Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte ón Seanadóir Mullen. Is féidir leis an gcruinniú seo leanúint ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá, ach ní fheicim go mbeidh gá ann muna bhfuil an choiste an-chonspóideach. Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhaltaí eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú seo, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair an chruinnithe inniu, agus roimh lucht féachana sheirbhís teilifíse an Oireachtais.

Fearaim fáilte roimh Áine-Máire Ní Cheallaigh, stiúrthóir ar Chathair Litríochta Bhaile Átha Cliath de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe, UNESCO, agus Orla McMorrow, oifigeach forbartha Gaeilge, mar ionadaithe thar cheann sheirbhís leabharlainne Chathair Bhaile Átha Cliath; agus Bernie Kelly, leabharlannaí gníomhach an chontae, Josephine Vahey, leabharlannaí feidhmiúcháin sinsearach gníomhach, agus Aoife O’Kelly, cúntóir leabharlainne, mar ionadaithe thar cheann sheirbhís leabharlainne Chontae na Gaillimhe. Gabhaim buíochas an choiste leo as teacht anseo inniu agus a bheith linn.

Tá na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Beidh Micheál Ó Cinnéide ag freastal ar an gcruinniú ar líne. Níl sé i láthair go fóill ach aithneoidh mé é nuair a thagann sé isteach. Cuirim ar an taifead gur thugamar cuireadh do Chumann Leabharlann na hÉireann freastal ar an gcruinniú agus páirt a ghlacadh sa phlé ach, go dtí seo, níor ghlac sé leis an gcuireadh sin. B’fhéidir go mbeidh an cumann in ann teacht isteach am eile nuair a bheidh plé againn ar an ábhar seo nó ábhar gaolta leis. Is é an t-ábhar atá á phlé againn inniu, agus atá á phlé againn le cúpla seachtain anuas, ná conas is féidir foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú: meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras fuaime Thithe an Oireachtais. Má tá daoine ag freastal go fíorúil ar Microsoft Teams, is gá dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint linn agus go mbeidh an físeán ar siúl ar a scáileán fad is atá siad ag freastal ar an gcruinniú.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus an fhianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór dóibh siúd atá ag freastal ar chruinnithe lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear do fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Anois déanfaimid ár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe inniu. Glaoim ar dtús ar an bpríomh-fhinné thar ceann seirbhísí leabharlainne chathair Bhaile Átha Cliath.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste, thar ceann leabharlanna chathair Bhaile Átha Cliath, as an gcuireadh a tugadh dom labhairt leis inniu. Is stiúrthóir chathair litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath agus leabharlannaí le leabharlanna chathair Bhaile Átha Cliath mé. Cuirim fáilte roimh an deis cur leis an bplé maidir le foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh. I mo theannta inniu tá Orla McMorrow, oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Is í leabharlanna chathair Bhaile Átha Cliath an tseirbhís leabharlainne is mó in Éirinn, agus tá sí freagrach as seirbhísí leabharlainne poiblí a sholáthar do dhaonra de bhreis agus 500,000 duine. Meallann an leabharlann breis agus 2.5 milliún cuairteoir sa bhliain, mar a rinne sí in 2019, agus tá sí ar cheann de na seirbhísí agus na hinstitiúidí cultúir is ionchuimsithí atá ag an gcomhairle cathrach. Cuirimid fáilte saor in aisce agus cothrom ar fáil ar eolas, smaointe, litríocht agus ar réimse deiseanna foghlama agus féinfhorbartha trínár mbailiúcháin fhisiciúla, ár ríomh-acmhainní agus ár gcláir chultúir, atá dírithe ar fhreastal, ar riachtanais agus ar ábhair spéise daoine de gach aois, gach céim agus gach leibhéal cumais.

Rinne mé iarracht, nuair a bhí mo ráiteas á ullmhú agam, léargas a sholáthar ó ghnéithe éagsúla dár seirbhísí chun tacú le hobair an choiste. Pléifidh mé acmhainní atá ar an tseilf, ríomh-acmhainní, acmhainní foghlama teanga agus imeachtaí agus cláir.

An chéad rud a phléifidh mé ná na hacmhainní ar an tseilf a chuirimid ar fáil don phobal. Soláthraímid acmhainní stoic i nGaeilge, leabhair fhicsin agus neamhfhicsin san áireamh, do dhaoine fásta agus do leanaí, chomh maith le tréimhseacháin Ghaeilge atá inár mbrainsí agus i mbailiúcháin Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann. Ceannaímid ar a laghad cóip amháin de gach teideal Gaeilge a fhoilsítear in Éirinn agus freagraímid na hiarrataí ar stoc leabhair Ghaeilge a cheannach a dhéanann úsáideoirí leabharlainne. Tá €20,000 caite ar an iomlán againn ar stoc Gaeilge ó 2019. Ba cheart méid thionscal foilsitheoireachta na Gaeilge a chur san áireamh chun an figiúr seo á thuiscint. Mar gheall gurb earnáil sách beag í seo laistigh den láthair fhoilsitheoireachta ar an iomlán, tá an méid teideal atá ar fáil le ceannach gach bliain teoranta. Tá 23,820 earra stoic i nGaeilge inár mbailiúcháin faoi láthair, gan bailiúcháin ár dtréimhseachán a chur san áireamh.

Sa bhliain 2020, tugadh 1,044 earra Gaeilge ar iasacht, agus tugadh 3,136 earra ar iasacht in 2021. Idir Eanáir agus Aibreán 2022, mí Aibreáin san áireamh, tugadh 1,609 earra Gaeilge ar iasacht. Ba cheart an phaindéim, tréimhse ina raibh an leabharlann dúnta agus nárbh fhéidir stoc fisiciúil a fháil ar iasacht, a chur san áireamh sna figiúirí seo. Mar gheall gur aistrigh leabharlanna go náisiúnta go córas nua bainistíochta leabharlainne i mbliana, ní féidir figiúirí a fháil maidir leis an méid leabhair Ghaeilge a tugadh ar iasacht roimh 2020. Tá ar a laghad tréimhseachán Gaeilge amháin inár mbrainsí go léir agus tá 84 tréimhseachán de theidil reatha, agus cuid a foilsíodh roimhe seo, sa bhailiúchán ag ár seirbhís staidéir áitiúil.

I dtaobh an stoc seo a chur chun cinn, cuireann formhór dár mbrainsí rannóg thiomnaithe Gaeilge ar fáil. Cuireann an fhoireann taispeántais leabhar le chéile go rialta leis an stoc a chur chun cinn agus le leabhair a fháil ar iasacht a spreagadh. Tá leabhair Ghaeilge i dtaispeántais théamacha Gaeilge a bhaineann le hábhair eile, cosúil leis an tsláinte, an stair, an spórt agus rudaí eile. Cuirtear ár stoc Gaeilge chun cinn trí leathanaigh Facebook ag brainsí áitiúla agus trí phríomh-fhothaí nuachta Instagram agus Twitter na leabharlainne. Cuirimid blag gníomhach ar fáil ar láithreán gréasáin na leabharlainne agus scríobhann an fhoireann blaganna go rialta le feasacht a mhúscailt agus le húsáid an stoic a chur chun cinn. Chuir an fhoireann físeáin den am scéalaíochta i mBéarla agus i nGaeilge in airde ar leathanaigh Facebook a mbrainsí i rith na paindéime, tráth inar cuireadh go leor dár seirbhísí ar fáil ar líne. Tá nasc le cuid díobh seo curtha ar fáil agam i mo ráiteas iomlán.

An dara rud a phléifidh mé ná ríomh-acmhainní. Anuas ar ár stoc fisiciúil ar an tseilf, cuireann leabharlanna chathair Bhaile Átha Cliath teacht saor in aisce ar fáil ar réimse ríomh-acmhainní, ríomhleabhair agus ríomh-chlosleabhair san áireamh. Cuirtear na hearraí seo ar fáil tríd an ardán BorrowBox, atá mar chuid den rogha náisiúnta ríomh-acmhainní atá ar fáil i leabharlanna poiblí na hÉireann. Eisíodh thart ar 16% de na teidil Ghaeilge ar BorrowBox in 2021 i gcathair Bhaile Átha Cliath. Bhí 142 ríomhleabhar Gaeilge ar BorrowBox in 2021, agus meascán leabhar do leanaí agus do dhaoine fásta a bhí iontu. Tá 127 teideal Gaeilge ar an ardán faoi láthair. Rinneadh iarracht chomhbheartaithe ar leibhéal náisiúnta leis an méid teidil Ghaeilge atá ar fáil ar an ardán a mhéadú, ach léirigh foilsitheoirí Gaeilge go bhfuil drogall orthu a dteidil a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach le haghaidh BorrowBox.

An tríú rud gur mian liom a phlé ná na deiseanna foghlama teanga a sholáthraímid. Cuirimid roinnt ardán ar fáil d’úsáideoirí leabharlainne, mar Transparent Language Online agus uTalk, acmhainn dhigiteach foghlama teanga. Chríochnaigh úsáideoirí leabharlainne 661 seisiún “Gaeilge do Chainteoirí Béarla”, dhá sheisiún “Gaeilge do Chainteoirí Tuircise” agus seisiún amháin “Gaeilge do Chainteoirí Spáinnise” ar an ardán Transparent Language Online idir Feabhra 2020 agus Bealtaine 2020. Tá 63 úsáideoir leabharlainne cláraithe le Gaeilge a fhoghlaim ar ardán uTalk. Soláthraímid an acmhainn foghlama teanga do leanaí, LOTE, a chiallaíonn “languages other than English”, ach níorbh fhéidir leis an soláthraí comhpháirtí Gaeilge a aimsiú le páirt a ghlacadh san ardán.

An ceathrú limistéar ná na cláir agus na himeachtaí a chuirimid ar siúl. Cuirimid réimse éagsúil cláir, imeachtaí agus deiseanna rannpháirtíochta i nGaeilge ar fáil. Forbraímid cláir inti, cuirimid comhráite ciorcail ar siúl agus tacaímid le tionscnaimh náisiúnta cosúil le Seachtain na Gaeilge. Chuireamar 45 imeacht i bpearsa agus ar líne ar siúl idir 2019 agus 2022 do dhaoine fásta agus do leanaí agus d’fhreastail 1,366 duine orthu.

Tá feidhm ag leabharlanna poiblí in Éirinn chun léitheoireacht, labhairt agus foilsitheoireacht na Gaeilge a spreagadh. Tacaímid leis an léitheoireacht tríd ábhair Ghaeilge a chur ar fáil gan stró d’úsáideoirí leabharlainne agus trí na hábhair seo a thabhairt chun solais go fairsing trí chláir agus imeachtaí. Táimid tiomanta don teanga náisiúnta a chur chun cinn agus a cheiliúradh agus go dtiocfaidh borradh faoin nGaeilge mar theanga bheo i measc ár n-úsáideoirí agus i sochaí níos fairsinge na hÉireann. Aithnímid gur féidir linn tionchar dearfach a bheith againn maidir leis an nGaeilge trí chéile, inár ról mar fhoras cultúir a bhfuil iontaoibh ag daoine ionainn.

Thugamar cuntas ansin ar an réimse gníomhaíochtaí a dhéanaimid ach táimid tiomanta freisin do mhéid agus do thionchar na n-acmhainní Gaeilge agus na n-imeachtaí cultúrtha sóisialta agus Gaeilge a chuirimid ar siúl a mhéadú freisin.

Cruthaíonn an deacracht a bhaineann le teacht ar ríomhleabhair agus ar chlosleabhair Gaeilge dúshlán. Tháinig méadú mór i rith na paindéime ar an tóir a bhí ar ríomhacmhainní, go háirithe ríomhleabhair agus closleabhair. Tá nósanna nua cruthaithe i ndiaidh na paindéime agus leanann an tóir a bheith ar na hacmhainní seo i measc ár n-úsáideoirí. Mar sin féin, tá an chuma air go bhfuil drogall ar fhoilsitheoirí Gaeilge páirt a ghlacadh inár n-ardáin dhigiteacha. Tá níos mó oibre le déanamh go fóill maidir leis seo.

Ms Bernie Kelly:

Cuirimid ár mbuíochas in iúl don chomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn an t-aitheasc seo maidir le spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a thabhairt. Aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann leis an gceantar Gaeltachta is mó sa tír atá lonnaithe i gContae na Gaillimhe agus tá meas aici ar an tábhacht sin. De réir fhigiúirí dhaonáireamh 2016, thug 49% de dhaonra Chontae na Gaillimhe, gan cathair na Gaillimhe san áireamh, le fios go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt, rud a chiallaíonn go bhfuil an céatadán is airde, i dtaobh daoine a labhraíonn Gaeilge, i gContae na Gaillimhe.

Is teanga bheo í an Ghaeilge, a dtacaítear léi i bpobail éagsúla chomh maith le bheith ina hoidhreacht luachmhar a gcaithfear í a chaomhnú agus a chosaint do na glúnta atá le teacht. Cuirimid úsáid na Gaeilge chun cinn agus tacaímid léi leis an ngealltanas atá déanta againn seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Aithnímid an méid ar leith a chuireann sí le héagsúlacht chultúir faoin sainchúram chaomhnú na hoidhreachta agus na teanga.

Maidir leis na pobail sin arb í an Ghaeilge amháin an rogha teanga atá acu, freastalaíonn leabharlanna sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua orthu sin agus tá a leabharlann féin ag gach ceann de thrí oileán Árann. Freastalaíonn an leabharlann taistil ar cheantair ina labhraítear Gaeilge freisin, cosúil le Maigh Cuilinn, le Sraith Salach, leis an gCaiseal, le Carna, le Cill Chiaráin, le Ros Muc agus le hIndreabhán. Ar an gcaoi chéanna, cuireann an rannóg scoileanna atá againn seirbhís ar fáil do 39 bunscoil i gceantar na Gaeltachta agus do naoi nGaelscoil atá lonnaithe ar fud na coda eile den chontae. Cuirtear an tseirbhís sin ar fáil i nGaeilge.

Tá ról lárnach ag oifig sholáthair an Rialtais i dtaobh earraí agus seirbhísí a chur ar fáil ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla ó thaobh costas de agus luach ar airgead a chinntiú don cháiníocóir. Áirítear gnáthearraí agus seirbhísí chomh maith le ceannach agus soláthar gach leabhar agus ábhar leabharlainne mar chuid den sainchúram sin. Ciallaíonn sé sin nach féidir leabhair leabharlainne a cheannach ach ón soláthróir a bhfuil an tairiscint aige faoi láthair na leabhair sin a sholáthar faoin gcreat comhaontaithe.

Bíonn baint ag tithe foilsitheoireachta le hathchló ábhair, leaganacha faoi chlúdach bog nó léaráidí leasaithe nó maisitheoirí nuachoimisiúnaithe. Cé go bhfuil an tábhacht atá le stoc a cheannach le cur in áit stoc atá damáistithe nó imithe amú luaite go soiléir inár dtreoirlínte forbartha bailiúchán, táimid dírithe go mór ar ábhar nuafhoilsithe a chur ar fáil. De bharr go bhfuil éagsúlachtaí canúintí i gceist i gCiarraí, i nDún na nGall agus i nGaillimh, is féidir le stoc a fháil a shásaíonn riachtanais agus próifíl an phobail a bheith dúshlánach uaireanta. Is fiú a luadh go gcuireann gach leabharlann i gContae na Gaillimhe bailiúchán d’ábhar Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta agus leanaí araon, ag brath ar mhéid an phobail.

Tá an sainchúram atá orainn léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh bunaithe ar an tuiscint gur teanga bheo í an Ghaeilge. Ina fhianaise sin, cuirimid imeachtaí agus tionscnaimh ar bun go gníomhach ar bhealaí spraíúla chun rannpháirtíocht agus taiscéalaíocht a chur ar fáil do phobail le húsáid a bhaint as an nGaeilge. Trí chluichí boird i nGaeilge cosúil le Scrabble agus Monopoly a chur ar fáil, cuirtear deiseanna ar fáil don phobal lena gcuid Gaeilge a chleachtadh agus focail nua a fhoghlaim.

Léirítear úsáid neamhfhoirmeálta agus ionchuimsitheach na Gaeilge chomh maith leis an gciorcal comhrá a chuireann roinnt de na leabharlanna atá againn ar fáil. Is bealach thar a bheith éifeachtach é seo chun daoine sa phobal a spreagadh le húsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge, beag beann ar a gcumas, i dtimpeallacht réchúiseach agus fháilteach. Déantar cúram freisin sna cláir do thionscnaimh náisiúnta cosúil le Seachtain na Gaeilge, nuair a thugtar deiseanna chun an teanga bheo a léiriú ar aon leis an oidhreacht chultúir a bhaineann leis an nGaeilge le chéile.

Áirítear ar thionscnaimh náisiúnta eile nach bhfuil ar siúl ach i leabharlanna seo againne na tionscadail Preab Isteach sa Scéal, Réaltaí Samhraidh, agus Am Teaghlaigh ag do Leabharlann. Tugann siad sin léargas ar an bhfeachtas náisiúnta atá againn, Ceart Chun Léitheoireachta, a spreagann forbairt litearthachta ar fud ár gcuid seirbhísí agus a thugann ugach do theaghlaigh a bheith páirteach ann. Reáchtálann rannóg na scoileanna agus bainisteoirí brainse ceardlanna, cuairteanna ó údair agus seisiúin scéalaíochta a mbíonn údair agus scéalaithe mór le rá as Éirinn páirteach iontu.

Rinneadh amanna scéalaíochta a reáchtáil ar líne agus léadh scéalta i nGaeilge agus i mBéarla, araon le haitheantas tugtha don údar, don mhaisitheoir agus don fhoilsitheoir. Baineadh lucht spéise nár baineadh amach riamh cheana roimhe sin leis na seisiúin sin. Tharla sé sin le linn dianghlasáil agus srianta Covid i bhfeidhm.

Reáchtáiltear comórtas Europe Direct Soapbox gach bliain. Is comórtas don chaint phoiblí é seo agus is féidir le gach saoránach sa tír cur isteach air. Tá dhá chatagóir i gceist, is iad 16 bliana agus níos óige agus 17 mbliana agus níos sine. Ba as Conamara do bhuaiteoir náisiúnta na bliana 2021 sa chatagóir 16 bliana agus níos óige agus rinne sise a hóráid i nGaeilge. Ba as Conamara freisin don duine a tháinig sa dara háit sa chatagóir 17 mbliana nó níos sine agus arís, rinne seisean a óráid i nGaeilge.

Tacaíonn an tseirbhís leabharlainne fíorúla atá againn ríomhleabhair a chur ar fáil i nGaeilge trí BorrowBox agus trí Transparent Languages atá ina aip ar líne chun teangacha a fhoghlaim ar a bhfuil na céadta teangacha, an Ghaeilge san áireamh. Bíonn an togra Léamh Mór na Gaillimhe ar siúl gach bliain i mí na Samhna faoina ndéantar údair na hÉireann agus scríobh na Gaeilge a cheiliúradh agus féachtar leis oidhreacht litearthachta, stair agus cultúr ar leith na Gaillimhe a chur chun cinn agus meas ar a hiléagsúlacht agus saibhreas a chothú.

Táimid mórtasach as na cláir, tionscadail agus tionscnaimh éagsúla a chuireann ar ár gcumas léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Táimid ag súil go mór le tuilleadh obair a dhéanamh i gcomhar le domhan na foilsitheoireachta chun an saibhreas tallainne, cruthaitheachta agus cultúir a chuireann an Ghaeilge ar fáil dúinn anseo i nGaillimh a chur os comhair an phobail.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Josephine Vahey agus Bernie Kelly a bhfuil sean-aithne agam orthu. Cuirim fáilte roimh Aoife O'Kelly, Áine-Máire Ní Cheallaigh agus Orla McMorrow chomh maith.

Faoi dheireadh, tá cothromaíocht inscne againn sa seomra, buíochas le Dia.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Arís, ní cothromaíocht atá i gceist.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is fada an lá atá mé ag fanacht leis an gcothromaíocht seo. Gabhaim míle buíochas as ucht na hóráidí, idir an cheann gearr agus an cheann fada. Cad iad na dúshláin a fheiceann na finnéithe ar an talamh maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn? Is í sin an cheist ghinearálta. Cad iad na dúshláin? An bhfuil a dhóthain foirne agus acmhainní ag na seirbhísí leabharlainne? Tá a fhios againn atá ar an gcoiste seo go bhfuil dúshláin faoi leith ó thaobh na Gaeilge de ar gach bealach. Tá dúshláin ann sna Ranna éagsúla. Cosúil leis na finnéithe, táimid i gcónaí ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh. Go ginearálta, cad iad na dúshláin atá os a gcomhair? Cad iad na rudaí is féidir linne, mar pholaiteoirí, a dhéanamh? Is í sin mo chéad cheist ach tá cúpla ceist níos sonraí agam ó thaobh Bhaile Átha Cliath de.

Is ceann de na difríochtaí idir an dá chur i láthair ná gur luaigh na hoifigigh ó Ghaillimh go bhfuil deacracht faoi leith ina seirbhís féin maidir leis - gabh mo leithscéal, tá an Béarla agus an Ghaeilge os mo chomhair agus táim measctha suas - an Oifig um Sholáthar Rialtais agus procurement. Luaigh siad go bhfuil deacracht faoi leith ag baint leis an gcóras sin. Ní deacracht é ach is tríd an gcóras sin a bhfaightear cead leabhair nó earraí a fháil. Is é sin an t-aon bhealach. B'fhéidir go mbeidh Bernie Kelly in ann tuilleadh sonraí a thabhairt dúinn maidir leis na deacrachtaí atá cothaithe ansin. An bhfuil an fhadhb chéanna ann i mBaile Átha Cliath? Is ceist shonrach é sin mar níor luaigh na hoifigigh ó Bhaile Átha Cliath an deacracht chéanna. Cuirfidh mé na ceisteanna agus is féidir leis na finnéithe freagraí a thabhairt ansin. Cén fáth go bhfuil idirdhealú idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath?

Luaigh na finnéithe ó Bhaile Átha Cliath fadhb atá ann, is é sin go bhfuil drogall ar fhoilsitheoirí Gaeilge páirt a ghlacadh sna hardáin dhigiteacha. B'fhéidir gur féidir leo tuilleadh sonraí a thabhairt dom faoi sin. Cad atá taobh thiar den deacracht sin? Ní thuigim. Tá easpa taithí i gceist ar mo thaobh.

Rachaidh mé ar ais go Gaillimh agus an Ghaeltacht is mó sa tír. De réir an daonáirimh, tá duine as beirt in ainm Gaeilge a bheith acu. Tá freagracht thromchúiseach ar an leabharlann i nGaillimh de bharr na bhfigiúirí sin, nach bhfuil? An bhfuil na figiúirí sin aligned leis an éileamh? An bhfuil éileamh mór ar sheirbhísí na leabharlainne de bharr na bhfigiúirí sin? Luadh na tionscadail preab isteach sa scéal agus réaltaí samhraidh. An bhfuil siad sin ag feidhmiú i nGaeilge agus i mBéarla nó i nGaeilge amháin? Is iontach an rud é gur éirigh beirt as Conamara sa chomórtas Europe Direct Soapbox. An bhfuil sé sin oscailte do gach teanga ar fud na hEorpa? An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt faoi sin? Is éacht go bhfuil beirt as Conamara tar éis an chéim is airde a fháil ansin.

Ceapaim go bhfuil na finnéithe ag obair le hearnáil atá thar a bheith tábhachtach ar an-mhéid bealaí. Is tábhachtach é ó thaobh féiniúlacht a chothú ag daoine, ó thaobh na Gaeilge de, ó thaobh an Bhéarla, ó thaobh na léitheoireachta go ginearálta agus ó thaobh an daonlathais de. Tá ról thar a bheith lárnach ag gach leabharlann agus ní mór dúinn, mar pholaiteoirí, tacaíocht 100% a thabhairt dóibh. B'fhéidir go bhfreagróidh na finnéithe na ceisteanna sonracha sin agus b'fhéidir go mbeidh deis agam teacht ar ais ina dhiaidh. Cén chaoi is féidir linn cabhair a thabhairt maidir leis na dúshláin?

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Tosóidh mé féin toisc go bhfuilim ag obair sna leabharlanna. Níl Orla McMorrow ag obair iontu.

Ms Orla McMorrow:

Tá mé mar thacaíocht.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Tá sí mar thacaíocht domsa. Is oifigeach ón gcomhairle í.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

So tá an t-eolas ar fad aici. Caithfidh sí é a roinnt linn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá gach ról aici mar sin.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Gabhaim buíochas leis an Teachta as na ceisteanna crua a thug sí dúinn. Níl a fhios agam cad é an dúshlán maidir leis an gcóras procurement atá ann i gContae na Gaillimhe. Níl an fhadhb chéanna againn i mBaile Átha Cliath. Tá buiséad maith againn agus tá sé éasca dúinn na háiseanna a fháil don phobal, nó sách éasca ar aon chuma. B'fhéidir go bhfuil rud difriúil ag tarlú san iarthar.

Maidir leis na dúshláin ó thaobh foilsitheoirí agus ríomh-acmhainní, chímid go bhfuil sórt éilimh ann i gcomhthéacs an domhan a bheith níos digití. Tá éileamh ar ríomh-acmhainní in ionad leabhar cruachóipe ó dhaoine. Tá éileamh ar leabhair chruachóipe ó roinnt daoine ach tá éileamh ar ríomh-acmhainní ó dhream eile. Is é an rud ná nach bhfuil na ríomh-acmhainní ar fáil.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén fáth? Ba é sin mo cheist.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Níl a fhios agam. Ceapaim go bhfuil buairt airgeadais ar na foilsitheoirí. B'fhéidir go gceapann siad go gcaillfidh siad airgid dá gcuirfidís na hacmhainní sin roimh an bpobal in ionad na leabhar cruachóipe. An dtuigeann na baill mé?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Glacaim go dtuigeann an Teachta cad atá á rá freisin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Níl a fhios ag an bhfinné cén fáth nach bhfuil na hacmhainní sin ar fáil ach ceapann sí go bhfuil airgead i gceist. An bhfuil aon fhóram ann chun dul i dteagmháil leis na foilsitheoirí? An raibh an leabharlann i dteagmháil leo chun an fhadhb seo a réiteach?

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

N'fheadar. Nílim ag obair sa roinn a cheannaíonn na leabhair ach dúirt mo chomhghleacaí, gur duine díograiseach í, go mbíonn sí i gcónaí i dteagmháil leo. Nuair a bhíonn fadhb ann, déanann sí iarracht í a réiteach leo. Níl a fhios agam an raibh cruinnithe idir í féin agus na-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá bearna mhór ansin faoi láthair.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Ceapaim go bhfuil. Baineann sé leis an tír go léir. Tá a fhios againn cé hiad na foilsitheoirí Gaeilge: Coiscéim, Futa Fata agus Cló Iar-Chonnacht. N'fheadar an bhfuil aon fhoilsitheoir eile ann ach is iad sin na príomhfhoilsitheoirí Gaeilge. Is bearna mhór í agus tá sí ag leathnú.

Ms Bernie Kelly:

Beidh meascán de Ghaeilge agus Béarla in úsáid agam anois. An mbeidh sé sin all right? Níl mo chuid Gaeilge iontach.

Ó thaobh an national framework, an procurement sin, tá gach leabharlann sa tír faoin framework sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An fráma céanna?

Ms Bernie Kelly:

An fráma céanna. Is fráma é that lasts cúig bliana. Thosaíomar ar an gceann seo ag tús na bliana seo caite, 2021. Tá sé ann anois ar feadh cúig bliana agus tá orainn cloí leis na soláthróirí atá ar an framework sin. Tá soláthróir ann do na leabhair Ghaeilge agus na leabhair atá foilsithe in Éirinn. Is lot amháin é sin ar an framework agus tá cúig lot air. Tá gach leabharlann, Baile Átha Cliath san áireamh, faoin framework sin. Níl cead againne ach leabhar a cheannach ó na soláthróirí sin atá air agus nílimid in ann dul taobh amuigh de sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad comhlacht atá i gceist, más féidir liom an focal sin a úsáid? An bhfuil ceann amháin nó dhá cheann?

Ms Bernie Kelly:

Tá ceann amháin i gceist agus is é sin Irish Library Suppliers. Tá sé ag trádáil mar Alan Hanna’s Bookshop agus is aige atá an-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuair siad an conradh.

Ms Bernie Kelly:

Fuair siad an conradh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Orthu amháin.

Ms Bernie Kelly:

Orthu amháin. B’éigean d’aon fhoilsitheoir atá ann a bhfuil leabhar aige nó aici an leabhar a bheith sa siopa sin nó faoin gconraitheoir sin chun go mbeadh siad in ann na leabhair sin a fháil. B’fhéidir nach bhfuil an méid sin mínithe i gceart agam don Teachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin mínithe i gceart ag Bernie Kelly. Mar sin, is é sin an t-aon chaoi inar fhéidir leis na leabharlanna na leabhair a fháil.

Ms Bernie Kelly:

Agus tá gach leabharlann eile----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baile Átha Cliath san áireamh.

Ms Bernie Kelly:

Cinnte, tá Baile Átha Cliath san áireamh leis seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad iad na deacrachtaí a chothaíonn an córas sin mar is rud é sin nach dtuigim fós?

Ms Bernie Kelly:

Tá deacrachtaí agus opportunities ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Deiseanna.

Ms Bernie Kelly:

Tá deiseanna ann. Abair go bhfuil leabhar foilsithe agam féin. Níl de chead ag na leabharlanna é a cheannach mura bhfuil sé ag an soláthróir sin. Má tá sé, beidh gach uile leabharlann sa tír in ann an leabhar sin a cheannach. Is deis í sin. Ar an taobh eile de, mura bhfuil an leabhar sin ag an soláthróir, ní bheimid in ann é a fháil. Scaití ní bhíonn a fhios ag an duine faoi seo. Bíonn a fhios ag na foilsitheoirí móra ach b’fhéidir nach mbeadh a fhios ag foilsitheoir beag, nó ag duine atá ag foilsiú leabhar dó nó di féin, go gcaithfí a leabhair a bheith ag an soláthróir sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil easpa cumarsáide nó eolais i gceist? Cé mhéad foilsitheoir atá ag feidhmiú faoi mhí bhuntáiste dá bharr? An bhfuil aon fhigiúirí ag Bernie Kelly?

Ms Bernie Kelly:

Níl figiúirí agam ach tá easpa cumarsáide ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an easpa seo idir an comhlacht nó an entity seo nó céard é?

Ms Bernie Kelly:

Níl a fhios ag foilsitheoirí beaga go gcaithfí a gcuid leabhar a bheith ag na soláthróirí móra seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann sé iontas ar na foilsitheoirí atá taobh amuigh den chóras seo nach bhfuil a gcuid leabhar sna leabharlanna.

Ms Bernie Kelly:

Yes. An mbeadh Aoife O'Kelly in ann é sin a mhíniú níos fearr?

Ms Aoife O'Kelly:

D’fhéadfadh údar a bheith istigh sa leabharlann agus b’fhéidir go mbeadh siad ag cuardach a leabhar inti, nó ar an gcatalóg, agus níl siad in ann é a fheiceáil. D’fhéadfaí gurbh é sin an fáth nach mbeadh leabhar ar fáil mar gheall nach bhfuil sé ag an soláthróir. Mar sin, is féidir linne a rá leo dul chuig an soláthróir. Táimid in ann, dá réir, an chumarsáid nó an teagmháil sin a dhéanamh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna. Ar a laghad tá an ghné seo ardaithe acu. Léigh mé é ach ní raibh a fhios agam-----

Ms Bernie Kelly:

An bhfuil an scéal mínithe agam faoin gcaoi a oibríonn sé?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé mínithe go maith. Bhí cúpla ceist eile agam freisin.

Ms Bernie Kelly:

Chuir an Teachta cúpla ceist eile-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá 49% den daonra ag rá go bhfuil an Ghaeilge acu agus tá na leabharlanna i lár an aonaigh. An bhfuil a dhóthain foirne acu chun déileáil leis sin?

Ms Bernie Kelly:

Ní bhíonn a dhóthain foirne againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil na finnéithe ag feidhmiú mar leabharlannaí gníomhach? An bhfuil leabharlannaí ceaptha fós?

Ms Bernie Kelly:

Níl, agus táim ansin anois ó 2019.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Bernie Kelly ag feidhmiú go gníomhach, mar sin.

Ms Bernie Kelly:

Bhí comórtas ann ach níor éirigh le haon duine a bheith curtha sa phost atá agam.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus tá Bernie Kelly ag déanamh jab iontach.

Ms Bernie Kelly:

D’iarr an Teachta Connolly an bhfuil mórán éilimh ann don Ghaeilge. Ta go leor daoine i nGaillimh atá in ann an Ghaeilge a labhairt, ina measc daoine cosúil liom féin a bhfuil cúpla focal acu ach nach bhfuil an Ghaeilge go hiontach acu. Chuir mé síos sa daonáireamh go bhfuilim in ann an Ghaeilge a labhairt. B’fhéidir nach bhfuilim ag labhairt na Gaeilge gach uile lá ach amháin go labhraím anois is arís í. Tuigim an Ghaeilge agus céard atá ag dul ar aghaidh anseo ach níl mé go hiontach maidir leis na freagraí a thabhairt i nGaeilge cheart. Tá go leor daoine a bhfuil an-bhródúil as an nGaeilge atá acu agus tá siad in ann í a thuiscint ach b’fhéidir, scaití, nach bhfuil siad ag iarraidh leabhair a léamh as Gaeilge. Uaireanta, bíonn an Ghaeilge atá sna leabhair deacair nó i gcanúint eile nach bhfuil againn i gContae na Gaillimhe. B’fhéidir go bhfuil cuid de na leabhair foilsithe i nDún na nGall freisin agus nach Gaeilge Chonnacht atá iontu agus nach bhfuil daoine ag iarraidh na leabhair sin a léamh dá réir. Tá éileamh ann do leabhair Ghaeilge ach níl sé chomh mór sin is a cheapfaí de réir na bhfigiúirí a deir go bhfuil duine amháin as beirt in ann Gaeilge a labhairt.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fillfidh mé ar cheist an chéatadáin agus rachaidh mé ar ais go Baile Átha Cliath. Dúradh go gceannaítear ar a laghad cóip amháin de gach teideal i nGaeilge a foilsíodh in Éirinn. An bhfuil na leabharlanna eile in ann é sin a dhéanamh freisin?

Ms Bernie Kelly:

Nílimid, i ndáiríre. Tá buiséad mór ag Baile Átha Cliath ach níl an buiséad céanna againne.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an deis ag Gaillimh is atá ag Baile Átha Cliath. Tá Baile Átha Cliath in ann cóip amháin de gach teideal Gaeilge a foilsíodh in Éirinn a cheannach.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Tá sé sin ag tarlú go díreach mar is leabharlann taisce - a depository library - atá i Leabharlann Shráid an Phiarsaigh, mar aon le Coláiste na Tríonóide agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ceannaímid, de ghnáth, cóip de gach leabhar a foilsíodh i nGaeilge. Is rud é sin a dhéanann ár seirbhís. Ní rud é sin atá ag teastáil agus ní gá do leabharlann é sin a dhéanamh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir é, ach tá sé suimiúil go bhfuil an tseirbhís i mBaile Átha Cliath in ann é sin a dhéanamh ach nach bhfuil an leabharlann don Ghaeltacht is mó sa tír in ann é a dhéanamh.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Is cnuasach bailiúchán for posterity atá ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Coinníonn an leabharlann na leabhair sin san iomlán. Nuair a dhéanann foilsitheoir leabhar a fhoilsiú, caithfidh sé nó sí ceann a thabhairt do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, do Choláiste na Tríonóide, do leabharlann i Sasana agus an leabharlann a luadh ansin i mBaile Átha Cliath freisin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is buntáiste mór é sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is buntáiste mór é sin, cinnte.

Ms Bernie Kelly:

Caithfimid na leabhair sin a cheannach ón mbuiséad atá againn agus bíonn sé deacair scaití.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé mhéad nó cén céatadán de na leabhair Ghaeilge nua a bhfuil seirbhís leabharlainne Chontae na Gaillimhe in ann a cheannach?

Ms Bernie Kelly:

Braitheann sé ar an leabhar. Tá sé deacair figiúr a chur air sin mar tá 29 mbrainse againn agus anois is arís b’fhéidir go gceannóimid 29 leabhar ach, de ghnáth, ceannóimid deich gcinn nó mar sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An ndéantar é sin in aghaidh na bliana?

Ms Bernie Kelly:

Is é sin deich gcinn de gach leabhar amháin. Nuair a bheidh leabhar foilsithe, beimid in ann deich gcinn de a cheannach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh sé cabhrach dúinn tuilleadh eolais a bheith againn faoi sin agus faoi na figiúirí mar beidh tuarascáil á réiteach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tuarascáil á réiteach, agus nuair a bhí Foras na Gaeilge ós ár gcomhair thug an foras liosta dúinn faoin méid leabhair Ghaeilge a foilsíodh anuraidh ó na 20 foilsitheoir is mó. Measaim go raibh 90 ann anuraidh, 80 an bhliain roimhe agus 92 an bhliain roimhe sin fós. Tá sé timpeall an mhéid sin.

Mar sin bheadh a fhios agaibh cé mhéad teideal a cheannaigh sibh, ní cé mhéad cinn acu.

Ms Bernie Kelly:

Cé mhéad teideal.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sea. Má fhoilsítear 90 nó 100 teideal, b'fhéidir nach bhfuair an tseirbhís leabharlainne i nGaillimh ach cúig cinn de na teidil sin. I mBaile Átha Cliath deir siad go bhfuair siad 90.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tagraím do chúrsaí foirne. Cé mhéad daoine a bhfuil cumas Gaeilge acu? Tá Gaeilge iontach ag Bernie, mar shampla. An bhfuil deiseanna agaibh sa chóras di agus dá comhghleacaithe an Ghaeilge a fhoghlaim agus dul chuig an nGaeltacht is deise sa tír i gConamara? Cén céatadán den fhoireann a bhfuil an Ghaeilge acu? Tá na pleananna teanga imithe anois leis an reachtaíocht nua agus na caighdeáin a bheidh a gceist. Cad atá á dhéanamh? An bhfuil pleananna ann?

Ba mhaith liom dul ar ais go dtí Áine-Máire Ní Cheallaigh. Tá €20,000 ar an iomlán caite againn ar stuif Ghaeilge ó 2019. An féidir é sin a chur i gcomhthéacs leis an gcaiteachas i gcás an Bhéarla? Bhain mé an-úsáid as ciorcail léitheoireachta chun mo chuid Ghaeilge a fheabhsú. An bhfuil sé sin ar siúl in aon cheann de na leabharlanna?

Ms Bernie Kelly:

D'iarr an Teachta cé mhéad atá ag obair i leabharlanna Chontae na Gaillimhe a bhfuil Gaeilge líofa acu. Tá mé ag comhaireamh suas i mo chloigeann. Tá timpeall 14 cainteoir líofa.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

As cé mhéad?

Ms Bernie Kelly:

As 79. Ach ansin tá cuid eile cosúil liom féin a bhfuil Gaeilge acu. Tá siad in ann seirbhís a thabhairt i nGaeilge ach ní bheadh siad róchompordach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. An bhfuil deiseanna acu?

Ms Bernie Kelly:

Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe comhráite agus training ar fáil d'aon duine a bhfuil ag iarraidh snas a chur ar a chuid nó a cuid Ghaeilge nó a bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad faoi cúrsaí a dhéanamh sa Ghaeltacht? Cibé cén Ghaeltacht.

Ms Bernie Kelly:

Ní bhíonn anois. Bhíodh cúpla bliain ó shin nuair a raibh mise ag teacht isteach sa seirbhís, go leor bliana ó shin anois. Níl éinne den fhoireann ag dul go dtí an Ghaeltacht anois. Ní bhíonn anois. Bhíodh cúpla bliain ó shin nuair a raibh mise ag teacht isteach sa seirbhís, go leor blianta ó shin anois. Níl éinne den fhoireann ag dul go dtí an Ghaeltacht anois.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Beidh Orla McMorrow ag freagairt na ceiste seo.

Ms Orla McMorrow:

Níl an céatadán agam faoi cé mhéad daoine le Gaeilge atá sna leabharlanna. Ní fhéadfainn an céatadán a thabhairt don Teachta do cé mhéad ball foirne i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a bhfuil Gaeilge líofa acu. Tá cúrsaí traenála curtha ar fáil ag an gcomhairle chathrach d'aon bhall foirne a d'ardaigh nó a léirigh suim ann. Tá cúrsaí traenála curtha ar fáil ó 2015 agus 2016 le Gaelchultúr, an teastas sa Ghaeilge ghairmiúil, a ghlac Áine-Máire Ní Cheallaigh páirt iontu agus d'éirigh go hiontach leis an seachtar ó na leabharlanna a d'fhreastail orthu sin. Le dhá nó trí bliana anuas, tháinig deireadh le ranganna dá leithéid.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ea; toisc Covid.

Ms Orla McMorrow:

Maidir leis an gceist faoin nGaeltacht, sheol an chomhairle chathrach aon duine a d'ardaigh suim sa Ghaeilge go dtí an Ghaeltacht nuair a bhí an córas sin ar fáil ón státseirbhís. Déanaim dearmad ar an ainm a bhíodh air ach bhí córas ann chun daoine a thabhairt chuig an nGaeltacht. Le ceithre bliana anuas, bheartaigh an chomhairle scoláireachtaí a chur ar fáil do bhaill foirne agus bhí trí nó ceithre cinn á gcur ar fáil chuile bhliain. Bhí na scoláireachtaí sin ar fáil dóibh siúd a léirigh suim sa Ghaeilge, a raibh cúrsaí traenála déanta acu agus a bhí sásta an Ghaeilge a úsáid agus bhí siad in airde ar an líonra teileafóin inmheánach. Tugadh deis do na daoine sin scoláireacht a bhaint amach agus an-scoláireacht go deo a bhí ann ach ansin tháinig an phaindéim agus d'éirigh le beirt acu ar scoláireachtaí agus ó shin i leith níor tháinig níos mó agus ní fhéadfaimis iad a chur chuig an nGaeltacht. Níl na ranganna curtha ar fáil go fóill agus níl na scoláireachtaí curtha ar fáil go fóill go dtí seo ach bheinn ag súil, ní i mbliana ach faoin mbliain seo chugainn, go mbeadh an córas sin ar bun arís.

Ó thaobh na ranganna de, is iad na leabharlanna a chuireann an Ghaeilge chun cinn i measc an phobail; ní muid féin atá ag obair thuas in oifigí na comhairle chathrach. Tá obair stuama déanta acu an Ghaeilge a chur chun cinn ach ba bhreá liom go mbeadh níos déanta ó thaobh Gaeilge líofa a bheith ar fáil. Luaigh chuile dhuine anseo an cheist faoi éileamh agus luaigh na cailíní ó Ghaillimh an cheist seo freisin. Ceapann daoine go bhfuil sé deas a rá go bhfuil Gaeilge acu, ach is rud difriúil é an Ghaeilge a léamh agus an Ghaeilge a labhairt. Luaigh na finnéithe ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe go mbeadh Gaeilge Chonamara ag daoine agus go bhfuil seans nach mbeadh siad ag iarraidh leabhair ó chanúintí eile a léamh. Tá sé beagáinín difriúil i mBaile Átha Cliath mar tá daoine ag foghlaim Gaeilge anseo agus tá múinteoirí ó gach cearn den tír acu. Téimid i dtaithí ar na canúintí éagsúla mar sin agus níl an deacracht céanna i gceist ó thaobh cad as do na leabhair. An bhfuil an t-éileamh sin ann i measc an phobail chun leabhair scríofa i nGaeilge a léamh? Tá an t-éileamh i bhfad Éireann níos lú. Ó na daoine a deir go bhfuil Gaeilge acu, is céatadán an-bheag é atá sásta í a léamh mar níl an cumas acu sa léitheoireacht. Sin an dúshlán a luadh. Ní leabharlannaí mé agus nílim ag labhairt thar cheann na leabharlainne ach mar oifigeach forbartha Gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath, feictear dom gur an obair is fearr a d'fhéadfadh na leabharlanna a chur ar fáil fud na tíre ná cluichí agus scéalaíocht os ard a chur ar fáil don dream óg nó dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge, ionas go dtéann siad isteach air agus b'fhéidir go mbeidh níos mó misnigh acu chun tabhairt faoin léitheoireacht.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le hÁine-Máire Ní Cheallaigh agus Bernie Kelly agus na foirne atá leo as na cuir i láthair. Tá sé soiléir go bhfuil ábhar bróid san obair a dhéanann siad do na leabharlanna. Tá cúpla ceist agam, cosúil leis an Teachta Connolly, faoi chúrsaí soláthair. B'fhéidir go gcaithfidh muid oifig an tsoláthróra a thabhairt isteach chun na ceisteanna seo a fhreagairt. Tá mé ag iarraidh na ceisteanna seo a chur ar Bernie Kelly go háirithe mar tá sí i leabharlann áitiúil taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. An bhfuil deis ag Comhairle Chontae na Gaillimhe leabhair atá foilsithe go háitiúil a cheannach? D'fhéadfadh na leabhair sin a bheith faoin stair áitiúil as Gaeilge nó d'fhéadfaí scéalta áitiúla as Gaeilge as bailte Chontae na Gaillimhe, as paróistí nó as na hoileáin, a bheith ann. An bhfuil aon deis chun ceannach cosúil leis sin a dhéanamh i gcomhthéacs an tsoláthair seo?

Ms Bernie Kelly:

Tá an deis ann muna bhfuil an soláthróir in ann an leabhar sin a fháil domsa. Má theipeann air é sin a chur ar fáil dúinne agus má tá muidne ag iarraidh an leabhar sin a bheith againn, táimid in ann dul taobh amuigh den framework agus an leabhar a cheannach ach ní tharlaíonn sé sin go minic. Ba cheart go mbeadh an leabhar ar fáil ag an soláthróir. An bhfuil sé sin mínithe i gceart agam?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá. Dúirt an finné go raibh na foilsitheoirí in ann déileáil le hoifig an tsoláthróra chun a bheith ar an liosta. An bhfuil red tape i ngach áit nó an bhfuil sé éasca d'fhoilsitheoir beag nó áitiúil déileáil le hoifig an tsoláthróra?

Ms Bernie Kelly:

Níor thuig mé an cheist sin.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A small publisher or a local committee that might be publishing a book as Gaeilge such as a local history book might like to have it in a local library. Is it a nightmare of red tape for the likes of them to deal with the supplies office and the national libraries office to get on the supply list?

Ms Bernie Kelly:

The supply list is a framework. It is put out to tender every so many years and the present one has lasted for five years. The different suppliers tender for the supply of books as Gaeilge, or books published in Irish, nó cibé cén sórt leabhar. Tá cúig lot ann. Nuair atá contract ag an soláthróir sin, whoever has published the book needs to get their book to that supplier. They are not dealing with oifig an tsoláthair. They are dealing with the-----

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

The supplier.

Ms Bernie Kelly:

-----the supplier, yes. B'fhéidir nár mhínigh mé sin i gceart.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le BorrowBox, an bhfuil na rialacha céanna i gceist nuair atá leabhair le foilsiú ar an tseirbhís Idirlín sin nó an bhfuil rialacha difriúla ann?

Ms Bernie Kelly:

Níl mé cinnte faoi sin. Níl mé in ann an cheist sin a fhreagairt.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tagraím anois do chúrsaí ginearálta taobh amuigh de chúrsaí soláthair. Luadh Seachtain na Gaeilge agus deiseanna chun an Ghaeilge a spreagadh. Tuigim go bhfuil feachtas ar siúl anois do pháistí óga atá ag tosú ar an scoil san fhómhar ionas go mbeidh siad mar bhaill den leabharlann ón tús. An bhfuil leagan Gaeilge den fheachtas sin do na páistí, chun Gaeilge a spreagadh iontu? Tá súil agam go mbeidh a lán páistí ag teacht chun an leabharlann a úsáid, ach an mbeidh leabhair Ghaeilge le haghaidh páistí óga mar chuid den fheachtas sin?

Ms Bernie Kelly:

Beidh, agus tá. Tá na málaí beaga ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh na málaí ar fáil do na scoileanna nó do na gasúir a mbeidh ag tosú sna scoileanna Gaeltachta agus cúig leabhar Gaeilge iontu. Beidh na leabhair sin ar fáil i mBéarla do na gasúir atá ag freastal ar na scoileanna Béarla.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon mheascán i gceist? An mbeidh duine nach bhfuil ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge in ann leabhar Gaeilge a fháil sa mhála?

Ms Aoife O'Kelly:

Bhí sé sin i gceist sa chéad bhabhta. Is é seo an dara phase de na "little library bags". Sa chéad ceann, bhí leabhair Ghaeilge istigh sa mhála freisin.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I ngach mála?

Ms Aoife O'Kelly:

I ngach mála.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iontach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil Áine-Máire Ní Cheallaigh ag iarraidh aon rud a rá?

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Ní dóigh liom é. Aontaím le gach rud a dúirt an fhoireann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam faoin ábhar seo má tá an Teachta Calleary críochnaithe. Tá roinnt eolais agam faoin bhfoilsitheoireacht.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Tá a fhios agam.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá roinnt eolais agam ar na deacrachtaí agus ar an drogall a bhíonn ar roinnt de na foilsitheoirí chomh maith. Conas is féidir linn teacht timpeall ar roinnt de na foilsitheoirí nó na húdair? Uaireanta is iad na húdair atá i gceist seachas an foilsitheoir. B'fhéidir go dtarlaíonn sé seo i mBéarla chomh maith. Foilsítear an leabhar agus bíonn sé ar na seilfeanna, ach ní bhíonn an t-údar ag iarraidh go mbeidh sé ar fáil ar líne nó mar audiobook. Níl a fhios agam cén fáth. Nuair a théann na daoine atá aithne agam orthu go dtí an leabharlann, bíonn siad ag iarraidh leabhar a phiocadh le tabhairt ar saoire leo nó le seinm sa charr. Uaireanta eile bíonn siad ag iarraidh go mbeadh siad in ann é a léamh ar líne. An bhfuil an deacracht céanna ann maidir le leabhair Bhéarla?

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Ceapaim go mbíonn an deacracht sin ann anois agus arís. Is dúshlán é nach dtuigim. Leathnaíonn sé an léitheoireacht má tá an leabhar ar fáil mar rud digiteach. Níl a fhios agam cén fáth go gceapann roinnt de na húdair nár chóir é a dhéanamh. Caithfimid réiteach a fháil ar an bhfadhb sin toisc go bhfuil éileamh ann anois. Sin mar atá an saol. Táimid ag dul i dtreo na meáin chumarsáide agus úsáidtear níos mó rudaí digiteacha sa saol anois.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ceist ag an Teachta Aindrias Moynihan?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Bhí mé ag éisteacht leo agus bhí plé an-shuimiúil ann. Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid leabhar á gceannach i mBaile Átha Cliath agus nach bhfuil muintir na Gaillimhe in ann an méid céanna leabhar a cheannach. Tá gach cosúlacht ann go bhfuil leabharlanna eile ar fud na tíre ag tabhairt leabhair nua isteach sa chóras chomh maith. An mbíonn aon phlé ag na finnéithe lena gcomhghleacaithe sna leabharlanna eile faoi na leabhair a gceannaítear isteach? An bhfuil aon tomhas á dhéanamh idir na leabharlanna éagsúla ar cad as a bhfuil an t-éileamh ag teacht? An féidir aon léirmheas a dhéanamh air sin? An bhfuil éileamh ar leabhair ag teacht ó mhuintir na Gaeltachta, muintir na cathracha nó cá háit sa tír? An bhféadfaí aon tuairim a thabhairt ar seo? Má tá an daonra is mó agus an pobal labhartha is mó in áiteanna cosúil leis na cathracha - i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh - shamhlóinn gur ansan a bheadh an t-éileamh is mó. Bheadh sé suimiúil a fheiceáil cad as a bhfuil an t-éileamh sin ag teacht.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Ba bhreá liom an cheist seo a fhreagairt. Mar a luaigh mé san achoimre, agus ba cheart dom é a lua arís anois, baineann na leabharlanna go léir sa tír úsáid as córas bainistíochta leabharlanna náisiúnta. Dá bhrí sin, ní gá do gach leabharlann, i ngach réigiún - i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath nó i gContae na Mí - gach teideal a bheith acu. Ní dóigh liom gur maith an rud é seo do na foilsitheoirí. Ní maith leis na foilsitheoirí é seo toisc go bhfuilimid in ann na leabhair a roinnt ar fud na tíre. Nuair atá úsáideoir ag éileamh leabhar áirithe - Rotha Mór an tSaoil, b'fhéidir - nach bhfuil ar fáil sa leabharlann áitiúil i Ros Muc, déanfar iarratas chun an leabhar a fháil ó Bhaile Átha Cliath agus is féidir é a sheoladh chuig Ros Muc. Is córas náisiúnta é seo. Níl sé in aon tír eile san Eoraip. Mar sin, is rud iontach é go bhfuil sé againn in Éirinn. Is rud maith é don timpeallacht chomh maith. Níl sé go maith don fhoilsitheoir, ach tá sé go maith don timpeallacht.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé go maith don údar mar go bhfuil duine éigin a léamh.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Sin é.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is córas iontach é agus feicim leabhair ag teacht go Bhaile Bhuirne tríd an gcóras sin. N'fheadar an bhfuil aon tuairim ag na finnéithe faoi líon na leabhar Ghaeilge a bhíonn ag gabháil mórthimpeall tríd an gcóras sin? Cá bhfuil na leabhair ag dul agus cá bhfuil an t-éileamh orthu? An bhfuil aon eolais ar fáil air sin?

Ms Bernie Kelly:

Ní bheadh an t-eolas sin agam.

B'fhéidir go bhfuil muid in ann an figiúr sin a fháil amach ach níl sé agam.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Níl sé agam ach an oiread.

Ms Bernie Kelly:

Is córas an-mhaith é.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin go breá.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Feicim go bhfuil an Seanadóir Barry Ward tar éis teacht isteach. Má tá sé ag iarraidh ceist a chur, is féidir leis a lámh a chur in airde.

Photo of Barry WardBarry Ward (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat ach tá mé ceart go leor.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfaidh mé ar aghaidh le cúpla ceist eile atá agam. Beidh foilsitheoirí os ár gcomhair mar chuid den tsraith seo. Beidh Cló Iar-Chonnachta agus Leabhar Breac linn an tseachtain seo chugainn. Beidh dreamanna eile agus údair ag teacht os ár gcomhair freisin. Bhí ionadaithe ó shiopaí leabhar os ár gcomhair. Tá sraith ábhair á phlé againn maidir leis seo. Cad iad tuairimí na bhfinnéithe faoin sórt leabhar atá ag teastáil amach anseo? Agus mé ag féachaint isteach ar na leabharlanna, glacaim leis gur leabhair do leanaí iad a lán de na leabhair Ghaeilge atá ann. Tá siad gleoite agus tá pictiúir iontacha iontu. Is breá le páistí iad agus is cuma leo cén teanga atá ann mar beidh daidí nó mamaí á léamh dóibh. Uaireanta déanann foireann na leabharlainne nó na húdair, nuair a thagann siad isteach, é sin dóibh chomh maith. Chuala mé teachtaireacht amháin do na foilsitheoirí. Bhí an tuairim ann go bhfuil na leabhair ródheacair. Má tá Gaeilge líofa agat agus má tá léamh na Gaeilge éasca duit, is féidir leat aon leabhar a phiocadh suas díreach mar is féidir leat le leabhair i mBéarla. Ón méid a chuala mé, tá roinnt daoine den tuairim go bhfuil na leabhair Ghaeilge ródheacair dóibh. Táim ag lorg sórt treorach chun gur féidir liom na ceisteanna seo a chur ar na foilsitheoirí agus ar na húdair amach anseo.

Ó thaobh imeachtaí de, cad iad na himeachtaí breise a bhíonn ann? An mbíonn seoltaí leabhair nó ócáidí do dhaoine níos sine ann? Tá a fhios agam go mbíonn stuif ann do pháistí chun iad a mhealladh isteach sna leabharlanna. Diaidh ar ndiaidh, tá na leabharlanna ag éirí níos fearr agus níos nua-aimseartha. Tuigeann na daoine óga é sin ach uaireanta ní thuigeann na daoine níos aosta nach bhfuil sé de nós acu dul isteach sna leabharlanna é sin. Tá leabharlann 100 slat ó mo theach so feicim an dream atá ag dul isteach ann. Is iad roinnt acu an dream ceannann céanna atá tar éis a bheith ag dul isteach le 50 bliain anuas agus is iad roinnt eile daoine óga. Tá spás i lár baill. Conas is féidir linn an dream sin a mhealladh isteach sna leabharlanna agus a mhealladh chun leabhair Ghaeilge a léamh?

Tá ceist amháin eile agam. Scríobh mé síos áit éigin é. Bhí an lucht ón nGaillimh ag caint faoi Léamh Mór na Gaillimhe. Cé mhéad duine atá gafa leis seo? Ní scríbhneoireacht Ghaeilge amháin atá i gceist, an ea? An bhfuil an Béarla agus an Ghaeilge i gceist? Má tá, cén céatadán atá á chraobhscaoileadh as Gaeilge?

Ms Bernie Kelly:

Mar gheall ar na rudaí atáimid ag déanamh chun daoine a mhealladh isteach, ba mhaith linn caint faoi dhá rud: Léamh Mór na Gaillimhe, faoina mbeidh Josephine Vahey in ann labhairt, agus Europe Direct Soapbox agus an chaoi ina n-oibríonn sé. Chuir an Teachta Connolly ceist faoi na rudaí sin freisin. Beimid in ann cúpla focal a rá faoin dá rud sin. Beidh Josephine Vahey in ann caint faoi Léamh Mór na Gaillimhe agus beidh Aoife O'Kelly in ann caint faoi Europe Direct Soapbox agus an chaoi ina n-oibríonn sé sin. Tá an dá fheachtas sin an-spéisiúil.

Ms Josephine Vahey:

Unfortunately, I do not have competency in Irish so, if the committee will forgive me, I will speak in English.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl sé agat fós.

Ms Josephine Vahey:

Fós, yes. I have some Irish but not enough to speak here. Galway's Great Read, Léamh Mór na Gaillimhe, is an annual event where we put on a programme of events. We do this in both English and Irish. We try to foster and promote our literary heritage and our culture. We look predominantly at writers from Ireland and particularly from the west and consider historical events such as the suffragette movement. We create a programme around something like that and have events in our libraries. We cannot do the full 29, but we always have some events in the Gaeltacht. These are run through the medium of Irish and will involve speakers who will speak in Irish. We have held events on the Aran Islands as part of the campaign. It is not great because the weather is usually inclement in November and there can be many sick bodies coming back. Over the years, we have looked at writers like Pádraic Ó Conaire, Walter Macken and Eilís Dillon. We have travelling bilingual exhibition boards that go around the county so, even if we do not have an event in a branch, the exhibition will go there.

In recent years, because of the pandemic, we had to change our whole tack, especially in 2020. We could not have live events so we went virtual. This presented a steep learning curve for us all even with regard to learning the language of speaking to recorders and media people. However, it was very successful. It was on Eilís Dillon, a fascinating and prolific writer from Galway. We looked at all aspects of her life. Everything is on our YouTube channel. When we do Léamh Mór na Gaillimhe, we look at the collections we have in the library and promote them. Last year's theme was "Westward Ho! A ramble through Galway, 1840-1950". We looked at a lot of our travel writers. As part of that we did a travel documentary with two archaeologists, Dr. Jim Higgins and Michael Gibbons. We did a publication of essays and we had talks. We are going to continue this theme this year but we will be doing it in south Connemara. This will be predominantly in Irish or bilingual.

When we started this originally, we had a lot of events for children and did not really have anything for adults, so we decided this would be for adults only. However, when we were doing Pádraic Ó Conaire, we realised that a lot of children in County Galway did not know about him or about Walter Macken, so we introduced a children's educational part to the programme. We did visual interpretations of M'asal Beag Dubh. With Eilís Dillon, we took two of her stories and ran a programme called "One Author; Five Islands". We went to the Aran Islands, Inishbofin and Mweenish Island. Even though it is called Mweenish Island, it is part of the county. That was really successful and was done through the medium of Irish.

Léamh Mór na Gaillimhe is looked for during the year. Everybody wonders what the topic for next year will be. That is one of the ways we promote our collections and activities and events for older people to get them into the libraries.

Ms Aoife O'Kelly:

Is comórtas díospóireachta náisiúnta é an comórtas Europe Direct Soapbox. Tá cúig leabharlann sa tír bainteach le Europe Direct. Tá na leabharlanna i mBéal Átha na Sluaighe agus ar an gCeathrú Rua mar leabharlanna satailíte. Bíonn go leor rannpháirtíocht i gceist mar gheall go gcothaítear nasc idir na leabharlanna, na meánscoileanna agus na pátrúin a thagann isteach sa leabharlann. Nuair atá an comórtas sin ar bun, is féidir le gach duine páirt a glacadh ann. Mar a dúradh níos luaithe, tá dhá chatagóir ann: ceann dóibh siúd atá faoi 16 bliana d'aois agus ceann dóibh atá 17 nó níos sine.

Bíonn go leor daoine as Béal Átha na Sluaighe a dtógann páirt ann, go mór mór daoine os cionn 16 bliain. Bíonn gach aois páirteach ann. Mar gheall go bhfuil na hiontrálaithe ann i nGaeilge ón gCeathrú Rua agus ó áiteanna eile, bíonn gach moltóir ar an bpainéal ina dhuine dátheangach. Le dhá bhliain anuas anois, déantar an obair seo uile trí Ghaeilge agus déantar an mholtóireacht ar fad ar an dá theanga le chéile. Ní dhéanaimid moltóireacht ar leith ar na hiontrálaithe Béarla agus ar na hiontrálaithe Gaeilge. Tá siad ar fad istigh le chéile agus déantar iad ar bhonn fhiúntas na teanga.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Go rialta, bímid ag eagrú clár Gaeilge le cur ar siúl i rith na bliana. De ghnáth, bímid ag eagrú clár le haghaidh Sheachtain na Gaeilge. Beimid ag obair as seo amach ar an gclár Lá Mór na Gaeilge le Conradh na Gaeilge. Beidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Conradh na Gaeilge ag eagrú fheachtas Bhaile Átha Cliath le Gaeilge. Bhí clár fairsing againn anuraidh. Bhí mé ag obair le Tristan Rosenstock atá ina fhear an tí ar an gclár. Bhí sé go hiontach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfimid ceist ar Tristan Rosenstock mar tá seisean ar cheann de na daoine a bhfuil cuireadh tugtha dó teacht anseo.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Is as Comharé, nach ea? Tiocfaidh mé ar ais ar rud éigin a dúirt an Cathaoirleach níos luaithe. Bhí sraith mhíosúil an-deas againn anuraidh ina raibh meascán scríbhneoireachta agus béime ar scríbhneoirí. Tháinig údair isteach ar líne. Bhí painéil údar, ceoltóirí agus filí ann agus bhí sé an-deas. Cosnaíonn sé a lán airgid chomh maith. Chaith mé €20,000 ar an tsraith sin. Caithfimid an íocaíocht cheart a thabhairt d'ealaíontóirí. Is rud an-tábhachtach é sin. Níl sé saor ná íseal ach bhí an-suim ann. Bhí an caighdeán an-deas. Ba bhreá liom leanúint orm ach bhog mé go dtí ról nua. Tá beirt scríbhneoir againn, ag baint leis an oifig seo. Is beirt scríbhneoir chónaitheacha iad atá againn, Réaltán Ní Leannáin agus Meadhbh Ní Eadhra. Tá siadsan ag scríobh le deontas €5,000 ar thugamar don bheirt. Ceapaim go bhfuil Meadhbh Ní Eadhra ag obair ar scéal don aos óg agus ar thionchar na meán cumarsáide. Tá an scéal eile atá á scríobh ag Réaltán Ní Leannáin ag baint leis an saol osnádúrtha i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Is rud suimiúil é. Tá rudaí ag tarlú as Gaeilge sa chathair chomh maith.

Ms Bernie Kelly:

Dúirt an Cathaoirleach go mbeadh sé ag caint leis na foilsitheoirí. Is bearna a bhfacamar sna rudaí atá foilsithe ná neamhfhicsean do ghasúir, amhail na gasúir atá ag freastal ar na bunscoileanna. Tá cuid dó foilsithe ach ní mórán dó atá ann. Má bhíonn an coiste ag caint leis na foilsitheoirí, b'fhéidir go mbeidh sé in ann ceisteanna a chur orthu. Cheap mé go raibh bearna ansin. Tá rudaí ann ach níl réimse leathan ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Measaim go mbíodh An Gúm ag foilsiú a lán den stuif sin agus nach bhfuil sé ag déanamh an oiread sin faoi láthair. B'fhéidir amach anseo.

Ms Bernie Kelly:

B'fhéidir amach anseo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ciorcal léitheoireachta ar siúl faoi láthair? Cén céatadán den bhuiséad a gcaitear ar earraí agus leabhair Ghaeilge? Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil na deiseanna foghlamtha, cúrsaí agus scoláireachtaí ann. Tá a fhios agam go ndearna Covid scrios ar gach rud ach táimid tar éis na paindéime anois agus tá siad thar a bheith tábhachtach. Tá éacht déanta ag Bernie Kelly leis an nGaeilge. Is eiseamláir ise leis an nGaeilge a úsáid agus Áine-Máire Ní Cheallaigh tar éis an chúrsa a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh na deiseanna sin ag an bhfoireann go héasca agus go mbeadh fáil a bheith aici ar chúrsaí Gaeilge agus ar scoláireachtaí. Is cuid den réiteach é an Ghaeilge a chur chun cinn sna leabharlanna.

Ms Orla McMorrow:

Tá deacracht ag baint le cúrsaí teanga a chur ar fáil don fhoireann. Déarfainn go mbeadh sé mar an gcéanna thíos i nGaillimh. Anseo i mBaile Átha Cliath, tá an fhoireann leabharlainne faoi bhrú oibre. Tá a fhios agam go bhfuil an-éacht déanta agam an-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach i gcónaí a chíoradh cad iad na deacrachtaí.

Ms Orla McMorrow:

Toisc go n-osclaíonn na leabharlanna go luath ar maidin agus go mbíonn siad oscailte go deireanach san oíche, tá daoine ag teacht agus imeacht ag amanna éagsúla. Aon uair a rinne mé iarracht cúrsaí teanga a chur ar fáil do na baill fhoirne, ba é sin an chéad deacracht a bhí ann. Déarfaidís go raibh sé sin go breá ach ní raibh leath den fhoireann anseo go dtí 2 p.m. Is dúshlán é sin do na leabharlanna. Bhí siad an-tiomanta le Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann ach bhí deacrachtaí ann. Má tá leath den fhoireann ar chúrsa teanga, níl aon duine os comhair an phobail nuair a thagann sé isteach. Is fíordheacracht eile é sin. Ní hé nach bhfuil na comhairlí nó na leabharlanna sásta ligean don fhoireann an t-oideachas sin a fháil ach is fíordheacracht é. Tá sé níos measa anois tar éis na paindéime agus daoine ag feidhmiú ar bhealaí éagsúla.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin cabhrach.

Ms Bernie Kelly:

Tá an ceart ag Orla McMorrow. Bímid oscailte go luath ar maidin agus b'fhéidir suas go dtí 8 p.m. sa tráthnóna nó níos deireanaí ná sin. Táimid oscailte ar an Satharn agus ar an Luan chomh maith. Tá sé deacair. Chuir an Teachta ceist ansin faoi-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ciorcal léitheoireachta agus an buiséad.

Ms Bernie Kelly:

-----chiorcal léitheoireachta. Bhí ciorcal léitheoireachta i leabharlann na Ceathrún Rua. Is i mBéarla a bhí siad ag léamh na leabhar. Caithfidh mé é sin a rá.

Ms Aoife O'Kelly:

Cheap mé go raibh ceann Gaeilge acu freisin.

Ms Bernie Kelly:

B'fhéidir go raibh ceann Gaeilge ann freisin. B'fhéidir go mbeadh scata daoine ag léamh leabhar Gaeilge freisin ach bhí siad ag léamh leabhar Béarla, cé go raibh siad i gceartlár na Gaeltachta agus go raibh Gaeilge ag gach uile dhuine a bhí ag freastal ar an gciorcal.

Ms Aoife O'Kelly:

Bhí ceann ann roimh an phaindéim ach níl siad ar ais fós. Daoine níos sine a bhí ann so tá an deacracht sin ann.

Ms Bernie Kelly:

Is ciorcail comhrá a bhí i bPort Omna, ní ciorcail léitheoireachta. Is ciorcail léitheoireachta atá an Teachta ag caint faoi.

Ms Aoife O'Kelly:

Oibrím leis an rannóg scoileanna. Níl ciorcail comhrá go díreach ann ach déanann muidne úrscéalta ranga i nGaeilge. Tá 49 úrscéal ranga againn. Roinneann muid iad sin leis na bunscoileanna, lena n-áirítear Gaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta agus scoileanna a oibríonn i mBéarla má tá siad ag iarraidh na leabhar. Ó thaobh an éilimh atá ag teastáil, tá níos mó leabhair léitheoireachta do dhaoine óga ag teastáil i nGaeilge, cosúil leis na cinn ón bhfoilsitheoir Ó Briain. Níl a fhios agam an bhfuil aithne ag an gcoiste ar an tsraith “Sos”. Téann na leabhair sin ó Sos 1 suas go Sos 10 nó 11. Taitníonn siad sin leis na scoileanna a oibríonn i mBéarla. Ó thaobh na leabhar eile do na Gaeltachtaí agus na Gaelscoileanna, bíonn siad ag tógáil gach rud suas go haois 12. Bíonn siadsan ag léamh leabhar atá níos deacra. D’fheicfeá an difríocht. Tá siad ag léamh na cinn Ó Briain i rang 5 nó 6 i scoil lán-Bhéarla ach ag léamh Éalú san Oíchenó leabhair eile atá i bhfad níos deacra sna Gaeltachtaí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén céatadán den bhuiséad atá ann?

Ms Bernie Kelly:

I nGaillimh, níl sé ach 5%. Níl book fund mór againn i nGaillimh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil leabhair agus earraí eile san áireamh?

Ms Bernie Kelly:

Is 5% an méid atá ring-fenced le haghaidh leabhair Ghaeilge a cheannach. Bíonn sé níos mó ná sin i ndáiríre mar ceannaítear cuid de na sraitheanna sin a bhí Aoife O'Kelly ag caint fúthu freisin. Má bhíonn aon airgead breise ann, b’fhéidir go gceannóimid cúpla leabhar do Léamh Mór na Gaillimhe. Is é 5% an minimum atá leagtha amach againn. Sin an figiúr i nGaillimh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard é an figiúr i mBaile Átha Cliath?

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Tá sé níos ísle. Tá a lán stoic ann ach tá 21 brainse ann. Chaitheas €20,000 ó 2019.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén céatadán é sin?

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Sin 2% ach ní féidir comparáid a dhéanamh. Ní cheapaim gur rud é a chiallaíonn, I do not know------

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl sé féaráilte.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

I do not think it really makes sense. Tá brón orm freagairt i mBéarla.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tú ag déanamh go maith. Tuigim an rud atá á rá agat i nGaeilge.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Tá i bhfad níos mó teidil ar fáil i mBéarla ná mar atá i nGaeilge. Sin rud amháin. Níl go leor ábhair ar fáil i nGaeilge. Ónár dtaithí, níl an t-éileamh ann ach an oiread. Sin rud eile. Luaigh mé cheana go bhfuil córas bainistíochta náisiúnta againn. Ní orainn atá sé seo. It does not make economic sense to invest to such a degree when we can share from around the country.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir nach bhfuil ciall eacnamaíoch leis, agus tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil na leabharlanna in ann na hearraí agus na leabhair a roinnt, ach déanann sé ciall ar leibhéal eile mar tá géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de. Agus mé ag cur mo cheist, thosaigh mé ón bpointe go bhfuil sé aitheanta go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge. Ní mór dúinn na figiúirí a bheith againn. Tá sé tábhachtach iad a chur i gcomhthéacs ach is gá dúinn na figiúirí a bheith againn chun go dtuigfimid na dúshláin atá os comhair na bhfinnéithe ar gach leibhéal, ó thaobh na foirne de agus ó thaobh na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Is féidir linn níos mó a chaitheamh sa chathair. Tá an buiséad againn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is rud maith é sin, má tá an t-éileamh ann.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Tá an tsuim againn é a spreagadh ach níl an fhoilsitheoireacht chomh fairsing is atá sí as Béarla. Caithfimid é sin a rá.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon cheist eile agamsa, seachas conas gur féidir linn an t-éileamh a chothú. Sin jab mór. Sin ceann de na fáthanna go bhfuil na cruinnithe seo againn. Ar dtús táimid ag iarraidh an eolais a thógáil isteach agus ansin, mar choiste, déanfaimid moltaí do na foilsitheoirí, na leabharlanna, na siopaí agus na húdair maidir le conas gur féidir linn a chinntiú go gcuirfear le léitheoireacht na Gaeilge. Sin an fáth gur eagraigh muid an tsraith seo cruinnithe. Tá sé maíte orainn mar oileán agus mar thír go bhfuil litríocht na hÉireann go hiontach agus caithfimid a chinntiú go bhfuil litríocht agus léamh i nGaeilge ar fáil.

Ní ceist í seo ach ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le lucht na leabharlanna timpeall na tíre as an dá bhliain dheireanach. Rinne siad éacht chun seirbhísí a chur ar líne, cosúil le gach duine eile. Is rud nua dúinn ar fad é ach bhí seirbhísí ar fáil agus bhí daoine sásta go raibh leabhair ar fáil dóibh agus go raibh siad in ann léitheoireacht a dhéanamh. Measaim go bhfuil buntáiste bainte ag na leabharlanna as sin agus go bhfuil níos mó daoine ag féachaint orthu agus ag éileamh. I mo cheantar féin tá daoine ag éileamh breis uaireanta do na leabharlanna agus gach rud eile. Beidh muidne ag lorg níos mó infheistiú ón gcomhairle áitiúil i gcúrsaí foirne sa chaoi is gur féidir leis na leabharlanna fanacht oscailte agus an tseirbhís sin atá á éileamh ag an bpobal áitiúil agus daoine óga a chur ar fáil. Tá sé aisteach go bhfuil an draíocht sin fós ann i ndul go dtí an leabharlann, rud a bhí ann domsa agus daoine eile nuair a bhí muid óg. D’fhéadfá féachaint ar na leabhair seo ar fad, suí síos agus leabhair a tharraingt amach ó na seilfeanna. B’fhéidir nach gcuirfeá iad ar ais san áit cheart, mar sin jab an leabharlannaí, ach d’fhéadfá féachaint orthu agus ansin roinnt acu a thabhairt abhaile ar feadh tréimhse. Tá an chuma air go bhfuil an draíocht sin á roinnt ag na finnéithe le glúin nua agus go leanfaidh na leabharlanna ó fadó ar aghaidh. Bíonn daoine ag rá go bhfuil deireadh leis na leabharlanna toisc go bhfuil gach rud ar líne agus is léir anois nach bhfuil. Mo bhuíochas leis na finnéithe as teacht anseo agus an méid a thug siad dúinn agus a roinn siad linn inniu.

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

D’fhiafraigh an Cathaoirleach orainn níos luaithe cad iad na leabhair atá ag teastáil ó dhaoine faoi láthair. Bhíos ag smaoineamh faoi sin anuraidh nuair a bhí mé ag eagrú na sraithe le Tristan Rosenstock. Dúirt sé go bhfuil sraith leabhar Gaeilge atá comhaimseartha ann do dhaoine fásta atá éasca go leor. Tá sraith scríofa ann ó na húdair atá éasca. Cheapas go raibh sé sin iontach mar sin rud maith chun an léitheoireacht a spreagadh. Tá gá ann ach caithfidh na scéalta a bheith suimiúil agus comhaimseartha. Sin tuairim amháin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as sin a roinnt linn. Mar a dúirt mé, tá sraith údair, filí agus úrscéalaithe ann. Bhí muid ag súil go mbeadh roinnt daoine anseo atá an scríbhneoireacht mar cheird acu agus a thuileann airgead uaithi.

Tá duine acu tinn faoi láthair agus b’fhéidir nach mbeidh an té sin os ár gcomhair. Is é sin an sórt dream a bhfuil muid ag iarraidh ardán a thabhairt dó, gur féidir leo tuiscint a thabhairt dúinn faoin gceird atá acu, agus impeoimid orthu leanúint ar aghaidh leis. Ansin beidh muid in ann díriú isteach ar roinnt den stuif atá ag teastáil, bunaithe ar a bhfuil ráite ag na finnéithe agus ag daoine eile a tháinig os comhair an choiste.

Ba mhaith liom labhairt go díreach leis na leabharlanna poiblí i gcontaetha na hÉireann. Tá leabhair nua-aimseartha ar gach ábhar, idir úrscéalta, ghearrscéalta, stair, thaisteal, chúrsaí reatha agus araile á scríobh as Gaeilge gach bliain. Tá scríbhneoirí den scoth i mbun oibre ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus fhaisnéiseach seo, ach tá dualgas orainn an saothar luachmhar seo a chur ar fáil don phobal i ngach slí agus i ngach áit agus is féidir. Iarrann an comhchoiste ar na leabharlanna poiblí go mbeidh i bhfad níos mó leabhar as Gaeilge infhaighte agus infheicthe i ngach brainse de gach leabharlann phoiblí.

Tá feidhm lárnach ag na leabharlanna poiblí má táimid chun an sprioc sin a bhaint amach. Iarraim orthu athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna a dhéanann siad gach bliain maidir leis na leabhair a chuireann siad ar fáil don phobal. Molaim dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna sin agus cothrom na Féinne nó fiú aird ar leith a thabhairt do shaothar na scríbhneoirí Gaeilge.

Sin é an take ó chruinniú an lae inniu. Cuirim clabhsúr leis an díospóireacht seo. Gabhaim buíochas arís leis na finnéithe as cabhrú linn maidir leis an bplé seo. Níl aon ghnó eile. Cuirim an cruinniú ar athló go dtí 2 p.m. ar an 31 Bealtaine nuair a bheidh cruinniú príobháideach ar líne againn. Meabhraím do chomhaltaí go bhfuilimid chun tús a chur leis an bplé ar dhréacht-tuarascáil maidir le cúrsaí pleanála atá scaipthe orthu. Má tá tuairimí acu, bí cinnte iad a roinnt leis an gcléireachas roimh an gcruinniú sin.

Beidh ár gcéad cruinniú poiblí eile ar 1.30 p.m. ar an 1 Meitheamh, nuair a phléifear an t-ábhar spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge le hionadaithe ó na foilsitheoirí Leabhar Breac agus Cló Iar-Chonnacht.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.13 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 1 Meitheamh 2022.