Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 November 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Logainmneacha na Gaeltachta: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leo siúd atá linn, idir finnéithe agus comhaltaí. Tá comhaltaí ag teacht isteach ar líne óna oifigí i dTithe an Oireachtais. Tá na Teachtaí Ó Cathasaigh agus Pádraig O'Sullivan linn agus tá an Seanadóir Kyne linn ar Microsoft Teams. Sa seomra coiste tá mé féin, na Teachtaí Daly agus Ó Cuív, agus an Seanadóir Ó Donnghaile.

Beidh dhá sheisiún againn inniu. Sa chéad seisiún, beimid ag plé na forála dlíthiúla go n-úsáidtear logainmneacha Gaeilge amháin ar logainmneacha na Gaeltachta. Beimid ag plé seo le hionadaithe thar cheann Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, SOÉ; an brainse logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.

Sa dara seisiún, beidh tuarascáil an Choimisinéara Teanga agus cur chun cinn na Gaeilge sa seirbhís poiblí 2022 á phlé le hionadaithe thar cheann Oifig an Choimisinéara Teanga.

Leanfaidh an chéad seisiún ar aghaidh go dtí 3.15 p.m., más gá. Tosóidh an tarna seisiún ag 3.30 p.m., ar a dhéanaí, agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Connolly. Beidh sí beagáinín mall ag an gcruinniú mar tá sí ar dualgas sa Chathaoir sa Dáil.

Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Cuirim fearadh na fáilte roimh príomhoifigeach feidhmeannach SOÉ, Colin Bray. Ón mbrainse logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, cuirim fearadh na fáilte roimh Eoin Ó Droighneáin, príomhoifigeach; an Dr. Conchubhar Ó Crualaoich, príomhoifigeach; agus Aindí Mac Giolla Chomhghaill, ardoifigeach.

Chomh maith leis sin tá ard-rúnaí cúnta, Ciarán Ó hÓbáin; an príomhoifigeach, Ben King; agus an príomhoifigeach cúnta, Dan Lawlor, thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide linn freisin agus tá fáilte rompu ar fad.

Sula dtosóimid an chaint caithfidh i gceart, caithfidh mé na coinníollacha seo a léamh agus a chur ar an taifead, sula ndéanfar sin. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chórais chraolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Luaigh mé an coinníoll sin do dhaoine atá ag teacht isteach go fíorúil cheana féin agus feicim go bhfuil an Teachta Dála O'Dowd tagtha isteach ar líne freisin. Is riachtanas bunreachtúil é go mbeidh na comhaltaí ina n-oifigí i dTithe an Oireachtais chun páirt a ghlacadh sa chruinniú poiblí seo. Le linn do chomhaltaí a bheith ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh an físeán a bheith ar siúl an t-am go léir, a bheith le feiceáil ar an scáileán agus go mbeidh an micreafón múchta acu nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá gach duine anseo agus tá sé sin ceart go leor mar sin. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann leis na hábhair nó leis na himeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuirtear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha, nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh finnéithe leis an ordú sin chomh láithreach is a eisítear é.

Anois, is féidir linn tús a chur le caint agus le díospóireacht an lae inniu. Iarraim ar Colin Bray anois, thar ceann na Suirbhéireachta Ordanáis Éireann, a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Mr. Colin Bray:

I thank the Chairman. As chief executive of Ordnance Survey Ireland, OSI, I thank the Chairman and the members of the committee for the invitation to attend today’s committee meeting to address the subject of the legal provision that placenames are used only in Irish in the Gaeltacht.

To give a brief introduction to Ordnance Survey Ireland, OSI is the national mapping agency operating under the Ordnance Survey Ireland Act 2001 and is under the aegis of the Department of Housing, Local Government and Heritage. OSI is headquartered in the Phoenix Park and has six regional offices in Cork, Ennis, Kilkenny, Longford, Tuam and Sligo. OSI has a staff of approximately 230 people and is in the process of being merged with the Property Registration Authority and the Valuation Office to form a new Civil Service body to be known as tailte Éireann.

OSI publishes placenames in compliance with the Official Languages Act 2003. The OSI Act 2001 states that the general function of OSI is to provide a national mapping service in the State, and in this regard to operate in the public interest by creating and maintaining the definitive national mapping and related geographic record of the State.

Section 4 (2) (h) of the OSI Act 2001, as amended by the Official Language Act 2003, specifically relates to Irish language placenames and states the function: “to depict placenames and ancient features in the national mapping and related records and databases in the Irish language or in the English and Irish languages.”

Placenames are defined in the Official Languages Act 2003 as: “[including] the name of any province, county, city, town, village, barony, parish or townland, or of any territorial feature (whether natural or artificial), district, region or place, as shown in the maps of Ordnance Survey Ireland;”.

The Irish version of placenames are determined by the placenames branch and are given the legal status by means of a placenames order. Where a placenames order is in force, a public body is required to use the Irish version of the placenames specified in the order.

There are 13 published placename orders and eight draft placenames orders. A placenames database of Ireland is made available through the website: logainm.ie. Logainm.ieis a research project in Fiontar in Scoil na Gaeilge, which is a multidisciplinary school in Dublin City University.

As part of OSI’s obligation to maintain Irish and English placenames in the national mapping and related records and databases, OSI works closely with Fiontar and with Scoil na Gaeilge and the placenames branch to maintain an OSI national placenames gazetteer which is published openly. This means that it is available to everybody to use without restriction or charge and it contains only Irish language in Gaeltacht areas. This OSI national placenames gazetteer contains statutory administrative, statistical boundary names that are covered under the placenames order, and also contains administrative and statistical boundaries not currently published as placenames orders but which have historical translations. Our national placenames gazetteer contains over 48,000 Irish translations.

As a technology-driven organisation, OSI has the systems and processes in place to allow for the full automation in the publications of its products and services ensuring placenames compliance with the Official Languages Act 2003. OSI has automated map label placement software to ensure the correct positioning, size, and priority of placenames by geographic area so that in Gaeltacht and Gaeltacht areas, only Irish placenames are shown on mapping products and services. Examples of OSI map products have been provided in my full opening statement.

In addition to the national placenames gazetteer, OSI maintains and publishes Irish translations for any other real world features such as roads, rivers, lakes and buildings which are used within many different map products and services that OSI produces. OSI currently publishes a number of Irish language cartographic products such as our place map, land registry maps and our national-level, Irish-only digital mapping web services, MapGenie Eire.

In summary, OSI has the relationships and the data management systems in place to continue to meet its placenames obligations and is committed to doing so. I thank the Chairman.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Colin Bray. Anois iarraim ar phríomhoifigeach de chuid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a bhfuil freagracht aige as logainmneacha sa Roinn sin, chun a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Mr. Eoin ? Droighne?in:

Táim buíoch den Chathaoirleach, de na Teachtaí agus de na Seanadóirí as an deis a thabhairt dom labhairt leo inniu maidir le hábhar na forála dlíthiúla lena húsáidtear logainmneacha Gaeilge amháin ar logainmneacha na Gaeltachta.

Labhróidh mé ar feadh nóiméad nó dhó faoin gcúlra atá le stádas na logainmneacha Gaeilge.

Ar an gcéad dul síos, ní raibh ag gach logainm ach aon leagan dlíthiúil amháin ó bunaíodh an Stáit in 1922. Is é an leagan Béarla a bhí i bhformhór glan na leaganacha dlíthiúla sin, mar shampla: Dublin, Kilkenny agus Sligo, agus i gcás na Gaeltachta a leithéidí Dunquin, Carraroe, Gweedore agus mar sin de. Bhí roinnt beag eisceachtaí ann, is é sin bailte a mbíodh ainm gallda orthu le linn réimeas na Breataine agus ceangal ag an ainm sin, go minic, le coróin na Breataine, agus ar cuireadh ainm i nGaeilge amháin orthu nuair a bunaíodh an Stát. Is iad sin a leithéidí Dún Laoghaire, a dtugtaí Kingstown air tráth, agus Port Laoise, a dtugtaí Maryborough air tráth.

Sna chéad 20 bliain nó mar sin den Stát neamhspleách, rinneadh iarracht logainmneacha Gaeilge a thabhairt i réim an athuair ach ní raibh ord ná eagar mar ba cheart ar an obair sin.

Chun an cás sin a chur ina cheart, bunaíodh an Coimisiún Logainmneacha in 1946 chun foirmeacha Gaeilge údarásacha de logainmneacha an Stáit a chur ar fáil chun críocha oifigiúla. Bunaíodh an brainse logainmneacha mar chuid de Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann sna 1950idí chun taighde a dhéanamh ar son an Choimisiúin Logainmneacha. Aistríodh an brainse logainmneacha chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, mar a bhí ag an am, in 1999, agus is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é anois.

D’fhoilsigh an Coimisiún Logainmneacha an leabhrán "Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist" in 1969, saothar a bhí bunaithe ar an taighde a rinne an brainse logainmneacha. Ach fós, ní raibh stádas dlíthiúil ag na hainmneacha Gaeilge sa leabhrán sin. Ritheadh an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) in 1973 agus cé gur leagadh síos san Acht sin próiseas chun na leaganacha Gaeilge de na logainmneacha sa Stat a dheimhniú, níor thug an tAcht sin stádas dlíthiúil don logainm Gaeilge ach é a bheith inchurtha leis an logainm dlíthiúil Béarla. Achtaíodh an tOrdú Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) (Uimh. 1) (Postbhailte) 1975 agus tá sé seo bunaithe den chuid is mó ar na logainmneacha sa leabhrán "Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist" ó 1969, a thug stádas teoranta do na logainmneacha sin faoi Acht 1973.

Le 20 bliain anuas, tá stádas na logainmneacha Gaeilge sa Stát bunaithe ar fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is in ailt 31-35 a phléitear cúrsaí logainmneacha san Acht sin. In alt 31, tugtar míniú nó sainmhíniú ar an gcoimisiún, is é sin an Coimisiún Logainmneacha a bhí ann idir 1946 agus 2012. Tugadh míniú ar an téarma “logainm” féin agus ar an téarma “ordú logainmneacha”. Dála an scéil, in Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2021, dearbhaíodh nárbh ann a thuilleadh don Choimisiún Logainmneacha agus leagadh síos go raibh an coiste logainmneacha le bunú ar bhonn reachtúil.

Foráiltear le halt 32 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla gur féidir le hAire na Gaeltachta orduithe logainmneacha a eisiúint ag dearbhú na leaganacha Gaeilge de logainmneacha. I gcás go bhfuil ordú logainmneacha i bhfeidhm, tá dualgas ar chomhlacht poiblí faoi na rialacháin atá déanta faoi alt 9(1) den Acht, an leagan oifigiúil den logainm a shonraítear san ordú sin a úsáid, tar éis dátaí áirithe, sna cásanna seo a leanas: i gceannteidil stáiseanóireachta ar stáiseanóireacht nua a úsáideann an comhlacht poiblí le feidhm ón 1 Márta 2009; i gcomharthaí nua a chuireann an comhlacht poiblí in airde ar aon suíomh le feidhm arís ón 1 Márta 2009; agus i bhfógairt thaifeadta bhéil déanta ag an gcomhlacht poiblí, nó thar a cheann, le feidhm ón 1 Márta 2013.

Maidir leis na forálacha san Acht a bhaineann le logainmneacha Gaeltachta go sonrach, is mar seo a leanas atá sé. Faoi fhorálacha alt 33(2) den Acht níl feidhm ná éifeacht a thuilleadh leis an leagan Béarla de na logainmneacha Gaeltachta i gcás go bhfuil ordú logainmneacha Gaeltachta tar éis teacht i bhfeidhm. Ní mór do na comhlachtaí poiblí úsáid a bhaint as an leagan Gaeilge, agus as an leagan Gaeilge amháin, den logainm Gaeltachta mar atá sé san ordú logainmneacha sna cásanna seo a leanas: in aon Acht den Oireachtas nó in aon ionstraim reachtúil déanta tar éis theacht i bhfeidhm an ordaithe logainmneacha; i léarscáileanna a ullmhaíonn nó a fhoilsíonn Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead na suirbhéireachta an 1 Eanáir 2005, nó dá éis sin, agus a bhfuil a gcuid scálaí de réir aon cheann de na scálaí: 1:1 go 1:9,999 agus an dá scála sin san áireamh; agus ar an tríú dul síos, ar chomhartha bóthair nó sráide arna cur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.

Taobh amuigh de na dualgais sin ar na comhlachtaí poiblí a shonraítear san Acht agus sna rialacháin a ritear faoin Acht, d’fhéadfadh dualgais shonracha bhreise a bheith ar chomhlacht poiblí de thoradh na scéime teanga atá aontaithe ag an gcomhlacht sin le hAire na Gaeltachta. Mar shampla, agus ceapaim gur cás é seo a bhí mbéal an phobail le cúpla seachtain anuas, tá scéim teanga Raidió Teilifís Éireann 2019-2022, ina sonraítear an méid seo a leanas: “Cinnteoidh RTÉ go n-úsáidtear an leagan oifigiúil Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta sa chraoltóireacht agus sa chomhfhreagras uile.” Fágann an fhoráil sin i scéim teanga RTÉ gurb é an leagan Gaeilge de gach logainm sa Ghaeltacht a chaithfidh an eagraíocht sin a úsáid, agus é ag craoladh, agus i gcomhfhreagras.

Maidir leis na horduithe logainmneacha Gaeltachta, ritheadh an chéad cheann díobh sin in 2004: an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004. Deimhníodh 2,319 logainm san iomlán san ordú sin. In 2019, ritheadh an dara hordú a bhaineann go sonrach leis an nGaeltacht: an tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2011 agus sonraítear ansin logainmneacha nach bhfuil san áireamh in Ordú 2004. Tá 5,071 logainm san iomlán san ordú sin. De thoradh an dá ordú logainmneacha Gaeltachta sin, tá 7,390 logainm Gaeltachta ar fad ann a bhfuil dearbhú dlíthiúil tugtha ina leith ar fud na seacht gcontae Gaeltachta. Tá teacht ag an bpobal gan stró ar na horduithe logainmneacha éagsúla, an dá ordú Gaeltachta ina measc, ar shuíomh gréasáin logainm.ie agus ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, coimisineir.ie.

Mar a luaigh mé ar ball, bunaíodh an brainse logainmneacha mar chuid de Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann sna 1950idí chun an taighde cuí a dhéanamh ar logainmneacha na tíre agus is cuid den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é anois le 23 mbliana. Is iad seo na dualgais atá ar an mbrainse: taighde a dhéanamh ar son an choiste logainmneacha chun leaganacha údarásacha Gaeilge d’ainmneacha bailte fearainn, aonad riaracháin eile agus gnéithe aiceanta a chur ar fáil don phobal agus don Stát; freastal a dhéanamh ar son an choiste logainmneacha ar chomhfhreagras faoi logainmneacha reatha agus stairiúla araon ón phobal agus ó eagrais Stáit; agus freastal a dhéanamh ar chomhfhreagras faoi shráidainmneacha ó na húdaráis áitiúla, mar is iad atá freagrach as na sráidainmneacha a dheimhniú; comhoibriú le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i dtaca le forbairt agus cothabháil Bhunachar Logainmneacha na hÉireann; agus ailt acadúla a fhoilsiú faoi logainmneacha agus ar ábhair ghaolmhara, mar aon le freastal ar chomhdhálacha agus léachtaí a thabhairt ag comhdhálacha faoi logainmneacha, chomh maith le freastal ar an bpobal trí léachtaí poiblí a thabhairt freisin.

Chun críoch a chur le mo óráid, luafaidh mé gur bunaíodh suíomh gréasáin an bhrainse logainmneacha in éineacht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2008, is é sin logainm.ie. Bíonn gach ordú logainmneacha ar fáil ar an suíomh sin a luaithe is a thagann sé i bhfeidhm, agus roimhe sin, fiú amháin, bíonn na dréachtorduithe ann. Lena dheimhniú, scoireadh an Coimisiún Logainmneacha in 2012. Cé gur cruthaíodh an coiste logainmneacha ina ionad, is coiste neamhreachtúil é sin go dtí seo. Ní rabhthas in ann aon ordú logainmneacha eile a chur i gcrích agus a chur faoi bhráid an Aire gan an reachtaíocht a chur in oiriúint don athrú sin. Tharla sé sin ag deireadh na bliana 2021 nuair a ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá coiste logainmneacha nua le bunú ar bhonn reachtúil in 2023 faoi fhorálacha alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le hEoin Ó Droighneáin.

Mr. Ciar?n ? h?b?in:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt don Roinn freastal ar an gcruinniú seo den chomhchoiste maidir le húsáid logainmneacha sa Ghaeltacht. Mar Roinn Rialtais, táimid meabhrach ar ár gcuid dualgas faoi réimse de reachtaíocht, lena n-áirítear Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus ar bheartas an Rialtais i dtaca le húsáid na Gaeilge. Mar atá a fhios ag an gcoiste, tháinig an tAire Stáit, an Teachta Naughton, os a chomhair níos luaithe i mbliana, i mí an Mhárta, agus thug sí cuntas don choiste ar roinnt sonraí maidir le scéim teanga na Roinne agus le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Shonraigh an tAire Stáit go gcomhlíonann an Roinn a dualgais faoina scéim teanga féin agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

I dtaca le cóid phoist Eircode, chuir an tAire Stáit in iúl don choiste go bhfuil na socruithe iomchuí curtha i bhfeidhm ag an Roinn lena chinntiú go mbaintear úsáid as logainmneacha oifigiúla na gceantar Gaeltachta mar réamhshocrú chun críche oifigiúla i gcomhréir lenár scéim teanga oifigiúil, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, leis an Acht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge), 1973, agus leis na horduithe logainmneacha atá achtaithe. Mar a d'iarr an coiste ag an am, lorg an Roinn soiléiriú ar cé acu dá cuid oibleagáidí dlíthiúla a bhí á sárú aici faoina scéim Gaeilge féin agus, dá réir, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Mar a míníodh sa chomhfhreagras a chuir muid chuig an gcoiste le déanaí, aontaíonn Oifig an Ard-Aighne leis an Roinn nach bhfuil a scéim Ghaeilge féin ná Acht na dTeangacha Oifigiúla á sárú ag an Roinn. Tá sonraithe ag Oifig an Ard-Aighne go bhfuil na socruithe cuí curtha i bhfeidhm ag an Roinn lena chinntiú go n-úsáidtear logainmneacha oifigiúla na gceantar Gaeltachta mar réamhshocrú chun críche oifigiúla i gcomhréir lenár scéim teanga oifigiúil, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, leis an Acht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) agus leis na horduithe logainmneacha atá achtaithe.

I dtaca leis an tionscadal Eircode féin ach go háirithe, d’fhéach an Roinn, ó chéim deartha an tionscadail agus ó shin i leith, lena chinntiú go mbímid ag cloí lenár gcuid oibleagáidí dlíthiúla ó thaobh na Gaeilge de. Ansin, le linn chéim na hoibríochta, nuair a sainaithníodh neamhréireach idir bunachair shonraí GeoDirectory agus bunachair shonraí logainmneacha maidir le seoltaí Gaeilge, chuaigh an Roinn i mbun teagmhála in athuair leis na páirtithe leasmhara bainteacha. Is é an toradh a bhí air seo ná go ndéantar nuashonrú ar bhonn rialta ar aon neamhréireach i dtaca le logainmneacha Gaeltachta i mbunachar sonraí GeoDirectory.

Leanann an brainse logainmneacha i gcónaí den nós comhad de logainmneacha athraithe nó nuashonraithe Gaeilge a chur ar fáil do GeoDirectory An Post. Tá GeoDirectory An Post tar éis a chur in iúl don Roinn go gcuimsíonn an bunachar sonraí GeoDirectory sonraí logainmneacha oifigiúla de réir mar atá curtha ar fáil ag an mbrainse logainmneacha agus go nuashonraíonn sé an bunachar sonraí go rialta le faisnéis arna cur ar fáil ag an eagras céanna.

Ag breathnú chun cinn, leanfaidh an Roinn de bheith ag comhlíonadh a cuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar bhonn ginearálta agus go sonrach maidir leis an tionscadal Eircode. Beimid sásta aon cheisteanna a bheadh ag an gcoiste a fhreagairt.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sula ligfidh mé do na comhaltaí ceisteanna a chur, aithním go bhfuil an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee tar éis teacht isteach ar Microsoft Teams. Bhí an Teachta Ó Cuív chun ceist a chur ach tá sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal inniu so ní raibh sé in ann fanacht linn.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir. Tá roinnt ceisteanna gairide agam. Is léir go bhfuil an-chuid oibre déanta ag na heagraíochtaí go léir. Bhí mé ag léamh faoin taighde i gCiarraí. Tá sé beagnach críochnaithe agus beidh sé ar fáil an bhliain seo chugainn. An bhfuil an ceart agam faoi sin? Ní raibh mé réidh chun ceisteanna a chur. Chonaic mé go raibh "an taighde déanta den chuid is mó ar ainmneacha riaracháin Chiarraí, Chill Dara agus Chill Mhantáin." Cén fáth go bhfuil moill ann? An mbeidh sé ann an bhliain seo chugainn? Bhí mé ag cruinniú in iarthar Chiarraí an mhí seo caite. Bhí fadhb ann leis an ESB. Bhíomar ag plé fadhbanna leis na logainmneacha sa cheantar. Níl an ceantar seo sa Ghaeltacht ach tá sé lena hais. Chuir a lán de na logainmneacha sa cheantar, mar shampla, Glenlough, Cloonbeg, Duagh, Shantalliv, Reennanallagane agus áiteanna eile, mearbhall ar chuid de na daoine a bhí ann toisc nach bhfuil an Béarla soiléir. Bheadh na logainmneacha sin i bhfad níos soiléire sa Ghaeilge. Maidir le Reennanallagane in aice le Glenveagh, tá cúpla spellings ar an leagan Béarla ach tá sé an-soiléir conas an leagan Gaeilge, Rinn na nDealgán, a litriú. An bhfuil opportunity againn scéim i bhfad níos leithne a bheith againn chun go mbeidh logainmneacha na ceantair bheaga seo i nGaeilge amháin nó go mbeidh presumption ann gur cheart an leagan Gaeilge a úsáid seachas an ceann i mBéarla? De réir dealraimh, éiríonn a lán mearbhaill ón leagan Béarla. An bhfuil aon tuairimí ag na finnéithe mar gheall air sin? Tá an fhadhb seo i gceist lena lán logainmneacha bailte timpeall na tíre agus phléigh muid iad nuair a bhí an tAcht faoi dhíospóireacht sa Dáil. Táim ag caint faoi áiteanna cosúil le Quilty nó Coillte agus An Obair nó Nobber. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh na logainmneacha sin as Gaeilge. An bhfuil seans againn an scéim a leathnú amach chun go mbeadh presumption ann gur cheart an leagan Gaeilge a úsáid?

Mr. Eoin ? Droighne?in:

Faoi láthair, is leis na ceantair Ghaeltachta amháin a bhaineann an fhoráil nach bhfuil stádas ach ag an logainm Gaeilge. Sa chuid eile den tír, tá stádas le bheith ag an leagan Béarla agus ag an leagan Gaeilge araon. Mar sin, dá mbeadh athrú lena dtugtar an chuid eile den Stát ar aon dul leis na ceantair Ghaeilge á chur i bhfeidhm, bheadh athrú suntasach ar an dlí ag teastáil. Mar a aithníonn na baill ar fad - agus thug an Teachta samplaí an-mhaith - is logainmneacha Gaeilge ó cheart iad formhór na logainmneacha sa Stát. Tá an cheist casta agus an-spéisiúil. Bheadh mo chomhghleacaí anseo in ann cur síos ar ghnéithe de sin agus ar na hAngla-Normannaigh agus na pobail éagsúla a tháinig isteach sa tír ach, go ginearálta, is féidir a rá go bhfuil an formhór bunaithe ar an nGaeilge agus ar an gcultúr Gaelach.

Maidir le contaetha ar leith, san aighneacht a chuireamar ar aghaidh cúpla lá ó shin, tá liosta den obair reatha. Luaigh an Teachta Ciarraí. Is obair leanúnach atá ar bun. Nuair a bhíonn an obair ar chontae ar leith curtha i gcrích, is féidir an obair sin a chur faoi bhráid an Choiste Logainmneacha agus ansin dul i dtreo ordú a ullmhú a chuirfí faoi bhráid an Aire. Táimid tamall beag uaidh sin fós i gcás Chiarraí ach tá dul chun cinn ar bun.

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Maidir le Ciarraí, níl ach dhá pharóiste le déanamh. Más buan mo chuimhne, is dhá pharóiste atá fágtha. Nílimid ach ag teacht chuig na bailte fearainn agus tá an taighde críochnaithe sa chuid eile den chontae. Tá sé scrúdaithe ag an gcoiste logainmneacha agus dá bharr, nuair a bhéas an dá pharóiste sin críochnaithe againne, an chéad chéim eile ná go mbeidh sé ag dul ós comhair an choiste. Ansin beimid ag ullmhú dréacht-ordú logainmneacha agus beidh tréimhse comhairliúcháin ann agus seans ag an bpobal aighneachtaí a chur isteach faoi na logainmneacha agus faoi na leaganacha Gaeilge, srl. Nuair atá an chéim sin críochnaithe, rithfear an t-ordú logainmneacha ansin ach beidh seans ag daoine aighneachtaí a dhéanamh ar dtús.

Is dócha go bhfuil sé chomh maith agam a shoiléiriú anois, ar eagla nach dtuigeann daoine, nach bhfuil baint againn le logainmneacha Béarla. Níl aon bhaint ar chor ar bith ag an mbrainse logainmneacha le logainmneacha Béarla nó an leagan Béarla den logainm. Go bunúsach, baineann na leaganacha oifigiúla atá ann sa Bhéarla leis an leagan den logainm atá le fáil ar an gcéad leagan de léarscáil SOÉ sé orlach. Mar sin táimid ag caint thart ar an tréimhse idir 1830 go dtí 1845. Socraíodh na logainmneacha Béarla le linn an tréimhse sin agus is iadsan – seachas eisceacht nó dhó – na leaganacha atá le fáil in innéacs na mbailte fearainn 1901 agus is iad sin na leaganacha oifigiúla Béarla atá ann. Níl aon bhaint againne leo siúd.

Má théann tú chuig logainm.ieagus má amharcann tú ar Oilgate – tugaimse Oilgate air mar bhaineann sé le mo chontae dúchais, Loch Garman - an leagan oifigiúil atá ar an mbaile sin ná "Oilgate" ach an leagan a bhíonn in úsáid go háitiúil ná "Oylegate". Caithfimid an leagan oifigiúil a úsáid ar logainm.ie. Tá ciall le sin fosta; sin an leagan atá ar na léarscáileanna oifigiúla de chuid SOÉ. Ní bheadh aon dealramh leis dá mbeadh muidne ag baint úsáid as leaganacha eile nó malartacha. Má bhímid ar an eolas faoi leaganacha malartacha, áfach, cuirtear isteach sa bhunachar sonraí iad. Mar sin, má dhéantar cuardach anois ar "Oylegate" ar logainm.ie, tiocfaidh tú ar an leathanach le haghaidh "Oilgate" agus gheobhaidh tú an leagan Gaeilge, "Maolán na nGabhar", freisin. Tá súil agam go bhfreagraíonn sé sin cuid den cheist.

Bhí ceist ann faoin mhoill atá i gceist le Cill Dara agus Cill Mhantáin. Más buan mo chuimhne, tá an coiste logainmneacha réidh le Cill Dara a scrúdú anois, agus ansin rachaidh sé ar aghaidh chuig na céimeanna eile. Bhí mé féin ag obair ar Chill Mhantáin agus tá ainmneacha deich mbailte fearainn, b'fhéidir, fós le scrúdú ansin. Tharla an phaindéim agus ní raibh mé in ann dul chuig na leabharlanna cuí agus a leithéid. Beidh na céimeanna céanna á leanúint ansin. Caithfidh mé a rá nach bhfuil ach foireann an-bheag ag an mbrainse logainmneacha agus is é seo cuid den chúis leis an mhoill ar chúrsaí fosta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéid fostaithe atá sa bhrainse?

Mr. Eoin ? Droighne?in:

Tá beirt againn i láthair na huaire agus oifigeach cléireachais. Tá an tríú duine le ceapadh roimh na Nollag ach i ndáiríre tá ár gcuid uimhreacha thíos ar an uimhir fostaithe a bhí againn in 2009 nuair a bhí seachtar taighdeoirí ann. Níl againn ach triúr anois, go bunúsach.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá dhá cheist agam. Cén paróistí i gCiarraí atá i gceist?

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Ceann Mara atá ar an teorann le Corcaigh agus Neidín ó dheas. Thart faoin gceantar sin.

Mr. Aind? Mac Giolla Chomhghaill:

I bparóiste Ghleann Uí Ruachta de réir mar a thuigim.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh an Dr. Ó Crualaoich an tsuirbhé a rinneadh in 1830-----

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

An tSuirbhéireacht Ordanáis a rinne-----

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Na hInnealtóirí Ríoga sa dráma Translationsle Brian Friel.

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Mar eolas, tá an dráma sin an-mhí-chruinn. Níl sé cothrom ar chor ar bith ar na daoine a bhí ag obair leis an tSuirbhéireacht Ordanáis.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I do thuairimse.

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

I ndáiríre. Má théann an Seanadóir-----

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an coiste ag dul i ndiaidh Brian Friel anois.

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Bainimid úsáid as na doiciméid cosúil le ainmleabhar na bparóistí agus na litreacha. Bhí triúr nó ceathrar ag dul timpeall leis an tSuirbhéireacht Ordanáis ag an am agus cainteoirí dúchasacha Gaeilge a bhí iontu. Rinne siad a ndícheall chun na leaganacha Gaeilge áitiúla a bhailiú chun cuidiú le córas na leaganacha Béarla a bhuanú, mar a déarfá. An ceannaire nó boss a bhí acu ná Seán Ó Donnabháin. Is léir d'éinne a thuigeann an oiread sin dua a chaith sé ar an obair gur cineál genius ab ea é. Is féidir liom sampla iontach a thabhairt do bhaill an choiste. Tá Aghowl nó Achadh Abhall i ndeisceart Chill Mhantáin. Deir Seán ina gcuid litreacha gur aimsigh sé an áit ina raibh Achadh Abhall ar deireadh agus ba léir go raibh ríméad air faoi seo. Luaitear an áit sna lámhscríbhinní luath ach ní raibh sé riamh in ann é a aimsiú go dtí go raibh sé ar obair pháirce i ndeisceart Chill Mhantáin agus d’aimsigh ansin é. Mar sin, déarfainn go bhfuil cineál míchruinnis sa dráma sin, Translations.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Artistic licence.

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Tá brón orm ach ní stopfar anois mé agus mé ag caint faoi logainmneacha. Mar eolas, bhí Seán Ó Donnabháin ag gearán faoi Chontae Shligigh nuair a bhí siad ag iarraidh leaganacha áitiúla a bhailiú ó mhuintir na háite. In áiteanna eile i dtuaisceart Loch Gharman, luaigh sé nach raibh aon Ghaeilge ansin ach nuair a shroich sé iarthar Loch Gharman agus paróiste Teampall Lúdagáin, dúirt sé gur labhair muintir na háite Gaeilge mhaith ansin. Maidir le Sligeach, dúirt duine amháin acu - an tUasal Ó Conchubhair sílim, gur labhraíodh an Ghaeilge is fearr - lán stad - i gCúige Chonnacht i Machaire Eabha; an cheantar ó thuaidh ó bhaile Shligigh. Níl a fhios agam cén fáth go ndúirt sé é sin ach sin a dúirt sé ag an am.

Dúirt Seán Ó Donnabháin go mbíodh frustrachas air mar bhíodh daoine ag tabhairt freagra dó uaireanta a shíl siad a bhí ag teastáil uaidh, agus ní an fíorfhreagra, mar a dhéarfá. Iarradh sé ar dhaoine cén leagan Gaeilge a bhí ar áit agus, mar a tharla i Liatroim, cumadh logainmneacha. Uaireanta bíonn orainn a bheith cúramach ach bhí na bailitheoirí féin ag iarraidh a bheith an-chúramach chomh maith.

Mr. Aind? Mac Giolla Chomhghaill:

Déantar éagóir orthu agus tá an cheart ar fad ag an Dr. Ó Crualaoich – is ar son na drámaíochta is dócha a déanadh é. Bhí na bailitheoirí i bhfad níos fearr ná má a mheasfá agus tú ag féachaint ar an ndráma. Tá an dráma féin ar fheabhas gan amhras ach ní mar sin an cur chuige a bhí an an tsuirbhéireacht i leith logainmneacha Gaeilge. Bhí sé i bhfad níos eolasachaí. Caithfear cuimhneamh nach ar mhaithe le logainmneacha Gaeilge a bhíodar ag déanamh an taighde ach chun teacht ar na bunleaganacha Gaeilge ionas go mbeidís in ann Béarlú sort slachtmhar a chur ar na léarscáileanna; eilimint ar eilimint.

Dá bhfaighidís amach cérbh é an bunlogainm Ghaeilge, bhí sórt scála traslitrithe acu agus ansin, eilimint ar eilimint, d'oibreoidís ar na leaganacha Gaeilge, a bhí le greanadh ar na léarscáileanna go deo na ndeor. Chaithfidís a bheith chomh cruinn agus a d'fhéadfaidís a bheith. Is chuige sin a bhí na scoláirí ag obair. Ní mór cuimhneamh gur scoláirí den chéad scoth ab ea beirt nó triúr acu, ar a laghad, agus Seán Ó Donnabháin os cionn gach éinne.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh orainn drámadóir eile a fháil chun Lost in Translationsa chumadh.

Mr. Aind? Mac Giolla Chomhghaill:

Go díreach. Beidh sé ag teastáil.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon cheisteanna eile agamsa.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá roinnt cheisteanna agam féin. Níl mé chun an Teachta a chur ar an spota.

An príomhfháth gur thug mé an cuireadh do na finnéithe teacht os ár gcomhair ná an tuarascáil a rinne an Coimisinéir Teanga agus an gearán a bhí sé ag tabhairt faoi maidir le Eircode. Thugamar cuireadh do GeoDirectory, Eircode, An Post, agus an Aire teacht os ár gcomhair. Ag deireadh an dá seisiún a bhí i gceist, ní raibh a fhios againn fós cad as a tháinig na logainmneacha Béarla a thagann chun cinn nuair atá duine ag lorg áite ar Eircode.

Más buan mo chuimhne, mhaígh GeoDirectory go bhfuair sé an t-ábhar ó An Post nó ón Roinn agus dúirt An Post go bhfuair sé é ó dhream éigin eile agus dream éigin eile. Sa deireadh ní raibh a fhios againn cad as atá sé ag teacht, agus sin í an cheist mar tá duine éigin ag staid éigin ag briseadh an dlí. Má chuirtear ainm i nGaeilge isteach i Eircode, ní thagtar air go minic má tá sé sa Ghaeltacht agus má chuirtear an t-ainm isteach i mBéarla tiocfaidh sé chun cinn. An uair dheireanach a bhí dream os ár gcomhair rinne mé cúpla sampla a thabhairt nach raibh mé tar éis tástáil a dhéanamh orthu roimhe sin, ceann amháin ná Tigh Uí Chatháin i mBaile an Fheirtéaraigh. Teach Uí Chatháin Ballyferriter a bhí in Eircode; ní raibh teacht ar Bhaile an Fheirtéaraigh ar aon litriú don teach áirithe sin. Cén fáth gur chuir mé sin isteach? Tá aithne agam ar an teach agus chuir mé cúpla áit eile isteach. Tá fadhb bunúsach ann agus bhí an Coimisinéir Teanga ag tabhairt aird ar an bhfadhb bunúsach sin. Táimid fós ag iarraidh teacht ar réiteach ionas nach bhfuil an Béarla chun cinn i gceantar Gaeltachta ar Eircode nó ar aon chóras Stáit eile.

Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag aon duine cé air nó uirthi a bhfuil an locht agus cén uair a bheidh an fhadhb leigheasta. Níl sé i gceist ag an gcoiste seo, agus ní bhíonn riamh i gceist, daoine a chéasadh faoi rudaí; táimid ag iarraidh go leigheasfar na fadhbanna a ardaíonn an Coimisinéir Teanga. Beidh sé os ár gcomhair inniu níos déanaí le cúpla gearán eile a rinne sé sa tuarascáil oifigiúil. Muna leigheasfar iad, leanfaidh siad. Tá cúpla ceist eile a d'ardaigh sé linn nach bhfuil leigheasta go fóill. Táimid beagnach críochnaithe le ceann faoin nGarda Síochána ach níl sé críochnaithe go fóill. Iarraim ar na hoifigigh ón Roinn míniú a thabhairt, óna dtaobh de, cad é an ról atá acu maidir leis an mbunábhar atá ag Eircode.

Mr. Ciar?n ? h?b?in:

Tuigim an cás go maith. D'fhiafraigh an Cathaoirleach cé air nó uirthi a bhfuil an locht agus dúirt sé rud an-tábhachtach i ndiaidh sin; gurbh é an modh oibre atá ag an gcoiste seo ná go bhfuil sé dírithe ar rudaí a fheabhsú agus rudaí gur chóir a bheith in áit a chur in áit. Tá mise ag plé leis an ábhar seo sa Roinn le roinnt mhí anois. Thuig mé go maith an méid a bhí le rá ag an gCoimisinéir Teanga agus bhí orm dul taobh thiar de sin. Ansin fuaireamar an chomhairle ón Ard-Aighne maidir lena dhearcadh maidir leis an Roinn a raibh ag sárú a scéim féin. Ag dul i bhfad taobh thiar de sin, is é an bhuncheist ná go mba mhaith linn é dá mba rud é go mbeadh an duine a bhíonn ag plé le suíomh gréasáin Eircode in ann plé leis an suíomh sin, trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, in aon áit sa tír, agus teacht ar an Eircode don suíomh atá siad ag lorg.

Tá gach gur féidir á dhéanamh ag an Roinn é sin a chur in áit ach nuair a théitear siar, ar an suíomh gréasáin sin is é an bunachar sonraí atá agat ná an bunachar sonraí GeoDirectory le tag curtha leis. Is é sin meascán de litreacha agus uimhreacha gurb é an Eircode agus cuidíonn sé sin le duine an suíomh a aimsiú. Nuair a théitear taobh thiar den bhunachar sonraí GeoDirectory tá sé sin ag braith ar an mbunachar sonraí de chuid An Phoist do na seoltaí poist. Tá thart ar 86% de na seoltaí poist i nGaeilge sa Ghaeltacht agus níos lú ná sin, b'fhéidir 77% nó 78%, le leagan Gaeilge acu sna ceantair lasmuigh den Ghaeltacht. Go dtí go sroichfear 100% de na seoltaí poist a bheith i nGaeilge agus i mBéarla, ní féidir le haon duine atá ag úsáid an bunachar sonraí Geodirectory nó an bunachar sonraí Eircode a bheith cinnte go mbeidh siad in ann teacht ar sheoladh trí Ghaeilge.

Mar sin caithimid dul go dtí an áit ina thosaíomar. Is é sin an áit ina ghintear an chéad seoladh poist. Tá obair á déanamh ag An Post chun é sin a fheabhsú agus tá an méid seoltaí atá i nGaeilge ag dul i méid an t-am go léir. Mar thoradh air sin, tá céatadán de thart ar 86% de na seoltaí sa Ghaeltacht ar an gcóras Eircode ar fáil i nGaeilge. Ar an gcóras Idirlíon, is féidir é a fhiosrú i nGaeilge nó i mBéarla. Nuair a thagtar ar Eircode agus má chuirtear an Eircode isteach agus tugann sé suas seoladh, is é an seoladh i nGaeilge, má tá sé ann, a chuirtear ar fáil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil éinne eile ag iarraidh teacht isteach air sin? Tá Ciarán Ó hÓbáin ag rá go dtagann an bunachar sonraí do GeoDirectory agus Eircode ón Post. Tá An Post ag braith ar an gcoiste logainmneacha do na bailte fearainn ach do na sráidbhaile luadh níos luaithe go bhfuil sé faoin gcomhairle chathrach nó faoin gcomhairle chontae.

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Tá na húdaráis áitiúla freagrach as sráidainmneacha. Tá na sráidbhailte féin ar fad clúdaithe ag ordú logainmneacha cheana féin agus tá siad le fáil. Tá gach uile bhaile fearainn sa Ghaeltacht clúdaithe ag ordú logainmneacha cheana féin ó 2004. Ansin, mar a luadh cheana féin, bhí 5,071 logainmneacha eile sa dara ordú logainmneacha a rinneadh don Ghaeltacht. San iomlán tá 7,390 leaganacha Gaeilge sa dá ordú logainmneacha don Ghaeltacht.

Tá siadsan le fáil ó 2004 agus ó 2009, más buan mo chuimhne. Is féidir le haon duine dul isteach in logainm.ieagus iad a fháil láithreach. Ní gá ach cliceáil a dhéanamh ar na horduithe logainmneacha agus gheofar iad ansin. Tá siad ar fáil saor in aisce d’aon duine.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aithním an méid sin. De réir cosúlachta anois, tá sé beagáinín níos soiléire domsa. Tá fadhb éigin ann maidir le sráidainmneacha, is é sin le seoltaí, in eastáit tithíochta, agus mar sin de. Níl an dualgas sin ar an Roinn ach tá na dualgais sin ar na údaráis áitiúla agus is ansin atá an fhadhb. Mura bhfuil ach 86% de na sráidainmneacha nó de na heastáit tithíochta sa Ghaeltacht ainmnithe as Gaeilge, tá an locht ar na comhairlí nó na húdaráis áitiúla nach bhfuil ag tabhairt an eolais sin go hiomlán do An Post. An bhfuil sé sin i gceart agam?

Mr. Ciar?n ? h?b?in:

Sin cheist do An Post agus ní féidir liom í a fhreagairt go cinnte ach tá drogall orm an locht------

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceist anseo do An Post mar sin.

Mr. Ciar?n ? h?b?in:

----- a chur ar na comhairlí contae ach is féidir liom a rá go n-úsáidimid na bunachair shonraí. Tagann na seoltaí ó An Post trí GeoDirectory agus ciallaíonn sé sin go bhfuil 86% de na seoltaí sin i nGaeilge. Ní féidir liom a rá nach bhfuil ainmneacha sráide i nGaeilge ar na seoltaí sin. B'fhéidir go bhfuil ar chuid acu, nó b'fhéidir nach bhfuil, níl a fhios agam.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an rud atá á rá ag lucht GeoDirectory ná nach ndéanann siad ainmneacha atá i nGaeilge a aistriú go Béarla. Deireann said gurb é seo an bunábhar a thagann chucu agus nach bhfuil said ag déanamh aon athrú. Tá locht áit éigin sa chóras. Níl na bunleaganacha atá á bhfháil ag an ríomhaire, nó ag an gcóras atá á gcur le chéile, i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, nó níl siad díreach i nGaeilge ó thaobh na Gaeltachta de mar ba chóir. Nuair a bhí ionadaithe anseo ó An Post, le linn dúinn a bheith ag caint air seo, ní léir dúinne, nó domsa ar aon chaoi, go raibh an tuiscint sin acu. Más buan mo chuimhne, bhí siad ag cur an lochta áit eile - duírt siad go raibh An Post ag fáil gach rud ó Logainm.ie nó ó a leithéid. Ní raibh An Post ag cinntiú go raibh an méid a bhí sé ag cur ar fáil do GeoDirectory agus, dá réir, do Eircode, ag cloí go hiomlán leis an dlí maidir le ceantair Ghaeltachta. Is féidir linn argóint a bheith againn faoin gcuid eile den tír. Measaim go bhfuilimid tar éis teacht ar an áit ina bhfuil an fhadhb agus gur ghá dúinn díriú isteach ar na húdaráis áitiúla maidir le conas is féidir linn an 14% sin nach bhfuil foirfe a leigheas. An bhfuil aon ceist ag an Teachta Connolly?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh ár n-aíonna. Feicim go bhfuil beirt bhan anseo in bhur measc. Bím i gcónaí ag tarraingt airde ar easpa cothromaíochta mar bhean mé i measc na bhfear.

Tá mé measctha suas fós. Gabhaim buíochas lenár n-aíonna as na ráitis tosaigh, atá léite agam. Is dócha go bhfuil an Roinn ag rá nach bhfuil locht ar bith uirthi, go bhfuil comhairle dlí faighte aici, agus go bhfuil gach rud a rinne sí ceart agus i gcomhréir leis an scéim teanga. Is é sin an méid a thuigim ó ráitis na Roinne.

Mr. Ciar?n ? h?b?in:

Táimid sásta go bhfuilimid ag feidhmiú i gcomhréir leis an dlí lenár scéim teanga féin, ach ní bheimid sásta riamh go dtí go bhfuil an caighdeán chomh hard is ar féidir leis a bheith ag na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag an Roinn. Ba mhaith linne go mbeadh gach uile dhuine a úsáideann an bunachar sonraí Eircode sásta leis an úsáid sin. Tá sé soiléir go bhfuil daoine ann a úsáideann é. Leanfaidh an bunachar sonraí sin go dtí go mbeadh sé go hiomlán dátheangach ach ní bheidh na daoine sin sásta lena úsáid go dtí go mbeidh sé amhlaidh. Nílimid sásta faoi sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar a laghad, ó thaobh na Roinne de, tá roinnt soiléirithe i gceist. Fuair an Roinn comhairle dlí-----

Mr. Ciar?n ? h?b?in:

Fuair.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----agus tá gach rud déanta aici is ba chóir di a bheith déanta aici. Tá conradh ag an Roinn le An Post agus dar leis an bplean teanga a bhí ag an Roinn, chuir sí gach rud san áireamh ach, faraor, ar an talamh níl sé sin ag tarlú. Níl a fhios agam an bhfuilimid níos soiléire maidir leis an réiteach atá le bheith ann.

Tá mé ag breathnú ar ráiteas tosaigh an Choimisinéara Teanga. Beidh sé os ár gcomhair i gceann cúpla nóiméad. Tá líon na ngearán chomh hard sin go ndeireann sé ina ráiteas:

Is minic ráite agam é go bhfuarthas níos mó gearán ar an ábhar seo leis féin ná mar a fuarthas riamh maidir le haon ábhar aonair eile ó bunaíodh an Oifig.

Is rud thar a bheith bunúsach é muna bhfuil ainm agus seoladh an duine le bheith i nGaeilge aige nó aici. Tá beagáinín dul chun cinn déanta ach níl an córas ag feidhmiú fós chun na cearta atá ag daoine a chur i bhfeidhm. Tá fadhb ann.

Bhí ar an gCoimisinéir Teanga tuarascáil a leagan os comhair na Dála agus ní dhéanann sé é sin go minic. Rinne sé é ó thaobh An Gharda Síochana agus ó thaobh an ábhair seo. Is rud neamhghnách é tuarascáil a chur os comhair na Dála. Táimid ag streachailt - agus ní saineolaithe muid - chun tuarascáil a fhoilsiú agus ag iarraidh teacht ar réiteach air seo. D'éist mé go cúramach an uair dheireanach le An Post agus le GeoDirectory, ach bhí mé beagáinín déanach inniu. Ní thuigim fós cén fáth a bhfuil misalignment idir na logainmneacha agus na bunachair shonraí. B'fhéidir nach bhfuil-----

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Bhuel, tá siad á gcur ar fáil againne. Tugadh sampla ansin maidir le Tigh Uí Chatháin agus ansin Ballyferriter. Tá Ballyferriter le fáil in ordú logainmneacha ó 2004 ar aghaidh mar “Baile an Fheirtéaraigh” agus níl aon neart againn ar an rud.

Caithfidh mé é a shoiléiriú, b'fhéidir, nach bhfuil aon nasc foirmiúil againn ar chor ar bith le GeoDirectory de chuid An Phoist. Is taighdeoirí muidne agus bímid ag déanamh taighde ar logainmneacha agus sin é. Nuair a bhíonn an taighde sin déanta, cuirtear é faoi bhráid an choiste logainmneacha agus ansin bíonn na céimeanna ann chun cur leis na logainmneacha a rith, agus a leithéid.

Maidir le sráidainmneacha, is amhlaidh go bhfuil an scéal difriúil sa dóigh is nach bhfuilimid freagrach ar chor ar bith as sráidainmneacha. Mar atá scríofa sa leabhrán "Sráidainmneacha Treoirlínte / Streetnames Guidelines", bímid ar fáil do na comhairlí áitiúla má bhíonn comhairle ag teastáil uathu. Sa dóigh sin bhí scéim ann idir 2004 agus 2009 nó 2010. Ag an am sin bhí GeoDirectory agus SOÉ páirteach sa scéim agus ghlac deich n-údarás áitiúila páirt sa scéim sin fosta. Rinneamar na sráidainmneacha a chaighdeánú iontu siúd agus aontaíodh na leaganacha Gaeilge leis na húdaráis áitiúla. Tá siad le fáil ar logainm.iefosta.

Sa mhullach air sin, bíonn comhairlí áitiúla i dteagmháil linn uaireanta chun comhairle a fháil uainn. Nuair a bhíonn leagan Gaeilge aontaithe againne ansin, cuirimid é sin ar logainm.iefosta. Ní bhíonn na comhairlí áitiúla i dteagmháil linn i gcónaí agus is í sin an fhadhb. Níl aon iachall orthu é sin a dhéanamh ach an oiread.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil bearnaí ar logainm.ie. Ní fhaighimid na leaganacha Gaeilge ó na húdaráis áitiúla agus dá bharr sin tá na bearnaí ann. Tá an Roinn ag iarraidh na bearnaí sin a líonadh fosta. Tá scéim ar siúl lenár gcomhghleacaithe ag logainm.iei DCU chun leaganacha Gaeilge de na sráidainmneacha sin a aimsiú. Uaireanta bíonn siad ar fáil ar ainmchláir agus a leithéidí. Tá ár gcomhghleacaithe ag iarraidh na hainmneacha a bhailiú le chéile agus ansin tabharfar faoinár mbráid iad. Níl foireann againn chun é a phlé i láthair na huaire, ach tá súil agam go mbeidh foireann ann go luath. Ansin beidh orainn dul i dteagmháil leis na húdaráis áitiúla chun an imprimatur a fháil uathu mar is leosan atá an t-údarás chun na hainmneacha Gaelacha agus Béarla a bhaisteadh agus a shocrú. Tá bearnaí sa chóras logainm.ie, ach tá sé díreach ann mar áis don phobal mar sin is cineál taiscumar é.

Nuair a bhaineann sé le bailte fearainn agus a leithéid, is rud eile ar fad é. Sa chás sin, is é an leagan ar logainm.iean leagan oifigiúil agus sin an fáth go bhfuil logainm.ieann. I gcás sráidainmneacha, níl ann ach taiscumar é. Níl ann ach an t-eolas a bhfuair muidne thar na blianta. I go leor cásanna, ní bhfuaireamar aon eolas ó na comhairlí áitiúla, ach níl aon dualgas orthu an t-eolas sin a thabhairt dúinn ach an oiread. Tá siad freagrach as ainmneacha sráide agus sin é, ach táimid ag iarraidh gach rud a tharraingt le chéile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin suimiúil agus cabhrach. Díríonn sé an spotsolas ar rud praiticiúil. An bhfuil sé féaráilte a rá nach bhfuil na húdaráis áitiúla ag tapú na ndeiseanna atá ann?

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Arís, ní féidir liomsa é sin a rá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Tá bearna mhór ann.

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Má théimse síos an tsráid, ní féidir liom ach mo thaithí pearsanta a léiriú. Bímse féin amuigh ar mo rothar an t-am ar fad. Feicimse comharthaí an t-am ar fad atá aonteangach, mar shampla, agus níor chóir go mbeidís aonteangach. Tá na húdaráis áitiúla freagrach as sin.

Tá roinnt údaráis áitiúla ann atá an-mhaith. Tá na húdaráis i mBaile Átha Cliath, don chuid is mó, an-mhaith agus déanann siad an-iarracht leis na céimeanna agus na treoirlínte ar fad. Tá údaráis eile ann nach bhfuil a fhios againn fúthu mar ní bhíonn siad i dteagmháil linn. Táim cinnte go bhfuil roinnt acu an-mhaith, agus tá roinnt eile acu nach bhfuil chomh gníomhach ó thaobh na Gaeilge de. Nílim ach ag cur mo thaithí pearsanta in iúl.

Mr. Ciar?n ? h?b?in:

Bhí mé ag díriú ar an mbunachar sonraí de chuid An Phoist. Braitheann An Post ar chomharthaí bóthair agus iad ag forbairt an bhunachair sonraí an t-am go léir, agus tá sé sin tábhachtach.

Maidir leis na gearáin, de réir staitisticí maidir le húsáid eircode.ie, is léir go mbíonn thart ar 2.5 milliún searches ar an suíomh Idirlín sin gach mí. Mar thoradh air sin, mura bhfuil an suíomh ag tabhairt an eolais do dhaoine sa tslí ina bhfuil sé ag teastáil uathu, tá céatadán áirithe den 2.5 milliún duine nach bhfuil sásta. Cuid den chúis go bhfuil daoine ar an eolas faoi na heaspaí sna bunachair shonraí i gcoiteann sa Stát maidir le seoltaí i nGaeilge ná go n-úsáidtear eircode.iechomh forleathan sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agam do Colin Bray, ó SOÉ. Is é atá i gceannas ar an tionscnamh a rinneadh in 1830 go 1840 agus tá sé tar éis teacht i gcomharbas orthu siúd a rinne an bhunobair, mar a luadh níos luaithe i Translationsag Brian Friel. An bhfuil Colin Bray cinnte go bhfuil gach rud i gceart ó thaobh na léarscáileanna de agus nach bhfuil ainmneacha Béarla chun tosaigh sna léarscáileanna a chlúdaíonn ceantair Ghaeltachta atá foilsithe ag SOÉ?

Mr. Colin Bray:

Yes, I am confident because we only publish Irish placenames in Gaeltacht areas. We have developed advanced mapping systems. We automate the production of our mapping. We back our web services up with a gazetteer we maintain from Logainm.ie. On our publications, we only publish Irish placenames in Gaeltacht areas. We are very proud to be the authoritative source of cartographic product and record. When we look at the guidance note of the Official Languages Act 2003, as mentioned earlier, it applies to a mapping scale of 1:1 to 1:10,000. In Ordnance Survey Ireland, we go far beyond that. We apply that principle to all our mapping scales. All our mapping services are governed by a set of computer rules and they only show Irish placenames in Gaeltacht areas.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach é sin a shoiléiriú. Cad faoi bhailte a bhfuil dhá ainm orthu, mar shampla, Charleville-Ráth Luirc? Tá an dá ainm ann agus á úsáid, agus níl an baile sa Ghaeltacht. Cad a tharlaíonn i gcás mar sin?

Mr. Colin Bray:

In that case, the names and text for our mapping comes from our database and that database comes from Logainm.ie and we show bilingual text outside Gaeltacht areas. Whatever the authoritative text may be, we will show that on our maps. As more orders are published, we have the ability to apply those orders to all our products and services within one month.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ceist ag aon duine eile? Bhí an díospóireacht an-suimiúil go háirithe an píosa faoin mhéid a dearnadh 150, 170 nó 200 bliain ó shin.

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

I gceann dhá bhliain, beifear ag ceiliúradh 200 bliain ó cuireadh tús leis an obair suirbhéireachta in Éirinn. Tá tionscnamh ann chun é a chomóradh. Tosaíodh ar an Tuaisceart ar dtús agus tá ár gcomhghleacaithe ó Thuaidh i mbun tionscnaimh chun an t-eolas ar fad a tharraingt le chéile, a dhigitiú agus a chur ar fáil ar líne in 2024. Sílim go bhfuil ár Roinn á mhaoiniú go pointe áirithe.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an dráma nua ag teacht amach agus an t-úrscéal is gach rud eile.

Dr. Conchubhar ? Crualaoich:

Agus an scéal a chur i gceart, agus cothrom na Féinne a thabhairt do na taighdeoirí a bhí ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus do na saighdiúirí Sasanacha a bhí leo. Muna bhfuil éinne eile ag iarraidh teacht isteach, ba mhaith liom cúpla focal a rá. D'éirigh linn teacht ar an bhfadhb agus leis an tuiscint nua seo beimid in ann críoch a chur leis an gcuid seo den fhiosrú atá ar bun againn. Is féidir linn moltaí a chur chuig an Aire breis foirne a fháil chun cabhrú leo siúd atá ag obair ag logainmneacha, mar atá ag dul dóibh ar aon chaoi.

Anuas ar sin, tá súil agam gur féidir linn iarraidh ar na hAirí difriúla díriú isteach ar seo chun cinnte a dhéanamh de nach mbeidh fadhb ann amach anseo agus go mbeidh leigheas ar an scéal. Más gá cuidiú leo spreagadh a thabhairt do na comhairlí áitiúla atá lochtach, déanfar sin, ionas go réiteofar pé fadhb atá ann ó thaobh a n-ionchur nó fadhbanna eile atá ag dreamanna cosúil le GeoDirectory nó An Post. Is gá an fhadhb seo a réiteach sa deireadh thiar, ionas nach mbeimid ag teacht ar ais anseo i gceann cúig nó deich mbliana agus gan leigheas againn ar an bhfadhb cuíosach bunúsach seo.

Tá mé ag súil go mbeidh coiste logainmneacha nua ann chomh luath agus is féidir agus go bhfoilseofar ceann den ocht dréacht atá ina suí anseo le síniú ag an gcoiste - obair bhreise é sin do Colin Bray agus daoine eile – agus ansin go mbeidh foireann an choiste logainmneacha in ann cur leis an obair sin atá ríthábhachtach. Nuair atá an obair sin curtha díobh, beifear in ann féachaint an fiú tabhairt faoi cheist na sráidainmneacha agus rudaí eile. B’fhéidir go bhfuil an iomarca oibre breise fós le déanamh nuair a chríochnaíonn siad na contaetha eile ar fad atá fós le déanamh. Tiocfaimid ar ais chuige sin amach anseo.

Cuirim críoch leis an gcuid seo de chruinniú an lae inniu. Gabhaim buíochas le Colin Bray, príomhoifigeach feidhmiúcháin, SOÉ; le Eoin Ó Droighneáin, príomhoifigeach logainmneacha, atá anseo ó bhrainse logainmneacha na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus lena chomhghleacaithe, an Dr. Conchubhar Ó Crualaoich, príomhoifigeach; agus Aindí Mac Giolla Chomhghaill, ardoifigeach. Gabhaim buíochas freisin leis an ard rúnaí cúnta ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ciarán Ó hÓbáin; le Mr. Ben King, príomhoifigeach; agus le Dan Lawlor, príomhoifigeach cúnta. Beidh seisiún eile againn Beidh seisiún eile againn i gceann tamaill bhig.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 2.53 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.22 p.m.