Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 March 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)
2:00 am
John Connolly (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Dúradh cúpla rud. Tá an-bhéim ar na díolúintí sa díospóireacht go dtí seo. Tá ceist amháin eile agam ar an ábhar sin. B’fhéidir nach raibh a dhóthain soiléireachta agam níos luaithe nuair a chuir mé ceist maidir leis na cúiseanna a bhfuil na páistí agus tuismitheoirí ag lorg díolúintí. Sa chiorclán, tá chúig chúis dhifriúil ann. Is í an chéad chúis ná “a pupil moving from a different country without previous experience of learning the Irish language”. Leagtar amach sa dara chúis go dtugtar díolúine do “a pupil who experiences significant literacy difficulties which are an obstacle to their learning across the curriculum”. Bíonn ar an bpáiste sin scór a fháil atá níos ísle ná an deichiú peircintíl in literacy, word reading, word comprehension nó litríocht. Níl an tríú chúis - an ceann a luaigh Brendan Doody - chomh soiléir céanna, áfach. Mínítear go dtugtar díolúine do “a pupil who experiences a high level of multiple and persistent needs that are a significant barrier to the pupil’s participation and engagement in their learning and school life”. Níl na figiúirí againn maidir le cé acu sin a bhíonn tuismitheoirí ag roghnú agus iad ag lorg díolúintí. Níl an briseadh síos againn. We do not have the breakdown of the reasons under they which they are applying. Chomh maith leis na trí chúis sin, tá dhá chúis eile ann, ceann amháin a bhaineann le páistí na n-oifigeach consalach agus an ceann eile le páistí atá i ranganna riachtanais speisialta. Níl na figiúirí sin againn.
No comments