Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A chairde, táimid i seisiún poiblí anois. Tá triúr Comhaltaí i láthair, mar is gá de bharr Bhuanordú 97A(1), agus is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú mar sin. Tá leithscéalta faighte againn ón Teachta Niamh Smyth, nach bhfuil in ann freastal ar an gcruinniú. Iarraim ar dhaoine na fóin phóca a mhúchadh toisc go gcuireann siad as don chóras fuaime agus craolacháin. Más féidir iad a mhúchadh, seachas iad a chur ar flight mode, bheadh sé sin áisiúil dúinn. Táimid anseo inniu chun déileáil le Vóta 33, de chuid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Meastacháin Athbhreithnithe. Táimid chun plé a dhéanamh leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an Vóta seo agus cuirim fáilte dá réir roimh an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Teachta Josepha Madigan agus roimh an Aire Stáit, an Teachta Seán Kyne agus roimh na hoifigigh ón Roinn.

Sula dtosóimid le bhur bhfianaise ba mhaith liom a chur ar bhur n-aird go bhfuil de réir alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléidí cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a chuirfidh siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. É sin ráite cuirfimid tús leis an gcomhrá agus tugaim anois cuireadh don Aire, an Teachta Madigan, an cur i láthair a dhéanamh.