Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 March 2015

Joint Oireachtas Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

2:15 pm

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá córam sé comhalta i láthair agus mar sin tosóimíd an cruinniú. Tá leithscéal faighte ón Teachta Caitríona Ní Mhurchú, ón Teachta Michelle Mulherin agus ón Seanadóir Mac Conghail. Cuirim i gcuimhne do chomhaltaí a bhfóin phóca a mhúchadh. Táimid i seisiún poiblí anois.

Cuirim fáilte roimh Bébhinn Ní Shúilleabháin, Hannah Nic Diarmada agus Cártach Ó Faoláin as Meánscoil San Nioclás, Contae Phort Láirge, Hugh Whelan, Catríona Ní Raghallaigh agus Cuán Mac Liam Tóibín as Scoil Phobail Chionn tSáile, agus Conall O'Corra, Odhráin De Ruiseil agus Orla Nic Biorna as Coláiste Feirste, Béal Feirste. Tá fáilte roimh chách anseo inniu. Is cuid de Sheachtain na Gaeilge an cruinniú seo. Tá an onóir ormsa bheith i mo Chathaoirleach air. Gabhaim buíochas leis na trí scoil atá anseo inniu, leis na finnéithe agus leis na múinteoirí agus na daltaí atá san Áiléar Poiblí.

Tá trí ábhar ar an gclár inniu agus is féidir leis na finnéithe labhairt ar aon cheann dóibh san. Is leosan an rogha. Táim cinnte go mbeidh díospóireacht suimiúil agus spéisiúil againn leis na daltaí agus táim ag tnúth lenar mbarúlacha a chloisteáil. Labhraidh duine amháin ó gach scoil ar dtús agus leanfaimid ar aghaidh mar sin. Ina dhiaidh sin, beidh díospóireacht againn idir na daltaí agus na comhaltaí atá anseo. Tosnóimíd le Meánscoil San Nioclás. Ansan beidh Scoil Phobail Chionn tSáile againn agus críochnóimíd le Coláiste Feirste.

Iarraim ar an chléireach cúnta an ghnáthfógra a thugtar do gach finné a thagann ós comhair coiste Oireachtais a léamh

Clerk to the Committee:

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléide cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim anois ar an gcéad dalta labhairt ós comhair an choiste. Tosnóimid leis an ábhar "Ógra, Alcól, Drugaí agus Oideachas".

Ms Bébhinn Ní Shúilleabháin:

Is onóir mhór dom í a bheith anseo inniu chun labhairt leis an gcoiste ar an ábhar "Ógra, Alcól, Drugaí agus Oideachas". Is téama fíor-ghinearálta é seo agus mar amhlaidh do chách, tá a lán tuairimí agamsa ina thaobh. I dtús báire, tarraingfdh mé sreac-fhéachaint ar an scéim mar a fheictear domsa í. Ní shéanfaí go bhfuil clú agus cáil ag muintir na hÉireann de bharr an spraoi, an spóirt agus an criac atá mar de dhlúthchuid dár gcultúr. Is sinne a chumadh an focal "craic", nach sinn? Tá cáil orainn chomh maith as an oideachas den scoth atá sa tír. Oileán na naomh 's na n-ollamh a thugtar an an oiléan beag seo ach is amhlaidh go bhfuil droch-cháil orainn leis an dúil mhór atá againn san alcól. Is oth liom a rá go bhfuil an droch-cháil atá orainn, maidir leis an dúil atá againn i ndrugaí ag dul i mhéad in aghaidh an lae. Baineann alcól le gach ghné den ghnáth shaol sa tír seo. Is nós é.

Címid físeanna ar an Idirlíon de dhaoine ag glacadh páirte i gcluichí óil. Tuigimid ar fad na toscaí agus hiarmhairtí. Címid na fógraí gach aon lá ag tabhairt foláirimh dúinn faoin dochar a dhéanann an iomarca alcóil. Más duine tú atá faoi 18 a bhíonn ag ól, is scéal ollmhór é. Bíonn ort, de ghnáth, do chuid ólacháin a dhéanamh faoi rún agus bréaga a insint i dtaobh do chuid nósanna ólacháin. Nach droch nós é sin? Má bhíonn easpa macántachta agus easpa fírinne maidir le nósanna alcóil i dteaghlach, cruthaíonn sé sin easpa muiníne eatarthu as a chéile. Is scáth dorcha an t-alcólachas ar an dteaghlach ar fad nuair a chailltear iontaoibh dá dheasca.

Ag casadh ar scéal na ndrugaí, ceaptar gur scéal níos dorcha é scéal na ndrugaí, ach ní fíor é sin in aon chor. Is é an drochscéal ceannann céanna é faraoir. Tá drochrún dorcha ag roinnt le drugaí agus daoine den tuairim gur fearr a bheith rúnda agus tostach faoi agus iad a leanúint gaois an tseanfhocail gur binn béal ina thost, ach ní binn béal ina thost. Táimse ag rá nach binn in aon chor, ach a mhalairt. Bíonn andúileach ag baint le gach saghas drugaí, ó hearóin go halcóil go paraicéiteamól agus bíonn droch thionchar ag gach ceann díobh ar shláinte an duine i shlí amháin nó ar shlí eile - de chúis nach bhfuilimid ag caint faoi seo nó á phlé.

Creidim nach bhfuil go leor oideachais á chur ar aosóg na tíre ná ar an bpobal i gcoitinne faoi drugaí nó faoin gcontúirt mhillteach a bhaineann leo. Tá géarghá ann sinn ar fad a chur ar an eolas faoi na saghasanna drugaí atá ar fáil agus mar a théann siad i bhfeidhm ar an duine aonair nó a mhuintir. Tá andúiligh ríshoiléir sa tsochaí. Ní púcaí iad agus caithfimid aghaidh a thabhairt orthu.

Níl tuairim agamsa cad ba chóir dom a dhéanamh má thógann duine de mo chomhluadar ródháileog drugaí. Má chuirim fios ar na seirbhísí éigeandála, an mbeidh mise ciontach as a bheith sa chomhluadar ceanann céanna leo siúd a ghlac na drugaí? Ba dheacair cinneadh a dhéanamh is cás éigeandála romhat de dheasca an easpa eolais atá i réim in Éirinn mar gheall ar drugaí. Tá mistéir rómhór ag baint le scéal na ndrugaí agus táimid ar fad ag bá in umar seo an aineolais. Tá suim ag daoine sa cheist, gan dabht. Ní gá ach cuardach a dhéanamh ar an Idirlíon chun teacht ar go leor ceisteanna faoi drugaí agus faoin alcól. Is mithid dúinn tosnú ar na ceisteanna sin a fhreagairt. Ardaímis ualach an rúin agus tugaimis aghaidh ar fhírinne an tsaoil atá curtha faoi cheilt orainn i láthair na huaire.

Cad is Ógra ann? Is daoine sinn, daoine atá beo, daoine le smaointe. Níl aon ghá sinn a chur faoi chosc nó sinn a choimeád faoi smacht an aineolais. Tabhair muinín dúinn trí oideachas a thabhairt dúinn maidir le gach gné de drugaí agus d'alcól. Chruthaíomar an tsochaí seo agus ní cóir dúinn cosc a chur ar shreabhadh an eolais.

Is galar uaigneach í anandúil agus bíonn an t-andúileach ina aonar in áit an-dorcha go minic. Is féidir linn an fáinne fí a bhriseadh. Dá dtuigfeadh níos mó daoine cás an andúiligh, nach méadódh sé sin spiorad an duine? Fáiltím roimh na háiseanna nua atá á n-oscailt a thugann tacaíocht d'andúiligh agus dá mhuintir. Caithfear cur leis an tsaghas sin tacaíochta ar fud na tíre. Foghlaimígí uainn, éistigí linn agus éistfimid freisin. Foghlaimímis ó Labhraidh Loingsigh, an rí leis na cluasa capaill agus scaoilimis le hualach dorcha an rúin. Cuir oideachas cuí oiriúnach ar ógra na hÉireann mar gheall ar alcól agus drugaí. Is ar scáth a chéile a mhairimid. Go raibh míle maith agaibh.

Mr. Cuán Mac Liam Tóibín:

Is gradam doshéanta é seo domsa, Cuán Mac Liam Tóibín, dalta na hidirbhliana i bPobalscoil Cionn tSáile. Táim anseo chun plé a dhéanamh ar thionchar úsáid alcóil agus drugaí i measc daoine óga na tíre seo. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh d'íomhá na tíre seo i súile na hEorpa agus an domhain mhór. Tá sé soiléir gur tír rathúil í, go bhfuil borradh agus fás tagtha orainn i ngach gné den saol, go háirithe i gcúrsaí eacnamaíochta, sa chultúr, sa litríocht agus sa spórt. Is mór an cúis bróid dúinne an t-aosóg i gcoitinne. Dream cráifeach, croíúil, misniúil iad a bhfuil ar a gcumas an fód a sheasamh i súile an tsaoil mór.

An méid sin ráite, tá mallacht an dí agus an ragairne go trom sa mhullach orainn. Ar gach ócáid a mbíonn muintir na hÉireann ag ceiliúradh, úsáidtear deoch - ó bhaisteadh go bás. Is cuid de chultúr na tíre é an t-alcól. Tá sé chomh simplí sin. De bharr sin, éiríonn fadhbanna tromchúiseacha, fadhbanna pearsanta agus fadhbanna an phobail a bhagraíonn forbairt na ndaoine óga de bharr mhí-úsáid an alcóil. Tá sé chomh soiléir go bhfuil fadhbanna breise sa phobal.

I mo cheantar dúchais bhuailis leis na gardaí. Dúradar liom go raibh ceithre uair a chloig curtha amú acu ag tabhairt déagóirí ólta abhaile ó shráideanna an bhaile cúpla seachtain ó shin. Bhí formhór acu tite ar meisce. Cad faoi ndeara an droch iompar sin? Ar an gcéad dul síos bíonn roinnt daoine óga díomhaoin.

Ní ghlacann siad páirt sna clubanna áitiúla agus trialann siad an t-alcól mar chaitheamh aimsire. Ar an dara dul síos, tá fáil go héasca ar alcól. Ceannaíonn daoine níos sine é dóibh. Ar an tríú dul síos, le fianaise mo dhá shúl, tá íomhánna de mheisciúlacht feicthe agam ar Snapchat i rith na Nollag agus an sos leath-téarma.

Muna raibh cúrsaí ainnis a ndóthain, tá fadhb mhór againn sa tír seo agus í ag méadú in aghaidh an lae. Is í sin fadhb na ndrúgaí. Tá an fhadhb seo coitianta ar fud na tíre - i ngach paróiste, baile mór agus cathair. Tá mí-úsáid na ndrugaí go forleathan. Tá fios ag madraí an bhaile go bhfuil drugaí ar fáil ó cheann ceann na tíre. Tá na drugaí seo, bíodh siad bog nó crua, á dtógaint ag líon mhór daoine óga sa lá atá inniu ann. Cad chuige go bhfuil sé seo ag tarlú? Tá an-chuid cúiseanna leis. Tá daoine óga faoi bhrú agus faoi strus agus tá éalú uathu. Is éalú é seo a chosnaíonn a sláinte, go háirithe a sláinte intinne. Éiríonn a leithéid leadránach dóibh ansin agus teastaíonn uathu siamsaíocht níos láidre a fháil le drugaí.

Bhí mé ag caint le mo sheanmáthair faoin ábhar seo. Dúirt sí liom go raibh aithne ag mo sheanathair, a bhí ina gharda, agus na gardaí eile i gCorcaigh ar na mangairí drugaí i gCorcaigh. Bhí fios acu cé a bhí ag díol na drugaí ach bhí se an-deacair na drugaí agus na mangairí drugaí a fháil san áit chéanna. Nuair a bhíos ag caint le garda cúpla lá ó shin, chuir mé an cheist sin air: "An bhfuil fios agat cé hiad na díoltóirí drugaí?" Dúirt an garda liom go raibh sé an-deacair iad a ainmniú mar go mbíonn siad i gcónaí ag éirí níos cliste agus le clár teilifíse dá leithéid "Love/Hate" ar siúl, ní bheidh sé ach ag dul in olcas.

Céard faoi toitíní leictreonacha? Nach iad atá ag dul ó neart go neart? Tháinig siad ar an margadh cúpla blian ó shin. Is toitíní gan aon tarrra iad na toitíní leictreonacha. Níl sábháilteacht ag baint leo agus níl mórán taighde déanta orthu. Ní thuigeann lucht an n-úsáid an baol a bhaineann leo. Is féidir a bheith gafa leo. Tá rialú ag teastáil go práinneach sa tír seo maidir leo. Bíonn daoine chomh spleách orthu go mbíonn siad á n-úsáid i rith scrúduithe scoile.

Caithfidh go mbeadh an t-oideachas oiriúnach agus comhaimseartha. Is fusa é sin a rá ná a dhéanamh, mar bhíonn na drugaí ag síorathrú agus bíonn drugaí nua ag teacht ar an margadh i gcónaí. Bíonn slite nua ag lucht na mangairí chun an dallamullóg a chur ar na Gardaí. Sin an baol. Tá iarrachtaí á ndéanamh ag an Stáit agus ag na húdaráis troid in aghaidh na ndrugaí agus in aghaidh an dochar a dhéanann siad. Bíonn fógraíocht sna meáin agus sna scoileanna agus mar sin de. Adhmhaím go bhfuil géar-gha lena leithéid de ghluaiseacht ach ní dóigh liom gur leor é. Caithfear na barúin mhóra agus na dáilitheoirí a thabhairt ós comhair na cúirte agus iad a chur i bpriosún. Is daoine gan scrupaill iad agus déanann siad an-dochar do thodhchaí na tíre. Caithfear cath a thosnú in aghaidh na ndrúgaí. A luaithe is a thosnaíonn an cath sin, is fearr é. Táim dóchasach go gcuirfidh an ócáid seo leis an plé agus, le cúnamh Dé, feicfimid an cheist chonspóideach seo á phlé ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí amach anseo.

Gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as ucht an seans a thabhairt dúinne as Scoil Phobail Chionn tSáile ár dtuairimí agus ár smaointí a chur ós a chomhair inniu.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an tUasal Mac Liam Tóibín. Glaoim anois ar an chainteoir deireanach seo ar an ábhar seo. Ó Choláiste Feirste, tá Orla Nic Biorna againn.

Ms Orla Nic Biorna:

Inniu tá me le haird a thabhairt faoi rud atá mór i béal an phobail in Éirinn inniu. Is é an galar is measa sa tír seo. Is mallacht ar a thugtar. Oileán na naomh 's oileán na n-ollamh a deirtear. Bheadh "oileán na n-oltóirí 's na meisceoirí" níos fóirsteanaí. Beidh mé ag labhairt inniu faoi alcól i measc daoine óga sa tír seo. De réir taighde a rinneadh ar na mallaibh, dúirt déagóirí na hÉireann go raibh níos mó alcól acu ná mórán daoine óga sna tíre eile san Eorap. Lena hais sin, fuarthas amach go gcaitheann daoine óga sé agus seacht mbliana deag d'aois £20 ar an mheán ar alcól sa tseachtain. Is ionann sin agus margadh mí-dhleathach €145 milliún sa bhlain. Tá sé sin do-chreidte agus go hiomlán do-ghlactha. Tá sé scanallach nach féidir le polaiteoirí na tíre dul i ngleic leis an bhfadhb seo ar mhódh shásúil. Ar mhaith leo an fhadhb a réiteach? Sin í an cheist. B'fhéidir go gcaillfí an €145 milliún de gheilleagar na tíre.

Ach sin ráite, ní fhadhb í a bhaineann leis an aois óig amháin. Tá cultúr na tíre lochtadh go bhfuil an t-ólachán fite fuaite in achan ghné den tsaoil. Nach dtugfaimis uisce beatha ar an locht dúchasach sin agus nach "sláinte" a deirtear sular n-óltar deoch. Céard é an chineál teachtaireacht atáimid á thabhairt? In achan ócáid inár saol, tá cuma go bhfuil an t-ólachán lárnach sa chéiliúradh. Tagann leanbh ar an shaol. Óltar ar son sláinte an pháiste.

Bíonn baistí ann agus ólann na teaghlaigh. Ag breithlaethanta, baistí agus tórraimh, tarlaíonn an rud ceanann céanna. Ní nach ionadh go mbíonn daoine óga ag iarraidh a bheith ag ól, nuair atá sin sáite sa chultúr ón gcliabhán. Tá a fhios againn - an rud a chíonn leanbh, déanann leanbh.

Caitheadh €6.36 billiún ar an alcól in Éirinn i 2012 agus táim lán chinnte go bhfuil sin ardaithe arís i mbliana. Déanaigí macnamh ar sin - cóir agus €6 billiún. Caidé atá cearr linn nach dtuigeann muid an dochar atá muid ag déanamh dár gcoirp? Míneoidh mé an fhadhb daoibh. Tá an t-alcól normálta inár sochaí. Is gnáth rud do dhaoine fásta dul amach ag an deireadh seachtaine agus barraíocht a ól. Go dtí go n-athraíonn daoine fásta, ní athróidh na daoine óga. Is cuma cé mhéid tuarascála a dhéanann daoine óga ar alcól nó is cuma cé mhéid fógraí a dhéantar ar an dteilifís faoin dochar a dhéanann an t-alcól dúinn, mura n-athraítear an cultúr sin, ní athróidh na daoine óga. Fáinne fí atá ann. Tá dea-shampla de dhíth orthu agus faoi láthair níl daoine fásta ag déanamh beart de réir a mbriathar.

Ar bharr ar sin, tá an dóigh a amharcann an chuid eile den domhan orainn le plé. Séanann muid agus bíonn muid míshásta leis an dóigh a gcuirtear na hÉireannaigh i láthair sna meáin mar scaifte meisceoirí. Ach tá an t-am anois le freagracht a nglac linn féin. Ní mór dúinn an cultúir agus an tslí maireachtála atá againn a athrú. Ar ndóigh, tá áibhéil sa steiréitíopa seo, ach ní dóigh liom go bhfuil sé chomh fada sin ón fhírinne, go háirithe nuair a ghlacann muid leis na fáthanna a luaigh mé. Caidé réiteach na faidhbe? Táimid ag an phointe anois go bhfuil na fadhbanna a eascraíonn ón ólachán ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Tá seo ag cur brú ar sheirbhísí an Stáit, ar nós na n-otharlann, na n-otharchairr, na gardaí, an córas leasa shóisialaigh agus eile. Má leanann muid leis an nós seo, beidh anachain againn gan mhoill.

Tá rud éigin raidiceach agus réabhlóideach de dhíth orainn. Tá normáltacht de dhíth, ach bíodh sé gan alcól. Tá éisteacht suntasach de dhíth ar na ceantair is mó a bhfuil leibhéal arda alcóil iontu. Tuigim go rí-mhaith go bhfuil go leor áiseanna ann do dhaoine óga. Feicim na deacrachtaí atá i gceantair áirithe sa tír seo nuair nach bhfuil na seirbhísí cearta ar fáil iontu. I mo cheantar féin mar shampla, de bharr ciorruithe rialtais, táthar ag caint ar chomhlachtaí agus cumainn áirithe a dhruidim. Is codarsnacht ollmhór í seo. Caidé mar is féidir leis an Rialtas a rá linn fanacht amach ó alcól, gan barraíocht alcóil a ól agus a rá le daoine óga gan alcól a ól agus ansin áiseanna tábhachta phobail a dhruidim?

Ní mór don Rialtas aird a dhíriú ar an fhadhb seo. Caithfidh siad taighde a dhéanamh, eolas agus cruthúnas a fháil ó tíortha ina bhfuil an scéal níos fearr. Ní bheidh sin furasta. Ní athróidh an scéal thar oíche. Tá an cultúr seo greanta ionann leis na cianta agus beidh obair mhór le déanamh le sin a bhisiú. Oiligh na n-óltóirí agus na meisceoirí. An é seo an cultúr atá i ndán dúinn, an cultúr is ársa san Eoraip, báite go beatha sa bheoir. Go raibh maith agaibh.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag an tráth seo, tuig le baill an chomhchoiste ceisteanna a chur. Tosóimid leis an Teachta Seán Ó Fearghaíl.

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis an triúr atá tar éis sár cur i láthair a chur os ár gcomhair. Tá an-jab déanta acu. Ritheann sé liom gur mór an trua é nach gcloisimid i bhfad níos mó ón aosóg ag na coistí seo. Dhéanfadh sin an-chuid maitheasa, dá mbeadh an tseans againn cloisint uathu ar rudaí éagsúla a bhíonn idir lámha againn anseo.

Ba mhaith liom ceist a chur faoi fhadhb na ndrugaí, atá luaite ag an triúr acu. Tuigeann muid an damáiste fadtéarmach a dheineann drugaí do dhaoine. Tá ról le glacadh ag an córas oideachais maidir le déileáil leis an cheist seo agus ról le glacadh ag na meáin, go háirithe na meáin sóisialta. Cad a bheadh le rá ag na toscairí mar gheall ar an gcóras oideachais? Cad is féidir linn a dhéanamh laistigh den córas oideachais chun go mbeidh tuiscint níos fearr ag an aosóg ar an damáiste a thagann ó bheith ag úsáid drugaí?

An bhfuil bealach ar bith ann tríd na meáin sóisialta chun dul i dteagmháil go héifeachtach leis an aosóg?

Ms Bébhinn Ní Shúilleabháin:

D'fhéadfaimis cainteoirí, eolaithe agus andúiligh a bhfuil slán anois a thabhairt go dtí scoileanna agus clubanna óige chun caint faoin méid a théann duine tríd agus a bheith oscailte féin rud ar fad. Ba chóir an rún a thógaint as. Má bhainfimid an mistéir atá timpeall drugaí astu, ní úsáideadh iad chun troid in aghaidh an chórais. Má bhíonn muid oscailte agus labhrafaimid fúthu gach uile lá, ní bheidh aon rud ró-mhór ag baint leo. Beidh fios ag daoine na tionchair a mbaineann le tógaint drugaí. Ba chóir dúinn cainteoirí a fháil chun labhairt faoi úsáid drugaí i bhfad níos minicí.

Mr. Cuán Mac Liam Tóibín:

Caithfimid caint faoin fhadhb sna bunscoileanna. Tosnaíonn an fhadhb roimh freastal ar an mheánscoil. Má bhíonn an eolas ag na daoine sin ar an dochar agus an damáiste a dhéanann siad, b'fhéidir nach dtéadh siad ar taobh na drugaí nó an alcól.

Ms Orla Nic Biorna:

Ba chóir rudaí a chur ar siúl sa phobail agus áiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga sa dóigh is go bhfuil áit le dhul. Tá fios agam féin ó mo thaithí féin i mBéal Feirste nach bhfuil áit ar bith le dhul do na daoine óga. Mar sin, sheasann siad sna páirceanna agus sna háiteanna poiblí. Tá siad ag caitheamh toit agus ag ól toisc go mbíonn brú orthu. Ní bhíonn áit ar bith le dhul acu. Níl sé bainte go mhór ann leis an oideachtas. Ba chóir go mbeadh oideachas curtha ar fáil i dtaca leis an bhfadhbh seo ach is fadhb shóisialta é. Níl rudaí ar fáil dóibh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí neart ábhar machnaimh sa mhéad a bhí le rá ag an triúr finné go dtí seo. Tá cúpla ceist agam. I bhfianaise an méid atá á rá ag na finnéithe faoi níos mó cainte faoi drugaí agus mar sin de, an gcreideann na finnéithe gur chóir go mbeadh cannabas dleathach agus gur chóir go mbeadh sé ar fáil? Céard é bhúr dtuairim?

Mr. Cuán Mac Liam Tóibín:

Ní chóir dó bheith dleathach. Is fuath liom é. Is fuath liom go mbeadh daoine ag dul timpeall ag tógaint drugaí. B'fhéidir go mbaineann sin liomsa amháin, ach ní cheapaim go bhfuil sé ceart. Is druga é. Tá an t-ainm sin air. Más druga é, ní chóir dó bheith dleathach.

Ms Orla Nic Biorna:

Ní aontaím leis an tUasal Mac Liam Tóibín. Ba chóir dó bheith dleathach. Má tá comhlacht a dhíol, tá fios ag daoine cad tá ann. Bheadh sé níos sábhailte ná é a cheannach ó dhuine atá á dhíol ar an tsráid.

Ms Bébhinn Ní Shúilleabháin:

Is druga é alcól agus tá sé sin dleathach. De réir an t-eolas atá agam faoi, bíonn tionchar níos measa ag alcól ar chorp dhuine ná mar a bhíonn ag cannabas. Dá mbeadh sé dleathach, bheadh sé níos éasca é a rialú. Bheadh sé níos sábhailte mar sin do dhaoine é a thógaint. Bheadh sé níos éasca é a rialú dá mbeadh sé ar fáil i siopaí in ionad ar fáil ar an tsráid.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Freagraí an-mhaith atá ann. Is ceist í sin atá pléite sna Tithe seo. Níl daoine aontaithe faoin bhfreagra ar an gceann sin go fóill ach an oiread. Labhair na finnéithe faoi polaiteoirí. Fuair siad locht ar na polaiteoirí agus b'fhéidir go bhfuil an ceart ar fad acu maidir leis an gcóras oideachais agus mar sin de. Céard faoi ról an teaghlach sa mbaile ó thaobh cúrsaí ólachán de? Deirtear go bhfoghlamaítear nósanna ón baile. An chóir tacaíocht nó cúnamh a chur ar fáil? Céard is ceart dúinn a dhéanamh ó thaobh an nósaireacht ó thaobh óil agus drugaí i dtithe agus sa mbaile? An bhfuil aon smaointí ag na finnéithe faoi sin?

Go minic, foghlaimíonn daoine óga faoi bheith ag ól sa bhaile, ó mham agus daid nó pé duine atá sa mbaile acu. An bhfuil aon chúnamh gur cóir dúinne, mar pholaiteoirí, a thabhairt don teaghlach, don baile nó do thuismitheoirí sa gcaoi nach mbeidh an nós sin á bhunú sna tithe?

Ms Orla Nic Biorna:

Sílim go mbrathann sé ar an dóigh a dtugtar an páiste. Mar a dúirt mé, an rud a chíonn leanbh, is é a níonn an leanbh. Ach má cuirtear an eiseamláir cheart chun cinn agus má cuirtear in iúl dóibh na dáinséirí agus má cuirtear na rudaí atá cearr leis an t-ólachán chun cinn agus má tá sin ar eolas ag an bpáiste, beidh an t-eolas aige nó aici leis an rogha ceart a dhéanamh. Brathann seo ar na tuismitheoirí.

Mr. Cuán Mac Liam Tóibín:

Mar a deir an ráiteas, tuigeann Tadhg Taidhgín. Má bhíonn tuismitheoirí ólta an t-am ar fad, ní bheidh aithne ag na páistí ar aon shaol difriúil. Mar sin, bainfidh siadsan triail as le fáil amach cén fáth go bhfuil a dtuistí i gcónaí ólta. Ceapfaidh siad go bhfuil siamsa ag baint le bheith ag ól, go háírithe mar tá béim mhór sa bhaile ar an alcól agus drugaí. Ach ag an am céanna, braitheann seo ar an duine. Tá aithne agam ar a lán daoine nach mbíonn a dtuismitheoirí ag ól, ach téann na daoine óga sin ag ól an t-am ar fad. Braitheann sé ar an duine féin.

Ms Bébhinn Ní Shúilleabháin:

Ceapaim go mbeidh meon slán sa teach má bhíonn daoine oscailte lena chéile faoin alcól agus faoi drugaí. Múineann an máthair agus an t-athair dá bpáistí conas déileáil leo. Má thuigeann an duine an tionchar atá ag alcól agus drugaí agus muna bhfuil an t-ábhar seo faoi rún agus faoi cheilt, ní rachaidh sé thar barr leis. Ní ólfaidh sé nó sí an t-uasmhéid, mar tuigfidh siad an dochar gur féidir leis a dhéanamh mar d'fhoghlaim siad óna mhuintir gur féidir a bheith as do mheabhair leis. Má tá daoine oscailte sa mbaile agus má mhúineann tuismitheoirí dá bpáistí go bhfuil dáinséirí ag baint leis an t-ólachán agus drugaí, ach gur féidir leis na páistí teacht chucu agus labhairt leo fúthu, beidh cúrsaí i bhfad níos fearr.

Photo of Robert DowdsRobert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh na toscairí uilig anseo agus tá brón orm nach bhfuil an Ghaeilge chomh flúirseach agam agus atá sé acusan. Tá dhá cheist agam. Cad é bhur mbarúil nó bhur dtuairimí mar gheall ar an bhaint idir alcól agus spórt? An dara cheist ná, an measann siad go bhfuil baint idir alcól agus tús úsáid drugaí? Is é mo thuairim gur saghas "entry drug" é an t-alcól.

Ms Bébhinn Ní Shúilleabháin:

Maidir leis an t-alcól agus spórt, bíonn brú ar daoine. Má bhíonn duine fíor mhaith ag an spórt, bíonn sé ag na cleachtaí ar fad agus bíonn brú air gan alcól a thógaint. Ach más duine tú go bhfuil suim ollmhór agat i spórt, níor mhaith leat alcól a thógaint. Is rud pearsanta é seo agus níl gá agat leis agus níl suim ar bith agat ann. Ar bhealach, bíonn an duine seo cosanta ón alcól mar tá suim rómhór aige i spórt. Ta a fhios ag an duine seo go mbeidh droch thionchar ag alcól ar an spórt má thógann sé é. Tá an cás mar an gcéanna le drugaí.

Aontaím leis an Teachta gur slí isteach chuig na drugaí an t-alcól, ach muna bhfuil suim ag duine i ndrugaí ach má tá suim aige in alcól, ní gá go mbeadh trasnú eatarthu. Más duine láidir é an duine agus muna bhfuil suim aige i ndrugaí, ní thógfaidh sé drugaí. Is cuma má tá nó nach bhfuil alcól á thógaint aige.

Mr. Cuán Mac Liam Tóibín:

Maidir leis an t-alcól agus an spórt, má bhíonn an bua ag foireann i gcluiche mór, bíonn brú orthu dul amach ag ól ar feadh na hóiche.

Tar éis cluiche mhór a imirt agus corn a buachaint bíonn brú ort dul amach agus a bheith ag ól ar feadh na hoíche. Bíonn daoine ag tréanáil ar feadh na bliana agus gan braon alcóil a thógaint ach ansin don oíche sin bíonn siad ag ól agus ag ól. Is droch rud é sin mar chuir siad an obair isteach i rith na bliana. Más duine tú atá go maith ag an spórt agus má théann tú amach agus muna mbíonn tú ag ól bíonn gach duine ag rá, "Go on. Tóg braon alcóil". Is ansin a thosaíonn sé.

Maidir leis an alcóil agus tús na ndrugaí, ní cheapaim gur geata díreach é. Téann daoine ag ól agus ansin bíonn toitín acu oíche amháin agus ansin dhá thoitín. Tar éis na dtoitíní a ghlachadh ba mhaith leo siamsaíocht níos láidre. Ansin téann siad go dtí na drugaí. Is fadhb mhór í sin freisin. Ceapaim gur sin an geata: alcóil, toitíní agus ansin drugaí.

Ms Orla Nic Biorna:

Daoine atá ag dul don spórt, mar a dúirt Bébhínn, bíonn réim eiseamláir á leanstain acu. Níl siad ábalta dul amach agus a bheith ag ól achan oíche mar tá bia áirithe le bheith acu. Tá siad committed. Má tá tú ag dul don spórt beidh tú committed dó agus ní bheidh dú ag dul amach ag ól. Beidh an bia ceart le hithe agat gach oíche.

Sílim go bhfuil gaol idir an alcól agus na drugaí. Nuair atá daoine ar meisce níl siad ag smaoineamh mar is ceart agus tá an brú sóisialta orthu le bheith ag glacadh cannabis. Arís, braitheann sé ar phearsantacht an duine. Má tá tú ábalta "No" a rá leis an bhrú sin ní bheidh tú ag glacadh na drugaí.

Photo of Robert DowdsRobert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ón méid atá an triúr a rá, is léir go dtuigeann siad go bhfuil a lán dochair ag baint leis an alcól agus le drugaí. An é sin tuairim déagóirí i gcoitinne? Nuair a bhí mise i mo dhéagóir bhí fonn orainn tosú leis an alcól chomh luath agus a b'fhéidir linn. Sílim nach raibh a fhios againn go raibh an-dochar ag baint le húsáid alcóil. An bhfuil athrú ag teacht ar mheon na ndéagóirí inniu?

Photo of Michael McCarthyMichael McCarthy (Cork South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A Chuáin, ar mhaith leatsa tosú leis an gceann sin?

Mr. Cuán Mac Liam Tóibín:

Tá a fhios ag gach duine go ndéanann an alcól damáiste ach fós ba mhaith leo a bheith ag dul amach ag ól. Níl meas ar an alcól. Má íslítear aois an cheada tiocfaidh meas. Bhíos ag caint le comh-dhalta liom ón Ghearmáin. Tá cead acu a bheith ag ól sa Ghearmáin ag aois 16. Dúirt sé nach dtéann siad amach an iomad mar tá meas acu ar an alcól. Ní bhíonn meas ag aon duine i mo cheantar ar an alcól go dtí go sroicheann siad aois an cheada. Nuair a bhíonn siad in aois 15 nó 16 ba mhaith leo dul ag ól mar tá sé sa faisean agus tá íomhá rómánsúil aige ins na meáin.

Ms Orla Nic Biorna:

Aontaím go hiomlán leis an bpointe sin. Má tá brú ar dhaoine fanacht go bhfuil siad 18 mbliana d'aois beidh siad dí-mhaslach ar an alcól agus beidh siad ag dul thar fóir ag aois óg. Dá mbéadh an aois íslithe ní bhéadh an brú céanna orthu dul amach achan tseachtain. Ní chaithfeadh siad é sin a dhéanamh mar thig leo dul amach am ar bith ar mhian leo.

Ms Bébhinn Ní Shúilleabháin:

Is cinnte go bhuil fonn ar dhaoine dul amach ag ól, ach...

Photo of Robert DowdsRobert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir nach bhfuil mórán athrú tagtha mar sin.

Ms Bébhinn Ní Shúilleabháin:

Tá a fhios ag gach duine faoin droch thionchar. Níl aithne agam ar éinne a cheapann go bhfuil sé ar fheabhas don tsláinte.

Agus aois an cheada ag 18, nuair atá tú 16 nó 17 bliana d'aois braitheann tú go bhfuil tú chomh gar do aois 18 go mbeidh gach rud ceart go leor, agus téann tú thar fóir uaireanta. Ach nuair a shroicheann tú 18 tá an mistéir agus an draíocht go léir imithe. Bíonn meas ag daoine atá in aois 18 ar an alcól mar bhí sé acu cúig bliana ó shin. Má íslítear an aois ní bheidh an t-uasmhéid alcóil á thógaint chomh luath. Tuigeann tú ag aois 16 nach bhfuil sé i gcoinne an dlí é seo a dhéanamh agus mar sin níl fonn ort é a dhéanamh. Go hiomlán macánta, ní bhíonn fonn ort rud a dhéanamh má tá sé dleathach.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Anois, táimid ag dul ar aghaidh go dtí an chéad ábhar eile. Is é sin, ar chóir an aois vótála a ísliú go dtí 16 bliana d'aois? Táimid ag tosnú le Hannah Nic Dhiarmada, Meánscoil San Nioclás, Rinn Ua gCuanach.

Ms Hannah Nic Diarmada:

A chomhaltaí de Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltachta agus a chairde, tá ceist thábhachtach curtha os ár gcomhair anseo, ar chóir an aois vótála a ísliú ó 18 mbliana d'aois, mar atá faoi láthair, go dtí 16 bliana d'aois. Is é mo fhreagra ar an gceist seo ná gur chóir agus gur mithid dúinn í a ísliú.

Sin ráite, tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine den tuairim nach bhfuilimid aibí go leor nó cliste go leor chun cinntí móra ar cheisteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh, ach ní aontaim leo in aon chor. Is sinn ag trácht ar aibíocht is iomaí déagóir sa tír seo atá níos aibí ná a thuismitheoirí nó a chaomhnóirí féin.

Is iomaí déagóir ar aois 16 bliana atá i bhfeighil ar thithe, a réitíonn béilí don teaghlach, a ghlanann an teach agus a thugann aire do dhuine fásta. I ndaonáireamh na bliana 2006 bhí 3,166 feighlí idir 15 bliana d'aois agus 17 mbliana d'aois. Sin 3,166 duine óg le cúram daoine eile orthu i gcónaí. Smaoinigh ar an staitistic sin. Ni bhaineann aois le haibíocht i gcónaí. Ní thugtar aitheantas do na daoine óga seo, a bhfuil freagrachtaí móra orthu, toisc gur páistí iad. Níl sin ceart ná cóir.

Múnlaíonn cinntí polaitíochta ár dtodhchaí. Is linne an todhchaí sin. Ba chóir go mbéadh ár nguthanna le cloisint sna cinntí a shocródh an saol atá amach romhainn. Caithfear a chur san áireamh go bhféádfadh níos mó eolais ar cheisteanna polaitíochta a bheith ag déagóir 16 bliana d'aois ná mar a bhéadh ag duine níos sine ná é. Tá oideachas den scoth faighte ag an gcuid is mó de dhéagóirí. Cuireann a lán daoine i leith an aosa óig nach bhfuil aon suim againn i gcúrsaí polaitíochta, ach nuair a léirímid suim ní éistear linn. Deirtear linn gan a bheith buartha faoi. Deirtear linn nach dtuigimid an cheist i gceart ach ní thugtar an deis dúinn ár dtuiscint a chur in iúl. Ní thugtar an deis dúinn labhairt amach. Ní thugtar ardán ná cluas éisteachta dúinn. Is mithid don stát cluas éisteachta agus guth a thabhairt dúinn, agus ar an gcúis sin creidim gur chóir an aois vótála a ísliú go 16 bliana d'aois.

Glacann déagóirí páirt ghníomhach in eagraíochtaí sa phobal: Comhairle na n-Óg, Ógra Fianna Fáil, Ógra Fhine Gael, Ógras, Feachtas, na Gasóga agus a leithéid. Léiríonn daoine óga ceannaireacht gach lá dá saol agus tá fuinneamh agus am acu smaoineamh ar dhaoine eile agus ar na ceisteanna atá tábhachtach sa phobal. Tá guth ag teastáil uainn agus tuillte againn.

De réir an dlí, táimid aibí go leor chun a bheith ag obair agus cáin a íoc, ach más mar sin atá nach bhfuilimid aibí go leor chun vóta a chaitheamh? Ba cheart go mbéadh an ceart againn rialtas a phiocadh nó cinneadh a dhéanamh faoin tslí ina bhfuil ár gcáin á caitheamh. In Albain, sa Bhrasaíl, san Ostair agus i gCúba, íslíodh an aois vótála go 16 bliana d'aois le déanaí agus bhí líon na ndaoine a chaith vóta i bhfad ní b'airde dá bharr. Taispeánann sé seo go bhfuil suim ag daoine óga i gcúrsaí polaitíochta agus ina dtarlaíonn sa domhan ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Má tá siad aosta go leor agus aibí go leor freagrachtaí a ghlacadh ba chóir go mbéadh na cearta ag dul dóibh dá réir. Ba chóir an aois vótála a ísliú go 16 bliana d'aois.

Tá cead ag duine an scoil a fhágaint agus é 16 bliana d'aois. Tugann an stát an cead agus an tsaoirse dúinn an córas oideachais a fhágaint agus is aitheantas é seo ar an duine atá 16 bliana d'aois mar dhuine fásta atá aibí go leor chun dul amach sa saol mar dhuine neamhspleách. Is iomaí duine a chríochnaigh an scoil agus a d'imigh ag obair mar phrintíseach ná mar iascaire nó a leithéid agus é an-óg. Ghlac na daoine óga sin le freagrachtaí an duine lánfhásta go luath sa saol. Cruthaíonn an fhianaise seo nach bhfuil ciall ná réasún ag baint le cead vótála a chosc orthusan atá 16 bliana d'aois.

Stadann an stát ag tabhairt liúntas leanaí do thuisimitheoirí nuair a shroicheann an déagóir 16 bliana d'aois muna leanann sé ar aghaidh ar scoil. Is léir go n-aithníonn an stát gur deireadh le ré an pháiste é agus 16 bliana slánaithe ag an duine. Más amhlaidh atá, cad é an chúis nach dtabharfaí cead vótála dúinn ag an staid seo dár saol?

Agus duine 16 bliana d'aois, bíonn an saol mór ar a tháirseach. Bíonn an fuinneamh agus an tsaoirse againn ár dtuairimí féin a mhúnlú agus a nochtadh go neamhchlaonta sula gcuireann taithí an tsaoil ciniciúlacht i bhfeidhm ar ár smaointe. Is í 16 bliana an aois is oiriúnaí chun suim an déagóra sa pholaitíocht a spreagadh agus a mhúscailt trí aitheantas agus stádas a thabhairt dó. Ní bhéadh aon bheart ní b'éifeachtaí chuige sin ná cead vótála a thabhairt don té atá 16 bliana d'aois. Ar an gcúis sin impím oraibh, ar leas na tíre, an aois vótála a ísliú go 16 bliana d'aois.

Ná bíodh eagla orainn guth a thabhairt don óige. Mar a deir an seanfhocal, Mol an óige agus tiocfaidh sí. Íslígí an aois vótála go 16 bliana d'aois. Ní bheidh aiféala oraibh, geallaimse daoibh.

Mr. Aodh Ó Faoláin:

A mhuintir an Oireachtais agus a lucht éisteachta, Aodh Ó Faoláin is ainm dom agus is cúis bróid domsa a bheith anseo ag labhairt libh faoi ábhar atá gar do mo chroí. Táim sa chúigiú bhliain i Scoil Phobail Chionn tSáile agus tá sé thar am dúinn sa tír seo an aois vótála a ísliú go 16 bliana.

Sa lá atá inniu ann in Éirinn tá trí fhadhb mhór againn, dar liomsa. Níl aon suim ag formhór an aosa óig i gcúrsaí polaitíochta sa tír, níl go leor eolais acu faoi agus níl aon ghuth ag déagóirí faoi 18 i gcúrsaí polaitíochta i láthair na huaire.

Ar an gcéad dul síos, is fíor a rá nach bhfuil ach suim an-bheag ag daoine óga in Éirinn sa pholaitíocht. Déanann rudaí cosúl leis an ábhar, oideachas saoránach, sóisialta agus polaitíochta, OSSP, sa teastas sóisearach agus na cumainn polaitíochta do dhaoine óga in Éirinn iarracht an fhadhb a réiteach, ach bíonn siad ag streachailt le heaspa suime i gcónaí.

Tá suim speisialta agam féin sa pholaitíocht toisc gur tógadh mé leis. Spreag mo thuismitheoirí mé mo thuairimí féin a fhorbairt faoi chúrsaí reatha agus faoin tábhacht a bhaineann lena bheith eolasach faoi pholasaí stáit atá díreach bainteach le daoine óga. Táim féin i mo bhall de Pharlaimint Óg na hEorpa anseo in Éirinn, eagraíocht ina bpléann daoine óga cúrsaí polaitíochta na hEorpa. Is iontach a bheith páirteach in eagraíocht mar seo agus paisean mo chomhghleacaithe a fheiceáil, ach tá sé soiléir nach bhfuil na hiarrachtaí seo láidir go leor chun spéis sa polaitíochta a chothú san ógra.

De réir na staitisticí, i 2007 bhí Éire ar cheann des na tíortha is measa san Eoraip nuair a tháinig sé chuig vóta na n-óg. Níor úsáid ach an ceathrú chuid de dhaoine idir 18 agus 24 an vóta. Is léir go bhfuil fadhb ann imeasc na n-óg mar tá leisce orthu an vóta a úsáid, agus rachadh isliú an aois vótála ina chéad chéim chun an fhadhb seo a réiteach. Má fhaigheann daoine óga an vóta ag 16 spreagfaidh an ceart nua iad chun é a úsáid. Bíonn am acu sa chúigiú nó san idirbhliain smaoineamh faoi agus é a phlé ar scoil. Cothóidh sé suim imeasc na n-óg i gcúrsaí rialtais a bhéadh ann i gcomhair a saoil.

An dara fhadhb a fheicimse i dtaobh na bpolaitíochta in Éirinn ná nach bhfuil aon ghuth ag daoine óga faoi 18 i gcúrsaí na tíre. Is í an óige todhchaí na tíre agus ní bhíonn aon seans acu a dtuairimí a léiriú go dtí go mbíonn siad níos sine. I láthair na huaire bíonn a lán ceadaithe éagsúla ag daoine ag aois 16. Oibrím féin go páirtaimseartha, íocaim cáin ioncaim, tiomáinim an carr le mo dhaid ach deirtear nach bhfuilim aibí nó ciallmhar go leor chun votáil. Caithfimid an fhadhb seo a réiteach.

Má íslítear an aois vótála gheobhaidh na daoine óga an guth atá ag teastáil uathu. Tá an togra seo ceangailte leis na hábhair eile atá á phlé inniu. Caithfidh daoine óga guth oifigiúil a bheith acu i dtaobh na bhfadhbanna atá acu. Tabharfaidh an vóta seo aitheantas dóibh mar chathróirí na tíre.

An fhadhb dheireannach ar mhaith liom a phlé ná an easpa eolais atá ar fáil do dhaoine óga i dtaobh chúrsaí pholaitiúla in Éirinn. Molaim an t-ábhar OSSP toisc go ndéanann sé iarracht an t-eolas a thabhairt do dhaoine ón chéad go dtí an tríú bhliain. Molaim an t-eolas atá ar fáil do dhaoine óga ar líne, go pointe áirithe, ach dá gcuirfí ceist ar deichniúr duine óg cérbh é nó í a Teachta Dála nó céard atá á phlé sa Dáil an tseachtain seo ní bhéadh a fhios ag an bhformhór. An fhadhb atá ann nó go bhfuil sé ag braith ar an duine aonar an t-eolas seo a aimsiú. Tar éis an chúrsa OSSP a chríochnú ní chaithfidh tú tú féin a spreagadh i gcúrsaí polaitiúla i do shaol munar mhian leat. Níl aon suim ag daoine an t-eolas a aimsiú muna bhfuil sé ar Twittter no Facebook agus, dá bharr sin, bíonn daoine óga aineolach faoi chúrsaí na tíre.

Mar a deir an seanfhocal, "an fonn a dhéanann an fiach". Má chothaímid suim san ógra i gcúrsaí polaitiúla déanfaidh siad iarracht an t-eolas a aimsiú. Cothóidh an togra seo an suim iontu, dar liom. Má tá an vóta ag daoine ag aois 16 tá siad díreach tar éis an chúrsa OSSP a chríochnú. Tá an t-eolas a fuair siad fós ina n-aigne agus fós beo beathach, in ionad ag aois 18, nuair atá an t-eolas dearmadta acu. Rachaidh an chuid is mó go dtí an idirlíon, áit atá a lán le heolas, ach tá baol ann mar go mbíonn sé claonta nuair nach mbíonn an pictiúr iomlán ann. Dá dtiocfadh an togra seo isteach in Éirinn chaithfimís a bheith cúramach go mbéadh daoine ar an eolas faoi bhréaganna agus faoi eolas gan substaint nó bunús a feictear ar an idirlíon.

Deir daoine atá i gcoinne an íslithe go mbéadh sé ró-éasca eolas claonta nó radacach a thabhairt do dhaoine óga thar na meáin sóisialta agus go n-aithreodh sé an vóta. Ach, san Ostair is é 16 an aois vótála ó 2007 agus nuair a d'fhéachadh ar conas a vótáil daoine idir 16 agus 18 ins an toghchán i 2013, chonacthas go raibh sé mar an gcéanna leis an gcuid eile den phobal. Ní raibh an vóta níos radacaí ann.

Ag deireadh, tá a lán buntáistí ag baint leis an aois vótála a athrú. Réiteodh sé fadhbanna móra polaiticiúla. Ná dearmadtar gur dúradh na rudaí ceannann céanna faoi na mná ag tús na fichiú aoise nuair a bhí ceart vótála á lorg acu. Is deacair linn é sin a chreidiúint anois. Ná déantar dearmad gur athraigh an aois vótála ó 21 go 18 sa bhliain 1973, rud conspóideach ag an am, gan dabht. Ní rud nua é ísliú an aois vótála agus is athrú dearfach é. Ina iomlán agus tar éis gach rud a phlé, déarfainn go bhfuil níos mó maitheasa ná donais ag baint leis an athrú.

Go raibh maith agaibh as ucht bhur n-éisteacht.

Mr. Conall O?Corra:

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí, a chomhdhaltaí agus a comrádaithe Gaelacha. Is mise Conall O'Corra agus tá mé anseo inniu chun aois vótála na tíre seo a chur faoi bhur mbráid.

Sula chuirim tús le mo chuid cainte ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltachta as cuireadh a thabhairt dúinn freastal ar an ócáid speisialta seo. Caithfidh mé a admháil go bhfuil bród as cuimse orm a bheith mar ionadaí anseo do Ghaeil óga Bhéal Feirste.

Tá mé cinnte go bhfuil cuimhne nach beag ag gach aon duine sa tseomra seo ar an aois thábhachtach seo, 16 bliana. Is club faoi leith í a 16, go cinnte. Feicimse féin go speisialta na polaiteoirí sa tseomra seo, ag smaoineamh siar go dtí na laethanta sin. B'fhéidir gur thig liom sibh a iomrá agus sibh a 16, tá gruaig fhada oraibh an uair sin, nó b'fhéidir nach bhfuil roinnt agaibh chomh maol le croí mo bhoise, mar atá anois.

Is í Fuascailt na nDéagóirí teideal mo chuid oráide, ó tharla go bhfuil fuascailt na gCaitliceach á dhéanamh sa rang staire agam i mbliana. Ach ná bíodh imní oraibh, a chairde Gael. Beidh mise ag argóint ar son vótála do dhéagóirí tré mheán na Gaeilge, rud nach ndearna an fuascaltóir é féin.

Ag deireadh mo chuid cainte ní bheidh dabht ar bith ann gur cheart don Rialtas an aois vótála a ísliú go 16. Nuair a bhaineann tú 16 amach bronntar i bhfad níos mó cearta ort agus is féidir leat moll mór rudaí nua a dhéanamh don chéad uair. Ná déantar dearmad go bhfuil cónaí ormsa i mBéal Feirste agus is olc liom a rá go bhfuilimid go fóill faoi smal ag na Sasanaigh agus riail na Breataine. Mar sin de, beidh mé ag déanamh tagairt do rialacha agus dlíthe difriúla atá i bhfeidhm ó thuaidh agus nach bhfuil reachtaithe sa Saorstát. Ina ainneoin sin, measaim go dtabharfaidh mo chuid cainte ábhar machnaimh daoibh. Ag tiomáint mópéide, ag ceannach ticéid don crannchur náisiúnta, ag amharc scannán a bhfuil brollach baineann maol ann; cha raibh mé ábalta seo a dhéanamh anuraidh ach is féidir liom é anois, agus mé in aois 16. Tchítear dom go bhfuil sé aisteach gur féidir leat, go dleathúil, an scoil agus teach do thuismitheoirí a fhágáil ag 16 ach nach bhfuil tú in ann vótáil. Is é mo mheas ná má tá tú aibí go leor chun tú féin a chothú i do theach féin gan tacaíocht ó do thuismitheoirí go bhfuil tú aibí go leor chun vótáil.

Ar an taobh eile den scéal, tá déagóirí 16 d'aois ábalta dul i mbun oibre. Ardaíonn seo ceist faoi chearta na n-oibrithe. Nach luíonn sé le ciall má íocann déagóirí cáin go bhfuil an ceart ag na déágóirí céanna a mbarúil a nochtadh ar cén dóigh a caitear cúrsaí cánach? Sílim é.

Thairis sin, nuair a thiontaíonn tú 16 ins na sé chontae faoi sheilbh, is féidir leat post a fháil san arm. Anois, ní dóigh liom go mbéadh móran suime ag duine ar bith i gColáiste Feirste, mé féin go mór san áireamh, a bheith mar bhall de arm na Breataine ach fós féin, tá an deis ar fáil. Cuireann sé déistin orm go mbéadh Rialtas na Breataine sásta gunna a chur i mo láimh agus mé a imlonnadh áit ar bith ar domhan ach ní bhéadh sé sásta éisteacht le mo dhearcadh polaitiúla ar an chogadh céanna.

Ach tá Rialtas na Poblachta ciontach den rud céanna. Níl ach bliain amháin sa difir san aois earcaíochta airm.

Lena chois sin ba mhaith liom tagairt a dhéanmh do cheist chigilteach eile. Ó thuaidh, nuair a bhaineann tú 16 amach creidtear go bhfuil tú lán-fhásta go leor agus caithfidh tú colla a bheith agat. Tuigimid uilig go bhfuil go leor dainséir ag baint leis seo, galair gnéis agus toircheas go príomha. Tá aithne fíormhaith agam ar thuismitheoirí óga in iarthar Bhéal Feirste, Gaeil óga 16 nó 17 mbliana d'aois, le páiste amháin nó le beirt agus iad ag déanamh jab sár mhaith ag tógáil a gcuid páistí. Tá tithe ag na tuismitheoirí óga seo, oibríonn siad go lán aimseartha, íocann siad a gcáin ach caitear leo mar shaoránaigh den dara grád, gan guth, gan vóta. Braithim féin go bhfuil seo náireach ar fad.

Níl mise liom féin ins na tuairimí seo. Tá Alex Salmond, iar-Phríomh Aire na hAlbain go mór i bhac liom fosta. Léirigh sé é seo nuair a rinne sé beart lena bhriathar agus d'ísligh sé an aois vótála in Albain go 16 leis an reifreann neamhspleáchais, ar bheag ar éirigh leis. D'fhoilsigh sé preas ráiteas ag an am a rá, "Má cheapann an Rialtas go bhfuil duine 16 bliana d'aois sean agus aibí go leor chun pósadh nó troid san arm tá sé in am vóta a thabhairt dó nó di i gcinní a bhaineann le todhchaí na tíre". Amharc ar caidé a tharla in Albain. Spreag Salmond glúin óg nua le suim agus spéis a chur i gcúrsaí polaitíochta. Tháinig na déagóirí ins na sluaite agus phlódaigh siad na stáisiúin vótála. Chaith 3.6 milliún a vóta ar cheist an neamhspleachais agus bhí os cionn 100,000 faoi 18 mbliana. Cé gur spreag mo chomharsana ceilteacha mé, bhí mé meallta ag an am céanna mar gheall gur thuig mé nach mbéadh an deis céanna agamsa ins na toghcháin atá ag teacht ins na sé contaetha faoi sheilbh gan mhoill.

Mar fhocal scoir, deirtear go dtagann ciall le haois. Creidim féin gur cheart dúinn an seanfhocal seo a leasú mar leanas, go dtagann ciall le 16 bliana d'aois. Impím ar Rialtas na Poblachta dea-shampla ár gcomharsana Albanacha a leanstain. Déanfar glúin óg fhuinniúl a spreagadh chun páirt níos croíúla a ghlacadh inár sealbh. Tabhair dúinn fuascailt na ndéagóirí. Mol an óige agus tiocfaidh sí.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacfar le ceisteanna ag an am seo. Iarraim, i dtosach ar an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá áthas orm a bheith in ann a rá go n-aontaím libh, mar an polasí atá ag páirtí s'againne, Sinn Féin, ná an aois vótála a ísliú. Ní bheimid ag troid faoi sin. Rinne sibh an cur i láthair agus chruthaigh sibh go paiteanta gur cheart agus go bhfuil sibh breá ábalta bhur n-intinn féin a dhéanamh suas agus dúshlán a thabhairt do na polaiteoirí.

Ar mhaith le duine ar bith agaibh a bheith ina pholaiteoir, ina Chomhairleoir Chontae, a Theachta Dála nó feisire Eorpach?

Mr. Cárthach Ó Faoláin:

Tá suim agam féin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Agus an dara chuid den cheist sin ná cén fáth?

Ms Hannah Nic Diarmada:

Tá suim agam sa pholaitíocht ach, le bheith macánta, níl mórán taithnimh agam a bheith i mo pholaiteoir.

Ms Hannah Nic Diarmada:

Ní bhéadh an fhoighne agam dó. Tá a lán argóint agus teacht timpeall. Níl aon appeal ann dom.

Mr. Aodh Ó Faoláin:

Bhéadh suim agam sa pholaitíocht ach ní bhéadh suim agam a bheith i mo pholaiteoir. Is post an-dheacair é, a bheith ag déileáil le daoine ag argóint leat an lá ar fad. Ní bhéadh suim agam ina leithéid.

Mr. Conall O?Corra:

Bheinn i mo pholaiteoir thíos anseo ach chan thuas sa Tuaisceart. Bheinn thíos anseo.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá súil agam go mbeidh sibh ag iarraidh a bheith mar pholaiteoirí. Ní hamháin go dteastaíonn vótaí ó dhaoine de bhur n-aois ach teastaíonn polaiteoirí níos óige chomh maith. Bhí sibh ag caint faoin ghruaig ar ball. Tá fadhbanna ag cuid againn leis sin. Tá súil agam go bhfeicfimid cuid agaibh ar ais mar pholaiteoirí.

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is trua liom go bhfuil mé déanach agus caithfidh mé filleadh ar an Dáil go luath. Ba mhaith liom go chomhgairdeas a thabhairt do gach duine a tháinig anseo go bhfuil Gaoluinn bhinn bhlasta ó gach chuid den tír agaibh. Molaim go mó an réamhobair atá déanta ag na cainteoiri, go mórmhór an méid a chuala mé faoi vótaí do dhaoine atá idir 16 agus 18.

An rud is annamh is iontach, daoine óga agus Gaoluinn acu ag caint san Oireachtas faoin cheist thábhachtach seo. Sin rud an-mhaith ar fad.

Tá mise i bhfábhar vótaí a bheith ag daoine idir 16 agus 18 bliana, ach caithfear an scéal sin a scaipeadh do gach duine eile sa Teach. Tá a fhios agam nach bhfuil an Rialtas ag déanamh an bhirt i mbliana, nó roimh an olltoghcháin, ach fágann sin go bhfuil an t-am sin againn chun réamhullmhú a dhéanamh. Má bhualann sibhse agus bhur gcomhghleacaithe le polaiteoirí sa Dáil, sa tSeanad nó ins na comhairlí contaethe beidh níos mó measa oraibh ag daoine atá ar an taobh eile den cheist seo. Caithfidh sibhse an brú a chur orainne éisteacht libh. Sin an bun rud.

Tá sé an-dheacair ag polaiteoir daoine óga a spreagadh, fiú amháin chun díospóireacht a dhéanamh. Tá deighilt mhór idir thuairimí dhaoine óga agus daoine fásta, if that is not too obvious a point. Caithfidh daoine óga feachtas a dhéanamh ar an gceist seo agus í a chur os comhair ghnáth mhuintir na hÉireann. Spreagfadh sé sin daoine chun éisteacht. Caithfimid an beart sin a dhéanamh. Caithfear an t-ullmhú sin a dhéanamh.

Arís, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé an-thábhachtach go bhfuil sibh anseo ag caint trí Ghaoluinn ar na hábhair seo. Sin rud iontach. Tá sé ró-annamh.

Photo of Robert DowdsRobert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá suim agam sa mhéid a bhí le rá ag Hannah agus ag Aodh. An deireadh seachtaine seo caite bhí mise ag ard fheis Pháirtí an Lucht Oibre. Bhí an Teachta Joan Burton ag rá go raibh scannradh uirthi seasamh mar pholaiteoir nuair a bhí sí níos óige. An rud a d'athraigh a meon nár gur iarr Dick Spring uirthi seasamh agus go raibh air í a mealladh isteach sa pholaitíocht. Rud eile a bhí tábhachtach di ná nuair a chonaic sí Mary Robinson ag seasamh don uachtaránacht. Tá sé an-thábhachtach go dtiocfadh daoine óga isteach sa pholaitíocht. Mar sin, tá súil agam go dtiocfaidh athrú intinne oraibh. Ag an am chéanna, tá sé tábhachtach go bhfuil baint ag polaiteoirí leis an saol roimh dul isteach i bpolaitíocht. Ar shlí amháin tá sé níos fearr do pholaiteoirí a bheith ag obair i jab eile roimh dhul isteach sa saol polaitíochta. Is mar sin a thuigfidh siad saol na ndaoine. Tá súil agam go mbeidh athrú intinne ag teacht oraibh.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Muna bhfuil aon rud eile le rá ar an ábhar seo rachaimid ar aghaidh go dtí an chéad ábhar eile. An bhfuil sibh sásta go bhfuil an cheist seo clúdaithe go maith? Tá.

Ábhar an-thábhachtach go deo atá á phlé an t-am seo, meabhairshláinte na n-óg a chosaint. An chéad chainteoir a bheidh againn ná Cárthach Ó Faoláin, Meanscoil San Nioclás, Rinn Ua gCuanach.

Mr. Cárthach Ó Faoláin:

A dhaoine uaisle, tá mé fíorbhuíoch díbh as an gcuireadh a thabhairt dom a bheith anseo inniu chun labhairt libh faoina thábhachtaí atá sé meabhairshláinte na n-og a chosaint.

Aithníonn an Rialtas gurb é atá i gceist le meabhairshláinte ná staid áineasa ina dtagann gach aoinne chun a chumais féin, sa tslí gur féidir leis déileáil le gnáthbhrúnna an tsaoil, gur féidir leis obair go táirgiúil is go torthúil, is gur féidir leis cur lena phobal féin.

Dá bhrí san creidimse go bhfuil sé ríthábhachtach meabhairshláinte na n-óg a chosaint le deimhniú go bhfuil aos óg na hÉireann inniúil a mianach féin a bhaint amach, is deileáil leis na brúnna laethúla a gcastar orthu.

Táim cinnte go n-aontódh baill den gCoiste go bhfuil ionchur na n-óg lárnach i ndul chun cinn an phobail. Tá samplaí den dea-obair a dhéanann aos óg na hÉireann chun meabhairshláinte a chosaint, le feiscint in obair agus in fheachtais Chomhairle na nÓg, Foróige, SpunOut, HeadStrong, Youthwork Ireland agus grúpaí eile nach iad. Tá ardmholadh tuillte ag na heagrais seo mar gurb iadsan a chinntíonn go mbíonn rath ar an dea-obair a dhéantar. Ach ní leor feachtais mar seo i ndáiríre leo féin, tá gá le tacaíocht ón Rialtas agus ó bhaill an Oireachtais. Mar sin iarraim ar bhaill den gcoiste seo, tacú le hiarratas na n-óg agus tathaint ar an Rialtas seirbhísí agus eolas a chur ar fáil do dhaoine óga.

Féachaimís ar Chomhairle na n-Óg mar shampla, eagraíocht ina bhfuilimse páirteach. Mar fheidhmeannach náisiúnta do Chomhairle na nÓg Phort Láirge, is féidir liom a dhearbhú daoibh go bhfuil aos óg na hÉireann as aon réigiún is triocha tar éis meabhairshláinte a roghnú mar thopaic gur gá tosaíocht a thabhairt di ag Dáil na nÓg 2013. Is é sin le rá gur chinn Comhairle na nÓg, guth oifigiúil na hóige, díriú ar mheabhairshláinte mar go dtuigeann daoine óga a thábhachtaí agus atá sé meabhairshláinte na n-óg a chosaint.

I staidéar a foilsíodh sa leabhar The Spirit Level cruthaítear go dtéann éagothroime eacnamaíochta i bhfeidhm go mór ar mheabhairshláinte an duine óig. In Éirinn, tá an 20% is saibhre den daonra, thart ar sé huaire níos saibhre ná an 20% is boichte. Aontóidh sibh liom nach féidir neamhaird a dhéanamh ar an bpointe seo. Is í an éagothroime seo is cúis le cuid mhaith de na fadhbanna meabhairshláinte in Éirinn agus os rud é go bhfuil an Rialtas freagrach as an éagothroime seo, caithfidh sé gach iarracht a dhéanamh comhionannas eacnamaíochta a chur chun cinn sa tsochaí agus gach tacaíocht a sholáthar, chun meabhairshláinte na n-óg a chosaint.

Mí Aibreáin seo caite d’fhreastal mé ar sheoladh chreatlach an pholasaí náisiúnta do dhaoine óga is do pháistí 2014-2020, Better Outcomes and Brighter Futures, agus is ansin a fuair mé go leor den eolas atá á roinnt agam libhse anseo inniu. Ag an ócáid sin fuair daoine óga geallúintí ón Rialtas agus ó Ranna Stáit éagsúla go gcuirfí i bhfeidhm na moltaí a bhí luaite chun feabhas a chur ar chórais éagsúla.

Thug mé faoi ndeara go raibh an líon ard déagóirí a bhí á bhféinghortú agus ag cur lámh ina mbás féin ag tiomáint an pholasaí úd. Fáiltíodh go mór roimh gheallúint an Rialtais go mbeadh teacht ag daoine óga, go háirithe iadsan atá idir 16 agus 17 mbliana d’aois, ar sheirbhísí meabhairshláinte. Níl go leor tacaíochta ar fáil sna scoileanna agus creideann go leor de na daltaí nach bhfuil ag éiri leis an gclár OSPS. Tá gá go mbéadh cabhair cheart ó dhaoine oilte ar fáil i scoileanna chun meabhairshláinte na n-óg a chosaint.

Iarraimid oraibh go gcuirfear ionaid eolais agus tacaíochta mar atá in JIGSAW ar fáil ar fud na tíre. Tá ag éirí go hiontach leosan ach faraor nach bhfuil go leor dá leithéid ann. Creidim go réiteofaí cuid mhaith de na fadhbanna dá mbeadh rochtain ag daoine óga ar sheirbhísí meabhairshláinte.

Chas mise 17 mbliana inné agus tuigim go dtagann fadhbanna meabharshláinte chun cinn sna déaga déanacha. Agus sinn ag iarraidh ár bhféiniúlacht féin a dhaingniú, is minic go n-éirímid buartha faoinár gcairdis, ár gcaidrimh, ár dteaghlaigh, ár ngnéaschlaonadh agus fiú amháin faoinár bhféiníomhá agus ár dtodhchaí. Ní nach ionadh mar san go dtagann 75% d’fhadbanna meabhairshláinte chun cinn sna blianta idir 16 agus 20. I gcásanna áirithe déantar an-damáiste do mheabhairshláinte agus do shláinte an déagóra nuair a théann an duine óg i muinín na ndrugaí agus an alcóil chun éalú ón lionndubhachas.

Céiliúradh 25 bliain de Chomhdháil na Náisiún Aontatithe ar Chearta an Linbh mí na Samhna seo caite agus baineann gach ceann de na cearta sin le meabhairshláinte, ar shlí amháin nó ar shlí eile. Má táthar chun na cearta sin a chur i gcrích in Éirinn, mar a deirtear go bhfuil, caithfear tosaíocht phráinneach a dhéanamh de mheabhairshláinte na n-óg agus í a chosaint.

Caithfidh an Rialtas teacht chun tuisceana ar na gnéithe a chuireann meabhairshláinte dhiúltach chun cinn i measc na hóige agus caithfear polasaí dearfach agus gníomhach a chur i bhfeidhm chun aos óg na tíre a chumasú chun fadhbanna meabhairshláinte a aithint, a admháil agus a shárú le tacaíocht.

Mar sin a bhaill den Oireachtas, ná bímís faillíoch i dtaobh chearta an linbh a chur i gcrích do gach duine óg sa tír seo. Tugaigí aire, aird agus fuinneamh chun meabhairshláinte an aosa óig a chosaint trí eolas, feasacht, cuimsiú sóisialta, comhionannas agus tacaíocht a chur chun cinn. Tá todhchaí na tíre seo, gur geal linn ar fad, ag brath ar bhur gcuidne iarrachtaí, ár meabhairshláinte a chosaint.

Go raibh míle maith agaibh.

Ms Caitríona Ní Raghallaigh:

A mhuintir Thithe an Oireachtais, gradam nach beag dúinn bheith anseo libh chun an ráiteas, meabhairsláinte na n-óg a chosaint, a scagadh. Is mise Caitríona Ní Raghallaigh. Is scoláire ardteiste mé i Scoil Phobail Cionn tSáile.

Sula dtosnaímid ar phlé a dhéanamh ar mheabhairshláinte a chosaint, is ceart dúinn ceist bhunúsach a fhreagairt. Cad iad na comharthaí sóirt de dhaoine óga i mbarr a meabhair shláinte? Feictear dom go mbíonn na déagóirí sin muiníneach, gníomhach agus sásta leo féin. Glacann siad páirt sa saol laethúil le fonn, le díograis agus le paisean. Tugann siad aghaidh ar fhadhbanna gan stró.

Ach, cad faoi dhaoine óga nach mbíonn i mbarr a meabhairshláinte, daoine faoi ghruaim agus in ísle brí? De réir mar a fheicimse féin é, go minic ní bhíonn sé d'acmhainnn acu ithe, codladh nó a bheith páírteach sa ghnáthshaol. Ní bhíonn meas acu orthu féin. Bíonn siad imníoch, bíonn siad ina n-aonar agus uaireanta bíonn siad ag fulaingt. Go símplí, bíonn siad i bpian. Tá an baol mór ann go gcasfaidh na deagóirí sin ar dhrugaí, ar alcól agus ar ghnéas chun éalú óna bhfadhbanna.

Sa bhliain dhá mhíle is a trí déag, thainig torthaí suirbhé tromchúiseach amach. Fuair Coláíste Ríoga na Máinleá in Éirinn amach go mbíonn duine óg amháin as cúigear idir 19 agus 24 ag fulaingt le fadhbanna mheabhair shláinte, sin duine amháin as cúigear ag fulaingt. Nach scanrúil an staitistic í sin? Cén fáth go bhfuil a leithéid ag titim amach? Is ceist chasta agus chonspóideach í sin, a bhfuil meascán d'fhoinsí ag baint léi. Ach chun meabhairshláinte na n-óg a chosaint, tá eolas cruinn ar bhunchúiseanna na faidhbe thar a bheith riachtanach.

Ar an gcéad dul síos, téann an timpeallacht i bhfeidhm ar gach aon duine. I mo thuairimse, scathánaíonn do thimpeallacht do mheabhairshláinte. Ciallaíonn timpeallacht an áit fhisiciúil, is é sin an áit chónaithe agus an scoil, gan trácht ar na daoine timpeall ort. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, a deirtear. Cé hiad na daoine atá timpeall ort? Bí cinnte de go mbíonn tionchar ag do mhuintir, do ghaolta, do chiorcal cairde agus do mhuinteoirí ort.

Rud eile de, le tamall anuas, glacann teicneolaíocht ról suntasach i saol deagóirí. Is é sin le rá, is cuid de thimpeallacht na n-óg iad na gréasáin shóisialta, mar shamplaí reatha, Facebook, Twitter, Instagram agus Snapchat. Is í an teicneolaíocht teanga na n-óg. Uaireanta, bíonn siad cabhrach go leor do dheagóirí. Cuir i gcás , nuair a briseadh an scéal ar líne faoi Bressie, an t-amhránaí cáiliúil. Chualamar go raibh sé in ísle brí nuair a bhí sé ina dheagóir. Ní raibh sé in ann codladh nó páirt a ghlacadh sa saol. D'inis sé a scéal chun inspioráid agus tacaíocht a thabhairt don aos óg.

Ach, bíonn dhá thaobh ar an mbileog agus ní haon eisceacht é an t-idirlíon. Tá ré an fhéinphic buailte linn. Ní féidir linn ár mbricfeasta a ithe gan féinphic a thógaint na laethanta seo! Agus leagann an nós seo béim mhór mhillteach ar an gcuma agus ar an bhfoirfeacht. Ní leor "maith go leor" inniu. Caithfidh gach grianghraf a bheith foirfe, níos foirfe ná an pictiúr a chuaigh roimhe. Méadaíonn sé sin strus ar dhaoine óga. Eiríonn siad gafa lena bhféiníomhá, go huile is go hiomlán gafa leí. An bhfuil aon réiteach ar an gcleachtas sin, seachas cosc a chur ar fhéinphiceanna? Ní dóigh liomsa é, ar aon nós.

I m'áit chonaithe i gCionn tSáile, bunaíodh an eagraíocht tacaíochta KYSS, Kinsale Youth Support Services, cúpla bliain ó shin. Cuireann sé comhairle agus cabhair ar fáil d'óige an bhaile agus na sráidbhailte eile sa cheantar. Is áis fíorluachmhar é. Teastaíonn níos mó tionscnamh dá léithéid mar bíonn deagóirí i bpian, agus tá géarghá le seirbhísí den sórt seo chun spás sábhailte a thabhairt dóibh agus chun tragóid a sheachaint. Chuir mé agallamh ar Thómas Breathnach, an t-oibrí don aos óg atá i bhfeighil an togra, agus tá obair den scoth ar siúl aige agus ag an gcoiste. Is í mo thuairim, go mba cheart don Rialtas níos mó infheistíochta a dhéanamh i dtionscnaimh dá léithéid. Níl aon praghas ar bheatha an duine, an bhfuil?

Mar chonclúid, ba mhaith liom trí rud praiticiúil a mholadh chun meabhairshláinte na n-óg a chosaint: eolas cruinn ar bhunchúiseanna na faidhbe a bheith againn; a bheith ar an airdeall faoin tionchar atá ag an timpeallacht ar an meabhairshláinte; agus níos mó tionscnamh cosúil le KYSS a chur ar fáíl.

Go raíbh míle maith agaibh.

Mr. Odhráin De Ruiseil:

A Theachtaí Dála, a Sheanadóirí agus a chairde Gaeil, Órán de Ruiseil an t-ainm atá orm. Is dalta de chuid Choláiste Feirste mé. I dtús báire ba mhaith liom tacú leis an méid a bhí le rá ag mo chara, Conall. Is onóir nach beag é a bheith i bhur láthair inniu le linn seachtain na Gaeilge.

Inniu, a chairde, beidh mise ag déanamh trácht ar ábhar thar a bheith tromchúiseach, fadhbanna meabhairshláinte na n-óg agus daoine óga a chuir lámh ina mbás féin de thairbhe seo. Seo ábhar atá, i ndáiríre, ag réabadh iarthar Bhéal Feirste, áit a bhfuil mo scoil féin lonnaithe. Cathracha, bailte agus ceantracha tuaithe; níl aon áit in Éirinn nár fhulaing mar gheall ar féin bháis. Is trua a rá go bhfuil ceann de na rátaí féinmharaithe is airde san Eoraip againn. Meastar go mbeidh deacrachtaí meabhairshláinte ar dhuine amháin as gach deichniúr bpáistí agus déagóirí sa tír.

Ach, ba mhaith liomsa díriú isteach ar éagóir a chuaigh go mó i bhfeidhm ormsa nuair a bhí mé i mbun mo chuid taighde. Ins na sé chontae amháin ó 1999 to 2008 tháinig méadú 64% ar an ráta fhéinmharaithe. Seo ardú dochreidte. Is léir go bhfuil muintir an Tuaiscirt, na daoine óga go speisialta, ag fulaingt de thairbhe thoradh na dtrioblóidí. Is léir, mar sin, gur fágadh muintir na sé chontae i gcruachás de thoradh an slada, an tsleachta agus an scrios a mhothaigh an pobal le linn na dtrioblóidí. Maraíodh na mílte daoine le linn an tréimhse seo. Fágadh páistí gan tuismitheoirí, fágadh tuismitheoirí gan páistí agus tuismitheoirí óga gan a dtuismitheoirí féin.

D'eascair an iliomad fadhbanna sóisialta de thairbhe an tsleachta seo uilig, fadhbanna ar nós mí-úsáid alcóil, mí-úsáid drugaí, bochtanas agus dí-fhostaíocht. Le fios, tá an leibhéal dí-fhostaíochta is airde san Eoraip ag iarthar Bhéal Feirste. Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil an ghlúin óg ag teacht chun tosaigh le mór-fhadhbanna meabhairghalair.

Braithim féin gurb í croílár na faidhbe ná gur fágadh muintir an Tuaiscirt gan dóchas. Le linn na dtrioblóidí tháinig daoine le chéile in am an ghátair chun troid ar son na cúise. Bhí gach duine ag brath ar a chéile. Mhair an pobal ar scath a chéile. Bhí fir óga, go speisialta, gafa le troid ar son saoirse na tíre seo, in áit a bheith gafa leis an rópa crochta mar atá na laethanta seo.

Anois, níl mise ag maíomh gur cheart dúinn dul ar ais chuig na laethanta dorcha sin. Ach creidim, nuair atá daoine páirteach i ngluaiseacht ar leith nach mbíonn an oiread céanna fadhbanna meabhairghalair ann. Chuidigh an ghluaiseacht chultúrtha agus pobail ar nós Cumann Lúthchleas Gael agus gluaiseacht na Gaeilge chun dóchas a nochtadh i ndaoine óga. Cuireann an pobal Gaeilge i mBéal Feirste go leor imeachtaí agus seirbhísí ar fáil do dhaoine óga: clubanna spóirt, clubanna drámaíochta agus clubanna óige, Fórum na n-Óg go speisialta. Tugann seo deis do Ghaeil óga teacht le chéile taobh amuigh den scoil, saor in aisce, chun Gaeilge a labhairt ar bhonn sóisialta agus páirt a ghlacadh in imeachtaí chun cur le teanga, bród tíre, scileanna agus muinín s'againn mar dhaoine óga. Ní seo iomlán réiteach na faidhbe, dar ndóigh, ach cuidíonn seirbhísí mar seo le buachaillí agus cailíní óga camáin agus sliotair a choinneáil ina lámha in áit alcóil nó drugaí.

Ach tá seirbhísí mar seo i mbaol. Is náireach an rud é nach bhfuil Acht na Gaeilge faighte againn go fóill, mar shampla. Mar sin, táimid fágtha, mar Gaeil, gan chosaint na seirbhísí iontacha seo atá ag cuidiú go mór le meabhairshláinte na n-óg in iarthar Bhéal Feirste go príomhá.

Má éisteann an Taoiseach leis na horáidí seo níos moille: A Enda, a chara Gael, an bhfuil seans ar bith Acht na Gaeilge a luadh le do chuid cairde thall i Londain? Bheinn thar a bheith buíoch asat, a Enda, dá dtiocfadh leat é sin a luadh, mar is léir nach bhfuil Londain nó Stormont ag éisteacht linne, na mílte Gaeil a bhailigh le chéile chun éilimh ar son acht na Gaeilge anuraidh. Agus, a Enda a chara, agus tú ag labhairt le do chairde i Londain, luaigh fosta gur cheart stop a chur leis na ciorraithe ar an chóras sláinte atá ag gearradh siar ar sheirbhísí comhairleoireachta don ghlúin óg, stop a chur leis na ciorraithe ar na bochta agus stop a chur le gearradh sochair sóisialta na mbocht agus seirbhísí pobail.

Nuair a déantar seo, nuair a chuirtear stop leis na ciorraithe is nuair a chuirtear tús le hinfheistíocht i seirbhísí pobail ar nós Chumann Lúthchleas Gael, PIPS agus cumann óige Forum na nÓg, agus chan am ar bith roimhe, tiocfaidh feabhas ar mheabhairshláinte na n-óg sa tír seo.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuaigh an trí óráid i bhfeidhm orm go mor, agus bhí go leor pointí éagsúla ansin. Bhí mé ag déanamh iontais nár luaigh duine ar bith claonadh gnéis. Tá staitisticí ann a deir go bhfuil rátaí níos airde i dtaobh deacrachtaí meabhairshláinte ag an dream LGBT. An bhfuil deacrachtaí ann ó thaobh labhairt faoi sin ag daoine d'aois s'agaibhse ins na scoileanna agus mar sin de? Céard é bhur dtuairim faoi sin, ó thaobh an dream a bhéadh ag strachailt leis an gclaonadh gnéis atá acu? An bhfuil tacaíocht le fáil ag daoine ar na hábhair sin?

Mr. Cárthach Ó Faoláin:

Luaigh mé go mion i m'aitheasc go raibh an-chuid brú ar gach déagóir, ní hamháin ag an bpobal LGBT. Tá an-iarracht á dhéanamh ag an bhfeachtas nua don reifreann a bheidh ar siúl amach sa bhliain. Ceapaim go bhfuil an-obair á dhéanamh ag na hollscoileanna faoi thacaíocht a thabhairt dóibh. Sa pholasaí a luaigh mé, Better Outcomes, Brighter Futures, bhí sliocht mór faoin tacaíocht a bhí an Rialtas chun a thabhairt do mhuintir LGBT maidir le bullaíocht agus tromaíocht a déantar i scoileanna. Ó mo thuiscint féin ar an scéal, ceapaim go bhfuil laghdú ag teacht, de bharr feachtais na n-eagraíochtaí a luaigh mé, ar nós Comhairle Foróige, Headstrong, Youthreach agus BeLonG To. Sin ceann eile atá a fud na hEorpa agus atá ról lárnach ag Éire i ndul chun cinn chearta lucht LGBT ins na scoileanna. Is cinnte gur fadhb í ach ceapaim gur cheart moladh a thabhairt dos na heagraíochtaí atá a dhéanamh seo.

Bhéadh sé go deas seasamh an Rialtais a chloisint faoi seo. An féidir nasc a dhéanamh idir an reifreann agus na cearta a bhíonn á bhraith ag lucht LGBT. Chabhródh sé le hargóintí an lucht atá ag labhairt ar son vótáil ag aois 16. Dá bhfiafróidís de Theachtaí Dála áitiúla an raibh siad ar son nó i gcoinne an reifrinn bheadh soiléiriú le fáil. Bhéadh sé ina thacaíocht an-láidir don ról atá ag muintir óga na tíre sa pholaitíocht.

Ms Caitríona Ní Raghallaigh:

Ní féidir féachaint ar mheabhairshláinte ina aonar agus ní cheart sin a dhéanamh. Nuair a tháinig Donal Óg Cusack amach tugadh íomhá níos dearfa don phobal LGBT. Tá sé níos coitianta anois agus tá sé ag feabhsú. Níl sé chomh holc agus a bhí sé. Tá sé ag éirí níos fearr anois. Mar sin, ceapaim go bhfuil an fhadhb seo ag dul i bhfeabhas.

Mr. Odhráin De Ruiseil:

Caithfidh mé aontú le Caitríona. Ní shílim go bhfuil fadhb ar leith ag duine ar bith sa phobal maidir leis an meabhairghalair, ach tá ionsaí ar leith ar an phobal LGBT. Amharc, go háirithe, ar na sé chontaetha agus an conscience clause atá reachtaithe faoi láthair. Is leathcheall go hiomlán é sin ar an phobal LGBT.

Chomh maith leis sin, tá brú ar an idirlíon. Feiceann tú daoine atá ag teacht amach mar homaighnéasaigh agus mothaíonn siad gur rud mór é go fóill. Níor chóir go mbéadh sé ina rud mór. Ba chóir go mbéadh sé ina ghnáth rud. Níl locht ar dhuine ar bith mar ní fadhb í agus ní rud olc é. Is just rud éigin eile é.

Sin an dóigh ina chuir iomaí duine den phobal éagóir air. Ó thaobh an mheabhairghalar de, de bhrí gur tharla na n-ionsaithe uilig a ndéantar ar an phobal seo ar feadh na blianta anuas, beidh tionchar ar leith aige sin ar mheabhairshláinte daoine a bhfuil LGBT.

Photo of Robert DowdsRobert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An measann na finnéithe go bhfuil baint ann idir daoine a chuireann lámh ina mbás féin agus na meáin shóisialta nua agus, má tá, cad is féidir linn a dhéanamh faoi sin?

Ms Caitríona Ní Raghallaigh:

Tá dhá thaobh ann den Idirlíon. Tá taobh an-mhaith ag baint leis. Is féidir le daoine bheith ag caint agus ag comhrá le daoine eile air agus bíonn eolas ar fáil ann. Ag an am céanna, tá drochrudaí ag baint leis an Idirlíon ó thaobh an mheabhairshláinte de. Bíonn pearsantacht difriúla ag daoine agus iad ar an Idirlíon. Ní bhíonn daoine macánta leo féin fiú. Téann sé sin i bhfeidhm ar an duine. Chun feabhas a chur ar an scéal, tá gá le níos mó tacaíocht ó heagraíochtaí ar nós Kinsale Youth Support Services, KYSS, a chur ar fáil do dhaoine óga. Is rud ollmhór é KYSS i m'áit cónaithe. Cuireann siad eolas ar fáil do dhéagóirí sa cheantar agus tacaíonn siad le daoine óga atá i bponc. I rith an tsamhraidh, bíonn daoine ina n-aonar go minic. Tá sé suimiúil go ndeireann na Gardaí go mbíonn daoine óga ina n-aonar i rith an tsamhraidh cé go gceapfá go mbeadh siad le cairde. Ní bhíonn siad ar scoil agus níl an séiplíneach nó an múinteoir gairmthreora ar fáil dóibh. Bheadh sé i bhfad níos fearr seirbhís bliana ar nós KYSS a chur ar fáil.

Mr. Odhráin De Ruiseil:

Arís, mar a dúirt Caitríona, tá dhá thaobh ag baint leis an Idirlíon. Nuair a chuirtear rud éigin ar an Idirlíon, tá sé ocailte d'achan duine ar domhan. Ar ndóigh, beidh smaointí difriúla ag achan duine maidir leis an rud seo. Feictear cuid mhór tacaíocht ó thaobh Facebook de. Bíonn cairde ag rá go mbeidh siad ann don duine agus go mbeidh sé nó sí ceart go leor. Ansan feictear daoine nach mbíonn deas. Sílim an fhadhb leis na meáinshóisialta agus leis an Idirlíon ná go gcaithfidh na daoine a bhfuil fadhbanna acu - fadhbanna ar bith, is cuma an meabharghalar nó rud eile atá i gceist - a bheith níos cúraimí maidir leis na háiteanna a chuireann siad an t-eolas sin agus cé tá in ann teacht air. Ba chóir oideachas a chur ar fáil do dhaoine óga. Tá daoine i ndioscó agus iad sa bhunscoil agus tá siad ag úsáid iPods. Bíonn siad ar Facebook ó haois i bhfad níos óige anois. Ba chóir go mbeadh níos mó eolais ar fáil dóibh siúd ar na dáinséaraí ag baint le Facebook agus leis an Idirlíon. Cuireann sé cuid mhór brú ar dhaoine óga, go háirithe ó thaobh pictúir de. Tig le hachan daoine achan ghné de shaol an duine a fheiceáil.

Mr. Cárthach Ó Faoláin:

Is ceist í seo ar a bhfuil an-chuid daoine ag labhairt le déanaí. Luaigh mé go bhfuilim ag obair leis an bhfeidhmeannach náisiúnta de Chomhairle na nÓg. Faoi láthair, táimid ag obair ar thionscnamh mheabhairshláinte náisiúnta. Tá cabhair ar fáil dúinn ó lucht ag a bhfuil an-chuid eolais acu. Luaigh Gerry Raleigh ón National Office for Suicide Prevention, NOSP, an tábhacht a bhaineann leis an eolas a cuirtear ar fáil i ngach saghas meán. Luaigh Caitríona ina haitheasc go raibh scéal Bhressie an-mhór sa nuacht.

Dúirt 80% den daonra nach mbeadh fadhb acu le scéalta pearsanta dhaoine eile a chloisint ach tá mionlach sách mór ann nach bhfuil na scileanna forbartha acu go fóil an t-eolas sin a thuiscint agus a phróiseáil i slí dearfach. Tá cruthúnas staitistiúil ann de bhraislí féinmharaithe, rud a chuireann in iúl gur chóir a bheith fíorchúramach faoin slí go gcuirtear eolas amach faoi na modhanna a úsáidtear. Bíonn ceannteidil móra ann i nuachtáin tablóideacha le sonraí uafásacha iontu. Bíonn siad ag plé leis amhail is gur gníomh é ach dar liomsa agus le daoine eile, is stáid deireanach dorcha den fhulaingt é. Níl mé ag rá gur cheart é a cheilt ar fad. Ní cinsireacht atá i gceist agam ach dlíthe a chur i bhfeidhm ar shlí éigint faoin gcaoi gur cheart eolas mar seo a scaipeadh, mar ní dóigh liom go bhfuil céim sa tsiceolaíochta ag mórán de na hiriseoirí seo. Tá sé seo an-tábhachtach i leith dhaoine óga, mar bíonn páistí áirithe nach bhfuil ach 12 bliain d'aois ar Facebook na laethanta, cé go bhfuil sé in aghaidh na rialacha, agus feiceann siad daoine ag labhairt faoi seo agus go leor fadhbanna eile. Caithfear bheith cúramach leis an slí a chuirfear amach eolas mar seo agus nach ócáid mhór atá ann nuair a tharlaíonn rudaí mar sin. Iarraim go ndéanfar fiosrú ar chonas is féidir an ráta féinmharaithe a laghdú mar tá sé cruthaithe go dtarlaíonn na rudaí seo le chéile, de bharr na meáin agus mar sin de.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, bhí mé ag cruinniú eile. Comhghairdeas le gach duine anseo as ucht an Ghaeilge a labhairt sa seomra seo. Úsáidtear í anseo uaireanta, nuair atá mise ag caint, nó nuair atáthar ag plé straitéis na Gaeilge nó mar sin ach is Béarla is mó a úsáidtear anseo. Caithfidh daoine óga teacht isteach chun an teanga Gaeilge a tharraingt isteach sa Teach seo. Is deas an rud é sin. Ní thagann na daltaí go léir atá anseo ó scoileanna lán-Ghaeilge ach tá an Ghaeilge go flúirseach acu. Níor chuala mé ach cúpla daoine ach bhí Gaeilge iontach acu. Níl sí agamsa go flúirseach ach tá beagáinín agam. Freagraíodh go leor de mo cheisteanna cheana féin, go háirithe mar gheall ar chúrsaí LGBT. Comhghairdeas leis na daoine óga faoin obair atá á dhéanamh acu chun dearcaí a athrú maidir leis sin agus faoin gceist fíor-thábhachtach a chur siad ar an Teachta Robert Dowds faoi féinmharú. Tá sé sin an-dáiríre. Bhí mé páirteach i siúlóid "Tree of Hope" inné agus tá sé tábhachtach an scéal sin a scaipeadh ar fud na tíre. Ní cheapaim gur chuala siad faoi sin cheana. Tá ceist amháin agamsa atá an-tráthúil. Baineann sé le measúnú leanúnach. Dá mbeadh rogha ag na daltaí idir scrúdú mór a bheith acu ag deireadh na meánscoile agus measúnú leanúnach, cé acu a roghnódh siad? Ba mhaith liom freagra ar an gceist sin a chloisteáil ó bheirt acu. Tá mo thuairim féin agamsa.

Mr. Cárthach Ó Faoláin:

An mbeadh an Teachta in ann an cheist a rá arís? Níor chuala mé an chuid deireanach.

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an bhuncheist le measúnú leanúnach i gcomparáid le scrúdú amháin - exams-based assessment versus continuous assessment. Which would you prefer?

Mr. Cárthach Ó Faoláin:

B'fhéidir go mbeadh tuairimí ag daoine eile faoi chúrsaí oideachais, i ndáiríre. Tuigimid go léir go mbíonn sé níos deacra díriú ar an obair nuair a thagaimid ar ais i ndiaidh leathanta saoire ná mar a bheadh sé i lár scoilbhliana agus is pointe é sin. Ag an am céanna, ní leor scrúdú amháin ag deireadh na mbliana chun obair dhalta a mheas.

Dá mbeadh meascán den dá rud agus cothromaíocht ann, bheadh tacaíocht níos fearr ann do dhaoine a fhoghlaimíonn ar bhealaí difriúla. Ceapaim go bhfuil an gnáth scrúdú saghas sean-fhaiseanta. Tá an continuous assessment go deas, ach níl aon smacht air. Ba cheart struchtúr a bheith leis. Tá gá le smaoineamh a dhéanamh ar seo sular caitear amach ar an mbord é. Níl a fhios agam cén tslí a n-éireodh le scrúdú in aghaidh na seachtaine. Rud eile a bheadh in aghaidh an continuous assessment ná go bhféadfaí rud a fhoghlaim le haghaidh scrúdú na seachtaine don assessessment, ach ansin dearmad glan a dhéanamh ar an eolas sin. Ní bheadh an t-eolas agat ach ar mhaithe leis an lá amháin. Is cóir na struchtúir seo a phlé, ach ní dóigh liom go bhfuil ceachtar den dá chóras chun gach éinne a shásamh.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a tharlaíonn, tá an fheadóg séidte agus tá an t-am istigh, ach tá seans go mbeidh athimirt againn uair éigin eile. Bhí na cainteoirí ar fad ar fheabhas agus bhí ardchaighdeán Gaeilge ag gach duine acu. Tá muid go mór faoi chomaoin acu. Bhí an Ghaeilge ar fheabhas acu, ach lasmuigh de sin, bhí na tuairimí a nocht siad spreagúil. Thug siad misneach, domsa go háirithe, go bhfuil an-todchaí ann don Ghaeilge. Gabhaim buíochas leo agus lena scoileanna, a múinteoirí agus a dtuismitheoirí, mar gan comhoibriú agus páirtnéireacht mar seo, ní dóigh liom go mbeadh an ócáid iontach stairiúil seo anseo inniu. Tá súil agam gur bhain ár gcuairteoirí taitneamh agus tairbhe as an gcruinniú. Bhaineamar taitneamh agus tairbhe as agus d'fhoghlaimíomar an-chuid inniu. An chéad uair eile a bheidh Cárthach anseo, féadfaidh sé an bosca ceoil a thabhairt leis agus beidh seisiún ceoil againn.

Caithimid clabhsúr a chur leis an díospóireacht anois. Go dté sibh slán abhaile. Go raibh maith agaibh.

The joint committee adjourned at 4 p.m. until 2.15 p.m. on Tuesday, 10 March 2015.