Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 March 2026

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Múineadh na Gaeilge T2 i mBunscoileanna agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)

2:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt ceisteanna agam. Tá Gavan O’Leary díreach tar éis a rá gur ceist pholaitiúil í seo. Feictear i dtíortha eile gur glacadh an cinneadh polaitiúil gan díolúintí a chur ar fáil agus gur thángthas ar bhealach difriúil le déileáil leis na gceist seo. Bhí an coiste seo ar thuras sa Bhreatain Bheag, áit nach bhfuil córas díolúintí inti. Tá an tír sin ag streachailt leis an rud céanna; tá teanga mionlaigh inti a bhfeictear uirthi mar theanga náisiúnta. Glactar leis, fiú agus an tír sin chomh gar do Shasana, nár chóir go mbeadh díolúintí ar fáil.

Baineann ceann de na buncheisteanna a bhí mé chun cur ar na finnéithe leis an mbunús ó thaobh thaighde síceolaíochta de. Tá an córas i bhfeidhm agus glacann muid leis gur cuireadh i bhfeidhm é le déileáil le páistí na dtaidhleoirí blianta ó shin. Tuigeann muid an eisceacht bheag bhídeach sin a bhí i gceist. Ó na 1990idí ar aghaidh, áfach, ag leibhéal na meánscolaíochta go háirithe ach ag leibhéal na bunscoile chomh maith, bhí fás thar cuimse ann. Ní féidir a rá gur tharla an méadú seo de thairbhe an mhéadaithe ar líon na bpaistí a bhfuil riachtanais speisialta acu atá sa phríomhshruth. Tá fianaise tugtha don choiste seo - b’fhéidir gurb amhlaidh atá sé leis na finnéithe – ina léirítear nach ndéanann sé difir mór ó thaobh teangeolaíochta de teanga amháin nó teanga eile a bheith acu sa bhunscoil agus nár chóir go mbeadh an córas sin i bhfeidhm ó thaobh díolúintí. Ní féidir linn leithscéal a úsáid sa chomhthéacs seo. Ag an am céanna is atá muid ag déanamh dul chun cinn ó thaobh oideachais speisialta de, tá muid ag dul siar ó thaobh oideachais trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.