aon údarás eile gan aon ionchur ag an gcomhairle contae i nGaillimh. Tá dualgas orthu. Tá dualgas reatha orthu. Tá imní orm go mbeimid ag rá gur féidir leis an údarás áitiúil é sin a fhágáil d'Údarás na Gaeltachta.
Mr. Julian de Spáinn:
Níor mhaith liom go mbeadh imní ar an Teachta nó ar aon duine eile go bhfuil dualgas le baint ó údarás agus é a thabhairt go dtí údarás eile. Ní hé sin atá i gceist agus ní hé sin atáimid ag moladh. Níor mhaith liom go mbeadh aon bhuairt ar aon duine.
An rud gur mhaith linn ná go mbeadh an t-údarás ag déanamh comhordú le cinntiú go bhfuil na húdaráis áitiúla ag feidhmiú sa spás seo agus go mbeadh sé ag aithint deiseanna do na húdaráis áitiúla freisin. Mar sin, bheadh comhordú ar siúl ag dream amháin, rud nár tharla leis na húdaráis áitiúla go dtí seo.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Le bheith féaráilte do chuile dhuine, is é sin an sprioc. Is é sin atá ráite sa phlean. Mar a deirtear i mBéarla arís: “to examine the feasibility of Údarás na Gaeltachta, working with Uisce Éireann and local authorities to support building housing for Irish-speaking communities”. Mar sin, tá rud ann. Ba bhreá liom é a fheiceáil, mar atá ráite ag Julian de Spáinn anseo, go mbeadh na róil soiléir. Cén ról go díreach atá acu? Glacaim leis sin. Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte a rá nach bhfuil an Rialtas ag rá go mbeidh dualgas nó ról acu mar tá sé anseo sa phlean. Ba bhreá liom go mbeadh sé níos soiléire arís ach sin an rud. Dar le Julian de Spáinn, an bhfuil feidhmeannas an údaráis sásta faoi láthair go mbeadh na róil atá luaite aige anseo ag an údarás?
Mr. Julian de Spáinn:
Creidim go mbeidís sásta dá mbeadh na hacmhainní sin curtha ar fáil. An rud leis an bhfoclaíocht sa phlean, ag deireadh an lae is cuma linn an fhoclaíocht atá ann faoi láthair. An rud is mó atá tábhachtach dúinn ná go mbeadh an gníomh ann. D’fhéadfadh an Teachta a rá go bhfuil sé an fhoclaíocht an-soiléir agus d’fhéadfainn a rá go bhfuil sé lag go leor nuair a luann sé na féidearthachtaí, mar shampla, toisc nach bhfuil an plean ag rá go cinnte go dtarlóidh rud ar bith. Is cuma faoi sin. Má chuirimid sin ar fad ar leataobh, táimid ag iarraidh go mbeidh an gníomh ann. An gníomh atá uainn, mar a dúirt an Teachta, ná soiléiriú a fháil ar an ról atá ag an údarás. Ba chóir go mbeadh an ról sin i bhfad Éireann níos mó ná mar atá sé faoi láthair chun gur féidir leis an údarás tacú leis na rudaí ar fad atá ar siúl ag na húdaráis áitiúla agus na comhlachtaí eile a bhíonn i mbun tithe a chur ar fáil freisin. Is dócha go bhfuil níos mó ná na húdaráis i gceist.
John Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar an ábhar sin, le cúpla seachtain anois, d’fhógair an Rialtas go mbeidh cead ag aon chomhlacht, approved housing body nó eagraíocht eile ar nós sin 40 teach a thógáil i gceantar agus an córas séarachais nó an córas fuíolluisce a thógáil chun cur leo. Tá an-deis ag éinne ansin, aon chomhlacht nó aon AHB, tithíocht a chur ar fáil i gceantar ar bith. Ba cheart dúinn breathnú air seo i mbealach innealtóireachta sna Gaeltachtaí agus breathnú ar cén áit inár nGaeltachtaí a bhfuil sráidbhaile ann, áit a bhfuil sé soiléir go bhfuil sráidbhaile ann, mar uaireanta ní bhíonn sé soiléir. Bheimis in ann scéim tithíochta mar sin a thógáil ann agus deis a thabhairt do chomhlacht príobháideach nó comhlacht AHB tithe a thógáil ansin. Tá an deis sin ann.
Tá ceist amháin eile atá agam maidir le cúrsaí oideachais. Bhí cúpla seisiún maith againn, ceann leis an Roinn agus bhí Gaeloideachas istigh chomh maith. Rud atá soiléir anois ná nach bhfuil dóthain Gaelscoileanna sa tír. Tá fadhb eile leis sin áfach. Tá an Roinn ag rá linn nach bhfuil an t-éileamh ann scoileanna nua a chur ar fáil sa tír mar go bhfuil an daonra ag leibhéal anois nach bhfuil gá lena haghaidh. An fhadhb atá againn anois ná cén chaoi gur féidir linn an modh múinteoireachta nó an meon múinteoireachta a athrú ó cheann Béarla go ceann Gaeilge i scoileanna atá ann faoi láthair. An raibh Conradh na Gaeilge páirteach nuair a tharla sé sin i mBaile Átha Cliath sa mheánscoil ansin? An bhfuil aon mholtaí ag na finnéithe chun sin a dhéanamh níos éasca do na pobail atá ag iarraidh é a dhéanamh?
Mr. Julian de Spáinn:
Sula dtéimid ar aghaidh, maidir leis an bpointe a bhí ag an Teachta faoi na seirbhísí agus an fhéidearthacht nua nó an deis nua sin atá ann do chomhlachtaí beaga seirbhísí a chur ar bun agus gach rud eile, is an-deis atá ansin. Arís, an dream is fearr le cabhrú leis an gcur chuige sin sna Gaeltachtaí ná an t-údarás, le cinntiú go dtarlóidh sé agus go mbeadh an comhordú ag dul ar aghaidh.
Maidir le ceist na Gaelscolaíochta, tá dhá rud ann. Tá ceantair áirithe a bhfuil fás fós iontu agus go mbeidh fás fós iontu amach anseo. Ní fheictear dúinn aon fháth nach mbeadh Gaelscoileanna nua mar chur chuige in aon cheann de na háiteanna sin. Tá bogadh nó iarracht ar siúl ag an Roinn oideachais chun scoileanna a dhéanamh níos mó chun freastal ar an éileamh sin in ionad scoileanna nua a chur ar bun. Tá an rud sin fíor freisin. Beimid ag rá nár chóir síneadh a chur le scoil agus gur chóir scoil nua ar bun. Beidh an líon múinteoirí céanna i gceist. Cé go mbeidh costas áirithe ag an tús chun an rud fisiciúil a chur ar bun, i ndiaidh sin beidh costas nach mór mar an gcéanna ann. Mar sin, cén fáth nach bhféadfaí a rá trí chéile go gcuirfí Gaelscoileanna agus Gaelcholáiste ar bun in aon cheantar atá ag fás?
An dara rud ná maidir leis an rud a dúirt an Teachta faoi Ghaelscoil a fhorbairt i scoil atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla faoi láthair. Le caipín eile ar mo cheann, tá mé mar chathaoirleach ar an ngrúpa Gaelcholáiste BÁC 2, 4, 6, 8. Dá mbeadh grúpa ag teacht chugam ar maidin ag cur ceiste orm an é seo an bealach is fearr le dul chun Gaelcholáiste a chur ar bun, bheinn ag rá leo gan dul in aice leis an moladh atá ar an mbord faoi láthair. Tá an oiread sin easpa eolais, easpa cinnteachta agus a lán eile ag dul ar aghaidh faoi láthair. Cheana féin, thosaigh an earcaíocht don scoil nua agus ní raibh na freagraí ann do na tuismitheoirí ar céard a bhí in ann do na daltaí a bheadh á gcur ina leithéid de scoil a bheadh ag athrú ó rud amháin go rud eile. Níl mé ag rá nach bhfuil sé indéanta nó nach bhféadfaí teacht timpeall ar na fadhbanna, ach faoi láthair bheinn ag rá nach é sin an bealach chun tosaigh. D’fhéadfadh sé sin athrú áfach, má thugann an Roinn oideachais faoi chur chuige i bhfad Éireann níos fearr ná mar atá ann faoi láthair.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht bheith anseo. Piocfaidh mé suas ar an bpointe sin a rinne Julian de Spáinn mar gheall ar na Gaelcholáistí, toisc go bhfuil easpa Gaelcholáistí sa tír. Bheinn buartha faoi sin nach bhfuil Conradh na Gaeilge nó an pobal sa cheantar sin sásta leis an bplean agus an tslí ina bhfuil sé ag bogadh ar aghaidh. An mbeidh daltaí ann in 2026?
Mr. Julian de Spáinn:
Tá a fhios agam go raibh an earcaíocht déanta. Níl a fhios agam cén fhigiúr atá ann fós ó thaobh cén líon daltaí atá le dul ar aghaidh. Tá cruinniú againn anocht agus b’fhéidir go mbeidh níos mó eolais agam ansin, ach níl figiúr agam faoi láthair. An tuiscint atá agam ná nach raibh mórán dalta aimsithe don bhliain seo chugainn. Chomh maith leis sin, an tuiscint a bhí againne ná nach mbeadh grúpa nua á thabhairt isteach trí mheán an Bhéarla in 2026, ach tá an scoil ag tógáil grúpa isteach ar an taobh Béarla chomh maith leis an ngrúpa nua atá ag teacht isteach don Ghaelscolaíocht. An tuiscint a bhí againn ná go gcuirfí deireadh leis an scoil eile de réir a chéile agus go mbeadh sé ag imeacht bliain ar bhliain, ach tá grúpa nua le teacht isteach. Bhí an scoil ag earcú le haghaidh daltaí don taobh Béarla freisin.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cad é an tuiscint atá ag Conradh na Gaeilge anois mar sin? Cé mhéad bliain eile a bheidh an scoil ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla?
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An rud a dúirt an Roinn linn cúpla seachtain ó shin ná gurb é an plean do Ghaelcholáistí amach anseo ná go mbeadh orthu athrú ó scoileanna Béarla go Gaelcholáistí. An bhfuil Julian de Spáinn ag rá go bhfuil an-chuid fadhbanna leis an bplean sin?
Mr. Julian de Spáinn:
Tá an-chuid fadhbanna. Tuigim go bhfuil sé i gceist do chéad bhliain na scoile nua go mbeidh na daltaí a thagann isteach in 2026 ag dul chuig an mbunscoil. Tá siad le cúpla seomra a úsáid thuas staighre sa Ghaelscoil. Is scoil í seo atá iompaithe ó scoil Bhéarla go dtí scoil Ghaeilge so is comhartha maith é sin gur féidir rudaí mar seo a dhéanamh. Sa dara bliain, beidh siad ag bogadh go dtí an scoil atá níos mó. Faoi láthair, níl aon leithris do chailíní sa scoil atá níos mó agus tá go leor rudaí eile atá in easnamh san fhoirgneamh mar atá sé. Níl aon phlean feicthe againn nó níl aon eolas tugtha dúinn ar conas a chinnteofar go mbeidh an dá ghrúpa iomlán scartha amach sa seanfhoirgneamh nuair a thosóidh na daltaí ag dul isteach ann. Tuigeann gach éinne gurb é an rud is tábhachtaí ó thaobh an Ghaeloideachais de ná an tumadh sa teanga. Caithfear a chinntiú mar sin nach bhfuil an dá ghrúpa ag teacht salach ar a chéile. Tá sé sin níos féaráilte do na daltaí sa sruth Béarla freisin. Níor chóir go mbeadh na fadhbanna ag teacht chun tosaigh dóibh freisin. Níl aon rud feicthe againn, áfach, ar conas atá sé seo chun tarlú, cén amlíne atá i gceist leis an bhfoirgneamh a chur ina cheart, nó cén fhís atá ann don spás seo atá le roinnt idir ghrúpa trí Bhéarla agus ghrúpa trí Ghaeilge. Tá sé sin ag cruthú a lán imní agus buairt.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mura miste le Julian de Spáinn, b'fhéidir go rachadh sé i dteagmháil liom amárach tar éis an chruinnithe sin.
Tá cúpla ceist eile agam maidir le cúrsaí oideachais agus maidir leis na n-ealaíona. Tá grafaic ag Conradh na Gaeilge a léiríonn líon na ndíolúintí a bhronnadh de bharr míchumas foghlama de réir bliana. Tá comparáid déanta leis an mBreatain Bheag. An bhfuil aon staitisticí ag Conradh na Gaeilge maidir leis an mBreatain Bheag agus an bhfuil an rud seo ag tarlú thall ansin freisin? An bhfuil an fhadhb níos lú nó níos mó ansin?
Mr. Julian de Spáinn:
An tuiscint atá againn ná nach bhfuil aon díolúintí sa Bhreatain Bheag. An rud atá i gceist ansin ná nach gá do dhaoine an scrúdú a dhéanamh ag an deireadh ach go mbíonn gach duine ag foghlaim na Breatnaise. Tá siad ag dul síos an bhóthair leis an bhfráma tagartha a úsáid mar bhunús na scolaíochta sa Bhreatain Bheag freisin. Tá siad ag iarraidh go mbeidh daoine inniúil sa Bhreatnais agus iad ag teacht amach ar an taobh eile. Is é sin an fhoclaíocht agus an sprioc atá leis an bhfráma. Sa Bhreatain Bheag, caithfear cur le líon an oideachais trí Bhreatnais le freastal ar an bpobal trí chéile freisin agus go mbeifí ag freastal ar dhaoine le riachtanais freisin. Tá siad ag iarraidh dul ó 23% go 40% de dhaoine atá ag freastal ar scolaíocht trí Bhreatnais faoi 2050.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An í an príomhdhifríocht ná nach bhfuil scrúdú ann ag an deireadh?
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon bhac ar dhaoine an teanga a fhoghlaim?
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl siad ag rá go bhfuil bac air, mar sin níl na díolúintí á dtabhairt amach.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déantar comparáid arís idir an maoiniú don Chomhairle Ealaíon agus an méadú atá tagtha air sin, agus an maoiniú d'Fhoras na Gaeilge. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil do chúrsaí ealaíona. An bhfaigheann sé maoiniú sa bhreis ón gComhairle Ealaíon chuige sin nó an bhfuil aon tuiscint ag Julian de Spáinn air sin?
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cé go mbíonn an-chuid cláir, féilte agus mar sin de á eagrú ag Foras na Gaeilge, an maoiniú ar fad a fhaigheann sé ná an €19 milliún sin.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An raibh aon chomhrá nó mar sin idir an Chomhairle Ealaíon, an Rialtas agus b’fhéidir Foras na Gaeilge faoi conas go bhféadfaí níos mó maoiniú – díreach chun déileáil leis na healaíona - a fháil ón gComhairle Ealaíon?
Mr. Julian de Spáinn:
Seanmhúnla atá i gceist nuair a thagann sé go maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar shampla, tá an Rialtas ag cur airgead breise ar fáil do na healaíona Gaeilge. D’fhógair sé airgead sa bhreis bliain nó dhá bhliain ó shin d’Oireachtas na Gaeilge trí Roinn na Gaeltachta chun a bheith ag obair ar na healaíona Gaeilge ar fud na tíre. Chuireamar an-fháilte roimhe sin agus is maith go bhfuil sé sin á dhéanamh. An-chuid den am, áfach, bíonn ar Roinn na Gaeltachta seasamh isteach in ionad - mar atá an Seanadóir ag rá - na Comhairle Ealaíon nó in ionad na Roinne a bhaineann na healaíona leo. Tagann gach rud ar ais go dtí Roinn na Gaeltachta. Má bhíonn rud éigin a bhaineann leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht, Roinn na Gaeltachta an chéad áit a gcuirtear airgead ar fáil. Bhí Roinn na Gaeltachta ag caint le déanaí ar scéim a chur ar fáil do mhúinteoirí chun iad a spreagadh i dtreo múineadh na Gaeilge agus go mbeidís in ann scoláireacht nó deontas a fháil más rud é go ndearna siad cúrsa leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach agus gur bhain siad amach é. Bheadh méid áirithe airgead á chur ar fáil dá n-éireodh leis na múinteoirí é sin a dhéanamh. An é sin obair na Roinne Gaeltachta nó obair na Roinne oideachais?
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déarfainn an Roinn oideachais.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
B'fhéidir gur chóir tuiscint níos leithne a bheith againn ar an dualgas atá orainn i leith na Gaeilge.
Tá ceist amháin eile agam. Cén tuiscint atá ag Julian de Spáinn ar an maoiniú a fhógraíodh do Ghaois le déanaí agus cén tionchar a bheidh ag an maoiniú sin ar na dúshláin atá léirithe aige inniu?
Mr. Julian de Spáinn:
Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil maoiniú a chur ar fáil do Ghaois agus muid ag breathnú ar an intleacht shaorga agus na dúshláin agus na deiseanna a bhainfidh leis sin amach anseo. Tugaim faoi deara mé féin, agus mo cheathrar páiste sa bhaile ag úsáid na teicneolaíochta anois, go n-aithníonn siad an t-easnamh atá ann nach féidir leo rudaí a rá le Siri nó pé rud é as Gaeilge. Feiceann siad go bhfuil an Ghaeilge in áit níos laige. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí infheistíocht chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge in ann a bheith ag feidhmiú sa spás seo ar fad. Bhí cuid den rud atá i gceist leis seo chun cabhrú leis an obair sin atá ar siúl ag an Rialtas.
Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go raibh maith agat, a Sheanadóir. Glaoim anois ar an Teachta Ní Raghallaigh.
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith anseo. Tá roinnt de mo cheisteanna curtha cheana féin, ach ba bhreá liom ceist a chur maidir leis an éigeandáil sa chóras oideachais maidir le naíonraí. Táimid tar éis é a phlé cúpla uair sa choiste seo agus tá mé ar an gCoiste um Oideachas agus Óige. D’iarr mé ar an gcoiste scríobh chuig an Roinn leanaí chun cuireadh a thabhairt dá hoifigigh. Chualamar seachtain nó coicís ó shin go bhfuil níos mó naíonraí ag dúnadh ná mar atá ag oscailt. Ba bhreá liom tuairimí na bhfinnéithe a fháil. An bhfuil mórán cloiste acu faoi sin? An bhfuil buairt orthu nach bhfuil spriocanna intomhaiste sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge agus nach bhfuil na caighdeáin do na comhlachtaí Stáit faighte go fóill, ceithre bliana tar éis an phlean a bheith foilsithe?
Mr. Julian de Spáinn:
Maidir leis na naíonraí, tá an ceart ar fad ag an Teachta. Chuala mé an méid a bhí le rá ag Gaeloideachas an lá sin freisin agus go raibh níos mó naíonraí ag dúnadh ná mar a bhí ag oscailt. Is éigeandáil atá ansin go gcaithfear dul i ngleic leis. Tá polasaí nó plean do na luathbhlianta le teacht agus tá súil agam go mbeidh sé láidir agus go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil chun gur féidir a chinntiú gur féidir an treocht sin a aisiompú agus go mbeifear ag cur leis an líon naíonraí amach anseo, chomh maith le seirbhísí naíolainne. Níl aon seirbhís naíolainne lasmuigh den Ghaeltacht sa Sé Chontae Fhichead. Tá, i mBéal Feirste, dar ndóigh, agus tá dul chun cinn maith déanta acu le níos mó ná seirbhís amháin ansin. Níl aon seirbhís anseo áfach. Bhíomar ag breathnú ar chúrsaí sa spás sin cúpla bliain ó shin agus ceann de na fadhbanna ná an costas a bhaineann le seirbhís naíolann a chur ar bun agus ansin dóthain daoine le Gaeilge a bheith ar fáil. Íoctar fostaithe go dona san earnáil sin agus, mar sin, má tá Gaeilge agat, tá féidearthachtaí agus a lán doirse oscailte. Tá a lán le réiteach chun an spás sin a leigheas. Maidir le spriocanna sa phlean don earnáil phoiblí, tá gach rud le breith sa rud a tháinig amach anuraidh. Níor luadh go ndéanfar seo agus siúd. Tá sé ar nós gur fágadh mar sin é agus go raibh sé i gceist go dtiocfadh sé sin leis an bplean gníomhaíochtaí atá le teacht. Tuigim go bhfuil sé sin ag teacht le bliain anuas agus tá sé fós le teacht. Táimid ag súil, nuair a thagann an plean sin, go mbeidh sé an-uaillmhianach. Arís, beidh ceist acmhainní ann agus an gcuirfear ar fáil iad chun go mbeidh rudaí indéanta agus déanta i gceart. Ceann de na rudaí a luaigh mé níos luaithe a bhí thar a bheith díomách ach nár chur aon iontas orainn ná nach raibh mórán de ról ag an Roinn oideachais sa phlean seo. Má táimid dáiríre faoi agus ag iarraidh forbairt chun cinn a dhéanamh, níor chóir go mbeimis i gcónaí ag caint faoi chúrsaí inseirbhíse agus na rudaí gur gá a dhéanamh anuas ar an gcóras oideachais. Ba chóir dúinn córas oideachais a chur i gceart le gur féidir leis feidhmiú i gceart mar chineál ciorcail ó thús go deireadh.
Maidir leis na caighdeáin, ní thuigtear dúinn cén fáth nach bhfuil siad againn. Achtaíodh an tAcht in 2021. An tuiscint a bhí againn faoi na caighdeáin ná go mbreathnófaí, mar shampla, ar na húdaráis áitiúla ar fad agus go gcuirfí caighdeán le chéile dóibh sin. B’fhéidir go mbeadh níos mó sna caighdeáin do na húdaráis áitiúla ina bhfuil ceantair Ghaeltachta ina limistéar ach níos lú, b’fhéidir, do gach ceann eile agus go mbeidís Rannóg-déanta. Bheadh a fhios ag duine dá mbeadh sé nó sí ag plé le húdarás áitiúil céard go bhféadfadh sé nó sí a bheith ag súil leis, in ionad na scéimeanna a bheith difriúil óna chéile. Tá sé cineál aisteach go bhfuilimid pé mhéid blianta ar aghaidh agus nach bhfuil fiú teimpléid de chaighdeáin againn le féachaint air agus a rá an ndéanfadh sé aon difir.
Shónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil a fhios againn cathain a bheidh siad againn? Níl. Go raibh míle maith ag na finnéithe. Aontaím leo ar gach rud. Míle buíochas leo as ucht na hoibre ar fad atá siad ag déanamh.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bogaimid ar aghaidh anois go dtí an Seanadóir Curley.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím leis na finnéithe maidir le daltaí le riachtanais bhreise agus na díolúintí. Bhí mé i mo mhúinteoir meánscoile go dtí Mí Feabhra so chonaic mé é sin ag feidhmiú. Aontaím go hiomlán go bhfuil go leor tacaíochta ag teastáil ó dhaltaí le riachtanais bhreise chun leanúint ar aghaidh le foghlaim na Gaeilge. Aontaím go huile agus go hiomlán maidir leis sin. Tá fadhb amháin agam maidir le caighdeán mhúineadh na Gaeilge. Is ceist an tsícín agus na huibhe é. Má chuirtear dualgas ar mhúinteoirí a bheith ar leibhéal B2, mar a dúirt Julian de Spáinn, an bhfuil an soláthar ann chun a bheith cinnte go bhfuil daltaí ag fáil oideachais trí Ghaeilge? Is í sin an chéad cheist atá agam.
Mr. Julian de Spáinn:
Tá an ceart ag an Seanadóir ach caithfear tús a chur le rudaí. Sna coláistí oiliúna Stáit, caithfear leibhéal B1 a bheith ag daoine le tosú ar an iarchéim agus tá orthu B2 a bhaint amach sula dtagann siad amach ar an taobh eile. Tá bunús ag teacht ar chúrsaí sna coláistí oiliúna. Agus é sin ráite, níl an córas sin i gceist sna coláistí príobháideacha ina bhfuil mic léinn iarchéime ag dul isteach. Níl siad ceangailte leis an bhfráma tagartha. Tá sé sin ag déanamh beagáinín dochair don dul chun cinn atá déanta sna coláistí Stáit. Má fhaigheann an coiste seans, b'fhiú dó breathnú ar an gceist sin.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nuair a labhraíonn Julian de Spáinn faoi choláistí Stáit, tá sé ag caint faoi Choláiste Mhuire gan Smál, DCU, UCD, Gaillimh agus Maigh Nuad, an bhfuil?
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Múineann múinteoirí i dtreo na scrúduithe mar tá brú orthu ó thimpeallacht na scoile, is é sin, an bhainistíocht, na tuismitheoirí agus na daltaí iad féin atá ag iarraidh pointí a bhaint amach. Mar a dúirt mé le Julian de Spáinn cheana féin, is í an phríomhfhadhb atá againn ná an curaclam. Maidir leis na marcanna atá ar fáil, chuir mé aighneacht isteach in 2021 nuair a bhí an rud sin ar siúl ag an NCCA maidir leis an nGaeilge. Cén briseadh síos ar na marcanna don ardteist Gaeilge a mholfadh Conradh na Gaeilge? San aighneacht a chuir mise isteach, mhol mé go mbeadh 50% ag dul don scrúdú béil agus níos lú ag dul don phrós agus don fhilíocht mar ní bhaineann daltaí taitneamh astu. Níl sé taitneamhach a bheith i do dhalta Gaeilge ar scoil agus geallaim nach bhfuil sé taitneamhach a bheith i do mhúinteoir Gaeilge ar scoil. Conas a athraímid é sin? Cén briseadh síos ar mharcanna a mholfadh Julian de Spáinn don ardteist mar mhúineann múinteoirí i gcónaí i dtreo na scrúduithe? Conas a dhéanaimid athrú cuí maidir le marcanna?
Mr. Julian de Spáinn:
Níl figiúr cruinn agam don Seanadóir. Cuirfidh mé físeán a fuair mé le déanaí maidir leis an bhfráma tagartha agus an difear a dhéanfadh sé ar aghaidh chuig an Seanadóir. Rinne sé rudaí i bhfad níos soiléire domsa. Cuirfidh mé ar aghaidh chuig an Seanadóir é. Chun an curaclam a chur ina cheart, caithfear é a dhéanamh le cur chuige cúl ar ais. Go bunúsach, oibríonn tú amach cad atá tú ag iarraidh go mbeidh na daltaí in ann a dhéanamh ar dtús.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é sin an Ghaeilge a labhairt.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táim ag caint faoi chumarsáid nó comhrá a dhéanamh. Is cuma liom faoi anailís a dhéanamh ar théacs nó ar fhilíocht. Ba mhaith liom go mbeadh siad in ann suí síos, cupán tae a ól le duine éigin agus comhrá a dhéanamh faoin aimsir nó faoin saol go ginearálta. Is é sin an cuspóir a bheadh agam.
Mr. Julian de Spáinn:
Faoin bhfráma tagartha comónta Eorpach, leagtar amach na rudaí gur chóir go mbeadh sé ar chumas duine a dhéanamh. Ansin, oibríonn tú amach conas a dhéantar measúnú air sin agus, ina dhiaidh sin, conas a mhúintear é sin. Tosaíonn tú leis an sprioc agus ansin leanann tú ar aghaidh go dtí measúnú agus múinteoireacht. Níl sé sin sa chóras mar atá faoi láthair. Tá ár gcóras cineál scaipthe sa bhealach go bhfuil Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an NCCA ann, nach mbreathnaíonn ar mhúineadh na teanga sa tslí Eorpach ina bhfuil daoine eile ag breathnú air, is é sin, gurb é an sprioc an rud is tábhachtaí. Dúirt an Seanadóir gurb é an rud is tábhachtaí ná a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh. Más é sin an rud is tábhachtaí-----
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is é an fáth a chuirim an cheist sin ná, sa chéad chruinniú múinteoir-tuismitheoir a bhí agam riamh, bhí raic sa seomra mar bhí mé tar éis trí mhí a chaitheamh ag múineadh go hiomlán trí Ghaeilge i scoil meán-Bhéarla. Bhí na tuismitheoirí ar buile liom mar ní raibh na daltaí in ann mé a thuiscint an t-am ar fad. Bhí siad buartha nach mbeadh na pointí acu san ardteist. Má dhéanaimid athrú iomlán, má bhogaimid na goalposts agus má deirimid gurb é an rud is fearr gur féidir le páistí a dhéanamh ná a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt, ba chineál tumoideachais taobh istigh sa seomra ranga é, cé nach bhfuil an t-am againn an t-atmaisféar sin a chruthú i gcónaí.
Bogfaidh mé ar aghaidh. Tá go leor ceisteanna agam anseo. Mar a dúirt an Teachta Connolly, caithfimid breathnú ar na scoileanna atá ann faoi láthair freisin ó thaobh na Gaelscolaíochta. Tá narrative amuigh sa tsochaí go dtiteann caighdeán Béarla na ndaltaí nuair a athraíonn scoil lán-Bhéarla ina scoil lán-Ghaeilge. Cén cineál outreach nó cumarsáide gur féidir linn a dhéanamh faoi sin? An bhfuil ról ag Gaeloideachas nó Conradh na Gaeilge i bhfeachtas outreach a chur le chéile chun an narrative sin a throid lena bheith cinnte go mbeadh tuismitheoirí sásta athrú go scoil lán-Ghaeilge? Is cuma cén córas consultation a chuireann tú le chéile; caithfear muinín a bheith ag na tuismitheoirí go bhfaighidh na daltaí an t-oideachas ceart. Tá samplaí ann. Tá daltaí ag teacht amach ón nGaelscoil i mBaile Locha Riach, ag bogadh ar aghaidh go dtí an mheánscoil agus ansin ag cáiliú mar mhúinteoirí Béarla. Is féidir é a dhéanamh. Conas a throidimid an meon sin atá amuigh sa tsochaí?
Mr. Julian de Spáinn:
Is é an chéad rud ná go bhfuil an suirbhé sin ar siúl faoi láthair, mar is eol don choiste agus mar atá pléite aige. Ní féidir tionchar a imirt air ag an bpointe seo. Thug mé easnamh faoi deara a bhfuil baint aige leis an rud faoina raibh an Seanadóir ag labhairt ansin. Níl eolas ag tuismitheoirí faoin méid atá i gceist le scoil a iompú ina scoil Ghaeilge, cad iad na céimeanna agus cad iad na buntáistí a d'éireodh as. Ní chabhróidh sé sin le torthaí an tsuirbhé. Chomh maith leis sin, is é an t-aon sampla atá ag daoine ná an rud atá ag dul ar aghaidh ag Synge Street CBS. Is iad na rudaí atá feicthe acu sna meáin ná rudaí diúltacha ó thaobh an phróisis athruithe. Nílimid in áit mhaith leis an suirbhé atá ar siúl faoi láthair. Dá mbeadh scoil eile le hiompú ina Ghaelcholáiste sa todhchaí, caithfear na buntáistí agus na rudaí a dhéanfar chun a chinntiú nach mbeidh drochthionchar ar an scoil atá ag iompú ná an scoil atá á forbairt a leagan amach. Nílimid san áit seo i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Más é sin an eiseamláir atá le húsáid, nílimid ag an bpointe gur féidir linn an dea-scéala a roinnt. Lena bheith soiléir, tá súil agam go dtiocfaimid go dtí an dea-scéala. Táim ag iarraidh go n-oibreoidh sé.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhíomar ar buile leis an Roinn oideachais maidir leis an gcaoi inar thug sí amach an suirbhé sin. Tá ceist dheireanach agam. Ar ardleibhéal ginearálta, an bhfuil an iomarca Gaeilgeoirí fostaithe san earnáil faoi láthair mar dhaoine a dhréachtaíonn pleananna? Maidir leis an nGaeilge, an bhfuil an iomarca béime ar phleanáil agus easpa béime ar ghníomh, go ginearálta? Aon uair atáim sa choiste seo, i mbealach amháin nó bealach eile, cloisim faoi phlean i ndiaidh plean. Níl daoine ar an bhfód chun dul i ngleic le labhairt na Gaeilge agus scaipeadh na Gaeilge. Céard iad tuairimí Julian de Spáinn faoi sin?
Mr. Julian de Spáinn:
Is ceist an-mhaith í sin. Tá moladh ag dul don chóras pleanála teanga atá curtha ar bun sa Ghaeltacht, agus lasmuigh di sna líonraí, agus do scéim forbartha líonraí Gaeilge Fhoras na Gaeilge. Tá na rudaí sin an-mhaith. Tá sé go maith go bhfuil pleananna ann ach lorgaíodh i bhfad Éireann níos mó acmhainní chun na pleananna sin a ghníomhú agus a fheidhmiú agus chun na deiseanna a chur ar fáil, mar a luaigh an Seanadóir, ach ní bhfuarthas na hacmhainní sin. Mar shampla, lorgaíodh idir €300,000 agus €400,000 do na chéad phleananna teanga Gaeltachta. Fuarthas €100,000. Go tobann, ní raibh siad in ann mian an phobail a chur i bhfeidhm mar a bhí sa phlean. Ní raibh duine acu chun plé le cúrsaí óige.
Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní raibh siad in ann daoine a fhostú. Bhí easpa airgid chun daoine a fhostú chun dul amach agus na gníomhaíochtaí a eagrú.
Mr. Julian de Spáinn:
Sin é. Is sampla dó sin na hoifigigh óige. Creideann muid féin agus an grúpa atá i mbun oibre sa phleanáil teanga go bhfuil gá le hoifigigh óige lena bheith ag obair mar chuid den phlean a bhí ag coiste pleanála teanga ach níl sé sin lena bheith curtha ar fáil. Tá tacaíocht éigin lena bheith curtha ar fáil.
Tá sé i gcónaí go maith go mbeidh rud breise curtha ar fáil, ach dá mbeadh oifigeach óige in gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta ag obair leis an oifigeach pleanála teanga, bheadh i bhfad Éireann níos mó don dream óg in gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta gan aon dabht.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is deas na finnéithe a fheiceáil. Maithigí dom an mhoill; bhí cruinniú eile agam ar maidin. Ar mhaithe le trédhearcacht, is mian liom a dhearbhú gur mise a chuir an tuairisc faoi thithíocht le chéile d’Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chaite. Ar an ábhar sin, tacaím leis an méid atá ráite ag an Teachta John Connolly i leith ról na n-údarás áitiúla. Is é ceann de na rudaí a sheas amach dom sa tuairisc sin ná go raibh an sciar den tithíocht a bhí á chur ar fáil ag na húdaráis áitiúla sna ceantair Ghaeltachta i bhfad níos ísle ná an sciar náisiúnta. Tá ról, gan amhras, ag na húdaráis áitiúla agus, pé rud a thiteann amach d’Údarás na Gaeltachta, ní féidir dearmad a dhéanamh ar sin. Cuireann sé misneach orm Julian de Spáinn a chloisteáil agus é ag rá nach bhfuil aon rud ag teacht ó na moltaí atá Conradh na Gaeilge ag cur ar aghaidh faoi ról an údaráis a rachadh salach air sin.
Pléadh an suirbhé cheana féin. D’fhreastail mé ar chruinniú de chuid an bhoird bhainistíochta aréir, áit ar léirigh comhaltaí an bhoird an-mhíchompord faoin bhealach a bhfuil éileamh anois á thomhas ag an Roinn oideachas i leith sholáthar Gaelcholáistí, go háirithe i gcomhthéacs an mhéid a bhí á rá ag an Roinn i leith scoileanna nua a bhunú agus a leithéid. Tá píosa oibre le déanamh ansin. Beidh mé ag moladh do bhoird bhainistíochta timpeall na tíre a gcuid mianta a chur in iúl don Roinn oideachais agus do na ETBs faoina a bhfuil ag titim amach mar caithfear anois a léiriú go bhfuil bealaí níos beaichte le héileamh a léiriú agus a thomhas i leith labhairt agus scolaíocht na Gaeilge. Caithfear é sin a chur ar an taifead.
Is é ceann de na rudaí a bhfuil mé paiseanta faoi, cé go bhfuil beagán dul chun cinn déanta ag an Roinn breisoideachais ina leith, ná breisoideachas a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá bearna ollmhór amach romhainn, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta i leith Gaeilge a chothú mar theanga pobail, le printíseachtaí a chur ar fáil i mbealach struchtúrtha as Gaeilge. Impím ar Chonradh na Gaeilge, agus ar gach aon ghrúpa abhcóideachta eile nach é, an t-éileamh sin a léiriú mar tá spás mór ann. Más rud é go bhfuil muid chun na tithe seo a thógáil sa Ghaeltacht, beidh daoine ag teastáil uainn leis na tithe sin a thógáil agus is fearr gur Gaeilgeoirí a bheidh iontu agus go mbeidh an Ghaeilge á cothú mar theanga pobail.
Go bhfios dom, cé go bhfuil muid ag fanacht anois leis an dréacht-straitéis maidir leis na luathbhlianta – tá muid ag súil go ndéanfar í sin a fhoilsiú go luath – tá spás agus bearna ollmhór ann inar féidir linn an-chuid foghlamtha a dhéanamh ó na straitéis a chuaigh roimpi. Má thapaíonn muid an deis sin le bheith ar an gcos tosaigh, is féidir linn cur chuige i leith an bhreisoideachais a sholáthar. Ar an mbonn céanna, beidh bealach againn a cheapann muid a chabhróidh leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, is é sin, trí fhórsa saothar a chur ar fáil.
Tá ceist agam faoi ról abhcóideachta an chonartha. Is ball den chonradh mé. Cén sórt comhordaithe a bhíonn ar siúl aige idir leithéidí Gaeloideachas agus an feachtas atá ar siúl i mBaile Átha Cliath 2, 6, 8 agus eile? An bhfuil ról comhordaithe aige? An mbíonn Conradh na Gaeilge agus na grúpaí uilig ar aon leathanach amháin agus iad ag dul i ngleic leis an Roinn? Cén cuma atá air sin?
Mr. Julian de Spáinn:
Luaigh an Teachta cúrsaí breisoideachais agus aontaím go huile is go hiomlán leis. Ba chóir dúinn i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh sa spás sin. Labhair an chomhchoiste seo leis an dream a bhí ag caint ar an suirbhé atá an tÚdarás um Ard-Oideachas le déanamh. Is moladh é sin a bhíomar ag brú chun cinn sa reachtaíocht. Bhí sé mall ag teacht chun cinn ach ba bhreá linn é a fheiceáil ag tarlú do lucht meánscoile. Is mian linn go mbeidh níos mó i gceist leis ná an tríú leibhéal amháin, áfach; tá muid ag iarraidh go gclúdóidh sé cúrsaí breisoideachais chomh maith ionas go mbeidh suirbhé níos leithne ná díreach cúrsaí sna hollscoileanna agus eile á chur ar dhaltaí meánscoile. Tá gá le cúrsaí breisoideachas a bheith san áireamh. Is rud é sin, b’fhéidir, a bhféadfaí labhairt leis an Údarás um Ard-Oideachas faoi.
Maidir le cúrsaí comhordaithe, tá bealaí éagsúla a dhéanann muid comhordú ar ábhair éagsúla. Mar shampla, i gcás chúrsaí maoinithe, tá 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta taobh thiar den phlean fáis agus, den chuid is mó, tá na grúpaí sin ar fad ag plé leis na heasnaimh atá ann idir maoiniú stairiúil, an maoiniú a bheidh ann amach anseo agus an bealach ar féidir an earnáil a mhaoiniú i gceart. Ó thaobh chúrsaí maoinithe de, tagann na daoine atá thíos leis, nó iad siúd atá ábhartha, le chéile. Ó thaobh chúrsaí oideachais de, tá muid ag déanamh comhordaithe ar ghrúpa saineolach ar chúrsaí oideachais ina dtagann daoine éagsúla a bhfuil saineolas acu le chéile i gcruinnithe ó am go chéile, lena n-áirítear Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta, go leor grúpaí eile ón tríú leibhéal agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tagann muid le chéile agus labhraíonn muid faoi na hábhair éagsúla atá le teacht, cosúil leis na sonraí ardteiste atá le teacht go luath. Tagann comóntacht chun cinn agus, ansin, bíonn muid in ann feidhmiú ar bhonn eagraithe agus aontaithe chun na moltaí áirithe a chur chun cinn.
Ag teacht ar ais go dtí an méid a dúirt mé sa chaint a bhí agam níos luaithe, is í sin an áit ina gcothaítear a lán frustrachais. D’fhéadfadh moltaí faoi leith a bheith ag teacht ón earnáil ó na saineolaithe sa réimse seo agus d’fhéadfadh stop a bheith curtha leo chomh luath is a théann siad isteach sa chomhairliúchán. Tá an-chuid comhordaithe ag dul ar aghaidh an t-am ar fad idir na grúpaí ábhartha, agus is maith sin. Is é sin an bealach gur chóir go mbeadh sé. Bíonn na daltaí páirteach chomh maith. Bíonn aontas na ndaltaí iarbhunscoile, Aontas na Mac Léinn agus An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge uilig páirteach. Bíonn an-chuid de na daoine ábhartha ag gach leibhéal sa seomra nuair atá muid ag iarraidh teacht ar na moltaí aontaithe.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá ceist eile agam le cead an Leas-Chathaoirligh faoi struchtúr agus cur chuige an conartha. An bhfuil plean straitéiseach ag an gconradh? Tá tuiscint agam ar an earnáil. Tuigim gur ceanneagraíocht é Conradh na Gaeilge, gan amhras, agus tá ról abhcóideachta aige go háirithe. Conas a dhéantar tomhas ar cé acu ar éirigh nó nár éirigh leis spriocanna a bhaint amach? An bhfuil plean straitéiseach ann? An mbíonn aon tuairisc le déanamh? Ag teacht ón chultúr ina raibh mé ag obair, muna bhfuil tú in ann é a thomhas, ní féidir leat é a bhainistiú. Is é sin an dúshlán atá mé ag iarraidh cur ar an Roinn. Tá mé ag iarraidh foghlaim ón chonradh an cur chuige atá aige i leith rudaí a thomhas. Conas a mheasann sé an raibh rath ar rud éigin nó ar baineadh sprioc amach agus a leithéid?
Mr. Julian de Spáinn:
Tá dhá rud i gceist. Uimhir a haon, déanann muid pleanáil leis na tograí éagsúla atá maoinithe ag an Stát. Mar shampla, le Foras na Gaeilge, bíonn tuairisciú rialta ann. Bíonn plean leis na spriocanna don bhliain agus caithfear tuairisciú conas ar éirigh le gach uile cheann acu.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An bhfuil an t-eolas sin foilsithe go poiblí?
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Okay.
Mr. Julian de Spáinn:
Tá sé sin ar fáil.
Nuair a thagann sé go dtí na rudaí eile a dhéanann muid a bhaineann le cúrsaí stocaireachta, tá sin beagáinín níos deacra, mar is eol don choiste, mar tógann cuid de na feachtais a raibh mé ag caint fúthu 20 bliain. Leis an bhfeachtas i mBaile Átha Cliath 2, 6, 8, mar shampla, tá muid nach mór cúig bliana ag feidhmiú ar an gceann sin faoi láthair. Beidh muid ag teacht go dtí 20 bliain leis an bhfeachtas a bhaineann le Raidió Rí-Rá go luath agus é fós mar fheachtas againn go mbeidh an stáisiún ar FM. Tá muid ar DAB ahus go leor rudaí eile, ach níl muid ag an bpointe sin fós. Tá na feachtais difriúil ó thaobh thomhais de. Caithfear an dul chun cinn a thomhas go leanúnach agus déanann muid sin.
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déantar tuairisciú ar ais go dtí Foras na Gaeilge agus------
Seán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaigí mo leithscéal go raibh mé deireanach. Bhí mé ag éisteacht le hóráid Julian de Spáinn ag teacht suas sa charr. Ar dtús, tá an iomarca cainte faoi na díolúintí. An gceapann Julian de Spáinn go bhfuil an phoiblíocht seo ag cur tuismitheoirí ar an eolas faoi na féidearthachtaí nó deiseanna dá gcuid páistí? An bhfuil staitisticí ag Conradh na Gaeilge maidir leis na cineálacha daoine a mholann do thuismitheoirí díolúine a fháil, idir múinteoirí, príomhoidí agus comharsana? An bhfuil aon staitisticí ina leith sin?
Bhí mé ag labhairt le duine de mo chomhghleacaithe sa Seanad agus dúirt sé go bhfuil aithne aige ar bheirt fhear a fuair díolúintí dóibh féin nuair a bhí siad ar scoil. Anois, tá siad ag déanamh ranganna Gaeilge le go mbeidh siad in ann cabhrú lena gcuid páistí féin. Is taobh eile den rud agus scéal seo é sin.
Mr. Julian de Spáinn:
Níl figiúirí sonracha agam. Ní dóigh liom go bhfuil figiúirí ar fáil faoi na bealaí a ndéanann tuismitheoirí an cinneadh nó na daoine a bhíonn ag labhairt leo faoin díolúine a lorg. Is dócha go bhfuil an-chuid de sa phobal faoi láthair. Tá a fhios ag daoine go bhfuil na díolúintí ann agus conas teacht orthu, go háirithe anois go bhfuil an cinneadh deireanach le déanamh ag an bpríomhoide, rud nach raibh ann roimhe seo.
Baineann ceann de na rudaí a bhfuilimid buartha faoi, maidir leis na díolúintí, le scoileanna áirithe. D'iarr mé ar Theachta ceist Dála a chur isteach faoin gceist seo ag iarraidh a fháil amach cé mhéad scoil a chuireann an tacaíocht foghlama ar siúl ag an am céanna leis an nGaeilge sa mheánscoil. Tá sé sin cloiste agam arís agus arís eile. Má tá daoine ag iarraidh tacaíocht foghlama, tuigeann siad - cé nach bhfuil sé ráite mar riail - go mbíonn sé ar siúl ag an am céanna leis an nGaeilge agus de facto ní féidir leo an Ghaeilge a dhéanamh. Lorgaíonn daltaí an díolúine ionas gur féidir leo an tacaíocht foghlama a fháil. Tá sé cloiste agam freisin go bhfuil scoileanna áirithe ina bhfuil an oiread sin daoine le díolúine go bhfuil rang acu ag déanamh rud éigin eile ag an am céanna go bhfuil an rang Gaeilge ar siúl. Ní chabhraíonn aon chuid de sin sa struchtúr leis an nGaeilge a spreagadh ó thaobh na daoine atá ag déanamh na Gaeilge. Tá daoine ag rá go bhfuil rud éigin eile ag an ngrúpa eile agus gur fearr leo a bheith sa ghrúpa eile agus nach mbeadh an t-ualach seo orthu.
Tá a lán tuismitheoirí tar éis teacht chugam freisin. Nach mór gach uair a labhraím faoi na díolúintí ar an raidió, tagann daoine chugam agus deir siad go raibh siad ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag a bpáiste, ach bhí an tacaíocht foghlama ag an am céanna nó dúradh leo sa scoil go mbeadh sé níos éasca éirí as an nGaeilge agus leanúint ar aghaidh. Na scéalta is tromchúisí i mo cheann ná na daltaí atá ag teacht ó Ghaelscoileanna a mholtar dóibh gan leanúint leis an nGaeilge sa mheánscoil. Shílfeá go mbeadh sé sin an buntáiste. B'fhéidir go bhfuil riachtanas breise acu, ach tá an Ghaeilge acu agus bheidís chun tosaigh ar an-chuid daoine eile sa scoil. Tarlaíonn sé sin agus cloisim na scéalta. Níl aon taifead ar siúl, go bhfios dúinn, ar na rudaí sin ar fad. Dá mbeadh taifead ann, bheadh sé i bhfad Éireann níos éasca dul i ngleic leis na fadhbanna nó an fheasacht a chur ar fáil nó an t-eolas breise atá ag teastáil chun gur féidir linn dul i ngleic leis na fadhbanna nó na cúiseanna go bhfuil daoine ag lorg na ndíolúintí.
Seán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí Gaeloideachas linn le déanaí. Bhíomar ag caint faoi na Gaelcholáistí agus na haonaid. Dúirt siad nach bhfuil siad i bhfabhar aonaid nua a bhunú. An aontaíonn Julian de Spáinn agus a chomhghleacaithe leis sin? An gceapann siad gur sórt céim chun tosaigh chun Gaelcholáiste a fháil atá i gceist leis na haonaid?
Mr. Julian de Spáinn:
Tuigimid go bhfuil aonad nó dhó amuigh ansin atá ag déanamh go maith. Caithfear é sin a aithint. B'fhiú fáil amach cén fáth go bhfuil ag éirí go maith leo. Den chuid is mó, an méid atá cloiste nó feicthe ag daoine sa phobal ná nach éiríonn leis na haonaid soláthar sásúil a chur ar fáil do na daltaí atá ag freastal orthu. Nílim gur luaigh Gaeloideachas ceann de na cúiseanna atá leis sin. Nuair atá ceisteanna ar nós acmhainní á bple i scoil den chineál seo, agus má tá an mionlach san aonad agus an móramh bainteach leis an gcuid eile den scoil, ar ndóigh, mhothódh aon duine gur cheart freastal ar an móramh le cinntiú go bhfuiltear ag freastal ar an méid is mó daoine is gur féidir. Is ceist leanúnach í sin. Feictear ansin nach mbíonn na hábhair ar fad curtha ar fáil trí Ghaeilge nó nach mbíonn an t-aonad ach ag feidhmiú go dtí leibhéal áirithe sa mheánscolaíocht. Bíonn easnaimh agus eisceachtaí i gceist, agus athraíonn sé seo ó bhliain go bliain. D'fhéadfadh sé sin go leor damáiste a dhéanamh. Tá na daltaí i suíomh comhluadair ina bhfuil an Béarla chun tosaigh ag am lóin, sna pasáistí agus gach rud eile.
Sa chomhthéacs sin, ní lántumoideachas atá i gceist; is tumoideachas de chineál eile atá i gceist. Ní hé an rud is mó a bheadh molta. Más rud é go bhfuil an t-aonad mar chéim i dtreo scoil neamhspleách, b'fhéidir go ndéanfadh sé fiúntas na haonaid a n-úsáid leis sin a dhéanamh. Níl an fhianaise ann go bhfuil an Roinn tar éis a rá go bhfuil siad ag an bpointe sin anois agus ar aghaidh leo. Tá Gaelcholáiste in Inis, mar shampla, ar mhaith leis neamhspleáchas le fada an lá. Tá na figiúirí aige agus ina thuairim ní thiocfaidh fás níos mó air go dtí go bhfuil an neamhspleáchas aige, ach tá an Roinn ag diúltú e sin dó ar feadh na mblianta. Níl aon rud le rá go bhfuil an t-aonad mar réiteach don scéal seo. An rud eile ná gur labhair siad faoi na scoileanna satailíte. B'fhéidir go bhféadfadh sé sin oibriú amach anseo. Ar a laghad bheadh an t-aonad nó an grúpa níos lú ceangailte le Gaelcholáiste nó scoil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Bheadh i bhfad Éireann níos mó comónta acu agus i bhfad Éireann níos mó de na hacmhainní céanna a d'fhéadfaidís a roinnt. Dhéanfadh sé sin ciall sa chomhthéacs sin.
Ms Cassie Ní Chatháin:
Maidir leis na haonaid, tá sampla giota beag éagsúil agam. D'fhreastail mé ar bhunscoil sna Sé Chontae. Aonad a bhí ansin atá anois níos mó ná an chuid eile den scoil. Fiú ansin tá na fadhbanna céanna ann ó thaobh acmhainní de mar nach bhfuil an t-éiteas sin ann ag an mbarr agus ag brath go mór ar cé atá i gceannas. Tá b'fhéidir 20 nó 25 bliain i ndiaidh dul thart agus tá an scoil ina haonad. Cé go bhfuil an t-aonad níos mó - dhá uair níos mó, b'fhéidir - ná an chuid eile den scoil, tá sé go fóill ann. Tá sé giota beag éagsúil toisc go bhfuil sé sna Sé Chontae ach sin í mo thuairim féin.
Seán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is sampla maith é sin. Aontaím gurb í an chomhairle contae an eagraíocht phleanála sa tír. Níl a fhios agam an bhfuil an t-údarás ag lorg an ról sin. Má bhreathnaíonn tú ar Chonamara, an áit is mó i gConamara sa Ghaeltacht ná An Cheathrú Rua. Tá b'fhéidir deich nó 15 bliain caillte againn mar gheall ar an scéim séarachais agus an suíomh. Ní fhéadfaí dul ar aghaidh leis an suíomh sin anois. Caithfear suíomh eile a fháil. Tá deiseanna caillte ag an Stát agus ag tógálaithe príobháideacha chun tithe a thógáil ansin. Tá sé leagtha amach sa phlean tithíochta nua agus sna ráitis ón Rialtas go mbeidh Uisce Éireann ag fáil breis infheistíochta. Sílim go bhfuil deiseanna ag dul ar aghaidh anois sna bailte beaga i gConamara agus in áiteanna eile chun na scéimeanna sin a chur isteach agus go mbeidh níos mó deiseanna tithe a thógáil, i mo thuairim.
Tá rún curtha os comhair Chomhairle Contae na Gaillimhe ag mo chomhghleacaí, an Comhairleoir Mac Con Iomaire, faoi thithe saoire in Eanach Mheáin agus Ros an Mhíl. Is céim chun tosaigh é sin. Tá an Stát ag caitheamh a lán airgid ar thithe sóisialta i mBearna. Níl fadhb agam leis sin. Ba cheart go mbeadh sé in ann an t-airgead céanna a chaitheamh in áiteanna cosúil le hEanach Mheáin agus Ros an Mhíl chun tithe a thógáil do chainteoirí Gaeilge ar phraghas réasúnta nó tithe sóisialta.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí an t-uafás ceisteanna agam ach tá siad freagartha ag na finnéithe cheana féin. Sa cháinaisnéis, chonaiceamar méadú ar mhaoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Aontaím leis na finnéithe go bhfuil tuilleadh ag teastáil, ach caithfimid a admháil go bhfuil an t-uafás maoiniú sa bhreis á thabhairt ag an Rialtas nua seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ar an Aoine, fógraíodh €4.9 milliún don nuálaíocht i DCU. Tá maoiniú ag teacht. Mar a dúirt Julian de Spáinn, caithfimid dul i bhfeidhm ar an bhfadhb diaidh ar ndiaidh ionas go mbeidh níos mó maoinithe ag teacht gach uile bhliain leis an gcáinaisnéis.
Luaigh an Seanadóir Curley níos luaithe an teannas idir phleanáil agus gníomh. Is léir go bhfuil an t-uafás daoine ag obair ó thaobh pleanáil teanga seachas é a chur i gcrích. Má smaoiním faoi thorthaí an mhaoinithe sin nó maoiniú sa bhreis - is dócha gur ceist fhealsúnachta í seo - cad iad na torthaí ba bhreá linn a fheiscint leis an maoiniú breise? An é, sa mhóráireamh, go mbeadh líon na gcainteoirí ag dul i méid? An é go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí sa tsochaí? An é go mbeadh níos mó seirbhísí ar fáil ón Stát trí mheán na Gaeilge? An é go mbeadh a thuilleadh Gaelscolaíochta ar fáil sa tír? Is mórcheist í, ach nuair atáimid ag breathnú ar mhaoiniú, agus toisc go bhfuil fás ar an maoiniú, cad iad na torthaí ó thaobh níos mó maoinithe? Freagra amháin ná cearta teanga. Tá sé sin ceart, ach lasmuigh de sin.
Mr. Julian de Spáinn:
Is ceist leathan go leor í ar bhealaí áirithe. Nuair a foilsíodh an straitéis 20 bliain in 2010, luadh 250,000 mar sprioc ó thaobh líon lucht labhartha na Gaeilge go laethúil. Táimid thart ar an méid céanna is a bhí ann an tráth sin anois.
Bhíomar den tuairim agus bhíomar ag dul timpeall ag rá gur fís nó uaillmhian a bhí ann. Ansin, dár ndóigh, thit an ngeilleagar as a chéile. Nuair a tháinig an t-airgead ar ais isteach sa tír, níor cuireadh na hacmhainní ar fáil a bhí ag teastáil chun go bhféadfaí fíordhifear a dhéanamh sna figiúirí, go háirithe ó thaobh úsáid na Gaeilge.
An rud eile atá tar éis tarlú le 20 bliain anuas ná go bhfuil an líon daoine le Gaeilge, mar chéatadán iomlán de phobal an Stáit, tar éis titim ó breis is 40% go dtí 37%. Cé go bhfuil níos mó daoine sa tír le cumas Gaeilge acu, de réir an daonáirimh, tá sé ag titim ó thaobh an céatadán den daonra iomlán. I mbealach áirithe, cé go bhfuil an bhá, an dóchas agus an bród ó thaobh an teanga de níos láidre ná mar a bhí riamh, tá muid i bhfad taobh thiar nuair a thagann sé go dtí na hacmhainní a chuirtear ar fáil chun gur féidir linn an difir atá an Teachta ag caint faoi a bhaint amach. Ní fheictear dom aon fáth nár chóir go mbeadh muid ag breathnú ar líon úsáidte na Gaeilge a mhéadú go suntasach in aon phlean, dá mbeadh na hacmhainní cuí curtha ar fáil agus dá mbeadh an córas oideachais agus an pleanáil tithíochta curtha ina cheart. D'fhéadfadh torthaí shubstaintiúla a bheith ann ó thaobh líon úsáidte na Gaeilge, líon na deiseanna atá ar fáil don phobal, agus an líon Gaeilge a fheictear go nádúrtha. Tiocfaidh pointe ina mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge in úsáid mar go bhfuil níos mó Gaeilge in úsáid. Caithfidh an t-uaillmhian a bheith ann. Sin atá in easnamh cuid mhaith den am, mar a fheictear dúinne. Bhí uaillmhian sa straitéis 20 bliain ó shin nuair a fhoilsíodh é in 2010, ach níor tháinig na hacmhainní taobh thiar de. Ó shin ar aghaidh, sna polasaithe oideachais mar shampla, níl an t-uaillmhian le feiceáil. Táimid cineáilín, mar a deir siad sa Bhéarla, “coasting” faoi láthair in ionad a bheith ag dul sa treo eile.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní theastaíonn uaim focail a chur i mbéal Julian de Spáinn, ach níl na Ranna Stáit éagsúla ag obair go ceangailte i slí amháin. Tá siad díreach ina “silos” seachas bheith ag obair le chéile. An bhfuil sé sin fíor ina thuairimse?
Mr. Julian de Spáinn:
Tá sé fíor. Ag dul siar ar na pleananna a bhí sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge an chéad lá riamh - ní bheadh Éamon Ó Cuív sásta liom inniu - bhí an Taoiseach le bheith i gceannas ar an gcur i bhfeidhm. Bhí coiste le bheith aige ag tógáil na grúpaí le chéile. Dar ndóigh, cuireadh deireadh leis sin nuair a tháinig an iarThaoiseach Leo Varadkar i gcumhacht. Chuir sé deireadh leis an gcoiste sin. Mar mholadh, d'fhéadfadh Micheál Martin an coiste a chur ar bun arís faoi Roinn an Taoisigh, a bhí le breathnú ar na ceisteanna seo. Dá mbeadh an Taoiseach ag tógáil na hAirí ar fad le chéile le rá go bhfuil rud ar leith le cur i bhfeidhm - an straitéis a bhí ann ag an am, ach tá sé sin beagnach ag deireadh scríbe agus caithfear straitéis nua a chur le chéile - agus dá mbeadh an Taoiseach ag teacht taobh thiar de, d'fhéadfadh sé an-difríocht a dhéanamh ó thaobh cheannasaíocht de.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn. Is an-mholadh atá ansin. Tá an-chaint sa choiste seo ar an mBreatain Bheag agus gach rud atá déanta aige. Tá sé mar aidhm againn labhairt le Rialtas na Breataine Bige an bhliain seo chugainn. Tá seans ann go rachaimis ar cuairt ar an tír sin chomh maith. Cad é an difríocht idir an Bhreatain Bheag agus Éirinn? An é an meon nó díreach conas atá an Rialtas ag dul i bhfeidhm leis an teanga? Cad é an difríocht i dtuairim na finnéithe?
Mr. Julian de Spáinn:
Uaillmhian. Tá sé an-soiléir go bhfuil sé i bhfad níos uaillmhianaí ná mar atáimid anseo, áit ina gcuirtear an méid reatha, nó beagáinín níos mó, ar fáil. Tá an Bhreatain Bheag ag breathnú ar i bhfad níos mó. An sampla is éasca de sin ná an ceann faoin scolaíocht faoi mheán na Breatnaise. Tá Rialtas na Breataien Bige ag iarraidh é sin a mhéadú ó 23% go dtí 40% faoi 2050. Tá siad ag iarraidh 1 milliún cainteoir Breatnaise a bhaint amach. Bhí uaillmhian againn anseo nuair a leagadh síos 250,000 cainteoir mar sprioc, ach níor cuireadh na hacmhainní taobh thiar de. Arís is ceist é do Rialtas na Breataine Bige an bhfuil sé chun na hacmhainní a chur ar fáil chun gur féidir leis 1 milliún cainteoir agus 40% scolaíocht a bhaint amach. Ón méid a fheicimse, tá sé ag cur méid áirithe acmhainní ar fáil ar aon nós chuige sin, agus tá an meon ag dul sa treo sin.
Naoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn. Cuirfidh mé clabhsúr leis an seisiún seo. Tá deireadh lenár mbreithniú inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Julian de Spáinn, Kate Ní Dhúbhlaoich agus Cassie Ní Chatháin as teacht isteach chugainn agus as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leo inniu. Ar an 2 Nollaig 2025, pléifear earcaíocht sa tseirbhís phoiblí le hionadaithe thar ceann an Ceardchumainn Seirbhísí Tionsclaíoch Gairmiúil agus Teicniúil, nó SIPTU. Chomh maith leis sin, is mian liom a mheabhrú do chomhaltaí Roghchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go mbeimid ag déanamh ár n-imscrúdú ar na Meastacháin Fhorlíontacha a bhaineann leis an nGaeilge leis an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, an Teachta Calleary, i seomra coiste 4 idir 6 p.m. agus 7.30 p.m. ar an lá céanna.