Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 March 2026

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is ceist é. Tá an fhigiúr ag leibhéal na bunscolaíochta íseal go leor. Ansin, léimeann sé as cuimse go hiomlán ag leibhéal na meánscolaíochta. Caithfimid díriú isteach air sin chomh maith, toisc go bhfuil sé ag ísliú ag leibhéal na bunscolaíochta. Caithfear ceisteanna a ardú maidir leis an stuif atá Seán Ó hAdhmaill tar éis caint faoi. Caithfimid díriú isteach ar conas is féidir linn an rud ceannann céanna a dhéanamh ag leibhéal na meánscolaíochta. Ní ceist don lá inniu é, ach b'fhéidir gur chóir dúinn féachaint ar an gcinneadh fáil réidh leis an mbonnleibhéal agus an bhéaltriail ag leibhéal an teastais shóisearaigh.

An ndearna sé sin dochar nó ar chuidigh sé le brú a chur ar thuismitheoirí díriú isteach ar cheist na Gaeilge an-luath nuair a chuaigh siad isteach sa chéad bhliain? B'fhéidir go raibh siad breá sásta go raibh Gaeilge á foghlaim acu sna bunscoileanna ach, go tobann, tharla fadhbanna agus thosaigh siad ag déanamh iarratas. Glacadh leo agus tugadh an díolúine don oiread sin breise ag an leibhéal sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.