Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 September 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí go léir.

Tá an Roinn Cosanta os ár gcomhair inniu agus táim ag tnúth leis an gcur i láthair ó thaobh na Gaeilge de. Inár measc tá an tUasal Ronan Mulhall, príomhoifigeach an bhrainse acmhainní daonna agus an tUasal Siobhán Tutty-Bardon, príomhoifigeach cúnta atá i gceannas ar an bhfoireann a phléann le seirbhísí do chustaiméirí.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Cuirim fáilte ar ais roimh chách tar éis shos an tsamhraidh. Tá clár oibre gnóthach againn as seo go dtí mí na Nollag.

Mr. Ronan Mulhall:

Thar ceann na Roinne, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus baill an Choiste as an gcuireadh chun labhairt libh inniu maidir leis na seirbhísí a chuireann An Roinn Cosanta ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá mo chomhghleacaí Siobhán Tutty-Bardon in éineacht liom, agus tá sí i gceannas ar fhoireann a phléann le seirbhísí do chustaiméirí.

Tá an Roinn Cosanta tiomanta dá dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Anuas air sin, déantar iarrachtaí laistigh den Roinn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn san ionad oibre agus go sóisialta araon. Le linn plé á dhéanamh faoi na bearta atá ar bun, ní mór aird a thabhairt ar an leibhéal idirghníomhaíochta le páirtithe seachtracha a bhaineann le gnó laethúil na Roinne. Murab ionann is roinnt Ranna a chuireann raon scéimeanna ar fáil go díreach don phobal i gcoitinne, ní gá don Roinn, mar gheall ar a cuid gnó, oifigí poiblí, cuntair phoiblí ná ionaid ghlaonna a oibriú trína bhfaigheann saoránaigh rochtain ar sheirbhísí ar éileamh. Ar an iomlán, bhí 233,868 fiosrú nó idirghníomhú le glaoiteoirí in 2018. Bhí ceithre díobh seo as Gaeilge. Ach ní laghdaíonn sé sin, ámh, tiomantas na Roinne do sheirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Mar chuid dár scéim teanga, gheallamar go ndéanfaimis measúnú, ar bhonn leanúnach, ar an leibhéal éilimh ar sheirbhísí i nGaeilge agus go ndéanfaimis cinnte go leanann an Roinn den éileamh sin a shásamh ar bhealach pleanáilte.

Faoi láthair cuirimid roinnt seirbhísí ar fáil i nGaeilge, foilseacháin chorparáideacha na Roinne ina measc, faoi mar a bheifeá ag súil leis – ráitis straitéise, tuarascálacha bliantúla, an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí do Chustaiméirí, agus cairteacha custaiméara. Cuireann an Roinn seirbhísí ó bhéal agus i scríbhinn ar fáil dá gcustaiméirí trí Ghaeilge, más gá.

Baineann an Roinn úsáid as buíon Gaeilgeoirí a thugann cúnamh, ar bhonn deonach, le brainsí chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge má éilítear orthu. Anuas air sin, tá liosta aistritheoirí creidiúnaithe ar fáil chun tacú le soláthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge. Ní gá d'aon bhrainse laistigh den Roinn seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge amháin, agus is gá go bhfuil tionchar aige sin ar riachtanais earcaíochta na Roinne. Níor aithníodh aon phost a mbeadh Gaeilge fhlúirseach ag teastáil mar réamhriachtanas uaidh, rud a léiríonn leibhéal íseal na hidirghníomhaíochta dírí leis an bpobal i gcoitinne.

Chuaigh An Coimisinéir Teanga i dteagmháil leis an Roinn gach bliain mar chuid de ról na hoifige sin ó thaobh comhlíonadh riachtanais an Achta a chinntiú. Níor chuir an coimisinéir aon cheist ná sárú suntasach in iúl don Roinn le blianta beaga anuas.

Ach níor cheart talamh slán a dhéanamh den mhéid thuasluaite nach ndéanann an Roinn ach riachtanais an Achta amháin a shásamh. Rinne an Roinn iarracht úsáid na teanga a chur chun cinn san ionad oibre agus ag ócáidí sóisialta. Cé nach mbeadh deiseanna suntasacha ag ár bhfoireann an teanga a úsáid le linn an ghnáthlae oibre, reáchtáil an t-aonad foghlama agus forbartha roinnt imeachtaí chun deis a chur ar fáil don fhoireann a cuid Gaeilge, beag beann ar an gcaighdeán, a úsáid i suíomh neamhfhoirmiúil san ionad oibre. Shocraíomar maidineacha caife as Gaeilge, chomh maith le tráth na gceist agus biongó as Gaeilge. Bhí tóir ar na himeachtaí sin agus tacaíodh go maith leo. Tá toradh ar an gcur chuige seo ó thaobh roinnt ball foirne a spreagadh chun dul faoi oiliúint sa teanga, agus faoi láthair léirigh beirt bhall foirne suim i gcúrsa meánleibhéil agus ball foirne amháin i gcúrsa ardleibhéil. Dúshlán atá roimh an Roinn, agus rompu siúd atá ag déanamh an chúrsa fiú, is ea dóthain deiseanna a bheith ag daoine an teanga a úsáid ar bhonn leanúnach, go háirithe ós rud é nach raibh éileamh mór ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge go dtí seo. D'fhonn aghaidh a thabhairt air sin, tá líonra na Gaeilge ag an Roinn a chasann le chéile go rialta agus a chuireann deis leanúnach chumarsáide ar fáil sa teanga. Tá straitéis foghlama agus forbartha á cur le chéile ag an Roinn faoi láthair.

Beidh scileanna teanga san áireamh leis an straitéis sin. Tá an Roinn tiomanta go hiomlán dá ceanglais dhlíthiúla i leith na teanga a chomhlíonadh agus d'úsáid na teanga i measc a foirne a chur chun cinn. Anuas air sin, leanfaidh an Roinn de chuir chuige nuálacha a phlé chun úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Táim sásta an t-ábhar seo a phlé.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon rud le rá ag an Uasal Tutty-Bardon? Níl ag an bpointe seo. Beidh ceisteanna anois. Gabhaim buíochas leis an Roinn as an gceistneoir a chomhlíonadh. Téann sé siar go dtí Eanáir 2017 - sin dhá bhliain go leith ó shin. Ag an am sin ní raibh an scéim teanga réitithe. Cad é stádas an phlean teanga faoi láthair? Ar an dara leathanach den cheistneoir dúirt an Roinn go bhfuil an scéim á ullmhú faoi láthair. Cad atá tarlaithe ó shin?

Mr. Ronan Mulhall:

Tá scéim ann anois don tréimhse 2017 go dtí 2020. Tá sé le fáil ar ár suíomh gréasáin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ann ó 2017.

Mr. Ronan Mulhall:

Tá.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an toscaireacht as an gcur i láthair. Go minic bímid ag plé le rannóga nach bhfuil chomh láidir in aon chor. Tá sé an-mhaith tuairisc chomh dearfach sin a chloisteáil. Tá áthas orm mar gheall air sin. Tuigim nach bhfuil puinn teagmháil ag an Roinn leis an bpobal, mar a bheadh ag Ranna eile, ach tá an-suim agam sa fíric go raibh 200,000 teagmháil in 2018, in ainneoin nach bhfuil aon chuntar poiblí ag an Roinn. Cárb as a dtagann siad? An dtagann siad ó Ranna eile? Cé atá ag teacht chuig an Roinn ag cur éilimh ar sheirbhísí? Tá an-suim agam go bhfuil buíon Gaeilgeoirí ag an Roinn atá ag obair go deonach agus a bhfuil suim acu. De réir an cheistneora a bhí ann, tuigim go raibh seachtar sa bhfoireann in 2017. An bhfuil aon fhás air sin ó shin? An é sin seachtar as 1,000 duine? Cé chomh mór atá an fhoireann, chun go mbeidh muid ábalta pictiúr cruinn a fháil air sin? Tosóimid leis sin.

Mr. Ronan Mulhall:

Tá 11 duine againn anois. Tá timpeall 367 duine sa Roinn. Tá 346 post, ach tá daoine ag obair leath-am agus a leithéid. Tá níos mó daoine ná poist.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá thart ar 3% den fhoireann ar an mbuíon Gaeilge.

Mr. Ronan Mulhall:

Tá.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fás ar an líon Gaeilgeoirí sa bhfoireann. Ar lorgaíodh iad nó an é an cás gur tháinig daoine chuig an Roinn a raibh Gaeilge acu?

Mr. Ronan Mulhall:

Is meascán atá ann. Tá daoine nua ag teacht isteach sa Roinn a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Tagann daoine isteach ar fhreastail iad ar scoileanna lán-Ghaeilge freisin. Tá cúrsaí ar fáil freisin. Sin an fáth. Bíonn an fhoireann ag athrú gach bliain.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ag fás go horgánach. Ní hé go bhfuil an Roinn ag lorg Gaeilgeoirí, nó an bhfuil sí tar éis poist a aithint a bhfuil Gaolainn ag teastáil iontu agus dul go dtí an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí?

Mr. Ronan Mulhall:

Níl.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl.

Mr. Ronan Mulhall:

Níl aon phost sonrach ina bhfuil gá do dhuine le Gaeilge.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cárb as a dtagann an 200,000 teagmháil? Cé hiad? An dtagann siad ón bpobal nó ó Ranna eile? Cad é an scéal?

Mr. Ronan Mulhall:

Tagann siad, mar shampla, ó dhaoine atá ag fáil pinsin ó na fórsaí cosanta, ó chomhlachtaí, ó suppliers, ó companies, agus ó other Departments and agencies.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl fágtha ach an cheist dheireanach. Cé hiad na Gaeilgeoirí? Cé hiad na daoine atá ag éileamh seirbhíse as Gaolainn? Ní raibh ach ceathrar ann. Ar tháinig na héilimh sin ón bpobal?

Mr. Ronan Mulhall:

Bhí glaonna as Gaeilge ann. Níl a fhios agam cé hiad go díreach. Bhí beirt ag cur glaonna ar oifig an Aire Stáit. Tháinig glaoch amháin ó Chosaint Shibhialta i Ros Cré. Bhí glaoch eile don rannóg pearsanra.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh mé ag iarraidh an freagra sin ach mar eolas.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an toscaireacht, atá anseo mar ionadaithe na Roinne, as an obair a dhéanann an Roinn don tír. Ní aithnítear an obair sin go minic sna Tithe seo. Tá sé tábhachtach í a aithint, go háirithe nuair atá an tArm agus na fórsaí eile ag streachailt thar ceann an Stáit. Bíonn siad ar an talamh ag cur cúraim agus tacaíochta ar fáil do phobail, grúpaí agus mar sin de. Chonaic muid é sin cúpla uair i mbliana i nDún na nGall. Bhí tinte ag dul as smacht agus chuir an tArm tacaíocht ar fáil don cheantar, ceantar atá sa Ghaeltacht. Bhí muid an-bhuíoch as an tacaíocht sin.

Tá an cur i láthair cuimsitheach. Cuirim fáilte roimh an scéim teanga úr atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn. Tá sé tábhachtach go bhfuil leanúnachas ann agus go bhfuil scéim den chineál sin ann. Tá cúpla ceist ginearálta agam. Níl a fhios agam cén dearcadh atá ag an Roinn ach an bhfuil aon mholtaí ag an toscaireacht don choiste? Cuirim an cheist sin in áit moltaí agus tuairimí an choiste amháin a chloisteáil. Ní chloistear moltaí ár bhfinnéithe go minic. An bhfuil aon mholadh ag an toscaireacht ó thaobh cúrsaí Gaeilge nó obair an choiste gur féidir linn a chur os comhair an Rialtais? An bhfuil aon mholtaí ag na finnéithe ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge i ngach Roinn Stáit, go háirithe sa Roinn Cosanta?

De réir an chur i láthair, tá beirt bhall foirne a bhfuil suim acu cúrsa Gaeilge a dhéanamh in ionad foghlama agus forbartha an Roinn Cosanta. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe maidir le buntáistí a chur ar fáil do bhaill foirne a dhéanann cúrsaí Gaeilge - bónas nó buntáiste eile - chun daoine a spreagadh le cúrsaí Gaeilge a dhéanamh?

B'fhéidir go bhféadfaí laethanta saoire a thairiscint mar tá course days ar fáil do múinteoirí scoile le haghaidh cúrsaí a dhéanann siad sa samhradh. An bhfuil aon rud mar sin ar fáil do bhaill an Roinn Cosanta agus an fiú é sin a dhéanamh?

Tá sé soiléir go bhfuil an Roinn ag déanamh iarracht láidir an Ghaeilge a chur chun cinn ón document a chuir an Roinn ar fáil don choiste agus ón gcur i láthair. Cuirim fáilte láidir roimhe sin. Tagraím don sprioc atá sa reachtaíocht úr a bheidh ag teacht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i dtaca le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Is é sin go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag 20% de na fostaithe nua ag gach roinn Stáit. An mbeidh an Roinn in ann an sprioc sin a bhaint amach?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá trí cheist ansin.

Mr. Ronan Mulhall:

Tá sé deacair dúinn mar státseirbhísigh polasaithe a chur os comhair an choiste ach is féidir linn labhairt mar gheall ar an nGaeilge a chur chun cinn sa Roinn agus cúrsaí mar sin. Tá a lán daoine sa Roinn a bhfuil cúpla focal nó níos mó acu agus tá daoine cosúil liom féin atá ag athfhoghlaim an teanga agus bíonn eagla orthu an teanga a úsáid. B'fhéidir go mbíonn a chuid gramadaí mícheart, cosúil liom féin, ach ba mhaith liom go mbeadh fáilte roimh dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge líofa acu an cúpla focal a úsáid acu.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin pointe maith.

Mr. Ronan Mulhall:

Tagraím don dara ceist mar gheall ar phá agus laethanta saoire. Socraíonn an Roinn Airgeadais cúrsaí pá do státseirbhísigh so ní féidir liom é sin a chur os comhair an choiste.

Tagraím don tríú ceist mar gheall ar an nGaeilge a bheith ar a dtoil ag 20% de na fostaithe nua. Tá sé deacair daoine a fháil don Státseirbhís faoi láthair ach if it is not attempted it will not be achieved. Tá níos mó daoine i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí anois so b'fhéidir nach mbeadh sé ró-dheacair é a dhéanamh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas don Uasal Mulhall. Tá a fhios agam go bhfuil sé féin i mbun foghlama agus go bhfuil cúrsa á dhéanamh aige. Gabhaim comhghairdeas leis. Níl sé éasca teacht os comhair coiste mar seo agus tuigim é sin. Tá eacht déanta aige.

Ag filleadh ar an Roinn, nílim chomh dearfach agus a bhí an Teachta Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Ó Domhnaill agus an rud léite agam. Cé mhéad daoine sa Roinn atá i mbun cúrsa faoi láthair taobh amuigh díot féin?

Mr. Ronan Mulhall:

Níl an t-eolas sin agam. Níl dualgas orthu a insint dom nó don Roinn má tá siad ag déanamh cúrsa taobh amuigh den ionad oibre. Tá triúr acu ag déanamh cúrsaí laistigh den ionad oibre.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil cúrsa ar siúl laistigh den ionad oibre?

Mr. Ronan Mulhall:

Tá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé ag iarraidh na hainmneacha a fháil, ach cén eagras atá i gceannas air sin?

Mr. Ronan Mulhall:

Gaelchultúr.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar a laghad tá triúr den fhoireann ar chúrsa le Gaelchultúr, an ea?

Ms Siobhán Tutty-Bardon:

Is ea. Tá sé ag tosnú anois.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar sin níl cúrsa ar bith déanta go dtí seo ach ag duine amháin.

Ms Siobhán Tutty-Bardon:

Anois tá triúr ag déanamh cúrsaí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá siad ag tosnú. Is iontach an rud é sin ach tá mé ag iarraidh comhthéacs a chur ar chúrsaí. Déanaim an rud ceannann céanna le gach uile Roinn because tá dualgas faoi leith sa Bhunreacht mar gheall ar an teanga. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na deacrachtaí ach tá mé ag iarraidh eolas a fháil mar gheall ar na buntáistí agus na rudaí atá ann chun daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid mar a luaigh an Seanadóir Ó Domhnaill. Dúirt an tUasal Mulhall ina ráiteas tosaithe:

Tá straitéis foghlama agus forbartha á cur le chéile ag an Roinn faoi láthair. Beidh scileanna teanga san áireamh leis an straitéis sin.

An féidir linn tuilleadh sonraí a fháil mar gheall ar an straitéis sin?

Tá triúr ag cur tús le cúrsaí. Cad atá ar siúl ag an Roinn chun daoine a mhealladh tuilleadh cúrsaí a dhéanamh ionas go mbeidh siad in ann fáil réidh leis an eagla? Ní mór dom a admháil go mbíonn eagla orm freisin. Cad atá ar siúl ag an Roinn chun dul i ngleic leis an dúshlán sin?

Mr. Ronan Mulhall:

Táimid ag cur na cúrsaí ar fáil don fhoireann. Tá ócáidí cosúil le maidineacha caifé. Tá eagla ar dhaoine dul ar chúrsaí mar go mbeidh siad feicthe mar an t-oifigeach Gaeilge i ndiaidh agus go mbeidh tuilleadh oibre le déanamh acu. Tá sé deacair an fhoireann a mhealladh chuig cúrsaí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil daoine buartha go mb'fhéidir go mbeidh siad ar an imeall ó thaobh na Gaeilge de. Sin téama coitianta a thagann suas go minic ach tá dualgas ar gach uile Roinn. Táim ag iarraidh a fháil amach cad iad na bearta réamhghníomhacha atá á ndéanamh sa Roinn? An bhfuil sé éasca do dhaoine cúrsa a dhéanamh taobh amuigh d'fhaitíos agus eagla? An bhfuil na hamanna feiliúnach? An bhfuil táillí i gceist?

Mr. Ronan Mulhall:

Níl táillí i gceist. Táimid ag úsáid na ríomhairí. Tá daoine ón bhfoireann i nGaillimh agus sa Droichead Nua ag glacadh páirt agus beidh an cúrsa céanna acu mar beidh siad in ann é a dhéanamh ar an ríomhaire.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad mar gheall ar an straitéis foghlama agus forbartha atá á cur le chéile ag an Roinn? Cá bhfuil an Roinn maidir leis an straitéis sin?

Mr. Ronan Mulhall:

Tá cúpla mí fágtha go dtí go mbeidh sí críochnaithe.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé ag iarraidh brú a chur ort. Tá mé ag iarraidh a bheith féaráilte ach cathain a cuireadh tús leis an straitéis seo, cathain a bheidh sí críochnaithe agus cad atá i gceist léi?

Mr. Ronan Mulhall:

Thosaigh an obair ar an straitéis sa samhradh. Beidh sé réidh roimh dheireadh na bliana.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh straitéis foghlama réitithe roimh dheireadh na bliana mar sin.

Is dóigh go mbeidh spriocanna faoi leith istigh sa straitéis sin. Is féidir le comhaltaí a theacht isteach aon uair má tá tuilleadh ceisteanna acu. Tá plean Gaeilge agus straitéis Ghaeilge ann. Cad iad na rudaí atá aimsithe ag na finnéithe chun feabhas a chur ar stádas na Gaeilge?

Mr. Ronan Mulhall:

Is rud mór iad na hócáidí sóisialta, chun taispeáint gur gnáth rud é a bheith ag labhairt as Gaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba chóir gurb ea. Aontaím leis sin.

Mr. Ronan Mulhall:

Tá sé deacair daoine a chur ar chúrsa foirmiúil nó an mhuinín a thabhairt dóibh Gaeilge a úsáid agus iad ag cur seirbhísí ar fáil don phobal. Ba mhaith le gach duine sa Roinn seirbhís an-mhaith a chur ar fáil don phobal, agus níor mhaith leo an t-eolas mícheart a thabhairt do dhaoine mar nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach acu.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De bharr nach bhfuil an líofacht acu. An bhfuil aon cheist eile ag éinne?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla pointe agam. Tá sé soiléir go bhfuil dearcadh báúil laistigh den Roinn agus go bhfuil daoine le Gaeilge á earcú ann. Cé nach bhfuil an Roinn á lorg, tá Gaeilgeoirí nó daoine a bheadh compordach a bheith mar an Gaeilgeoir sa Roinn ag teacht chuige. Tá sé sin le feiceáil sna figiúirí, agus is iontach an rud é.

Teastaíonn uaim filleadh ar na figiúirí arís. Tá an grúpa seo tar éis fás ó sheachtar go 11 duine. Cén saghas fás a bhí ar an chuid eile den fhoireann sa tréimhse chéanna? An raibh an Roinn ag earcú a lán daoine agus thaitin ceathrar as 20 nó 100 duine leo? Tá sé luaite go bhfoilsítear an ráiteas straitéise, an tuarascáil bhliantúil agus na doiciméid éagsúla as Gaeilge. Is iontach an rud é sin. An bhfuil siad á fhoilsiú ag an am céanna leis an tuarascáil Béarla? Ba mhaith liom é sin a chinntiú. Tá an-chuid rudaí dearfach le feiceáil. Má tá an-chuid teagmháil ag teacht ag an Roinn Cosanta ó na Ranna eile, agus má tá Gaeilgeoirí sna Ranna sin, an ndéanfaidh siad an teagmháil sin as Gaeilge? An bhfuil a fhios acu go bhfuil Gaeilgeoirí sa Roinn Cosanta?

Mr. Ronan Mulhall:

Níl a fhios agam an freagra maidir leis an cheist dheireanach. Bhí beagnach 340 duine ar an bhfoireann i 2017, agus anois tá 346.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is 367 a bhí ráite níos luaithe.

Mr. Ronan Mulhall:

Gabh mo leithscéal. Is poist atá i gceist leis an uimhir sin. Tá sé phost nua againn. Níl a fhios agam cé mhéad duine atá i gceist, ach is dóigh gur seisear nó deichniúr.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin 11 duine amach as 346.

Mr. Ronan Mulhall:

Amach as 367 anois.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an-chuid Gaeilgeoirí, nó daoine atá compordach ag úsáid an Ghaeilge, tagtha ag an Roinn. Is rud an-dearfach é sin agus molaim na finnéithe dá bharr.

Ms Siobhán Tutty-Bardon:

Nuair a thosaíonn daoine nua sa Roinn, fiafraítear dóibh an bhfuil siad ábalta, nó ar mhaith leo, caint as Gaeilge. Labhraíonn muid leo ina dhiaidh sin, agus ó am go ham deir siad go gcabhróidh siad linn.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin an-mhaith. Níl an Roinn ag lorg daoine agus tá siad ag teacht ann. Tá sé sin dearfach. An mbíonn an leagan Béarla den tuarascáil foilsithe ag an am céanna leis an leagan Gaeilge?

Mr. Ronan Mulhall:

Foilsítear iad ag an am céanna.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis na fiosrúcháin, luadh figiúr de bhreis agus 200,000. An daoine iad siúd a bhí ag obair san Arm agus atá ar phinsin anois?

Mr. Ronan Mulhall:

Is baill d'Óglaigh na hÉireann iad atá ag lorg eolais faoi phá nó rudaí mar sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá réimse leathan fiosrúcháin i gceist.

Mr. Ronan Mulhall:

Tá sé leathan. Faigheann muid glaonna ó chomhlachtaí, suppliers, agus a lán rudaí mar sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An custaiméirí iad?

Mr. Ronan Mulhall:

Is custaiméirí iad go léir.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na finnéithe ag déileáil leis an bpobal sa bhealach sin, nach bhfuil?

Mr. Ronan Mulhall:

Tá.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach tá siad ag rá nach bhfuil aon duine, ach amháin méid beag, i ndáiríre ag éileamh seirbhísí as Gaeilge. An é sin atá á rá ag na finnéithe?

Mr. Ronan Mulhall:

Ní hea. Bhí ceathrar ag lorg seirbhísí trí Ghaeilge inár n-oifig i nGaillimh, ach ní raibh an tseirbhís a bhí siad ag lorg ar fáil ann.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is téama coitianta é an t-éileamh i gcónaí. Cad iad na rudaí atá a dhéanamh ag na finnéithe? Éiríonn daoine tuirseach, mé féin san áireamh, nuair a chuireann siad glaoch ar cibé eagraíocht, agus deirtear leo cnaipe 1 nó 2 a bhrú le seirbhís trí Ghaeilge, ach níl aon duine ann chun an tseirbhís a chur ar fáil. Is ciorcail é. Éiríonn daoine tuirseach mar nach bhfuil siad in ann an tseirbhís a fháil, agus mar sin téann siad ar ais ag an mBéarla mar go bhfuil sé níos sciobtha. Tá sé deacair domsa agus do na baill ar an gcoiste oibriú amach cad atá ag tarlú. Sin an fáth gur chuir mé ceist maidir le réghníomhaíochta chun an tseirbhís a chur ar fáil mar atá de cheart ag daoine. Sa chomhthéacs sin, dúradh ar an chéad leathanach den cheistneoir go bhfuil rudaí ar siúl ar bhun leanúnach. Deirtear:

Tá an Roinn Cosanta inniúil ar a cuid seirbhísí a sholáthar tri Ghaeilge. Ceann de na tiomantais atá sa Scéim Teanga againn ná an t-éileamh ar sheirbhisí trí Ghaeilge a thomhas ar bhonn leanúnach agus a chinntiú go sásaíonn an Roinn an t-éileamh seo ar bhealach pleanáilte.

An dtabharfaidh an tUasal Mulhall sonraí dom maidir leis an gcaoi a ndéanann an Roinn mhonatóireachta, mar atá leagtha amach?

Mr. Ronan Mulhall:

Branches make returns detailing customer contacts and so on every quarter. That is how we monitor use.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim, ach ní théann an Roinn taobh thiar de na figiúirí sin. Glactar leis go bhfuil na figiúirí maidir leis an laghad daoine a chuireann glaonna i nGaeilge chruinn. Gabhaim míle buíochas leis an toscaireacht. Bhí sé sin cabhrach. An féidir leis an Roinn an ceistneoir a chomhlíonadh arís chun go mbeadh sé suas chun dáta? Tá an locht orainn. Níor iarr muid uirthi é sin a dhéanamh. Rinne an Roinn an rud a bhí iarrtha. Gabhaim buíochas leis an Uasal Mulhall agus leis an Uasal Tutty-Bardon. Rinne siad éacht. Rachaimid ar aghaidh le seisiún príobháideach.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ag 4.51 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 5.20 p.m. go dtí 4 p.m. ar an Mháirt, 22 Deireadh Fómhair 2019.