Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 27 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir leis an gcruinniú seo leanúint ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Tá leithscéal faighte ón Teachta Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas. Ní bheidh sé i láthair. Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhaltaí eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú seo, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair an chruinnithe inniu agus, dar ndóigh, roimh lucht féachana sheirbhís teilifíse an Oireachtais.

Is iad na finnéithe atáim ag cur fáilte rompu inniu ná Val Ballance, ceann an ionaid ealaíon, agus Sarah Bannan, ceann na litríochta, atá anseo mar ionadaithe thar ceann an Chomhairle Ealaíon; agus Éanna Ó Caollaí, iriseoir. Gabhaim buíochas an choiste leo as teacht anseo inniu chun cúnamh a thabhairt dúinn. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Anois, déanfaimid ár mbreathnú ar an ábhar "Ag Spreagadh Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge".

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a ndéantar é sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá siad ag freastal óna n-oifigí, is gá do chomhaltaí a micreafóin a mhúchadh nuair nach bhfuil siad ag caint. Ba chóir go mbeidh an fhíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán nuair atá siad ag labhairt. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin ach níl aon fhinnéithe ag teacht isteach linn go fíorúil inniu. Ba chóir dúinn atá sa seomra seo a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuilimid ag caint freisin.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as a ráitis láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Anois déanfaimid ár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe seo. Iarraim anois ar an bpríomhfhinné thar ceann an Chomhairle Ealaíon labhairt os comhair an chomhchoiste.

Mr. Val Ballance:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an cuireadh le teacht anseo chun cur síos a dhéanamh ar chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta agus ar an mbaint atá ag an gComhairle Ealaíon leo. Táim anseo le tacaíocht a thabhairt do cheann na litríochta, Sarah Bannan, atá in aice liom, ach ba bhreá liom an réamhrá a léamh, más féidir liom. Má tá aon cheisteanna ag na baill, beidh Sarah Bannan ag tabhairt aire dóibh toisc gurb í an saineolaí. Is as Meiriceá í agus, cé go bhfuil roinnt Gaeilge aici, níl an méid sin aici. Beidh sí níos compordaí déileáil le haon cheisteanna i mBéarla.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin ceart go leor.

Mr. Val Ballance:

Tá beartas agus straitéis shonrach don litríocht Ghaeilge dréachtaithe ag an gcomhairle le gairid. Creideann an Chomhairle Ealaíon gur cheart litríocht na Gaeilge a dhéanamh níos infheicthe agus níos lárnaí inár saolta litríochta agus cultúrtha. Mar shampla, mar chuid dá gcuid oibre chun tacú le scríbhneoirí Gaeilge ag gach staid dá ngairm, oibreoimid ar mhéadú a chur ar an líon cláir do scríbhneoirí cónaithe trí Ghaeilge a reáchtálann muid le hinstitiúidí tríú leibhéal. Leanann ár gcuid oibre maidir le rannpháirtíocht an phobail ar aghaidh trínár dtacaíocht do 32 foilsitheoir agus go leor féilte ildisciplíneacha agus litríochta. Ó 2009, tá beartas sonrach ag an gComhairle Ealaíon maidir le litríocht do leanaí. Is é ceann de na príomhghníomhaíochtaí faoin mbeartas agus straitéis seo ná Laureate na nÓg, craobhúdar litríochta do leanaí na hÉireann, a thabhairt isteach.. Is í Áine Ní Ghlinn an laureate faoi láthair. Is é sin an réamhrá.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarrfaidh mé anois ar Éanna Ó Caollaí, eagarthóir GaeilgeThe Irish Times, labhairt linn agus a aighneacht nó tuarascáil a dhéanamh.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí, leis na Seanadóirí agus leis an gCathaoirleach as ucht an deis a thabhairt dom labhairt faoin ábhar tábhachtach seo, léitheoireacht na Gaeilge, inniu. Léifidh mé achoimre ar an aighneacht a chuir mé isteach ag an gcoiste an tseachtain seo caite.

Aithníonn The Irish Timesgur teanga shuaithinseach í an Ghaeilge agus go bhfuil sí lárnach d’fhéiniúlacht mhuintir agus chultúr na hÉireann. Ó na 1950idí i leith, d’fhoilsigh The Irish Timesábhar le cuid de na scríbhneoirí Gaeilge ba thorthúla dá raibh ann. Orthu siúd bhí Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin agus Breandán Ó hEithir. Cuireann an colúnaí seachtainiúil, an tOllamh Alan Titley, a tháinig roimh an gcoiste seo roinnt seachtainí ó shin, go mór le gradam Gaeilge an nuachtáin sa lá atá inniu ann. Tá scoth na hiriseoireachta á chleachtadh ag iriseoirí sna meáin Ghaeilge go ginearálta, agus tá lucht féachana, léitheoirí agus lucht éisteachta ar leith acu, a bhformhór atá tugtha don teanga cheana féin.

Maidir leis The Irish Times, feidhmíonn an nuachtán i measc na meán clóbhunaithe Béarla agus is seirbhís ar leith í an tseirbhís i nGaeilge atá á chur ar fáil dá réir. Is féidir leis na meáin Bhéarla a bheith ina ndroichead do dhaoine nach rachadh as a mbealach go minic chun teacht ar ábhar i nGaeilge agus ba cheart aird a thabhairt orthu siúd mar phobal léitheoireachta ar leith. Cuireann The Irish Timesábhar as Gaeilge i láthair phobal léitheoireachta náisiúnta, cé nach gá go mbeadh a bhformhór i dtaithí ar an teanga a léamh, a scríobh, a fheiceáil nó a chloisteáil sa ghnáthshaol. Chuige sin, foilsítear "Tuarascáil", leath-leathanach Gaeilge, gach Luan. Is saothair iriseoireachta agus scríbhneoireacht chruthaitheach is mó a bhíonn i gceist leis agus foilsítear ailt líonmhara agus ilghnéitheacha ann ar gach ábhar.

Cé nach bhfuil fáil ag The Irish Timesar thacaíocht airgid den chineál atá ag na meáin eile Ghaeilge, tá meon agus cultúr iriseoireacht seirbhíse poiblí aige chomh maith. In aighneacht The Irish Timesdon Choimisiún um Thodhchaí na Meán anuraidh, luadh na dúshláin atá roimh earnáil na nuachta. Moladh go gcuimseofaí creat nua maoiniú ar son fostaíochta i réimse na hiriseoireachta. D’fhéadfadh a leithéid leas na Gaeilge a dhéanamh chomh maith.

Más é an cuspóir atá againn sciar níos mó de na daoine a chur ag léamh trí Ghaeilge, is gá ábhar i nGaeilge a chur os comhair an phobail mhóir, rud a dhéanann The Irish Timesle "Tuarascáil", ach tá go leor eile gur féidir a dhéanamh. Cén fáth nach mbeadh sé mar chuspóir ag an Stát go mbeadh ar a laghad iriseoir amháin i mbun iriseoireachta Gaeilge ar bhonn lánaimseartha i ngach nuachtán náisiúnta agus réigiúnach sa tír? Cabhair an-mhór a bheadh ann dá gcuirfí maoiniú ar leith ar fáil chun scéim phleanáilte thraenála agus intéirneachta a chur ar fáil sna meáin Bhéarla do chéimithe óga ar mian leo iriseoireacht a chleachtadh i nGaeilge. Ba cheart oiliúint a bheith ar fáil freisin dóibh siúd atá ag obair sna meáin cheana féin ach ar mian leo dul i mbun eagarthóireachta agus scríbhneoireachta agus a gcuid scileanna cruthaitheacha a fhorbairt.

Ar an mbealach sin freisin, d’fhéadfadh go dtiocfadh feabhas ar chumas na n-eagras nuachta ábhair a bhaineann le saol na Gaeilge a thuairisciú go cuimsitheach agus go feasach, ó imeachtaí Oireachtas na Gaeilge go seisiúin Chomhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Ní hamháin gur aitheantas a bheadh ann ar ghné na seirbhíse poiblí den obair a dhéanann eagras ar nós The Irish Timesach aitheantas a bheadh ann freisin gur gá léitheoirí úra a mhealladh agus go bhfuil pobal eile neamhthraidisiúnta ann ar féidir an léitheoireacht i nGaeilge a chur chun cinn ina measc. Tá guth neamhspleách sainiúil ag The Irish Timesi gcónaí, rud atá mar bhunús le dea-cháil an nuachtáin i sochaí na tíre seo. Tá sé ina phríomhchuspóir ag an nuachtán go leanfar leis an traidisiún láidir neamhspleách sin gan cur isteach ar bith ó aon eagras príobháideach, reiligiúnach, Stáit nó poiblí. Bheadh sé tábhachtach creat neamhspleách a chruthú a chinnteodh neamhspleáchas na hearnála ionas nach mbeadh aon tionchar ag maoiniú poiblí ar an iriseoireacht féin. Is féidir leis an Stát tionchar dearfach a imirt ar bhealach nach gcuirtear isteach nó amach ar neamhspleáchas na meáin ach a chuirfeadh go mór le feiceálacht na Gaeilge sna meáin Bhéarla. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí as ucht éisteacht agus beidh mé sásta ceist ar bith a fhreagairt ar an ábhar.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfidh mé cúpla ceist sula dtosaíonn na comhaltaí. Thug Éanna Ó Caollaí roinnt phointí agus moltaí praiticiúla dúinn maidir le cad gur féidir a dhéanamh ó thaobh iriseoireachta de. An cheist ná an féidir cur leis an méid atá ráite aige maidir leis an Stát ag déanamh iarrachta go mbeadh ar a laghad iriseoir amháin - go lánaimseartha glacaim - ag gabháil do na nuachtáin mhóra. Tá a fhios agam go bhfuil a mhacasamhail tuarascáil ag The Irish Newsagus bhíodh pull-out éigin ag an Irish Independenttamall de bhlianta ó shin. Cén sórt costas a bheadh i gceist leis seo? An printíseacht a bheadh i gceist nó tacú le roinnt de na coláistí chun iriseoirí a bheith acu ag gabháil do chúrsa iriseoireachta Gaeilge? Níl a fhios agam an bhfuil aon duine ag gabháil do chéim don iriseoireacht i nGaeilge a thuilleadh. Bhíodh a leithéid ag tarlú ach níl a fhios agam an dtarlaíonn sé a thuilleadh. Déanfaimid déileáil leis sin ar dtús agus ansin casfaidh mé ar na comhaltaí eile.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Is gá breathnú ar cheist an chostais. Ní bheadh figiúr agamsa anois maidir leis sin ach bheadh sé tábhachtach go mbeadh daoine i lár an aonaigh mar gur cheist í seo a bhaineann le feasacht nó le hinniúlacht chultúrtha ar bhealach. Is éard atá i gceist agam leis sin ná an cumas atá ag daoine chun daoine eile ó chultúir eile, ó chórais creidimh eile nó ó theanga eile atá difriúil óna gceann féin a thuiscint. Is gné é sin go mí-ábharach atá in easnamh go minic ar dhaoine. Is minic é ráite liomsa, agus tá mé cinnte go bhfuil sé ráite le daoine le Gaeilge agus le daoine eile atá anseo, agus ráite go lom agus gan fiacail a bheith curtha ann, gur cur amú airgid nó gur cur amú ama atá sa teanga agus nach fiú puinn í a léamh nó a fhoghlaim agus nach bhfuil sí úsáideach ar bhealach ar bith phraiticiúil agus go mb'fhearr go mbeadh teanga éicint eile á mhúineadh nó á fhoghlaim ag daoine sa scoil. Go minic ní chuimhníonn na daoine sin gur níos mó ná siombail náisiúnta atá sa teanga, agus dóibh siúd a labhraíonn í ar bhonn laethúil nó go rialta, is cuid lárnach dá bhféiniúlacht féin atá ann. Caithfear cuimhneamh, i gcomhthéacs na tíre seo, stair na tíre agus chuile rud a tharla i stair na tíre seo go bhfuil cumhacht an Bhéarla chomh ceannasach agus chomh fréamhaithe sin sa sochaí nach dtuigeann go leor daoine nó baill de phobal an Bhéarla go minic na bealaí a bhfuil srianta cultúrtha, sóisialta agus praiticiúla ar úsáid na Gaeilge go poiblí.

É sin ráite, ní staid mharfach atá ann ach an oiread agus is féidir tabhairt faoin mheoin sin a athrú. Bealach maith a bheadh ann tabhairt faoin obair sin ná scéim éicint a chumadh ina bhféadfaí tacaíocht a thabhairt d'iriseoirí óga ar mian leo dul i mbun na hiriseoireachta a chleachtadh i nGaeilge. Is féidir dul chun cinn mór a dhéanamh maidir leis sin. Ó thaobh maoinithe de ní cheist í seo a bhainfeadh le maoiniú a thógáil ó na meáin a chuireann seirbhís ar fáil don phobal Gaeilge cheana féin ach gur cheart maoiniú nua a chur ar fáil le tabhairt faoi seo mar gur dúshlán nua a bheadh ann ar bhealach. Má táthar le bheith dáiríre, ní hamháin faoi athbheochan na teanga ach faoi láidriú na teanga, gur cheart díriú isteach ar an bpobal neamhthraidisiúnta sin. Sin iad an dream nach mbíonn i mbun plé leis an teanga ar bhonn laethúil nó go rialta. Ní hamháin go gcuirfeadh sé sin deiseanna ar fáil do chéimithe, seans go gcabhródh sé freisin le hinniúlacht chultúrtha na pobal léitheoireachta Béarla agus na heagrais féin. Chabhródh sé leo é sin a fhorbairt.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Beidh cúpla ceist agam níos déanaí faoin méid atá ráite ag Éanna Ó Caollaí. Gabhaim buíochas d'ár n-aíonna ón gComhairle Ealaíon as a bheith linn anseo agus as an dá aguisín a thug siad dúinn ag liostáil roinnt de na daoine nó eagraíochtaí atá an Chomhairle Ealaíon ag déileáil leo ó thaobh na Gaeilge de. Tá figiúr tugtha in aguisín 2 go bhfuil breis is €4 milliún i gceist sa chaiteachas atá ag an gComhairle Ealaíon d'eagraíochtaí litríochta. A lán acu sin, a lán de na féilte agus roinnt de na foilsitheoirí atá liostáilte anseo, ní cuimhin liomsa leabhair Ghaeilge uathu nó aon rud ar bith ó thaobh na Gaeilge de uathu. As an €4 milliún sin, an bhfuil a fhios ag an gComhairle Ealaíon cé mhéad de a chaitear ar litríocht nó ar scríbhneoireacht na Gaeilge?

An mbíonn an Chomhairle Ealaíon ag obair le Foras na Gaeilge chun déanamh cinnte de nach bhfuil sé ag teacht salach ar na scéimeanna deontais atá aige? Tá scéimeanna áirithe aige agus b'fhéidir gur féidir cur leis sin, ach go háirithe toisc go bhfuil ról ar leith ag an gComhairle Ealaíon maidir leis na healaíona agus, sa chás seo, ealaín na scríbhneoireachta ach go háirithe. Tá ról ag Foras na Gaeilge agus is féidir synergies, mar a deirtear i mBéarla, a bheith i gceist ionas go mbeadh níos mó buntáiste le baint as an dá eagras ag obair le chéile agus go mbeadh níos mó tairbhe ann ó thaobh infheistithe i bhfoilsitheoireacht agus léitheoireacht dá réir.

Níl fadhb ó thaobh na Gaeilge de amháin ach ó thaobh na léitheoireachta de i gcoitinne. Conas gur féidir linn déanamh cinnte de go mbeidh na glúnta atá romhainn ag léamh níos mó agus ag gabháil, ní hamháin don éisteacht nó don léamh ach don cheird atá i gceist, mar tá ceird ar leith, mar a luaigh Éanna Ó Caollaí, in iriseoireacht na Gaeilge. Tá ceird eile ann ó thaobh na scríbhneoireachta de agus tá ceird eile sa filíocht. Tá leibhéil difriúla ansin, agus chun go mbeadh teanga beo ann, caithfear daoine a bheith ann le húrscéalta, dánta, téacsleabhair agus scéalta nuachta a scríobh. Tá go leor le déanamh. Mar sin tá gá le ceardlanna, printíseachtaí, cursaí ollscoile agus a leithéid chun déanamh cinnte de go mbeidh Gaeilgeoirí ann amach anseo a mbeidh in ann gach uile ceann de na tréithe sin a dhéanamh.

Ag deireadh an phróisis seo, tá súil agam go mbeidh muidne ag déanamh moltaí chuig na finnéithe ar fad agus chuig an Rialtais ar cad a shíleann muidne gur féidir linn ar fad a dhéanamh.

Ms Sarah Bannan:

I will answer in English.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceart go leor.

Ms Sarah Bannan:

I thank the Chairman for those questions and it was interesting to hear the other presentations as well. I have written down the questions to make sure I do not miss anything. We can break down the funding and I can follow up with the Chairman on that afterwards. The reason we presented it this way is that it would be done crudely. Some of these organisations, like Feasta, Futa Fata or Comhar, are exclusively for the Irish language or for Imram, the Irish-language literature festival. Then there are organisations we fund, like Poetry Ireland, that are national and all-island organisations that are working through English and Irish. We have been working in recent years to try to encourage those organisations to make Irish-language literature more central to what they are doing and to raise the visibility of Irish within them. The Chairman is right that some of these organisations are not involved in Irish-language literature at all, but the purpose of the draft policy, which should be adopted later this year by the Arts Council, and of the strategy are about bringing up the visibility of Irish and trying to encourage all those players within literature in Ireland to present, promote and commission Irish language literature as a core part of their work. We can give that information on funding but it would be a crude exercise and it would take out some of the nuance. The purpose of this is to try to give the full picture.

There are some bullet points below that financial appendix that talk about our supports to individual writers. It is true we receive an awful lot more applications from individual writers working through English that from those working through the Irish language, and that is something we want to address. We might receive around 20 applications per round from Irish language writers when we might receive 200 in the English language. Part of the policy and strategy is about articulating the Arts Council's role in making it clear to those writers who are working on high-quality literary work that the Arts Council is there to support them.

We work with Foras na Gaeilge and we make sure our funding is not duplicated as a matter of course. One of the actions within the draft strategy is to develop a memorandum of understanding between ourselves and Foras na Gaeilge that distinguishes what our role is. Foras na Gaeilge's interest in the Irish language is broader than that of the Arts Council; we are just looking at Irish language literature. However, not all Irish language writing falls within that category. The Chairman is right that this is part of it but we work with Foras na Gaeilge frequently. An example of a project we are working on with it now is Áine Ni Ghlinn's wonderful An Bosca Leabharlainne, which sees Irish-language books going to schools throughout the country. That is all about encouraging reading for pleasure through the Irish language.

The Chairman is right about the next generation of readers and writers and about the current generation. We are looking at two things within that. Within the literature team we are doing some research this year on reading and on what drives people to read for pleasure. We are looking at what people read in English and at what drives them to read for pleasure in Irish as well. We are doing some work on that this year to see if there are meaningful interventions the Arts Council could be making in that regard. A lot of our focus to date has been more on the production end of things such as supporting new writers and supporting the publishers to bring things to print. All of those books need to be read, enjoyed and shared, so we are looking at that. Childrens Books Ireland is a key organisation we support, and the work it does is critical in the support it gives to children's writers and illustrators. It is very good in the supports it offers to schools, libraries and others that are getting books into kids' hands. The news about the funding for school libraries was welcome and Childrens Books Ireland was quick out of the traps with recommended reading guides, which included work within the Irish language.

I will go back to the Chairman's first question and we have been encouraged in recent years and in the past 18 months that some of our organisations that might have been a little bit slower to see Irish language literature as a core part of what they are doing have been making great strides in that area and have been developing their policies in that regard. For example, Childrens Books Ireland has just engaged an Irish language officer who will work with it. The Irish Writers Centre is developing an Irish language strategy, and Poetry Ireland has an introduction series that has been running for years and now it has an Irish language element to it as well. The Poetry Aloud competition was another successful initiative it had done through English for many years and now it is partnering with Imram to do it in Irish as well. A lot of good work is happening there, which we are trying to encourage as much as possible. A lot of policy is about encouraging and making things more visible.

On the writing question, there is work to do there and the Chairman was talking about the next generation of Irish writers. Just like with reading, we are supporting a number of organisations that are working with young people on writing. The most prominent of those is Fighting Words, which is the organisation Roddy Doyle helped to found. It is working through the Irish language as well and we have been supporting it to do so.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhíos ag éisteacht leis an gcur i láthair agus tá cúpla ceist agam dá bharr. Baineann sé níos mó le nuachtáin agus le hiriseoirí. Aontaím leis an moladh ansin go mbeadh ar a laghad iriseoir amháin i ngach nuachtán a bheadh ábalta scríobh ar son lucht na Gaelainne. Feicimid le The Irish Times, The Corkmanagus The Echoi gCorcaigh go bhfuil sé sin ar fáil. Is mór an ní é sin. Cé chomh éasca nó deacair is atá sé teacht ar na hiriseoirí sin? An bhfuil siad ar fáil? An bhfaigheann The Irish Timesiarratais? Cén saghas éilimh atá ann nuair a théann sé sa tóir ar dhaoine? Anuas air sin, cad faoi aiseolas ón lucht léitheoireachta ar nós litir chuig an eagarthóir? An dtagann siad sin as Gaelainn nó an mbíonn daoine ag gearán ar alt éigin a scríobhadh? Nuair a deirim "ag gearán" nílim ag caint mar gheall ar chaighdeán na scríbhneoireachta ach go mb'fhéidir go bhfuil easaontas mar gheall ar an ábhar. An dtagann sé sin agus an bhfuil aiseolas ag teacht ó phobal na Gaelainne mar gheall ar an tseirbhís atá ar fáil?

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Tá roinnt scríbhneoirí againn, mé féin ina measc. An chuid is mó den am scríobhaimse na hailt a fhoilsítear sa cholún "Tuarascáil" in The Irish Timesagus tá colún ag an Ollamh Alan Titley freisin a fhoilsítear chuile sheachtain. Ansin tá scríbhneoirí eile ar nós Declan Collinge agus Ciarán Ó Cualáin a sheolann ailt isteach agam ó am go chéile agus a fhoilsítear ó am go chéile. An tseachtain seo bhí píosa ag Ciarán Ó Cualáin ar an bhfeamainn agus na gnásanna a bhaineann leis sin. Ó am go chéile cuireann daoine ailt isteach chugainn ach ní fhaighimid an t-uafás díobh. Roinntear na hailt sin go minic ar na meáin sóisialta. Ní fiú beag is fiú a dhéanamh de na meáin shóisialta ar chor ar bith mar go minic deirtear go bhfuil nasc iontach láidir ann idir léitheoireacht na Gaeilge agus an chórais oideachais. Tá dar ndóigh mar sin an áit is mó a fhoghlaimíonn daoine an teanga i dtosach báire. Deirtear freisin nach dtéann sé mórán níos faide ná geataí na scoile, agus b'fhéidir gur fíor sin freisin ó thaobh léitheoireachta de ar bhealach traidisiúnta agus ó thaobh léitheoireacht na leabhair, b'fhéidir.

Ag an am céanna, labhair mé leis an údar Seán de Fréine cúpla bliain ó shin agus dúirt seisean gur chreid sé go raibh muid ag maireachtáil i ré órga maidir le scríbhneoireacht na Gaeilge agus go raibh níos mó á scríobh sa lá atá inniu ann ná mar a bhí riamh. Má bhreathnaítear ar na meáin shóisialta sin, tá an t-uafás ar siúl ann. Tá an t-uafás Gaeilge á labhairt, á scríobh agus á léamh ar na meáin shóisialta. Tá chuile sheans ann go bhfuil níos mó daoine ag léamh agus ag scríobh na Gaeilge as a stuaim féin san am saor atá acu ar na meáin shóisialta ná mar a bhí in aon chomhthéacs eile le fada an lá.

Mar a luaigh Sarah Bannan ansin, tá taighde ar bun faoi na suimeanna, modhanna léitheoireachta agus mar sin de atá ar bun ag daoine. Bheadh an-luach le taighde socheolaíochta a dhéanfadh iniúchadh ar ghnásanna léitheoireachta agus leis an taighde a dhéanamh go rialta ar mhinicíocht, ar ábhar, ar aois na léitheoirí, ar chumas, ar inscne, ar na spéiseanna atá acu, ar pé deacrachtaí atá acu freisin agus go leor eile anuas air sin. Níl mé ag rá go bhfuil borradh ar leith faoi, faoi láthair, ach tá mé ag ceapadh go bhfuil níos mó daoine ag léamh agus ag scríobh sa chomhthéacs sin ná mar a bhí le fada an lá.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé soiléir go bhfuil na finnéithe ábalta teacht ar na scríbhneoirí. Aontaím le hÉanna Ó Caollaí maidir leis na meáin shóisialta. Má tá alt ann, tá gach cosúlacht go mbeidh freagraí ag teacht ansin nó aiseolas, mar a ghlaoimid air, agus tuairimí ar an alt agus go bhfuil pobal na Gaelainne ansin go láidir chomh maith. Mar gheall ar aiseolas ar an nuachtán féin, an mbíonn daoine ag scríobh isteach ag rá nár aontaigh siad leis an alt? An gcuireann siad litir chuig an eagarthóir le rá cad a dteastóidís go mbeadh foilsithe? An dtarlaíonn sé go minic?

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Ó am go chéile. Ní thagann an t-uafás ach tagann litreacha isteach ó am go chéile. Ní bheinn in ann a rá cé mhéad a thagann isteach ar bhonn rialta ach bíonn siad ann. Tá pobal léitheoireachta sláintiúil ann a léann "Tuarascáil". Tá a fhios agam é sin. Ar bhealach, tá nósanna ag athrú an t-am ar fad. Bíonn sé de nós ag daoine anois ábhar a roinnt ar na meáin shóisialta mar gur féidir leo aiseolas a fháil níos tapúla, ar an bpointe i ndáiríre, agus gur féidir leo dul i mbun plé faoi pé ábhar atá á phlé san alt, más rud é go bhfuil suim acu ann. Ní thagann an t-uafás litreacha isteach níos mó ach tá mé ag ceapadh go mb'fhéidir go bhfuil sé fíor go ginearálta nach mbíonn an t-uafás daoine ag scríobh níos mó go foirmeálta. Is dóigh gurb é ar na meáin shóisialta is mó a dhéantar an plé sin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go minic le halt bíonn embedded video agus clips éagsúla ann. Tháinig sé sin chun cinn cheana féin le RTÉ. Tá deis ansin chomh maith chun video clips de Ghaelainn a chur suas ionas go mbeadh sé le cloisteáil i measc an phobail. Tá sé éasca go leor subtitling Béarla a chur orthu más gá. Tá deis ann.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Aontaím leis an Teachta faoi sin. Bheadh fiúntas le scéim thacaíochta a chabhródh le hiriseoirí atá ann faoi láthair ar mhian leo tabhairt faoi na meáin chruthaitheacha foghlaim faoi cén chaoi lena leithéid a dhéanamh i nGaeilge agus tabhairt faoi eagarthóireacht agus scríbhneoireacht i nGaeilge freisin. D’fhéadfaí cúrsaí a chur ar bun freisin dóibh siúd gur mian leo tabhairt faoin obair sin. Tá roinnt mhaith iriseoirí, comhghleacaithe liom féin, agus bímid ag caint as Gaeilge an t-am ar fad san oifig ach tá mé cinnte gur bhreá le cuid acu siúd tabhairt faoi roinnt cúrsaí dá mbeadh an seans ann é sin a dhéanamh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh Éanna Ó Caollaí an neamhspleáchas atá ag The Irish Times. Glacaim leis, má tá sé á rá sin, nach mbeadh sé ag lorg go mbeadh The Irish Timesag brath ar dheontas do chur chuige ó thaobh na hiriseoireachta Gaeilge de. Is féidir linn moladh a thabhairt do na foilseacháin Ghaeilge ar fad - nuachtáin, irisí agus a leithéid - agus luaigh mé seo nuair a bhí Feastaagus a leithéid os ár gcomhair, go bhfuil deis mhór chun teacht lenar féidir linn brú a chur ar na foilseacháin ar fad, Béarla nó Gaeilge, níos mó a fhoilsiú i nGaeilge toisc go bhfuil dualgas breise chun teacht ar an státchóras níos mó fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge. Má tá siad ag fáil na fógraíochta seo as Gaeilge, ba chóir go mbeadh dualgas ar an iris nó nuachtán sin níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de seachas na fógraí seo a bhéas curtha isteach i nuachtán nach raibh meas acu nó nach ndearna faic ó thaobh na Gaeilge de go dtí seo. An mbeadh sé sin mar chuidiú dá leithéid The Irish Timesle feiceáil go mbeidh airgead - ní airgead mór é - agus buntáiste ag teacht chun cinn dó amach anseo ionas gur féidir leis níos mó alt nó a leithéid a chur ar fáil?

Roimhe seo, bhí leithéidí Foinseagus againn a bhí foilsithe go laethúil i gcás agus go seachtainiúil i gcás Foinse. Agus iadsan imithe, níl aon nuachtán Gaeilge againn a thuilleadh go fisiciúil. Tá Tuairiscagainn, feicimid an stuif atá aige agus déanaimid a mhéid a roinnt go cuibheasach flaithiúil mar níl paywall ann. Uaireanta ní bhímid in ann stuif The Irish Timesa scaipeadh chomh tapa agus is féidir linn toisc go bhfuil paywall i gceist. B'fhéidir go bhfuil an méid alt atá aige nó aici ídithe ag pé duine atá á léamh.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Ní fhéadfainn labhairt thar ceann aon nuachtán eile. Déarfainn go bhfuil cuid mhaith den obair sin ar siúl againn cheana féin le "Tuarascáil". Táimid ag foilsiú ábhar Gaeilge ar feadh na mblianta fada. Déanaimid iarracht beagnach gach trá a fhreastal ó thaobh an chineáil ábhair a fhoilsítear. Is meascán atá ann idir chúrsaí nuachta, scríbhneoireacht chruthaitheach agus ábhar ilghnéitheach. Mar a luaigh an Cathaoirleach, tá neamhspleáchas iontach tábhachtach. Is gné é sin atá ina príomhchuspóir ag The Irish Times. Is rud é sin nach bhféadfaí a laghdú nó beag is fiú a dhéanamh de ar chor ar bith. Bheadh fiúntas ag baint le creat a chruthú ach bheadh gá le go dtiocfadh daoine le chéile agus bheadh orthu na sonraí a oibriú amach nó a phlé iad féin le go dtiocfaidís ar bhealach go bhféadfaí maoiniú nó struchtúr foirmeálta a chruthú ach nach mbeadh brú ar bith de dhíth dá bharr.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an fhógraíocht chun teacht. Táimid tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith. Tá dualgas anois ar na comhlachtaí poiblí agus na Ranna 5% den chaiteachas a dhéanann siad ar fhógraíocht a bheith as Gaeilge. Is slám mór airgid é i gcomparáid lena raibh ann go dtí seo. Má tá an fhógraíocht sin á cur i The Irish Times, san Irish Independent, ar RTÉ nó TG4 nó pé áit, ba chóir go mbeadh lucht na Gaeilge ag fáil buntáiste bhreise ar ais, is é sin níos mó colún nó níos mó urlaí colúin a bheith as Gaeilge seachas an méid atá á fháil againn cheana féin. Níl sé seo ag caitheamh anuas ar The Irish Timesmar tá sé á dhéanamh ach is leathleathanach atá ann as cibé uimhir leathnaigh atá sa nuachtán. Braitheann an méid a bhíonn ann ar an lá nó cén chuid den tsaoire atá i gceist. Is sórt molta é. Ní gá freagra chruinn a thabhairt air sin.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

D'fhéadfaí i gcónaí feabhas nó níos mó a dhéanamh.

Tá sé sin fíor faoi gach uile mheán i ndáiríre. Tá mé cinnte go mbeimis sásta breathnú air sin dá mbeadh an deis ann é sin a dhéanamh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh an Chomhairle Ealaíon de, conas is féidir linn déanamh cinnte de go méadaítear céatadán nó méid Gaeilge atá á chur chun cinn ag na grúpaí a fhaigheann airgead agus atá liostáilte in aguisín 2? Tá aithne agam ar roinnt acu agus tá á lán oibre á dhéanamh acu. Dar ndóigh, tá liostaí de roinnt foilsitheoirí a dhéanann foilsitheoireacht go hiomlán trí Ghaeilge anseo. Tá roinnt féilte ann a bhfuil eolas agam fúthu agus bíonn seisiún ar leith iontu ó thaobh fhilíocht na Gaeilge nó a leithéid. Níor aithin mé go raibh aon ról ag roinnt eile acu. Tá sé go maith go bhfuil siad ann má tá siad ag déanamh méid bhig. Conas is féidir linn déanamh cinnte de go méadófar é sin?

Luaigh Éanna Ó Caollaí go mbeadh feiceálacht na Gaeilge ag ardú de thairbhe an dréachtpholasaithe. Cén uair a bheidh an dréachtpholasaí sin foilsithe go sonrach? Dúirt sé am éigin i mbliana.

Tá a fhios agam go raibh a lán de na seanchlasaicí foilsithe as Gaeilge thar na blianta ag An Gúm nuair a bhí An Gúm á dhéanamh don Stát. Tá a lán clasaicí nua ó thaobh an Bhéarla nó aon teanga eile de. Tógann sé tamall maith de bhlianta sula bhfeicimid foilsithe iad. B'fhéidir gurb é na cearta agus copyrights iad roinnt dó sin. Caithfear an bunúdar a íoc chomh maith leis an aistritheoir. An bhfuil aon bhealach, mar shampla, maidir le buaiteoir an International Literature Festival, gur féidir le duine éigin a bheith ag obair cheana féin ar an leabhar sin le bheith foilsithe i bhfoirm aistrithe as Gaeilge?

Ms Sarah Bannan:

I hope I will get all of those questions. If I do not, please come back to me. To answer the second to last question first, the plan is that my colleague, Mr. Val Ballance, will present a paper to the Arts Council this afternoon about our broader approach to the Irish language. We will wait for that to be published before I go back out for a final round of consultation on the Irish language literature strategy. I hope it will be published in quarter 3. I would rather it would be tomorrow. We have been working on the bones of it for some time, so I do not think it will surprise anyone.

In terms of the organisations and encouraging them to do more to maintain Irish language literature, there are two actions within the policy. Again we have been progressing them for some time. One of those is with regard to those organisations that are national or resource organisations. The plan is to set some kinds of minimum standards we expect to be undertaken, some best-practice standards, calling out where we think we see very good practice and encouraging organisations to do more there. That is for those organisations that have that resource-organisation remit. They are meant to be national and they are. That is what they are set up to do. It is not an optional extra that they do only if they get funding. It is part of their remit and seen as core.

There is an action within the strategy to set up, for festivals in particular, a curatorial fund or support or a curator-in-residence programme. My experience with literary and multidisciplinary festivals is that many of them have an interest in programming some Irish, or maybe they do not, but they might put in one token event at the furthest reaches of the festival at the worst possible time. They could be give given some advice and support around how to programme this imaginatively, maybe alongside people speaking English or other languages. A number of festivals are doing that work very well but they cannot be relied upon to programme throughout the country.

With regard to the journals and publishers, it will be more around encouraging where the good practice is happening. There has been some talk that maybe once funding reaches a certain level with a journal or a publisher, there would be an expectation that they will have Irish-language expertise on staff. A number of the journals we have supported for a long time have Irish-language editors on staff and regularly feature that as part of their work. We want to look at ways to increase that and make it the norm rather than the exception.

The new and translated classics is an area where we are distinct from Foras na Gaeilge in that, in general, it tends not to fund translations of English-language works into Irish whereas the Arts Council does. We support an organisation called Literature Ireland which is focused on the translation of Irish work abroad but it also looks at inward translation. It offers grants to publishers to translate an English-language work by an Irish writer into French, Ukrainian or another language or a work in English or French that could be translated into Irish. It looks at ways to do that. It does it on a smaller scale than it does the English-language work. Literature Ireland is an organisation we look at in terms of the first category we talked about where we see some kind of minimum standards for what is happening. The Cathaoirleach is right. There are difficulties around that in terms of copyright but that is absolutely something the Arts Council wants to encourage. We have been funding a number of publishers that have been doing that kind of translation work for quite a while. Did I cover everything?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Yes. Gabhaim buíochas leis an bhfinné.

Mr. Val Ballance:

Tá mé féin anseo mar go bhfuil mé ag déileáil le hÚdarás na Gaeltachta, le hEalaín na Gaeltachta agus le cúrsaí Gaeilge sa Chomhairle Ealaíon le blianta fada seachas cúrsaí litríochta. Rinne Sarah Bannan tagairt den straitéis atá ag dul tríd sa Chomhairle Ealaíon. Bhí mé i ngrúpa oibre ag obair ar an straitéis 30 bliain de na healaíona teangabhunaithe. Níl sé foilsithe fós. Tá sé sin agus tuairisc scríofa ag an Roinn. Thuig mé as ucht na hoibre a bhí déanta air sin, go raibh ar an gComhairle Ealaíon níos mó foinsí oibre a bheith sa chomhairle ag déileáil le cúrsaí. Níl mé ag caint faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ar chuma ar bith. Tá mé ag caint faoi chúrsaí ealaíon agus cén chaoi le bheith ag déileáil le healaíontóirí i nGaeilge, le Gaeilge nó le healaíontóirí atá ag iarraidh a bheith ag obair trí Ghaeilge nó cibé rud. Mar sin, is é sin an rud ag dul os comhair na comhairle agus tá mé lánchinnte glactha leis an gcomhairle tráthnóna inniu. Beidh níos mó foinsí ag an gcomhairle nach bhfuil ag baint le cúrsaí litríochta ach is fiú é sin a rá.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla pointe agam faoin spreagadh agus faoin tiomantas atá i gceist ar son an dá dhreama inniu. Gabhaim aitheantas chuig Éanna Ó Caollaí fá choinne an tiomantais i The Irish Times. Tá sé le feiceáil tríd an nuachtán gach lá le daoine macasamhail le Frank McNally nuair atá sé ag labhairt faoi rudaí suimiúla amhail Hiberno-English agus an nasc idir an teanga Ghaeilge agus an tSean-Ghaeilge. Bhí alt aige cúpla mí ó shin maidir leis na hainmneacha sa tír agus labhair sé faoi rudaí suimiúla amhail logainmneacha nuair a bhí sé ag labhairt faoin nasc nó faoin gceangal idir an Hiberno-English agus an Ghaeilge. Chomh maith leis sin, tá suim ag an iriseoir Harry McGee. Tá an tiomantas le feiceáil tríd an nuachtán.

Maidir leis an teagmháil, tá deis nó an poitéinseal ann maidir leis an nasc idir na daoine uile, na daoine óga sna meánscoileanna agus na bunscoileanna.

D’éist mé leis na ráitis agus labhair Éanna Ó Caollaí faoi na daoine óga. An bhfuil aon seans nó aon deis ann nasc foirmiúil a chruthú idir an nuachtán agus daoine óga sna meánscoileanna, nó daoine níos aosta sna bunscoileanna, chun iad a spreagadh? B’fhéidir, uair sa mhí, go bhféadfadh siadsan labhairt faoi na rudaí atá siadsan ag obair orthu, cibé cúrsaí polaitíochta nó tíreolaíochta, an stair nó rudaí mar sin.

Tá an tsárobair atá á dhéanamh ag an gComhairle Ealaíon le feiceáil i mo chontae féin. Tá aithne agam ar Mhicheál Ó Fearraigh agus an obair atá déanta aige agus dream eile tríd an tír, ní hamháin i mo chontae féin ach i nGaillimh agus timpeall na tíre. Tá sé sin le feiceáil. Tá níos mó dreamanna deonacha ag lorg cuidiú do rudaí ábhartha ina bparóistí féin, mar stair áitiúil nó an stair atá i gceist leis na logainmneacha sa pharóiste, sa chontae nó sa cheantar. An bhfuil aon chuidiú nó aon phlean ann fá choinne na dreamanna deonacha atá ag lorg cuidiú, tacaíocht nó airgead do leabhair sa pharóiste? Tá níos mó cuidiú ann do na daoine atá ag scríobh na leabhar nó ag obair ar rudaí go pearsanta ach tá níos mó dreamanna i dteagmháil liomsa ag iarraidh tacaíochta do leabhair a chur le chéile sa pharóiste féin nó rudaí mar sin.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Mar a dúirt mé cheana, bíonn muid de shíor ag breathnú ar bhealaí gur féidir linn feabhas a chur ar an méid atá ar siúl againn agus bheinn ag súil go leanfadh sé sin ar aghaidh i gcónaí. Ó thaobh an oideachais de, tá coiste oideachais againn sa The Irish Timesagus tá mé féin i mo bhall den choiste sin. Bíonn muid de shíor ag plé go díreach le scoileanna agus déanann muid iarracht óna thaobh sin. Le tamall anuas tá muid tar éis ábhair dhátheangacha a chur ar fáil, ar nós póstaeir agus rudaí a bhaineann leis an dúlra agus an timpeallacht agus an cineál sin rud. Bíonn an-chuid tóra air sin. Anuraidh, d’fhoilsíomar póstaer dátheangach ar éin agus ceann eile a bhain le crainnte na tíre. Bhí an-tóir orthu sin. Táimid de shíor ag breathnú ar bhealaí gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh agus feabhas a chur ar an nasc sin. Is rud é sin atá idir lámha againn faoi láthair.

Ms Sarah Bannan:

It is great to know the work of the Arts Council is felt up and down the country. Regarding voluntary groups, the Arts Council is running a number of schemes at the moment that are open to voluntary groups where organisations do not necessarily need to be limited by guarantee. That is mostly through our festival investment scheme, which often involves community-led groups. I hope I am getting the question right. For groups or individuals that are thinking about writing local histories, without knowing the particulars, it might be an area slightly outside the Arts Council’s remit and more in the remit of a local heritage office. In some cases it might be for the arts office or the library service. The Arts Council’s focus is on professional artists in literature, that is, professional writers. Professional writers can come from anywhere and always start out as non-professionals, which is why we support so many journals up and down the country to enable them to work on creative work as well. The line between what is creative and what is historical gets a little blurred but our focus is on those works of the creative imagination. We have a long working relationship with the local authority arts offices going back a long time. Depending on the nature of what a group is looking at, the arts office should usually be their first port of call.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl a fhios agam an focal fá choinne “blurred”. Tá baint ag an dream atá mé ag labhairt fúthu le Céim Aniar. Tá daoine ann leis na scileanna atá ábalta an leabhar a scríobh agus tá an neart acu chun na rudaí cruthaitheachta a dhéanamh. Dá mbeadh seans agam signposting a dhéanamh don dream sin bheinn fíorbhuíoch mar tá mise san áit blurred faoi láthair agus níl a fhios agam cén eagraíocht le dul ar aghaidh chuige. Sin an fhadhb atá agamsa.

Ms Sarah Bannan:

We are the organisation to come to for help. We are quite open. All our details are up on our website and we take queries like this all the time. It is our job. If we are not the right organisation, we will find the right person to direct the group to.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ríomhphost ginearálta ann nó an bhfuil duine-----

Ms Sarah Bannan:

It is up on the website. It is sarah.bannan@artscouncil.ie.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ordóg suas.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sorted. Beidh an Teachta in ann dul ar ais go dtí a Dháilcheantar anois. Sin obair an lae déanta.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir go mbeidh an Cathaoirleach in ann a bheith ann chun an leabhar a lainseáil i gceann cúpla mí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fadhb ar bith. Glaoim ar an Teachta Connolly.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil an cruinniú seo mar chuid de shrath cruinnithe agus tá na cruinnithe seo thar a bheith tábhachtach agus cabhrach dúinne mar bhaill den choiste seo. I mo thaithí féin, bíonn an Ghaeilge thíos i gcónaí. Tá an coiste seo ag iarraidh anailís a dhéanamh ar an bhfíric sin, cén fáth go bhfuil rudaí mar atá agus cad is féidir a dhéanamh. Tosóidh mé le hÉanna Ó Caollaí. Bíonn The Irish Timesá léamh agam gach lá agus faighim an cóip chrua. Deir an ráiteas tosaigh, “Tá guth neamhspleách sainiúil ag The Irish Timesi gcónaí”. Is dóigh go bhfuil tuilleadh díospóireachta ag teastáil faoin ráiteas sin ach b’fhéidir nach don chruinniú seo é. Ní aontaím go huile agus go hiomlán leis sin ach tuigim é. Ní raibh mé in ann gan é sin a rá.

Bhí mé tógtha le dhá rud a léim amach sa ráiteas. Ar dtús, dúradh go bhfuil gá le “taighde ceart socheolaíoch ar an léitheoireacht i nGaeilge - minicíocht, ábhar [agus mar sin de]”. Ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil faoi sin mar tá bearna mhór ansin. Ní féidir réiteach a chur chun cinn gan an saghas sin taighde a bheith againn. An dara rud ná an coincheap den droichead. Deir an ráiteas, “Is féidir leis na meáin Bhéarla bheith ina ndroichead do dhaoine nach rachadh as a mbealach go minic chun teacht ar ábhar i nGaeilge”. Is dóigh go bhfuil an ceart ag an bhfinné faoi sin. Ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil faoin droichead sin. Léann mise an rud beag bídeach Gaeilge a bhíonn sa pháipéar ar an Luan. B’fhéidir go bhfuil srianta spáis i gceist ach ba chóir go mbeadh an foclóir beagáinín níos mó dá mba rud é go raibh na finnéithe in ann é sin a dhéanamh. Tá cairde agus gaolta agam a dhéanann a míle ndícheall chun na hailt a léamh, cuid Éanna Ó Caollaí agus na cuid ón Ollamh Titley, atá beagáinín níos deacra, ní mór dom a rá. Déanann muid go léir ár n-iarrachtaí. Ba mhaith liom tuilleadh a chloisteáil faoin droichead sin.

Tá na moltaí sa ráiteas tosaigh suimiúil. Baineann uimhir 5 le taighde ceart. Cé air a bhfuil an fhreagracht é sin a dhéanamh?

Ceann de na moltaí eile ná go mbeadh cuspóir ag an Stát go mbeadh ar a laghad iriseoir amháin i mbun iriseoireachta Gaeilge i ngach nuachtán. Ba mhaith liom tuilleadh eolais faoi sin. Cén chaoi a bhfeiceann Éanna Ó Caollaí é sin ag feidhmiú? An dara moladh ná scéim tacaíochta ar leith a bhunú chun tacú le hiriseoireacht Ghaeilge sna meáin nuachta Bhéarla. Aontaím leis na moltaí ach ba mhaith liom iad a chíoradh. Moltar freisin scéim intéirneachta do chéimithe óga. Rud thar a bheith tábhachtach agus thar a bheith praiticiúil é sin. Cad iad na constaicí ansin? Cén fáth nach bhfuil sé sin déanta? Moladh eile ná ardchúrsaí i scríobh agus i ngramadach na Gaeilge a mhaoiniú. Tá sé sin ag teastáil go géar. Iarraim ar Éanna Ó Caollaí na ceisteanna sin a fhreagairt agus ansin rachaidh mé ar aghaidh go dtí an Chomhairle Ealaíon.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Maidir le tábhacht na hóige agus an léitheoireacht, tá sé deacair i gcónaí aon chineál nós léitheoireachta a fhréamhú san óige, cuma cén teanga atá i gceist. Mar a luaigh mé níos luaithe, tá níos mó daoine i mbun léimh agus scríbhneoireachta na Gaeilge sa lá atá inniu ann, as a stuaim féin ar na meáin shóisialta, mar shampla, ná mar a bhí in aon chomhthéacs eile roimhe seo. Ní rud nua an tsuim seo. Tá ardchaighdeán oideachais á fháil ag mic léinn na tíre. Bíonn muid de shíor ag caitheamh anuas ar an gcóras oideachais ach ag an am céanna, ag breathnú siar ar na figiúirí, in 2021 bhain níos mó ná 9% dóibh siúd a rinne an ardteistiméireacht H1 amach sa Ghaeilge ag an ardleibhéal. Tá daoine ag fágáil na scoile le Gaeilge agus tá siad in ann í a labhairt. Feictear é sin anois ar bhealach nach raibh chomh soiléir roimhe seo ach ní dóigh liom gur borradh nua é sin sa teanga. Go traidisiúnta, bhíodh na cumainn Ghaelacha sna hollscoileanna uilig-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal ach tá an t-am srianta. Iarraim ar Éanna Ó Caollaí labhairt maidir leis na moltaí go háirid agus faoin gcoincheap sin de na nuachtáin Bhéarla mar dhroichead. Ba mhaith liom leanúint ar aghaidh ach beidh an Cathaoirleach ag cur isteach orm. Is moltaí maithe iad na moltaí seo.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Ceann de na moltaí ná taighde cuimsitheach socheolaíochta a dhéanamh ar na nósanna léitheoireachta atá ag daoine óga. Tá sé sin iontach tábhachtach mar go bhfuil daoine ag fágáil na scoile le cumas Gaeilge-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cé air a bheadh an fhreagracht é sin a dhéanamh?

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Sin ceist gur gá plé. Tá a fhios agam go bhfuil tuairisc á ullmhú ag an gcoiste agus bheinn ag súil go mbeadh sé sin ar cheann de na moltaí sa tuairisc, ionas go mbeadh muid in ann breathnú ar cén saghas cumas teanga atá ag daoine. An cheist is mó ná cén uair a thosaíonn an creimeadh maidir le cumas teanga. Labhair go leor daoine liomsa síos trí na blianta a dúirt gur ghoill sé orthu go raibh cumas labhartha agus léamh na Gaeilge caillte acu. Bíonn daoine in ann an teanga a léamh agus iad ar scoil. Fágann siad an scoil agus téann go leor acu ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, áit a bhallraíonn siad sna cumainn Ghaelacha sna hollscoileanna. Ina dhiaidh sin, ní thagann siad ar an teanga mura bhfuil siad mar chuid de phobal Gaeilge cheana féin. Ní bhíonn sé de nós ag go leor daoine an Ghaeilge a chuardach, éisteacht le Raidió na Gaeltachta nó breathnú ar TG4-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an finné ag rá go mbeadh an taighde thar a bheith cabhrach chun anailís a dhéanamh ar cén fáth, ach níl sé ag rá cé air a bheadh an fhreagracht don taighde sin.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Tá mé cinnte go ndéanann gach nuachtán a thaighde féin, mar a dhéanann muidne. Bheinn ag súil leis go mbeadh sé seo mar cheann de na moltaí sa tuairisc.

Maidir leis an gcéad chéim eile agus an droichead sin a luaigh mé, nuair a fhágann daoine an ollscoil, go minic briseann an nasc idir iad agus an teanga mar nach bhfeiceann siad í os a gcomhair amach. Braitheann sé go minic ar fheiceálacht na teanga agus cé chomh soiléir is atá sí os a gcomhair amach. Braitheann úsáid na Gaeilge ar stádas teanga agus ar dheiseanna labhartha a bheith ann. Is ceist leathan í sin ar bhealach, a bhaineann leis an tsochaí go ginearálta. Tá The Irish Timescineál éagsúil i gcomparáid leis na meáin eile Ghaeilge, atá ag obair le Gaeilge agus atá léitheoirí, éisteoirí agus lucht féachana acu atá i dtaithí ar an teanga. Cuireann muidne ábhar i láthair do lucht léitheoireachta Béarla agus is lucht léitheoireachta Béarla is mó atá ag The Irish Times, cé go bhfuil Gaeilge ag go leor acu siúd freisin. An rud atá i gceist agam ná gur féidir linne a bheith inár ndroichead agus sin an rud atá ar siúl againn faoi láthair, ar bhealach, ós rud é go bhfuilimid ag cur ábhar Gaeilge os comhair pobal nach nós leo an Ghaeilge a chuardach iad féin. Tá luach ar leith leis sin. Más rud é go bhfuilimid ag caint faoin athbheochan nó treisiú agus láidriú na teanga, ba cheart go mbeadh muid sásta breathnú ar an teanga a chur os comhair daoine nach nós leo í a léamh, a chloisteáil nó a labhairt sa ghnáthshaol, más féidir liom é sin a thabhairt air.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí tráth ann nuair a bhí leathanach iomlán trí Ghaeilge saThe Irish Times.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Bhí, ach is dóigh go n-athraíonn cúrsaí síos trí na blianta. Bhí leathanach iomlán ann roinnt blianta ó shin. Cuirimid an t-ábhar ar fáil sa chaoi gur féidir linn agus sa chaoi gur acmhainn dúinn é a dhéanamh. Mar a dúirt mé, táimid i gcónaí ag breathnú ar bhealaí gur féidir feabhas a chur air sin. Níl mórán dreamanna eile a dhéanann an méid a dhéanann muid féin. Táimid bródúil as an méid a dhéanann muid agus tá súil againn leanúint leis sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag dul go sciobtha trí na moltaí. Tá péire clúdaithe againn. An chéad mholadh ná go mbeadh sé mar chuspóir ag an Stát ar a laghad iriseoir amháin a bheith i mbun iriseoireachta Gaeilge i ngach nuachtán sa tír. Cén chaoi an bhfeiceann Éanna Ó Caollaí é sin ag feidhmiú?

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Ba cheart go gcruthófaí creat ar leith a bheadh neamhspleách agus a chuirfeadh maoiniú nó struchtúr ar fáil chun cabhrú le céimithe óga gur mian leo a gceird nó an iriseoireacht a chleachtadh i nGaeilge. D’fhéadfaí é sin a chur ar fáil sa chaoi chéanna go gcuirtear intéirneachtaí agus a leithéid sin ar fáil d’iriseoirí gur mian leo tús a chur lena ngairm i mBéarla. Bheadh suim ag daoine ina leithéid de rud. Tá go leor daoine ann gur mhaith leo a bheith ag scríobh agus ag tuairisciú i nGaeilge. Bíonn an t-uafás plé ar na meáin shóisialta i nGaeilge chuile lá agus bheinn ag súil leis go mbeadh fonn ar dhaoine bheith páirteach ansin. Téann sé seo ar ais arís ag an droichead faoinar labhair mé, mar is ceist í seo faoin Ghaeilge a chur i láthair an phobail mhóra. Bheinn ag súil leis go ndéanfadh sé sin amhlaidh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Feiceann Éanna Ó Caollaí ról lárnach don Stát taobh thiar de na moltaí seo, nó ról níos mó ar a laghad.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Chuir The Irish Timesaighneacht isteach ag an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán. Ceann de na moltaí a cuireadh isteach ansin ná go gcuirfí creat éigin ar bun a chabhródh leis na rudaí seo. Ceapaim go bhféadfadh an Ghaeilge leas a bhaint as sin freisin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aighneacht scríofa, an ea?

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Sea.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag dul ar aghaidh ag an gComhairle Ealaíon, tá an dréacht-bheartas beagnach réidh agus beidh sé réidh roimh dheireadh na bliana seo. An í seo an chéad straitéis nó beartas riamh ag an gcomhairle ó thaobh na Gaeilge de?

Ms Sarah Bannan:

We have an overarching literature policy and strategy that aligns with Making Great Art Work, which is our ten-year strategy. The literature paper that was published in 2018 calls out a number of areas that we need to address and Irish-language literature is one of them, stating that we need a specific policy and strategy in this area. With the exception of a specific policy and strategy in children’s literature, we do not have a specific policy statement as such. That would be the case for a lot of art forms. With every arts plan there is a page, a paper or an alignment for each art form and that would always have included Irish-language literature. Making Great Art Work, our ten-year strategy, is a bit different in that it does not call out any specific art forms at all.

Where we are at is that we have done two-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an méid sin ceart go leor. Is é seo an chéad uair riamh dó sin agus rud nua réabhlóideach é seo. Beidh beartas agus straitéis i gceist don chéad uair ó thaobh na Comhairle Ealaíon.

Ms Sarah Bannan:

I do not want to oversell this idea because we have always had policy alignment papers but this will be the first dedicated Irish-language literature policy and strategy in the same way as just two months ago we published our first ever architecture policy and strategy. So, yes-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí an-suim ann. Bhí 21 nó 22 aighneacht i gceist leis sin. Bhí a lán daoine ar an talamh mar sin i dteagmháil leis an gcomhairle i dtaobh na straitéise seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin agus feicim mórán daoine ansin agus níl mé chun iad a gcuid ainmneacha a léamh amach ach bhí an-suim ann. Tá na haighneachtaí go léir le fáil go hoscailte. Cuirim fáilte roimh sin ach ní bheidh siad réidh roimh dheireadh na bliana seo.

Ms Sarah Bannan:

We have a draft that was adopted by the Arts Council last May. As I was explaining earlier-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim. Ní raibh ach dáta á lorg agam anseo.

Ms Sarah Bannan:

It will be ready in quarter 3 of this year.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Quarter 3. Go maith. Beidh sé réidh agus foilsithe. Gabhaim míle buíochas le Sarah Bannan as na freagraí sin agus as an ráiteas tosaigh atá thar a bheith cabhrach agus tá sé léite agam.

Maidir leis an scéim do scríbhneoirí cónaithe, agus tá duine amháin, Sadhbh Devlin, i mBaile Átha Cliath atá ann faoi láthair fós, an bhfuil sé beartaithe ag an gcomhairle an scéim sin a leathnú amach? Inis dom na sonraí maidir leis an scéim sin.

Ms Sarah Bannan:

We have seven writers-in-residence with different universities up and down the country and only one of those is an Irish language writer-in-residence. The plan is to talk to our university partners about having an Irish language writer-in-residence. Sadhbh Devlin is in DCU and works with prospective teachers in trying to instil a love of reading and writing in the Irish language. The English-language writers-in-residence are mostly working with creative writing students. We have had initial conversations with a couple of universities that have an interest in having an Irish-language writer-in-residence who would work with creative writing students who are working through Irish. The purpose of these writer residencies for the Arts Council, which we have been doing for 30 years, is to provide a writer with a relative period of financial stability.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim an méid sin agus is iontach an scéim sin agus níl fadhb ar bith agam léi. Tá ceann amháin i mBaile Átha Cliath trí Ghaeilge. An raibh ceann riamh ann in áit éigin eile?

Ms Sarah Bannan:

Perhaps there was before my time in Galway about 30 years ago, a long time ago.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nach bearna mhór é sin?

Ms Sarah Bannan:

Absolutely, and that is called out in the policy.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is rud praiticiúil é sin freisin.

Ms Sarah Bannan:

Yes, it is.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceann amháin mar sin. Maidir leis an dréachtpholasaí, an bhfuil sé leagtha amach ann faoi scríbhneoirí cónaithe?

Ms Sarah Bannan:

Yes.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá. Níl mé ag iarraidh na sonraí ach amháin a dheimhniú go bhfuil siad clúdaithe. Feicim é sin.

Ms Sarah Bannan:

Yes, it is.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas. Is trua gur thóg sé an méid ama seo chun é sin a dhéanamh. Táim ag déanamh pointe ginearálta ar an gcoiste seo i gcónaí maidir leis an nGaeilge agus ag labhairt faoin méid atá ag tarlú. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na tíre agus níl an dara rogha againne nó ag aon eagraíocht, dá réir, ach dul i ngleic leis an dúshlán agus leis an bhfreagracht sin. Maith dom má táim ag gníomhú mar seo i gcónaí mar tá sé deacair. Táim ag tnúth leis an bpolasaí seo a fheiceáil.

Rinne an Cathaoirleach tagairt don rud seo cheana féin in aguisín 2, áit a bhfuil liosta fada den mhaoiniú atá á fháil ag gach eagraíocht, agus tá sé sin go maith. Bhreathnaigh mé air agus feicim mar seo é. Tá féile liteartha ann le gné láidir Ghaeilge ann. Baineann an chomhairle úsáid as an gcritéar sin "le gné laidir Ghaeilge". Amanna eile luaitear an tiomantas don Ghaeilge agus arís eile luaitear roinnt imeachtaí atá ar siúl. Tá cuid acu ansin agus níl aon chritéar nó toradh leagtha amach ansin. Cén sórt monatóireachta atá ar siúl maidir leis na heagraíochtaí uile i dtaobh na critéir atá leagtha amach ag an gcomhairle nuair a thugann sí airgead amach dóibh?

Ms Sarah Bannan:

When looking at providing the funding, I believe the Deputy is looking at the very beginning-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

No, gabh mo leithscéal.

Ms Sarah Bannan:

The Cathaoirleach asked this very question about the breakdown and if it was possible to provide this. We can break our funding down in a variety of different ways and there is another report I can run that just looks at what is exclusively Irish language literature, and there are organisations that work exclusively that way. However, there are also a number of organisations, such as Poetry Ireland, which I mentioned earlier, and Children's Books Ireland would be another. Poetry Ireland runs a journal and it has an Irish-language editor, and there is no way of breaking that funding apart to say this part is the English-language part and that part is the Irish-language part. This work is core to what it does. In the strategy we are trying to set out a number of different ways in which we will try to do this. In respect of those organisations which are national - stop me if I am repeating what the Deputy has heard already - and have a resource remit, we are looking for minimum and best practice standards from them.

For organisations within our strategic funding programme, we have higher expectations as to what they are doing around a variety of areas. If this relates to a literature organisation, we would expect that it would be working through the Irish language also unless there is some sort of compelling reason as to why-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, ach chuala mé é sin nuair a tháinig mé isteach-----

Ms Sarah Bannan:

My apologies.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----maidir leis an chuid dheiridh i dtaobh caighdeáin bhunúsacha a leagan síos. An é seo an chéad uair a bhfuil an chomhairle ag caint faoi chaighdeáin bhunúsacha a leagan síos?

Ms Sarah Bannan:

No, this is not the first time. This is ongoing and speaks a little about what I mean in respect of the strategy. We have always had a literature strategy, a literature officer and have had responsibility for Irish-language literature. We have been working in this way according to a broader strategy for as long as the Arts Council has been around. This policy is giving specific attention to it and is trying to name some of the things we have been doing for some time to give us more direction and greater clarity around that. These are conversations, particularly with the strategically funded organisations, that we have with them all the time and are organisations that have made great strides in the work they are doing in the Irish language.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maith dom é má táim beagáinín gonta ach táimid faoi shrianta ama i gcónaí. Dé ghnáth - ní ag labhairt faoin gcomhairle atáim anseo - ach tá an t-uafás cloiste againn faoi pholasaí, faoi bheartas agus faoi rudaí ar an talamh ach tá géarchéim fós ann ó thaobh na Gaeilge de agus táim bréan ag rá an rud ceannann céanna. Táim ag iarraidh an ghéarchéim sin a aithint agus rudaí nó beart a dhéanamh mar go bhfuil gá leis sin. Ag labhairt faoi “conversation”, tá deireadh le conversation i ndáiríre agus tá gá le cuspóirí, le hiad a bhaint amach agus go mbeimid in ann iad a thomhas faoi chritéir éagsúla.

Chun críoch a chur le m’óráid, luafaidh mé dhá rud go sciobtha. Maidir leis na heagraíochtaí atá luaite anseo. b'fhéidir go bhfuil roinnt díobh nach bhfuil ag cur na Gaeilge chun cinn, a bheag nó a mhór. An bhfuil na heagraíochtaí uile leagtha amach don choiste de bharr go bhfuil an Ghaeilge á húsáid agus á chur chun cinn acu?

Ms Sarah Bannan:

The list we have provided is a complement of who we have funded in 2022 in literature in the Arts Council to date. I have tried to indicate such organisations in as far as we can.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas-----

Ms Sarah Bannan:

Something which I have not mentioned and about which the committee should be aware is that, since 2006, when the Arts Council began its approach of having art form advisers, we have had a dedicated Irish-language literature adviser to the Arts Council. I want to say 2006 but it may in fact predate that. I am in this role since 2007. We have an Irish-language literature adviser who changes every three to five years and we get specific advice in this area. I hear what the Deputy is saying about conversations but we probably have robust discussions with organisations on foot of their funding decisions. We have funding agreements with organisations. The Irish-language literature adviser and I attend these meetings together and discuss how organisations are doing. On many occasions encouragement is what it is all about.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin. Níl mé ag déanamh beag is fiú as daoine a spreagadh agus as a bheith ag obair as lámha a chéile. Ní hé sin atá i gceist agam. Táim ag labhairt faoin ngá práinneach le critéir agus le cuspóirí, agus iad a bhaint amach laistigh d'achar ama bunaithe ar anailís. Ag filleadh arís air, tá gá le taighde anseo agus le haitheantas freisin. Táim beagnach críochnaithe ach maidir leis an liosta sin, is liosta ginearálta é. An bhfuil an chomhairle ag labhairt faoin méid de na heagraíochtaí sin atá ag cur na Gaeilge chun cinn nó atá bainteach leis an nGaeilge? An mbeadh an chomhairle in ann na figiúirí a thabhairt dom, nó teacht ar ais chugam leo, lena rá go sonrach leis an gcoiste líon na n-eagraíochtaí sin atá dírithe isteach ar an nGaeilge? Cad iad na critéir agus cén saghas monatóireachta agus aisfhreagra atá i gceist leo ionas go mbeidh an chomhairle in ann a chinntiú go bhfuil sé sin á dhéanamh acu?

Ansin, tá an tionscnamh bronnta leabhar anseo thar a bheith suimiúil. Tá dearmad déanta agam ar an méid bunscoileanna atá sa tír. Is dóigh liom go bhfuil 3,000 díobh ann ach is figiúr 1,125 atá luaite anseo. Maidir leis na sonraí faoin scéim dhearfa sin, cén chaoi ar piocadh na scoileanna sin nó ar phioc na scoileanna iad féin? An bhfuil siad sa Ghaeltacht, taobh amuigh den Ghaeltacht nó an bhfuil meascán ann? Arís, cén saghas monatóireachta atá ar siúl chun an scéim sin a leathnú amach nó a shrianadh, nó cibé cén rud atá ag teastáil?

Ms Sarah Bannan:

I will answer the second question first. The Bosca Leabharlainne is part of the Arts Council initiative of Laureate na nÓg which is run on our behalf by Children's Books Ireland and is generously supported by Foras na Gaeilge as well as by ourselves in the Arts Council. We support the Laureate na n-Óg initiative along with the reading resources which go along with it. The foras paid for the books. It worked very hard with Children's Books Ireland to come up with the funding package around it but it meant that it was not possible to cover the full complement of primary schools. They comprise Gaelscoileanna, schools in Gaeltacht areas and, as I recall, schools from designated disadvantaged areas. There were also those who made expressions of interest and there was an application process for it as well. If the committee would like - I am unsure as to how these things work - to answer the second question, I can provide the committee with very comprehensive material on that. Yes, this project is being evaluated as it goes forward and the ambition is that it would live beyond that time. We can follow up with more detailed information on it as I would not have all of those details to hand.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an freagra sin leis an tionscnamh bronnta leabhar. Tá an cheist eile faoin liosta agus an briseadh síos.

Ms Sarah Bannan:

That is what I am talking about.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal mar bhí míthuiscint ann ar mo thaobh. Cén cheist atá á freagairt ag Sarah Bannan anseo?

Ms Sarah Bannan:

I was referring to the book gifting scheme.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir mé ceist freisin faoi bhriseadh síos ar na heagraíochtaí atá ag fáil airgead ón gcomhairle i dtaca leis an nGaeilge. An bhfuil briseadh síos mar sin le fáil?

Ms Sarah Bannan:

I cannot provide that breakdown in real time, but I can provide it to the committee after the meeting.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin. Is féidir leis an gcomhairle teacht ar ais chugainn leis sin níos déanaí.

Ms Sarah Bannan:

Of course. Absolutely.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Más mian leis na finnéithe tuilleadh sonraí a sholáthar maidir le haon ábhar ar bith, is féidir leo an t-eolas sin a chur ar aghaidh chugainn níos déanaí. Tá an cruinniú seo mar chuid de shraith agus ní bheimid críochnaithe roimh mí an Mheithimh. Ní bheidh an tuarascáil críochnaithe roimh mí Mheán Fómhair nó mí Dheireadh Fómhair. Tá oifigigh de chuid an chomhchoiste ag iarraidh é a chlóscríobh agus muidne ag caint. Glaoim ar an Teachta Ó Cuív atá ag iarraidh cúpla ceist a chur anois.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mise mall ag freastal ar an gcruinniú agus ba mhaith cúpla ceist agam a chur ar Éanna Ó Caollaí. Ar labhair sé leis na hollscoileanna faoi na hintéirneachtaí mar tá a leithéid anseo, mar shampla, in éineacht leis na hollscoileanna? Is iad na hollscoileanna a chuireann na daoine ar fáil agus a bhreathnaíonn amach ar gach uile shórt ruda seachas nuair atá siad anseo go fisiciúil, nuair is ga dúinn na hoifigí a chur ar fáil dóibh. Ar labhraíodh leis na hollscoileanna faoi sin? Ceapaim go mbeadh siad lán-oscailte faoi sin, mar go mbíonn go leor daoine ag teacht chugainn ag lorg a leithéid de thaithí oibre.

Aontaím go hiomlán leis an méid a bhí le rá ag an bhfinné faoin ngá atá le hardchúrsaí i scríobh agus i ngramadach na Gaeilge. Ar labhair sé le Fiontar agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh maidir leo sin a chur ar fáil? Samhlaím go mbeadh na hintéirneachtaí ceangailte leis sin agus go bhféadfadh daoine an cleachtadh a dhéanamh. Níl aon rud níos fearr ná dul agus an taithí oibre a fháil ar an talamh.

Baineann mo cheist dheiridh, mar tá an t-am éirithe gann, leis an méid a bhí á rá ag Éanna Ó Caollaí faoi thaighde socheolaíoch. Ar labhair an nuachtán leis an Roinn nó le Foras na Gaeilge faoi mhaoiniú a chur ar fáil chuige sin? Tá a fhios agam féin nuair a bhí an tAthair Micheál Mac Gréil ag déanamh staidéar ar chúrsaí pobail agus cúrsaí socheolaíochta go ginearálta in Éirinn, go bhfuair sé airgead ó Roinn na Gaeltachta le haghaidh na caibidle Gaeilge agus fuair sé airgead ón Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí le haghaidh na caibidle ar an Lucht Taistil. Tá fasaigh ann, agus i gcónaí nuair atáthar ag plé leis an Stát, nuair a deirtear nach féidir rud a dhéanamh, is deas an rud fasach a bheith ann. Arís ar ais, ar labhraíodh leis an Roinn nó le Foras na Gaeilge? Feictear domsa go luíonn sé le réasún dá mhéad eolais atá ag duine, is mó atá an duine sin in ann díriú ar an margadh. Is é sin mo chuid.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Maidir leis na hintéirneachtaí, tá scéim intéirneachta ag The Irish Timesagus tá sé oscailte do pé céimí nó lucht ollscoile gur mian leo cur isteach uirthi. Tá a fhios agam go bhfostaítear go rialta gach uile bhliain nó dara bliain sciar daoine i ngach uile roinn den nuachtán, ón roinn iriseoireachta go dtí an taobh gnó den nuachtán freisin. Bheinn lánsásta labhairt leis na hollscoileanna maidir leis sin dá mba rud é go raibh-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sa chás seo, bhí a leithéid ar bun anseo san Oireachtas. Bhíodh intéirneachtaí ar siúl, go mór mór le daoine a bhíodh ag teacht ó ollscoileanna thar sáile. Is é an rud a d'athraigh gach rud ar an dá thaobh ná gur thosaigh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, maidir leis na cúrsaí a bhí aige siúd, ag cur daoine isteach le Gaeilge le hobair a dhéanamh le Teachtaí Dála a bhíonn Gaeilge á húsáid acu gach uile lá. Tá sé le tuiscint ó Éanna Ó Caollaí nár labhraíodh le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi dhaoine a chur isteach go sonrach in The Irish Times, mar shampla, le bheith ag plé le hiriseoir sa Ghaeilge go heisiach seachas i gcodanna eile den pháipéar go taismeach. D'fhéadfadh an nuachtán Gaeilgeoir a fháil áit ar bith, ach táim ag caint faoi intéirneachtaí a bheadh dírithe ar iriseoir Gaeilge. Ba cheart socrú a dhéanamh leis an acadamh. Tá cúrsa cumarsáide acu atá dírithe ar chéimithe cumarsáide a chur ar fáil le scileanna faoi leith. D'fhéadfadh cuid acu cur isteach ar TG4 agus ar áiteanna eile freisin.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Níor labhraíomar go sonrach le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh go sonrach. Tá an ceart ag an Teachta faoi sin. Táim cinnte go mbeadh suim againn labhairt leis freisin. Níor labhraíomar le haon dream amháin ach leo uile. Bheinn sásta labhairt le pé dream díobh, ar ndóigh.

Maidir leis an gceist a bhí ag an Teachta faoin taighde, níor labhraíomar leis an Roinn nó le Foras na Gaeilge faoi mhaoiniú ach bheimis sásta é sin a dhéanamh dá mbeadh sé ar fáil, ar ndóigh. Tá gá leis an moladh a bhí agam san aighneacht, le linn dom a bheith ag smaoineamh ar an tuarascáil atá i gceist ag an gcoiste a scríobh, a labhair an Cathaoirleach faoi ansin nóiméad ó shin, le tuiscint mhaith a fháil ar nósanna léitheoireachta na hóige, na suimeanna atá acu agus cén uair a thagann deireadh leis an nós sin nó an dtagann deireadh leis. Tá an chosúlacht ann domsa ar a laghad go dtagann deireadh leis sna 20idí nuair a thagann deireadh leis an oideachas tríú leibhéal. Tá daoine ann agus leanfaidh siad leis an teanga mar go bhfuil suim ar leith acu inti. Tá dream eile ann freisin, ámh, agus b'fhéidir go bhfuil suim acu ann ach nach mbíonn an deis acu í a labhairt go laethúil nó ar bhonn rialta ar chor ar bith.

An bhfuil rudaí gur féidir linn a dhéanamh leis an teanga a chur os a gcomhair siúd? Is cinnte gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh sin de.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag deireadh an lae, beimid ag cur tuarascála ar fáil agus beidh moltaí ann. Beidh sé úsáideach fios a bheith againn céard atá déanta agus céard nach bhfuil déanta. Beidh mise ag moladh go láidir go mbeadh moladh ann go ndéanfar taighde go neamhspleách ar gach uile iris agus go ndéanfadh an Stát é mhaoiniú, ach dream éigin a fháil a bhí cáilithe leis an gcineál sin staidéir a dhéanamh.

Ag dul ar ais ag uimhir 1 agus uimhir 2, glacaim leis go bhfuil Éanna Ó Caollaí ag moladh go mbeadh airgead Stáit curtha ar fáil mar chuspóir ag an Stát, mar a deir sé. Tá a lán bealach ag an Stát le cuspóirí a bhaint amach. Níl uimhir 1 i gceist anseo, is é an dlí a leagan síos. Is é an bealach eile ná daoine a mhealladh le hairgead. Glacaim leis gur uimhir 2 atá i gceist ag Éanna Ó Caollaí.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Is ea. Cuirtear airgead ar fáil tríd an gceadúnas agus cuirtear airgead maoinithe ar fáil do na meáin Ghaeilge. Ní hé sin atá i gceist againn anseo i ndáiríre ach go bhféadfaí creat a chur ar bun le tacaíocht ón Stát chun an iriseoireacht Ghaeilge a chur chun cinn i measc na nuachtán go ginearálta. Is é sin atá i gceist againn anseo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil i gceist go mbeadh airgead taobh thiar den chreat?

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Is é sin a bheadh i gceist le tacaíocht ón Stát i ndáiríre.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní fheicim, chun bheith fírinneach, fiú nuair atá maoiniú Stáit ann, go gcuireann sé isteach nó amach ar chúrsaí eagarthóireachta ó lá go lá.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

Tá sé sin tábhachtach nach gcuirfeadh. Tá neamhspleáchas iontach tábhachtach. Más rud é go bhfuil sé mar chuspóir againn sciar níos mó de na daoine a chur ag léamh trí Ghaeilge, is gá ábhar i nGaeilge a chur os a gcomhair amach.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud amháin eile deireanach air sin, tá deis amháin eile againn anseo in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 oiread áirithe fógraí a chur in irisí Gaeilge. Beidh sé sin ar leataobh do na hirisí atá ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge, agus ansin tá fógraíocht go ginearálta ann. An bhféadfaí breathnú ar an bhfógraíocht a chur i dtreo an dream atá sásta foilsiú i nGaeilge?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luamar é sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh mise ann do na cruinnithe uile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam. Is téama é atá ag an Teachta Ó Cuív thar na blianta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

No free lunches.

Mr. Éanna Ó Caollaí:

B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Teachta. Is ceist í sin. Tá a fhios agam go bhfuil an 5% sin le cur ar leataobh, ach arís is fiú béim a chur ar an neamhspleáchas agus nach féidir nasc ar bith a bheith idir chúrsaí eagarthóireachta agus fógraíochta. Níl sé sin ann riamh agus ní fheictear go mbeadh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá difríocht idir chúrsaí eagarthóireachta agus chúrsaí teanga. Is féidir an rogha rud a scríobh. Is é an t-aon rud a cheapaim go minic ná go bhfaighfí away le rudaí i bhfad níos conspóidí a rá i nGaeilge. Is cinnte i dTithe an Oireachtais go bhféadfaí rudaí fíorchonspóideacha a rá i nGaeilge a fhad agus a déarfaí i nGaeilge iad.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor tharla sé sin riamh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fágfaimid é sin mar atá sé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon cheist eile?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mise críochnaithe.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht anseo inniu. Comhrá spéisiúil ab ea é. Cuireann an t-eolas, na tuairimí agus na moltaí atá tugtha ag na finnéithe dúinn inniu leis an méid atá againn cheana féin. Beidh daoine eile os ár gcomhair. Beimid ag úsáid an méid atá faighte againn ó na finnéithe agus ó dhaoine eile a bhí roimh an choiste chun na daoine eile sin a cheistiú.

Tá clabhsúr leis an díospóireacht. Níl aon ghnó eile le plé. Tá sé i gceist go mbeidh an chéad cruinniú eile den chomhchoiste ar 1.30 p.m. ar an 4 Bealtaine, nuair a phléifear spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge le hionadaithe ó Cló Ollscoile Chorcaí agus le hionadaithe ó eagraíocht dhíolachán leabhar litríochta.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.15 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 18 Bealtaine 2022.