Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 January 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaithe Iontrála Scoile: Cearta Oideachais

2:10 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom arís fáilte croíúil a chur roimh Ms Siobhán Nic Gaoithín agus Mr. Colmán Ó Drisceoil, go háirithe roimh Siobhán os rud é go bhfuil seanaithne agam uirthi ó Ghaillimh. Is deas tú a fheiceáil arís. Léigh mé an cur i láthair agus tá fhios agam go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach. Tá deis agaibh anois, agus tá fhios agam go raibh sibh ós comhair choiste Dála roimhe seo, dhá bhliain ó shin, an ea?

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

An mhí seo thart tháinig muid os comhair an Chomhchoiste um Oideachais agus Scileanna.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáilte ar ais. Tá deis agaibh anois. Beimid ag cur críoch leis an bplé ar a 3.55. Caithfimid an seomra a fhágáil ar a 4.

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

Go raibh míle maith agat a Chathaoirligh, agus a Theachtaí agus a Sheanadóirí uilig atá i láthair. Táimid thar a bheith buíoch as an deis a fháil teacht anseo os bhur gcomhair agus an cur i láthair seo a dhéanamh.

Is grúpa tuismitheoirí sinne i gCearta Oideachais agus is grúpa deonach sinn. Ní haon eagraíocht sinn ach daoine a tháinig le chéile. Táimid uilig ag tógáil ár bpáistí le Gaeilge, nó b'fhéidir a bhfuil i ndiadh ár gcuid páistí a thógáil le Gaeilge, agus tá buairt orainn mar gheall ar an pholasaí oideachais ligean isteach i scoileanna atá ag teacht tríd Thithe an Oireachtais faoi láthair.

Ba mhór linn bhur gcuid dtacaíochta agus muid ag iarraidh cearta oideachais a chinntiú do pháistí arb í an Ghaeilge á dteanga baile, sa dóigh is go mbainfidh siad litearthacht iomlán agus inniúlacht maith amach sa Ghaeilge, ina dteanga dhúchais agus an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 ag dul tríd Thithe an Oireachtais.

Tháinig sinne le chéile i dtosach in 2011 i ndiaidh don iar-Aire, Ruairí Quinn, an phlécháipéis ar iontráil scoile a fhoilsiú. Chuir muid aighneacht faoi bhráid an Chomhchoiste um Oideachas agus Coimirce Sóisialach, mar a bhí ann ag an am. Glacadh lenár n-imníthe i dtuarascáil an choiste sin a fhoilsíodh i mí na Bealtaine 2014. Tá mé chun léamh amach an méid a mhol an choiste Oireachtas sin féin. Dúirt sé:

Is gá a chur san áireamh sa reachtaíocht mholta an gá atá le caighdeán na scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint agus a chinntiú araon nach dtarlaíonn aon leithcheal i dtaca le hiontrálacha.

D'fhéadfadh an reachtaíocht mholta an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur san áireamh trí chuimhneamh ar thosaíocht ard a thabhairt ina bpolasaí iontrála don chéatadán beag páistí scoile ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad (taobh amuigh den Ghaeltacht).

Seo mar a mhol an choiste Oireachtais a bhí ann i 2013, ach níor thógadh na moltaí sin san áireamh nuair a d'fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Richard Bruton, an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 i mí Iúil na bliana seo caite. Caithfidh sinn a rá go gcuireann sinn fáilte mhór roimh iarrachtaí athchóiriú a dhéanamh ar an bpolasaí iontrála do scoileanna sa dóigh is go mbeidh córas cothrom, comhionann agus ilchultúrtha ar fáil i scoileanna. Táimid inniu ag iarraidh go bhfreastalódh ár bpáistí ar scoileanna i gcuideachta le páistí ón uile chineál cúlra, aicme, creideamh, cultúr agus cumas. Tá Cearta Oideachais buartha, áfacha, go dtiocfadh cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt ina bpolasaí iontrála do pháistí a labhraíonn an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh. Dearbhaítear sa taighde idirnáisiúnta i réimse an tsealbhaithe teanga agus na sochtheangeolaíochta go bhfuil an t-oideachas trí mheán na mionteanga thar a bheith tábhachtach do pháistí mionteanga ionas go mbainfidh siad lán-inniúlacht amach sa dá theanga. Is é sin go mbeidh siad chomh cumasach céanna sa Ghaeilge agus atá siad sa Bhéarla nó mar a bheadh siad sa Bhéarla.

Tugann alt 64 den Bhille cumhacht don Aire "rialacháin a dhéanamh chun cuspóirí beartais iontrála a ullmhú agus a fhoilsiú ag scoileanna agus iontráil chun scoile a thabhairt do dhaltaí."Sin go bunúsach an méid atá i gceist leis an Bhille um iontráil scoile. Agus na rialacháin seo á ndéanamh, d'fhéadfadh an tAire sonrú a dhéanamh maidir le "critéir áirithe roghnúcháin a mbeidh cosc ar scoileanna a chur i bhfeidhm i gcásanna a bhfuil róéileamh ann" agus seo í an fhadhb nuair atá líon na dáltaí ag lorg iontráil chun na scoile i bhfad níos mó ná líon áiteanna a chuirtear ar fáil. Sna figiúirí is deireanaí atá againn, tá róéileamh ar 38% de Ghaelscoileanna agus 28% de Ghaelcholáistí. Sé sin 55 amach as 143 bunscoil. Sa bhliain seo caite, 2015-2016, bhí 1,656 nach bhfuair áit i nGaelscoil toisc nach raibh spás ar fáil dóibh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Abair é sin arís.

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

In 2015 agus 2016, bhí 1,656 páiste nach bhfuair áit i nGaelscoil mar gheall nach raibh go leor spásanna agus áiteanna ar fáil. San áireamh sna critéir roghnúcháin a dtig leis an Aire cosc a chur orthu, tá cumas acadúil, scileanna, nó inniúlacht dalta. Táimid buartha go dtig leis seo cosc a chur ar dhearbhú ar theanga baile pháiste chun tosaíocht a thabhairt faoin bpolasaí iontrála. Sna critéir roghnúcháin eile a dtig leis an Aire cosc a chur orthu, tá riachtanas go bhfreastalódh dalta, nó a thuismitheoirí, ar agallamh, lá oscailte nó ar chruinniú eile mar choinníoll chun iontrála.

Bíonn gá ar roinnt Ghaelscoileanna bualadh le páistí agus lena dtuismitheoirí le deimhniú gurb í an Ghaeilge teanga baile an pháiste agus sin mar gheall nach bhfuil aon chóras eile ann. Níl aon chóras tríú páirtí ann le dearbhú go bhfuil an Ghaeilge mar theanga baile ag an bpáiste, mar a bhí, mar shampla, sa scéim labhairt na Gaeilge a bhí i bhfeidhm sa tír seo go dtí roinnt blianta ó shin. Chuirfeadh a leithéid de thoirmeasc cosc éifeachtach ar an mhodh praiticiúil amháin atá ar fáil trínar féidir le scoileanna lán-Ghaeilge páistí atá á dtógáil le Gaeilge a aithint. Agus an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 mar atá sé dréachtaithe, mura mbeidh cead ag Gaelscoil bualadh le teaghlach le dearbhú gurb í an Ghaeilge an teanga baile, cén dóigh a bheidh siad ábalta tosaíocht a thabhairt do phaistí le Gaeilge ina bpolasaithe iontrála?

Baineann an cheist le mionlach beag de pháistí an Stáit, ar mionlach iad fiú taobh istigh de Ghaelscoileanna. Léiríonn ár dtaighde agus an taighde is deireanaí gur páistí ó theaghlaigh Ghaeilge iad idir 0% - is é sin go bhfuil go leor scoileanna nach bhfuil duine ar bith ann a thagann ó theaghlach a labharaíonn Gaeilge sa bhaile nó go bhfuil Gaeilge ag a pháiste - agus 10% de pháistí na scoileanna. Ar an mheán, tá 3%. Is é sin páiste amháin in achan rang de 30 a bheith ag teacht ó theaglach a labhraíonn Gaeilge sa bhaile. Tá neart fianaise ann fosta a léiríonn go gcuireann na páistí le foghlaim pháistí eile agus go gcuireann siad le foghlaim a chéile. I scoileanna lán-Ghaeilge, is áis thábhachtach iad na páistí a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu do pháistí arb í an Ghaeilge an dara nó an tríú teanga dóibh í.

Maidir leis na leasuithe atá molta againn ar an Bhille, aithníonn Cearta Oideachais gur gá an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 a leasú le cearta oideachasúla pháistí a labhraíonn an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh a chinntiú. Tá sinn ag iarraidh an Bille a leasú sa dóigh is go mbeidh cead ag bunscoileanna lán-Ghaeilge tosaíocht a thabhairt ina bpolasaithe iontrála do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge agus go mbeidh cead acu cruinniú a thionól le teaghlaigh le dearbhú go bhfuil Gaeilge mar theanga labhartha na bpáistí as teaghlaigh lán-Ghaeilge agus nach n-úsáidfí an t-eolas ón gcruinniú seo d’aon chuspóir eile. Maidir le meánscoileanna lán-Ghaeilge, ba chóir go dtabharfaí cead d'údaráis scoileanna tosaíocht a thabhairt do dhaltaí a bhfuil sé deimhnithe ag bunscoil lán-Ghaeilge roimhe seo ina leith gurb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Tá na leasuithe atá molta againn ar fáil in aguisín 1 dár ráiteas scríofa agus rachaidh an tUasal Ó Drisceoil tríd na leasuithe sin anois agus cuirfidh sé in iúl na fáthanna agus na cúiseanna a shíleann sinn gur chóir na leasuithe seo a chur i bhfeidhm.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Creidimid go bhfuil na leasuithe atáimid a mholadh ar an mbealach is simplí agus is éifeachtaí chun déileáil le riachtanais oideachasúla pháistí ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad i gcomhthéacs polasaí iontrála scoileanna. Faoin mBille bheadh líon beag páistí ann le Gaeilge nach bhfaigheadh áit i nGaelscoil chuí agus bheadh orthu freastal ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Ní éireoidh le páistí, arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais, litearthacht agus inniúlacht iomlán a bhaint amach má chuirtear iachall orthu oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla agus an Ghaeilge á múineadh mar dhara teanga. Mura bhfuil Gaelscoileanna in ann polasaí a chur i bhfeidhm a thabharfadh tosaíocht do pháistí ó theaghlaigh Ghaeilge, beidh an líon beag páistí seo fágtha gan rochtain a fháil ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Ní bheadh sna leasuithe atáimid a mholadh ach foráil theoranta nach mbeadh éifeacht aici ach ar líon an-bheag ar fad de na háiteanna i nGaelscoileanna.

Maidir le gné na meánscoile, tá sé i bhfad níos éasca agus níos praiticiúla teanga teaghlaigh páistí réamhscoile a dhearbhú ná mar atá sé i bpáistí atá ag iarraidh clárú i meánscoileanna. Is ar an ábhar sin atá sé ciallmhar go leanfadh an teidlíocht seo an páiste de réir mar a bhogann sé nó sí go dtí an dara leibhéal. Tá an cur chuige seo in úsáid go forleathan i gCeanada. Agus polasaí nua don oideachas Gaeltachta seolta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i mí na Samhna 2016, polasaí ina dtugtar cosaint do chearta chainteoirí dúchais sa Ghaeltacht chun scolaíocht lán-Ghaeilge, bheadh cuma éagórach agus ait air go mbeadh maolú á dhéanamh ar chearta chainteoirí Gaeilge eile de bharr a n-áit chónaithe agus iad ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá sé aitheanta go seasmhach ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil Éire mar bhall díobh, mar shampla, na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa, agus i gcoinbhinsiún éagsúla go bhfuil dualgais ar stáit oideachas trí mheán na máthairtheanga a chur ar fáil do mhionlaigh dúchais theangeolaíocha. Tuigimid gur prionsabal tábhachtach sa reachtaíocht nua é fáil réidh le constaicí boga roimh pháistí ó ghrúpaí éagsúla mionlaigh agus eitneacha agus roimh pháistí atá faoi mhíchumais fhisiceacha nó intleachta nó eile. Táimid aireach freisin nár cheart aon chonstaicí nua a chruthú in aon bhealach. Dá dtabharfaí feidhm dár leasuithe, creidimid nach mbeifí ag teacht salach ar na prionsabail sin.

Tá oideachas trí Ghaeilge níos tábhachtaí fós do pháistí arb í an Ghaeilge a dteanga teaghlaigh agus a bhfuil deacrachtaí foghlama éagsúla acu. Chinnteodh an leasú atá a mholadh againn nach ndéanfaí leithcheal ar pháistí leochailleacha seo a bhfuil cabhair agus tacaíocht ag dul dóibh agus dá dtuismitheoirí a dhéanann cinneadh deacair fanacht dílis don teanga. Aon fhorálacha a dhéanfadh leithcheal ar pháistí a labhraíonn an Ghaeilge, ar grúpa mionlaigh iad sa tsochaí agus sa chóras oideachais araon, tá na forálacha úd i gcoinne spiorad an iolrachais agus an ilchultúrachais a ghabhann leis an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016.

Ní mór dúinn go léir a chinntiú, más féidir, go bhfuil polasaithe iontrála atá dírithe ar chomhionannas agus ilghnéitheacht a chur chun cinn san oideachas ag cur san áireamh riachtanais agus cearta teangeolaíocha an ghrúpa mionlaigh dúchais páistí ar cainteoirí Gaeilge iad ón mbaile. Is éard a choinníonn an teanga ag maireachtáil ná tiomantas na dteaghlach ar fud na tíre a leanann orthu ag labhairt na Gaeilge sa bhaile in ainneoin go gcónaíonn siad i dtimpeallacht Bhéarla, chomh maith le muintir na Gaeltachta. Táimid ag iarraidh ár n-oidhreacht a bhronnadh ar ár bpáistí féin.

Chun inmharthanacht na Gaeilge a chinntiú, tá sé ríthábhachtach go dtugfaí tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Is polasaí Rialtais é seo i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge. Creidimid gur mór an buntáiste é seo don tsochaí in Éirinn i dtéarmaí ilchineálacht cultúrtha agus féiniúlachta. Gan teaghlaigh ag labhairt na teanga, ar éigean go bhfuil teanga ann. Le cinntiú go maireann an Ghaeilge mar theanga bheo agus mar theanga a labhraítear sa teaghlach, ní mór go dtabharfadh ár gcóras oideachais tacaíocht di agus ní mó go bhfaigheadh páistí a thógtar le Gaeilge a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá aguisín ann.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Ba mhaith liom an t-aguisín a léamh, le cead an Chathaoirligh. Molaimid leasuithe ar an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna) 2016 An chéad cheann ná go gcuirfear isteach i ndiaidh alt 61(2)(b):

(c) a school which teaches through the medium of Irish, and which gives priority in its admission policy to students who speak Irish as a home language, the admission statement of the school shall include a statement that the school does not discriminate in relation to the admission of students where it admits a student who has Irish as a home language in preference to others whose home language is not Irish.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sibh ag iarraidh é sin a bheith sa Bhille. Cad é an dara cheann?

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Cuir isteach i ndiaidh alt 64(3)(d)(vi):

(vii) Nothing in this subsection shall prohibit a primary school which teaches through the medium of Irish from giving priority in its admissions policy to students who speak Irish as a home language and from requiring that such a student and one of his or her parents or legal guardians should attend an assessment, the sole purpose of which would be to determine whether Irish is the primary language of communication between that parent and child.

(viii) Nothing in this subsection shall prohibit a post-primary school which teaches through the medium of Irish from giving priority in its admissions policy to a student who has previously been determined by a primary school in accordance with section 64(3)(d)(vii) to be a student with Irish as a home language.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim míle fáilte roimh na finnéithe. Is é seo an dara am agamsa an cur i láthair céanna a chloisteáil mar tá mé ar an gComhchoiste Oideachais agus Scileanna. Molaim na finnéithe as cé chomh cuimistheach is atá an obair atá déanta acu ó thaobh an cur i láthair. Tá sé thar barr. Seasaim leis na cearta atá siad i mbun cuartú agus seasann muid mar pháirtí leis na héilimh atá acu.

Téann sé seo go croí an scéil ó thaobh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chomh maith céanna ó thaobh cén chaoi a bhfuilimid leis an nGaeilge a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Caithfidh an teaghlach a bheith lárnach sa rud ar fad agus caithfear tacaíocht a thabairt do na teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Is údar díoma inniu go bhfuilimid ag cloisteáil go bhfuil deacrachtaí ag tuismitheoirí na Gaeltachta ó thaobh a bheith ag iarraidh tacú le clanna le Gaeilge agus le teaghlaigh le Gaeilge ar acmhainní gann. Tá na finnéithe taobh amuigh den Ghaeltacht agus níl tobar na Gaeilge timpeall orthu mar atá de bhuntáiste againn sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, tá a gcás i bhfad níos deacra ó thaobh sheachadadh na Gaeilge don chéad ghlúin eile. Dá bhrí sin, déanann sé seo iomlán céille. Ní hamháin go bhfuil sé ar mhaithe lena bpáistí féin ach tá sé ar mhaithe leis na páistí eile ar fad atá sna ranganna go mbeadh an cainteoir dúchais istigh sa rang. Tá siad mar eiseamláir agus mar shampla den dea-theanga a bheidh siadsan ag seachadadh don chéad ghlúin eile.

Gan dabht, tá gaol agus caidrimh tábhachtach ó thaobh ról na naíonraí Gaelacha. B'fhéidir go ndéarfaidh na finnéithe rud éigin faoin gceangal sin chomh maith.

Ní hamháin go bhfuilimid ag caint ar a bheith ag dul ó bhunscoil go meánscoil. Tá cuid mhaith de na páistí ag freastal ar naíonraí Gaelacha agus mar sin de. Go deimhin, tá iníon liom féin agus bhí comhrá againn an tseachtain seo caite. Bhí sí ag naíonra lán-Ghaeilge, ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus ar mheánscoil lán-Ghaeilge agus anois tá sí ag fáil a hoideachas tríú leibhéal trí mheán an Bhéarla. Tá sí ag déanamh go breá agus éireoidh léi ach faigheann siad na hábhair níos deacra mar gheall go bhfuil siad á múineadh trí Bhéarla ná mar a bhí cheana agus sin duine go raibh an Ghaeilge mar bhuntáiste aici tríd an bpróiseas ar fad. Mar sin, sílim go ndéanfadh sé iomlán céille. Tuigtear dom ó bheith ar an gComhchoiste Oideachais agus Scileanna - obviously ní féidir liom labhairt thar ceann an choiste go fóill - go mbeidh tuarascáil á réiteach agus sílim go mbeidh sé ina hacmhainn láidir dá dtiocfadh ráiteas láidir ón gcomhchoiste seo go bhfuilimid ag tacú leis na héilimh seo.

Maidir leis an bhfeachtas féin, cén chaoi a bhfuil na finnéithe le dul i gceann na polaiteoirí trasna na dTithe anseo agus trasna na páirtithe éagsúla? An bhfuil dea-thoil ann? An bhfuil tacaíocht láidir nó tacaíocht lag ag an ngrúpa? Céard is gá dúinn a dhéanamh le tacú leis na finnéithe ó thaobh na héilimh atá acu? Ó mo thaobh-se de, déanann sé iomlán céille go ndéanfaí na leasuithe áirithe seo. Ba mhaith liom go mbeadh an comhchoiste seo in ann ráiteas láidir a chur amach ag tacú leis an éileamh atá siad ag déanamh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh na ceisteanna eile againn ar dtús.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a rá go bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil ag na finnéithe. Ciallaíonn sé sin, má tá Sinn Féin leo freisin, go bhfuil 66 Teachta Dála leo. Níl uathu ach 79. Bheadh súil agam go ndéarfadh an Cathaoirleach go bhfuil sí leo freisin. Ní bheidh ag teastáil ansan ach 12 duine eile sa Dáil. Sin an chaoi a n-oibríonn an Teach seo. Má tá móramh ann, tá móramh ann. Níl gá gach dream a thabhairt leat.

Tá ceist eile spéisiúil ardaithe ag na finnéithe. Is léir go bhfuil fadhb ollmhór maidir le líon na n-áiteanna atá ar fáil i nGaelscoileanna don dream atá ag iarraidh oideachas trí Ghaeilge. Mar choiste, caithfimid díriú air sin. Dá mbeadh dóthain áiteanna ann, ní éireodh an cheist seo. Ós na figiúirí a thug na finnéithe, glacaim leis nuair a deir siad go raibh éileamh ann ó 1,163 páiste nach raibh siad tar éis cur isteach ar thrí scoil. Is é sin le rá ná go glacaim leis gur fíoréileamh ionracach an 1,163. Má tá sé sin cruinn, tá cuid mhaith acu a fhaigheann iomarca éilimh ag baint le Gaelscoileanna. Caithfimid díriú ar an gceist sin.

Mar mhalairt teicniúil ar an moladh go ndéanfadh an scoil an measúnú, agus b'fhéidir daoine ag ceapadh go mbeadh sé sin éagórach sa mhéid is go mbeadh aithne ag daoine ar a chéile agus mar sin de, bheadh sé an-éasca ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus chuile rud eile faoin spéir scéim nua labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais. Go deimhin féin, nuair a cuireadh deireadh le sean-scéim labhairt na Gaeilge, bhí deis scéim nua a thabhairt isteach a bheadh oscailte do chuile theaghlach ar fud na tíre a bheadh ag labhairt Gaeilge lena gcuid gasúr agus go ndéanfadh dream éigin eile an measúnú. Bheadh de bhuntáiste ag a leithéid de chur chuige go mbeadh sé go hiomlán neamhspleách. Ní fhéadfadh éinne a rá go raibh fábhar i gceist ag scoileanna. Tá contúirt ann i gcónaí go mbeadh daoine muinteartha le múinteoirí agus na rudaí seo ar fad mar is pobail bheaga iad cuid de na pobail seo. D'fhéadfadh sé a tarlú, mar shampla, go mbeadh mac nó iníon le múinteoir i nGaelscoil. Bheadh seans ard go mbeadh sé sin i gceist freisin. Bheadh spéis agam a fháil amach céard a cheapfadh na finnéithe dá mba rud é go raibh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sásta athbhunú a dhéanamh ar scéim a dhéanfadh deimhniú gur teaghlach labhartha Gaeilge a bhfuil ann? Céard a cheapann siad den ghá atá ann déileáil le ceist an éilimh agus an freastal atá á dhéanamh ar scoileanna?

Chun tacú leo, ba mhaith liom a rá rud amháin eile. I gcás na Gaelscoile, is buntáiste agus achmhainn dosháraithe é nó í an páiste a bhfuil Gaeilge aige nó aici. Is acmhainn do na múinteoirí agus do na scoláirí sa scoil mar feictear an Ghaeilge á labhairt taobh amuigh den scoil agus mar theanga nádurtha. Níl aon bhealach níos fearr do ghasúr teanga a shealbhú ach a bheith i dteagmháil le gasúr eile a labhraíonn an teanga go ceart agus go foirfe. Go deimhin féin, tá bagairtí áirid ar Ghaeilge ghasúr a thógtar le Gaeilge sa mbaile nuair a théann siad ar na Gaelscoile mar phiocann siad suas drochnósanna teanga. Bíodh sin mar atá, fásann siad as na rudaí sin freisin. Is dóigh liom go gcaithfimid an-bhéim a chur leis sin.

Mar atá ráite ag an Seanadóir agus ag na finnéithe, is mionlach beag atá i gceist anois le líon na ngasúr a bheadh ag dul ar aon Ghaelscoil ar fud na tíre, cé go mbeadh se níos airde in áiteanna go bhfuil Gaelscoileanna bunaithe le fada ar nós abhantrach Scoil Lorcáin agus mar sin de i mBaile Átha Cliath, ach is mionlach iad mar sin féin. An aidhm a bhí leis an straitéis 20 bliain ná go mbeadh líon na ngasúr sa gcéad ghlúin eile agus sa ghlúin dar gcionn ag méadú agus go mb'fhéidir go dtiocfadh amach anseo an lá go mbeadh leath de na gasúr ann agus an Ghaeilge ó dhúchas acu sa mbaile. Ceann de na rudaí a bhíonn ag déanamh imní ormsa ná go múintear an Ghaeilge chuile ghlúin. De bharr nach dtugann tuismitheoirí do na gasúr é, cailltear é agus faightear ar ais é seachas é a choinneáil ó ghlúin go glúin. Ar ndóigh, tá go leor daoine ón nGaeltacht ag dul ag cónaí sa nGalltacht anois. Bhí sé riamh, ach de bharr TG4 agus rudaí mar sin tá níos mó fonn orthu siúd Gaeilge a labhairt ná mar a bhíodh. Is acmhainn iontach é sin ar nár cheart a chailleadh.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus molaim an cur i láthair. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, tá tacaíocht Fhianna Fáil acu. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar chúpla rud. Aontaím go bhfuil sé an-tábhachtach an dalta atá ag teacht ón dtigh le Gaolainn a bheith sa chéad áit ann. Tá mé ag smaoineamh ar scoileanna a bheidh ag glacadh le daoine taobh amuigh den Ghaeltacht. An mbeidh siadsan ábalta brath ar an eolas ón mbunscoil go bhfuil an teaghlach á thógaint le Gaolainn? Tá gach seans ann nach bhfuilid ach teastaíonn uathu teacht isteach sa Ghaeltacht i gcomhair oideachais. Cén sórt tosaíocht a thabharfaí do na daoine sin? Táid gníomhach agus teastaíonn uathu teacht isteach agus a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn, cé nach í an Ghaolainn an teanga sa bhaile. Tá fuílleach samplaí ó Bheanntraí agus ó Chill Áirne ag teacht isteach go Gaeltacht Mhúscraí.

In éineacht leis sin, tá ceist na bunscoileanna. I mo Dháilcheantar féin, tá an-éileamh i gcomhair Gaelscoileanna, go háirithe bunscoileanna. I mBaile an Chollaigh, tógadh isteach 90 dalta agus díultaíodh an méid céanna cheana féin agus tá siad sa tóir anois ar an tarna Gaelscoil ag an mbunleibhéal faoi láthair. Conas a thabharfaí tacaíocht don dream sin nach bhfuil an Ghaolainn acu sa bhaile agus cén tosaíocht a thabarfaí dóibh agus iad ag teacht isteach sa scoil?

An bhfuil aon bhaol ann go dtiocfadh na samplaí atá ag na finnéithe salach ar na daoine sin a theastaíonn uathu teacht isteach sna scoileanna Gaolainne agus Gaeltachta?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an bpointe a d'ardaigh an Teachta Ó Cuív, an nglacann na finnéithe nach bhfuil fadhb ar bith ann maidir le measúnú neamhspleách?

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

Níl ar chor ar bith.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil sé sin san aighneacht?

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Mar phríomhoide Ghaelscoile, bheimis an-shásta go mbainfí an t-ualach sin ón scoil. Ní ghné den obair í a thaithníonn linn ach tá orainn tabhairt faoi ionas gur féidir linn an fhoráil----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní hamháin sin ach tá sé scríofa agaibh san aighneacht a chur sibh isteach go hoifigiúil maidir leis an mBille seo.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Sea. Beimis an-shásta go mbeadh eagraíocht neamhspleách ag déanamh an meastúcháin sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba cheart dúinn é sin a mholadh. Muna ndéantar é sin, beidh líomhaintaí á dhéanamh. Már shampla, má tá duine ag fostú tiománaí, ní an duine sin a déarfaidh go bhfuil an tiománaí in ann tiomáint ach an údarás.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé déanta acu san aighneacht a chur siad isteach maidir leis an mBille ach is féidir linne mar choiste é a dhéanamh chomh maith.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dóigh liom gur cheart amharc sonrach a thabhairt ar an gceist sin ag éirí as an gcoiste seo.

Tá pobal labhartha na Gaeilge fíor-bheag agus tá céatadán ard de na múinteoirí atá ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge i measc an phobail ag labhairt Gaeilge lena gcuid gasúr. Beidh dúshlán ansin.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Déanfaimid iarracht freagraí a chur ar na ceisteanna. Luaigh an Seanadóir go raibh an cás níos deacra ná mar atá sa Ghaeltacht, ach cheapfainn go bhfuil castachtaí ag baint le saol na Gaeltachta chomh maith nach bhfuil ag baint le saol na cathrach agus an saol sa Ghalltacht.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Tá suim ag na tuismitheoirí go léir a chuireann a bpáistí ar Ghaelscoileanna sa Ghaeilge. Tá siad go léir fábharach don teanga ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Déanann sé sin an saol níos simplí, cheapfainn, i gcomparáid le comhthéacsanna áirithe sa Ghaeltacht, cé nach bhfuil mórán eolais agam ar sin.

Maidir leis an gceist a d'ardaigh an Seanadóir faoi chúrsaí oideachais sa tríú leibhéal, ní shin an taithí atá agam ón aischothú a fhaighim ó thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí imithe ar aghaidh nó ó na hiarscoláirí a thagann ar ais ar cuairt. Níor chuala mé go raibh aon fhadhb acu leis an aistriú go dtí oideachas trí Bhéarla nuair a chuaigh siad ar oideachas Béarla ar an meánscoil nó ar an ollscoil. Ní thuigtear dom gur rud coitianta é go mbíonn deacrachtaí acu ó thaobh an aistrithe teanga ansin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An pointe a bhí á dhéanamh agam ná gur b'fhearr leo leanacht leis an oideachas trí mheán na Gaeilge ag an tríú leibhéal chomh maith. Seachas sin, tuigim céard atá á rá ag an bhfinné.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Maidir leis an gceist ar conas atá ag éirí linn, measaimid go bhfuil ag éirí réasúnta maith linn leis an bhfeachtas. Táimid an-shásta a chloisteáil go bhfuil tacaíocht againn ó Fhianna Fáil. Cé go dtuigimid nach gá gach duine a thabhairt linn, ba mhaith linn go mbeadh tacaíocht chomh fhorleathan agus is féidir ag an gcás. Nílimid ag iarraidh aon duine a chur i gcoinne aon rud nó i gcoinne na Gaeilge. Nílimid ach ag iarraidh cearta a bhaint amach do ghrúpa an-bheag ar fad. Dá mhéad tacaíochta tras-pháirtí a bheadh againn, is mó ba mhaith linn é. Ach, táimid réasúnta sásta leis an bhfreagra agus leis an nglacadh atá faighte againn ó na Teachtaí Dála agus na coistí éagsúla go bhfuilimid tar éis labhairt leo go dtí seo. Tugann an tacaíocht agus an tuiscint atá ag an gCathaoirleach, Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar an iomlán ar an gceist ardú meanman dúinn.

Luaigh an Teachta Ó Cuív go bhfuil fadhb leis an iomarca éilimh. Dár ndóigh, níl fadhb againn leis an iomarca éilimh. Tá fadhb againn leis an easpa soláthair. Níl mé anseo chun labhairt thar cheann Ghaelscoileanna nó thar cheann Gaeloideachas, ach tá a fhios agam go bhfuil comhráití leanúnacha idir Ghaeloideachas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis an múnla atá acu le Gaelscoileanna a cheadú a chur ar aghaidh. Bheadh sé go deas dá mbeadh tacaíocht ann mar tá fadhb ann, mar shampla, leis an impleacht a bhaineann leis an gcóras atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a chuireann treoir tíreolaíochta leis na hiarratais a nglacann siad leo nuair atá scoil le bunú agus pátrúntacht le socrú, rud a chuireann cosc ar Ghaelscoileanna mar gur bheag ceantair ina mbeadh tromlach den phobal ag lorg Gaelscoile. Mar sin, is deacracht áirithe í sin i mbunú Gaelscoileanna. Bhí sé an-díomách an bhliain seo caite nuair nár éirigh le feachtas le Gaelscoil a bhunú i dtuaisceart na cathrach. Dá bhféadfadh an coiste tacaíocht a thabhairt do Ghaeloideachas maidir leis an ngníomh sin, bheadh sé go hiontach ar fad.

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

Agus muid ag caint ar an ró-éileamh, an taighde agus na figiúirí a bhfuaireamar ná go raibh 1,656 páiste nach bhfuair áit i scoil anuraidh. Tá sé sin le fáil ar shuíomh Gaeloideachas. Mar a deir Colmán Ó Drisceoil, is mar gheall ar an easpa soláthair atá sé seo ag tarlú. B'fhearr linn i bhfad go mbeadh áit ar scoil do achan pháiste atá ag lorg an oideachais trí Ghaeilge. Ní féidir liomsa a shoiléiriú an é go raibh siad ar liosta feithimh roinnt scoileanna áirithe. Beidh an t-eolas sin ar fáil ó Ghaeloideachas féin. Is léir go bhfuil easpa soláthair ann. Labhair an Teachta, mar shampla, faoin mbunscoil agus Gaelscoil i mBaile an Chollaigh. Tá duine de na tuismitheoirí atá inár ngrúpa féin, Cearta Oideachais, le beirt pháiste i mBaile an Chollaigh. Tá sí ag tógáil a cuid páistí le Gaeilge. Tá áit diúltaithe dá páistí sa Ghaelscoil i mBaile an Chollaigh. Tá sí anois ag obair sa dtreo is go mbeidh Gaelscoil eile sa cheantar. Is mór an trua é agus tá samplaí de sin le fáil go forleathan ar fud fad na tíre, go háirithe sna ceantracha uirbeacha. Tá an bhallraíocht de Chearta Oideachais den chuid is mó ó Bhaile Átha Cliath, Gaillimh agus Corcaigh, toisc gurb iad sin na háiteanna ina bhfuil na fadhbanna agus an ró-éileamh ann. Ag dul le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, muna bhfuil an Ghaeilge á labhairt sa bhaile agus muna bhfuil an tacaíocht á thabhairt sna scoileanna, ní éireoidh linn.

Dá mbeadh cur chuige ar nós scéim labhairt na Gaeilge ann ina mbeadh an tríú pháirtí seo neamhspleách ó na scoileanna ag cur ar fáil a leithéid de scéim agus a leithéid de aitheantas, bheadh mórán buntáistí ag baint leis. Bheadh buntáistí ag baint leis don Ghaeilge agus b'fhéidir go n-athródh sé intinn daoine dá mbeadh siad ag déanamh cinneadh ar a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Tá buntáistí eile ag baint leis má tá aitheantas tugtha do dhaoine mar theaghlach nó mar pháiste atá tógtha le Gaeilge. Sílfinnse féin go mbeadh sé mar chur chuige an-mhaith ó thaobh forbartha agus pleanáil teanga de. Chuirfeadh muid ag cur fáilte mhór roimhe.

Tá sé deacair a bheith ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá fadhbanna ann taobh istigh, ach go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé ina chúram an-aonarach in amanta. Tá tacaíocht ann agus caithfimid buíochas a ghabháil le na Gaelscoileanna agus an tacaíocht a thugann siad do theaghlaigh agus do na páistí. Táimid buíoch do ghrúpaí ar nós Ghlór na nGael, grúpaí tacaíochta, grúpaí teaghlaigh agus mar sin de atá ann le cuidiú linn agus sinn i mbun tógáil ár gcuid páistí le Gaeilge. Ní féidir leo lán-inniúlacht a bhaint amach muna bhfaigheann siad oideachas trí mheán na Gaeilge. Caithfear é sin a dhearbhú ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal.

Ag dul ar ais go dtí na naíonraí, tháinig sinne le chéile mar gheall ar an mBille iontrála scoile seo. Is ceist í an soláthar naíonraí atá pléite againn ach nach bhfuil aon aontú tagtha againn air go fóill. Mar an gcéanna, bíonn ró-éileamh ar naíonraí freisin. Gan dabht, tá sé seo le plé againn sa ghrúpa. Tá ceist eile ansin. Is cinnte go bhfuil ró-éileamh ar naíonraí agus ba bhreá linn go mbainfidh ár gcuid páistí áiteanna amach ó naíonraí go dtí an meánleibhéal.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Ba mhaith liom teacht ar ais go dtí an cheist a chur an Teachta Ó Muíneacháin faoin ord tosaíochta dóibh siúd atá ag teacht isteach sa Ghaeltacht. Ní bheadh aon ord tosaíochta ann. Baineann muidne go díreach leo siúd atá ag labhairt Gaeilge sa bhaile lena bpáistí. Ní haon dímheas é sin ar aon duine eile atá i gceist. Tá sé iontach go bhfuil suim ag daoine sa Ghaeilge agus go labhraíonn daoine roinnt Gaeilge sa bhaile, ag léiriú suime agus ag cothú spéise, ach bheadh sé an-deacair tabhairt faoi fhoráil a thabharfadh aitheantas dó sin nach mbainfí mí-úsáid as. Mar sin, táimid ag iarraidh a bheith an-chruinn agus an-díreach faoi seo go mbaineann an fhoráil seo leo siúd arb í an Ghaeilge an teanga bhaile atá acu. Dá bharr sin, baineann sé le líon páistí an-bheag. Ní bheifí ag úsáid na forála seo mar chonstaic bhog chun cosc a chur ar dhaoine le teacht isteach sa Ghaelscoil.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is léir go bhfuil tacaíocht ag Cearta Oideachais ó pháirtithe éagsúla, muid féin i Sinn Féin san áireamh. Cén caidreamh nó cumarsáid a bhí ag na finnéithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus feidhmeannaigh na Roinne? Ar chas na finnéithe leo siúd? An bhfuil siadsan dóchasach dearfach nó céard atá siad ag rá le Cearta Oidechais? Má tá cur i gcoinne seo, táimid ag iarraidh a oibriú amach cé as a dtiocfaidh sé le go mbeimid in ann a bheith réidh dó. An raibh mórán caidrimh nó mórán cumarsáide ag na finnéithe leis an Roinn nó an bhfuair siad tada ar ais ón Roinn ar chor ar bith?

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

Is é sin an chéad chéim eile a theastaíonn uainn a bhaint amach.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Is grúpa beag tuismitheoirí muid. Is bealach nua é seo dúinn. Ní taithí againn ar an saol seo nó ar bheith ag suí sna cathaoireacha seo.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an cuma sin oraibh.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Go raibh míle maith ag an Seanadóir. Is é seo an bóthar a roghnaíomar mar go mheasamar gur cheart dul i bhfeidhm ar na daoine a reachtálann agus a chuireann na dlithe nua i bhfeidhm. Is é foilsiúchán na reachtaíochta molta an rud a chuir buairt orainn agus a chuireamar ar an mbóthar seo. Níl muid tar éis a bheith i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna nó tar éis na ceisteanna a phlé leis.

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

É sin ráite, ba bhreá linn cruinniú a bheith againn leis an Aire Oideachais agus Scileanna. Ba bhreá linn a thacaíocht siúd a dhearbhú. Bheadh cur amach níos fearr ag an Seanadóir ar an gcéad chéim eile maidir leis an gComhchoiste Oideachais agus Scileanna. Beidh na Teachtaí Dála agus an tAire Oideachais agus Scileanna ag teacht le chéile leis an mBille agus na leasuithe ar an mBille sin a phlé go luath. Ba bhreá linn dá dtiocfadh linn cruinniú a eagrú leis an Aire Oideachais agus Scileanna chun é seo a chur faoina bhráid. Tá sé ráite linn go bhfuil sé faoina bhráid faoi láthair ach níl aon ráiteas faighte againn uaidh nó ón Roinn Oideachais agus Scileanna le rá go bhfuil sé chun glacadh leis nó go bhfuil sé ag tacú lenár n-aighneacht. Táimid tar éis tacaíocht a fháil ó eagraíochtaí Gaeilge cosúil le Glór na nGael, an Foras Pátrúntachta agus Conradh na Gaeilge. Tá ár n-aighneacht faoi bhráid coistí agus bord bainistíochta Gaeloideachas agus COGG. Táimid ag dréim le na heagraíochtaí Gaeilge agus na Teachtaí Dála a thabhairt linn. Ba mhór linn aon chomhairle, tacaíocht nó tionchar gur féidir leis an gcoiste a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceistín bheag ag an Teachta Ó Cuív.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Breathnaíonn sé go bhfuil fadhb faoi leith ag Gaelscoileanna go ginearálta, go mórmhór i soláthar a bhaint amach de bharr na critéir a úsáidtear, is é sin, go gcaithfidh formhór pobail in abhantrach bheith i bhfábhar scoil lán-Ghaeilge. Céard a cheapfadh na finnéithe den smaoineamh déileáil leis an easpa soláthair tríd an tír a bhriseadh síos ina abhantracha scoileanna lán-Ghaeilge agus dóthain soláthair a chur ar fáil i gcuile abhantrach? Mar atá i mBaile Átha Cliath, tá go leor scoileanna lán-Ghaeilge le habhantracha réasúnta bheag. Dá mba rud é nach raibh ach scoil amháin i gContae Liatroma, mar shampla, bheadh abhantrach ollmhór ag an scoil. De réir mar a d'fhásfadh an t-éileamh, d'fhéadfaí an dara scoil a bhunú nó méadú a chur ar an scoil atá ann. Déanfadh measúnú ar éileamh scoileanna lán-Ghaeilge ar an gcaoi sin.

Ní maith le duine ar bith aon duine a choinneáil ó oideachas trí mheán na Gaeilge. Ag deireadh an lae, is é freagra na ceiste seo ná dóthain soláthair a bheith ann do chuile dhuine atá ag éileamh oideachais trí Ghaeilge. Tá mé go hiomlán taobh thiar de seo. Tá garchlann agamsa atá á thógáil le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht agus an-dua caite ag labhairt na Gaeilge leo sa mbaile. Fuair beirt acu, ar a laghad, áit i scoil lán-Ghaeilge. Peaca a bheadh ann muna bhfaigheadh siad é sin. Ag an am céanna, ní maith liomsa daoine a fheiceáil agus oideachas lán-Ghaeilge á cheilt orthu de bharr nach bhfuil dóthain soláthair agus de bharr go bhfuil na rialacha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le dáileadh scoileanna go bunúsach mí-cheart, mí-chuí, mí-chruinn agus in aghaidh na Gaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheidh mórán deise againn na freagraí a fháil. An Seanadóir Ó Clochartaigh, go sciobtha.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Os rud é gur iarr na finnéithe an raibh aon mholtaí eile maidir le rudaí go bhféadfadh muid a dhéanamh, sílim go bhféadfadh muid scríobh chuig an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus an tAire Stáit Gaeltachta i gcomhthéacs-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go práinneach.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus iarraidh orthu sin tacaíocht a thabhairt. Ba chóir dúinn scríobh chuig an Taoiseach atá i gceannas ar an gcomhchoiste idir-rannach-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag iarraidh cúpla nóiméad a fháil do na freagraí.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----le tacaíocht iadsan a lorg ó thaobh Ghaeilge ag bord an Rialtais de chomh maith.

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Níl aon chinneadh oifigiúil déanta againn mar eagraíocht ar sin, ach bheadh muid an-shásta dá dtiocfaí ar chóras éigin a chuirfeadh an Ghaelscolaíocht ar fáil ar bhonn níos leithne. Tá sé tábhachtach gan dearúd a dhéanamh ar an meánscolaíocht, áit go gcuirtear amú cuid mhaith den obair a dhéanann na bunscoileanna nuair nach mbíonn an mheánscolaíocht ar fáil trí Ghaeilge in an-chuid ceantracha chomh maith.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a úsáidim an focal Gaelscoil, táim ag caint ar oideachas trí Ghaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Tá a fhios agam go teicniúil-----

Mr. Colmán Ó Drisceoil:

Tuigim.

Ms Siobhán Nic Gaoithín:

Tá an réamh-oideachas san áireamh ansin chomh maith ó thaobh naíonraí de agus a leithéid sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá daoine ag fanacht taobh amuigh den doras. Ó mo thaobhse, tá mise thar a bheith sásta nach bhfuil mí-thuiscint i gceist maidir le, mar a dúirt an tUas. Colmán Ó Drisceoil, constaic bhog a chruthú nó ligeant do dhaoine mí-úsáid a bhaint as an bhforáil. Níl aon mhí-thuiscint i gceist anois. Tá sé thar a bheith soiléir.

Gabhaim buíochas le na finnéithe. Luaigh Colmán Ó Drisceoil ardú meanman. Tugann Cearta Oideachais, mar dhream ag obair go deonach, ardú meanman dúinne leanúint ar aghaidh. Ní mór dom é sin a rá. Tá an t-uafás oibre déanta acu. Gabhaim buíochas leo ar son an choiste.

The joint committee went into private session at 3.54 p.m. and adjourned at 3.57 p.m. until 5 p.m. on Tuesday, 7 February 2017.