Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 March 2026
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)
2:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Aontaím leis an Dr. Kirk. Ag leanúint ó shin, cén uair a bheidh an taighde sin nó an díriú ar an dea-chleachtas agus na samplaí sin críochnaithe ag an Roinn? Beidh ar an Roinn roll-out nó rud éigin a dhéanamh chun impí ar mhúinteoirí, ar scoileanna agus ar bhainistíocht scoileanna an dea-chleachtas seo a ghlacadh orthu féin. Cé chomh fada a thógfaidh sé sin dul tríd? Aontaím leis an Dr. Kirk. Má tharlaíonn sé sin, tá súil agam go bhfeicfimid ísliú ar líon na ndíolúintí ag leibhéal na bunscolaíochta, ag brath ar cé chomh tapa a tharlaíonn sé.
No comments