Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leanfaidh an cruinniú ar aghaidh, i dhá seisiún, go dtí 6 p.m., más gá. Beidh sos 15 nóiméad idir an dá seisiún. Níl leithscéal ar bith faighte againn ó chomhaltaí. Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhaltaí eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú seo agus tabharfaimid deis dóibh labhairt chomh maith más féidir linn, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair an chruinnithe inniu agus, dar ndóigh, roimh lucht féachana sheirbhís teilifíse an Oireachtais.

Is iad na finnéithe atáim ag cur fáilte rompu don chéad seisiún ná Aoife Carragher, Ciar Mackin agus Poipin Murphy, atá mar ionadaithe thar cheann Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg, Caisleán Uidhilín i gContae an Dúin. Cuirim fáilte chomh maith roimh Kayleigh Cúipéir, Caitlín de Buitléir agus Darragh Kidd, atá mar ionadaithe thar ceann Choláiste Mhuire, Cabrach, Baile Átha Cliath 7. Cuirim fáilte chomh maith roimh Ciara Ní Dhuinnshléibhe, Ríona Ní Mhainín agus Katie Ní Shúilleabháin, atá anseo mar ionadaithe thar ceann Choláiste na bPiarsach, Ros Muc, Contae na Gaillimhe. Cuirim fáilte chomh maith roimh: Bríd Nic Gearailt; Sorcha Ní Dhonnchú; agus Daithí Ó Loinsigh, atá anseo mar ionadaithe thar ceann Ghaelcholáiste Chiarraí, i dTrá Lí, Contae Ciarraí. Gabhaim buíochas leo as teacht anseo chun cúnamh a thabhairt dúinn san ábhar atá á phlé againn. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste, mar atá déanta ag roinnt de na comhaltaí, nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a ndéantar é sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá siad ag freastal óna n-oifigí, is gá do chomhaltaí a micreafóin a mhúchadh nuair nach bhfuil siad ag caint. Ba chóir go mbeidh an fhíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán nuair atá siad ag labhairt. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin ach níl aon fhinnéithe ag teacht isteach linn go fíorúil inniu. Ba chóir dúinn atá sa seomra seo a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuilimid ag caint freisin.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe braith ar an gcosaint agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim do na finnéithe, a bhfuil formhór acu ag freastal ó taobh amuigh, a bheith cúramach den fhianaise atá á tabhairt acu. Má ordaíonn an chomhchoiste dóibh éirí as an bhfianaise sin, tá sé tábhachtach go ndéanfadh siad sin láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas.

Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Anois, tá an palaver ar fad déanta agam. Tá triúr comhalta ag teacht isteach go fíorúil. Is iad sin na Teachtaí O'Dowd, Ó Muimhneacháin agus Calleary. Tá an triúr eile anseo os ár gcomhair. Is iad sin na Teachtaí Connolly agus Daly agus an Seanadóir Ó Donnghaile. B'fhéidir go rachaidh daoine isteach nó amach agus muid ag caint toisc go bhfuil obair eile ar siúl acu. B'fhéidir go mbeidh Teachtaí ó cheantair na scoláirí féin ag teacht isteach. Tá cead acu é sin a dhéanamh agus tá cead acu ceisteanna a chúr nuair a ghlaoim orthu.

Tá an chéad chuid den obair anois déanta agam. Táimid ag breathnú ar trí ábhar inniu: todhchaí éiceolaíochta na hÉireann, post Gaeilge nua-aimseartha a chruthú in Éirinn, agus athruithe sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh na paindéime coróinvíris agus cad atá de dhíth ar an chéad ghlúin eile. Tógfaimid na hábhair éagsúla ceann ar cheann agus ar leith. Ní bheidh cead ag comhaltaí ach ceist amháin a chur ar gach aon ábhar toisc go bhfuil an clár chomh lán. Beidh deis níos déanaí níos mó ceisteanna a chur. Tógfaimid an chéad ábhar anois, is é sin, todhchaí éiceolaíochta na hÉireann. Éistfimid leis na finnéithe a roghnaigh an t-ábhar seo. Glaofaidh mé ar Ghaelcholáiste Chiarraí ar dtús. Tá trí ábhar ann. Rachaimid trí gach uile choláiste, cuirfear na ceisteanna agus ansin tiocfaimid ar ais. Is féidir le finnéithe a gcuid masc a bhaint díobh fad atá siad ag caint. Is féidir leo fanacht ina suí más mian leo agus má tá sé sin níos compordaí. Tiocfaidh an mic ar siúl go huathoibríoch. Is féidir leo na maisc a chur orthu arís nuair atá siad críochnaithe.

Mr. Daith? ? Loinsigh:

Is cladhaire mé ó thaobh chúrsaí éiceolaíochta de. Baineadh siar asam nuair a roinneadh topaic an lae inniu liom. An gá domsa, amadán ó thaobh cúrsaí éiceolaíochta de, labhairt os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an Oireachtais ar feadh cúig nóiméad mar gheall ar an topaic chéanna? Chuaigh mé i gcomhairle le mo chairde, Sorcha agus Bríd, agus leis an Máistreás Uasal Bean D’Altúin, ach baineadh siar asam arís nuair a luaigh siad nach raibh ach pointe nó dhó acu le cur leis an chéad dréacht. Is mná feasach cliste iad agus ní raibh cliú faoin spéir acu faoin éiceolaíocht. Muna raibh cliú acusan, cén t-eolas a bheadh ag gnáthmhuintir an phobail mar gheall ar an bhfocal céanna? Bhí a fhios agam go raibh mo dhóthain taighde os mo chomhair amach.

Ba cheart dom sainmhíniú a dhéanamh ar an bhfocal sin, "éiceolaíocht", ar dtús. Is í an éiceolaíocht an gaol a bhíonn ag neacha beo lena timpeallacht agus lena chéile. Is iad neacha beo na hÉireann na speicis dhúchasacha, mar shampla na fianna agus na hioraí rua. Is í an timpeallacht rud a bhaineann leis na gnáthóga dúchais ar nós na bportach móna agus na gcoill. Ba mhaith liom labhairt faoi thodhchaí éiceolaíochta na hÉireann, má tá a leithéid ann. Tá laghdú de 46% tagtha ar ghnáthóga na tíre ó 2007 agus tá 20% dár speicis éin ar an liosta dearg. Caithfimid ár meon i leith na gcréatúr beag agus ár nádúr a athrú le cloí le spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaineann le ceartas, cosaint agus cothromaíocht na timpeallachta. I dtosach báire, ní mór dúinn tuiscint ar an éiceolaíocht a chur i mbéal an phobail. Bheadh ciall le feachtas margaíochta náisiúnta a ndéanfadh sainmhíniú simplí ar théarmaí ar nós "bia-eangaigh" "órgánaigh bheo" agus "an fiadhúlra". Chomh maith leis sin, agus ó thaobh an oideachais de, ba cheart daoine óga a mhúnlú le tuiscint acu ar an mbithéagsúlacht. Ciallaíonn sé sin cur chuige ina ndéantar an éiceolaíocht a chlúdach go sonrach ar chúrsa na hardteistiméireachta, ar chúrsa na sraithe sóisearaí agus sa bhunscoil. Ní ualach do dhuine ar bith é foghlaim mar gheall ar na gnéithe timpeallachta a dhéanann Éire uathúil.

Caithfimid a thuiscint freisin nach bhfuil sé furasta ar dhaoine a saol a thiontú go hiomlán le bonn socair a chur faoi thodhchaí na héiceolaíochta. Is maith an rud é go bhfuil ceantair thréigthe uirbeacha á n-athdhúlrú ach beidh lucht comónta ann i gcónaí a mhothaíonn gur cur amú ama atá ann. Caithfimid freastal ar mhianta orgánach beo ach níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh gur orgánaigh bheo iad daoine daonna freisin. Ba chóir dúinn béim a chur ar ghníomhartha agus tionscnaimh fhorbartha a shásaíonn mianta an phobail agus mianta na neacha beo ag an am céanna. Is féidir linn an dá thrá a fhreastal.

Roinn Peter de Barra, saineolaí éiceolaíochta áitiúil, scéal ríshuimiúil liom mar gheall ar an streachailt a bhí aige an chothromaíocht sin a bhaint amach. Bhí air idirbheartaíocht a dhéanamh ar son cearta an speiceas cromán na gcearc, the hen harrier, i gContae Chiarraí. Bhí siad á mharú diaidh ar ndiaidh toisc na muilte gaoithe nua a bhí á mbunú ina ngnáthóg. Bhain sé úsáid as staitisticí agus taighde sonrach agus sásaíodh mianta an dá thaobh. Tá líon cromán na gcearc ardaithe arís agus tá na muilte gaoithe ag giniúint fuinneamh inbhuanaithe do mhuintir an phobail.

Tá ceacht le foghlaim anseo. Ní mór do bhaill an choiste, mar pholaiteoirí, dul i mbun comhairle na saineolaithe cuí, iad siúd atá tar éis staidéar sonrach a dhéanamh ar na topaicí seo le blianta fada anuas. Tuigeann siadsan gur ceart gníomhartha ar nós an fheachtais mhargaíochta, ar nós tionscnamh inbhuanaithe agus ar nós na mbealaí glaise i gContae Chiarraí a reáchtáil láithreach. Tuigeann siad gur cheart tionscadail inbhuanaithe a chur le chéile agus gur cheart na gníomhartha seo a chur ar bun le croí fiáin na hÉireann a choimeád fiáin do na glúine úra a thiocfaidh inár ndiaidh. Gabhaim buíochas leis na baill go léir. Táim sásta ceist ar bith a fhreagairt.

Ms Ciara N? Duinnshl?ibhe:

Táimid anseo inniu chun ár dtuairimí a roinnt leis an gcoiste maidir leis na hathruithe atá de dhíth orainn sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh na paindéime coróinvíris. Gabhaim féin agus mo chomhscoláirí, Ríona Ní Mhainín agus Katie Ní Shúilleabháin, buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn a bheith anseo inniu.

Ón mbliain 2020, nuair a thosaigh an phaindéim, tá obair na gcapall curtha isteach ag altraí ar fud fad na tíre ag coinneáil ár n-ospidéil oscailte cé go raibh an oiread brú agus strus orthu an t-am ar fad agus go raibh siad curtha i mbaol. Ní bhraithimid, scoláirí dara leibhéal, go bhfuair na haltraí seo aitheantas ceart don obair atá déanta acu agus atá á déanamh acu faoi láthair ná go bhfuil an t-aitheantas seo á fháil acu anois. Tar éis ceithre bliana nó níos mó á gcaitheamh i mbun staidéar ar a ngairm, níl pá réasúnta a shaothrú acu dóibh féin.

De réir fhigiúirí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, is €31,109 scála tosaithe pá d'altraí. Má bhreathnaímid ar scála pá siopaí leithéidí Lidl nó Penneys, feicimid go bhfuil a gcuid oibrithe ag saothrú beagnach an méid céanna airgid in aghaidh na bliana agus atá á saothrú ag altraí a bhfuil céim bainte amach acu. Tá fostaithe i Lidl ag saothrú €26,000 sa bhliain gan aon cháilíocht riachtanach. Ní i ndiaidh ar fhostaithe na miondíoltóirí atáim ach sílim go bhfuil sé seo mífhéaráilte ar lucht léinn atá i bhfiacha tar éis dóibh ceithre nó cúig bliana a chaitheamh ar an gcoláiste agus gan luach saothair níos fearr a bheith i ndán dóibh. Tá freagracht as cuimse ar altraí agus iad ag déileáil le hothair, cógais leighis agus obair riaracháin. Níl an tuarastal ag teacht leis an dualgas in aon chor. Chonaic muid an raic a tharraing an liúntas €100 suarach a raibh caint ar é a thabhairt d'altraí faoi oiliúint a bhí i mbun dualgais in ospidéil le linn na paindéime.

Is scoláire mé atá ag iarraidh tabhairt faoin altranas ach, i ndáiríre, níl aon dreasacht ann domsa, tar éis ceithre nó cúig bliana a chaitheamh ag staidéar, gan trácht ar tháillí ollscoile, costais mhaireachtála atá ag ardú de shíor, an ráta boilscithe anseo in Éirinn a bheith ag an ráta is airde a chonacthas le os cionn 20 bliain ag 6.7% chomh maith le heaspa tithíochta agus costais ollmhóra cíosa i nGaillimh nach bhfuil rochtain ar chuile scoláire orthu, a bheith ag saothrú an oiread sin pá. Nárbh fhearr go mór dom a bheith ag crochadh mo chuid seolta agus ag dul thar lear ar nós an 90% eile a bhíonn earcaithe ag seirbhísí sláinte ar fud na cruinne? Nach é go bhfuil muid ag cur oiliúint ar dhaoine óga le hiad a dhíbirt amach as an tír?

Cá bhfágann sé sin córas sláinte na hÉireann? Tá an imirce ag ardú, na Gaeltachtaí ag bánú, scoileanna ag dúnadh agus líon na gcainteoirí dúchasacha óga ag laghdú dá bharr. Nach mór an díol trua é gurb é seanóirí na gceantar tuaithe atá fágtha in áit na leathphingine in áras seandaoine nach bhfuil Béarla briste féin ag roinnt de na fostaithe iontu, ní hamháin Gaeilge.

Cloistear ar an nuacht, beagnach gach dara seachtain, go bhfuil ganntanas altraí in ospidéal i ngach cearn den tír, go bhfuil na haonaid éigeandála ag dul thar moill, go bhfuil na céadta ar thralaithe gach uile thráthnóna agus go bhfuil liostaí feithimh ann chomh fada chomh fada le ráithe an earraigh. Cén fáth, mar sin, go bhfuil mo leithéid anseo inniu ag déanamh achainí ar an gcoiste ag iarraidh cothromaíochta níos fearr a bhaint amach dóibh siúd ar spéis leo tabhairt faoin ngairm seo sa todhchaí? Tá sé thar am infheistíocht a dhéanamh sa chéad ghlúin eile, roghanna a thabhairt do lucht léinn na Gaeilge, spreagadh a thabhairt, coinníollacha oibre níos fearr a thairiscint, meas a léiriú ar chéimithe agus an stádas a thabhairt atá toillte go maith acu.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé tar éis léim isteach sa tríú hábhar ansin. Tá brón orm. Tiocfaimid ar ais go dtí an t-ábhar sin agus déanfaimid déileáil leis le gach duine le chéile.

Ms Caitl?n de Buitl?ir:

Is mór an phribhléid dom a bheith anseo inniu chun todhchaí éiceolaíochta na hÉireann a phlé. Tá cáil orainn in Éirinn dár bpáirceanna glasa, dár gceantair chósta agus dár n-áiteanna rí-speisialta ar nós Chlochán an Aifir agus an Bhoirne. Tá áilleacht faoi leith bainteach leis na seoda nádúrtha seo, chomh maith leis an bhflóra agus leis an bhfána a mhaireann iontu. Tá an t-ádh linn a bheith mar náisiún oileánda. Is gné é a chuireann leis an mbithéagsúlacht atá againn anseo in Éirinn. Tá go leor speiceas dúchasach álainn a mhaireann i gceantair éagsúla fud fad na tíre, agus a mhair trí thréimhsí saibhre stairiúla agus tréimhsí tragóideacha. Is é ceann de na tragóidí reatha atá ann ná caillteanas na speiceas dúchasach agus laghdú ar an mbithéagsúlacht ar fud an domhain. Céard a chiallaíonn sé sin dár dtodhchaí éiceolaíochta in Éirinn?

Dár leis an World Wildlife Fund, WWF, níl ach 23% de speicis agus 16% de ghnáthóga Eorpacha i mbarr a sláinte. Dár leis an Intergovernmental Science-Policy Platform on Biodiversity and Ecosystem Services, IPBES, atá ina staidéar ar an mbithéagsúlacht dhomhanda, tá ceann as gach cúig speiceas in Éirinn i mbaol dul in éag agus ceann amháin as gach trí speiceas beacha, 37 speiceas éin ina measc, chomh maith leis an ainmhí is ársa in Éirinn, is é sin an diúilicín péarla fionnuisce. Ní dhearnadh staidéar ach ar stádas 10% den 31,000 speiceas atá sa tír seo. Ní fheadar cé chomh holc agus atá cúrsaí do na cinn eile. Tá speicis a shuíonn go ciúin sna páirceanna, sna foraoise, sna farraigí agus san fhionnuisce ag dul in éag i ngan fhios dúinn agus muid dírithe ar an ngeilleagar, ar chúrsaí polaitíochta, ar fhadhbanna sóisialta srl. Tá a fhios againn go bhfuilimid, mar dhaoine, ag brath go hiomlán ar speicis éagsúla dár soláthar bia go príomhúil agus do go leor eile chomh maith.

Tá go leor cainte na laethanta seo faoi bheith inbhuanaithe, mar is ceart, le cinntiú go bhfuil dóthain acmhainní ann, ní amháin don ghlúin óg ach do na glúnta atá le teacht. Mar thoradh ar an gcaillteanas bithéagsúlachta domhanda, tá bac ar 80% den dul chun cinn a bhaineann leis na spriocanna domhanda um fhorbairt inbhuanaithe atá leagtha síos ag na Náisiúin Aontaithe. Má leanann cúrsaí mar atá, tá an todhchaí éiceolaíochta agus an todhchaí ghinearálta dorcha, gan mórán dóchais. Beidh an t-aer ró-nimhneach le hanálú, beidh na huiscí truaillithe agus beidh acmhainní tábhachtacha caillte. Tá an aimsir chun athrú go mór má leanaimid ar aghaidh mar seo. Ciallaíonn sé seo go mbeidh níos mó tonnta teasa agus níos lú báistí. Cuirfidh an dá rud seo isteach ar thimthriall beatha plandaí agus ainmhithe.

Is é ár n-aidhm don todhchaí éiceolaíochta ná an truailliú san uisce agus san aer a laghdú. Ba mhaith linn críoch a chur leis an athrú aeráide agus ní theastaíonn uainn tuilleadh acmhainní a chailliúint. Chun é seo a bhaint amach, tá orainn an méid breoslaí iontaise atá á dhó againn a laghdú. Is féidir siúl nó rothaíocht in ionad dul ag tiomáint. Gan na gáis a scaoileann na breoslaí iontaise san aer, beidh an caighdeán análaithe i bhfad níos fearr dúinn agus don saol timpeall orainn. Tá orainn ár gcuid bruscair a chuir isteach sna boscaí bruscair in ionad san uisce agus sna farraigí. Tá orainn ábhar inbhuanaithe a úsáid in ionad plaisteach nach bhfuiltear in ann a úsáid ach uair amháin. Má dhéantar na rudaí seo, tiocfaidh roinnt bithéagsúlachta ar ais agus beidh timpeallacht níos glaine ag an mbeatha mhara.

Tá mé ag teacht chuig deireadh m’óráid agus tá súil agam gur fhoghlaim an coiste cé chomh dáiríre is atá an damáiste atá déanta don timpeallacht cheana féin. Níl ach 23% de na speicis atá againn i mbarr a sláinte. Tá orainn smaoineamh faoi na glúnta atá le teacht inár ndiaidh agus an saol a bheidh acu. An mbeidh an t-aer sábháilte dóibh? An mbeidh na hacmhainní riachtanacha ar fáil dóibh? Caithfear stop ag cur leis an truailliú atá á déanamh don aer agus don uisce trí níos lú breoslaí iontaise a dhó, ábhar inbhuanaithe a úsáid, bealaí taistil níos fearr a roghnú agus bruscar a bhainistíocht go héifeachtach. Má thosaímid anois, tá dóchas ann don todhchaí. Tá an fhreagracht orainn ar fad na hathruithe seo a chur chun cinn, áfach. Táim an-bhuíoch as an bpribhléid a bhaineann le bheith anseo ag labhairt leis an gcoiste. Gabhaim buíochas leis as ucht a chluas éisteachta.

Ms Ciar Mackin:

Tá clú agus cáil ar ár dtír mar thír ghalánta ghlas. Leoga, deirtear go bhfuil 90 sórt glais ann. Is tír í atá lán le sléibhte agus gleanntáin ghlasa. An mbeidh an scéal seo amhlaidh i gceann 50 bliain áfach? Is iomaí athrú a tháinig ar an saol le breis agus 100 bliain anuas, go mór mór sa tír bheag ghalánta ghlas seo. Le fás na tionsclaíochta agus na teicneolaíochta, is iomaí buntáiste atá ann dúinn mar chine daonna. Tá saol deas compordach againn le hacmhainn le cuidiú le gach compord sa saol. A bhuí le teas lárnach, bíonn ár dtithe te compordach. Bíonn uisce te ar fáil ar an toirt. Bímid in ann ár dteilifís agus soilse a chur ag dul lenár nguthanna fiú. Tá saol an mhadra bháin againn. Ag caint ar an madra bán, cén tionchar atá ag an tslí mhaireachtála seo ar na hainmhithe sa tír s’againne?

De réir tuairisce ar na mallaibh ó na Náisiúin Aontaithe, tá cailliúint speiceas ollmhór ann ar ráta chomh gasta nach bhfacthas a riamh roimhe. Dár ndóigh, de réir na tuairisce ó IPBES, tá an t-athrú seo ag tarlú 100 uair níos gasta ná riamh roimhe. Is iomaí éan agus ainmhí atá i mbaol in Éirinn. I lár na 1980í in Éirinn, bhí thart ar 5,000 péire cuirliún sa tír seo ach anois, de réir WWF, níl ach 150 acu ann. Is titim 97% é sin. Bhíodh an cnádán le feiceáil uair den saol ar gach páirt den chósta in Éirinn. Ní mhaireann sé anois ach i gcorr áiteanna beaga i gCiarraí sa lá atá inniu ann. Tá mé cinnte de gur chuala gach mac máthar agus iníon athar ar thitim an iora rua. Bhí Éire breac leo lá den saol, ach anois, is fíor annamh a fheictear iad. Is tubaisteach an scéal é.

Deirtear go bhfuil clú an fháilteachais ag muintir na hÉireann ach is cosúil nach mbaineann sin le hainmhithe. An bhfuil muid chomh leithleach sin mar dhaoine, gur cuma linn faoin mbithéagsúlacht a chaomhnú? Ní féidir a shéanadh go bhfuilimid, mar chine daonna, chomh buartha fúinn féin agus ár gcuid saolta deasa compordacha go mbíonn drochthionchar ar na hainmhithe seo agus ar na gnáthóga ina maireann siad.

Bíonn an frása athrú aeráide i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann agus, déanta na fírinne, is maith go mbíonn. Caithfimid dul i ngleic leis. De réir na háisíneachta cosanta timpeallachta, Met Éireann agus na hinstitiúide mara, tá na himpleachtaí an-fheiceálach ar fad. Tá leibhéal na farraige ardaithe 2 mm go 3 mm ó 1990 agus tá láidriú tagtha ar shreabhadh na n-aibhneacha freisin. Ní théann samhradh tharainn nach gcluintear ar abhainn ag sileadh thar an mbruach agus ag déanamh an-damáiste do thithe agus do ghnóthaí. Nuair a amharcaimid ar na blianta is teo a bhí riamh ann, tá 15 de na blianta is teo ann ó 1990. Is é an rud a chuireann imeagla orm ná go ndeirtear go bhfuil 50% de mhéadú ar an méid dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar i gcomparáid leis an tréimhse réamh-thionsclaíochta. Ní saineolaí mé ach tuigim gur rud uafásach é sin.

Le fás na gcathracha agus mbailte móra, tá crainn á leagadh le haghaidh tithe agus foirgnimh a thógáil. D’fhoghlaim mé sa rang staire ar scoil go raibh Éire chomh tiubh le crainn go dtiocfadh le hiora rua dul ó Chiarraí go hAontroim gan cos a chur ar an talamh.

Is seanstair í sin agus meirg uirthi anois. Tá bealaí móra galánta ann dúinn dár gcarranna. Ní áibhéil a rá go mbíonn an tuath in úsáid do chúrsaí talmhaíochta amháin mar is é sin an rud is féidir linn brabús a dhéanamh amach as. Ach, tá rudaí níos tábhachtaí ná airgead. Tá tuath ghlas na hÉireann ina fhásach anois a bhuí leis seo. De réir Pádraig Fogarty, tá ainmhithe agus speicis imithe ó na móinteáin taobh istigh de ghlúin amháin agus nach dtiocfaidh siad ar ais. Mura dtugaimid faoin fhadhb láithreach, beidh an tír seo scriosta againn. Níl mé ag caint faoi na hainmhithe amháin. Tá muid féin ag brath ar an mbithéagsúlacht d’uisce glan agus don aer glan a chothaíonn an saol dúinn. Sílim féin go bhfuil dúshláin mhóra romhainn maidir leis seo uilig. Más féidir linn an scéal a scaipeadh agus a chur ina luí ar dhaoine, tá mé cinnte de go dtiocfadh linn daoine a spreagadh chun gnímh. Is féidir linn uilig tabhairt faoin bhfadhb agus ár bpáirt a imirt sa chath seo. Braitheann todhchaí an chine daonna air, go fiú.

Mar fhocail scoir, tá mé dóchasach go bhfuil ár nglúin feasach ar an mbaol atá ann dár gcóras éiceolaíochta, ach ní mór dúinn gníomhú anois, nó beidh Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair cosúil le Tír na nÓg agus gan a bheith ann ach sna finscéalta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ábhar machnaimh atá ann sna ceithre phíosa cainte atá tugtha dúinn go dtí seo. Tugaim deis anois do na Teachtaí nó do na Seanadóirí ceist amháin a chur orthu siúd a thug na hábhair cainte sin agus ansin casfaimid ar an gcéad ábhar eile.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir as an líon cur i láthair cuimsitheach agus fíormhaith a thug siad dúinn. Mar a dúirt an Cathaoirleach, tá a lán machnaimh le déanamh againn as an méid atá ráite acu inniu.

Le bheith ionraic, ní féidir liom cur leis an méid atá ráite ag na finnéithe ach amháin le ceist a chur orthu nó a mholadh dóibh, mura bhfuil sé déanta acu cheana féin, is é sin smaoineamh faoin gcineál naisc atá ann idir an Ghaeilge, an timpeallacht, an éiceolaíocht agus an domhan ar fad atá thart timpeall orainn.

Le linn na Comhdhála Athrú Aeráide 2021, COP26, rinneadh seoladh ar an tionscadal living-language-land agus léirigh sé sin an dóigh a bhfuil teangacha dúchasacha nasctha leis an talamh agus leis an dúlra atá thart timpeall orainn.

Nuair a bhíomar ag plé Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) sa Seanad, luamar an tábhacht a bhí le logainmneacha, mar shampla. Chonaiceamar go raibh eastáit nua a bhí tógtha faoi uisce i ndiaidh tamaillín mar gheall ar na tuilte, ach dá mba rud é gur baineadh úsáid as na hainmneacha dúchasach a bhí acu, bheadh a fhios ag na forbróirí go raibh flood plain i gceist. Níl a fhios agam an bhfuil sé seo pléite ag ár n-aíonna nuair a bhí siad ag ullmhú don mhéid seo ach, más ceist atá inti, b’fhéidir nach bhfuil an freagra acu inniu. Thiocfadh leo mar sin smaoineamh faoin tábhacht agus an nasc atá ann idir teanga dhúchais sa chás seo againne, teanga na nGael, agus an éiceolaíocht atá thart timpeall orainn. Is é sin uaim agus gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugaim deis anois don Teachta Daly ceist a chur. Cuirfear dhá ceist ó na comhaltaí agus tiocfaidh mé timpeall ar na comhaltaí arís ansin chun go gcuirfear dhá cheist eile.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir agus go mór mór le Daithí ó Thrá Lí. Bhí mé ag éisteacht leis mar gheall ar na bealaí glaise agus tá sé sin suimiúil mar beidh an bealach glas ó Thrá Lí go dtí an Fhianait críochnaithe i mí Iúil. B’éigean dóibh infheistíocht a dhéanamh maidir leis an éiceolaíocht i gCiarraí, mar shampla. Tá fadhbanna leis na speicis ionracha, a bhí Ciar agus Caitlín ag caint faoi, ar nós an rhododendron agus an Japanese knotweed. Tá fadhb againn leo siúd i gCiarraí. Tá fadhb san Fhianait mar nach raibh aon infheistíocht san fhuíolluisce nó wastewater agus níl duine in ann dhá fhoirgneamh nó theach a thógáil san Fhianait mar níl an córas don fhuíolluisce ansin. Ní mór dúinn freisin chomh maith cúiteamh a íoc mar go rabhamar ag plé sa Dáil agus sa Seanad mar gheall ar na portaigh. Ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh mar chúiteamh do na daoine sin a bhíonn ag obair sna portaigh agus athfheistiú a éascú do na daoine chun a dteaghlaigh a athrú chun go mbeadh sé ag teacht níos mó leis an éiceolaíocht.

Tá ceist amháin agam do Dhaithí Ó Loingsigh. An gceapann sé go n-úsáideann na daoine thall i gCiarraí na bealaí glaise? An bhfuil a lán suime ag na daoine ann agus an bhfuil a fhios aige fúthu?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Toisc go bhfuil ceist curtha díreach ar Dhaithí, tosóimid leis.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon bhrú air.

Mr. Daith? ? Loinsigh:

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus as a cheist iontach.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin go breá.

Mr. Daith? ? Loinsigh:

Sílim féin gur tionscnamh dochreidte atá sna bealaí glaise. Tá breathnú déanta agam ar na bhforbairt atá déanta orthu le tamall fada anuas agus is ábhar mór dóchais iad don tionscal turasóireachta, go háirithe i gContae Chiarraí. Tá a fhios agam go bhfuil cinn oscailte i gContae Chorcaí agus i gContae Luimnigh freisin. Cuireann sé áthas orm a bheith ag breathnú ar na rothaithe nuair a bhím ag taisteal ó cheann ceann na tíre, nó ag déanamh rámhaíochta nó mar sin is a bheith ag breathnú ar na coisithe agus ar na rothaithe ag baint taitneamh as an áis sin.

Le ceist an Teachta a fhreagairt, tá suim phearsanta agam iontu. Is rothaí agus coisí mé freisin agus tá suim ar leith agam sa tionscnamh seo. Le bheith fírinneach, tá súil agam do n-osclófar é go luath. Mar a luaigh an Teachta, caithfidh an infheistíocht sin a bheith ann. Má reachtaíltear an tionscnamh seo agus má éiríonn leis, caithfear leanúint leis agus an infheistíocht a chur isteach ann. Tugann sé aitheantas mar tá a fhios agam faoin gcéim ó Fhianait go Trá Lí go mbeidh sé ag tabhairt aitheantas don éiceolaíocht áitiúil. Beidh sé ag tabhairt aird freisin ar fhadhbanna agus ar an radharc tíre iontach atá ann, ar na hacmhainní iontacha mara atá ar fáil, agus gur féidir na deilfeanna agus na speicis éiceolaíochta dúchasacha eile atá de dhúchais sa cheantar sin a fheiceáil.

Mar sin arís, leis an bpointe sin a bhuanú, ba cheart tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sna bealaí glaise má éiríonn leis an gcéim áitiúil i gContae Chiarraí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Daithí. An bhfuil Ciara ag iarraidh freagra a thabhairt ar an gceist nó arbh fearr léi fanacht go dtí an chéad seisiún eile?

Mr. Daith? ? Loinsigh:

Gabh mo leithscéal, ach rinne mé dearmad freagra a thabhairt ar an Seanadóir Ó Donnghaile mar gheall ar an bpointe a rinne sé i dtaca leis an nGaeilge, an éiceolaíocht agus an nasc atá eatarthu. Le pointe ó m’óráid a threisiú, is ceart an bhreis eolais éiceolaíochta sin a chur ar fáil as Gaeilge mar ba cheart dó a bheith dátheangach, le tuilleadh béime a chur ar eolas éiceolaíochta agus ar shainmhínithe, mar shampla, agus ar na speicis a ainmniú as Gaeilge freisin, ionas go mbeadh an t-eolas sin ar fáil do phobal na Gaeltachta freisin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Daithí arís. Ar mhiste le Ciara Ní Dhuinnshléibhe an deis labhartha a fhágáil nó freagra a thabhairt anois?

Ms Ciara N? Dhuinnshl?ibhe:

B’fhearr liom fanacht go dtí níos déanaí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fadhb ar bith. Bogfaimid chuig Caitlín De Buitléir anois, lena toil.

Ms Caitl?n de Buitl?ir:

Tá nasc mór idir an ngeilleagar agus an todhchaí éiceolaíochta mar tá orainn an t-airgead a chur isteach má táimid ag iarraidh na fadhbanna seo a réiteach. Tá slite níos fearr againn chun leictreachais a fháil agus chun uisce a ghlanadh ach caithfimid an t-airgead a chur isteach chun na háiteanna seo a chruthú. Is féidir linn, dá réir, na solar panels a chur ar dhíonta na dtithe ach níl gach duine in ann íoc as sin. Mar sin, tá orainn tacaíocht a thabhairt do gach duine agus do charranna leictreacha freisin. Níl gach duine in ann iad a cheannach agus áiteanna a fháil chun iad a luchtú a chur ina ngairdíní.

Tá orainn níos mó áiteanna a chur ar fáil dóibh agus cinn a chur isteach i dtithe do dhaoine atá ag iarraidh cairr leictreacha a úsáid.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as na cuir i láthair éagsúla. Cé go rabhthas cúpla nóiméad déanach ag teacht isteach, bhíos ábalta éisteacht agus faire ar na cuir i láthair i m’oifig. Tá an-suim agus an-fhuinneamh sna cuir i láthair éagsúla agus gabhaim buíochas as sin. Is ábhar ollmhór é seo agus fásann sé i ngach treo, idir chaint mar gheall ar an dúlra agus ainmhithe, tógáil agus gach sórt treo. Cad iad na hathruithe faoi leith atá riachtanach anseo? An dóigh leis na finnéithe go bhfuil an toil ann chun iad sin a bhaint amach? Cloisimid ó dhaoine i gcónaí go bhfuil dea-thoil ann agus feicimid na mórshiúlta éagsúla, ach ansin nuair a bhíonn iarratas ann chun feirm ghaoithe a thógáil, cur i gcás, bíonn agóid ina aghaidh. Ní dhéantar aon iarracht a leithéid d’fheirmeacha gaoithe a thógáil sna cathracha nó sna háiteanna go bhfuil an fuinneamh á úsáid. An dóigh leis na finnéithe go bhfuil an tsuim nó an dea-thoil ann chun na hathruithe atá riachtanach a chur i gcrích? Chomh maith leis sin, tá fás mór tagtha ar an éileamh ar fhuinneamh. Feicimid é le data centres nó daoine ag déanamh breis taistil agus breis iompair. An bhfuil slí ann gur féidir feabhas a chur ar rudaí ón taobh sin den equation, sé sin, ó thaobh éilimh de, seachas breis fuinnimh a ghiniúint?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcléireach as ucht cuireadh a thabhairt do na scoláirí teacht anseo. Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad freisin. Tá brón orm ach caithfidh mé dul go cruinniú eile. Tá ceist agam faoi chúrsaí éiceolaíochta agus timpeallachta. An gceapann na finnéithe go bhfuil tuiscint ag na glúnta níos sine, cosúil le mo ghlúin agus glúnta níos sine arís, ar cé chomh dáiríre is atá na fadhbanna ó thaobh cúrsaí timpeallachta agus éiceolaíochta de? Cén rud amháin a dhéanfadh na finnéithe chun go mbeadh an tuiscint sin ag mo ghlúin agus ag na glúnta níos sine faoi cé chomh dáiríre is atá rudaí?

Mr. Daith? ? Loinsigh:

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as na ceisteanna iontacha. D’fhiafraigh an Teachta Ó Muimhneacháin faoin tsuim atá ann maidir leis an bhfadhb seo. Tá an-suim ag an bpobal saineolaithe ann. Tá siad ag iarraidh freastal ar na ceisteanna seo agus an t-eolas sin a chur i mbéal an phobail. Tá siad ag iarraidh go roinnfeadh muintir an phobail an tsuim atá acu óna gcáilíochtaí agus a dtuiscint ar an topaic seo.

Maidir leis an éileamh ar fhuinneamh, ba cheart tuilleadh suirbhéanna agus faisnéise a dhéanamh ar cé chomh mór is atá an t-éileamh d’fhuinneamh. Níor cheart díreach muilte gaoithe nó painéil ghréine a bhunú muna bhfuil an t-éileamh sin ag teastáil. Tuigimid go maith go bhfuil tuilleadh spáis éiceolaíochta ag teastáil do thuilleadh tionscnamh ar nós páirceanna glaise agus mar sin de. Caithfimid an t-éileamh sin a mheas, seachas díreach gníomhú gan an t-éileamh sin a bheith ar eolas againn.

Bhí ceist ag an Teachta Calleary mar gheall ar a ghlúin. Tá tuiscint iontach ag gach uile ghlúin ar an ábhar seo anois, leis an eolas breise atá ann mar gheall ar chúrsaí timpeallachta agus bithéagsúlachta, ach an rud amháin a mholfainn ná cluas éisteachta a thabhairt do na glúnta nua. Tá cúrsaí athraithe, go háirithe sa Roinn Oideachais, leis an eolas atá ar fáil againn mar gheall ar astaíochtaí dhé-ocsaíd charbóin. Clúdaímid é sin sa rang tíreolaíochta ach go háirithe. Is gá tuilleadh cluas éisteachta a thabhairt do dhaoine óga. Tá an t-oideachas breise sin faighte acu le blianta fada anuas, leis an tuiscint agus an chiall cheannaithe atá tagtha.

Ms Caitl?n de Buitl?ir:

Ó thaobh na nglúnta atá anseo cheana féin, níl an tuiscint chéanna acu is atá againne, mar ta na hathruithe seo tarlaithe agus ag tarlúint tar éis a n-am. Níl mórán gur féidir leo a dhéanamh ach caithfimid an t-eolas a scaipeadh dóibh trí bhealaí a thuigeann siad, ar nós na nuachta nó páipéir nuachtáin, mar ní bhíonn siad ar na meáin shóisialta chomh minic agus a bhíonn gach duine eile. Mar sin, caithfimid an t-eolas a scaipeadh i slite difriúla.

Maidir leis na feirmeacha gaoithe, tá orainn suirbhéanna a chur timpeall faoin éileamh atá ann. Beidh na feirmeacha seo níos fearr ar na cóstaí. Ní dhéanann siad an jab céanna i lár na cathrach mar níl an spás ann dóibh agus níl an méid céanna gaoithe i lár na cathrach mar gheall ar na foirgnimh ar fad. Má tá siad in aice an chósta beidh an ghaoth ar fad ar fáil.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé déanach so níl mé ró-chinnte faoin gcaoi a bhfuil an cruinniú ag oibriú amach. Gabh mo leithscéal.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá trí ábhar le plé againn agus táimid ar an gcéad ábhar, a bhaineann leis an éiceolaíocht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim céad míle fáilte roimh na ceithre scoil atá anseo, go háirithe Coláiste na bPiarsach as Ros Muc. Tá fáilte roimh na finnéithe. Tá obair na gcapall curtha isteach acu agus a gcuid múinteoirí chun a bheith anseo. Tá a fhios agam an méid oibre atá curtha isteach acu agus gabhaim mo mhíle buíochas as sin. Tá an-suim agam san ábhar seo le déanaí. Cúpla mí ó shin, léigh mé leabhar a chur gliondar ar mo chroí darbh teideal, más buan mo chuimhne, ná An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht.Ba leabhar beag bídeach dátheangach é. Níorbh i gceist ach 70 leathanach. Chuir an leabhar sin os ár gcomhair cá bhfuil an réiteach, nó cuid den réiteach, ar na fadhbanna atá againne ó thaobh an dúlra agus an dochar atá déanta againn. Ba mhaith liom é sin a lua mar tá mé in ísle brí i ndáiríre ó thaobh na ndúshlán atá os ár gcomhair maidir le hathrú aeráide. Ceapaim go bhfuil fimíneacht - hypocrisy - i gceist ar ár dtaobh, agus ar gach taobh - daoine óga freisin.

Bheinn buíoch más féidir na ceisteanna sin a phlé inniu. Cad is féidir linn a dhéanamh inár saol féin, sna scoileanna, sa Teach seo agus ar leibhéal polasaí? Ó thaobh pholasaí, tá a lán rudaí déanta ag an Rialtas go teoiriciúil ach an fhadhb agus an dúshlán ná iad a chur i bhfeidhm. Sin an dúshlán ar leibhéal polasaí agus ansin tá na dúshláin atá os mo chomhair agus os bhur gcomhair mar dhaoine. Ní mór dúinn dul i ngleic leis an bhfimíneacht atá i gceist i ngach bealach.

An tseachtain seo, mar a tharlaíonn sé, tá dhá dheis ag Teachtaí, mé féin san áireamh, labhairt ar na hábhair seo. Tá an dá dhíospóireacht shuimiúil ach ar an Déardaoin beidh muid ag plé an National Parks and Wildlife Service – tá na focail i nGaeilge dearmadta agam – agus an tuarascáil a bheidh curtha os ár gcomhair. Tá an tuairisc sin damanta amach is amach ó thaobh na neamhairde a thug gach Rialtas go dtí an pointe seo ar an National Parks and Wildlife Service.

Tá easpa airgid, easpa foirne, easpa polasaí agus easpa gach rud eile i gceist. Rinne mé dearmad a rá gur iontach an rud é go bhfuil cothromaíocht inscne i gceist. As an méid sin daoine, tá beirt bhuachaillí ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl cothromaíocht ag na mná ach móramh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I ndeireadh na dála, tá cothromaíocht inscne os ár gcomhair. Tá dualgas orainn mar pholaiteoirí ach tá dualgas orainn go léir. Ba mhaith liom tuairimí na scoláirí a chloisteáil faoi sin. Cad iad na hathruithe bunúsacha gur féidir a dhéanamh sna scoileanna agus sa Teach seo? Táim ag caitheamh amach na ceisteanna sin because tá sé uaireanta deacair leanúint ar aghaidh ag breathnú ar an dochar atá á dhéanamh againn mar shochaí seachtain i ndiaidh seachtaine agus lá i ndiaidh lae in ainneoin an eolais uilig atá againn. Mar fhocal scoir, ceapaim go bhfuil rialtais éagsúla ag déanamh an botún ceannann céanna i leith an choincheap "the polluter pays". Tá siad ag díriú isteach ar na daoine ar an talamh nach bhfuil mórán dochair á dhéanamh acu i gcomparáid leis na comhlachtaí móra. Tá easpa misnigh i gceist ó thaobh dul i ngleic leis na comhlachtaí móra atá ag déanamh an t-uafás dochair. Tá mo dhóthain ráite. Táim ag caitheamh é sin amach do na finnéithe. Ba mhaith liom a dtuairimí a chloisteáil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist agam. Cuirfidh mé mo ladar isteach ag an staid seo. Conas is féidir linn, mar shochaí, déileáil leis an gcíocras chun teicneolaíocht nua atá ann? Táim ag caint faoi gach duine seachas faoi ghlúin ar leith. Táimid ar fad ag iarraidh fón póca den scoth agus go mbeidh an t-eolas ar fad ar líne againn chomh tapa agus is féidir ach tá a fhios againn an damáiste a dhéanann an teicneolaíocht sin. Táim ag caint faoi na hionaid sonraí timpeall na tíre atá ag úsáid an leictreachais ar fad agus ag cothú fadhbanna dúinn don todhchaí. Conas is féidir linn tabhairt faoi sin?

Tá ceist agam do Chaitlín de Buitléir toisc go bhfuil cónaí uirthi áit éigin sa chathair. Ar aithin sí aon athruithe móra timpeall na cathrach le cúpla bliain anuas toisc na paindéime? Táim ag caint faoi phlandaí nua agus daoine ag tabhairt aire don éiceolaíocht sa chathair. Tá an éiceolaíocht atá againn sa chathair iomlán difriúil ón éiceolaíocht atá ann lasmuigh di. Tá dualgais dhifriúla orainn ó thaobh na cathrach de. D'aithin mise athruithe. Níl a fhios agam cé chomh leanúnach is atá siad. Tháinig éin agus bláthanna nach raibh le feiceáil de bhlianta anuas ar ais nuair a bhí gach rud ciúin ar feadh tamaill. Tá súil agam go bhfuil sé sin feicthe ag daoine eile. Má tá, conas is féidir déanamh cinnte go leanfaidh na hathruithe seo? Tabharfaidh mé deis do Chaitlín de Buitléir agus ansin casfaidh mé ar Dháithí Ó Loinsigh.

Ms Caitl?n de Buitl?ir:

Chonaic mé athruithe móra sa chathair. Chonaic mé i bhfad níos mó éan ná mar a bhí ann roimhe. Ní fhaca mé mórán éan laistigh den chathair roimhe ach anois tá siad le feiceáil sna sráideanna agus ag eitilt timpeall. Feicim i bhfad níos mó boscaí le bláthanna agus plandaí éagsúla istigh iontu. Ní raibh a leithéid istigh sa chathair riamh ach anois is féidir iad a fheiceáil. Mar sin, beidh an bhithéagsúlacht ag teacht ar ais mar is féidir le feithidí agus araile cónaí sna boscaí seo agus a dtithe féin a dhéanamh. Thug mé faoi deara freisin go bhfuil go leor daoine ag déanamh a ngairdíní suas. Tá siad ag cur níos mó bláthanna agus crann isteach ann. Tugann sé sin níos mó áiteanna cónaithe do na nithe beo agus cothaíonn sé an bhithéagsúlacht. Tá réimse áiteanna ar fáil: áiteanna tirime, áiteanna níos fliche, áiteanna gan solas gréine agus áiteanna le solas gréine. Tugann sé seans dóibh a rogha áit chónaithe a roghnú agus a saol a dhéanamh níos fearr. Tá sé iontach don soláthar bia freisin. Má tá an bhithéagsúlacht ann, beidh feithidí ann do na héin agus beidh saol níos fearr acu. D'imigh go leor den bhruscar ó na sráideanna mar gheall nach raibh an méid céanna daoine amuigh orthu. Bhí gach duine ina theach agus, mar sin, bhí an bruscar ar fad ag dul sna boscaí bruscair. Is fadhb ollmhór é sin. Caithfimid déileáil leis an mbruscar go héifeachtach. Muna ndéanfaimid amhlaidh, beidh sé ar fad ar ais sna sráideanna agus beidh nithe beo ag fáil bás nó ag fágáil mar gheall nach bhfuil a n-áiteanna cónaithe sábháilte dóibh.

Mr. Daith? ? Loinsigh:

Mar fhreagra ar chéad cheist an Chathaoirligh, a bhain leis an teicneolaíocht, is fadhb atá agam ach go háirithe, agus fadhb gur féidir í a réiteach, ná an bealach ina déileálaimid leis an teicneolaíocht nuair atá sí scriosta nó as úsáid. Conas gur féidir linn déileáil leis an bpróiseas nuair a théann na nithe sin isteach sa bhosca bruscair nó mar sin? Conas gur féidir na próisis seo a dhéanamh i leith na gcomhábhár éagsúil lena ndéantar suas an fón póca nó pé gluais atá i gceist? Caithfimid an méid leictreachais agus fuinnimh a úsáideann na rudaí beaga seo a mheas agus a chur san áireamh chomh maith.

Maidir le ceist an Teachta Connolly, thug Caitlín de Buitléar freagra iontach uirthi. Ní theastaíonn uaim ach píosa amháin eile a chur leis sin. Tá a lán eagraíochtaí deonacha i mo cheantar dúchais atá bainteach leis an éiceolaíocht. Mar shampla, tá grúpa garraíodóireachta poiblí agus tá cumann na mbailte slachtmhara ann. Tá siad ag gníomhú ar leas an phobail leis an mbithéagsúlacht i gceantar Thrá Lí, atá ina cheantar uirbeach, a chaomhnú agus a fheabhsú. Is gníomh amháin é sin lenar féidir linn tacú leis an mbithéagsúlacht. Is féidir linn a bheith inár mbaill d'eagraíochta deonacha cosúil leo siúd, eagraíochtaí atá ag obair go héifeachtach ar son na bithéagsúlachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chaill mise cuid den mhéid a bhí le rá. Tá dhá cheist agam a bhaineann le muintir Chonamara. Tá caint ar an teicneolaíocht. Níl an oiread sin dochar sa teicneolaíocht má ghintear an leictreachas go nádúrtha. Cén bharúil atá ag na scoláirí maidir leis an moladh seo atá ann muilte gaoithe a chur amach ar charraigeacha na Sceirde thiar i gCarna?

Bíonn caint ar an mbithéagsúlacht, rud a chuimsíonn go leor rudaí ar nós plandaí agus mar sin de a bhíonn ag fás. An ndearna éinne de na daoine óga atá anseo riamh aon phlé leis na seandaoine maidir leis an éagsúlacht a bhí sa bhfeirmeoireacht a bhí ar bun acu? Bheadh cairéid, biabhóga, fataí, oinniúin, scailliúin, tornapaí, piseáin agus mar sin de ag an gcuid is mó acu. Níl siad sin ag fás in aon áit i gConamara anois. An ceart go mbeadh, mar shampla, €1,000 sa mbliain do chuile fheirmeoir dá gcuirfidís garraí beag de na rudaí seo le spreagadh a thabhairt dóibh an bhithéagsúlacht a thabhairt ar ais? Tá ceist dheireanach agam. Dá mbeadh seirbhís bhus ó Ros Muc go Gaillimh gach uair a chlog, an mbainfeadh na finnéithe úsáid aisti seachas ag dul sa gcarr i gcónaí?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé atá ag iarraidh freagra a thabhairt orthu sin? Níl aon duine ag iarraidh é seo a dhéanamh. Tá na ceisteanna deacra ag teacht ón Teachta Ó Cuív.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl siad deacair.

Ms R?ona N? Mhain?n:

Dá mbeadh bus ag dul go Gaillimh, ceapaim go mbainfeadh neart daoine úsáid as. Níl ann faoi láthair ach ceann ar 7.30 a.m. Ní cheapaim go bhfuil éinne ag éirí ag 7.30 a.m. le dul isteach go Gaillimh. Tá cuid le fáil as Casla ach tá ort fós dul go Casla sa gcarr. Ceapaim go mbainfeadh go leor daoine úsáid as a leithéid de sheirbhís.

Leis an dianghlasáil, chuaigh go leor daoine ar ais ag garraíodóireacht le mamó agus daideo agus fuair siad neart eolais uathu faoi céard a bhí á dhéanamh fadó mar gheall go raibh an oiread ama ag chuile dhuine agus go raibh siad ag iarraidh na seantraidisiúin sin a fháil amach. Ceapaim go bhfuil na cleachtaidh sin anois faighte ag na daoine óga agus b'fhéidir go mbainfidh siad féin triail astu. Tá go leor daoine óga ag déanamh an green cert mar gheall go bhfuil deontais le fáil. Tá feirmeoirí óga ag teacht chun cinn arís. Go háirithe sa phobal atá againn i Ros Muc, feictear neart feirmeoirí óga faoi láthair.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bogfaimid ar aghaidh go dtí an dara hábhar atá ar an gclár inniu, is é sin, an féidir linn pobail Ghaeilge nua-aoiseach a chruthú in Éirinn? Tá sé beagáinín gaolta leis an gceist dheireanach i slí amháin. B'fhéidir go dtabharfaidh cainteoir ó Choláiste Mhuire faoi ar dtús.

Ms Kayleigh C?ip?ir:

Is mór an onóir dom seasamh os comhair an choiste inniu mar chaptaen Gaeilge Choláiste Mhuire chun labhairt faoin topaic, “An féidir linn pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú in Éirinn?” Caithfidh mé a rá nár smaoinigh mé riamh ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge dom go dtí gur labhair mé le mo chairde nach bhfreastalaíonn ar Ghaelcholáiste. Cheap siad go raibh sí ródheacair a fhoghlaim agus nach raibh pointe ar bith le teanga ársa a labhairt. Is ansin a thuig mé an phribhléid atá ann a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt. Tá an Ghaeilge ag maireachtáil ionainn mar Éireannaigh. Caithfimid pobal Gaeilge láidir a chruthú a mhairfidh go deo sa ré nua-aoiseach seo.

Céard is brí leis an bpobal Gaeilge domsa? Go pearsanta, smaoiním ar gach duine atá sásta an Ghaeilge, ár dteanga ársa dhúchasach, a labhairt, bíodh sin Gaeilgeoirí líofa nó Gaeilgeoirí atá ag baint úsáid as a gcúpla focal, is é sin, Gaeilgeoirí atá sásta “Dia duit” nó “Go raibh maith agat” a rá nuair a bhuaileann tú leo ar an tsráid, fiú muna bhfuil aon Ghaeilge eile acu. Mar a deirtear, is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Is iad na Gaeilgeoirí sin atá mar chlocha cora dúinn chun ár bpobal Gaeilge a chur chun cinn.

Táim den bharúil go gcaithfear breathnú siar ar an stair chun féachaint chun tosaigh chuig an bpobal nua-aoiseach. Tá an Ghaeilge mar chuid dár n-oidhreacht mar Éireannaigh. Throid ár sinsir romhainn ar son cearta do lucht labhartha na teanga. Mhair sí go dtí seo trí ghorta, galair, ainneart na Sasanach agus bochtanas. D’éinne a deir go bhfuil sí ag fáil bháis, deirim gur sheas sí an fód go dtí seo trí gach constaic. Mairfidh sí níos faide ná héinne anseo inniu má dhéanaimid ár seacht ndícheall í a chaomhnú.

Ní fhéadfainn labhairt faoi phobal Gaeilge nua-aoiseach gan an teicneolaíocht a lua. Is léir do chách go bhfuil tionchar as cuimse ag an teicneolaíocht agus ag na meáin shóisialta ar an saol nua-aoiseach. Is féidir nasc a dhéanamh go héasca le daoine timpeall na tíre ar na meáin shóisialta. Cén fáth, mar sin, nach n-úsáidimid na meáin shóisialta chun an pobal Gaeilge a neartú? Feictear níos mó agus níos mó daoine ag baint úsáid as a n-ainmneacha trí Ghaeilge ar na meáin shóisialta agus ag roinnt postálacha greannmhara orthu. Má dhéantar cuardach ar #Gaeilge ar Instagram, tá níos mó ná 115,000 postálacha le feiceáil ann. D’fhéadfaimis ar fad níos mó iarracht a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta. Is féidir linn cuntais Gaeilge a leanúint a chuideodh linn cur lenár stór focal, téacs a deir “Dia duit,” a sheoladh nó ár socruithe teanga a athrú go Gaeilge. Trí ghníomhaíochtaí beaga ar nós iad seo, beidh pobal Gaeilge atá réidh don saol nua-aimseartha á fhorbairt agus á chothú againn.

Caithfidh an Rialtas infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga chun pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú. Ionas go mbainfidh daoine óga úsáid as an nGaeilge, caithfidh siad na deiseanna atá ann dóibh léi a fheiceáil. Ceapaim nach dtuigeann daltaí meánscoile na deiseanna sin. Ní fhéadfainn seasamh anseo agus a rá gur thuig mé féin na deiseanna a bhí ar fáil dom mar Ghaeilgeoir go dtí i mbliana nuair a thosaigh mé mo thaighde féin. Ba cheart go dtuigfeadh daltaí meánscoile ón gcéad lá na deiseanna atá ann dóibh más féidir leo an Ghaeilge a labhairt. Cén fáth nach ndéantar fógraíocht i dtaca leis na deiseanna seo? Cén fáth nach bhfuil sé mar chuid den chúrsa Gaeilge ar scoil? Dá dtuigfeadh daoine óga na deiseanna iontacha atá ar fáil, ní bheadh drogall orthu í a labhairt. Táimid ag brath ar dhaoine óga chun pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú. Is iad daoine óga atá i gceannas ar thodhchaí na teanga, ár n-oidhreacht.

Tá an Rialtas tar éis tús a chur leis an bhfeachtas Baile Átha Cliath le Gaeilge agus é ag tabhairt maoinithe do ghnólachtaí sa chathair chun iad a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid ar chomharthaí, shuímh ghréasáin, fhógraíocht agus bhiachláir i gcaiféanna agus i mbialanna. Cé go bhfuil sé iontach go bhfuil an spreagadh seo ann, cén fáth go bhfuil sé seo ag tarlú i mBaile Átha Cliath amháin? Nach bhfuilimid ag iarraidh pobal Gaeilge a chruthú ar fud na tíre? Ba cheart go mbeadh na deiseanna céanna ar fáil i ngach baile in Éirinn d’éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt. Tá sé de cheart acu an deis sin a bheith acu mar gur teanga oifigiúil na tíre í.

Cén fáth go bhfuilimid teoranta i dtaca le pobal Gaeilge a chruthú in Éirinn amháin? Más féidir Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh timpeall na cruinne agus más féidir siúl isteach i dteach tábhairne Éireannach aon áit, cén fáth nach féidir linn ár dteanga, atá mar chuid dár gcultúr chomh maith, a leathnú timpeall an domhain? Is é sin an chaoi ina gcinnteoimid an pobal Gaeilge nua-aoiseach.

Mar a dúirt an Piarsach, tír gan teanga, tír gan anam. Is focail iad seo ó fhear a fuair bás ionas go mbeadh saoirse ag muintir na hÉireann ár dteanga ársa dúchasach, atá mar chuid dár bhféiniúlacht, a labhairt. Fúinn féin atá sé, idir óg agus aosta, saoránaigh agus Stát, gach iarracht a dhéanamh chun ár dteanga a chaomhnú don chéad ghlúin eile mar a rinne ár sinsir dúinn. Is sinn an pobal Gaeilge nua-aoiseach. Gabhaim buíochas leis na baill as cluas éisteachta a thabhairt dom.

Ms Aoife Carragher:

Is é comhlacht aontaithe de dhaoine aonair an sainmhíniú ar phobal. Is pribhléid dom labhairt leis an gcoiste inniu faoi mo thuiscint agus mo thuairimí féin maidir le pobal nua-aoiseach Gaeilge a chruthú anseo in Éirinn. Caidé atá i gceist le pobal nua-aoiseach? Caidé atáimid ag cuardach agus caidé atá de dhíth? Nach topaic ollmhór é? Tá seanfhocal ann, agus sílim go bhfuil sé sábháilte le rá go bhfuil sé ar eolas againn uilig ag an phointe seo inár saol Gaeilge: ní neart go cur le chéile. Bhí mé ag smaoineamh air seo agus mé i mo shuí sa bhaile ag scríobh amach na focail seo. Tá againn ar an lámh amháin "ní neart go cur le chéile" agus, ar an lámh eile, "comhlacht aontaithe de dhaoine aonair". Is ionann an dá rud. Is ionann pobal agus daoine le sprioc amháin ag teacht le chéile le bheith aontaithe. Ní féidir a dhéanamh ach dul i neart ansin. Is féidir linn pobal nua-aoiseach a chruthú anseo in Éirinn gan amhras. Tá a lán dóigheanna chun an aidhm sin atá againn a chur i bhfeidhm.

Cad iad na rudaí simplí a thiocfadh linn a dhéanamh chun pobal nua-aoiseach Gaeilge a chur chun cinn? Tá a fhios againn nach bhfuil gach duine den intinn chéanna maidir leis an nGaeilge. Níl gach duine in aon cheantar ag iarraidh ár dteanga bhinn a fheiceáil. Ní bréag le rá é go raibh an Ghaeilge ceangailte leis an bhochtanas i ndiaidh an Ocrais Mhóir, agus bhí sí ceangailte le stádas íseal sóisialta. Ní raibh muid ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt agus, thar na blianta, shíl formhór na ndaoine nach raibh an Ghaeilge tábhachtach. Níor shíl muid go raibh sí de dhíth orainn. Is mór an trua é sin mar go bhfuil suim sa Ghaeilge de dhíth. Tá sí de dhíth orainn uilig mar Ghaeil óga. Tá sé de dhíth go mbeidh an Ghaeilge thart orainn go nádúrtha. Tá an téarma sin, "go nádúrtha", tábhachtach.

Go pearsanta, tá sé níos fusa dom an Béarla a labhairt. Bhí an Béarla thart orm agus mé ag fás aníos. D'fhás mé aníos thuas sna Sé Chontae agus tá a fhios agam go bhfuil mo chuid taithí difriúil ón taithí a bhí ag na baill. Tá sé níos fusa an Béarla a labhairt. Ní féidir é sin a shéanadh. Cén fáth? Is é an Béarla an teanga atá thart orainn an t-am ar fad. Bíonn tionchar aige sin orainn. Táimid ag iarraidh ár dteanga a labhairt agus tionchar Gaeilge a bheith orainn fosta. Is féidir leis an dá theanga a mhaireachtáil le chéile. Buíochas le Dia, tháinig athbheochan na Gaeilge, a bhuí le Conradh na Gaeilge agus leis an tsárobair a rinneadh. Bhí ról nach beag ag na meáin shóisialta, TG4, Coláiste Lurgan agus na dlúthdhioscaí ceoil - na rudaí simplí.

Níl aon seans againn Gaeilge bhinn nádúrtha a chleachtadh mar pháirt don saol ó lá go lá nuair nach bhfuilimid ar scoil. Is é sin an fáth go bhfuil pobal nua-aoiseach Gaeilge de dhíth orainn. Ní bheidh an Ghaeilge fós beo sa tsochaí ná sa todhchaí gan an cineál brú sin chun an Ghaeilge nádúrtha a thabhairt isteach sa phobal atá againn cheana féin. An ionann pobal agus áiteanna aitheanta inar féidir le Gaeil teacht le chéile?

B'fhéidir nach bhfuil gach duine réidh an Ghaeilge a aithint go fóill ach caithfidh go mbeadh áiteanna ainmnithe do Ghaeilgeoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh. Teastaíonn áiteanna ar leith i ngach cheantar le teacht le chéile ag aois ar bith nó ag leibhéal ar bith, áiteanna ar leith do na Gaeilgeoirí le teacht le chéile agus an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha. Is féidir seo a bheith againn i rud simplí cosúil le caifé. Is féidir an raidió Gaeilge a chur sa chúl agus buntáiste eile a bheadh ann ná go mbeadh poist ar fáil do na Gaeilgeoirí áitiúla. Bheadh daoine ag iarraidh am a chaitheamh anseo. Áit simplí trí Ghaeilge atá de dhíth orainn; gnáth áit Gaeilge don ghnáth Gaeilgeoir. An ann pobal Gaeilge nua-aoiseach agus Gaelscoileanna teacht le chéile cúpla lá sa míosa chun Gaeilge a spreagadh i measc ar phobail áitiúla?

Ceann de na príomh-fáthanna ar tháinig athbheochan ar an Ghaeilge ná na Gaelscoileanna. Is muid na Gaeil óga; is muid an ghlúin nua. Agus nuair a bhíonn muid ag teacht le chéile, thig leat draíocht ár dteanga a fheiceáil thart ar na leanaí ar fad agus is féidir an pobal a fhorbairt agus a chothú, cúpla lá sa míosa fiú. Tá an tionchar sin de dhíth orainn agus tá an draíocht sin ag imeacht uainn gan a bheith le chéile. A chairde Gael, tá mé ag labhairt libh anois. Is muid anam ár dteanga. Tá sé de dhíth orainn teacht le chéile mar phobal chun an Ghaeilge a chur i bhfeidhm ar a chéile. Tá sé chomh simplí sin ach an bhfuil an mhaoin againn?

Cad é atá againn nach raibh ag na Gaeilgeoirí romhainn? Is é sin na meáin shóisialta. Cad é a bhfuil níos nua-aimseartha agus níos coitianta do Ghaeil óga ná na meáin shóisialta? Tá an fhianaise againn go bhfuil muid in ann pobal a chruthú ar líne. Smaoinigh faoi na milliúin daoine ag dul i dteagmhail le chéile gach lá tríd na meáin cosúil le TikTok, Facebook, Instagram agus Snapchat. Nuair a bhí Covid ag an phointe is measa, bhí muid uilig ag maireachtáil ar líne chun coinneáil suas chun dáta lenár gcairde agus lenár dteaghlaigh. Bhí pobal againn ansin. Bhí pobal againn tríd na meáin shóisialta. Cé atá le rá nach bhfuil muid in ann sin a bheith againn arís, ach tríd ár dteanga dhúchais? Ní féidir na meáin shóisialta éalú ort dóigh ar bith. Cad é faoi áit a chruthú dúinn ar an Idirlíon, agus níl mé ag caint faoi na cluichí Gaeilge ríomhaire teoranta a thugann na múinteoirí dúinn ar scoil. Tá ardáin Ghaeilge cosúil le Facebook nó TikTok de dhíth chun atmaisféar Gaeilge binn a chruthú. Táimid ábalta sin a dhéanamh.

Tá a lán féidearthachtaí againn i dtaca le pobal nua-aoiseach ach caithfimid na rudaí seo a chur i bhfeidhm. Tá an spreagadh sin ann agus tá na daoine réidh le hobair, me féin san áireamh, ar son ár dteanga a fheiceáil thart orainn sa phobal arís. Ag deireadh an lae, is ann pobal agus muid ag teacht le chéile le troid ar son ár dteanga dúcháis. Is ann an neart sin agus rudaí speisialta a thiocfaidh le teacht dár dtír agus dár dteanga dúchais. B'fhéidir nach bhfuil pobal nua-aoiseach Gaeilge againn go fóill ach is féidir linn sin a bhaint amach. I ndeireadh na dála, is féidir le spark beag tine iontach a chruthú. Go raibh maith agaibh a chairde Ghaeil.

Ms Sorcha N? Dhonnch?:

Is pribhléid mhór dom í labhairt os comhair an chomhchoiste mar ionadaí le haghaidh Gaelcholáiste Chiarraí. Is é an t-ábhar a bheidh faoi chaibidil agam ná an féidir linn pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú in Éirinn. Chun an cheist seo a fhreagairt i mbeagán focail, is féidir linn gan amhras ach táim anseo chun léargas a thabhairt ar na cúiseanna taobh thiar den mhuinín atá agam. Ar an gcéad dul síos, táimse den tuairim go bhfuil deis níos fearr againn anois pobal Gaeilge a chruthú in Éirinn ná mar a bhí riamh. I gcomparáid le blianta ó shin, níl aon srian ar an méid ardáin ina labhraítear Gaeilge go nadúrtha gach uile lá.

Mar dhuine atá ag caint inniu ar son na glúine óg, tá sé soiléir dom go bhfuil baint mhór ag na meáin shóisialta leis an scéal seo. Nuair a chasaim mo ghuthán ar siúl, is féidir liom teacht ar réimse leathan tionchairí nó influencers a bhíonn ag labhairt go laethúil as Gaeilge ar Instagram nó is féidir liom tráchtaireacht a fháil ar an nuacht domhanda is déanaí tríd a bheith ag léamh giolcanna Gaeilge ar Twitter. Is é an pointe atá a dhéanamh agam ná gur uirlis iad na meáin shóisialta pobal daoine óga a shroicheadh. Chonaic mé an chumhacht seo go rí-shoiléir i mo scoil féin cúpla seachtain ó shin agus Seachtain na Gaeilge faoi lán sheol. Ní chreidfeá an méid cainte a bhí ar siúl i mo rang Gaeilge mar gheall ar an bhfeachtas Energia a bhí feicthe againn go léir ar TikTok. Scéal ollmhór a bhí ann toisc go raibh tionchairí lárnach sa fógra agus lean an comhrá ar aghaidh sa rang Gaeilge as Gaeilge feadh na míosa. Tharraing an feachtas meán shóisialta sin aird ár n-aoisghrúpa agus bhí tionchar díreach aige ar an nGaeilge a spreagadh inár saolta laethúla.

Tuigim áfach go ndéanann an cheist a cuireadh orainn tagairt do phobal Gaeilge agus ní an t-aos óg amháin a bhíonn bainteach leis sin. Feicim go minic go mbíonn dúil fós ag na daoine fásta mórthimpeall orm ar na meáin thraidisiúnta ach feicim freisin go mbíonn nuacht á shú isteach acu ar líne níos minice ná riamh. Measaim féin go bhfuil na meáin trí Gaeilge ag dul i ngleic leis an éileamh seo agus go neartaíonn siad an pobal Gaeilge atá á chruthú againn. De réir Forais na Gaeilge, féachann thart ar 330 000 daoine ar tuairisc.iele haghaidh na nuachta is déanaí gach uile lá. Caithimid cuimhneamh go bhfuil ardáin ar nós RTÉ, TG4 agus stáisiúin raidió ar nós Raidió Na Gaeltachta agus Raidió Rí-Rá ann. Is é bunchloch bunúsach aon phobal ar bith ná nasc idir dhaoine agus níl aon síol dabht i m'aigne gur féidir an nasc sin a chothú tríd ár meáin agus tríd ár meáin shóisialta as Gaeilge a thacú agus a mhaoiniú. Anuas ar seo, tá pobail Ghaeilge nua–aoiseach á gcruthú ar fud na tíre i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta. Gan amhras tá taithí phearsanta agam ar an gcineál pobal Gaeilge seo.

Anois ba mhaith liom cúlra fíor-bheag a thabhairt don choiste orm féin ar son mo chéad phointe eile. Mar is eol don choiste faoin dtráth seo, Sorcha is ainm dom. Táim 17 bliana d’aois agus táim ag críochnú an cúigiú bhliain an tseachtain seo chugainn. Síolaím as Trá Lí agus d’fhreastail mé ar bhunscoil lán-Bhéarla sa sráidbhaile bheag Cathair Uí Mhóráin. Labhraím Gaeilge ar scoil ach Béarla sa bhaile. Rinne mé an cinneadh chun freastal ar Ghaelcholáiste toisc go bhfuil grá agam don Ghaeilge ach braithim go láidir go bhfuil baol ann gur bheag muintir rang a sé a bheidh ag déanamh an cinneadh céanna sa todhchaí.

Mar a dúirt mé níos luaithe níl dabht ach gur féidir linn pobal Gaeilge nua-aoiseach a fhorbairt ach ní cheart dúinn constaicí a chruthú dúinn féin. De réir Peig.ie, tá 71 meánscoileanna trí mheán na Gaeilge in Éirinn agus an chonstaic atá á cur ós ár gcomhair ná an moladh go mbeidh ardteistiméireacht níos deacra sa Ghaeilge le déanamh acu ná scoileanna lán-Bhéarla sna blianta ag teacht. Le haghaidh daoine cosúil liomsa, a bhí eaglach an t-athrú go Gaeilge a dhéanamh, tá seans ard go gcuirfidh an t-eolas seo bac orthu Gaelcholáiste a phiocadh in aon chor. Mar thoradh, ní bheidh siad páirteach sa phobal Gaeilge nua-aoiseach atá á chruthú againn. Ó thaobh mo chairde a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeltachta, bheadh pionós á chur orthu in ainneoin gur iadsan atá ag coimeád ár dteanga beo. Caithfidh go bhfuil ár dteanga beo beathach chun pobal Gaeilge nua a chruthú. Tá fíor-ghrá agam dár dteanga dúchasach agus tá sé de dhíth orm go mbeidh pobal Gaeilge ann le haghaidh an chéad glúin eile chomh maith.

Creidim go láidir go bhfuil pobal Gaeilge nua-aoiseach ar na bacáin. Tá dul chun cinn ollmhór déanta le déanaí, ar nós an Ghaeilge a dhéanamh mar theanga oifigiúil ag leibhéal an Aontais Eorpaigh agus na deiseanna fostaíochta iontacha a thagann leis sin. Faraor, de réir UNESCO tá an Ghaeilge ceann de na 12 teangacha san Aontas Eorpach leis an stádas "cinnte i mbaol" agus mar sin beidh pobal Gaeilge nua de dhíth orainn chun ár dteanga dúchais a thabhairt slán. Is féidir linn é seo a dhéanamh trí tacaíochta a thabhairt d’ambasadóirí Gaeilge ar na meáin shóisialta, sna meáin Gaelacha agus inár gcóras oideachais. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil as an deis iontach a tugadh dom labhairt leis an gcoiste agus as éisteacht liom.

Ms Katie N? Sh?illeabh?in:

Is í an cheist a bheas idir lámha agam ná an fiú d'ógánaigh Gaeltachta na linne seo spéis a léiriú sa Gharda Síochána agus muid ag bánú ceantair tuaithe dá bharr. Chonaic muid an moilliú saoil a tharla ar bhealach dearfach le linn na dianghlasálacha éagsúla agus an tionchar a d'imir sé ar chúrsaí oibre go forleathan. Thug sé seo deiseanna do dhaoine taitneamh a bhaint as an nádúr máguaird dóibh féin agus a oibriú ar bhealach a bhí solúbtha agus indéanta. Mar scoláirí Gaeltachta, tuigimid cé chomh luachmhar is a bhí agus is atá ár gceantair tuaithe agus gur seoid í le maireachtáil ann. Ach an cuimhne céanna a bheas anseo dúinne de réir mar a chasann rotha an tsaoil agus muid ag iarraidh dul i dtreo gairme an Gharda Síochána.

Tá sé i dtuairiscí le déanaí nach bhfuil fáil ar ghardaí le Gaeilge le bhunú i gceantar Chonamara agus go bhfuil sé ag fágáil ceantair tuaithe go mór faoi mhíbhuntáiste dá bharr.

Tá daoine ag fanacht suas le huair go leith le seirbhís de chuid An Gharda Síochána a fháil i gConamara, de réir mar a thug an comhairleoir contae, Dáithí Ó Cualáin, le fios ar "Adhmhaidin" an tseachtain seo caite. Tuairiscíodh go ndúirt an ceannfort gur easpa gardaí le Gaeilge is cúis leis seo. De réir tuairisc.ie, i mí Eanáir na bliana seo tuairiscíodh gur chinn an Gharda go foirmeálta ar 13 Iúil na bliana seo caite bac a chur le riachtanas Gaeilge don phost mar gheall ar dhaoine le disléicse agus imircigh. Céard faoi na cainteoirí dúchasacha Gaeilge a dteastaíonn uathu a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Ní hé go bhfuilimid ag déanamh idirdhealú, go bhfuilimid ciníoch nó aon rud den tsórt sin ach an mbeadh tíortha coimhthíocha eile sásta gealladh d'imircigh Éireannacha agus Gaelacha ina dtíortha féin i bpoist den tsórt seo agus neamhaird a bheith á déanamh ar a dteangacha oifigiúla féin? An bhfuilimid ag tabhairt suas ár bhféiniúlacht ar mhaithe le daoine eile a shásamh? Dúradh nár léir cén fiúntas a bhí leis an riachtanas Gaeilge dóibh siúd a bheith ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí sa Gharda Síochána. Samhlaigh oifigigh ag an leibhéal seo gan focal Gaeilge a bheith ina bpluic acu agus iad ag feidhmiú ina gcuid rólanna. Cén chaoi nach bhfuil acmhainní ag a leithéid d'eagraíocht poiblí nuair atá eagraíochtaí ar nós TG4 nó Raidió na Gaeltachta a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge? Cá bhfágann sé muidne a bhfuil spéis againn sa ghairm agus muidne ag déanamh ár míle dícheall ár dteanga a choinneáil beo? Céard faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus níos mó daoine le Gaeilge geallta a bheith earcaithe sa státchóras i dtaca le hoiliúint sa Ghaeilge a chur ar fáil d'fhostaithe Stáit?

In agallamh a craoladh ar Raidió na Gaeltachta le deireanas, dúradh nach féidir gardaí nuacháilithe a bhfuil Gaeilge líofa acu a chur sna stáisiúin tuaithe de bharr easpa taithí sa phost. Cén dreasacht atá ann d'ógánaigh an cheantair Ghaeltachta a bheidh ag iarraidh filleadh ar an áit dúchais nó cóngarach dóibh agus iad ag sásamh na coinníollacha teanga atá de dhíth ar an bpost? Cothaítear constaicí dóibh fanacht ag obair ina gceantair féin. Nach breá go mbeadh gardaí a bhfuil luí agus eolas acu ar an áit filleadh ar an gceantar agus an ghairm a chleachtadh? Nach bhfuil sé tuairiscithe go bhfuil gardaí a bhfuil Gaeilge líofa acu i mBaile Átha Cliath nach bhfuil spéis acu glacadh le follúntas Gaeltachta? Tá sé mar sprioc ag Drew Harris, Coimisinéir An Gharda Síochána, go mbeadh Gaeilge líofa ag os cionn 50% de na gardaí a bhíonn ag obair i stáisiúin Ghaeltachta faoi 2025. Cén chaoi a bhfuil siad chun teacht aníos leis an líon bhreise seo mura bhfuil siad chun gardaí nuacháilithe le Gaeilge líofa as ceantair éagsúla tuaithe gan taithí a chur ar dualgas sna ceantair tuaithe? De réir áireamh a rinneadh in fómhair 2019, níl Gaeilge ach ag tríú chuid de ghardaí na Gaeltachta. Nach ndéanfadh sé i bhfad níos mó céille gardaí a bheith lonnaithe cóngarach don bhaile seachas a bheith ag taisteal agus ag cur le tranglaim tráchta? Ní airímid an costas breosla agus an lorg carbóin a táimid ag fágáil ar an timpeallacht. Táim cinnte go n-aontódh an tAire, an Teachta Eamon Ryan leis seo.

Tá muidne, mar ógánaigh as Conamara lár, ag éilimh inniu sa choiste an deis a thabhairt dúinne filleadh ar ár mbaile tar éis na gcáilíochtaí a bhaint amach, an teanga a sholáthrú agus a chaomhnú i dtimpeallacht nádúrtha. An feachtais is riachtanach ná slándáil teanga phobail na Gaeltachta. Tá súil agam gur thug na comhaltaí cluais éisteachta dom agus don méid a dúirt mé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh sraith cheisteanna againn agus iarraim ar chomhaltaí a bheith gairid mar beidh sraith óráidí eile agus ansin beidh ceisteanna arís.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo. Tá siad go léir tar éis spreagadh nua agus inspioráid a thabhairt do na Teachtaí agus do na Seanadóirí ar an gcoiste seo chun ár obair sa choiste a leanúint. Cainteoirí spreagúla atá ann agus bhí cáithníní ar mo chraiceann nuair a bhí mé ag éisteacht le Kayleigh Cúipéir agus a óráid inspioráideach. Mar a dúirt cuid de na finnéithe eile, tá géarchéim teangeolaíochta sa Ghaeltacht agus leis an teanga agus is dócha go bhfuil cur chuige frith-Ghaelach fós le braith go forleathan sa státseirbhís. Mar a dúirt an Teachta Connolly, bhí obair na gcapall déanta ag an gcoiste agus leis an gCathaoirleach le Conradh na Gaeilge agus leis na dreamanna eile chun an Ghaolainn a neartú agus a chaomhnú. Tá a lán oibre déanta againne. Tá forálacha sa Bhille chun iachall a chur ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht trí Ghaeilge, ainmneacha agus seoltaí an duine, le síntí fada oraibh, a úsáid i gceart agus foirmeacha a sholáthar i nGaeilge ach tá a lán oibre le déanamh againne.

Feicimid na logainmneacha fud na tíre nach bhfuil ar na comharthaí sráide níos mó. Sna Sé Contae níl aon Ghaolainn ar na comharthaí. Bhí mé ar an Lorgain le linn na toghcháin agus chonaic mé Sráid Uladh ann ach i cuid de na cathracha agus bailte eile níl sé sin ar fáil. Feicim sna 26 Contae go bhfuil bailte ar nós Coillte agus Quilty an t-ainm atá air. Freisin tá Snámh in iarthar Chorcaí agus Snave mar an leagan Béarla. I gContae na Mí tá an baile Nobber ach is é An Obair an t-ainm ceart ar an mbaile sin. Ba mhór dúinn na téarmacha agus na logainmneacha Gaeilge a chur chun tosaigh agus na translations a chur ina dhiaidh sin.

Bhí mé ag éisteacht leis na fadhbanna a d'aithin Katie Ní Shúilleabháin agus tá an fadhb céanna i gCiarraí le gardaí gan Ghaolainn. Tá sé íoróineach go bhfuil an Garda ag briseadh an dlí nuair nach bhfuil Gaeilge ag na gardaí atá ag obair sa Ghaeltacht. Bhí Sorcha Ní Dhonnchú ag caint mar gheall ar T1 agus T2 san ardteistiméireacht agus aontaím léi. Ba chóir nach mbeadh pionós oraibh go léir atá ag déanamh na hardteistiméireachta toisc caighdeán níos airde a bheith agaibh sa Ghaolainn. Ba chóir dúinn an caighdeán a ardú ach é a ardú do gach éinne. Níor chóir dúinn an obair bhreise a chur ar ghrúpa amháin, na daltaí atá sna Gaeltachtaí nó sna Gaelcholáistí. Níl a fhios agam cad atá an Roinn Oideachais ag déanamh. An bhfuil sé ag iarraidh an Ghaolainn a mharú nó nach bhfuil? B'fhéidir go mbeadh ábhair bhreise nó níos mó pointí ag baint leis an nGaeilge T1 ach chífimid cad a thitfidh amach. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as an gcaint inspioráideach a thabhairt dúinn sa choiste chun ár obair a leanúint.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir mé spéis sa mhéid a bhí le rá ag na finnéithe maidir leis an nGarda. Tá a fhios agam go bhfuil gardaí le taithí as Conamara ag iarraidh filleadh ar Chonamara agus níl an ceannfort san áit ina bhfuil siad sásta scaoileadh leo. Thiocfainn leis na finnéithe go bhfuil sé in am do Choimisinéir An Gharda Síochána ordú a thabhairt go mbeadh deis acu bogadh siar.

Tagraím do T1 agus T2 san ardteistiméireacht. Cén bhuntáiste a theastódh? Tá sé díchéillí go ndéanfaí páipéar níos deacra agus go bhfaighfí na marcanna céanna. Níl aon chiall leis sin agus éinne a cheap é sin ní raibh mórán ciall acu. Cén bhuntáiste a chaitheadh a bheith ann le go mb'fhiú cúrsa níos deacra a dhéanamh? Moladh amháin a bhí ann ná go mbeadh dhá chúrsa Gaeilge ann, cúrsa teanga na Gaeilge agus cúrsa litríochta na Gaeilge agus go bhfaigheadh duine dhá oiread marcanna air sin. An mbeadh sé sin go maith?

Thiocfainn go mór leis na finnéithe go dteastaíonn áit sna cathracha. Tá sé difriúil i gConamara mar is Gaeilge a labhraíonn muid eadrainn féin ach istigh sna cathracha tá lárionad do Ghaeilge ag teastáil gan amhras.

Bhí caint ar cheann a thógáil thart ar lár chathair Bhaile Átha Cliath, áit a mbeadh an Luas agus mar sin de ar fáil. An gcuideodh sé sin go mór le daoine óga Gaeilge a labhairt eatarthu dá mbeadh lárionad mór go dtiocfadh Gaeilgeoirí as gach uile áit sa chathair le chéile le haithne a chur ar a chéile. Má bhíonn na daltaí ag iarraidh an nuacht a fháil, an mbreathnaíonn siad ar an teilifís? An éisteann siad le raidió nó an mbreathnaíonn siad ar an bhfón?

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na daltaí as teacht os comhair an choiste. Níl mé mar bhaill den choiste seo ach bhí mé ag iarraidh teacht le héisteacht leo. Bhí na Teachtaí Ó Snodaigh agus Daly ag rá liom go raibh siad iontach níos luaithe ach bhí mé ag coiste eile. Bhí cúpla pointe thar a bheith suimiúil ansin. Luaigh triúr de na daltaí na meáin shóisialta agus an tábhacht a bhaineann leo. Tá a fhios agam go n-úsáideann go leor daoine Gaeilge ar Instagram agus ar TikTok. Is rud maith é sin. Nuair a bhí mise ag fás aníos, bhímis ag breathnú ar an teilifís ar RTÉ, TG4 agus pé rud eile. Anois, bímid ag fad ar Netflix, Prime nó pé rud eile atá ann. An gceapann na daltaí go mbeadh sé cabhrach dá mbeadh seónna Gaeilge ar fáil ar a leithéid díobh sin?

Rinne Aoife Carragher pointe fíorthábhachtach. Labhair mé féin Gearmáinis sa bhaile. Is as an Ghearmáin do mo mháthair. Labhair mé Béarla i ngach áit eile. Is é Béarla an teanga is fearr atá agam mar gheall go bhfuil sé i ngach áit. Cé nach bhfuil mé chomh compordach céanna ag labhairt i nGaeilge agus atá mé ag labhairt i dteangacha éagsúla, tá dualgas orainn an teanga sin a labhairt - cé nach bhfuilimid chomh compordach céanna. Uaireanta, bímid buartha faoin rud mícheart a rá ach tá dualgas orainn. Tá sé iontach go bhfuil Aoife Carragher anseo ó na Sé Chontae agus go bhfuil an deis aici an Ghaeilge a fhoghlaim. Is as Béal Feirste do m'athair agus ní raibh an deis aige Gaeilge a fhoghlaim ar scoil. Tá sé sin fíorthábhachtach.

Luaigh na Teachtaí Ó Cuív agus Daly an méid a bhí á rá ag Katie Ní Shúilleabháin. Is é bun na faidhbe ná go bhfuil cúpla rud fíorthábhachtach do na ceantair Ghaeltachta. Is é an chéad cheann ná go mbeadh na seirbhísí ar fad ar fáil i nGaeilge. Má táimid ag iarraidh saol a bheith ann trí Ghaeilge, caithfear na seirbhísí ar fad a chur ar fáil sa teanga sin. Chomh maith leis sin, ar an taobh eile den scéal, bhí mé féin agus Aoife Carragher ag labhairt faoi bheith níos compordaí ag labhairt i mBéarla, ba chóir go mbeadh na seirbhísí ar fáil dóibh siúd atá níos compordaí labhairt i nGaeilge amhail gardaí. Is é an pointe eile a bhí á dhéanamh ag Katie Ní Shúilleabháin atá fíorthábhachtach ná nuair atá sí cáilithe sa rud a bhfuil sí ag iarraidh a bheith cáilithe ann, go mbeadh fosaithe ar fáil aici ina ceantar dúchais sa cheantar Gaeltachta ionas gur féidir léi leanúint leis an saol i nGaeilge agus labhairt le gach uile dhuine trí Ghaeilge. Rinne sí pointe fíorthábhachtach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Thug na daltaí ardú meanma dom. Tá siad ag caint ar na rudaí ceannann céanna agus atáimid ag caint orthu os comhair an choiste. Labhair Katie Ní Shúilleabháin maidir le seirbhísí i nGaeilge agus maidir leis na gardaí. Suím ar an gcoiste póilíneachta sin. Tá an t-uafás brú agus ceisteanna curtha agam féin agus ag an gcomhairleoir. Athraíonn an freagra an t-am uile. I dtús báire, bhí easpa gardaí i gceist agus ansin, nuair a bhí na gardaí ann le Gaeilge, ní raibh an taithí acu agus níorbh fhéidir na gardaí a sheoladh chuig Ros Muc nó aon áit eile gan taithí. Tá sé deacair gan frustrachas a bheith orainn mar pholaiteoirí. Cuirimid na ceisteanna agus an brú cosúil le Katie Ní Shúilleabháin agus ardaímid na ceisteanna céanna. Tá dul chun á dhéanamh, áfach, sa mhéid agus go bhfuil níos mó daoine ag cur brú ar an gcóras chun rudaí a athrú má thugann sé sin aon mhuinín nó dóchas di. Ba chóir, mar rud bunúsach, go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge i ngach Gaeltacht agus, níos mó ná sin, do gach duine taobh amuigh de na Gaeltachtaí atá ag lorg a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Bhí Coimisinéir na nGardaí os ár gcomhair agus bhí ionadaithe eile ón Garda os ár gcomhair ar lá difriúil. Chuireamar na ceisteanna maidir lena bhfuil ag tarlú.

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 againn anois. Thóg sé an t-uafás ama ach i ndeireadh na Dála, is dlí é anois. Is é an dualgas atá orainn ná é a chur i bhfeidhm. Ar a laghad, tá sé leagtha síos go mbeidh Gaeilge ag 20% de na hearcaithe nua. Tá ceisteanna ann maidir le caighdeán agus rudaí mar sin. Tá mé ag iarraidh é a chur in iúl go bhfuilimid ag obair as lámh a chéile ón méid atá cloiste agam inniu, ar an gcoiste seo ar aon nós. Tá sé de phribhléid agam a bheith mar chathaoirleach ar choiste beag eile. Is é an aidhm atá againn ansin ná an Ghaeilge a mhéadú i dTithe an Oireachtais.

Is dócha go bhfuil eiseamláir ag teastáil go géar ó na daltaí agus ó dhaoine eile le cur in iúl go bhfuil an Ghaeilge nua-aimseartha. Is é an fáth gur luaigh mé an leabhar maidir le héiceolaíocht agus an Ghaeilge ná go bhfuil cuid den réiteach ansin. Tá an Ghaeilge réidh don 21ú haois. Is cuid den réiteach í an teanga agus í a úsáid. Tá an Ghaeilge fite fuaite leis an nádúr. Ní féidir réiteach a fháil ar ár gcuid fadhbanna gan an teanga. Tá an réiteach laistigh den teanga.

Tá sé ráite go mion minic go bhfuilimid marbh le tae ach táimid marbh leis an dea-thoil atá ar an talamh don Ghaeilge freisin. Níl easpa tola i gceist. Is é an rud atá in easnamh ná na polasaithe, an straitéis 20 bliain agus an tAcht a chur i gcrích agus seirbhísí a chur ar fáil. Gabhaim mo bhuíochas leis na daltaí. Is féidir liom leanúint ar aghaidh píosa ama níos mó. Tá sé tábhachtach go dtagann na daltaí agus daoine óga eile os ár gcomhair. Tá gearán amháin agam. Chuir mé ceist ar dtús maidir le cad a d’fhéadfadh sibh a dhéanamh sna scoileanna. Tá na daltaí ina bpolaiteoirí níos fearr ná mise mar níor thug siad freagra ar an gceist sin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na daltaí as an gcur i láthair. Bhí an tslí go raibh an fuinneamh agus an dearcadh dearfach agus an mhuinín ag pobal na Gaeilge go hiontach a chloisteáil. Mar a luaigh na Teachtaí eile, tá beagnach battery recharge ann i gcomhair daoine. Tá an-bhéim á leagan ag na daltaí ar na meáin shóisialta agus iad a úsáid mar uirlis agus an tslí ar tháinig siad chun cinn le linn na dianghlasála. Tá fás orgánach ansin atá ag tarlú cheana féin agus tá sé go maith láidir. An dóigh leis na daltaí go bhfuil céimeanna faoi leith gur féidir an Stát cur leis sin? An amhlaidh go mbeadh sé ag teacht ar an tslí má tá an borradh sin faoi na meáin shóisialta cheana féin agus faoin tslí go bhfuil siad á n-úsáid? B'fhéidir go bhfuil rud éigin go bhféadfadh an státchóras a dhéanamh ann. Bheadh an-suim é sin a chloisteáil ó na daltaí. Aontaím go láidir leo mar gheall ar na gardaí. Táimid ag lorg sáirsint i mBaile Bhuirne le blianta anois. Táimid cóngarach, beidh sé linn ach is cinnte go bhfuil an bhearna ann.

Luaigh Sorcha Ní Dhonnchú an ardteistiméireacht. Bhí an dearcadh ann i gcónaí agus is é an dearcadh a bhí agam, ná go mbeadh sé rud éigin cosúil leis an bpáipéar matamaitice ina bhfuil applied maths agus maths ann don ardteistiméireacht.

Dá mba rud é go raibh claonadh ag duine i dtreo teangacha, d'fhéadfaí an dá ábhar a thógáil agus bheadh buntáiste acu. Bhí plé chomh maith mar gheall ar phointí breise a thabhairt. Cad ba chóir a bheith ann? An ndearnadh aon phlé i measc comhghleacaithe na ndaltaí mar gheall air? D'fhéadfadh sé seo a bheith ina bhac mór ar mhuintir na Gaolainne amach anseo.

Pé todhchaí atá ag an nGaolainn, beidh ról an-tábhachtach ag pobal na gcathracha agus ag pobal lasmuigh den Ghaeltacht inti. Feicimid go bhfuil an pobal is mó Gaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair. I mo dhúiche féin, tá Gaeltacht Mhúscraí a síleann isteach chuig bruachbhailte chathair Chorcaí. Is amhlaidh go bhfuil an méid sin éilimh i mBaile an Chollaigh a bhfuil an dara Gaelscoil bunaithe ann le roinnt blianta. Is cinnte go bhfuil fás lasmuigh. Má tá céimeanna a gceapann na daltaí gur féidir a thógáil chun é sin a neartú, bheadh an-áthas orm iad a chloisteáil.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na daltaí ó trasna na tíre, go mór mór daltaí Choláiste na bPiarsach ó Ros Muc i gConamara. Bhí mé ag éisteacht ó m'oifig leis an méid a bhí le rá acu go léir. Tá tuairimí an-suimiúil curtha in iúl acu. Tá sé ráite ag an Teachta Connolly go mbeidh toradh iontach ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ó thaobh chéatadán earcaíochta de 20% sa tseirbhís phoiblí. Déanann sé sin an-difríocht do thodhchaí daoine atá líofa sa Ghaeilge agus a bhfuil suim acu obair sa tseirbhís phoiblí. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeimid in ann é a chur i bhfeidhm. Is é sin an fáth go bhfuil an coiste comhairleach speisialta bunaithe anois idir na Ranna. Beidh lámh ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sa phróiseas earcaíochta laistigh den Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Beidh ról láidir tábhachtach aici den chéad uair. Tá sé sin fíorthábhachtach ó thaobh an chéatadáin de 20% a bhaint amach chun go mbeadh daoine cosúil leis na daltaí in ann poist a fháil sa státseirbhís sna blianta amach romhainn agus impleacht mhór a bheith acu sa tseirbhís phoiblí sa todhchaí. Is rud fíorthábhachtach é sin.

Is é an rud eile atá tábhachtach ná an próiseas atá ag dul ar aghaidh faoi sheirbhís leathanbhanda do gach uile theach, ghnó agus fheirm trasna na tíre agus na ceantair Ghaeltachta ina measc. Beidh sé fíorthábhachtach do dhaoine, a mbeadh suim acu ann, deis a bheith acu obair óna mbaile agus óna gceantar féin. Tá an-jab déanta ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na gréasáin dhigiteacha, na Gteic. Bhí sé chun tosaigh ar an ábhar seo. Tá a lán cainte anois faoi obair ón mbaile agus obair ón gceantar áitiúil agus na hubs trasna na tíre. Bhí Údarás na Gaeltachta chun tosaigh ar an ábhar seo. Tréaslaím leis as an obair atá déanta aige, ag an mbord bainistíochta agus ag bord an údaráis freisin. Tá Gteic trasna na Gaeltachta agus tá cuid acu fós le tógáil agus le hoscailt ach tá an-obair déanta ag an údarás. Déanann sé sin an-impleacht ó thaobh deiseanna agus fostaíochta sa Ghaeltacht agus i gceantar na ndaltaí i Ros Muc, in Iorras Aithneach, i gCeantar na nOileán agus ar na hoileáin freisin.

Cuirim fáilte roimh na daltaí chuig an gcomhchoiste. Gabhaim buíochas leo as teacht agus as labhairt linn faoina gcuid tuairimí ar ábhar na Gaeltachta, na tuaithe agus na ndaoine óga agus maidir leis na deiseanna agus dúshláin atá ag na daltaí ó thaobh na teanga.

Ms Katie N? Sh?illeabh?in:

Níl a fhios agam cá dtosóidh mé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir nár cheisteanna iad ach tacaíodh leis an méid a dúirt Katie Ní Shúilleabháin faoin Garda Síochána.

Ms Katie N? Sh?illeabh?in:

Bíonn orainn fanacht achar fada agus ní bhíonn go leor seirbhísí ar fáil dúinn. Táimid scaipthe amuigh faoin tuath agus bíonn dearmad á dhéanamh orainn. Bheadh sé go maith níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá a fhios agam go mbíonn sé deacair go leor ama a cur isteach agus rudaí mar sin, ach bheadh buntáiste mór ann dá mbeimis in ann na rudaí seo a fháil amuigh faoin tuath.

Ms Aoife Carragher:

Mar a dúirt an Teachta Farrell, tá an Béarla níos fusa dúinn a labhairt ach tá mé ag troid ar son na Gaeilge mar a throid mo mhamaí agus mo sheanmháthair ar son na Gaeilge. Is í mo theanga dhúchais í. Tá sé sin ar eolas agam gan amhras ar bith ach níl an Ghaeilge thart orm ar an dóigh chéanna. Níl na seirbhísí ann mar a dúirt Katie ach, go háirithe thuas i mo cheantar féin, níl mé ábalta mo logainmneacha a fháil ar na sráideanna ag bun mo bhóthair mar go bhfuil an teannas sin ann go fóill. Tá an Béarla agus an Ghaeilge ábalta maireachtáil le chéile. Sa tír atá againn agus sa stair atá againn, tá an Béarla agus an Ghaeilge ceangailte le chéile. Is í sin an fhírinne. Tá mé réidh le troid ar son na Gaeilge ach tá an mhaoin de dhíth orainn agus ar na daoine thart orainn. Tá daoine cosúil leis na comhaltaí de dhíth orainn le seasamh suas agus a rá nach bhfuil sé maith go leor agus go bhfuil na seirbhísí de dhíth, bíodh sé i gConamara nó in Iúr Cinn Trá. Tá na seirbhísí de dhíth orainn. Táimid ag iarraidh ar na seirbhísí. Táimid uile ag suí thart ag labhairt faoin nGaeilge agus faoi na féidearthachtaí uile atá ann. Táimid uile réidh troid ar son ár dteanga dhúchais. Is é sin a bhfuil ag iarraidh againn. Is é sin an fáth go bhfuilimid anseo.

Ms Kayleigh C?ip?ir:

Bheadh lárionad na Gaeilge sa chathair thar a bheith úsáideach. Tá go leor daoine, le fás na meánscoileanna trí Ghaeilge, a bhfuil an Ghaeilge sin acu ach mar atá ráite ag beagnach gach duine, tá sé i bhfad níos éasca orthu an Béarla a úsáid. Má tá ionad mar sin ann, tá sé i bhfad níos éasca orthu an Ghaeilge a úsáid agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile ann. Ó thaobh chúrsaí oideachais de, is dalta ardteistiméireachta mé agus beidh m'ardteistiméireacht á dhéanamh agam i gceann míosa. Scriosfadh an T1 agus T2 na Gaelcholáistí ina n-iomláine. Tá meánscoil Bhéarla béal dorais linn agus dá mbeadh orainn ardteistiméireacht i bhfad níos deacra a dhéanamh díreach toisc gur roghnaíomar Gaelcholáiste, d’fhágfadh daoine agus bheadh sé mar phionós orainn. Ba cheart go mbeadh sé ar nós na matamaitice feidhmí ina mbeadh ábhair éagsúla ann ionas go mbeadh sé mar bhuntáiste againn in ionad pionóis.

Ms Sorcha N? Dhonnch?:

Tuigim an pointe a rinne an Teachta Ó Cuív maidir lenar cheart dúinn an córas a athrú ó thaobh litríochta agus dánta de. I dtíortha eile, maidir leis an éileamh agus rudaí mar sin, féadtar rogha a dhéanamh maidir leis an mBéarla. Ar shlí amháin tá sé sin bainteach níos mó le hathrú cúrsa. Gan amhras, ceapaim go bhfuil sé sin de dhíth ag leibhéal an ardteistiméireachta agus tar éis bheith ag labhairt le mo mhúinteoir. Tá athrú cúrsa go mór ag teastáil chun an t-ardteistiméireacht a dhéanamh nua-aimseartha sa Ghaeilge ach tá dhá fhadhb ann. Tá fadhb le T1 agus T2 agus tá réiteach na faidhbe ann. Ó thaobh T1 agus T2, mar a luaigh Kayleigh, ní bheinn ag freastal ar an scoil seo dá mbeadh ardteistiméireacht níos deacra le déanamh agam mar go bhfuil scoil cailíní béal dorais.

Ó thaobh marcanna sa bhreis, ceapaim gur féidir leis an smaoineamh sin feidhmiú agus go bhfuil deiseanna ann óna thaobh sin. Má tá sé chun a bheith cosúil le mata feidhmeach, is fiú a rá go gcuirtear an t-ábhar sin ar fáil i scoileanna Béarla freisin. Tá cairde agam a chuaigh go dtí bunscoil lán-Ghaeilge ach a roghnaigh, de bharr cúiseanna éagsúla, freastal ar mheánscoil lán-Bhéarla. Más rud é go bhfuil sé chun a bheith cosúil le mata feidhmeach, an bhfuilimid chun an rogha sin a chur ar fáil do dhaoine i scoileanna Béarla? Má tá, conas a bhfuilimid chun an t-ábhar a mhúineadh dóibh? Cárbh as an mbeidh na múinteoirí sin ag teacht? Ní féidir leo dhá leibhéal éagsúil a mhúineadh. Caithfimid smaoineamh níos doimhne air sin ach ceapaim gur seo an deis is fearr atá againn an fhadhb a réiteach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ábhar amháin eile le plé againn sa seisiún seo, sé sin, athruithe sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh an choróinvíris agus cad atá de dhíth ag an gcéad ghlúin eile. Is gá do roinnt de na Teachtaí éalú so casfaimid air go gasta. Chuala muid roinnt faoin ábhar seo cheana féin ó Chiara Ní Dhuinnshléibhe agus Katie Ní Shúilleabháin. Ar shlí amháin tá na hábhair seo ar fad nasctha. Glaoim ar dtús ar Ríona Ní Mhainín ó Choláiste na bPiarsach.

Ms R?ona N? Mhain?n:

An chloch is mó ar ár bpaidrín ná cothromaíocht a éileamh don ghlúin seo againne. Tá a fhios ag an saol mór nach bhfuil a leithéid de rud ann agus saoroideachas sa lá atá inniu ann. Is againne atá a fhios, agus muid ag iarraidh a bheith ag breathnú chun cinn agus ag déanamh cinntí maidir lenár dtodhchaí, go mbeidh orainn dul i mbun oibre go leanúnach le cúpla euro a chur le chéile chun an brú a laghdú dár dtuismitheoirí nuair a thiocfaidh an t-am. Go minic bíonn ar mo leithéid bliain shaor ón oideachas a ghlacadh tar éis na hardteistiméireachta de bharr easpa maoinithe ó SUSI, chomh maith le costais chothabhála arda. Is clanna meánaicme is mó atá buailte leis an easpa maoinithe atá á chur ar fáil ag SUSI i láthair na huaire. De réir The Irish Times, tá baint mhór ag aicme shóisialta agus gnóthachtáil scoláirí leis an leibhéal oideachais a éiríonn leo a bhaint amach. Tá a dhóthain brú agus imní ar scoláirí ag tabhairt faoi scrúduithe Stáit gan trácht ar a bheith ag cuimhneamh ar chúrsaí airgeadais.

Déantar táille de €3,500 in aghaidh na bliana a ghearradh ar mhic léinn nach sásaíonn coinníollacha SUSI agus a bhfuil a dtuismitheoirí agus na mic léinn iad féin ag saothrú níos mó ná an t-ioncam inríofa de €55,240 sa tréimhse tagartha. Chualamar Ciara Ní Dhuinnshléibhe ag déanamh cur síos ar phá oibrithe de chuid ollmhargadh Lidl níos túisce, áit a saothraíonn oibrithe €26,000 in aghaidh na bliana. Samhlaigh beirt thuismitheoir ag obair in ollmhargadh den sórt seo, gan aon cháilíocht. Sin €52,000 in aghaidh na bliana. Cuir an cúpla euro fánach a fhaigheann mic léinn a bhíonn ag obair go páirtaimseartha leis sin, agus bheifeá os cionn na tairsí láithreach. Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil siad lofa le hairgead, agus níl siad tada níos fearr as ná tuismitheoirí san ísealaicme a bhfuil a gcuid costais glanta dóibh, mar go bhfuil na tuismitheoirí seo atá ag déanamh lá oibre ag íoc as gach uile rud. Ní fiú caint ar an bhfaoiseamh cánach suarach a fhaigheann tuismitheoirí sa chatagóir seo. Is ábhar díomách é gur tarraingíodh siar leasuithe a bhí le déanamh i mbliana maidir le tuilleamh saoire mic léinn. Tá mic léinn curtha ar an méar fhada arís i mbliana ach ní fada ó bhí an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an Teachta Harris, ag moladh go mbeadh fáil ag Úcránaigh ar dheontas SUSI chomh maith le fordheontais in ollscoileanna Éireannacha, agus go mbeadh sé seo á thabhairt os comhair Chomh-aireachta an Rialtais gan moill. Is beag beann ar thairseach é. Dá mbeadh meon difriúil ag tuismitheoirí meánaicmeacha, bheadh sé níos fearr dóibh fanacht sa bhaile agus an fáil chéanna a bheith ag a gclann féin ar an maoiniú seo. Nach mbeadh cúrsaí geilleagair ina gcíor thuathail an t-am sin?

Tá ardú cuimsitheach tagtha ar chíos ar fud na hÉireann. Is i leithéidí na gcathracha móra ar nós Baile Átha Cliath agus cathair na Gaillimhe is mó a fheictear an t-ardú seo. D’fhéadfaí suas le €1,972.23 i gcíos a íoc sa mhí i mBaile Átha Cliath agus suas le €1,200.57 i gcathair na Gaillimhe. Cén chaoi an bhfuiltear ag súil go mbeidh tuismitheoirí meánaicmeacha in acmhainn é seo a íoc dá gclann? Tá cúrsaí cíosa bailithe as smacht ó ardú na srianta agus de bharr an chogaidh os a chionn sin. Tá sé thar am ag an Rialtas breathnú ar na constaicí seo atá ag déanamh imní dúinne agus don dream a bheidh ag freastal ar an ollscoil an bhliain acadúil seo chugainn. Chualamar an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, cathaoirleach an Lároifig Iontrála nó CAO, ag labhairt ar "Nuacht a hAon" ag am dinnéir inné. Tá sé ag lorg soiléiriú práinneach ina litir chuig an Aire Oideachais, an Teachta Foley, agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an Teachta Harris, maidir le cén uair a fhoilseofar torthaí na hardteistiméireachta i mbliana. Beidh tionchar díreach ag an easpa soiléireachta seo ar mhic léinn na gcéad bliana ach go háirithe. Má bhíonn moill ar fhoilsiú na dtorthaí arís i mbliana, ní bheidh lóistín ar fáil dóibh. Tá sé thar am ag an Rialtas beart a dhéanamh de réir a bhriathar.

Táimid ag cloisteáil go bhfuil ganntanas aisteach fostaithe in earnáil an fháilteacháis i láthair na huaire. Is chun donas a rachaidh cúrsaí agus mic léinn srianta sa mhéid oibre gur féidir leo a dhéanamh i rith an tsamhraidh. Seo ceann de na hearnálacha is mó inar tharla athruithe tar éis na ndianghlasála éagsúla. Bhí ar dhaoine a ngairmeacha a mhalartú agus d’fhan formhór acu sna poist nua de bharr coinníollacha oibre agus pá níos fearr a bheith á thuilleadh acu. Céard, mar sin, atá i ndán don earnáil seo? Céard faoi na bainisteoirí, cócairí agus freastalaithe atá ag dul leis an ngairm seo? De réir tuairisce ar RTÉ, d’fhág 70,000 oibrí an ghairm seo ó bhuail an phaindéim. Tá ganntanas de 7,000 príomhchócaire san earnáil, rud a dúirt Fáilte Ireland a laghdóidh seirbhísí do thurasóirí an samhradh beag seo. Tá a fhios againn go maith gur scoláirí idirbhliana agus níos sine a bheidh ag seasamh sa bhearna do lucht óstaíochta go ceann tamaill, agus pionós á ghearradh orainn dá bharr. Mar sin, táimid ag éileamh ár gcearta maidir le hoideachas tríú leibhéal a fháil. Teastaíonn uainn go mbeadh maoiniú ar fáil do mhic léinn na tíre, gan na coinníollacha nach bhfuil cothrom le dáta a chur ar an bpobal uilig, agus chun nach mbeidh muid i bhfiacha agus muid ag fágáil an oideachais tríú leibhéal.

Mr. Darragh Kidd:

Is mór an onóir dom a bheith anseo chun na ceisteanna tábhachta seo a phlé. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh guthanna daoine óga i gcroílár na sochaí, go n-éistfidh muintir na hÉireann lenár smaointe agus go gcuirfear san áireamh iad amach anseo. Ba mhaith liom, mar sin, mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as a chuid ama a thabhairt dúinn.

Tháinig go leor athruithe móra ar an margadh fostaíochta i ndiaidh na paindéime. Taispeánadh dúinn le linn thréimhse na dianghlasála go bhfuil an-chuid féidearthachtaí nua ann do dhaoine atá in ann obair ón mbaile. Ciallaíonn sé seo go bhfuil daoine in ann an obair chéanna a dhéanamh ón mbaile, in ionad a bheith i láthair san oifig an t-am ar fad. Dá bharr seo, tá gnólachtaí in ann airgead a shábháil ar rudaí amhail, ar nós an chíosa a íoctar ar spás oifige nó trí chostais billí fóntais a choimeád íseal. Chomh maith leis sin, beidh gnólachtaí in ann costais a laghdú toisc nach mbeidh aon ghá do dhaoine dul ag taisteal chuig cruinnithe a reáchtálfar thar lear, ná chuig cruinnithe a reáchtálfar ar na hoileáin anseo in Éirinn. An rud is tábhachtaí, áfach, ná go bhfuil gnólachtaí in ann am a shábháil, agus tá a fhios againn go léir gurb ionann am agus airgead.

Leis an teicneolaíocht nua atá tar éis teacht chun cinn le blianta beaga anuas, féadtar físchomhdhálacha a reáchtáil ón mbaile in ionad a bheith ar an láthair an t-am ar fad. Is bealach níos éifeachtaí é seo le comhdháil a reáchtáil mar go laghdaíonn sé rátaí scaoileadh CO2 toisc nach bhfuil ar dhaoine taisteal chomh minic céanna is a bhí siad roimh an bpaindéim. Tá deis anois ag an Rialtas ceantair thuaithe a fhorbairt agus infheistiú a dhéanamh i mbonneagar na tuaithe, rud a mheallfadh daoine ann. Ceann de na moltaí atá againn ná airgead a infheistiú sa chianobair, i gcúrsaí traenála, cur i gcás. Beidh cúrsaí traenála de dhíth ar dhaoine níos sine sa lucht saothair nach bhfuil cleachtadh acu air an teicneolaíocht nua seo atá tar éis teacht chun cinn. Ba chóir go gcuirfí athruithe i bhfeidhm ar dhlíthe cianoibre le cearta an oibrí agus cearta an ghnólachta a chosaint. Impímid ar an gcoiste tacaíocht a thabhairt do dhaoine gur mhaith leo bogadh amach ó cheantair uirbeacha chuig an tuath. Táimid ag iarraidh go mbeidh rochtain neamhshrianta ar an Idirlíon ag gach uile theaghlach, chomh maith le níos mó poist agus níos mó coláistí le go mbeidh deiseanna ag daoine oideachas tríú leibhéal a bhaint amach.

Tá ganntanas saothair sa tír faoi láthair agus tá oibrithe óga ag teastáil don earnáil seirbhíse. Is fiú, mar sin, feachtas fostaíochta a chur ar fáil chun daoine a mhealladh ó thíortha eile a bhfuil scileanna níos fearr acu agus a bhfuil ag lorg oibre. Tá feabhas mór ag teastáil agus is féidir linn é a dhéanamh ach cabhair uaibhse a fháil. Gabhaimid buíochas leis an gcoiste.

Ms Poipin Murphy:

A dhaoine uaisle agus a chairde Gael, tá sé ar intinn agam na hathruithe a tháinig ar an margadh fostaíochta i ndiaidh Covid a phlé, agus na scileanna atá de dhíth don tsochaí ó seo amach. Is iomaí athrú a tháinig mar gheall ar an dá dhianghlasáil a thit amach le dhá bhliain anuas. Radharc coitianta a bhí i ndaoine ag caitheamh masc aghaidhe nó ag tabhairt spáis do dhaoine eile rompu sa siopa, ach tháinig athruithe ar rudaí eile nach bhfuil chomh feiceálach sin fosta. Tháinig athrú ar an margadh fostaíochta i ndiaidh an choróinvíris.

Mar atá a fhios ag gach mac máthar agus iníon athar, bhí an chuid is mó de mhuintir na tíre ag obair ón mbaile le linn na dianghlasála, nó ligeadh saor ar scor iad. Beidh tionchar fadtéarmach aige seo ar chúrsaí fostaíochta agus ní bheidh rudaí mar a bhí riamh. Is léir go bhfuil tionchar mór ar an áit oibre, na scileanna oibre agus an meon oibre. Roimh Covid agus an dianghlasáil bhí tóir ar oifigí lárnacha sna cathracha ach tá athrú tagtha air seo mar gheall ar an dóigh ar oibrigh daoine le linn na paindéime. Chomh maith leis sin, tá athrú iontach mór ann maidir le daoine ag taisteal ar obair. Gan amhras is buntáiste é seo do na comhlachtaí móra agus do na comaitéirí fosta.

Air a bharr sin, tá forbairt agus dul chun cinn millteanach mór tagtha ar chúrsaí teicneolaíochta. Mar gheall ar an gcosc agus na baic a bhí ann maidir le taistil, bhí ar dhaoine na constaicí seo a shárú. D’fhoghlaim daoine nach raibh orthu dul thar lear le haghaidh cruinnithe agus ba thig le mórchuid d’obair a bheith déanta ar líne, ag baint leas as an teicneolaíocht. Uair den saol, ní bheadh sé seo ar fáil do mhórchuid na ndaoine ach leis na riachtanais a tháinig mar gheall ar an bpaindéim, tá na scileanna agus deiseanna ann go forleathan agus fáil ag gach duine orthu. Mar sin, tá na comhlachtaí móra ábalta costais mhóra a shábháil mar nach gcaithfidh siad íoc as na hoifigí costasacha seo.

Is léir go bhfuil athrú ann maidir leis an dóigh a mbíonn daoine ag siopadóireacht fosta. Mar gheall ar an dianghlasáil, d’fhoghlaim daoine an dóigh le bheith ag siopadóireacht ar líne. Is mór an buntáiste é seo do chustaiméirí mar go dtig leo ordú a chur isteach agus an praghas is ísle a fháil. Níl costas taistil orthu agus thig leo fanacht sa bhaile ar na hearraí ag teacht chucu. Tá impleachtaí móra aige seo ar an margadh áitiúil mar go gcaithfidh na gnóthaí beaga dul in iomaíocht leis na comhlachtaí móra. Chomh maith leis sin, tá níos mó comhlachtaí ag dul ar líne agus níl an méid céanna daoine de dhíth sna comhlachtaí agus atá sna gnóthaí áitiúla. Níl an deis chéanna acu. An mbeidh an scil acu fiú gnó a lainseáil ar líne, nó na hacmhainní chun earraí a sheoladh amach?

Tá níos mó ná na siopaí agus gnóthaí áitiúla thíos leis mar gheall air seo uilig. D’fhoghlaim daoine an dóigh a thiocfadh leo leas a bhaint as an saol agus iad saor ón obair. Is léir go bhfuair cuid daoine léargas ar an saol agus na huaireanta uafásacha a bhí siad ag obair agus ar choinníollacha nach deas. Ní théann lá tharainn nach gcluintear go bhfuil caifé, bialann nó teach tábhairne ag cuardach oibrithe. Is léir go mbíonn uaireanta fada i gceist leis na hóstáin agus an earnáil fáilteachais agus gur thapaigh daoine an deis scileanna nua a fhoghlaim nuair a bhí gach rud druidte sa dóigh is nach raibh orthu dul ar ais san earnáil oibre sin. Cén tionchar a bheidh aige seo orainn, tír bheag a bhraitheann go mór ar chuairteoirí ag teacht i dtír? Tá an tionchar seo le feiceáil san ardú praghais atá tagtha ar gach gné den earnáil seo, ó chostas lóistín go costas carr a fháil ar cíos. Tá eagla orm go mbeidh sé níos saoire do dhaoine dul go tíortha eile. Tá an tionchar seo le feiceáil sna coláistí samhraidh fiú. Tá an oiread mná tí a chaill amach ar airgead a shaothrú nuair a druideadh na coláistí samhradh go raibh orthu poist nua a fháil leis na billí a íoc. Anois agus na coláistí ag oscailt arís, ní féidir leis na mná nó fir tí gan dul ag obair le lóistéirí a ghlacadh. Mar sin, tá argóint ann go bhfuil todhchaí na gcoláistí samhraidh i mbaol. Cosúil le gach rud, caithfidh muid a bheith dearfach.

Le gach rud ráite, cé go raibh tionchar mór ag Covid ar gach gné den saol seo againne, go háirithe saol oibre, agus muidne go fóill ar scoil, tá sé soiléir go raibh muid ábalta dul in oiriúint le gach rud agus scileanna nua a fhorbairt. Cuirim i gcás na scileanna teicneolaíochta, atá iontach tábhachtach, go háirithe agus cibear-aois faoi lán seoil. Tá níos mó poist ann atá ceangailte le teicneolaíocht, ar nós margaíocht do na comhlachtaí móra, agus tá níos mó deiseanna oibre ann. Sílim féin go mbeidh dlúthbhaint idir an teicneolaíocht agus an margadh ó seo amach. Bhí muid ábalta oibriú go neamhspleách agus forbairt a chur orainn féin. Beidh an todhchaí dhifriúil dúinn uilig agus gan amhras caithfidh mé féin agus gach duine óg ár meon a athrú agus scileanna teicneolaíochta a fhorbairt. Tuigim féin go bhfuil scileanna nua foghlamtha agam cheana. Tá mé níos díograisí agus níos neamhspleáiche. Rith rud amháin liom agus mé ag déanamh mo mhachnamh ar an ábhar seo - an mbeidh scileanna lámhscríbhinn agus litriú chomh tábhachtach sa tsochaí atá romhainn, sochaí a úsáideann teicneolaíocht agus seiceáil litrithe do gach rud? Is léir nach mbeidh na múinteoirí ar aon intinn liom.

Ms Br?d Nic Gearailt:

Gabhaim buíochas ó chroí leis an gcoiste as an deis seo a thabhairt dom chun labhairt leis inniu. An cheist atá á phlé againn inniu ná na hathruithe sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh an choróinvíris agus cad atá de dhíth ag an gcéad ghlúin eile.

Tá sé tráthúil an deis seo a thógáil chun labhairt faoi cad a bhí orainn a dhéanamh mar shochaí mar thoradh ar na srianta Covid-19 chun gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus sóisialta a chaomhnú. Don chuid is mó, an toradh ollmhór a bhí ann ná go raibh ar na mílte againn oibriú sa bhaile chun fanacht slán agus méadaíodh úsáid na teicneolaíochta, a thug deis dúinn fanacht ceangailte le chéile. Gan aon rogha, tharla an t-athrú ollmhór seo inár saolta, athrú cuimsitheach a d’athraigh ní amháin an tslí oibre a bhí againn ach an tslí bheatha a bhí ar eolas againn freisin.

Cad iad na buntáistí san athrú seo go mbeimid ag iarraidh leanúint ar aghaidh?

Gan dabht ar bith, bhí an laghdú suntasach ar an méid comaitéireacht buntáisteach ar leibhéal pearsanta agus don timpeallacht. Cabhraíonn sé le daoine cothromaíocht oibre agus saol a bhaint amach agus caighdeán saoil níos fearr a bheith acu. Tugann sé solúbthacht do thuismitheoirí ag tabhairt aire dá gclann. Le níos lú trácht bíonn níos lú truailliú agus níos lú spleáchas ar bhreoslaí iontaise costasacha. Tugann sé seo cabhair dúinn maireachtáil i slí níos inbhuanaithe. Tugann sé saol nua chuig ceantair thuaithe agus ár mbailte agus sráidbhailte. Tugann sé an t-am dúinn chun a bheith páirteach inár bpobail, aithne a chur ar ár gcomharsana agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí deonacha.

Ba mhaith liom an deis a thógáil mar dhéagóir an smaoineamh seo a roinnt leis an gcoiste. Bheadh sé buntáisteach san áit oibre, nuair atá grúpa mór ag bualadh le chéile, dá mbeadh an foirgneamh deartha agus tógtha i slí chun ár sláinte a chur chun cinn. An cúis le méid ollmhór ráig Covid-19 san áit oibre ná ró-phlódú agus easpa aerú, ganntanas seomraí feistis agus aershruthú. Caithfimid foghlaim ó seo agus feabhas a dhéanamh ar ár n-áiteanna oibre nó beidh paindéim eile ag am áirithe eile.

De bharr na hoibre sa bhaile á cur chun cinn, bhí an baol ann go dtarlódh ró-obair sa lucht saothair. Teastaíonn tuiscint go bhfuil sé tábhachtach do dhaoine sos a thógáil agus am a thógáil dóibh féin. Tá an scaradh idir obair agus clann an-deacair a fháil nuair atá daoine ag obair ón mbaile. Is féidir é seo a dhéanamh trí shrianta ar obair a sheoladh amach tar éis an ama ceart. Tá forbairt ar áiseanna sláinte agus fóillíochta agus ar shiúlóidí lasmuigh fíorthábhachtach don tionsclaíocht seo. Níl an méid céanna deiseanna ar fáil dó seo, go háirithe faoin tuath.

Tar éis na paindéime, tá an t-atosú ar thaisteal chun obair thar lear fíorthábhachtach, go háirithe do na daoine óga atá ag críochnú an choláiste. Tugann obair thar lear, i dtíortha eile agus le pobail dhifriúla, ag fáil taithí ar chultúir dhifriúla, tuiscint níos fearr ar an domhan agus conas teagmháil a dhéanamh le daoine eile. Tagann na daoine céanna seo ar ais go hÉirinn tar éis cúpla bliain le scileanna níos fearr agus tugann siad rud éigin nua go dtí an lucht saothair. Thar an dá bhliain den phaindéim chaill daltaí amach ar dheis dul ar J1 agus Erasmus. Bheadh sé cabhrach dá rachadh daoine óga thar lear ar feadh cúpla bliain tar éis an choláiste. Agus Éire ag iarraidh briseadh isteach sa mhargadh domhanda tar éis Brexit, bheadh na scileanna nua a d'fhoghlaimeodh na daoine seo an-chabhrach agus bheadh athrú níos deise sa mhargadh.

Is mór an phribhléid dom a bheith anseo inniu ag labhairt leis an gcoiste. Arís, gabhaim buíochas leis na baill as éisteacht le mo smaointe agus tuairimí agus as guth a thabhairt dom.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na cainteoirí ar fad as ucht caint linn inniu. An bhfuil ceist ar bith ag na comhaltaí atá fós linn?

Beidh muid tapa go leor agus ansin beidh briseadh 15 nóiméad againn. Tógfar grianghraf lasmuigh agus ansin tiocfaimid ar ais don dara cuid den chruinniú. Tá súil agam go mbeidh gach duine amach as an gcruinniú roimh 6 a chlog.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tar éis sin a chloisteáil, caithfidh mé a bheith an-tapa. Tá ceist nó dhó agam. Bhí an-bhéim ar dhaoine ag obair ó bhaile, lasmuigh den oifig. Nuair a bhítear ag obair ó bhaile, níl an comhluadar céanna ann is a bheadh nuair a bheifí ag obair i monarcha nó in oifig. Bhraith daoine é sin uathu, iad siúd a bhí ag múineadh as baile nó i gcás dochtúir ag obair i gcúrsaí sláinte, ag déanamh comhairliúcháin ar líne. Is mór an difríocht ann nuair a bhailítear daoine le chéile in aon áit amháin. Mar shampla, foghlaimíonn dream innealtóirí óna chéile agus iad ag tabhairt plean ar aghaidh.

An leanfar leis an obair ó bhaile mar a bhí nó, le níos mó brú ó na comhlachtaí, an mbeidh daoine ag filleadh ar an áit ina raibh siad ag obair? Cén sórt cruth a bheidh ar rudaí amach anseo? Feicimid an tslí go bhfuil leithéidí Gteic á thógáil i go leor pobail Ghaeltachta mórthimpeall orainn. Tá éileamh orthu san áit ina bhfuil siad agus tugann siad daoine le chéile ó ar fud na cruinne ag neartú Gaeltacht. An é sin an cruth a bheidh ar rudaí amach anseo do na daoine a bhog amach as an áit oibre? Mar a luaigh Ríona Ní Mhainín, beidh éileamh i gcónaí ar dhaoine i gcúrsaí turasóireachta agus tógála agus i gcúram leanaí; caithfidh siadsan a bheith san áit oibre. An mbeidh na daoine a bhog amach as an oifig ag filleadh ar ais? Cad é an cruth ar mhaith leis na finnéithe a fheiceáil ar chúrsaí amach anseo?

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní ceist atá agam ach ba mhaith liom pointe amháin a dhéanamh. Tar éis na díospóireachta a bhí againn ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla, agus na moltaí a rinneamar, gurb é 2030 socraithe mar spriocdháta faoina gcaithfidh Gaeilge a bheith ag 20% d’earcaithe don Státseirbhís. Tá súil agam go mbeidh a lán poist ann don na finnéithe sa Státseirbhís. Tá go leor cúiseanna ann go ndéanaimid é seo cosúil leis an Roinn Oideachais agus an T1, agus pleanáil tithíochta sa Ghaeltacht le go mbeidh daoine in ann maireachtáil sa Ghaeltacht, chomh maith leis na meáin chumarsáide agus na cúirteanna.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin agamsa. Tá mac agam. Chríochnaigh sé máistreacht ag tús Covid. Thosaigh sé ar phost i mí Feabhra agus níl sé tar éis a bheith san áit oibre ó shin. Tá sé ag obair in áiléar gaolta leis. Níl aithne aige ar a chomhoibrithe, ach amháin píosa de gach ceann a fheiceáil ar scáileán beag bídeach.

Cad iad tuairimí na bhfinnéithe faoi oibriú ón mbaile agus an bhfuil buntáistí ag baint leis? An dtuigeann iad siúd a thosóidh ag obair i gceann bliana nó dhó an buntáiste a bhaineann le bheith ag obair i gcomhlacht nó in oifig le daoine eile i gcomparáid le bheith ag obair ón mbaile? Tá díospóireacht mhór ag tosú ar féidir liom cur leis ach beidh mé ag imeacht ón lucht oibre nó ón lucht oifige am éigin sar i bhfad. Don chuid is mó, níl na finnéithe tar éis a bheith in oifig nó i monarcha nó a leithéidí. Tá buntáistí agus míbhuntáistí ann. An bhfuil an díospóireacht faoi thodhchaí an ionaid oibre ag tarlú i measc an aosa óig? Luadh go bhfuil suíomhanna Gteic agus áiseanna mar sin ann timpeall na tíre. Is féidir linn tosú le Darragh Kidd nó le haon duine ar mhaith leo teacht isteach ar na ceisteanna seo.

Mr. Darragh Kidd:

Freagróidh mé an dá cheist sin ag an am céanna. An cruth a fheicim amach anseo ná nach n-athróidh sé. Don chuid is mó, beidh daoine fós san ionad oibre ach i gcásanna éagsúla oibreoidh siad ón mbaile más gá. Tá na seirbhísí ann chun é a dhéanamh anois. Ní stopfaidh daoine ag freastal ar an ionad oibre. Má bhíonn tinneas ar dhaoine, níl siad chun glaoch isteach agus a rá nach féidir leo obair a dhéanamh. Tá an tseirbhís ann le go mbeidh siad in ann oibriú ón mbaile.

Maidir leis an scáileán sa bhaile, is buntáiste é a bheith ag obair le scáileán. Ach mar a dúirt an Cathaoirleach, níl a mhac tar éis bualadh le hoibrithe eile. Ag an am céanna níor cheart go mbeadh oibrithe ag féachaint ar an scáileán gach nóiméad den lá. Ba chóir go mbeadh píosa sóisialta ann chomh maith.

Ms Poipin Murphy:

Maidir le bheith ag obair ón bhaile, tá buntáistí agus míbhuntáistí ann. Buntáiste atá ann ná go dtugann sé seans do dhaoine smaoineamh faoin bpost ina bhfuil siad agus ceistiú an é an post dóibh. Míbhuntáiste is ea ná nach bhfaigheann na hoibrithe, go háirithe iad siúd atá ag tosú amach i bpost, taithí maidir le bheith ag obair in oifig le daoine eile. Tá siad ag déanamh gach rud tríd an teicneolaíocht ar líne. Tá buntáistí agus míbhuntáistí ann maidir le bheith ag obair ón mbaile.

Ms Br?d Nic Gearailt:

Do dhaoine ar nós mac an Chathaoirligh, tá sé tábhachtach go mbeadh an seans ann dóibh dul ar ais ag obair agus, maidir le sláinte, go mbeadh áit shábháilte ann ó thaobh Covid freisin. Má tá daoine a bhfuil ag obair sa bhaile ag iarraidh teacht ar ais, tá sé tábhachtach go mbeadh an seans ann dóibh.

Ms R?ona N? Mhain?n:

Is buntáiste mór é go háirithe mar gheall go bhfuilimid inár gcónaí faoin tuath. Is áit bheag é Ros Muc nach bhfuil mórán daoine ann. Bíonn muid ag streachailt le bunscoileanna a choinneáil ar oscailt. Ó bhuail Covid, tá go leor daoine tagtha abhaile toisc go raibh an rogha acu oibriú as baile. Mar go bhfuilimid uair an chloig ó chathair na Gaillimhe, bhí go leor daoine ina gcónaí sa chathair. Ó tharla Covid, tá go leor acu tagtha abhaile agus tá deiseanna sa cheantar arís mar go bhfuil siad in ann an obair a dhéanamh as baile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith le Ciara Ní Dhuinnshléibhe aon rud a rá? Níor thug mé deis di níos luaithe.

Ms Ciara N? Dhuinnshl?ibhe:

Tá buntáistí agus míbhuntáistí ann; braitheann sé ar an gcineál oibre. Ba cheart go mbeadh aon áit ina n-oibríonn daoine solúbtha má tá siad ag iarraidh obair ón mbaile lá amháin agus obair san oifig nó monarcha, nó cibé áit a bhfuil sé, lá eile. Mar a luaigh Darragh Kidd, má bhíonn daoine tinn, tá siad fós in ann a gcuid oibre a dhéanamh sa bhaile. Níl orthu lá a thógáil ón obair. Bíonn siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh. Is é an t-aon mhíbhuntáiste leis ná nach féidir le daoine caidreamh a bhunú lena gcomhoibrithe. Ní bhíonn an píosa sóisialta sin acu. Ní bhíonn siad ach ag breathnú ar scáileán an lá uilig.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh na finnéithe mar oibrithe sar i bhfad. Bígí an-chúramach ag obair sa bhaile fad is atá sibh tinn. Ba bhreá le fostóirí daoine mar sin. Má táthar tinn, táthar tinn. Smaoinigh air sin amach anseo. Tá sé ar cheann de na rudaí a gcaithfidh muid déileáil leis mar shochaí. Cad iad na rialacha maidir le daoine a oibríonn sa bhaile atá tinn, agus na huaireanta a mbíonn siad ag obair sa bhaile as nós 9 a chlog ar maidin go dtí 5 a chlog nó 9 a chlog istoíche. Baintear úsáid as Twitter nó téacs nó pé bealach cumarsáide.

Ní cheart go mbeadh an fostóir ag cur béime ar duine na hoibre a dhéanamh. Má táthar tinn, táthar tinn agus má táthar i dteideal lá saoire, táthar i dteideal lá saoire. Sin an díospóireacht agus bhí an díospóireacht sin ann roimh Covid. Tá sé atosaithe le luas le dhá bhliain anuas agus tá sé go maith go bhfuil an díospóireacht ann. Beidh an t-ábhar seo á phlé agus tá buíochas ag dul chuig na finnéithe ar fad as cuidiú linn chun léiriú don phobal gur féidir le haon ábhar a bheith pléite i nGaeilge mar gheall ar an nGaeltacht nó mar gheall ar an nGalltacht. Tá jab an-mhaith déanta ag na finnéithe agus tá ábhar machnamh tugtha acu dúinne, agus b'fhéidir dóibh féin chomh maith.

Tá mé chun clabhsúr a chur leis an seisiún seo. Tá sos 15 nóiméad nó mar sin againn. Tá grianghrafadóir lasmuigh sa halla ag fanacht orainn agus tá na leithris thíos ar bun chomh maith má tá siad ag teastáil uaidh éinne. Tiocfaimid ar ais agus déanfaimid iarracht dul tríd an tarna chuid den chruinniú chomh tapa agus is féidir linn. Is féidir leis na finnéithe a chuid stuif a fhágáil anseo agus tiocfaimid ar ais.

Chuaigh an suí ar fionraí ar 4.21 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 4.42 p.m.