Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 March 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)
2:00 am
Dr. Treasa Kirk:
Baineann sé sin leis an inniúlacht teanga agus úsáid an Bhéarla in ionad na Gaeilge. Níl mé ag rá go ndéanann gach múinteoir é, áfach. Bhí samplaí éagsúla ann. Rinneadh cigireacht ar thart ar 270 ceacht. Bhí líon maith i gceist. Bhí caighdeán na Gaeilge sásúil in an-chuid ceachtanna, gan dabht, ach bhí easpa muiníne i gceist. Is é sin an fáth ar iompaigh cuid de na múinteoirí go Béarla in ionad na Gaeilge. Tá nasc, mar is eol don Teachta, idir inniúlacht teanga agus cumas teagaisc sa seomra ranga.
No comments