Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 March 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)
2:00 am
John Connolly (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Dar liom, mar phríomhoide, go bhfuil sé i bhfad níos éasca cinneadh a dhéanamh faoin dara chúis. Tá sí soiléir maidir leis an catagóir páistí atá i gceist. Bhí mé chomh brónach do na páistí sin. Bhí deacrachtaí acu ag foghlaim teanga amháin, gan brú a chur orthu an dara teanga a fhoghlaim.
Mar a dúirt mé, bhain an cuid is mó den díospóireacht seo leis an ábhar seo. Ag dul ar ais chuig an tuairisc a d’fhoilsigh an cigire anuraidh, bhí go leor rudaí inti. Is tuairisc iontach í. Maidir leis an gceann bliantúil a bheith againn as seo amach, an mbeidh sí ag díriú isteach ar chúrsaí Gaeilge, mar a bhí an ceann anuraidh?
No comments