Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Ó Cuív. Fáiltím roimh na comhaltaí agus na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana ar theilifís an Oireachtais. Tá na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ag bualadh linn inniu, tá Julian de Spáinn, ard-rúnaí, Conradh na Gaeilge; Fiona Uí Uiginn, iarphríomhoide, Coláiste Íosagáin, agus iar-uachtarán Ghaeloideachas; Áine Hyland, ollamh emerita san oideachas, Coláiste na hOllscoile Corcaigh; agus Shane Ó Coinn, an Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge. Tá siad anseo mar ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge.

Is é an dream eile atá anseo ná Siuán Ní Mhaonaigh, stiúrthóir Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG; Aoife Ní Ghloinn, stiúrthóir Lárionad na Gaeilge; agus Aodh Ó Gallchóir, leas-stiúrthóir TEG. Tá siad ar fad ina n-ionadaithe ó Lárionad na Gaeilge - Taighde, Teagasc agus Tástáil, Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad. Tá fáilte rompu ar fad. Beidh dhá ábhar á phlé againn inniu: na sraitheanna sinsearacha T1 agus T2 agus Teastas Eorpach na Gaeilge, agus cúrsaí earcaíochta agus cur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí. Tógfaidh mé an dá ábhar le chéile, i ndíospóireacht amháin, má iarrann siad amhlaidh.

Sula dtosaím, caithfidh mé na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoin faoi bhráid an choiste agus na bhfinnéithe. Meabhraím do chomhaltaí agus d'fhinnéithe agus do bhaill na foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta. Tá rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Tá beirt linn go fíorúil, na Teachtaí Calleary agus Ó Muimhneacháin agus tá an Teachta Ó Muimhneacháin tar éis siúl isteach go fisiciúil chomh maith. Tá sé tar éis an dá thrá a fhreastal. Bhí mise ag féachaint ar an scáileán. Nuair a bheidh comhaltaí ag freastal ar an gcruinniú óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais agus nuair a bheidh finnéithe ag freastal ar chruinniú ar Microsoft Teams, ba chóir dóibh a bhfíseán a bheith ar siúl. Tá sé sin déanta againn go dtí seo. Meabhraím do chomhaltaí a bheith ag freastal ar an gcruinniú ar Microsoft Teams an riachtanas bunreachtúil go mbeidh siad i láthair go fisiciúil laistigh de na purláin. Tá an Teachta Calleary ina oifig. Tá sé imithe ón scáileán ar feadh soicind.

Meabhraím d’fhinnéithe, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, go bhfuil siad faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Má ordaíonn an comhchoiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann leis na himeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tosaigh a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d'fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí ar fhéadfaí iad a aithint. Fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí na ráitis tosaigh a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordaítear dóibh éirí as na ráitis láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach má ghlaoitear orthu.

Ms Fiona Uí Uiginn:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, na Teachtaí, na Seanadóirí agus na daoine uaisle as an deis a thabhairt dúinn teacht i láthair anseo inniu agus labhairt leo faoi dhréachtsonraíochtaí Gaeilge na hardteistiméireachta a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe, CNCM, do chomhairliúchán i mí Feabhra. Tá mé i mo bhall de bhord stiúrtha Ghaeloideachas agus i m'iar-uachtarán na heagraíochta sin agus iar-phríomhoide Choláiste Íosagáin, meánscoil lán-Ghaeilge. In éineacht liom ar an toscaireacht seo inniu tá an tOllamh Áine Hyland, iar-ollamh le hoideachas i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus saineolaí ar chúrsaí curaclaim; Shane Ó Coinn, cathaoirleach ar an nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge agus múinteoir Gaeilge i meánscoil T2, Coláiste Mhuire, Dún Dealgan; agus Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá coiste oideachais á chomhordú ag Conradh na Gaeilge ar a bhfuil ionadaithe ó 14 de na heagraíochtaí a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar chuid dá gcúram. Shocraigh an coiste oideachais seo iarraidh orm féin agus ar an Ollamh Hyland plécháipéis a scríobh ag déanamh mionanailíse ar ábhar na ndréachtsonraíochtaí, ar na príomhúdair atá ag cothú conspóide agus imní i measc múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí ó foilsíodh iad, agus moltaí a dhéanamh bunaithe ar an anailís sin. Tá iarracht déanta againn sa phlécháipéis, a bhfuil cóip di faighte ag na comhaltaí ar fad, soiléiriú a thabhairt ar bhunús na himní sin agus ar na gníomhartha is gá don CNCM, don Roinn Oideachais agus do Choimisiún na Scrúduithe Stáit a ghlacadh le dul i ngleic leis na nithe atá ag cothú na conspóide agus ag cur an chomhairliúcháin dá threoir.

I dtosach báire, rinneamar anailís ar ábhar na ndréachtsonraíochtaí. Tá na sonraíochtaí leagtha amach de réir teimpléid atá ag an CNCM do gach ábhar sa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach. Tá cur síos déanta ar go leor de na heasnaimh a bhaineann leis an leagan amach seo ag geallsealbhóirí éagsúla a labhair os comhair an choiste seo i rith an tsamhraidh: an easpa eolais faoi ábhair atá le múineadh ag na múinteoirí agus le foghlaim ag na daltaí; easpa eolais faoin gcóras measúnaithe; gan páipéir scrúduithe samplacha agus córas marcála a bheith ar fáil; gan cur síos ar an gcaighdeán a mbeifear ag súil leis ag na leibhéil éagsúla; agus gan liosta de na téacsanna agus den litríocht a bheith ar fáil.

Is liosta le háireamh iad na heasnaimh ar fad agus ní gá dúinn dul siar orthu arís inniu.

An dara rud a rinneamar ná féachaint ar na mórcheisteanna córasacha nó sistéamacha atá ag cothú go leor den imní agus den mhíshuaimhneas i measc scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí. Baineann na mórcheisteanna seo le nithe ar nós oiriúnacht an mhúnla T1 agus T2. Ní dhearna an CNCM athbhreithniú ar an múnla nua seo T1 agus T2 ag leibhéal na sraithe sóisearaí sular socraíodh ar shonraíochtaí a dhréachtú don tsraith shinsearach bunaithe ar an múnla céanna. Cuireadh tús leis an gcóras T1 agus T2 sa tsraith shóisearach in 2017 ach níor tharla aon scrúdú bunaithe air fós de bharr na paindéime. Mar is eol don choiste, cuireadh an tsraith shóisearach ar ceal in 2020 agus 2021. Tá sé ráite sa pholasaí don oideachas Gaeltachta nach dtabharfar aon sonraíochtaí nua isteach sa tsraith shinsearach go dtí go mbeidh na sonraíochtaí nua sa tsraith shóisearach “forbartha agus ag obair go maith sna scoileanna”. Ní féidir a rá go bhfuil sé seo ag tarlú fós agus, toisc gur tháinig brú ó gheallsealbhóirí, tá tuarascáil á choimisiúnú ag an CNCM ar chur i bhfeidhm luath T1 agus T2 sa sraith shóisearach. Tá sé sin á dhéanamh faoi láthair, ag an nóiméad deireanach, agus ní bheidh an tuarascáil sin ar fáil go dtí go mbeidh an tréimhse chomhairliúcháin thart. Ba chóir an t-athbhreithniú seo a bheith déanta agus an t-aiseolas curtha ar fáil sular tugadh faoin múnla céanna a úsáid ag an tsraith shinsearach.

Baineann an dara pointe leis an gcúrsa bonnleibhéal. Ní bheidh aon scrúdú ag an mbonnleibhéal ar fáil faoin múnla nua atá molta le T1 agus T2. Is scrúdú tábhachtach atá sa scrúdú bonnleibhéal, a fhreastalaíonn ar riachtanais fhoghlama cohórt daltaí nach bhfuil chomh láidir sa teanga. Tá sé de cheart ag gach dalta sa tír cúrsa a bheith ar fáil dóibh sa Ghaeilge ag leibhéal a oireann dá gcumas agus mura ndéantar an freastal sin ag an mbonnleibhéal, tá baol láidir ann go mbeidh ardú mór ar líon na scoláirí a lorgóidh díolúine ón nGaeilge san ardteistiméireacht.

An tríú pointe ná an rogha idir T1 agus T2. An mbeidh sonraíocht nua T1 roghnach nó an mbeidh sé éigeantach do scoláirí atá ag freastal ar scoileanna T1? Níl freagra na ceiste seo ar fáil sna dréachtsonraíochtaí, cé go bhfuil méid áirithe eolais faoin gceist ar fáil sa pholasaí don oideachas Gaeltachta. Gan eolas cruinn faoin gceist seo, tá an tuairim ag teacht chun cinn sa dioscúrsa poiblí go mbeidh ar scoláirí i scoileanna T1 tabhairt faoi chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí agus nach mbeidh aon chúiteamh ar fáil dóibh as an saothar breise a bhainfidh leis an gcúrsa seo.

An ceathrú pointe ná na bearta maidir le cúrsa T1. Cad iad na bearta a chuirfear ar fáil chun scoláirí a mhealladh le tabhairt faoi scrúdú Gaeilge níos dúshlánaí san ardteistiméireacht, scrúdú atá chomh tábhachtach i saol an scoláire agus a bhfuil an oiread i ngeall leis dóibh? Níl aon eolas sna dréachtsonraíochtaí faoin gceist seo agus arís caithfear brath ar an méid atá ar fáil sa pholasaí don oideachas Gaeltachta. Tá na bearta atá luaite sa pholasaí seo an-teoranta agus ní bheidís tarraingteach do thromlach na scoláirí chun iad a spreagadh le tabhairt faoi shonraíocht T1 dá ndeoin féin, fiú dá mbeadh an cúrsa sin níos feiliúnaí dá riachtanais fhoghlama. Tá scoláirí an-straitéiseach ag leibhéal na hardteistiméireachta. Ní foláir dúinn a bheith réalaíoch faoi seo agus má táthar ag súil go dtabharfaidh siad faoi scrúdú níos dúshlánaí ag an leibhéal seo, caithfear spreagadh i bhfoirm pointí bónais CAO a chur ar fáil dóibh. Inár dtuairim, níor chóir don CNCM na sonraíochtaí seo a bheith foilsithe acu do chomhairliúchán gan freagraí a bheith ar fáil ar na mórcheisteanna córasacha seo mar, in éagmais an eolais seo, tá frustrachas agus imní ag fás agus tá an comhairliúchán a chur dá threoir.

An cúigiú pointe ná comhtháthú le polasaithe Stáit i leith na Gaeilge. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcuraclam Gaeilge i scoileanna na tíre mar thacaíocht do pholasaithe eile an Stáit i leith na teanga. Tá sé seo leagtha amach go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2020-2030 nuair a deirtear:

Tá an córas oideachais ar cheann de na príomh-mhodhanna chun an cumas teanga a bhfuil an Straitéis 20 Bliain bunaithe air a chothú. Sa scolaíocht fhoirmiúil, tá an Stát ábalta cuidiú go gníomhach le cumas teanga ár ndaoine a fhorbairt. Is sprioc lárnach é mar sin go n-éireodh leis na húdaráis oideachais fócas náisiúnta níos córasaí agus níos dlúithe a bhaint amach ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge.

Tá sé fíorthábhachtach mar sin go mbeidh na húdaráis oideachais, an CNCM, an Roinn Oideachais agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag cur spriocanna na bpolasaithe Stáit eile san áireamh ar bhealach córasach agus forbairtí á ndearadh acu d’fhoghlaim agus do mhúineadh na Gaeilge. Ní léir dúinn faoi láthair go bhfuil an comhtháthú sin le polasaithe eile an Stáit ag tarlú go córasach agus dá bhrí sin tá míréir ann in áiteanna idir na polasaithe Stáit agus codanna de na dréachtsonraíochtaí. Mar shampla moltar sa straitéis 20 bliain nasc tairbhiúil a dhéanamh leis an bhFráma Tagartha Eorpach do Theangacha, FTCE, ar mhaithe le caighdeán teanga agus cumarsáide a leagan síos. I mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, deirtear go mbeidh aitheantas á thabhairt don fhráma tagartha seo i bpróiseas earcaíochta na hearnála poiblí amach anseo. Dá réir sin, ba chóir go mbeadh na sonraíochtaí ag leibhéal na sraithe sinsearaí ailínithe ar bhealach trédhearcach leis an bhfráma tagartha ionas go mbeidh comhleanúnachas ann idir na caighdeáin sa chóras oideachais trí chéile agus polasaithe earcaíochta an Stáit.

Bunaithe ar an eolas seo agus an méid atá sa phlécháipéis, tá sé soiléir nach féidir leis na dréachtsonraíochtaí ardteistiméireachta, mar atá siad leagtha amach faoi láthair, freastal go sásúil ar riachtanais na scoláirí ar fad agus gur gá féachaint ar an bhfráma T1 agus T2 arís agus ceist a chur faoina oiriúnacht don tsraith shinsearach. Is cinnte go bhfuil gá le sonraíochtaí ar leith le freastal ar riachtanais éagsúla scoláirí. Níl an status quosásúil mar nach bhfuil freastal á dhéanamh ar riachtanais na gcainteoirí dúchais ná cainteoirí cumasacha Gaeilge. Tá deis ann anois, leis na sonraíochtaí nua, dul i ngleic leis an gceist seo agus sonraíochtaí a dhearadh atá in oiriúint do na spriocghrúpaí éagsúla ar fad den chéad uair. Chuige seo, caithfear fráma nó múnla eile a cheapadh do na sonraíochtaí seachas T1 agus T2. Dar liom féin agus an tOllamh Hyland, tá dhá bhealach ann leis seo a dhéanamh.

Rogha a haon ná sonraíochtaí nua a chur ar fáil ag ceithre leibhéal. Ba chóir bonnleibhéal a thabhairt ar ais agus gnáthleibhéal a bheith ar fáil, chomh maith le hardleibhéal agus sárleibhéal – cúrsa nua a bheadh dírithe ar ardchaighdeán i labhairt agus scríobh na teanga, mar aon le heolas ar ghnéithe de shaíocht, litríocht agus de shaol na Gaeilge. Cad iad na buntáistí a bheadh ag baint leis an rogha seo? Bheadh sé oscailte do scoláirí i scoileanna T1 agus T2 tabhairt faoin tsonraíocht sárleibhéal, sonraíocht a d’fhreastalódh i gceart ar riachtanais fhoghlama cohórt daltaí nach bhfuil freastal ceart déanta orthu ag leibhéal na sraithe sinsearaí go dtí seo. Chinnteodh sé go mbeadh freastal á dhéanamh ar an gcohórt daltaí sin go bhfuil bonnleibhéal níos oiriúnaí dá riachtanais fhoghlama. D’fhéadfaí na leibhéil éagsúla a cheangal ar bhealach trédhearcach leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, rud a chinnteodh go mbeadh na sonraíochtaí nua seo ailínithe le polasaithe eile an Rialtais don teanga. Bheadh líon áirithe pointí breise CAO ar fáil dóibh siúd a roghnódh an scrúdú sárleibhéal mar chúiteamh as an obair bhreise a bheadh ag dul leis an tsonraíocht seo, rud atá ar fáil don ardleibhéal mata i láthair na huaire.

Rogha a dó ná sonraíochtaí nua a chur ar fáil ag na trí leibhéal atá againn faoi láthair, sé sin, bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal, agus ábhar nua a fhorbairt ar a dtugtar "Saíocht agus Litríocht na Gaeilge". Bheadh sé seo ar fáil do chohórt daltaí a mbeadh spéis acu tabhairt faoi ar an múnla seo. Bheadh sé sin mar an gcéanna leis na cúrsa mata agus mata fheidhmeach atá ar fáil faoi láthair do scoláirí. Cad iad na buntáistí a bhainfeadh le rogha a dó? Arís, bheadh rogha ag daltaí i scoileanna T1 tabhairt faoin ábhar dá mba mhian leo agus bheadh sé oscailte do scoláirí i scoileanna T2 tabhairt faoi freisin. Tá difríocht idir sárleibhéal agus saíocht agus litríocht na Gaeilge. Is leibhéal breise atá i gceann acu ach sa rogha seo is ábhar breise atá i gceist. Chinnteodh an rogha seo go mbeadh bonnleibhéal ar fáil, bheadh sé ceangailte leis an bhfráma tagartha agus bheadh pointí bónais CAO ag dul leis an ábhar seo ar an mbealach céanna le mata agus mata fheidhmeach. Le hachoimre a dhéanamh, is éard atá i rogha a haon ná leibhéal breise agus i rogha a dó ná ábhar breise, ar an múnla céanna le mata agus mata fheidhmeach.

Is scrúdú fíorthábhachtach i saol an scoláire an ardteistiméireacht agus mar is eol dúinn ar fad, tá an oiread i ngeall leis.

Ní ceart athrú chomh mór leis an gceann atá beartaithe sna dréachtsonraíochtaí seo a dhéanamh in aon ábhar ag an leibhéal seo, go háirithe sa Ghaeilge, ábhar a bhfuil tábhacht níos leithne ag baint leis, gan na himpleachtaí a mheas go cúramach.

An chomhairle a bheadh againne ag an bpointe seo ná go gcuirfidh an CNCM aon chinneadh faoi shonraíocht nua don Ghaeilge sa tsraith shinsearach ar leataobh go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar an tsraith shóisearach déanta agus torthaí an athbhreithnithe curtha ar fáil. Nuair a bheidh sé sin déanta, iarraimid ar comhaltaí an choiste, polaiteoirí ar spéis leo todhchaí na teanga, a chinntiú go gcuireann an CNCM, an Roinn Oideachais agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit na moltaí atá déanta againn sa phlécháipéis san áireamh agus go ndéantar fráma nua a dhearadh don Ghaeilge ag leibhéal na sraithe sinsearaí, fráma a fhreastalóidh i gceart, den chéad uair, ar riachtanais foghlama na scoláirí uile sa tír.

Tá a fhios againn go bhfuil spéis faoi leith ag an gcomhchoiste san ábhar seo agus ba mhaith linn é a mholadh as na héisteachtaí atá tugtha aige go dtí seo don ábhar. Tá súil againn go mbeidh sé sásta gníomhú anois agus na moltaí atá sa phlécháipéis a chur san áireamh san aighneacht a chuirfidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chuig an CNCM roimh an 30 Samhain. Gabhaim míle buíochas as an éisteacht inniu agus tá an ceathrar againn anois ar fáil chun aon cheisteanna atá ag baill an chomhchoiste a fhreagairt.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Uasal Uí Uiginn. Sula mbogaimid ar aghaidh go dtí Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, aithním go bhfuil an Seanadóir Ó Donnghaile ar líne anois agus an Teachta O'Dowd chomh maith céanna. Glaofaidh mé ar an Uasal Ní Mhaonaigh, ar an Uasal Ní Ghloinn nó ar an Uasal Ó Gallchóir anois. Rachaidh an tUasal Ní Ghloinn ar aghaidh mar sin.

Ms Aoife Ní Ghloinn:

Thar ceann Lárionad na Gaeilge, gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus baill an chomhchoiste as an deis seo labhairt leo inniu ar Theastas Eorpach na Gaeilge, nó TEG, mar is fearr aithne air, agus ar an ról a d’fhéadfadh a bheith aige i gcúrsaí earcaíochta agus i gcur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí. Is mise stiúrthóir Lárionad na Gaeilge agus anseo i mo theannta inniu tá beirt chomhghleacaithe liom: Siuán Ní Mhaonaigh, stiúrthóir TEG, agus Aodh Ó Gallchóir, leas-stiúrthóir TEG. Is í an tUasal Ní Mhaonaigh a thabharfaidh an phríomhchaint inniu ar chóras TEG, ach ar mhaithe leis an obair sin a chur i gcomhthéacs, tabharfaidh mise beagán cúlra don chomhchoiste ar dtús maidir le Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil.

Is sain-aonad é Lárionad na Gaeilge, atá mar chuid de scoil an léinn Cheiltigh in Ollscoil Mhá Nuad, ach mar a léiríonn teideal oifigiúil an ionaid, díríonn muid ar thrí shainréimse oibre, is iad sin, teagasc na Gaeilge; an tástáil teanga, go háirithe; agus ansin an taighde sa dá réimse sin.

Tá dhá phríomhaidhm ag Lárionad na Gaeilge agus ag an obair ar fad a bhíonn ar siúl againn Is é an chéad cheann ná freastal ar na riachtanais is mó a bhaineann le teagasc, foghlaim agus measúnú na Gaeilge, ní hamháin i measc phobal na hollscoile féin ach ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta chomh maith. Déanann muid iarracht, mar sin, bearnaí sa soláthar reatha a aithint agus a líonadh. Mar shampla, tá sainchúrsaí oiliúna curtha ar fáil againn san aistriúchán agus eagarthóireacht, agus i múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta, chomh maith le hacmhainní ar nós Vifax, is iad sin acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí Gaeilge. Is é sin an chéad aidhm atá againn, freastal ar na riachtanais sin.

Is é an dara haidhm atá againn i Lárionad na Gaeilge ná an taighde agus an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus an nuálaíocht i múineadh agus i measúnú na Gaeilge a chur chun cinn. Chuige sin, is é an bunphrionsabal a bhaineann leis an obair ar fad a bhíonn ar siúl againn ná go mbíonn sé bunaithe ar an taighde agus ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Tá an dá aidhm sin le feiceáil go soiléir sa togra is mó atá againn; is é sin Teastas Eorpach na Gaeilge nó TEG. Is córas scrúdaithe agus teastasaithe é seo atá bunaithe ar chóras idirnáisiúnta, an córas atá luaite ag an Uasal Uí Uiginn cheana féin, an Fráma Tagartha Comónta Eorpach, agus tá na scrúduithe agus an córas seo in úsáid cheana féin in institiúidí agus ag eagraíochtaí éagsúla go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar shlat tomhais neamhspleách, bailí agus iontaofa ar an inniúlacht teanga sa Ghaeilge.

Labhróidh an tUasal Ní Mhaonaigh anois faoin mbealach a bhféadfaí TEG, an córas seo, a úsáid le tacú le cúrsaí earcaíochta agus le cur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí.

Ms Siuán Ní Mhaonaigh:

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ní Ghloinn agus leis an gCathaoirleach. Ceann de phríomhchuspóirí na hathruithe atá á mbeartú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná méadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeilge. Le tacú leis an aidhm sin, tá sé molta go mbeidh 20% de na hearcaithe úra sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge. Chun go mbeidh rath air seo tá sé iontach tábhachtach go mbeidh córas caighdeánach, trédhearcach atá bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta leagtha síos.

Faoi láthair, nuair a bhíonn ceist na hearcaíochta san earnáil phoiblí á plé, bíonn easpa soiléireachta ann maidir le cad é atá i gceist le "cumas" nó "inniúlacht" sa Ghaeilge. I measc na riachtanas is minice a fheictear i bhfógraí poist, bíonn na lipéid seo: cumas maith sa Ghaeilge, Gaeilge mhaith idir labhairt agus scríobh, nó ardscileanna Gaeilge agus líofacht sa Ghaeilge. Tá na lipéid sin feicthe againn ar fad, is dóigh liom.

Ní léir go bhfuil aon sainiú ceart déanta ar cad atá i gceist leis na lipéid seo, agus dá bharr sin, ní hionann an tuiscint a bhíonn ag aon bheirt ar a bhfuil i gceist leo. Dar le duine amháin, b’fhéidir, gurb ionann "líofacht" agus sruth breá cainte. Dar le duine eile, b’fhéidir, gur cruinneas gramadaí atá i gceist. Bíonn na páirtithe leasmhara ar fad thíos leis an doiléireacht seo, an t-iarrthóir atá ag cur isteach ar an bpost chomh maith leis an té atá i mbun earcaíochta. Ar ndóigh, tá leithcheal á dhéanamh ar phobal na Gaeilge chomh maith, pobal atá ag súil le seirbhís mhaith a fháil trí mheán na Gaeilge agus atá i dteideal an tseirbhís sin a fháil.

Tá deacrachtaí leis an gcur chuige reatha aitheanta ag Shirley Comerford, príomh-oifigeach feidhmiúcháin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí chomh maith. Tá sé ráite aicise go bhfuil fadhb mhór ann i gcás daoine a tharraingíonn siar iarratais nuair a thuigtear dóibh go mbeidh triail Ghaeilge le déanamh mar chuid den phróiseas iontrála. Dúirt sise:

It’s been our experience that many of the candidates tick the box that indicates that they wish to apply for the Irish language stream but when we make contact with them, they don’t have the fluency or indeed they don’t wish to proceed with that element of the competition.

Tá dhá ghrúpa eile a d’fhéadfaí a mhealladh i dtreo fostaíochta san earnáil phoiblí ach an t-eolas cuí a bheith ar fáil faoi na riachtanais teanga. Is é an chéad ghrúpa ná foghlaimeoirí ar mhaith leo sprioc chinnte a bheith acu agus iad ag cur lena scileanna teanga. Faoi láthair, níl aon treoir chinnte ar fáil don ghrúpa seo maidir leis na scileanna ar cheart dóibh díriú orthu nó an leibhéal cumais ba cheart a bheith mar sprioc acu agus iad ag lorg fostaíochta san earnáil phoiblí. Is é an dara grúpa ná cainteoirí dúchais agus úsáideoirí cumasacha eile. B’fhusa iad a mhealladh le cur isteach ar phoist dá mbeadh sainiú ceart déanta ar na riachtanais teanga agus dá mbeadh siad in ann dearbhú neamhspleách a fháil a léireodh an cumas atá acu sa teanga cheana féin.

Agus leasuithe á mbeartú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla anois, tá an deis ann anois bonn ceart a chur faoin obair agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá luaite agam. Is gá dúinn a chinntiú go bhfuil na tuiscintí céanna ag na páirtithe leasmhara ar fad maidir le cad é atá i gceist le caighdeáin agus leibhéil éagsúla cumais sa Ghaeilge. Gan chur chuige comónta, cad é mar is féidir na caighdeáin atá á lorg againn a aithint, a shainmhíniú agus a éileamh agus caighdeán sásúil seirbhíse trí Ghaeilge a chinntiú?

Mar a luaigh an tUasal Ní Ghloinn ansin, is é an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, FTCE, a d'fhoilsigh Comhairle na hEorpa in 2001 agus lenar foilsíodh imleabhar eile an bhliain seo caite, a luaitear mar shlat tomhais i bhformhór na dtíortha sin ina leagtar síos spriocanna teanga den chineál atá beartaithe san earnáil phoiblí anseo.

Tá dúshraith eolaíoch sa fhráma tagartha atá bunaithe ar thaighde na mblianta. Tugtar mionchur síos ann ar na rudaí ba cheart d’úsáideoirí teanga a bheith in ann a dhéanamh sna scileanna éagsúla ag sé leibhéal cumais. Tá sé leibhéal ghinearálta aitheanta ann, agus tugtar sainmhíniú ar gach ceann de na leibhéil sin ionas go mbeadh tuairim mhaith ag foghlaimeoirí, fostóirí, lucht oideachais agus lucht déanta beartas ar fud an domhain ar cad é atá i gceist leis na leibhéil, bíodh siad sin A2 sa Fhraincis, B1 sa Spáinnis nó C1 sa Ghaeilge. Níl an fráma tagartha dírithe ar aon teanga faoi leith; is cáipéis ghinearálta atá i gceist. Tá gné na solúbthachta ar cheann de na buanna is mó atá aige. Is féidir, agus is gá, an t-eolas atá ann a chur in oiriúint do cibé comhthéacs teanga ina bhfuiltear ag feidhmiú. Is féidir é a chur in oiriúint don réimse oibre, do chomhthéacs na scoile, do dhaoine óga, d’fhoghlaimeoirí fásta agus d’úsáideoirí eile.

Má tá leas le baint as an fhráma tagartha Eorpach chun sainiú a dhéanamh ar inniúlacht nó cumas Gaeilge, is gá anailís a dhéanamh ar na riachtanais teanga atá ag fostaithe le go mbeidh siad in ann seirbhís shásúil a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna éagsúla. Tá roinnt rudaí a mbíonn tionchar acu ar an leibhéal cumais a theastaíonn ó fhostaithe. Ina measc siúd tá na ceisteanna seo a leanas. Cé leis a mbeidh an fostaí ag plé? Cad iad na scileanna cumarsáide a bheidh de dhíth orthu? Cén cineál ábhair a bheidh á bplé acu? Cén seans atá ann go dtiocfaidh rudaí gan choinne chun cinn? An bhféadfaí go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ag baint le botún a dhéantar de bharr míthuiscintí cumarsáide idir fostaithe agus na daoine lena bhfuil siad ag plé?

Tá an t-eolas atá sa fhráma tagartha in ann cabhrú linn sainiú a dhéanamh ar na riachtanais sin. Aithnítear leibhéal B2 go forleathan ar fud na cruinne mar an t-íosleibhéal atá de dhíth ar dhaoine i dteanga chun a gcuid oibre a dhéanamh go sásúil trí mheán na teanga sin. Bíodh sin mar atá, tá riachtanais agus scileanna éagsúla de dhíth i róil agus i gcomhthéacsanna éagsúla. D’fhéadfadh duine atá ag leibhéal B1 ard, mar shampla, déileáil le fiosrúchán bunúsach ar an ghuthán nó teachtaireacht shimplí a thógáil. B’fhéidir gur leor é sin i róil nó i gcomhthéacsanna áirithe. É sin ráite, ní bheadh na scileanna teanga ag an duine sin a bhíonn riachtanach le haghaidh cuid mhór cúraimí eile a láimhseáil trí Ghaeilge, mar shampla, déileáil le comhrá casta nó achrannach le duine den phobal, miontuairiscí a scríobh, comhfhreagras scríofa a láimhseáil agus mar sin de. I mbeagán focal, bheadh an baol ann, mura mbeadh ach leibhéal B1 ag an fhostaí, go dteipfeadh ar an chumarsáid agus nach bhféadfadh sé nó sí seirbhís shásúil agus leanúnach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Agus córas á cheapadh don earcaíocht san earnáil phoiblí, ba chóir go mbeadh leibhéal B1 ard go dtí C1 in úsáid agus go mbeadh cur síos ann ar na cineálacha cúraimí a d’fhéadfadh oibrithe tabhairt fúthu, ag brath ar a leibhéal inniúlachta. Ní fhéadfaí, mar shampla, seirbhís shásúil a chur ar fáil mura mbeadh ach leibhéal B1 ag an fhoireann uilig mar nach bhféadfadh na daoine sin ach réimse iontach teoranta tascanna a láimhseáil go sásúil trí Ghaeilge.

Ar an dul síos céanna, thabharfadh an fráma tagartha seo tuiscint do Ranna ar fud na hearnála poiblí ar phróifíl na foirne ó thaobh na teanga de. Le dearbhú neamhspleách ar chumas na bhfostaithe de réir an fhráma tagartha Eorpaigh, d’fhéadfaí a rá go cinnte cad iad na tascanna a mbeadh na baill fhoirne in ann chucu agus cad iad na seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil trí Ghaeilge dá réir. Gan fráma tagartha ná dearbhú ceart inniúlachta, tá baol ollmhór ann go leagfaí cúraimí thar a gcumas teanga ar dhaoine agus go gcuirfí seirbhís mhíshásúil ar fáil dá réir. Tugtar achoimre san aguisín atá leis an aighneacht scríofa ar chuid de na rudaí a d’fhéadfadh daoine a dhéanamh i gcomhthéacs an státchórais ag na leibhéil éagsúla chumais ó B1 go C1. Is féidir leis na baill breathnú air sin ar a gcaoithiúlacht.

Chun go mbeadh rath ar cibé cur chuige a úsáidfear le riachtanais teanga san earnáil phoiblí a chinntiú, tá tábhacht nach beag le córas measúnaithe atá bunaithe ar an fhráma tagartha comónta a bheith in úsáid. Is é Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, an t-aon chóras dá leithéid d’fhoghlaimeoirí agus d’úsáideoirí Gaeilge atá ag lorg deimhniú neamhspleách ar an leibhéal cumais atá acu.

Mar chuid de chóras TEG, tá forbairt déanta ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ar shiollabais agus ar scrúduithe ag cúig leibhéal cumais atá ag teacht le leibhéil A1 go dtí C1 den fhráma tagartha. Tá na hábhair go léir a bhaineann leis an chóras sin - na siollabais, scrúduithe samplacha, tuairiscí agus araile - ar fáil go poiblí agus saor in aisce ar shuíomh TEG. Ba chóir cibé córas atá le cur i bhfeidhm don earnáil phoiblí a bhunú ar chur chuige an fhráma tagartha Eorpaigh agus ar chóras measúnaithe TEG. Chinnteodh sé seo go mbeadh caighdeáin chomónta teanga ar fud na seirbhíse poiblí a bheadh ag teacht leis na caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta. Lena chois sin, chinnteodh sé go mbeadh na caighdeáin chuí á n-éileamh agus á gcur ar fáil maidir le seirbhísí Gaeilge.

Roinnfidh mé anois roinnt bheag eolais maidir le cuid de na gnéithe is lárnaí de chóras TEG. Mar a luaigh mé níos luaithe, tá scrúduithe agus siollabais againn ag cúig leibhéal ó leibhéal A1 go dtí leibhéal C1. Tá solúbthacht ag baint leis an chóras sa mhéid is gur féidir le daoine tabhairt faoi lánchreidiúint, is é sin na scileanna ar fad a dhéanamh, nó teastas a fháil sa pháirtchreidiúint, is é sin an scrúdú cainte amháin. Chomh maith leis sin, tá grádbhandaí éagsúla laistigh de gach leibhéal. Mar shampla, tá trí ghrádbhanda éagsúla laistigh de leibhéal B1 agus B2 – pas, tuillteanas agus gradam. Tá ionaid scrúduithe againn thar lear agus tá deich n-ionad againn in áiteanna éagsúla ar fud na tíre anseo in Éirinn. Go dáta, tá timpeall ar 10,000 iarrthóir i ndiaidh tabhairt faoi na scrúduithe atá againn.

Is rud eile atá iontach tábhachtach le aon chóras measúnaithe é ná go dtig le daoine brath ar na torthaí a eascraíonn as an gcóras. An bhfuil siad bailí agus iontaofa? Le tacú leis sin, tá lárionad na Gaeilge ina bhall d’eagraíocht ghairmiúil tástála, is é sin an Association of Language Testers in Europe, ALTE. Cuireann an eagraíocht sin treoir agus oiliúint ar fáil dúinn maidir le gach gné den tástáil teanga le cinntiú go bhfuil na rudaí atá ar siúl againn ag teacht le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus leis an taighde is déanaí sa réimse sin. Chomh maith leis sin, tá cúram eile ag ALTE a bhaineann le dearbhú cáilíochta. Déanann sé iniúchadh iomlán ar gach gné de na córais agus na próisis atá againn gach cúig bliana le cinntiú go bhfuil siad ag teacht le dea-chleachtas. Táimid iontach sásta gur bhronn ALTE Q Mark orainn dhá uair, in 2015 agus arís anuraidh.

Cad iad, mar sin, na buntáistí a bhainfeadh le córas TEG a úsáid le haghaidh na hearcaíochta san earnáil phoiblí? Tá córas TEG bunaithe ar an taighde is déanaí agus ar fhráma tagartha atá aitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá leibhéil an fhráma tagartha Eorpaigh luaite, mar shampla, i sonraíochtaí na sraithe sóisearaí don Ghaeilge agus in Languages Connect: Ireland’s Strategy for Foreign Languages in Education 20172026. In áit téarmaí scaoilte ginearálta ar nós “Gaeilge líofa” nó “Gaeilge mhaith”, cuireann an fráma tagartha bonn eolaíoch faoin obair chun a chinntiú go mbíonn comhthuiscint ann maidir le brí na leibhéal éagsúil teanga. Anuas air sin, tá an cur chuige ar a bhfuil TEG bunaithe ag teacht le cleachtais idirnáisiúnta i dtaca le riachtanais teanga de, mar shampla, sa Bhreatain Bheag. Tá bearta den chineál atá á moladh againn anseo ag teacht le moltaí atá á ndéanamh ag Rialtas na Breataine Bige tar éis do shaineolaithe taighde cuimsitheach a dhéanamh ar cheist na hearcaíochta san earnáil phoiblí ansin. Dúirt na saineolaithe sin:

The Welsh Government should adopt a single national standard Welsh language proficiency framework to be used by the whole of the public sector in Wales.

The framework should be based on the ALTE framework with clear definitions of the meaning of the different levels of proficiency that are consistent, for example, between a Health Board and a Local Authority. This would ensure consistency across the various sectors and facilitate bilingual workforce planning.

Chomh maith leis sin, is féidir le TEG seirbhísí comhairliúcháin a chur ar fáil i dtaca leis an leibhéal teanga a bheadh de dhíth i róil agus i gcomhthéacsanna éagsúla, rud a chabhródh le heagraíochtaí agus Ranna Rialtais sainiú ceart a dhéanamh ar na riachtanais teanga atá acu. I ndiaidh leibhéil éagsúla a leagan síos ag brath ar riachtanais an phoist, is féidir scrúduithe éagsúla a chur ar fáil dá réir sin, mar shampla, an scrúdú cainte amháin nó scrúdú scríofa amháin.

Is é an buntáiste is mó a bhainfeadh le córas TEG a úsáid sa chomhthéacs seo ná gur deimhniú iontaofa, neamhspleách a bheadh ann ar chumas teanga gach oibrí. Chinnteodh sé leanúnachas, trédhearcacht agus cothromaíocht ar fud an chórais. Tá córais mhonatóireachta agus caighdeánaithe i bhfeidhm ag TEG sa tslí is gur féidir linn seasamh leis na torthaí agus na cáilíochtaí a bhronntar.

Is fiú a lua freisin go bhfuil maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do chóras TEG. Tá lárionad na Gaeilge fíorbhuíoch as an tacaíocht leanúnach a chuireann an Roinn ar fáil dúinn. Ó thaobh caiteachas poiblí de, mar sin, bheadh buntáiste suntasach ag baint le córas TEG a úsáid san earnáil phoiblí seachas córas eile a cheapadh ó bhonn, rud a mbeadh caiteachas dúbailte ag baint leis. Is léir dúinn ón phlé a bhíonn ar siúl againn le hoifigigh na Roinne go n-aithníonn siad na buntáistí a bhaineann leis an fhráma tagartha agus le córas neamhspleách measúnaithe a úsáid le dul i ngleic go córasach le ceist na hearcaíochta agus na hoiliúna san earnáil phoiblí.

Cé go bhfuil ceist na hearcaíochta lárnach sa phlé maidir leis na leasuithe ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, tá gné na hoiliúna fíorthábhachtach chomh maith. Dá n-úsáidfí córas mar atá leagtha amach anseo, bheadh tionchar dearfach aige chomh maith ar an soláthar deiseanna foghlama. Tá buntáiste mór ag baint le réimse soláthraithe agus acmhainní teagaisc a bheith ar fáil, sa mhéid is go gcinntíonn sé sin soláthar maith deiseanna foghlama. É sin ráite, tá míbhuntáiste mór ag baint leis mura bhfuil fráma nó cur chuige coiteann mar bhonn leis na cúrsaí sin agus mura bhfuil córas teistithe neamhspleách amháin in úsáid. Dá n-úsáidfí córas atá bunaithe ar an FTCE agus ar TEG d’fhéadfaí a chinntiú go mbeadh an soláthar sin oiriúnach agus ag an leibhéal cuí. Chinnteodh sé go mbeadh na caighdeáin chéanna ag baint leis an soláthar sin ar fud na hearnála. Is den dea-chleachtas é go mbeadh an córas measúnaithe neamhspleách sa mhéid is nach mbeadh sé ceangailte go díreach le haon soláthraí cúrsaí ach go bhfeidhmeodh sé mar shlat tomhais neodrach a thacódh le hobair na ngrúpaí ar fad a chuireann oiliúint ar fáil. Tuigeann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a thábhachtaí agus atá sé go mbeadh na páirtithe leasmhara ar fad ag obair ar an chóras chomónta chéanna agus is chuige sin a threoraigh sé OneLearning, dream ar a bhfuil cúram na hoiliúna sa státseirbhís i dtreo an FTCE agus TEG. Dul chun cinn suntasach a bheidh ann má bhíonn an soláthar maidir leis an oiliúint Ghaeilge san earnáil phoiblí bunaithe ar an FTCE agus TEG as seo amach.

Bheadh níos mó éilimh ar chúrsaí agus ar dheiseanna foghlama Gaeilge dá mbeadh cur chuige comónta trédhearcach in úsáid san oiliúint agus san earcaíocht. Bheadh sé níos éasca do ranna Rialtais léargas cruinn, iontaofa a fháil ar chumas Gaeilge na foirne agus ansin plean oiliúna teanga a fhorbairt le dul i ngleic le cibé bearnaí a aithnítear. Dá mbeadh critéir chinnte leagtha síos do phoist, thuigfeadh oibrithe na spriocanna a bheadh le baint amach acu agus bheadh conair nó cosán cinnte rompu agus iad ar a n-aistear foghlama. Is cinnte go méadófaí ar na deiseanna fostaíochta dóibh siúd ar cainteoirí dúchais nó úsáideoirí cumasacha Gaeilge iad chomh maith. Buntáiste ollmhór a bheadh ann do gach fostaí san earnáil phoiblí, agus d’aon duine a bheadh ag smaoineamh ar phost san earnáil sin, dá mbeadh cáilíocht ag leibhéal faoi leith sainithe roimh ré mar chritéar iontrála.

Le córas ceart caighdeánach a chur ar bun agus le cinntiú go n-éireoidh leis, ní miste smaoineamh air mar fhoirgneamh a bhfuil trí cholún mar thaca faoi. Is iad sin: sainiú ar riachtanais teanga; critéir teanga do phoist; agus an oiliúint agus an measúnú a bheith bunaithe ar an fhráma chomónta chéanna ach an measúnú a bheith neamhspleách ón oiliúint. Dá bhfágfaí ceann ar bith de na colúin sin ar lár, bheadh an baol ann go dtitfeadh an córas ar fad as a chéile. Le cinntiú go n-éireoidh leis agus go gcuirfear seirbhís cheart ar fáil do phobal na Gaeilge - agus caithfimid cuimhneamh gur sin an fheidhm atá againn - caithfear cúpla rud a chinntiú. Caithfear a chinntiú go ndéanfar sainiú ceart ar an chumas teanga; go mbainfear úsáid as an FTCE mar chóras comónta a chinnteodh go mbeadh comhthuiscint ann maidir leis na leibhéil éagsúla chumais; go gcuirfear deireadh leis an éiginnteacht agus le lipéid scaoilte i gcás na leibhéal éagsúil agus go ndéanfar riachtanais chinnte a leagan síos a bheadh ag teacht le sainghnéithe na leibhéal agus leis na comhthéacsanna cumarsáide; go mbainfear úsáid as córas measúnaithe caighdeánach atá taighde-bhunaithe ar mhaithe le leanúnachas a chinntiú agus le bonn eolais a chur faoin soláthar oiliúna; agus go mbeidh an córas measúnaithe neamhspleách ar an soláthar oiliúna le trédhearcacht, leanúnachas agus iontaofacht a chinntiú. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí agus beidh mé féin, Aoife Ní Ghloinn agus Aodh Ó Gallchóir go breá sásta ceist ar bith a fhreagairt.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sula théim ar aghaidh caithfidh mé a mhaoímh go raibh an Seanadóir Ward ar an scáileán ar Microsoft Teams. Ní fheicim anois é ach b'fhéidir go mbeidh sé ar ais linn arís. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go bhfuil i gceist ag an gcoiste tuarascáil a chur le chéile maidir leis an méid a dúirt na finnéithe féin agus a dúirt finnéithe eile a tháinig as comhair na coiste le bliain anuas mar gheall ar cheist an oideachais agus mar gheall ar cheist an oideachais Gaeilge ach go háirithe. Tá súil agam go mbeidh na moltaí ar a laghad réidh in am don aighneacht faoi T1 agus T2. Tá dréacht scríofa cheana. Mar sin, níl an méid atá ag tarlú anseo istigh sa tuarascáil ach beidh sé ann agus tá súil agam go bhfoilseofar é faoi dheireadh na míosa. Tá ualach mór ar Sheán, atá á cur le chéile, ach tá an t-ualach ar na comhaltaí eile anois chun an méid atá ráite inniu agus na ceisteanna a bhíonn acu a chur sa tuarascáil chomh maith céanna.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an dá cur i láthair; tá an-chuid eolas ann. Tagraím do TEG agus tá ceist shimplí agam ach seans go bhfuil sé dainséarach. Tá súil agam gur féidir mo thuiscint féin ar TEG a shoiléiriú. Chun TEG a bhaint amach, thosnódh duine ag céim A agus bogfadh sé nó sí ar aghaidh suas tríd na céimeanna éagsúla. Nó an é go ndéantar scrúdú orthu agus ansin iad a chur isteach ag pé céim atá oiriúnach? Conas a tharlaíonn sé sin? B'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe é sin a mhíniú. An gá athnuachan a dhéanamh air nó ar an féidir le duine sleamhnú síos tríd na céimeanna mura bhfuil an cleachtadh ann go laethúil? Tá a fhios agam go raibh Fraincis i bhfad níos fearr agam nuair a rinne mé an ardteist seachas mar atá agam anois, mar shampla. Má tá daoine cáilithe ag céim faoi leith i gcomhair post agus mura bhfuil siad ag úsáid an teanga go laethúil, seans go mbeadh athruithe ansin. Conas a oibríonn sé sin le continuous professional development? An mbeadh daoine ag dul isteach agus ag bogadh síos nó suas? An bhféadfaí soiléiriú a thabhairt air sin?

Tagraím don T1 agus T2. Tá go leor múinteoirí agus tuismitheoirí tagtha chugam chun seo a phlé agus aontaím go láidir go bhfuil an-chuid buartha agus go leor bearnaí ann idir an easpa téacsanna scrúduithe agus go leor cúrsaí eile. Ba cheart rud éigin cosúil leis an rogha 2 atá ag duine a chur ar fáil ionas go mbeadh an t-ábhar breise ann agus ionas go mbeadh deis an daoine go bhfuil blas faoi leith acu sa teanga dul ar aghaidh agus b'fhéidir an dá ábhar a dhéanamh cosúil leis an bhféidearthacht atá daoine go bhfuil blas faoi leith acu i matamaitic. Úsáidfimid TEG mar shlat tomhais. An bhféadfaí pegging a dhéanamh idir sin agus na céimeanna éagsúla atá idir bonnleibhéal, gnáthleibhéal, ardleibhéal agus sárleibhéal maidir le rogha 1 agus rogha 2? Aontaím go láidir leis na finnéithe agus roghnóinn féin rogha 2.

Tá sé an-réasúnta go mbeadh an tuarascáil, an t-athbhreithniú agus pé foghlaim atá ann ón teastas sóisearach á úsáid chun an chéad céim eile a fhorbairt. Is easnamh mór é má táimid chun bogadh ar aghaidh gan é. Ón taithí atá ag na finnéithe, an bhfuil aon bhearnaí nó aon laigí a bheidh ag teacht chun cinn sa tuarascáil sin? Aontaím go bhfuil sé an-deacair féachaint cad a bheidh sa tuarascáil ach an bhfuil rudaí go bhfuil a fhios againn go mbeidh ann agus go mbeidh ag cur isteach ar éifeacht an T1 agus an T2?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ligfidh mé do na finnéithe na ceisteanna sin a fhreagairt ach ba mhaith liom a aithint go bhfuil an Seanadóir Kyne tar éis teacht isteach sa chruinniú.

Ms Siuán Ní Mhaonaigh:

Tabharfaidh mé freagra ar dhá cheann de na ceisteanna a d'ardaigh an Teachta ansin. Dúirt an Teachta go gcaithfear freastal ar chúrsa nó dul ó leibhéal A1 go dtí A2 go dtí B1. Tá dhá chineál duine a thugann faoi na scrúduithe s'againne.

Is é an chéad ghrúpa ná daoine a fhreastalaíonn ar chúrsa ag leibhéal faoi leith. Tosaíonn cuid acu ar leibhéal A1 agus déanann siad scrúdú A1 agus cúrsa A2 agus déanann siad an scrúdú ansin. Is féidir é sin a dhéanamh ach tá daoine eile a thugann faoi na scrúduithe le dearbhú neamhspleách a fháil as a gcumas ag an bpointe áirithe sin. Ní gá do dhuine aon chúrsa a dhéanamh. Is féidir leo tabhairt faoi cheann de na scrúduithe más mian leo. Ní gá aon chúrsa a dhéanamh ach is féidir cúrsa a dhéanamh má thoilíonn iarrthóirí é sin a dhéanamh.

Bhí ceist shuimiúil ag an Teachta maidir le hathnuachan agus go mbraitheann sé go minic ar an teagmháil a bhíonn ag an duine leis an teanga agus a leithéid de sin. Faoi láthair, ní leagann muid síos tréimhse ama ina bhfuil an teastas bailí ach tá eagraíochtaí áirithe oideachais a deir go bhfuil an teastas a bhronnann muid bailí ar feadh dhá bhliain, má bhíonn daoine ag cur isteach ar chúrsaí nó ar phoist faoi leith. Bheadh muid i gcónaí sásta comhairle a chur ar eagraíochtaí maidir leis na riachtanais teanga atá acu. Tá sé fíorthábhachtach, go háirithe i gcás na Gaeilge, go mbeadh an rogha sin ag daoine. De bharr na solúbthachta a bhaineann le scrúduithe TEG sa mhéid go mbíonn siad ar siúl roinnt uaireanta sa bhliain agus ar fud na tíre agus thar lear, bíonn an rogha sin ag iarrthóirí tabhairt faoin scrúdú cíbe am a oireann dóibh.

Ms Fiona Uí Uiginn:

An mbeimis in ann na ceithre leibhéal a luamar a cheangal le leibhéal TEG? Faoi mar a tharlaíonn sé sa scoil a raibh mé féin ann, bhí na daltaí ag déanamh an scrúdú TEG san idirbhliain ag leibhéal B1 agus B2 – bhí cuid acu ag B1 agus cuid eile ag B2. Shamhlóinn, cé gur féidir A1 agus A2 a bhriseadh síos - tá na saineolaithe ar mo chúl - go dtí A1.1 agus mar sin agus é a chur in oiriúint don ghrúpa sin, bheinn ag smaoineamh ar an mbonnleibhéal go mb'fhéidir go mbeadh sé idir A1 agus A2 agus ag an ngnáthleibhéal idir A2 agus B1. Cinnte, bheadh B1 i gceist don ardleibhéal agus B2 don sárleibhéal. B'fhéidir go bhfuil mé beagáinín uaillmhianach ansin.

Ms Aoife Ní Ghloinn:

Rinneadh briseadh síos air sin in aguisín 2 sa phlécháipéis. Tá sé leagtha amach againn ansin. Tá na ceithre leibhéal ó bhonnleibhéal go sárleibhéal ann agus an leibhéal a cheapfainn go mbeadh i gceist ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach. Is é sin rogha 1 a luaigh an Teachta agus luaigh sé go mbeadh níos mó spéis é aige i rogha 2. Níl rogha 2 ailínithe leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach. Is é sin an cúrsa sin ar shaíocht agus litríocht na Gaeilge. Is sainchúrsa é cosúil leis an mata fheidhmeach, níl sé sin ailínithe leis an bhfráma tagartha mar gheall go mb'fhéidir go mbeadh níos mó i gceist ná na scileanna cumarsáide. Baineann an FTCE leis na scileanna cumarsáide agus teanga. I gcás cúrsa den chineál sin - an cineál cúrsa atá mínithe ag Fiona Uí Uiginn agus Áine Hyland sa phlécháipéis - bheadh scileanna acadúla amhail anailís ar an litríocht i gceist anuas ar na scileanna teanga. Mar sin, níl sé ailínithe sa phlécháipéis. Is cinnte gur fiú féachaint air sin in aguisín 2 maidir leis na ceithre chúrsa.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An é sin an ceann deireanach - rogha 2?

Ms Fiona Uí Uiginn:

An rogha 2.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach an bhfuil bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal i gceist le rogha 2?

Ms Fiona Uí Uiginn:

Tá ag bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal i gceist le rogha 2, agus ansin tá ábhar eile i gceist.

Mr. Julian de Spáinn:

Tá an bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal ag baint úsáide as an bhfráma a bhí i gceist.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh caighdeán TEG bainteach leis na trí chéim sin.

Ms Fiona Uí Uiginn:

Molaimid gur chóir go mbeadh. Níl siad faoi láthair.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl siad faoi láthair.

Ms Fiona Uí Uiginn:

D'iarr an Teachta an bhfuil bearnaí nó laigí ag teacht as an tuairisc. Glacaim leis go bhfuil sé ag tagairt don tuairisc atá á hullmhú ag an CNCM ar an tsraith shóisearach faoi láthair.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá.

Ms Fiona Uí Uiginn:

Is é an bhearna is mó atá ann, ar ndóigh, ná nár tharla na scrúduithe. Card é ar a mbeidh sé bunaithe? Níor tharla scrúdaithe in 2020 ná 2021. Níl aon cohórt daltaí tar éis dul tríd. Tá sé bunaithe ar aiseolas an-ghinearálta. D'iarr an Teachta an raibh aon bhuairt ag teacht chun cinn. Ba mhaith liom an cheist sin a chur go dtí Shane Ó Coinn mar go bhfuil sé sa sheomra ranga agus tá aiseolas as suirbhé déanta ag an nGréasán do Mhúinteoirí Gaeilge. Tá ionadaíocht ann ar na múinteoirí Gaeilge sa tír.

Mr. Shane Ó Coinn:

Ar an gcéad dul síos, tá easpa eolais ar fáil maidir le roinnt mhaith buncheisteanna a bhaineann leis na dréachtsonraíochtaí. Tá an cháipéis chomhairliúcháin easnamhach agus níl a dhóthain eolais ar fáil sna cáipéisí. Ní féidir linn dréachtsonraíochtaí a mheas mar is ceart gan an t-eolas seo a bheith ar fáil. Má fhágtar rudaí mar atá sna dréachtsonraíochtaí, ní bheidh an ceann scríbe ar eolas ag múinteoirí agus cuirfidh sé seo le míthuiscint na múinteoirí agus le halltacht na múinteoirí ó thaobh a gcuid oibre de agus ó thaobh a ndualgais dá ndaltaí. Ní mór muinín a bheith ag múinteoirí as aon chúrsaí nua a chuirfear i bhfeidhm chun gníomhú leis. Creidimid go láidir gur cheart do CNCM, do Choimisiún na Scrúdaithe Stáit agus don Roinn Oideachais oibriú níos dlúithe le chéile maidir leis na sonraíochtaí agus maidir le cur i bhfeidhm aon sonraíochtaí nua.

Go minic, tá an cuma ar an scéal go bhfuil na heagrais Stáit uilig ag obair ar a gconlán féin agus tá easpa freagrachta ann dá bharr. Chonaiceamar é seo le cúrsaí na sraithe sóisearaí nuair a bhí múinteoirí ag cur ceisteanna réasúnta amhail cén téacsanna litríochta a bheadh ar an gcúrsa don dara agus tríú bliain; cad a bheadh le déanamh do na tascanna rangbhunaithe; agus cén cineál ceisteanna scrúdaithe a bheadh ar na cúrsaí. Nuair a chuir múinteoirí na ceisteanna seo, ní raibh na freagraí ar fáil nuair a bhí an t-eolas de dhíth agus bhí múinteoirí ag obair sa dorchadas. Nuair a cuireadh ceisteanna ar dhreamanna difriúla, dúradh nár bhain sé leo - gur bhain an cúram sin leis an CNCM agus nach raibh na freagraí acu. Dúradh gur bhain sé sin le Coimisiún na Scrúduithe Stáit nó leis an Roinn Oideachais. Ní raibh aon dream ag glacadh freagrachta.

Tá sé an-tábhachtach go ndéanfar athbhreithniú iomlán ar chúrsa na sraithe sóisearaí. Tá cuid mhór míshásaimh léirithe ag múinteoirí maidir le cúrsa na sraithe sóisearaí. Rinneamar suirbhé ar mhúinteoirí agus dúirt 95% de mhúinteoirí gur cheart go mbeadh athbhreithniú déanta ar chúrsa na sraithe sóisearaí sula bhogamar ar aghaidh go dtí cúrsa na hardteistiméireachta. Tá cuid mhór easnaimh ann, ach tá easpa mhór eolais ach go háirithe maidir leis na torthaí foghlama agus maidir le cur chuige na measúnuithe ach go háirithe. Níl na torthaí foghlamtha atá molta maith go leor mar threoir do mhúinteoirí agus do dhaltaí. Má fhágtar rudaí mar atá, cuirfidh sé alltacht ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí. Ní bheidh a fhios acu cad é atá le clúdach agus níl cur chuige mar sin inghlactha, go háirithe do scrúdú chomh tábhachtach leis an ardteistiméireacht.

Creidimid fosta nach bhfuil dóthain eolais ann maidir le cur chuige na measúnuithe. Sa suirbhé atá luaite agam, dúirt 98% de mhúinteoirí nach raibh go leor eolais ar fáil sna dreachtsonraíochtaí maidir leis an gcóras measúnachta. Creidimid go láidir gur cheart an córas measúnachta a dhearadh anois agus tascanna samplacha measúnachta a chur ar fáil bunaithe ar na sonraíochtaí agus an comhairliúchán a bhunú air sin ar fad. Is é an tábhacht a bhaineann leis sin agus le heolas ar na measúnuithe a bhí ar fáil ag tús an phróisis ná cuidiú leis na hathruithe a leagadh isteach agus meon agus straitéis teagaisc a athrú. Bíonn tionchar ollmhór ag an measúnú ar an teagasc a bhíonn ag dul ar aghaidh sa Roinn. Ní féidir é a fhágáil go dtí an deireadh mar athsmaoineamh. Caithfidh Coimisiún na Scrúdaithe Stáit agus an Roinn Oideachais páirt lárnach a ghlacadh sa phróiseas seo fosta. Níl sé maith go leor sonraíochtaí a dhearadh agus ansin a bheith ag smaoineamh ar cén cineál measúnuithe a bheidh ar na cúrsaí ná cén téacsanna litríochta a bheidh ann agus mar sin.

Ba cheart go mbeadh cur chuige comhtháite ann, go mbeadh na heagrais uile ag obair le chéile mar is ceart agus go mbeadh an t-eolas seo uile atá easnamhach curtha ar fáil mar chuid den phróiseas comhairliúcháin. Ba cheart go mbeadh an t-eolas atá easnamhach curtha ar fáil agus go mbeadh pacáiste de scrúduithe samplacha, scéimeanna marcála agus traenáil chuimsitheach déanta ag múinteoirí sula gcuirtear tús le haon chúrsa nua. Nuair a thóg siad isteach an tionscadal mata, bhí sé sheisiún traenála ag múinteoirí mata sula gcuireadh tús leis an gcúrsa. Má táimid ag caint ar athrú chomh mór leis seo, ba cheart go mbeadh amhlaidh ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge.

Sa chomhthéacs seo, creidimid go láidir gur cheart go mbeadh an dara comhairliúchán ann agus go mbeadh an t-eolas atá easnamhach curtha ar fáil mar chuid den dara comhairliúchán seo. Ba cheart go mbeadh fáil ar na liostaí litríochta, na páipéir shamplacha agus na scéimeanna marcála, ar eolas ar na torthaí foghlamtha agus ar eolas faoin spreagadh a bheadh i gceist maidir le daltaí a bheadh ag dul le cúrsa T1 nó cibé ainm a bheidh air. Ba cheart go mbeadh fáil ar fhreagraí ar na buncheisteanna uilig curtha san áireamh.

Chomh maith leis sin, tá sé geallta sa chlár Rialtais go mbeidh polasaí ann don Ghaeilge sa chóras oideachais, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Ba cheart go mbeadh ionchur lárnach ag an bpolasaí seo nuair atá sé forbartha maidir leis an gcur chuige atá á leanúint sna dréachtsonraíochtaí fosta.

Thar aon rud eile, creidimid gur fiú go mór am a thógáil leis an bpróiseas seo chun é a fháil i gceart. Ní mór dúinn an deis a thapú le teacht ar an mbealach ceart le foghlaim agus múineadh na Gaeilge a threisiú. Ba cheart go mbeadh tacaíocht fhorleathan ann ó na geallsealbhóirí uilig d’aon mhúnla nua chun go n-éireoidh leis. Ní mór éisteacht leis na buairimh atá léirithe ag múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus an mórphobal. Caithfimid oibriú le chéile le córas d’ardchaighdeán do mhúineadh na Gaeilge a chruthú, a chothóidh an chéad ghlúin eile de chainteoirí líofa agus muiníneacha.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na hionadaithe ón dá ghrúpa. Is leor an machnamh atá anseo agus tá sé thar a bheith deacair dúinne mar ní saineolaithe muid ar chúrsaí oideachais. Mo bhuíochas dóibh as a gcuid oibre mar tá a fhios agam go bhfuil obair na gcapall curtha isteach taobh thiar de na cáipéisí seo. Tá siad léite agam. Ba mhaith liom díriú isteach ar rud nó dhó. Maidir le Conradh na Gaeilge, de réir mar a thuigim, shocraigh sé coiste oideachais a chur le chéile agus ag eascairt as an gcoiste sin tá an plécháipéis atá os ár gcomhair inniu. Laistigh den choiste sin, tá 14 grúpa i gceist. Tá an-imní ar eagraíochtaí ar an talamh. Sin an teachtaireacht atá ag teacht trasna. Tá Conradh na Gaeilge chomh buartha sin go raibh air coiste oideachais a chur le chéile agus ansin an bheirt ollamh a tharraingt isteach - nó ollamh amháin agus Fíona leis na teidil uilig atá aici - agus an plé-cháipéis a chur le chéile. Mar a dúirt Fíona, is liosta le háireamh atá sa liosta mór bearnaí atá i gceist. Tá sé deacair é sin a chloisteáil agus tá sé deacair déileáil leis nuair atáimid ag caint faoi theanga atá chomh tábhachtach sin, príomhtheanga na tíre. Bíonn muid ag caint faoin straitéis 20 bliain, an plean gníomhaíochta agus an Bille nua. Tá sé deacair. An féidir leis na finnéithe míniú dom cén chaoi ar tharla sé seo? Tá próiseas comhairliúcháin ar siúl agus spriocdháta i gceist i ndeireadh na míosa seo agus de réir mar a thuigim, níl aon duine ar an talamh sásta. An moladh mór atá Conradh na Gaeilge ag cur os ár gcomhair ná “go gcuirfidh an CNCM aon chinneadh ar shonraíocht nua don Ghaeilge sa tsraith shinsearach ar leataobh go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar an tsraith shóisearach déanta agus torthaí an athbhreithnithe curtha ar fáil.” Cén chaoi ar tharla sé sin, go háirid agus é ráite go soiléir sa pholasaí don oideachas Gaeltachta go mba chóir go mbeadh an t-athbhreithniú agus na torthaí istigh roimh aon turas eile a dhéanamh le hathruithe? Beidh ceist nó dhó eile agam ach tá mé ag iarraidh míniú a fháil ar cén chaoi ar tharla sé seo ar dtús.

Ms Fiona Uí Uiginn:

An freagra simplí ná go bhfuil teimpléad ag an CNCM. Tá bealach acu le rudaí a dhéanamh. Beartaíonn siad go bhfuil siad chun athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar agus ansin leanann siad an teimpléad céanna do gach uile ábhar, bíodh siad ag caint ar an nGaeilge san ardteistiméireacht nó an Laidin, go bhfuil 47 duine ag tabhairt faoi. Is an cur chuige céanna atá ann. Níl siad solúbtha ar an gcaoi sin. An dtuigeann an Teachta céard atá á rá agam?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Ms Fiona Uí Uiginn:

Tá tábhacht i bhfad níos leithne ag baint leis an nGaeilge ó thaobh polasaithe eile an Stáit ach b’fhéidir nach bhfuil an tuiscint sin sa CNCM. B’fhéidir nach bhfuil na grúpaí ag labhairt le chéile. Mar a dúirt Shane, níl comhtháthú eatarthu. Sin ceann de na rudaí a cheapaim a tharla. Mar shampla, an raibh aon duine ag smaoineamh ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta nuair a cuireadh é seo le chéile? D’iarr an CNCM ar dhuine éigin doiciméad treorach a scríobh agus lean an duine sin an treoir a bhí ann don tsraith shóisearach. Thóg siad an teimpléad agus chuir siad i bhfeidhm ar an ardteistiméireacht é. Níor smaoinigh siad go bhfuil an ardteistiméireacht an-éagsúil agus gur ábhar éigeantach atá sa Ghaeilge san ardteistiméireacht. Caithfidh gach duine é a dhéanamh agus tá sé fíorthábhachtach go mbeidh leibhéil éagsúla ann dá bhrí sin. Ní ionann é agus an Fhraincis nó an Ghearmáinis mar mura bhfuil duine go maith ag na teangacha sin is féidir leo éirí astu. Ó thaobh na Gaeilge de, tá sé fíorthábhachtach go mbeidh leibhéil éagsúla againn a fhreastalaíonn ar gach scoláire ach in ainneoin sin, beartaíodh deireadh a chur leis an mbonnleibhéal.

Mr. Julian de Spáinn:

Gabhaim buíochas don Teachta as an gceist. Beidh orm labhairt ar bhealach beagáinín níos ginearálta maidir leis an gcoiste a bhí muid ag déanamh comhordú air. Tháinig grúpaí le chéile. Tá grúpa oibre faoi leith curtha ar bun chun déileáil leis na sonraíochtaí ach tá an grúpa oibre sin ag teacht ón mór-ghrúpa atáimid ag déanamh comhordú air a bhaineann le cúrsaí oideachais trí chéile. Ní hé seo an chéad bhagairt don teanga agus tá an coiste sin ag iarraidh déileáil leis na ceisteanna éagsúla. Mar shampla, bhí an tOllamh Pádraig Ó Duibhir os comhair an choiste seo níos luaithe sa bhliain ag caint faoi chóras na ndíolúintí. Bhíomar páirteach sa phróiseas sin freisin.

Sílim go ndearnadh neamhaird ar an gcuid is mó den saineolas a tháinig chun cinn ó na daoine atá sa ghort ag plé leis na ceisteanna seo. Tá sé sin le feiceáil arís agus arís eile. Mar shampla, tá comhairliúchán ar siúl faoi láthair ag an CNCM maidir leis an gcuraclam bunscoile agus tá moladh ann go mbeadh an líon ama a chuirtear ar fáil do mhúineadh na Gaeilge laghdaithe, gan aon anailís déanta ar an uair dheireanach a rinne siad laghdú ar an méid ama atá ar fáil do mhúineadh na Gaeilge chun an tríú teanga a thabhairt isteach. Tá na coincheapa seo ar fad go maith ó thaobh oideachas a leathnú ach níl siad ag tógáil san áireamh an mór-phictiúr a luaigh Fíona maidir le i bhfad níos mó a bheith i gceist leis an teanga ná díreach ábhar scoile. Tá an coiste sin ag feidhmiú agus ag breathnú ar na bagairtí nó na deiseanna a thagann chun cinn go rialta. Thosaigh an grúpa oibre ag obair ar an gceist seo, ag aithint go raibh mór-fhadhbanna ag baint léi.

Níl mise anseo mar shaineolaí oideachais ach mar dhuine a bhíonn ag iarraidh daoine a thabhairt le chéile agus an cleachtas a chur chun cinn, ach tá mise buartha go dtiocfaidh moltaí ar ais chun tweaking a dhéanamh ar na moltaí atá istigh sa cháipéis T1 agus T2. Mar shampla, tá comhairliúchán éigin ar siúl faoin liosta litríochta faoi láthair agus tá siad tar éis tosú le rud éigin luath ar an tsraith shóisearach fiú, mar a dúirt Shane, go bhfuil gá breathnú ar an rud ina iomláine. Tá baol ann go dtiocfaidh an CNCM ar ais agus go ndéarfaidh siad go ndearna siad iarracht anseo agus ansiúd, in ionad a rá go bhfuil fadhb mhór ann. Mar a luaigh an Teachta, tá gach duine ag rá nár chóir dul ar aghaidh leis seo faoi láthair. Aon duine atá ag plé leis na ceisteanna seo sa phobal, atá mise tar éis bualadh leo, tá siad ag rá gan dul ar aghaidh leis seo. Sin ráite, má tá buíochas le gabháil leis an CNCM ar rud amháin, sé sin go bhfuil an cheist seo ardaithe anois. Tá sí os comhair an phobail agus tá deis faoi leith ann anois an rud a réiteach agus T1 agus T2 a chur ar leataobh. Tá an oiread sin mearbhall faoi ghnáthleibhéal agus ardleibhéal T1, gnáthleibhéal agus ardleibhéal T2, agus gan bonnleibhéal a bheith ann. Mothaím go bhfuil an struchtúr atá siad ag moladh go hiomlán mícheart ach tá moltaí eile ag teacht chun cinn. Ní moltaí nua iad ar fad ach tá siad ann agus tá siad ar an mbord, agus b’fhéidir gur seo an deis is fearr a bheidh ann riamh chun breathnú ar an gcóras agus é a cheangal leis an bhfráma tagartha, mar shampla, mar tagann sin leis an bpolasaí Stáit. Is féidir breathnú air ó thaobh an cur chuige a bheadh ann, bíodh sin an rogha le dhá ábhar don ardteistiméireacht nó an ceann le pointí bónais. Dar ndóigh, bheadh an rogha le pointí bónais níos éasca ó thaobh clár ama scoile agus gach rud a chur i bhfeidhm agus b’fhéidir go mbeadh an ceann eile beagáinín níos deacra.

Bhí pointe an-mhaith ag Shane go gcaithfimid breathnú ar an nGaeilge sa chóras oideachais ina iomláine. Faoi láthair, táimid ag labhairt faoin ardteistiméireacht agus tá sé ráite ag cúpla duine cheana féin nach féidir linn labhairt faoin tsraith shóisearach mar nach bhfuil an taighde déanta air agus níl a fhios againn faoi. Tá moladh á chur chun cinn le tamall anuas gur chóir go mbeadh muid ag breathnú air seo ó thús go deireadh. Tá an Ghaeilge difriúil ó ábhair eile mar go bhfuil sé ann ó thús go deireadh. Cén fáth nach mbeadh muid ag breathnú ar rud éigin atá ceangailte le chéile ó thús go deireadh? D’fhéadfaí é sin a dhéanamh leis an bhfráma tagartha. Ní gá go mbeadh aon mheasúnú déanta ar an bhfráma go dtí an dara leibhéal agus an tríú leibhéal ach ní sin le rá nár chóir go mbeadh cuid den mhodh eolaíochta agus an cur chuige in úsáid sa réamhscoil agus sa bhunscoil freisin.

Is é seo cinnte mo phointe deireanach. Is é an rud is mó a chuireann iontas orm i gcónaí ag plé leis na ceisteanna seo ón taobh amuigh, d'fhéadfaí a rá, ná an easpa saineolaithe a bheadh muinín iomlán agam astu atá páirteach sa chur chuige leis na rudaí seo a chuir le chéile. Ba bhreá liomsa coiste saineolaithe leis na hUaisle Uí Uiginn, Ní Ghloinn, Ó Coinn agus Ní Mhaonaigh, mar is iad siúd daoine a bheadh saineolach ar na hábhair seo agus ar cheisteanna Gaeilge go háirithe, agus iad a fháil i seomra agus a rá leo an bhféadaidís teacht ar ais leis na moltaí a dhéanfadh ciall. Mothaím faoin struchtúr atá ar bun faoi láthair sa CNCM go bhféadfaí go bhfuil an toil ann agus go bhfuil sé ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh, ach ní dóigh liom go bhfuil an saineolas ag teacht agus an fhianaise sin sa cháipéisíocht atá curtha ar fáil aici in ionad an méid atá curtha ar fáil ag na hUaisle Ní Ghloinn agus Uí Uiginn dúinn a fhreagraíonn an-chuid de na ceisteanna agus a léiríonn na fadhbanna agus na bearnaí atá ann. Ba chóir céim siar a ghlacadh agus na saineolaithe cuí a fháil a bheadh in ann ag plé le cúrsaí a bhaineann le hábhar chun breathnú ar an gceist seo i gceart in ionad saineolaithe a bhfuil ina n-ionadaithe ar ghrúpaí faoi leith.

Professor Áine Hyland:

Leis an bhfírinne a rá leis an Teachta, tá na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na daltaí go léir buartha mar gheall air seo, mar is eol don chomhchoiste. Ní hiad na múinteoirí Gaeilge amháin ach múinteoirí na n-ábhar eile atá buartha freisin. Dá mbeifí ag an gcomhchoiste oideachais, chloisfí é sin freisin.

Scríobh mé mar gheall air seo timpeall ceithre nó cúig uair chuig an CNCM ach ní éisteann sé. Bhí sé seo ag teacht síos an bóthar chugainn ar an gcaoi seo agus bhí sé soiléir cúpla bliain ó shin, nuair a chuir siad an teimpléad ar fáil ar dtús, nach raibh sé oiriúnach in aon chor le haghaidh na hardteistiméireachta. B’fhéidir go mbeadh sé oiriúnach sa bhunscoil nuair nach bhfuil scrúduithe ann, ach má tá scrúduithe ann agus má tá an ardteistiméireacht chun a bheith againn - tá agus beidh sí agus níl aon duine ag caint faoi dheireadh a chur léi - níl an teimpléad sin oiriúnach. Ní úsáideann tír ar bith eile sa domhan a leithéid. Chuaigh mé trí na curaclaim faoi seo in an-chuid tíortha, sé cinn is dóigh liom, agus ní úsáidtear teimpléad mar sin riamh don ardteistiméireacht nó do shraith shinsearach. B’fhéidir go bhfuil an teimpléad oiriúnach don bhunscoil. Mura mbeadh scrúdú ag deireadh sraithe sóisearaí, b’fhéidir go mbeadh an teimpléad oiriúnach, ach tá scrúdú ansin.

Mar a dúirt an tUasal Uí Uiginn, ní raibh scrúdú againn an bhliain seo caite nó an bhliain roimhe sin. Fiú amháin, faoi láthair ní raibh i mbliana ach scrúdú ardteastais ann le haghaidh agricultural science agus bhí siad an-bhuartha toisc nach raibh na torthaí foghlama ailínithe leis an scrúdú. Is é sin an dainséar atá ann nach mbeidh ailíniú ann má tá ábhar breise againn. Cé acu de na roghanna a bheidh againn? Caithfidh siad an teimpléad sin a chur ar leataobh agus tosú arís. Níl sé oiriúnach agus ní fhaca mise riamh teimpléad den saghas sin á úsáid le haghaidh scrúdú poiblí atá chomh tábhachtach sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is rud tromchúiseach é a chur ar leataobh agus gabhaim buíochas leis an Ollamh Hyland.

Tá dhá cheist phraiticiúla agam. Maidir leis na roghanna, rinne an tUasal Uí Uiginn iarracht mhór ansin an difríocht a léiriú idir rogha 1 agus na ceithre leibhéal atá ann. An rud nua é an sárleibhéal agus an mbeidh pointí bónais bhreise i gceist don chúrsa sin? Níor thuig mé an méid sin. Ar an leathanach eile, an ábhar breise nua é agus tuilleadh pointí bónais ag dul leis?

Ms Fiona Uí Uiginn:

Mar a bheadh le mata, d’fhéadfaí mata feidhmeach a dhéanamh. D’fhéadfaí scrúdú ardleibhéal Gaeilge-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal ach an bhfuil ár bhfinnéithe i bhfabhar aon cheann de na roghanna?

Ms Fiona Uí Uiginn:

Mar iar-phríomhoide scoile, is dóigh liom go bhféadfaí rogha 1 a bheith níos tarraingtí dom. Bheadh sé níos éasca é a chur ar fáil sa scoil, go háirithe, dá mbeinn i gceannas i scoil T2 mar is minic agus mé ag múineadh i scoileanna T2 gur mhúin mé bonnleibhéal agus gnáthleibhéal sa seomra céanna. Is dóigh liom go n-aontódh an tUasal Ó Coinn liom leis sin. Cuirtear béim ar rudaí agus le ham breise, agus is teagasc difriúil é. Dá mbeadh méid áirithe coiteann den litríocht idir ardleibhéal agus an sárleibhéal ach go mbeadh breis le déanamh, bheadh sé níos éasca i scoil T2 é sin a chur ar fáil le tréimhse nó dhó breise sa tseachtain do na daltaí sin. Dá mba rud é go rabhthas ag caint ar rogha 2, saíocht agus litríocht na Gaeilge, rud a bheadh an-suimiúil agus ar ardchaighdeán, chaithfí cúig thréimhse sa tseachtain ar leith a thabhairt do rang mar sin. Bheadh níos mó deacrachtaí clár ama i gceist. Déarfainn go mbeadh níos lú scoileanna T2 a chuirfeadh na hacmhainní isteach ansin, agus dá bhrí sin ní bheadh an líon céanna daltaí ag tabhairt faoi.

Níl ansin ach mo thuairim agus, arís, d’fhéadfaí taighde a dhéanamh bunaithe air sin. Dá mba rud é, ámh, go raibh an obair seo déanta i dtosach sular cuireadh na dréachtsonraíochtaí seo amach, bheadh daoine ag smaoineamh orthu. Cuireadh an teimpléad os ár gcomhair agus níor iarradh orainn an raibh aon teimpléad eile ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Cathaoirleach ag breathnú orm anois.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta Moynihan ag iarraidh teacht isteach sa díospóireacht chun labhairt ar an ábhar sin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag lorg soiléirithe ar an ábhar breise a bheadh ann. Is gnáthphointí ar chomhchéim le haon ábhar eile a bheadh ann agus ní hé go mbeadh pointí breise ag dul leis an ábhar, nach ea?

Ms Fiona Uí Uiginn:

Is ea.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh na roghanna ar fáil do gach scoil, beag beann ar an nGaeltacht.

Ms Fiona Uí Uiginn:

Tá sé sin an-tábhachtach mar is í sin an fhadhb a bhí ann le T1 agus T2.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas. Tuigim é sin agus is é sin an fáth gur chuir mé an cheist.

Ms Fiona Uí Uiginn:

Tá an frámú seo níos oscailte. Is ceart cuimhneamh air go bhfuil go leor daltaí ag freastal ar scoileanna T2 nach bhfuil aon Ghaelcholáiste in aice leo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin soiléir. Tuiigim. Maidir le Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, cé chomh fada is atá an fráma seo ar an talamh? An 20 bliain é nó níos faide anonn? Aontaím go bhfuil gá le go mbeimid ag úsáid an fráma seo mar go luíonn sé le ciall. Ní thuigim agus tá sé dochreidte nach bhfuil sé in úsáid. Tháinig sé chun cinn go minic nuair a bhí an Bille á phlé againn go raibh gá le caighdeán faoi leith. An bhfuil aon tuairim ag ár bhfinnéithe cén fáth nach bhfuil sé sin déanta againn? Go praiticiúil, mar sin, cé chomh fada is atá an córas ag obair ar an talamh?

Ms Aoife Ní Ghloinn:

Foilsíodh an Fráma Tagartha Comónta Eorpach in 2001.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ann le 20 bliain anois.

Ms Aoife Ní Ghloinn:

Foilsíodh imleabhar eile ansin an bhliain seo caite, agus ó shin i leith, tá na scrúduithe agus na cáilíochtaí cúrsaí teanga ar fud an domhain, ar fud na hEorpa, cinnte, agus áiteanna eile níos faide i gcéin, ag baint úsáid as an gcóras, mar is córas é seo. Tá forbairt air le 20 blain anuas.

Tá TEG féin ar an bhfód anois ó 2004, nuair a cuireadh tús leis, agus mar a dúirt an tUasal Ní Mhaonaigh, tá 10,000 tar éis tabhairt faoi na scrúduithe anois ag an bpointe seo. Tá se fréamhaithe anois agus in úsáid in an-chuid institiúidí agus eagraíochtaí éagsúla cheana féin agus bheadh ciall ag baint le TEG a úsáid arís agus é a leathnú amach sa chomhthéacs seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Uasal Ní Ghlonn.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna as a bheith anseo inniu. Maidir leis an dá rogha, rogha 1 agus rogha 2, chun a bheith soiléir, an bhfuil ár n-aíonna ag rá go mbeadh sé níos éasca an rogha 1 a chur i bhfeidhm sna scoileanna?

Ms Fiona Uí Uiginn:

Mar a luaigh mé ansin, bheadh sé níos éasca i ról an phríomhoide. Níl a fhios agam cad a cheapann an tUasal Ó Coinn ansin maidir le scoileanna T2 agus ba mhaith liom a thuairim a chloisteáil.

Mr. Shane Ó Coinn:

Is é an chéad cheist ná go gcaithfidh go mbeidh a fhios againn an mbeidh pointí bónais CAO ar fáil. Is é sin bun agus barr na ceiste mar mura bhfuil pointí bónais CAO ar fáil, ní oibreoidh rogha 1. Caithfidh go mbeidh pointí bónais CAO ar fáil.

Is é an dara rud ná go bhfuil gá ann go mbeadh acmhainní agus infheistíocht mhór curtha ar fáil. Cuir i gcás scoil T2 áit nach bhfuil ach traidhfil daltaí ag iarraidh an sárleibhéal a dhéanamh. Más rud é go gcaithfear rang faoi leith a chur ar fáil, an mbeadh na hacmhainní ag an scoil é sin a dhéanamh? Chaithfí na ceisteanna sin a fhreagairt agus smaoineamh orthu. Ar ndóigh, bheimis an-oscailte don dara rogha fosta.

Mura bhfuil pointí bónais CAO ar fáil, caithfear féachaint ar rogha 2, sé sin go mbeidh an t-ábhar Gaeilge ann a dhéanfadh gach dalta agus go mbeadh an Ghaeilge fheidhmeach - nó cibé ainm a chuirfear air amach anseo - ann freisin mar ábhar roghnach. Is ceist acmhainní agus infheistíochta í sin. Caithfidh an Roinn Oideachais a bheith sásta an infheistíocht sin a dhéanamh ionas go n-éireoidh leis.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén tacaíochtaí a theastódh ó na múinteoirí chun rogha 1 nó rogha 2 a chur i bhfeidhm i scoileanna, go háirithe scoileanna T2? An bhfuil níos mó airgid ag teastáil?

Mr. Shane Ó Coinn:

Sin é. Chomh maith le sin tá acmhainní múinteora ag teastáil ionas go gcuirfear múinteoirí ar fáil. Táimid ag caint faoi rang a bheidh an-bheag in amanna. Caithfear na hacmhainní múinteora sin a chur ar fáil.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist dheireanach agam. An meastar go mbeadh suim ag daltaí, go háirithe iad siúd i scoileanna T2, an sárleibhéal a dhéanamh?

Mr. Shane Ó Coinn:

Is dócha go mbeifí ag dúil go mbeadh an sárleibhéal dírithe don chuid is mó ar na Gaelcholáistí agus na scoileanna Gaeltachta. Is cinnte go bhfuil seans ann go mbeidh roinnt daltaí i scoil T2 a bheidh maith go leor nó a bheidh ag iarraidh an cúrsa sin a dhéanamh. Caithfimid a bheith réadúil freisin sa mhéid is go mbeidh an cúrsa sin dírithe den chuid is mó ar scoileanna Ghaeltachta agus ar Ghaelcholáistí. Tá sé tábhachtach ag an am céanna, áfach, go gcuirfear an rogha ar fáil. Is ceist í seo maidir le hacmhainní agus infheistíocht a bheith curtha ar fáil.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam maidir leis na díolúintí. Tugadh faoi deara go raibh an tOllamh Pádraig Ó Duibhir os comhair an choiste. Luadh go bhfuil an eagla ann go lorgófar níos mó díolúintí má thagann an cúrsa mar atá leagtha amach ag an CNCM chun cinn. Cad é go díreach atá i gceist leis sin?

Sa mhatamaitic, má dhéantar an leibhéal is airde san ardteistiméireacht, is féidir pointí bónais a fháil. Tá dhá rogha curtha chun cinn. Sa chéad chás, tuigim go mbeidh pointí bónais ann dóibh siúd a dhéanfaidh an sárleibhéal. Cad faoin ardleibhéal sa dara rogha? An mbeidh sé sin i gceist sa chás sin nó an gcruthófar dhá ábhar ansin? Déantar matamaitic fheidhmeach agus matamaitic ag an ardleibhéal. Cuirtear pointí bónais bhreise ar fáil sa mhatamaitic, chomh maith leis an ábhar breise. Is fiú smaoineamh air sin gan a bheith á lua. Sa deireadh thiar thall, ba mhaith linn daoine a mhealladh ionas go mbeidh siad ag an leibhéal is airde agus iad á mhealladh isteach sa státseirbhís. Bhí an cheist seo againn ó thaobh earcaíochta de. Tuigimid an stádas a bheidh ann maidir le TEG. Ba é an freagra a fuaireamar ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar cheist faoi seo ná go raibh sé deacair daoine a mhealladh isteach sa státseirbhís agus gur fadhb í seo. Níl a fhios agam ar smaoinigh an Roinn ar fhógraíocht a dhéanamh i gcoláistí Gaeilge chun daoine a mhealladh. Is bealach eile é seo, áfach, chun aitheantas a sholáthar toisc go bhfuil an t-aitheantas againn cheana féin. Is ar an gcúis seo a rinneadh athruithe ar an matamaitic. Aithníodh go raibh fadhb ann ó thaobh na matamaitice de. Is bealach é seo chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil fadhb ann le hinniúlacht sa Ghaeilge. Má tá an fhadhb sin ann, ba chóir don Stát, más gá, buntáiste breise a thabhairt dóibh siúd atá sásta inniúlacht bhreise a dhéanamh, mar shampla dhá chúrsa a dhéanamh ar an rud céanna. Is iad sin mo thuairimí ar an ábhar seo.

Tagraím do na hinniúlachtaí - seo comhrá a bhí ann ag deireadh Chéim na Tuarascála den Bhille sa Dáil - agus más é B1 nó B2 an leibhéal is oiriúnaí. Tá roinnt daoine ann a gcaithfidh an leibhéal is airde a bheith acu más rud é go bhfuil siad ag déileáil leis an bpobal. Mar sin féin, tá daoine eile nach bhfuil ag an mbinse tosaigh agus nach bhfuil ag déileáil leis an bpobal i gcoitinne. B’fhéidir go mbeadh leibhéal B2 sásúil dóibh siúd. Tháinig athrú ó thaobh mo pháirtí féin sa mhéid a chuireamar trasna sa leasú. Níl a fhios agam fós cá bhfuilimid ar an ábhar seo agus ar cheart go mbeadh leibhéil dhifriúla ann do phoist dhifriúla, nó an nglacaimid leis go mbeidh gach duine a théann isteach sa tseirbhís phoiblí ar leibhéal áirithe. Tá daoine ann nach ndéileálann leis an bpobal in aon chor. An mbeadh bac i gceist ansin? Nílim 100% cinnte go fóill. Glacaim leis gur chóir go mbeadh TEG ann ar leibhéal áirithe B, ach níl a fhios agam cén ceann acu idir B1 agus B2. B’fhéidir gur féidir leis na finnéithe cuidiú liom i leith TEG ar dtús.

Ms Aoife Ní Ghloinn:

Mar a mhínigh Siuán, is dóigh liom gurb é leibhéal B2 an leibhéal is mó a luaitear ar fud an domhain go hidirnáisiúnta. Ba é an moladh a bhí ag an Dr. John Walsh nuair a bhí sé os comhair an choiste ná gurb é B2 an leibhéal is mó a theastódh le go mbeadh duine in ann feidhmiú san ionad oibre agus déileáil le rudaí nach mbeadh aon choinne acu leo agus an cineál sin rud. Is é B2 an leibhéal is gnách a luann muid. Mar a dúirt an Cathaoirleach, bheadh comhthéacsanna ann sa mhéid is nach mbeadh daoine ag déileáil leis an bpobal. D’fhéadfaidís a bheith ag glacadh sonraí síos agus ag déanamh rudaí meicniúla, agus rudaí a bheadh intuartha. Is é sin an difríocht is mó idir B1 agus B2. Dá mbeadh daoine ag déileáil le réimse teoranta tascanna agus rudaí intuartha i gcónaí, b’fhéidir gur leor leibhéal B1 sa chomhthéacs sin.

Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir na scileanna éagsúla. B'fhéidir nach mbeadh caighdeán an-ard scríbhneoireachta ag teastáil ó an-chuid daoine a bheadh ag plé leis an bpobal, ach bheadh leibhéal B2 de dhíth orthu sa chaint. Shamhlóinn go mb’fhéidir go mbeidh B2 sa chaint ag teastáil in an-chuid comhthéacs. Tá sé tábhachtach, seachas na lipéid “B1” nó “B2” a úsáid, go mbeadh muid ag caint faoi phróifílí cumais. Is é sin le rá go mbeadh leibhéal B2 sa chaint ag teastáil ó dhuine i ról faoi leith, nó leibhéal B1 sa scríbhneoireacht nó sa léitheoireacht i gcomhthéacsanna eile b’fhéidir. Is gá anailís a dhéanamh ar na riachtanais a bhaineann leis na poist éagsúla. Tá sé beartaithe ag an Roinn píosa taighde a choimisiúnú le breathnú ar an gceist seo. Bheadh sé tábhachtach go mbeadh an anailís ar na riachtanais a bhaineann le poist éagsúla lárnach sa taighde sin. I gCeanada agus sa Bhreatain Bheag, cuireadh uirlisí ar fáil agus tá taighde agus anailís déanta ar na riachtanais teanga a bhainfeadh le poist éagsúla mar chuid den earnáil phoiblí. Cuireadh uirlis ar fáil ar líne i gCeanada ar féidir le heagraíochtaí stáit ceisteanna a fhreagairt agus treoir a fháil maidir leis an bpróifíl cumais atá ag teastáil ó dhaoine a bheadh i róil faoi leith. Seo iad na cineálacha rudaí a bheidh ag teastáil: taighde agus uirlis nó treoir éigin a thacódh le heagraíochtaí Stáit an phróifíl chuí chumais a leagan síos do na poist éagsúla.

Ba mhaith liom filleadh ar an gcéad rud a luaigh an Cathaoirleach maidir le daoine a mhealladh. Buntáiste a bhaineann leis an moladh a rinne Fíona agus Áine ná go mbeadh cúrsaí na hardteistiméireachta agus na cúrsaí éagsúla ag leibhéil na meánscoile ceangailte leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach. Ba cheart dom a shoiléiriú nach ionann an FTCE agus an TEG. Is é an FTCE an fráma idirnáisiúnta a bhfuil TEG, agus cúrsaí eile, bunaithe air. Is é an moladh atá déanta anseo ná go mbeadh cúrsa na hardteistiméireachta bunaithe air freisin. Dá ndéanfaí é sin, ar a laghad thuigfeadh mic léinn nó daltaí - má tá an cúrsa gnáthleibhéil, bonnleibhéal, ardleibhéil nó an sárleibhéal déanta acu - cén áit ar an scála ó A1 go C1 a mbeidís féin. Dá mbeadh a fhios acu gurb ionann a gcáilíocht ardteistiméireachta agus leibhéal B1 nó B2, b’fhéidir nach mbeadh drogall orthu cur isteach ar scrúdú TEG dá mbeadh gá leis mar chuid den phróiseas earcaíochta.

Mr. Julian de Spáinn:

Bheadh muid an-bhuartha dul leis an B1 in ionad an B2, go háirithe ó thaobh caint na Gaeilge. Níl mé ag iarraidh bheith soiniciúil ach aon uair go gcuirtear bealach ar fáil don státchóras dualgas a sheachaint nó gan an rud is fearr a dhéanamh, glacfaidh siad leis, agus má ghlactar le B1 do rudaí áirithe is B1 a fheicfimid níos mó agus níos mó. Bheinn buartha faoi sin. Táimid ag caint faoi chúrsaí earcaíochta anseo so bheadh daoine á earcú ar leibhéal B1 agus sa státchóras is minic go dtéann duine ó phost go post agus ar aghaidh. Go bunúsach, bheadh an duine nach bhfuil ar an gcumas ceart ag dul tríd an gcóras mar is earcaíocht atá i gceist, ní daoine atá sa chóras cheana féin. Bheinn thar a bheith buartha faoi imeacht ón rud idirnáisiúnta. Luadh gur B2 an bunleibhéal chun gur féidir le duine bheith in ann déileáil i ndáiríre le duine éigin sa Ghaeilge i slí cheart, gur féidir leo comhrá a bheith acu agus déileáil le fadhbanna a thagann chun cinn. Le córas nua á chur i bhfeidhm, ba chóir tosú leis an rud ceart. I gcomhthéacs an rud atáimid ag caint faoi inniu, má chuirtear an córas oideachais i gceart, d’fhéadfadh sé seo ar fad feidhmiú i gceart má thosaíonn muid ag smaoineamh faoin mbealach é dhéanamh. Má tá an doras leath ar oscailt, glacfaidh an státchóras leis agus bheinn an-bhuartha faoi cén córas a bheadh linn ag an deireadh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí ceist ann maidir le méadú sna díolúintí.

Mr. Julian de Spáinn:

Má táimid ag caint ar fáil réidh le bonnleibhéal, cad a dhéanfaidh na daltaí sin? Beidh rogha acu dul leis an ngnáthleibhéal, leibhéal atá in ainm is a bheith ró-ard dóibh faoi láthair, a chuirfidh brú breise orthu agus b’fhéidir nach mbeidh siad in ann dó, nó an díolúine a lorg. Ní dhéanann sé aon chiall dúinn an bonnleibhéal a bhaint. Maidir leis an dá mholadh atá ag Áine agus Fíona, leis an mbonnleibhéal a choinneáil ba cheart é a cheangal le rud éigin chun go n-aithneoidh an dalta cá bhfuil siad ó thaobh foghlaim na Gaeilge de. Mar sin, má thagann siad amach le rud éigin idir A1 agus A2, tuigfidh siad cá bhfuil siad faoi láthair. D’fhéadfadh siad a rá ansin gur mhaith leo dul i dtreo B2 agus bheadh tuiscint cheart acu amach anseo.

Bhí rud eile spéisiúil sa taighde a rinne Maigh Nuad ar an gcúrsa rochtana don mhúinteoireacht i Maigh Nuad. Bhí daoine ann nach raibh in ann dul isteach sa choláiste oiliúna mar gheall ar an nGaeilge ach rinne siad cúrsa TEG i Maigh Nuad. Bhí dearcadh agus eispéireas iomlán éagsúil acu ar fhoghlaim na Gaeilge ansin. D’fhiafraigh siad cén fáth nach raibh sé seo sa chóras oideachais agus dúirt siad dá mbeadh ní bheadh orthu dul tríd an gcóras sin. Sin sampla agus léiriú an-mhaith. B’fhéidir go bhféadfadh muid an taighde sin a chur ar aghaidh ag an gcoiste.

Ms Aoife Ní Ghloinn:

Bhíomar ag obair ar chúpla rud eile ar an gceist áirithe sin, leis an gcóras Turn to Teaching.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh an taighde sin áisiúil agus d’fhéadfadh sé cur leis an méid atá á chur le chéile againn faoi láthair. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá sé i gceist ag an gcoiste tuairisc a dhéanamh. Níl gach uile rud sa tuairisc gur chóir a bheith ann ach beidh tuairimí na ndreamanna difriúla a tháinig os ár gcomhair a bhí ag trácht ar oideachas trí Ghaeilge nó an córas oideachais i gcoitinne sa tuairisc againn, chomh maith le smaointe na gcomhaltaí féin mar gheall air sin. Muna bhfuil an tuairisc go hiomlán glanta, tá sé i gceist againn go mbeadh na moltaí maidir le T1 agus T2 curtha ar leataobh, nó i ndoiciméad difriúil, agus curtha isteach mar chuid den aighneacht. Beidh siad istigh roimh dheireadh na míosa. Mar a dúirt mé, tá dréacht againn faoi láthair ach beidh athruithe ann toisc an méid atá tar éis tarlú inniu.

Gabhaim mo bhuíochas le gach duine a bhí anseo os ár gcomhair inniu.